European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1275

8.5.2024

TREOIR (AE) 2024/1275 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2024

maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) go suntasach roinnt uaireanta (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Faoi Chomhaontú Pháras (6), a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’), chomhaontaigh na Páirtithe an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarracht a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Tá baint amach chuspóirí Chomhaontú Pháras i gcroílár na teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’). Gheall an tAontas go dtabharfadh sé faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030 sa rannchuidiú, a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.

(3)

Mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis an Rabharta Athchóiriúcháin i láthair sa teachtaireacht uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving life’ [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol na ndaoine a fheabhsú]. Cuimsítear plean gníomhaíochta i straitéis an Rabharta Athchóiriúcháin ina bhfuil bearta nithiúla rialála, maoinithe agus cumasúcháin, a bhfuil sé de chuspóir acu ar a laghad an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt faoi 2030 agus athchóirithe doimhne a chothú, agus athchóireofar dá bharr breis agus 35 mhilliún aonad foirgnimh faoi 2030 agus cruthófar poist san earnáil tógála. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2010/31/AE mar cheann de na nithe trína mbainfear an Rabharta Athchóiriúcháin amach. Rannchuideoidh sé freisin leis an tionscnamh a dtugtar Bauhaus Eorpach Nua air, arna thíolacadh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘New European Bauhaus – Beautiful, Sustainable, Together’ [Bauhaus Eorpach Nua – Álainn, Inbhuanaithe, Le Chéile] agus an misean Eorpach maidir le cathracha cliste aeráidneodracha a chur i gcrích. Tá sé beartaithe leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua sochaí níos cuimsithí a chothú a chuireann dea-bhail gach duine chun cinn i gcomhréir le Bauhaus stairiúil, a chuir le cuimsiú sóisialta agus folláine na saoránach, go háirithe pobail oibrithe. Trí oiliúint agus gréasáin a éascú agus trí threoirlínte a sholáthar d’ailtirí, mic léinn, innealtóirí agus dearthóirí faoi phrionsabail na hinbhuanaitheachta, na haeistéitice agus an chuimsithe, is féidir leis an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua cumhacht a thabhairt d’údaráis áitiúla réitigh chultúrtha agus nuálacha a fhorbairt chun timpeallacht thógtha níos inbhuanaithe a chruthú.

(4)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cumhdaítear i ndlí an Aontais an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus bunaítear gealltanas ceangailteach an Aontais maidir le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) atá 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(5)

Is é is aidhm don phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ a fógraíodh trí bhíthin theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Commission Work Programme 2021 – A Union of vitality in a world of fragility’ [Clár Oibre an Choimisiúin 2021 – Aontas beogachta i ndomhan leochaileachta], na cuspóirí sin a chur chun feidhme. Leis an bpacáiste sin, cumhdaítear raon réimsí beartais, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, an fuinneamh in-athnuaite, úsáid talún, athrú talún agus foraoiseacht, cánachas fuinnimh, comhroinnt díchill, trádáil astaíochtaí agus bonneagar breoslaí malartacha. Is cuid dhílis den phacáiste sin an t-athbhreithniú ar Threoir 2010/31/AE. Ag tógáil ar an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, i bplean REPowerEU atá i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘plean REPowerEU’, cuireadh tacar breise gníomhaíochtaí chun cinn chun fuinneamh a shábháil, soláthairtí a éagsúlú, breoslaí iontaise a ionadú go tapa trí dhlús a chur le haistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan agus infheistíochtaí agus athchóirithe a chomhcheangal go cliste. Bhí tograí reachtacha nua agus moltaí spriocdhírithe ann trína ndéantar uaillmhian a mhéadú maidir le héifeachtúlacht agus coigilteas fuinnimh. Déantar tagairt sa teachtaireacht freisin do bhearta cánachais mar bhealach chun dreasachtaí a chur ar fáil do choigilteas fuinnimh agus tomhaltas breosla iontaise a laghdú.

(6)

Foirgnimh is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh san Aontas agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh, agus tá 75 % d’fhoirgnimh an Aontais fós nach bhfuil éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Is ag an ngás nádúrtha atá an ról is mó i dtéamh foirgneamh, agus is ionann é agus thart ar 39 % den tomhaltas fuinnimh a úsáidtear le haghaidh téamh spáis san earnáil cónaithe. Is í an ola an dara breosla iontaise is tábhachtaí le haghaidh téimh, is ionann é agus 11 % agus is ionann gual agus thart ar 3 %. Dá bhrí sin, an tomhaltas fuinnimh a laghdú, i gcomhréir le ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ mar a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid in earnáil na bhfoirgneamh, is bearta tábhachtacha iad atá ag teastáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus bochtaineacht fuinnimh san Aontas a laghdú. Maidir le tomhaltas laghdaithe fuinnimh agus úsáid níos mó a bhaint as fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, go háirithe grianfhuinneamh, tá ról lárnach acu freisin i dtaca le spleáchas fuinnimh an Aontais ar bhreoslaí iontaise go ginearálta agus ar allmhairí go háirithe a laghdú, cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a chur chun cinn i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i bplean REPowerEU, forbairtí teicneolaíochta a chothú, agus deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin, i gceantair thuaithe agus i bpobail eis-eangaí.

(7)

Foirgnimh is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh a saolré oibríochtúil, lena linn agus ina diaidh. Maidir le fís 2050 le haghaidh stoc foirgneamh dícharbónaithe, tá níos mó i gceist léi ná an bhéim atá ann faoi láthair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré uile foirgneamh a chur san áireamh de réir a chéile, ag tosú le foirgnimh nua. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha agus ag na roghanna ábhar ar na hastaíochtaí saolré iomláine d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomláine foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú a chur ar áireamh i bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh na mBallstát.

(8)

Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh ar feadh na saolré iomláine a íoslaghdú, tá gá le héifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní. Is féidir é sin a chomhcheangal freisin le linn charbóin shealadach a dhéanamh de chodanna den stoc foirgneamh.

(9)

Leis an bpoitéinseal téimh dhomhanda (GWP) atá ann le linn saolré iomlán foirgnimh, léirítear rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a bhfuil an t-athrú aeráide mar thoradh orthu. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomláine foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas GWP ar feadh saolré foirgneamh nua a ríomh.

(10)

Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM 2,5 ) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Trí fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart go laghdódh sé na hastaíochtaí sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(11)

Ba cheart a chur san áireamh, le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a thuilleadh, dálaí aeráide, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, dálaí áitiúla chomh maith leis an aeráid laistigh agus an chostéifeachtacht. Leis na bearta sin, níor cheart aon difear a dhéanamh do cheanglais eile a bhaineann le foirgnimh amhail inrochtaineacht, sábháilteacht ó dhóiteán agus slándáil sheismeach agus an úsáid atá beartaithe le haghaidh an fhoirgnimh.

(12)

Is ar bhonn modheolaíochta ba cheart feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ríomh, agus d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh ar an modheolaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an réigiúin. Ba cheart a áireamh sa mhodheolaíocht sin, chomh maith le tréithe teirmeacha, tosca eile a bhfuil a dtábhacht ag dul i méid amhail iarmhairt teasoileáin uirbigh, cuir i gcás, suiteálacha téimh agus aerchóirithe, úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, aisghabháil teasa ó aer sceite nó fuíolluisce, cothromú córais, réitigh chliste, gnéithe téimh agus fuaraithe éighníomhaigh, scáthú, cáilíocht na timpeallachta laistigh, solas nádúrtha leormhaith agus dearadh an fhoirgnimh. Ba cheart an mhodheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh a ríomh a bheith bunaithe ní hamháin ar an séasúr ina bhfuil téamh nó aerchóiriú ag teastáil, ach ba cheart feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn bliantúil a chumhdach léi chomh maith. Ba cheart caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a chur san áireamh léi. Ba cheart a áirithiú leis an modheolaíocht go léireofaí dálaí iarbhír oibriúcháin agus go gcumasófaí úsáid fuinnimh mhéadraithe chun cruinneas a fhíorú agus ar mhaithe le hinchomparáideacht, agus ba cheart di a bheith bunaithe ar eatraimh ríofa mhíosúla, in aghaidh na huaire nó níos minice. Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a spreagadh, agus sa bhreis ar an gcreat coiteann ginearálta, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go n-aithneofar agus go gcuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht ríofa na tairbhí a bhaineann leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fuinneamh in-athnuaite ar an láthair, lena n-áirítear le haghaidh úsáidí eile, amhail pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus eilimintí foirgnimh a leagan síos d’fhonn an chothromaíocht a bhaint amach idir na hinfheistithe lena mbaineann agus na costais fuinnimh a shábháiltear le linn shaolré an fhoirgnimh ó thaobh an leibhéil costais is fearr de, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit íoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a shocrú atá níos fuinneamhéifeachtúla ná na leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na híoscheanglais atá orthu maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil.

(14)

Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú. Chun an earnáil tógála a dhícharbónú, tá sé thar a bheith tábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a mbeartais agus a mbearta náisiúnta a chur in iúl chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus fuarú ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh deireadh a chur de réir a chéile le coirí leithleacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise, agus mar chéad chéim, níor cheart dóibh aon dreasachtaí airgeadais a sholáthar, ó 2025 ar aghaidh, chun coirí leithleacha arna gcumhachtú le breoslaí iontaise a shuiteáil, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2025, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart é a bheith indéanta fós dreasachtaí airgeadais a sholáthar chun córais téimh hibrideacha a shuiteáil a bhfuil sciar suntasach d’fhuinneamh in-athnuaite acu, amhail coire a chomhcheangal le grianfhuinneamh teirmeach nó le teaschaidéal. Ba cheart bunús dlí soiléir chun cosc a chur ar ghineadóirí teasa ar bhonn a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, leis an gcineál breosla a úsáidtear nó leis an gcuid íosta fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh téamh ar leibhéal an fhoirgnimh tacú le beartais agus bearta náisiúnta céimnithe amach.

(15)

Tá giniúint uisce the tí ar cheann de na príomhfhoinsí tomhaltais fuinnimh d’fhoirgnimh ardfheidhmíochta. I bhformhór na gcásanna, ní dhéantar an fuinnimh sin a aisghabháil. D’fhéadfadh sé a bheith simplí agus costéifeachtach teas a bhaint ó dhraenacha uisce the tí i bhfoirgnimh chun fuinneamh a shábháil.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh córais theicniúla foirgnimh maidir le córais iomlána, mar atá siad suiteáilte i bhfoirgnimh, seachas maidir le feidhmíocht comhpháirteanna neamhspleácha, a thagann faoi raon feidhme na rialachán táirge-shonrach faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Agus ceanglais feidhmíochta fuinnimh á socrú ag na Ballstáit maidir le córais theicniúla foirgnimh, ba cheart dóibh ionstraimí comhchuibhithe a úsáid, i gcás inarb ann dóibh agus iad iomchuí, go háirithe modhanna tástála agus ríofa agus aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbraítear faoi bhearta lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), d’fhonn comhsheasmhacht le tionscnaimh ghaolmhara a áirithiú, agus d’fhonn an baol a laghdú, a mhéid is féidir, go ndéanfaí an margadh a ilroinnt. Ní chuirtear san áireamh a dhóthain sa lá atá inniu ann teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh a bhfuil tréimhsí aisíoca an-ghearr acu, amhail comhlaí rialaithe teirmeastatacha a shuiteáil nó a athsholáthar nó aisghabháil teasa ó aer sceite nó fuíolluisce. Agus meastachán á dhéanamh ar an aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe nó comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála, ba cheart aschur rátaithe éifeachtach gineadóirí éagsúla den chóras céanna a shuimiú le chéile i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh ar leith.

(17)

Ní dochar an Treoir seo d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níor cheart, dá bhrí sin, an téarma ‘dreasacht’ mar a úsáidtear sa Treoir seo a léirmhíniú mar Státchabhair.

(18)

Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáideach a leagan síos chun na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat sin, is e an toradh ba cheart a bheith air sin go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, agus is rud é lenar cheart seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a chur san áireamh, chomh maith leis an gcóras trádála astaíochtaí agus praghsanna carbóin a leathnú. Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun na torthaí a chur i gcomparáid leis na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, eadhon. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit saolré eacnamaíoch mheasta foirgnimh nó eilimint foirgnimh a chinneadh, agus cleachtais reatha agus taithí i leith na ngnáth-shaolréanna eacnamaíocha a shainiú á gcur san áireamh acu. Ba cheart do na Ballstáit torthaí na comparáide sin agus na sonraí a úsáideadh chun na torthaí sin a fháil a chur faoi bhráid an Choimisiúin go tráthrialta. Leis na tuarascálacha sin ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin dul chun cinn na mBallstát a mheas i dtaca leis na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach agus tuairisc a thabhairt ina leith.

(19)

Le hathchóirithe móra ar fhoirgnimh atá ann cheana, gan beann ar a méid, tugtar deis bearta costéifeachtacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh. Ar chúiseanna a bhaineann le costéifeachtacht, ba cheart a bheith in ann íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shrianadh go dtí na codanna athchóirithe is ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ‘athchóiriú mór’ a shainiú de réir céatadán de dhromchla an imchlúdaigh foirgnimh nó de réir luach an fhoirgnimh chéanna. Má shocraíonn Ballstát sainmhíniú a thabhairt ar athchóiriú mór de réir luach an fhoirgnimh, d’fhéadfaí luachanna ar leith a úsáid, amhail an luach achtúireach, nó an luach reatha bunaithe ar an gcostas atógála, gan luach na talún ar a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh.

(20)

Le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, ag a bhfuil éileamh fuinnimh an-íseal, astaíochtaí nialasacha carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise agus astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa oibríochtúla nó méid an-bheag astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2030, agus ba cheart na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050.

(21)

I gcás ina n-athraítear foirgneamh atá ann cheana, ní mheastar gur foirgneamh nua é.

(22)

Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha a chumhdach: fuinneamh a ghintear ar an láthair nó gar don láthair ó fhoinsí in-athnuaite, amhail grianfhuinneamh teirmeach, cuir i gcás, fuinneamh geoiteirmeach, grianfhuinneamh fótavoltach, teaschaidéil, hidreachumhacht agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil, agus fuinneamh ó fhoinsí eile saor ó charbóin. Meastar gur fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair é fuinneamh a dhíorthaítear ó dhóchán breoslaí in-athnuaite ina ndéantar an breosla in-athnuaite a dhó ar an láthair.

(23)

Is féidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha rannchuidiú le solúbthacht ar thaobh an éilimh, mar shampla trí bhainistiú éilimh, stóráil leictreach, teirmeastóráil agus giniúint in-athnuaite dháilte chun tacú le córas fuinnimh atá níos iontaofa, níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla.

(24)

Chun dícharbónú riachtanach stoc foirgneamh an Aontais a dhéanamh, ní mór athchóiriú fuinnimh ar mhórscála a dhéanamh: tá beagnach 75 % den stoc foirgneamh sin neamhéifeachtúil de réir na gcaighdeán foirgnimh atá ann faoi láthair, agus beidh 85 go 95 % de na foirgnimh atá ann faoi láthair fós ina seasamh faoi 2050. Mar sin féin, tá an ráta bliantúil ualaithe athchóirithe fuinnimh íseal i gcónaí ag thart ar 1 %. Ag an luas atá ann faoi láthair, bheadh na céadta bliain de dhíth chun an earnáil tógála a dhícharbónú. Dá bhrí sin, is príomhsprioc de chuid na Treorach seo é an t-athchóiriú foirgneamh a ghníomhachtú agus tacú leis, lena n-áirítear athrú i dtreo córais téimh astaíochtaí nialasacha. Trí thacú le hathchóirithe ar leibhéal ceantair, lena n-áirítear trí athchóirithe de chineál tionsclaíoch nó srathach, cuirtear sochair ar fáil trí spreagadh a thabhairt do thoirt agus doimhneacht na n-athchóirithe foirgneamh agus is é a thiocfaidh as sin dícharbónú níos tapúla agus níos saoire ar an stoc foirgneamh. I measc na réiteach tionsclaíoch le haghaidh tógála agus athchóirithe foirgneamh tá eilimintí réamhdhéanta ilfheidhmeacha a sholáthraíonn feidhmeanna éagsúla, amhail insliú agus giniúint fuinnimh.

(25)

Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh trína ndéantar an t-athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála, toisc go dtéann siad i ngleic leis na príomhbhacainní ar athchóiriú, amhail dreasachtaí deighilte agus struchtúir chomhúinéireachta, nithe nach féidir a shárú le dreasachtaí eacnamaíocha. Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart go ndéanfaí na foirgnimh is neamhfheidhmiúla a chéimniú amach agus feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an stoc náisiúnta foirgneamh, rud a chuirfeadh leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgneamh dícharbónaithe faoi 2050.

(26)

Ba cheart foráil a dhéanamh do na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir le foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ar leibhéal an Aontais, agus ba cheart díriú leo ar athchóiriú na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad is neamhfheidhmiúla ag a bhfuil an poitéinseal is airde ó thaobh an dícharbónaithe de, agus ó thaobh cur leis na sochair shóisialta agus eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh ó thaobh an athchóirithe de. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit amlínte sonracha a bhunú chun athchóiriú breise a dhéanamh ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. I roinnt cásanna sonracha, tá údar maith le díolúintí a thabhairt d’fhoirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad ó íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, go háirithe scartáil bheartaithe foirgnimh nó measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach; tugann cásanna cruatain thromchúisigh údar le díolúine fad a mhairfidh an cruatan. Ba cheart do na Ballstáit critéir dhiana a bhunú do na díolúintí sin chun sciar díréireach d’fhoirgnimh dhíolmhaithe nach foirgnimh chónaithe iad a sheachaint. Ba cheart dóibh na critéir sin a chur in iúl ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus ba cheart dóibh na foirgnimh dhíolmhaithe nach foirgnimh chónaithe iad a chúiteamh trí fheabhsuithe feidhmíochta fuinnimh coibhéiseacha i gcodanna eile den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad.

(27)

A mhéid a bhaineann le foirgnimh chónaithe, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit na huirlisí a roghnú trína mbainfidh siad an feabhas is gá ar an stoc foirgneamh cónaithe amach, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit conair náisiúnta a bhunú chun an stoc náisiúnta foirgneamh chónaithe a athchóiriú de réir a chéile i gcomhréir leis an treochlár náisiúnta agus spriocanna 2030, 2040 agus 2050 atá i bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus leis an stoc foirgneamh náisiúnta a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Ba cheart do na conairí náisiúnta garspriocanna idirmheánacha 5 bliana a chomhlíonadh chun meánúsáid fuinnimh phríomhúil an stoic foirgneamh cónaithe a laghdú, ag tosú in 2030, lena n-áiritheofar iarrachtaí comhchosúla ar fud na mBallstát.

(28)

A mhéid a bhaineann leis an gcuid eile den stoc náisiúnta foirgneamh, is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an mian leo íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a thabhairt isteach, ar caighdeáin iad a ceapadh ar an leibhéal náisiúnta agus a oiriúnaíodh do choinníollacha náisiúnta. Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún a mheas an ndéanfaidh na bearta a bhunaítear de bhun na Treorach seo dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgneamh atá dícharbónaithe go hiomlán agus stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050 nó an gá bearta breise a thabhairt isteach, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh cheangailteacha, go háirithe d’fhoirgnimh chónaithe chun garspriocanna 5 bliana a bhaint amach.

(29)

Ba cheart creat cumasúcháin lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus bearta airgeadais a bheith ag gabháil le tabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, go háirithe i gcomhair teaghlaigh leochaileacha. Maidir leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh arna socrú ar an leibhéal náisiúnta, ní hionann iad agus ‘caighdeáin an Aontais’ de réir bhrí rialacha maidir leis an Státchabhair, cé go bhféadfaí a mheas gurb ionann íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais agus na ‘caighdeáin Aontais’ sin. I gcomhréir le rialacha athbhreithnithe maidir leis an Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit Státchabhair a dheonú chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh chun na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a chomhlíonadh go dtí go mbeidh na caighdeáin uile-Aontais sin éigeantach. A luaithe a bheidh na caighdeáin éigeantach, féadfaidh na Ballstáit leanúint de Státchabhair a dheonú chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar aonaid foirgnimh a thagann faoi na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais, ar choinníoll go bhfuil sé d’aidhm leis an athchóiriú foirgneamh caighdeán níos airde a bhaint amach.

(30)

Déantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ar fud an gheilleagair a aicmiú i dTacsanomaíocht an Aontais, arna bunú le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), lena n-áirítear le haghaidh na hearnála tógála. Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (16) (‘Gníomh Tarmligthe an Aontais maidir le Tacsanomaíocht Aeráide’), meastar gur gníomhaíocht inbhuanaithe é an t-athchóiriú foirgneamh i gcás ina mbaintear amach coigiltis fuinnimh 30 % ar a laghad leis, i gcás ina gcomhlíonann sé íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh chun athchóiriú mór a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, nó i gcás inarb é atá ann bearta aonair a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, amhail trealamh éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, a chothabháil nó a dheisiú nó ionstraimí agus feistí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a rialú, i gcás ina gcomhlíonann na bearta aonair sin na critéir bunaithe. Is gnách go mbíonn an t-athchóiriú foirgneamh chun cloí le híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais i gcomhréir le critéir Thacsanomaíocht an Aontais a bhaineann le gníomhaíochtaí athchóirithe foirgneamh.

(31)

Bhí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá ann cheana agus d’eilimintí foirgnimh atá ann cheana i leaganacha den Treoir seo a bhí ann roimhe agus ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu. Cé go leagtar síos leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a tugadh isteach le déanaí íosleibhéal d’fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus go n-áirithítear leo go ndéanfar foirgnimh neamhéifeachtúla a athchóiriú, áirithítear le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus eilimintí foirgnimh an doimhneacht is gá don athchóiriú nuair a dhéanfar athchóiriú.

(32)

Tá géarghá le spleáchas ar bhreoslaí iontaise i bhfoirgnimh a laghdú agus le dlús a chur le hiarrachtaí chun tomhaltas fuinnimh na bhfoirgneamh a dhícharbónú agus a leictriú. Ionas go mbeifear in ann teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil ar bhealach chostéifeachtach ag céim níos déanaí, ba cheart do na foirgnimh nua uile a bheith ‘oiriúnach do threalamh gréine’, is é sin go mbeidh siad deartha chun an poitéinseal giniúna gréine a bharrfheabhsú ar bhonn ghrian-ionradantas an tsuímh, rud lena gcumasaítear suiteáil teicneolaíochtaí gréine gan idirghabhálacha struchtúracha costasacha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfear suiteálacha gréine oiriúnacha ar fhoirgnimh nua, idir fhoirgnimh chónaithe agus fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad araon, agus ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana. Trí ghrianfhuinneamh a chur in úsáid ar fhoirgnimh ar mórscála, rannchuideofaí go mór leis na tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna méadaithe agus luaineacha breoslaí iontaise ar bhealach níos éifeachtaí, laghdófaí neamhchosaint na saoránach leochaileach ar chostais arda fuinnimh agus bheadh tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta níos forleithne ann dá bharr. Chun poitéinseal na suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a shaothrú go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit critéir a bhunú maidir le húsáid suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a chur chun feidhme, mar aon le díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an gcur in úsáid sin, i gcomhréir le poitéinseal measta teicniúil agus eacnamaíoch na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid sin, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíochta agus teaglaim suiteálacha gréine agus úsáidí eile dín, mar shampla díonta glasa nó suiteálacha eile seirbhísí foirgnimh, á gcur san áireamh. Ina gcritéir maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí maidir le suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid ar fhoirgnimh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an tairseach ábhartha a chur in iúl i dtéarmaí achar urláir talún an fhoirgnimh seachas achar urláir úsáideach an fhoirgnimh ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn an modh sin d’acmhainneacht shuiteáilte choibhéiseach suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh ar fhoirgnimh. Ós rud é go mbraitheann an oibleagáid suiteálacha gréine a chur in úsáid ar fhoirgnimh aonair ar na critéir arna mbunú ag na Ballstáit, ní cháilíonn na forálacha maidir le grianfhuinneamh ar fhoirgnimh ar mórscála mar ‘caighdeán an Aontais’ de réir bhrí na rialacha maidir leis an Státchabhair.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, trí bhíthin faisnéise, nósanna imeachta riaracháin iomchuí nó bearta eile a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a spreagadh, suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha a chur in úsáid in éineacht le hathchóiriú an imchlúdaigh foirgnimh, le córais theicniúla foirgnimh a athsholáthar nó le bonneagar athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, teaschaidéil nó córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh a shuiteáil.

(34)

Maidir le foirgnimh úsáidte measctha, lena n-áirítear aonaid foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh nach aonaid foirgnimh chónaithe iad araon, féadfaidh na Ballstáit leanúint de rogha a dhéanamh iad a láimhseáil mar fhoirgnimh chónaithe nó foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad.

(35)

Ba cheart grianfhuinneamh fótavoltach agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine a leathadh amach go tapa, lena n-áirítear in éineacht le stóráil fuinnimh, ar mhaithe leis an aeráid agus le cúrsaí airgeadais na saoránach agus na ngnólachtaí araon.

(36)

Le leictriú foirgneamh, amhail teaschaidéil, suiteálacha gréine, ceallraí agus bonneagar athluchtaithe a chur in úsáid, athraítear na rioscaí maidir le sábháilteacht ó dhóiteán foirgneamh, ar rioscaí iad nach mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu. A mhéid a bhaineann le sábháilteacht ó dhóiteán i gcarrchlóis, ba cheart don Choimisiún treoir neamhcheangailteach a fhoilsiú do na Ballstáit.

(37)

Chun stoc foirgneamh atá thar a bheith fuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe a bhaint amach, agus chun na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha dá bhforáiltear in Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus atá le beith ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit atá go hiomlán oibríochtúil agus níos láidre, i gcomhréir le ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, agus lena ndíreofar níos mó ar mhaoiniú agus lena n-áiritheofaí go mbeidh oibrithe a bhfuil na scileanna iomchuí acu ar fáil chun athchóirithe foirgneamh a dhéanamh. Féadfaidh na Ballstáit an Comhshocrú um Scileanna a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘an Clár Oibre Eorpach um Scileanna le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta’ a chur san áireamh. Ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21 pointe (b)(7), de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le hachoimre ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh.

(38)

Is prionsabal uileghabhálach é ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ ar cheart é a chur san áireamh i ngach earnáil, agus é ag dul níos faide ná an córas fuinnimh, ar gach leibhéal. Sainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999 mar an-aird ar fad a thabhairt, agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha costéifeachtacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla, go háirithe trí choigilteas costéifeachtach fuinnimh úsáide deiridh, trí thionscnaimh freagartha ar an éileamh agus trí fhuinneamh a thiontú, a tharchur agus a dháileadh ar bhealach níos éifeachtúla, agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach ag an am céanna. Dá bhrí sin, tá an prionsabal chomh hábhartha céanna maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus leagtar béim air i straitéis an Rabharta Athchóiriúcháin mar cheann de na príomhphrionsabail le haghaidh athchóiriú foirgneamh i dtreo 2030 agus 2050. Mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún (18), tá feabhas ar an tsláinte agus ar an dea-bhail ar na príomh-chomhthairbhí a bhaineann le ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ a chur i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú.

(39)

Chun a áirithiú go mbeidh lucht saothair an Aontais go hiomlán ullamh chun oibriú go gníomhach chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit grúpaí faoi ghannionadaíocht a spreagadh le dul faoi oiliúint agus a bheith ag obair san earnáil foirgníochta agus tógála.

(40)

Ba cheart na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú ar theimpléad comhchuibhithe chun inchomparáideacht pleananna a áirithiú. Chun an uaillmhian is gá a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a mheasúnú agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit.

(41)

Ba cheart na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bheith nasctha go dlúth leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Rialachán (AE) 2018/1999, agus ba cheart an dul chun cinn maidir le baint amach na spriocanna náisiúnta agus rannpháirtíocht na bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh le spriocanna náisiúnta agus le spriocanna an Aontais a thuairisciú mar chuid den tuairisciú débhliantúil faoi Rialachán (AE) 2018/1999. I bhfianaise a phráinní atá sé an t-athchóiriú a mhéadú ar bhonn pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh daingne, ba cheart an dáta a shocrú a luaithe is féidir chun an chéad phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a thíolacadh. Ba cheart na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh ina dhiaidh sin a chur isteach mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe a dhéantar orthu, rud a chiallaíonn gur cheart an dara dréacht den phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a thíolacadh in éineacht leis an dara dréacht de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide in 2028.

(42)

D’fhéadfadh athchóiriú domhain céimneach a bheith ina réiteach chun aghaidh a thabhairt ar chostais arda tosaigh agus ar an dua a d’fhéadfadh a bheith i gceist do na cónaitheoirí agus athchóiriú á dhéanamh ‘in aon iarracht amháin’ agus féadfar bearta athchóirithe nach bhfuil chomh suaiteach agus atá níos indéanta ó thaobh airgeadais de a cheadú dá réir. Mar sin féin, ní mór an t-athchóiriú domhain céimneach sin a phleanáil go cúramach ionas nach gcuirfidh céim athchóirithe amháin bac ar chéimeanna riachtanacha eile ina dhiaidh sin. Is féidir le hathchóiriú domhain aonchéime a bheith níos costéifeachtaí agus d’fhéadfadh níos lú astaíochtaí a bheith i gceist leis an athchóiriú ná mar a bhíonn le hathchóiriú céimneach. Le pasanna athchóirithe soláthraítear treochlár soiléir d’athchóiriú domhain céimneach, rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht agus an scóip is fearr le haghaidh idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a mholadh agus a chur ar fáil, mar uirlis dheonach, d’úinéirí foirgneamh ar fud na mBallstát go léir. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcruthófar ualach díréireach le pasanna athchóirithe.

(43)

Tá roinnt sineirgí idir pasanna athchóirithe agus deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar fheidhmíocht reatha an fhoirgnimh agus leis na moltaí chun é a fheabhsú. Chun an leas is fearr a bhaint as na sineirgí sin agus costais a laghdú d’úinéirí foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt don saineolaí céanna an pas athchóirithe agus an deimhniú feidhmíochta fuinnimh a tharraingt suas go comhpháirteach agus a eisiúint le chéile. I gcás tarraingt suas agus eisiúint chomhpháirteach den sórt sin, ba cheart an pas athchóirithe a chur in ionad na moltaí sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta fós deimhniú feidhmíochta fuinnimh a fháil gan pas athchóirithe.

(44)

Is ionstraim thábhachtach iad conarthaí athchóirithe fadtéarmacha trína bhféadfar athchóiriú céimneach a spreagadh. Féadfaidh na Ballstáit sásraí a thabhairt isteach lenar féidir conarthaí athchóirithe fadtéarmacha a bhunú ag céimeanna éagsúla den athchóiriú céimneach. I gcás ina mbeidh dreasachtaí nua agus níos éifeachtaí ar fáil le linn chéimeanna éagsúla an athchóirithe, féadfar rochtain ar na dreasachtaí nua sin a áirithiú trí ligean do thairbhithe aistriú go dreasachtaí nua.

(45)

Níor sainmhíníodh an coincheap ‘athchóiriú domhain’ i ndlí an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha ach, mar chéad chéim, mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh a chlaochlú go foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Is é is cuspóir don sainmhíniú sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú. D’fhéadfadh athchóiriú domhain chun críocha na feidhmíochta fuinnimh a bheith ina dheis den scoth freisin maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile, amhail cáilíocht na timpeallachta laistigh, dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaistí lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach, sábháilteacht ó dhóiteán, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

(46)

Chun athchóiriú domhain a chothú, atá ar cheann de spriocanna an Rabharta Athchóiriúcháin, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht airgeadais agus riaracháin níos fearr a thabhairt don athchóiriú domhain.

(47)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh ar fhoirgnimh atá ann faoi láthair a chuireann le leibhéal leordhóthanach cáilíochta na timpeallachta laistigh a bhaint amach, aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, cosc a chur ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana féin a éascú, mar shampla, Treoracha 2009/148/CE (19) agus Treoir (AE) 2016/2284 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(48)

Cabhraíonn cuir chuige chomhtháite ceantair nó comharsanachta le méadú a dhéanamh ar chostéifeachtacht an athchóirithe a bhfuil gá leis i gcás na bhfoirgneamh a bhfuil gaol spásúil eatarthu, mar shampla, bloic tithíochta. Leis na cuir chuige sin i leith athchóirithe, cuirtear réimse réiteach ar fáil ar scála níos mó.

(49)

Meastar go mbeidh ról ríthábhachtach ag feithiclí leictreacha maidir le dícharbónú agus éifeachtúlacht an chórais leictreachais, go príomha trí sheirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthar, go háirithe trí chomhiomlánú. Ba cheart leas iomlán a bhaint as poitéinseal sin na bhfeithiclí leictreacha comhtháthú leis an gcóras leictreachais agus rannchuidiú le héifeachtúlacht an chórais agus le hionsú breise leictreachais in-athnuaite. Tá tábhacht ar leith ag baint le athluchtú i dtaca le foirgnimh, ós rud é gur anseo a bhíonn feithiclí leictreacha páirceáilte go tráthrialta agus ar feadh tréimhsí fada ama. Tá an t-athluchtú mall tíosach agus d’fhéadfadh suiteáil pointí athluchtaithe i spásanna príobháideacha stóráil fuinnimh a sholáthar don fhoirgneamh lena mbaineann agus seirbhísí athluchtaithe chliste, athluchtú déthreoch agus seirbhísí um chomhtháthú córas i gcoitinne a chomhtháthú.

(50)

Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú fuinnimh glan iad feithiclí leictreacha ar bhonn bearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le cur in úsáid an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit bacainní a bhaint amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ar úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

(51)

Leis an réamhcháblú agus leis an duchtáil, is féidir pointí athluchtaithe a chur in úsáid go gasta más gá agus san áit ina bhfuil siad ag teastáil. Le bonneagar atá ar fáil go héasca laghdófar costais suiteála pointí athluchtaithe d’úinéirí aonair agus áiritheofar go mbeidh rochtain ag úsáideoirí feithiclí leictreacha ar phointí athluchtaithe. Ceanglais a bhunú do leictrea-shoghluaiseacht ar leibhéal an Aontais a bhaineann le trealamh a chur i spásanna páirceála roimh ré agus pointí athluchtaithe a shuiteáil, is bealach éifeachtach é sin chun feithiclí leictreacha a chur chun cinn go luath amach anseo agus forbairtí breise á gcumasú ar chostas laghdaithe ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar phointí athluchtaithe.

(52)

Leis an athluchtú cliste agus athluchtú déthreoch cumasaítear comhtháthú foirgneamh sa chóras fuinnimh. Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an-ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí athluchtaithe chliste a áirithiú. I gcásanna ina dtabharfadh athluchtú déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in-athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart feidhmiúlacht den sórt sin a chur ar fáil freisin.

(53)

Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht ghníomhach, mar shampla, an rothaíocht. Leis an méadú ar dhíolachán rothar leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus chun suiteáil pointí athluchtaithe ag céim níos déanaí a éascú, ba cheart a cheangal go mbeadh réamhcháblú nó duchtáil i bhfoirgnimh chónaithe nua, agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, i bhfoirgnimh chónaithe a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu. Mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le ‘Stepping up Europe’s 2030 climate ambition – Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people’ [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail] (‘an Plean um Sprioc Aeráide’), trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón iompar agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála do rothair ina bac mór ar dhaoine ó thaobh tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus i bhfoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad araon. Le ceanglais an Aontais agus cóid foirgníochta náisiúnta, is féidir tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos le haghaidh líon íosta spásanna páirceála do rothair, agus dá ndéanfaí spásanna páirceála do rothair agus bonneagar gaolmhar a thógáil i limistéir inar annaimhe rothair a bheith á n-úsáid, d’fhéadfadh méadú teacht ar a n-úsáid. Maidir leis an gceanglas spásanna páirceála do rothair a sholáthar, níor cheart é a bheith ag brath ar infhaighteacht agus soláthar spásanna páirceála gluaisteán, nó ní gá go mbeadh baint aige leis na spásanna páirceála gluaisteán sin, ar spásanna iad a d’fhéadfadh gan a bheith ar fáil in imthosca áirithe. Ba cheart do na Ballstáit méadú ar pháirceáil rothar a cheadú i bhfoirgnimh chónaithe i gcás nach bhfuil aon spás páirceála gluaisteán ann trí fhoráil a dhéanamh maidir le dhá spás páirceála do rothair ar a laghad a shuiteáil do gach aonad foirgnimh cónaithe.

(54)

Ba cheart cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh a bheith ailínithe agus freastal ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú an tírdhreacha fuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun an earnáil tógála a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais maidir le cur in úsáid gréasán cumarsáide ardtoillte tábhachtach d’fhoirgnimh chliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Leis sin chuirfí deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin tomhaltais agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart do na Ballstáit úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh chun anailís, ionsamhlú agus bainistiú a dhéanamh ar fhoirgnimh, lena n-áirítear maidir le hathchóiriú domhain.

(55)

Chun margadh iomaíoch agus nuálach do sheirbhísí foirgneamh cliste a éascú, ar margadh é a rannchuideoidh le húsáid éifeachtúil fuinnimh agus le comhtháthú éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh agus a thacóidh le hinfheistíochtaí san athchóiriú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach ag páirtithe leasmhara ar shonraí na gcóras foirgnimh. Chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do thríú páirtithe, éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas.

(56)

Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar acmhainneacht foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgnimh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit.

(57)

Is ionsamhlú idirghníomhach dinimiciúil é macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh lena léirítear stádas agus iompar fíor-ama foirgnimh fhisiciúil. Trí shonraí fíor-ama ó bhraiteoirí, ó mhéadair chliste agus ó fhoinsí eile a ionchorprú, tugann macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh léargas iomlánaíoch ar fheidhmíocht an fhoirgnimh, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh, teocht, taise, leibhéil áitíochta, agus níos mó, agus is féidir í a úsáid chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh an fhoirgnimh. I gcás ina bhfuil macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh ar fáil, ba cheart í a chur san áireamh, go háirithe maidir leis an táscaire ullmhachta cliste.

(58)

Tá rochtain ar chistiú leordhóthanach ríthábhachtach chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach. Tá ionstraimí airgeadais an Aontais agus bearta nach iad curtha i bhfeidhm nó in oiriúint d’fhonn tacú le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Áirítear ar na tionscnaimh is déanaí chun infhaighteacht an mhaoinithe ar leibhéal an Aontais a mhéadú, inter alia, an chomhpháirt shuaitheanta ó thaobh ‘Athchóiriú’ den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, go háirithe an plean REPowerEU, agus an Ciste Aeráide Sóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(59)

Ba cheart ionstraimí airgeadais an Aontais a úsáid chun cuspóirí na Treorach seo a chur i bhfeidhm, gan teacht in ionad bearta náisiúnta. Thar aon rud eile, de bharr scála na hiarrata athchóirithe atá ag teastáil, ba cheart iad a úsáid chun modhanna maoinithe iomchuí agus nuálacha a chur ar fáil chun dlús a chur le hinfheistíocht i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith acu maidir le cistí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt chomh maith le hionstraimí agus sásraí a chuireann na féidearthachtaí maoinithe sin ar fáil d’úinéirí réadmhaoine príobháideacha, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do chuideachtaí seirbhíse éifeachtúlachta fuinnimh.

(60)

Ba cheart ról lárnach a bheith ag sásraí airgeadais, dreasachtaí agus cur ag gluaiseacht institiúidí airgeadais d’athchóirithe fuinnimh i bhfoirgnimh sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus ba cheart do na Ballstáit na nithe sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach. Ba cheart a áireamh i mbearta mar sin morgáistí fuinneamhéifeachtúla a mholadh le haghaidh athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúil deimhnithe, infheistíochtaí i stoc foirgneamh fuinneamhéifeachtúil do chomhlachtaí poiblí a chur chun cinn, mar shampla, trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó conarthaí feidhmíochta fuinnimh nó an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí a laghdú. Ba cheart faisnéis faoin gcistiú agus faoi na huirlisí airgeadais atá ar fáil a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana trédhearcach. Ba cheart do na Ballstáit a mholadh d’institiúidí airgeadais táirgí, deontais agus fóirdheontais airgeadais spriocdhírithe a chur chun cinn chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha, chomh maith le húinéirí sna foirgnimh ina bhfuil aonaid foirgnimh chónaithe iomadúla is neamhfheidhmiúla agus i bhfoirgnimh i gceantair thuaithe, agus grúpaí eile a bhfuil deacrachtaí acu ó thaobh maoiniú a fháil. Ba cheart don Choimisiún creat deonach a ghlacadh chun cabhrú le hinstitiúidí airgeadais díriú ar mhéideanna iasachtaithe agus iad a mhéadú i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le dícharbónú agus le spriocanna ábhartha fuinnimh.

(61)

Is féidir le morgáistí glasa agus iasachtaí glasa cuidiú go mór leis an ngeilleagar a chlaochlú agus astaíochtaí carbóin a laghdú.

(62)

Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. Mar aon leis an maoiniú, tá bunú uirlisí comhairleacha agus ionstraimí cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha, mar shampla, ionaid ilfhreastail ina soláthraítear seirbhísí agus éascaitheoirí athchóirithe fuinnimh comhtháite, chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme, mar shampla, iad siúd dá dtagraítear i Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste ón gCoimisiún, tá sé fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú. Ba cheart d’ionaid ilfhreastail cúnamh teicniúil a chur ar fáil agus a bheith ar fáil go héasca dóibh siúd uile a bhfuil baint acu le hathchóiriú foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí tí agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, amhail FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair.

(63)

Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Trí bhillí iomarcacha fuinnimh a laghdú, is féidir leis an athchóiriú foirgneamh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh a chosc. Ag an am céanna, níl an t-athchóiriú foirgneamh saor in aisce, agus tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcoinneofar tionchar sóisialta na gcostas a bhaineann leis an athchóiriú foirgneamh, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, faoi smacht. Níor cheart aon duine a fhágáil ar chúl leis an stratéis Rabharta Athchóiriúcháin, agus níor cheart é a thapú mar dheis chun staid na dteaghlach leochaileach a fheabhsú, agus ba cheart aistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart dreasachtaí airgeadais agus bearta beartais eile a bheith mar sprioc thosaíochta do theaghlaigh leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, agus ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun díshealbhuithe de bharr athchóiriú a chosc, amhail trí theorainn a chur le méaduithe ar chíos. Leis an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (23) soláthraítear creat coiteann agus comhthuiscint ar bheartais chuimsitheacha agus ar infheistíochtaí cuimsitheacha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cothrom.

(64)

Is micrifhiontair iad 94 % de na cuideachtaí atá gníomhach san earnáil tógála. In éineacht le fiontair bheaga, is ionann iad agus 70 % den fhostaíocht in earnáil na foirgníochta. Soláthraíonn siad seirbhísí agus poist riachtanacha go háitiúil. Ós rud é, áfach, go mbraitheann micrifhiontair ar níos lú ná deichniúr fostaithe de ghnáth, bíonn acmhainní teoranta acu chun na ceanglais rialála agus na rialacha a ghabhann le scéimeanna clár tacaíochta airgeadais a chomhlíonadh. Cé go bhfuil pobail fuinnimh, tionscnaimh faoi stiúir na saoránach agus údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí fuinnimh fíor-riachtanach chun an Rabharta Athchóiriúcháin a chur i gcrích, tá na saincheisteanna céanna le sárú acu maidir le hacmhainneachtaí riaracháin, airgeadais agus eagraíochtúla níos laige. Níor cheart dó sin bac a chur ar ról fíor-riachtanach na n-eintiteas sin agus ba cheart é a chur san áireamh agus cláir thacaíochta agus oiliúna á bhforbairt, ar cláir iad a bheadh sách infheicthe agus a mbeadh rochtain éasca orthu. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ghníomhach a thabhairt d’eagraíochtaí ag a bhfuil acmhainn níos ísle trí chúnamh tiomnaithe teicniúil, airgeadais agus dlíthiúil.

(65)

Tá deimhnithe feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh á n-úsáid ó 2002 i leith. Mar sin féin, cuireann úsáid scálaí agus formáidí éagsúla bac ar an inchomparáideacht idir na scéimeanna náisiúnta éagsúla. Le níos mó comparáide idir deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fud an Aontais, éascaítear d’institiúidí airgeadais deimhnithe den sórt sin a úsáid, agus ar an gcaoi sin, déantar an maoiniú a stiúradh i dtreo foirgnimh le feidhmíocht fuinnimh níos fearr agus athchóiriú foirgneamh. Bíonn Tacsanomaíocht an Aontais ag brath ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh a úsáid agus cuireann sí leis an ngá atá lena n-inchomparáideacht a fheabhsú. Trí chomhscála d’aicmí feidhmíochta fuinnimh agus teimpléad coiteann a thabhairt isteach, ba cheart go n-áiritheofaí inchomparáideacht leordhóthanach idir deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fud an Aontais.

(66)

Tá roinnt Ballstát tar éis a scéimeanna deimhniúcháin feidhmíochta fuinnimh a mhodhnú le déanaí. Chun suaitheadh a sheachaint, ba cheart am breise a bheith ag na Ballstáit sin lena gcuid scéimeanna a oiriúnú.

(67)

D’fhonn a áirithiú gur féidir le ceannaitheoirí nó tionóntaí ionchasacha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur san áireamh go luath sa phróiseas, ba cheart deimhniú feidhmíochta fuinnimh a bheith ag gabháil le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a thairgtear le díol nó le cur amach ar cíos, agus ba cheart an aicme feidhmíochta fuinnimh agus an táscaire feidhmíochta fuinnimh a lua i ngach fógrán. Ba cheart an fhaisnéis cheart a thabhairt don cheannaitheoir ionchasach nó do thionónta foirgnimh nó aonaid foirgnimh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh agus ba cheart comhairle phraiticiúil a bheith ann freisin maidir leis an bhfeidhmíocht sin a fheabhsú. Ba cheart faisnéis a chur ar fáil sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh freisin maidir lena thomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh, a riachtanais fuinnimh, a tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, astaíochtaí gás ceaptha teasa, GWP ar feadh saolré má tá sé ar fáil, agus, mar rogha, braiteoirí nó rialuithe cáilíochta na timpeallachta laistigh. Ba cheart moltaí a bheith sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh.

(68)

Éascaítear faireachán ar an stoc foirgneamh trí infhaighteacht sonraí arna mbailiú ag uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh.

(69)

Foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí nó áitithe ag comhlachtaí poiblí, ba cheart dea-shampla a thabhairt sna foirgnimh sin agus é á léiriú iontu go gcuirtear tosca comhshaoil agus fuinnimh san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart deimhniú fuinnimh a dhéanamh ar na foirgnimh sin go tráthrialta. Ba cheart scaipeadh faisnéise poiblí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú trí na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh sin a thaispeáint go soiléir, go háirithe i bhfoirgnimh ina bhfuil comhlachtaí poiblí agus foirgnimh a dtugann an pobal cuairt orthu go minic, agus foirgnimh áirithe nach foirgnimh chónaithe iad, amhail hallaí baile, scoileanna, siopaí agus ionaid siopadóireachta, ollmhargaí, bialanna, amharclanna, bainc agus óstáin.

(70)

Le blianta beaga anuas tá fás tagtha ar líon na gcóras aerchóirithe i dtíortha na hEorpa. Bíonn fadhbanna móra ann ag na hamanna is mó éileamh ar na córais sin dá bharr sin, rud a chuireann le costas an leictreachais chomh maith leis an gcomhordú fuinnimh a chur as a riocht. Ba cheart tús áite a thabhairt do straitéisí a chuireann feabhas ar fheidhmíocht theirmeach na bhfoirgneamh i rith an tsamhraidh. Chuige sin, ba cheart díriú ar bhearta lena seachnófar an róthéamh, amhail scáthú agus acmhainneacht theirmeach leordhóthanach i dtógáil na bhfoirgneamh, agus teicnící fuaraithe éighníomhaigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go príomha na teicnící a chuireann feabhas ar cháilíocht na timpeallachta laistigh, ar an micrea-aeráid thart timpeall ar fhoirgnimh agus ar an iarmhairt teasoileáin uirbigh.

(71)

Agus cothabháil agus cigireacht á ndéanamh go tráthrialta ag pearsanra cáilithe ar na córais téimh, na córais aerála agus na córais aerchóirithe, cuidíonn sé sin lena gcoinneáil ar an socrú ceart i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge agus ar an mbealach sin, áirithítear an fheidhmíocht is fearr ó thaobh an chomhshaoil, na sábháilteachta agus an fhuinnimh de. Ba cheart measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras téimh, ar an gcóras aerála agus ar an gcóras aerchóirithe ar fad go tráthrialta le linn a shaolré agus go háirithe sula ndéantar é a athsholáthar nó a uasghrádú. Agus cigireachtaí á ndéanamh, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na codanna de na córais atá inrochtana go díreach nó go hindíreach trí mhodhanna neamhscriosacha atá ar fáil. Chun an t-ualach riaracháin ar úinéirí foirgnimh agus tionóntaí a laghdú, ba cheart do na Ballstáit féachaint le cigireachtaí agus deimhnithe a dhéanamh in aon fheacht le chéile más féidir. I gcás ina suiteálfar córas aerála, ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar mhéid an chórais agus ar a chumas a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin atá ábhartha d’úsáid shonrach agus reatha an fhoirgnimh.

(72)

I gcás go bhfuil cigireacht le déanamh ar chóras atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, ba cheart a áireamh inti measúnú bunúsach ar a indéanta atá sé úsáid breoslaí iontaise ar an láthair a laghdú, mar shampla, trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, tríd an bhfoinse fuinnimh a athrú, nó trí na córais atá ann cheana a ionadú nó a choigeartú. Chun an t-ualach ar úsáideoirí a laghdú, níor cheart an measúnú sin a dhéanamh arís má tá na moltaí sin doiciméadaithe cheana féin, i gcomhthéacs deimhniú feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, iniúchadh fuinnimh, moltaí ón monaróir nó modhanna eile maidir le comhairle a thabhairt i ndoiciméad oifigiúil choibhéiseach nó má tá sé beartaithe cheana an córas a athsholáthar.

(73)

Baineann ardriosca meisce aonocsaíde carbóin le roinnt córais téimh, agus sin ag brath ar an gcineál gineadóra teasa (coire, teaschaidéal), an cineál breosla (gual, ola, bithmhais, gás) nó suíomh an ghineadóra teasa (amhail laistigh de spásanna maireachtála nó i spásanna nach bhfuil aeráilte i gceart). Tugann cigireachtaí ar chórais mar sin deis mhaith chun na rioscaí sin a bhainistiú.

(74)

Má leantar cur chuige coiteann i leith feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste a dheimhniú agus i leith cigireacht a dhéanamh ar chórais téimh agus ar chórais aerchóirithe, agus an méid sin á chur i gcrích ag saineolaithe creidiúnaithe cáilithe nó deimhnithe, a ndéanfar a neamhspleáchas a ráthú ar bhonn critéir oibiachtúla, rannchuideofar le cothroime iomaíochta a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis na hiarrachtaí a dhéantar sna Ballstáit a bhaineann le coigiltí fuinnimh in earnáil na bhfoirgneamh, agus tabharfar isteach trédhearcacht d’úinéirí nó úsáideoirí ionchasacha maidir le feidhmíocht fuinnimh i margadh réadmhaoine an Aontais. Ba cheart saineolaithe a bheith ag baint tairbhe as trealamh tástála atá deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin EN agus ISO a úsáid. Chun cáilíocht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, agus táscairí ullmhachta cliste agus cáilíocht chigireachtaí na gcóras téimh agus na gcóras aerchóirithe a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart córas neamhspleách rialaithe a bhunú i ngach Ballstát.

(75)

Ba cheart líon leordhóthanach gairmithe iontaofa atá inniúil ar réimse an athchóirithe fuinnimh a bheith ar fáil d’fhonn acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun oibreacha athchóirithe ardcháilíochta a dhéanamh ar an scála is gá. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, scéimeanna deimhniúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh oibreacha athchóirithe comhtháite, a dteastaíonn saineolas ar eilimintí nó córais foirgnimh éagsúla ina leith, amhail córais insliúcháin, leictreachais agus teasa fhoirgnimh agus teicneolaíochtaí gréine a shuiteáil; d’fhéadfadh a áireamh sna gairmithe lena mbaineann dearthóirí, conraitheoirí ginearálta, sainchonraitheoirí agus suiteálaithe.

(76)

Ó tharla gur ríthábhachtach údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na Treorach seo go rathúil, ba cheart dul i gcomhairle leo agus a rannpháirtíocht a lorg, sa chás agus san am inarb iomchuí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le cúrsaí pleanála, cláir a fhorbairt chun faisnéis oiliúint agus fógraíocht a sholáthar, agus maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Féadfaidh comhairliúcháin den chineál sin fónamh chun treoir leordhóthanach a chur ar fáil do phleanálaithe áitiúla agus do chigirí foirgneamh áitiúla ionas gur féidir leo na tascanna is gá a dhéanamh a chur i gcrích. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit ailtirí, pleanálaithe agus innealtóirí a chumasú agus a spreagadh chun go mbeidh siad in ann a machnamh a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr d’fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh, úsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, agus as téamh agus fuarú ceantair, tráth a bheidh pleanáil, dearadh, tógáil agus athchóiriú á ndéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha nó chónaithe, lena n-áirítear trí shamhaltú foirgneamh agus teicneolaíochtaí ionsamhlúcháin.

(77)

Tá tábhacht ar leith ag baint le suiteálaithe agus tógálaithe chun an Treoir seo a chur chun feidhme go rathúil. Dá bhrí sin, tríd an oiliúint agus trí bhearta eile, ba cheart an leibhéil iomchuí inniúlachta a bheith ag líon leordhóthanach suiteálaithe agus tógálaithe chun suiteáil agus comhtháthú a dhéanamh ar an teicneolaíocht fhuinneamhéifeachtúil in-athnuaite atá ag teastáil.

(78)

Chun cur a thuilleadh leis na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le codanna áirithe den chreat ginearálta a athchóiriú i gcomhréir le dul chun cinn teicniúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i dtaca le creat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh, i dtaca le creat de chuid an Aontais a leagan amach le haghaidh GWP ar feadh saolré a ríomh ar bhonn náisiúnta d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach, i dtaca le scéim de chuid an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil agus chun institiúidí airgeadais a spreagadh go héifeachtach chun na méideanna a sholáthraítear le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a ardú trí bhíthin creat cuimsitheach punainne a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais a úsáid go deonach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(79)

Chun cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit trí uirlisí éagsúla, amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) lena soláthraítear saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil na bhfoirgneamh cónaithe agus na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad a mhéadú faoin mbliain 2030 agus athchóiriú domhain fuinnimh a chothú. Baineann an tacaíocht theicniúil, mar shampla, le hacmhainneacht riaracháin a neartú, tacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus dea-chleachtais ábhartha a chomhroinnt.

(80)

Ós rud é nach féidir cuspóirí na Treorach seo, eadhon feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgneamh a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát, i ngeall ar a chasta atá earnáil na bhfoirgneamh agus neamhábaltacht na margaí tithíochta náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh, ach, ina áit sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, i ngeall ar scála agus tionchair an ghnímh sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(81)

Le bunús dlí an tionscnaimh seo, tugtar de chumhacht don Aontas na bearta is gá a bhunú chun cuspóirí an Aontais maidir leis an mbeartas fuinnimh a bhaint amach. Cuireann an togra le cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a leagtar amach in Airteagal 194(1) CFAE, go háirithe trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud a chuireann le caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil.

(82)

I gcomhréir le pointe 44 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart do na Ballstáit, ar mhaithe leo féin agus leis an Aontas, a dtáblaí féin a chur le chéile ina léireofar, a mhéid is féidir, an comhghaol idir an Treoir seo agus na bearta trasuite, agus moltar dóibh é sin a chur ar a súile don phobal. I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-543/17 (26).

(83)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir a bhí ann roimhe seo.

(84)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Treoir seo, cuirtear chun cinn feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas, d’fhonn stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, agus na dálaí aeráide lasmuigh, na dálaí áitiúla, na ceanglais maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh, agus an chostéifeachtúlacht á gcur san áireamh.

2.   Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh;

(b)

íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh nua agus aonaid foirgnimh nua;

(c)

íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

foirgnimh atá ann cheana agus aonaid foirgnimh atá ann cheana a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu;

(ii)

eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;

(iii)

córais theicniúla foirgnimh i gcás ina ndéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a uasghrádú;

(d)

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá ann agus le haonaid foirgnimh atá ann, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 9;

(e)

poitéinseal téimh dhomhanda foirgneamh ar feadh saolré a ríomh agus a nochtadh;

(f)

fuinneamh gréine i bhfoirgnimh;

(g)

pasanna athchóirithe;

(h)

pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;

(i)

bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh;

(j)

foirgnimh chliste;

(k)

deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;

(l)

cigireacht thráthrialta ar chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe i bhfoirgnimh;

(m)

córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha cigireachta;

(n)

feidhmíocht cháilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgnimh.

3.   Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Cuirfear na bearta sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘foirgneamh’ déanmhas faoi dhíon a bhfuil ballaí leis agus a n-úsáidtear fuinneamh ina leith chun an timpeallacht laistigh a chóiriú;

(2)

ciallaíonn ‘foirgneamh astaíochtaí nialasacha’ foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nach bhfuil fuinneamh ar bith ag teastáil ina leith nó nach bhfuil ach méid an-bheag fuinnimh ag teastáil ina leith, a tháirgeann astaíochtaí nialasacha carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise agus a tháirgeann astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa oibríochtúla nó méid an-bheag astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(3)

ciallaíonn ‘foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de’ foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, feidhmíocht fuinnimh nach bhfuil níos measa ná an leibhéal is fearr costas in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe;

(4)

ciallaíonn ‘íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh’ rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgneamh nó ag truicearphointe ar an margadh amhail díol, cíos, deonú nó athrú críche faoin gclár talún, laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus ar an gcaoi sin athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana a spreagadh;

(5)

ciallaíonn ‘comhlachtaí poiblí’ comhlachtaí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2023/1791;

(6)

ciallaíonn ‘córas teicniúil foirgnimh’ an trealamh teicniúil a bhíonn i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh i gcomhair téamh spáis, fuarú spáis, aerála, uisce te tí, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh ar an láthair, lena n-áirítear na córais siúd a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(7)

ciallaíonn ‘córas uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh’ córas lena gcumhdaítear na táirgí, na bogearraí agus na seirbhísí innealtóireachta go léir ar féidir leo tacú le hoibriú fuinneamhéifeachtúil, tíosach agus sábháilte córas teicniúil foirgnimh trí rialuithe uathoibríocha agus trí bhainistiú na gcóras teicniúil foirgnimh sin de láimh a éascú;

(8)

ciallaíonn ‘feidhmíocht fuinnimh foirgnimh’ an méid fuinnimh ríofa nó mhéadraithe atá ag teastáil chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid an fhoirgnimh, lena n-áirítear fuinneamh a úsáidtear chun an foirgneamh a théamh, a fhuarú, a aeráil, chun uisce te tí a sholáthar ann agus chun an foirgneamh a shoilsiú;

(9)

ciallaíonn ‘fuinneamh príomhúil’ fuinneamh in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite nach ndeachaigh faoi phróiseas tiontaithe nó claochlaithe;

(10)

ciallaíonn ‘méadraithe’ fuinneamh a thomhas le feiste ábhartha, amhail méadar fuinnimh, méadar cumhachta, feiste méadraithe agus faireacháin cumhachta, nó méadar leictreachais;

(11)

ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite’ táscaire a ríomhtar tríd an bhfuinneamh príomhúil ó fhoinsí neamh-in-athnuaite le haghaidh iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tsoláthair chuig na pointí úsáide, a roinnt ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

(12)

ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil in-athnuaite’ táscaire a ríomhtar tríd an bhfuinneamh príomhúil ó fhoinsí in-athnuaite ó fhoinse fuinnimh ar an láthair, in aice láimhe nó i gcéin, a sheachadtar trí iompróir fuinnimh ar leith, lena n-áirítear an fuinneamh arna sheachadadh agus forchostais fuinnimh ríofa an tseachadta chuig na pointí úsáide, a roinnt ar an bhfuinneamh arna sheachadadh;

(13)

ciallaíonn ‘fachtóir fuinnimh phríomhúil iomlán’ suim na bhfachtóirí fuinnimh phríomhúil in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite i gcás iompróir fuinnimh ar leith;

(14)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

(15)

ciallaíonn ‘imchlúdach foirgnimh’ eilimintí comhtháite foirgnimh a thagann idir an taobh istigh agus an timpeallacht lasmuigh;

(16)

ciallaíonn ‘aonad foirgnimh’ cuid, urlár nó árasán laistigh d’fhoirgneamh arna dhearadh nó arna athrú chun go n-úsáidfí as féin é;

(17)

ciallaíonn ‘eilimint foirgnimh’ córas teicniúil foirgnimh nó eilimint den imchlúdach foirgnimh;

(18)

ciallaíonn ‘foirgnimh cónaithe nó aonad foirgnimh cónaithe’ seomra nó sraith seomraí i bhfoirgneamh buan nó i gcuid d’fhoirgneamh atá leithleach ó thaobh struchtúrtha de agus atá deartha le haghaidh cónaithe don bhliain ar fad ag teaghlach príobháideach amháin;

(19)

ciallaíonn ‘pas athchóirithe’ treochlár saincheaptha chun athchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgneamh in uaslíon céimeanna lena gcuirfear feabhas suntasach ar a fheidhmíocht fuinnimh;

(20)

ciallaíonn ‘athchóiriú domhain’ athchóiriú atá i gcomhréir le ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, lena ndírítear ar eilimintí riachtanacha foirgnimh agus lena gclaochlaítear foirgneamh nó aonad foirgnimh:

(a)

roimh an 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de;

(b)

ón 1 Eanáir 2030, ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha;

(21)

ciallaíonn ‘athchóiriú domhain céimneach’ athchóiriú domhain a dhéantar in uaslíon céimeanna, mar a leagtar amach i bpas athchóirithe;

(22)

ciallaíonn ‘athchóiriú mór’ athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá costas iomlán an athchóirithe maidir leis an imchlúdach foirgnimh nó na córais theicniúla foirgnimh níos airde ná 25 % de luach an fhoirgnimh, gan luach na talún ar a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh; nó

(b)

déantar níos mó ná 25 % de dhromchla an imchlúdaigh foirgnimh a athchóiriú.

Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh pointe (a) nó (b) a chur i bhfeidhm;

(23)

ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla’ astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le tomhaltas fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh le linn úsáid agus oibriú an fhoirgnimh;

(24)

ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine’ na hastaíochtaí gás ceaptha teasa thar shaolré iomlán foirgnimh, lena n-áirítear táirgeadh agus iompar táirgí foirgníochta, gníomhaíochtaí ar láithreáin foirgníochta, úsáid fuinnimh chun táirgí foirgníochta a thógáil agus chun táirgí foirgníochta a athsholáthar, chomh maith le scartáil, iompar agus bainistiú dramhábhar agus athúsáid, athchúrsáil, agus diúscairt deiridh na ndramhábhar sin;

(25)

ciallaíonn ‘poitéinseal téimh dhomhanda ar feadh saolré’ nó ‘GWP ar feadh saolré’ táscaire lena ndéantar cainníochtú ar an méid a d’fheadfadh foirgneamh cur leis an téamh domhanda feadh a shaolré iomláine;

(26)

ciallaíonn ‘dreasachtaí deighilte’ dreasachtaí deighilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (54), de Threoir (AE) 2023/1791;

(27)

ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ bochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (52), de Threoir (AE) 2023/1791;

(28)

ciallaíonn ‘teaghlaigh leochaileacha’ teaghlaigh atá i mbochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, atá neamhchosanta go háirithe ar chostais arda fuinnimh agus nach bhfuil in acmhainn athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh atá á áitiú acu;

(29)

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán arna ghlacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide agus a chuirtear ar fáil le haghaidh úsáid phoiblí;

(30)

ciallaíonn ‘deimhniú feidhmíochta fuinnimh’ deimhniú, arna aithint ag Ballstát nó ag duine dlítheanach arna ainmniú aige, ina léirítear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh nó aonaid foirgnimh, a dhéantar a ríomh i gcomhréir le modheolaíocht a ghlactar de bhun Airteagal 4;

(31)

ciallaíonn ‘comhghiniúint’ giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, fuinnimh theirmigh agus fuinnimh leictrigh nó mheicniúil;

(32)

ciallaíonn ‘an leibhéal is fearr costas’ an leibhéal feidhmíochta fuinnimh a thugann an costas is lú le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar an costas is ísle a chinneadh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i)

catagóir agus úsáid an fhoirgnimh lena mbaineann:

(ii)

costais infheistíochta a bhaineann le fuinneamh ar bhonn réamhaisnéisí oifigiúla;

(iii)

costais chothabhála agus oibriúcháin, lena n-áirítear costais fuinnimh agus costas lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur san áireamh;

(iv)

seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le húsáid fuinnimh;

(v)

tuilleamh ón bhfuinneamh a tháirgtear ar an láthair, i gcás inarb infheidhme;

(vi)

costais bainistíochta dramhaíola, i gcás inarb infheidhme; agus

(b)

is é gach Ballstát a dhéanann an tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta a chinneadh agus tagraítear leis don tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta atá fágtha d’fhoirgneamh i gcás ina bhfuil ceanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh leagtha amach don fhoirgneamh ina iomláine, nó tagraítear leis don tsaolré eacnamaíoch réamh-mheasta d’eilimint foirgnimh i gcás ina bhfuil ceanglais feidhmíochta fuinnimh leagtha amach maidir le heilimintí foirgnimh.

Beidh an leibhéal is fearr costas laistigh de raon na leibhéal feidhmíochta nuair is dearfach an anailís costais is tairbhe arna ríomh le linn na saolré eacnamaíche réamh-mheasta;

(33)

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (48), de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(34)

ciallaíonn ‘réamhcháblú’ na bearta go léir is gá chun suiteáil pointí athluchtaithe a chumasú, lena n-áirítear tarchur sonraí, cáblaí, bealaí cábla agus, i gcás inar gá, méadair leictreachais;

(35)

ciallaíonn ‘carrchlós faoi dhíon’ déanmhas faoi dhíon, a bhfuil ar a laghad trí spás páirceála gluaisteán ann, nach n-úsáideann fuinneamh chun an timpeallacht laistigh a chóiriú;

(36)

ciallaíonn ‘micreachóras scoite’ aon chóras ag a bhfuil tomhaltas níos lú ná 500 GWh sa bhliain in 2022, i gcás nach bhfuil aon cheangal idir é agus córais eile;

(37)

ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ athluchtú cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (14m), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28);

(38)

ciallaíonn ‘athluchtú déthreoch’ athluchtú déthreoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2023/1804;

(39)

ciallaíonn ‘caighdeáin punann morgáiste’ sásraí lena spreagtar iasachtóirí morgáiste bealach a bhunú chun feidhmíocht airmheánach fuinnimh na punainne foirgneamh a chumhdaítear lena morgáistí a mhéadú i dtreo 2030 agus 2050 agus chun cliaint ionchasacha a spreagadh chun feidhmíocht fuinnimh a maoine a dhéanamh níos fearr i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le dícharbónú agus spriocanna ábhartha fuinnimh i réimse an tomhaltais fuinnimh i bhfoirgnimh, ag brath ar na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;

(40)

ciallaíonn ‘scéim íoc-mar-a-shábháiltear’ scéim iasachta atá tiomnaithe go heisiach d’fheabhsuithe san fheidhmíocht fuinnimh, i gcás ina mbunaítear comhghaol agus an scéim á ceapadh idir na haisíocaíochtaí ar an iasacht agus an coigilteas fuinnimh a baineadh amach, agus tosca eacnamaíocha eile á gcur san áireamh freisin amhail innéacsú an chostais fuinnimh, rátaí úis, luach sócmhainní méadaithe agus athmhaoiniú iasachta;

(41)

ciallaíonn ‘logleabhar digiteach foirgneamh’ stór coiteann do na sonraí foirgníochta ábhartha go léir, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh, amhail deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe agus táscairí ullmhachta cliste, chomh maith le sonraí a bhaineann le GWP ar feadh saolré, lena n-éascaítear cinnteoireacht eolasach agus comhroinnt faisnéise san earnáil foirgníochta, agus i measc úinéirí agus áititheoirí foirgneamh, institiúidí airgeadais agus comhlachtaí phoiblí;

(42)

ciallaíonn ‘córas aerchóirithe’ comhcheangal de na comhpháirteanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena rialaítear an teocht nó lena bhféadtar an teocht a ísliú;

(43)

ciallaíonn ‘córas téimh’ comhcheangal de na codanna is gá chun cineál íonaithe an aeir laistigh a sholáthar lena méadaítear an teocht;

(44)

ciallaíonn ‘córas aerála’ an córas teicniúil foirgnimh a sholáthraíonn aer lasmuigh do spás ar mhodh nádúrtha nó meicniúil;

(45)

ciallaíonn ‘gineadóir teasa’ an chuid de chóras téimh a ghineann teas úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I, agus úsáid á baint as ceann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas:

(a)

dóchán breosla i gcoire, mar shampla;

(b)

iarmhairt Joule, a bhíonn ar siúl sna heilimintí téimh de chóras téimh friotaíochta leictrí;

(c)

teas a ghabháil ó aer comhthimpeallach, ó aer sceite aerála, ó fhoinse teasa uisce nó ó fhoinse teasa talún agus úsáid á baint as teaschaidéal;

(46)

ciallaíonn ‘gineadóir fuaraithe’ an chuid den chóras aerchóirithe a ghineann fuarú úsáideach le haghaidh na n-úsáidí arna sainaithint in Iarscríbhinn I;

(47)

ciallaíonn ‘conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh’ conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2023/1791;

(48)

ciallaíonn ‘coire’ an t-aonad ina bhfuil coire agus dóire comhcheangailte, arna cheapadh chun an teas a scaoiltear as an dó a aistriú go leachtanna;

(49)

ciallaíonn ‘aschur rátaithe éifeachtach’ an t-uasaschur calrach, arna shloinneadh in kW, arna sonrú agus arna ráthú ag an monaróir a bheith insoláthartha le linn oibriú leanúnach agus an éifeachtúlacht úsáideach arna lua ag an monaróir á comhlíonadh;

(50)

ciallaíonn ‘téamh ceantair’ nó ‘fuarú ceantair’ scaipeadh fuinnimh theirmigh i bhfoirm gail, uisce the nó leachtanna fuaraithe, trí ghréasáin, ó fhoinse lárnach nó dhíláraithe táirgthe go dtí foirgnimh nó suíomhanna éagsúla le húsáid do théamh nó d’fhuarú spáis nó próisis;

(51)

ciallaíonn ‘achar urláir úsáideach’ achar urláir foirgnimh a bhfuil gá leis mar pharaiméadar chun coinníollacha sonracha úsáide a chainníochtú a shloinntear in aghaidh an aonaid urláir agus le haghaidh chur i bhfeidhm an tsimplithe agus na rialacha criosaithe agus leithdháilte nó ath-leithdháilte;

(52)

ciallaíonn ‘achar urláir tagartha’ an t-achar urláir a úsáidtear mar mhéid tagartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna ríomh mar shuim d’achar urláir úsáideach na spásanna laistigh den imchlúdach foirgnimh atá sonraithe don mheasúnú ar fheidhmíocht fuinnimh;

(53)

ciallaíonn ‘teorainn mheasúnúcháin’ an teorainn ar a ndéantar an fuinneamh arna sheachadadh agus an fuinneamh arna onnmhairiú a thomhas nó a ríomh;

(54)

ciallaíonn ‘ar an láthair’ i bhfoirgneamh nó ar fhoirgneamh ar leith nó ar an talamh ar a bhfuil an foirgneamh sin suite;

(55)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, arna tháirgeadh laistigh d’imlíne áitiúil nó ceantair d’fhoirgneamh ar leith a ndearnadh measúnú air, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

ní féidir é a dháileadh agus a úsáid laistigh den imlíne áitiúil agus ceantair sin ach amháin trí ghréasán dáileacháin tiomnaithe;

(b)

ceadaítear leis fachtóir fuinnimh phríomhúil shonrach a ríomh nach bhfuil bailí ach amháin don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh laistigh den imlíne áitiúil nó ceantair sin; agus

(c)

is féidir é a úsáid ar an láthair trí cheangal tiomnaithe leis an bhfoinse táirgthe fuinnimh, i gcás ina n-éilíonn an ceangal tiomnaithe sin trealamh sonrach chun fuinneamh a sholáthar agus a mhéadrú go sábháilte le haghaidh fhéin-úsáid an fhoirgnimh;

(56)

ciallaíonn ‘seirbhísí a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh’ nó ‘seirbhísí EPB’ na seirbhísí, mar atá téamh, fuarú, aeráil, uisce te tí agus soilsiú agus seirbhísí eile a gcuirtear úsáid fuinnimh san áireamh ina leith maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh;

(57)

ciallaíonn ‘riachtanais fuinnimh’ an fuinneamh atá le seachadadh chuig spás cóirithe nó le baint as spás cóirithe chun na dálaí spáis atá beartaithe a chothabháil le linn tréimhse áirithe gan aird a thabhairt ar aon neamhéifeachtúlachtaí i gcóras teicniúil foirgnimh;

(58)

ciallaíonn ‘úsáid fuinnimh’ nó ‘tomhaltas fuinnimh’ ionchur fuinnimh i gcóras teicniúil foirgnimh lena gcuirtear seirbhís EPB ar fáil atá beartaithe riachtanas fuinnimh a shásamh;

(59)

ciallaíonn ‘féin-úsáid’ úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh in aice láimhe ag córais theicniúla ar an láthair le haghaidh seirbhísí EPB;

(60)

ciallaíonn ‘úsáidí eile ar an láthair’ úsáidí ar an láthair le haghaidh úsáidí seachas seirbhísí EPB, lena n-áirítear fearais, ualaí ilghnéitheacha agus coimhdeacha nó pointí athluchtaithe leictrea-shoghluaisteachta;

(61)

ciallaíonn ‘eatramh ríomha’ an t-eatramh ama scoite a úsáidtear chun an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh;

(62)

ciallaíonn ‘fuinneamh arna sheachadadh’ fuinneamh, arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh, arna sholáthar do na córais theicniúla foirgnimh tríd an teorainn mheasúnúcháin, chun na húsáidí a cuireadh san áireamh a shásamh nó chun an fuinneamh arna onnmhairiú a tháirgeadh;

(63)

ciallaíonn ‘fuinneamh arna onnmhairiú’ an cion den fhuinneamh in-athnuaite, arna shloinneadh in aghaidh an iompróra fuinnimh agus in aghaidh an fhachtóra fuinnimh phríomhúil, a onnmhairítear go dtí an eangach fuinnimh seachas é a úsáid ar an láthair le haghaidh féin-úsáid ar an láthair nó le haghaidh úsáidí eile ar an láthair;

(64)

ciallaíonn ‘spás páirceála do rothair’ spás ainmnithe chun aon rothar amháin ar a laghad a pháirceáil ann;

(65)

ciallaíonn ‘carrchlós taobh le foirgneamh’ carrchlós atá beartaithe lena úsáid ag cónaitheoirí, ag cuairteoirí nó ag oibrithe foirgnimh agus atá suite laistigh de limistéar maoine an fhoirgnimh nó i ngarchomharsanacht dhíreach an fhoirgnimh;

(66)

ciallaíonn ‘cáilíocht na timpeallachta laistigh’ toradh measúnaithe a rinneadh ar na dálaí laistigh d’fhoirgneamh a imríonn tionchar ar shláinte agus ar dhea-bhail na n-áititheoirí, bunaithe ar pharaiméadair amhail na paraiméadair a bhaineann le teocht, bogthaise, ráta aerála agus láithreacht éilleán;

Airteagal 3

Plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh

1.   Bunóidh gach Ballstát plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, idir fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideach araon, ina stoc foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoi 2050 a áirithiú, agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha.

2.   Áireofar an méid seo a leanas i ngach plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh:

(a)

forléargas ar an stoc náisiúnta foirgneamh do chineálacha éagsúla foirgneamh, lena n-áirítear a sciar sa stoc náisiúnta foirgneamh, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide, bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 22, forléargas ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite agus, sciar na dteaghlach leochaileach bunaithe, mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh;

(b)

treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, lena n-áirítear an laghdú ar líon na ndaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu, ag féachaint do sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú agus chun na foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050;

(c)

forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b);

(d)

achoimre ar na riachtanais infheistíochta chun an plean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

(e)

na tairseacha le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla agus le haghaidh éileamh fuinnimh phríomhúil bliantúil i bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe, de bhun Airteagal 11;

(f)

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ar bhonn uastairseacha feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 9(1);

(g)

conair náisiúnta le haghaidh athchóiriú ar an stoc foirgneamh cónaithe, lena n-áirítear garspriocanna 2030 agus 2035 le haghaidh meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) de bhun Airteagal 9(2); agus

(h)

meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh.

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo spriocanna náisiúnta le haghaidh 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun tairseacha uasta feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh de bhun Airteagal 9(1), faoi 2040 agus 2050, i gcomhréir leis an gconair chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha; agus meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh.

I gcás ina bhfuil forléargas ar bheartais shonracha agus ar bhearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (c) nó achoimre ar riachtanais shonracha infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) san áireamh cheana sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, féadfar tagairt shoiléir do na codanna ábhartha de na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur san áireamh sa phlean athchóirithe foirgneamh in áit forléargas lánfhorbartha;

3.   Déanfaidh gach Ballstát a dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, tríd an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid. Tíolacfaidh gach Ballstát a dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh mar chuid dá dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh na Ballstáit dréacht cothrom le dáta, mar chuid den dréacht cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2025.

4.   Chun tacú le forbairt a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, déanfaidh gach Ballstát comhairliúchán poiblí maidir lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. Beidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhpháirtithe socheacnamaíocha eile rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí go háirithe, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí a oibríonn le teaghlaigh leochaileacha. Cuirfidh gach Ballstát achoimre ar thorthaí a chomhairliúcháin phoiblí mar iarscríbhinn a ghabhann lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Féadfar an comhairliúchán poiblí a chomhtháthú mar chuid den chomhairliúchán poiblí arna dhéanamh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna dtíolacadh de bhun mhír 3, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an bhfuil an leibhéal uaillmhéine sin i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;

(b)

an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach;

(c)

an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;

(d)

an bhfuil na foinsí maoiniúcháin agus na bearta dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (d), den Airteagal seo i gcomhréir leis an laghdú atá beartaithe ar an mbochtaineacht fuinnimh dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo;

(e)

an dtugtar tosaíocht sna pleananna d’athchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla i gcomhréir le hAirteagal 9;

(f)

an raibh an comhairliúchán poiblí de bhun mhír 4 cuimsitheach a dhóthain; agus

(g)

an gcomhlíonann na pleananna ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 33 den Treoir seo, féadfaidh an Coimisiún moltaí tírshonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Maidir leis an gcéad dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh.

6.   Maidir lena dhréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh, tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholtaí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún maidir leis an dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát cúiseanna don Choimisiún agus cuirfidh sé na cúiseanna sin ar fáil go poiblí.

7.   Déanfaidh gach Ballstát a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 5 bliana, tríd an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid. Tíolacfaidh gach Ballstát a phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus, i gcás ina dtíolacfaidh Ballstát dréacht cothrom le dáta, mar chuid den tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit an chéad dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2026.

8.   Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme na straitéise athchóirithe fadtéarmaí nó an phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh is déanaí uaidh mar iarscríbhinn a ghabhann leis an gcéad phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh eile, ina sonraítear ar baineadh a spriocanna náisiúnta amach.

9.   Áireoidh gach Ballstát ina thuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus aeráid, i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2018/1999, faisnéis maidir le cur chun feidhme na spriocanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo. Gach 2 bhliain, áireoidh an Coimisiún ina thuarascáil bhliantúil ar Staid an Aontais Fuinnimh arna tíolacadh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le hathchóiriú stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, idir fhoirgnimh phoiblí agus phríobháideacha araon, i gcomhréir leis na treochláir a leagtar amach sna pleananna athchóirithe foirgneamh, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na Ballstáit ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún faireachán bliantúil ar fhorbairt fheidhmíocht fuinnimh stoc foirgneamh an Aontais, ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil ó Eurostat agus ó fhoinsí eile, agus foilseoidh sé an fhaisnéis trí Fhaireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh.

Airteagal 4

Modheolaíocht a ghlacadh maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

Cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh i gcomhréir leis an gcomhchreat ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Glacfar an mhodheolaíocht sin ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.

Eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le ríomh fheidhmíocht fuinnimh na n-eilimintí foirgnimh trédhearcacha atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus maidir le fuinneamh comhthimpeallach a mheas.

Airteagal 5

Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socrófar íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh d’fhonn, ar a laghad, na leibhéil is fearr costas agus, i gcás inarb ábhartha, luachanna tagartha níos déine a bhaint amach, mar shampla, ceanglais maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar na leibhéil is fearr costas a ríomh i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comparáideach dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr costas a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le heilimintí foirgnimh a shocrú ar leibhéal a d’éascódh córais téimh ísealteochta a shuiteáil go héifeachtach i bhfoirgnimh athchóirithe.

Nuair a shocraítear ceanglais, féadfaidh na Ballstáit dealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

Leis na ceanglais sin, cuirfear san áireamh cáilíocht na timpeallachta laistigh is fearr is féidir laistigh, chun tionchar diúltach féideartha a sheachaint, amhail aeráil uireasach, chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Déanfaidh Ballstáit a n-íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a athbhreithniú ag tráthanna rialta nach faide ná gach 5 bliana agus déanfaidh siad iad, más gá, a uasghrádú chun an dul chun cinn teicniúil san earnáil tógála, torthaí an ríomha is fearr costais a leagtar amach in Airteagal 6, agus beartais agus spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh cothrom le dáta a léiriú.

2.   Féadfaidh Ballstáit na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a oiriúnú d’fhoirgnimh atá cosanta go hoifigiúil, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí le ceanglais áirithe.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a shocrú nó a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a)

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;

(b)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(c)

foirgnimh shealadacha ag a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil éileamh fuinnimh íseal agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(d)

foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus ag a bhfuil tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a n-úsáid don bhliain ar fad;

(e)

foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

Airteagal 6

Na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a bhaineann le creat modheolaíochta comparáideach a bhunú agus a athbhreithniú chun na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgnimh a ríomh.

Faoin 30 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcreat modheolaíochta comparáideach chun na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu agus le haghaidh eilimintí aonair foirgnimh, Beidh na leibhéil sin i gcomhréir leis na conairí náisiúnta a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Leagfar síos an creat modheolaíochta comparáideach i gcomhréir le hIarscríbhinn VII agus déanfaidh sé idirdhealú idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcreat modheolaíochta comparáideach arna bhunú i gcomhréir le mír 1 agus paraiméadair ábhartha, amhail dálaí aeráide agus inrochtaineacht phraiticiúil an bhonneagair fuinnimh, agus cuirfidh siad torthaí an ríomha sin i gcomparáid leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm. Agus na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh á ríomh acu, féadfaidh na Ballstáit GWP ar feadh saolré a chur san áireamh.

Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na sonraí ionchuir agus na toimhdí go léir a úsáideadh chun na ríomhanna a dhéanamh ar leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh agus torthaí na ríomhanna sin. Chuige sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as an teimpléad a sholáthraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún (29). Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha sin a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chuig an gCoimisiún go tráthrialta, gach 5 bliana ar a laghad. Tíolacfar an chéad tuarascáil ar na ríomhanna ar bhonn an chreata modheolaíochta athbhreithnithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoin 30 Meitheamh 2028.

3.   Má léirítear le toradh na comparáide arna déanamh i gcomhréir le mír 2 nach bhfuil na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm i mBallstát níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de ná na leibhéil is fearr costas d’íoscheanglas feidhmíochta fuinnimh de níos mó ná 15 %, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm a choigeartú laistigh de 24 mhí tar éis torthaí na comparáide sin a bheith ar fáil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a fhoilsiú ar dhul chun cinn na mBallstát i ndáil leis na leibhéil is fearr costas maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach.

Airteagal 7

Foirgnimh nua

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad foirgnimh nua i gcomhréir le hAirteagal 11:

(a)

ón 1 Eanáir 2028, foirgnimh nua atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí; agus

(b)

ón 1 Eanáir 2030, gach foirgneamh nua;

Go dtí go gcuirfear na ceanglais faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foirgneamh nua ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de ar a laghad agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí poiblí foirgneamh nua a áitiú nach bhfuil faoina n-úinéireacht, beidh sé mar sprioc acu foirgneamh astaíochtaí nialasacha a áitiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar GWP ar feadh saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

(a)

ón 1 Eanáir 2028, i gcás gach foirgnimh nua a bhfuil achar urláir úsáideach is mó ná 1 000 m2 acu;

(b)

ón 1 Eanáir 2030, i gcás gach foirgnimh nua.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn III a leasú chun creat de chuid an Aontais a leagan amach maidir le ríomh náisiúnta GWP ar feadh saolré d’fhonn aeráidneodracht a bhaint amach. Glacfar an chéad ghníomh tarmligthe mar sin faoin 31 Nollaig 2025.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh ar tíolacadh iarratais ar chead tógála nó iarratais choibhéiseacha, lena n-áirítear maidir le hathrú úsáide, ina leith cheana féin faoi na dátaí de bhun mhíreanna 1 agus 2.

5.   Faoin 1 Eanáir 2027, foilseoidh na Ballstáit treochlár ina sonrófar tabhairt isteach teorainnluachanna maidir le saolré charnach iomlán GWP ar feadh saolré na bhfoirgneamh nua go léir agus ina leagfar síos spriocanna d’fhoirgnimh nua ó 2030 ar aghaidh, ag féachaint do threocht anuas de réir a chéile, chomh maith le teorainnluachanna uasta, mionsonraithe do chriosanna éagsúla aeráide agus do thíopeolaíochtaí tógála agus cuirfidh siad an Coimisiún ar aon eolas faoi.

Beidh na teorainnluachanna uasta sin i gcomhréir le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach.

Eiseoidh an Coimisiún treoir, roinnfidh sé fianaise maidir le beartais náisiúnta atá ann cheana agus cuirfidh sé tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh nua, ar na saincheisteanna maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh is fearr is féidir, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

Airteagal 8

Foirgnimh atá ann cheana

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, nuair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

Cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm ar an bhfoirgneamh athchóirithe nó ar an aonad foirgnimh ina iomláine. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir leis na heilimintí foirgnimh athchóirithe.

2.   Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar eilimint foirgnimh ar cuid d’imchlúdach foirgnimh í agus a mbeidh tionchar mór aici ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, i gcás ina ndéanfar sin a iarfheistiú nó a ionadú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

3.   Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ar na saincheisteanna maidir le cáilíocht na timpeallachta laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 9

Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad agus conairí chun an stoic foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile

1.   Bunóidh na Ballstáit íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad lena n-áiritheofar nach sáróidh na foirgnimh sin an uastairseach shonraithe feidhmíochta fuinnimh, dá dtagraítear sa tríú fomhír, arna sloinneadh le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil nó deiridh in kWh/(m2.y), faoi na dátaí a shonraítear sa chúigiú fomhír.

Bunófar na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh ar bhonn an stoic foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad an 1 Eanáir 2020, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, ar shampláil staidrimh. Déanfaidh na Ballstáit foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhaíonn siad de bhun mhír 6 a eisiamh ón mbonnlíne.

Socróidh gach Ballstát uastairseach feidhmíochta fuinnimh’ ionas go mbeidh 16 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (‘an tairseach 16 %’). Socróidh gach Ballstát freisin uastairseach feidhmíochta fuinnimh ionas go mbeidh 26 % dá stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad os cionn na tairsí sin (‘an tairseach 26 %’). Féadfaidh na Ballstáit na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh a shocrú ag tagairt don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad ina iomláine nó de réir cineálacha agus catagóirí foirgneamh.

Féadfaidh na Ballstáit na tairseacha a shocrú ar leibhéal a chomhfhreagraíonn d’aicme shonrach feidhmíochta fuinnimh ar choinníoll go gcomhlíonann siad an tríú fomhír.

Áiritheofar leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ar a laghad, go bhfuil gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é faoi bhun an mhéid seo a leanas:

(a)

an tairseach 16 % ó 2030; agus

(b)

an tairseach 26 % ó 2033.

Seiceálfar go gcomhlíonann foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad na tairseacha ar bhonn deimhnithe feidhmíochta fuinnimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn modhanna eile atá ar fáil.

Ina dtreochláir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), bunóidh na Ballstáit amlínte sonracha do na foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh níos ísle a chomhlíonadh faoi 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Féadfaidh na Ballstáit critéir a bhunú agus a fhoilsiú chun foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhú ó cheanglais sa mhír seo, i bhfianaise na húsáide a mheastar a bhainfear as na foirgnimh sin amach anseo, i bhfianaise cruatan tromchúiseach nó i gcás measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach. Beidh na critéir sin soiléir, beacht agus dian agus áiritheofar cóir chomhionann idir foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad leo. Agus na critéir sin á mbunú, cumasóidh na Ballstáit measúnú ex ante a dhéanamh ar an sciar a d’fhéadfadh a bheith sna foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a chumhdaítear agus seachnóidh siad go ndíolmhófaí líon díréireach foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Tuairisceoidh na Ballstáit freisin ar na critéir mar chuid dá bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3.

I gcás ina mbunóidh na Ballstáit critéir le haghaidh díolúintí de bhun an ochtú fomhír, bainfidh siad amach feabhsuithe coibhéiseacha feidhmíochta fuinnimh i gcodanna eile den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad.

I gcás ina bhfuil measúnú costais is tairbhe neamhfhabhrach ar fhoirgneamh ar leith nach foirgneamh chónaithe é ag gabháil leis an athchóiriú foriomlán is gá chun na tairseacha feidhmíochta fuinnimh a shonraítear sa mhír seo a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, don fhoirgneamh áirithe sin nach foirgneamh chónaithe é, go gcuirfear chun feidhme ar a laghad na bearta athchóirithe aonair sin a bhfuil measúnú costais is tairbhe fabhrach ag gabháil leo.

A mhéid a dhéanann tubaiste nádúrtha damáiste tromchúiseach don stoc náisiúnta foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, nó do chuid de, féadfaidh Ballstát an uastairseach feidhmíochta fuinnimh a choigeartú go sealadach ionas go gcuirfear athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a ndearnadh damáiste dóibh in ionad athchóiriú fuinnimh na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla eile nach foirgnimh chónaithe iad, agus a áirithiú ag an am céanna go ndéanfar athchóiriú fuinnimh ar chéatadán comhchosúil den stoc foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad. Sa chás sin, tuairisceoidh an Ballstát an coigeartú agus an méid ama a mheastar a bheidh i gceist leis ina phlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh.

2.   Faoin 29 Bealtaine 2026, bunóidh gach Ballstát conair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile i gcomhréir leis an treochlár náisiúnta agus spriocanna 2030, 2040 agus 2050 atá i bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus leis an aidhm an stoc foirgneamh náisiúnta a chlaochlú go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Sloinnfear an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile mar laghdú ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) stoc iomlán na bhfoirgneamh cónaithe thar an tréimhse ó 2020 go 2050, agus sainaithneofar inti líon na bhfoirgneamh cónaithe agus na n-aonad foirgnimh chónaithe nó an t-achar urláir atá le hathchóiriú gach bliain, lena n-áirítear líon nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla agus na n-aonad foirgnimh chónaithe.

Áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas maidir le meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine:

(a)

go laghdófar í 16 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2030;

(b)

go laghdófar í 20-22 % ar a laghad i gcomparáid le 2020 faoi 2035;

(c)

faoi 2040, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, go mbeidh sí coibhéiseach le, nó níos ísle ná, an luach arna chinneadh go náisiúnta a dhíorthaítear ó laghdú de réir a chéile ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2030 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach ar a laghad 55 % den laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa tríú fomhír trí athchóiriú a dhéanamh ar an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla. Féadfaidh na Ballstáit an laghdú ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach le hathchóiriú foirgneamh chónaithe a raibh éifeacht ag tubaistí nádúrtha orthu, mar shampla creathanna talún agus tuilte, a áireamh sa sciar a bhaintear amach trí bhíthin athchóiriú an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla.

Ina n-iarrachtaí athchóirithe chun an laghdú is gá ar mheánúsáid fuinnimh phríomhúil an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm, amhail íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta airgeadais.

Ina n-iarrachtaí athchóirithe, ní dhéanfaidh na Ballstáit foirgnimh chónaithe nó aonaid foirgnimh ar cíos a dhíolmhú go díréireach.

Tuairisceoidh na Ballstáit sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh an mhodheolaíocht a úsáideadh agus na sonraí a bailíodh chun meastachán a dhéanamh ar na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír. Mar chuid den mheasúnú ar phleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar ghnóthú na luachanna dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear líon na bhfoirgneamh agus na n-aonad tógála nó achar urláir an 43 % de na foirgnimh chónaithe is neamhfheidhmiúla, agus déanfaidh sé moltaí i gcás inar gá. Féadfar a áireamh ar na moltaí sin úsáid níos forleithne a bhaint as íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh.

Tagróidh an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile do shonraí maidir leis an stoc náisiúnta foirgneamh cónaithe, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Má tá meánsciar iontaise na húsáide fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe níos ísle ná 15 %, féadfaidh na Ballstáit na leibhéil a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír, a choigeartú chun a áirithiú gurb ionann meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) an stoic foirgneamh cónaithe ina iomláine faoi 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus luach arna chinneadh go náisiúnta arna dhíorthú ó laghdú líneach ar an meánúsáid fuinnimh phríomhúil ó 2020 go 2050, i gcomhréir le claochlú an stoic foirgneamh cónaithe go stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha.

3.   Sa bhreis ar an úsáid fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit táscairí breise a bhunú maidir le húsáid fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla arna dtáirgeadh in kgCO2eq/(m2.y). Chun laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a áirithiú, cuirfear Airteagal 15a(1) de Threoir (AE) 2018/2001 san áireamh in íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 17, tacóidh na Ballstáit le comhlíonadh na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó, i gcás inarb infheidhme, atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791;

(b)

cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail a dhíríonn go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791;

(c)

scéimeanna maoinithe comhtháite a cheapadh, lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil le haghaidh athchóirithe doimhne agus athchóirithe doimhne céimneacha, de bhun Airteagal 17;

(d)

bacainní neamheacnamaíocha a bhaint, lena n-áirítear dreasachtaí deighilte; agus

(e)

faireachán a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, go háirithe ar na teaghlaigh is leochailí.

5.   I gcás ina ndéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh de bhun Airteagal 5 agus, i gcás athchóiriú mór, na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá cheana ann de bhun Airteagal 8.

6.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm i leith na gcatagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a)

foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, nó foirgnimh oidhreachta eile, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh, nó i gcás nach bhfuil athchóiriú na bhfoirgneamh sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch;

(b)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha;

(c)

foirgnimh shealadacha ag a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe agus ag a bhfuil éileamh fuinnimh íseal agus foirgnimh talmhaíochta nach foirgnimh chónaithe iad agus atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

(d)

foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide teoranta in aghaidh na bliana agus ag a bhfuil tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a n-úsáid don bhliain ar fad;

(e)

foirgnimh shaorsheasaimh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu;

(f)

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a áirithiú, lena n-áirítear sásraí faireacháin iomchuí agus pionóis i gcomhréir le hAirteagal 34.

Agus na rialacha a bhaineann le pionóis á leagan síos acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an staid airgeadais agus an rochtain ar thacaíocht airgeadais leordhóthanach d’úinéirí tí, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha.

8.   Faoin 31 Márta 2025, déanfaidh an Coimisiún, chun tacú le cur chun feidhme na Treorach seo agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, anailís a thíolacadh maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

éifeachtacht, oiriúnacht an leibhéil, an méid iarbhír a úsáidtear agus cineálacha ionstraimí a úsáidtear maidir le cistí struchtúracha agus cláir réime an Aontais, lena n-áirítear cistiú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe i dtithíocht;

(b)

éifeachtacht, oiriúnacht leibhéal agus cineálacha na n-ionstraimí agus cineálacha na mbeart a úsáidtear maidir le cistí ó institiúidí airgeadais phoiblí;

(c)

comhordú chistiú an Aontais agus cistithe náisiúnta agus cineálacha eile beart ar féidir leo gníomhú mar ghiaráil chun infheistíochtaí i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh a spreagadh, agus leordhóthanacht an chistithe sin chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach.

Ar bhonn na hanailíse sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le héifeachtacht agus oiriúnacht na n-ionstraimí maoiniúcháin chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, go háirithe na cinn is neamhfheidhmiúla.

Airteagal 10

Grianfhuinneamh i bhfoirgnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndearfar gach foirgneamh nua chun an leas is fearr is féidir a bhaint as a bpoitéinseal giniúna grianfhuinnimh ar bhonn ionradantas gréine an tsuímh, rud a chumasóidh suiteáil chostéifeachtach teicneolaíochtaí gréine ina dhiaidh sin.

2.   Beidh feidhm ag an nós imeachta um dheonú ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil a leagtar amach in Airteagal 16d de Threoir (AE) 2018/2001, agus an nós imeachta fógra simplí a thabhairt chun ceangal leis an eangach a leagtar amach in Airteagal 17 den Treoir sin, maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil ar fhoirgnimh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh a chur in úsáid, má bhíonn sé oiriúnach go teicniúil agus indéanta go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, mar a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2026, ar gach foirgneamh nua poiblí agus gach foirgneamh nua nach foirgneamh cónaithe é a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 250 m2 aige;

(b)

ar gach foirgneamh poiblí atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná:

(i)

2 000 m2, faoin 31 Nollaig 2027;

(ii)

750 m2, faoin 31 Nollaig 2028;

(iii)

250 m2, faoin 31 Nollaig 2030;

(c)

faoin 31 Nollaig 2027, ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana a bhfuil achar urláir úsáideach níos mó ná 500 m2 acu, i gcás ina ndéantar athchóiriú mór ar an bhfoirgneamh nó ina ndéantar gníomhaíocht lena gceanglaítear cead riaracháin le haghaidh athchóirithe foirgneamh, oibreacha ar an díon nó suiteáil córais theicniúil foirgnimh;

(d)

faoin 31 Nollaig 2029, ar gach foirgneamh cónaithe nua; agus

(e)

faoin 31 Nollaig 2029, ar gach carrchlós nua faoi dhíon atá go fisiciúil taobh le foirgnimh.

Ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3, áireoidh na Ballstáit beartais agus bearta maidir le suiteálacha grianfhuinnimh oiriúnacha a chur in úsáid ar gach foirgneamh.

4.   Bunóidh na Ballstáit, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí, critéir ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, agus maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí sin a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha sonracha foirgneamh, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á chur san áireamh maidir le teicneolaíochtaí nach dtáirgeann aon astaíochtaí ar an láthair agus i gcomhréir le poitéinseal teicniúil agus eacnamaíoch measúnaithe na suiteálacha grianfhuinnimh agus saintréithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear leis an oibleagáid seo. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin sláine struchtúrach, díonta glasa, agus insliú áiléir agus dín, i gcás inarb iomchuí.

Chun cuspóirí an Airteagail seo a bhaint amach agus chun na saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht an ghréasáin leictreachais a chur san áireamh, áireoidh na Ballstáit na geallsealbhóirí ábhartha i mbunú na gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 3 á dtrasuí, féadfaidh Ballstát tomhas achar urláir na bhfoirgneamh a úsáid in ionad achar urláir úsáideach foirgneamh, ar choinníoll go léiríonn an Ballstát go bhfuil méid coibhéiseach d’acmhainneacht shuiteáilte suiteálacha oiriúnacha grianfhuinnimh ar fhoirgnimh mar thoradh air sin.

5.   Cuirfidh na Ballstáit creat ar bun lena soláthrófar na bearta riaracháin, teicniúla agus airgeadais is gá chun tacú le grianfhuinneamh a chur in úsáid i bhfoirgnimh, lena n-áirítear in éineacht le córais theicniúla foirgnimh nó córais téimh ceantair éifeachtúla.

Airteagal 11

Foirgnimh astaíochtaí nialasacha

1.   Ní bheidh foirgneamh astaíochtaí nialasacha ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise. Beidh acmhainneacht ann i bhfoirgneamh astaíochtaí nialasacha, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, chun freagairt ar chomharthaí seachtracha agus an úsáid, an ghiniúint nó an stóráil fuinnimh a oiriúnú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha uastairseach.

Socróidh na Ballstáit an uastairseach sin le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha d’fhonn na leibhéil is fearr costas, arna mbunú sa tuarascáil náisiúnta is déanaí maidir leis an leibhéal is fearr costas de bhun Airteagal 6, a bhaint amach ar a laghad. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an uastairseach gach uair a dhéanfar athbhreithniú ar na leibhéil is fearr costas.

3.   Beidh an uastairseach le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha 10 % níos ísle, ar a laghad, ná an tairseach maidir le húsáid iomlán fuinnimh phríomhúil arna bunú ar leibhéal na mBallstát le haghaidh foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de an 28 Bealtaine 2024.

4.   Féadfaidh na Ballstáit na huastairseacha le haghaidh éileamh fuinnimh foirgnimh astaíochtaí nialasacha le haghaidh foirgnimh athchóirithe a choigeartú, agus na forálacha faoi seach maidir leis an leibhéal is fearr costas, agus, i gcás inar bunaíodh tairseacha d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de, ceanglais mhír 3 á gcomhlíonadh acu.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla foirgneamh astaíochtaí nialasacha uastairseach arna bunú ar leibhéal na mBallstát ina bpleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh. Féadfar an uastairseach sin a shocrú ar leibhéil éagsúla d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena n-uastairseacha, lena n-áirítear tuairisc ar an modheolaíocht ríofa de réir an chineáil foirgnimh agus an t-ainmniúchán ábhartha aeráide lasmuigh, i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na huastairseacha agus molfaidh sé iad a oiriúnú i gcás inarb iomchuí.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán foirgnimh astaíochtaí nialasacha nua nó athchóirithe leis an méid seo a leanas:

(a)

fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna ghiniúint ar an láthair a chomhlíonann critéir a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)

fuinneamh ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Threoir (AE) 2023/1791; nó

(d)

fuinneamh ó fhoinsí saor ó charbón.

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná go heacnamaíoch na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo a chomhlíonadh, féadfar an úsáid iomlán fuinnimh phríomhúil a chumhdach freisin le fuinneamh eile ón eangach a chomhlíonann na critéir atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 12

Pas athchóirithe

1.   Faoin 29 Bealtaine 2026, tabharfaidh na Ballstáit isteach scéim le haghaidh pasanna athchóirithe bunaithe ar an gcreat comhchoiteann a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

2.   Bainfidh úinéirí foirgneamh agus aonad foirgnimh úsáid dheonach as an scéim dá dtagraítear i mír 1, mura gcinnfidh an Ballstát í a dhéanamh éigeantach.

Cuirfidh na Ballstáit bearta ar bun chun a áirithiú go mbeidh pasanna athchóirithe inacmhainne agus breithneoidh siad tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha ar mian leo a bhfoirgnimh a athchóiriú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an pas athchóirithe a tharraingt suas agus a eisiúint go comhpháirteach leis an deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

4.   Eiseofar an pas athchóirithe i bhformáid dhigiteach a bheidh oiriúnach lena phriontáil, ag saineolaí atá cáilithe nó deimhnithe, tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair.

5.   Nuair a eiseofar an pas athchóirithe, déanfar plé leis an saineolaí dá dtagraítear i mír 4 a mholadh d’úinéir an fhoirgnimh chun deis a thabhairt don saineolaí na céimeanna is fearr le tabhairt chun foirgneamh a chlaochlú go foirgneamh astaíochtaí nialasacha i bhfad roimh 2050 a mhíniú.

6.   Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall uirlis dhigiteach thiomnaithe a sholáthar trína bhféadfar an pas athchóirithe a ullmhú agus, i gcás inarb iomchuí, a nuashonrú. Féadfaidh na Ballstáit uirlis chomhlántach a fhorbairt lena gceadófar d’úinéirí foirgneamh agus do bhainisteoirí foirgneamh dréachtphas simplí athchóirithe a ionsamhlú agus lena gceadófar dóibh é a nuashonrú a luaithe a dhéanfar athchóiriú nó a dhéanfar eilimint foirgnimh a athsholáthar.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an pas athchóirithe a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh arna bhunú de bhun Airteagal 22.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an pas athchóirithe a stóráil sa logleabhar digiteach foirgneamh, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, nó go mbeifear in ann rochtain a fháil air tríd an logleabhar sin.

Airteagal 13

Córais theicniúla foirgnimh

1.   Déanfaidh na Ballstáit, chun críche barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh, ceanglais chórais a leagan síos, agus úsáid á baint acu as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh, i leith fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, shuiteáil cheart, thoisiú, choigeartú agus rialú iomchuí, agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanach na gcóras teicniúil foirgnimh, atá suiteáilte i bhfoirgnimh nua nó i bhfoirgnimh atá cheana ann. Agus na ceanglais á mbunú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh dálaí deartha agus gnáthdhálaí nó meándálaí oibriúcháin.

Socrófar ceanglais chórais do chórais theicniúla foirgnimh nua agus do chórais theicniúla foirgnimh atá ann cheana a athsholáthar agus a uasghrádú, agus déanfar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid is indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a shocrú a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid gineadóirí teasa nó leis an gcineál breosla a úsáideann gineadóirí teasa nó leis an gcuid íosta fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear don teas ar leibhéal an fhoirgnimh ar choinníoll nach mbeidh na ceanglais sin ina mbacainn gan údar ar an margadh.

Áiritheoidh na Ballstáit go sroichfidh na ceanglais a leagann siad síos le haghaidh córais theicniúla foirgnimh na leibhéil is fearr agus is déanaí costais ar a laghad.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ceanglais shonracha chórais a shocrú do chórais theicniúla foirgnimh chun suiteáil agus oibriú éifeachtach córas téimh ísealteochta i bhfoirgnimh nua nó athchóirithe a éascú.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar foirgnimh nua a fheistiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, le gléasanna féinrialaithe le haghaidh rialáil ar leithligh na teochta i ngach seomra nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, i gcrios ainmnithe téite nó fuaraithe den aonad foirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, le cothromú hidreanach. Ceanglófar suiteáil na ngléasanna féinrialaithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, cothromú hidreanach a bheith i bhfoirgnimh atá ann cheana, nuair a dhéanfar gineadóirí teasa nó gineadóirí fuaraithe a athsholáthar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.

4.   Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais maidir le caighdeáin cáilíochta na timpeallachta laistigh comhshaoil leormhaithe laistigh a chur chun feidhme i bhfoirgnimh chun aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil.

5.   Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh foirgnimh astaíochtaí nialasacha nach foirgnimh chónaithe iad feistithe le feistí tomhais agus rialaithe chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar cháilíocht an aeir laistigh. I bhfoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad atá ann cheana, beidh gá na feistí sin a shuiteáil, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, i gcás ina ndéantar athchóiriú mór ar fhoirgneamh. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go suiteálfar na feistí sin i bhfoirgnimh chónaithe.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a shuiteáil, go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán na coda athraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an chórais athraithe ina iomláine. Déanfar na torthaí a dhoiciméadú agus a chur chuig úinéir an fhoirgnimh, ionas go mbeidh siad ar fáil i gcónaí agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos de bhun mhír 1 agus le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh na gcóras teicniúil foirgnimh a bharrfheabhsú i gcás ina ndéanfar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar.

Cuirfidh na Ballstáit stóráil fuinnimh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh chun cinn.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nua agus cistiú nua chun an t-aistriú ó chórais téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise go córais téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar bhreoslaí nach breoslaí iontaise iad a spreagadh.

7.   Féachfaidh na Ballstáit le coirí leithleacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise i bhfoirgnimh atá ann cheana a ionadú, i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta céimnithe amach i ndáil le coirí breosla iontaise.

8.   Eiseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an rud is coire breosla iontaise ann.

9.   Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, mar a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2024, foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá os cionn 290 kW;

(b)

faoin 31 Nollaig 2029, foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá os cionn 70 kW.

10.   Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

faireachán, logáil agus anailís leanúnach a dhéanamh lena bhféadfar coigeartú a dhéanamh ar an úsáid fuinnimh;

(b)

tagarmharcáil a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh, caillteanais a bhrath in éifeachtúlacht córas teicniúil foirgnimh, agus an duine atá freagrach as na saoráidí nó bainistíocht theicniúil an fhoirgnimh a chur ar an eolas maidir le deiseanna chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;

(c)

cumarsáid a éascú le córais nasctha theicniúla foirgnimh agus le fearais eile laistigh den fhoirgneamh, agus iad a bheith idir-inoibritheach le córais theicniúla foirgnimh a bhaineann le cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí dílseánaigh, gléasanna agus monaróirí;

(d)

faoin 29 Bealtaine 2026 faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na timpeallachta laistigh.

11.   Déanfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil, ón 29 Bealtaine 2026, go mbeidh foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil athchóirithe móra á ndéanamh orthu feistithe leis an méid seo a leanas:

(a)

feidhmiúlacht chun faireachán leictreonach leanúnach a thomhaiseann éifeachtúlacht córas agus a chuireann úinéirí nó bainisteoirí foirgnimh ar an eolas i gcás athrú suntasach agus nuair is gá cothabháil a dhéanamh ar an gcóras;

(b)

feidhmiúlachtaí rialaithe éifeachtacha chun an ghiniúint, an dáileadh, an stóráil, an úsáid fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, an chothromaíocht hidreanach is fearr is féidir a áirithiú;

(c)

acmhainneacht chun freagairt ar chomharthaí seachtracha agus an tomhaltas fuinnimh a choigeartú.

Féadfaidh na Ballstáit tithe aonteaghlaigh a bhfuil athchóirithe móra ar siúl iontu a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo i gcás ina bhfuil na costais suiteála níos mó ná an leas a thiocfadh as.

12.   Leagfaidh na Ballstáit síos ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, go mbeidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis agus aerála nó comhchórais aerchóirithe agus aerála atá:

(a)

os cionn 290 kW, go mbeidh siad feistithe le rialuithe uathoibríocha soilsithe faoin 31 Nollaig 2027;

(b)

os cionn 70 kW, go mbeidh siad feistithe le rialuithe uathoibríocha soilsithe faoin 31 Nollaig 2029.

Déanfar na rialuithe uathoibríocha soilsithe a chriosú go hiomchuí agus beidh siad in ann áitíocht a bhrath.

Airteagal 14

Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe

1.   Maidir le foirgnimh nua nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála gluaisteán acu agus foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála gluaisteán acu, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

déanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil in aghaidh gach cúig spás páirceála gluaisteán;

(b)

déanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh ar a laghad 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán agus duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, do na spásanna páirceála gluaisteán atá fágtha, chun gur féidir pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil ag céim níos déanaí; agus

(c)

soláthrófar spásanna páirceála do rothair lena n-úsáidtear, ar a laghad, 15 % de mheánacmhainneacht úsáideora foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad nó 10 % d’acmhainneacht iomlán úsáideora foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad, agus aird á tabhairt ar an spás is gá freisin le haghaidh rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná mar atá ag gnáthrothair.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás:

(a)

ina bhfuil an carrchlós laistigh den fhoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh ar na bearta athchóirithe; nó

(b)

ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó an bonneagar leictreach sa charrchlós ar na bearta athchóirithe.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtomhaisfear an réamhcháblú agus an duchtáil dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ionas gur féidir úsáid chomhuaineach éifeachtúil a bhaint as líon na bpointí athluchtaithe is gá agus chun tacú, i gcás inarb iomchuí, le córas bainistíochta athluchtaithe nó luchtúcháin a shuiteáil, a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch agus go bhfuil údar leis.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, maidir le foirgnimh oifige nua agus foirgnimh oifige nua a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach dhá spás páirceála.

2.   Maidir le gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é a bhfuil níos mó ná 20 spás páirceála gluaisteán aige, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2027, an méid seo a leanas:

(a)

déanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil le haghaidh gach 10 spás páirceála gluaisteán, nó déanfar duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, a shuiteáil ar feadh 50 % ar a laghad de na spásanna páirceála gluaisteán ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil; agus

(b)

soláthrófar spásanna páirceála do rothair lena n-úsáidtear, ar a laghad, 15 % de mheánacmhainneacht úsáideora an fhoirgnimh nó 10 % d’acmhainneacht iomlán úsáideora an fhoirgnimh, in éineacht leis an spás is gá freisin le haghaidh rothair a bhfuil toisí níos mó acu ná mar atá ag gnáthrothair.

Maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an cheanglais seo a chur ar fionraí go dtí an 1 Eanáir 2029 maidir le gach foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é a ndearnadh athchóiriú air sa 2 bhliain roimh an 28 Bealtaine 2024 chun na ceanglais náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Threoir 2010/31/AE a chomhlíonadh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála do rothair a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad nach mbíonn rochtain ag rothair orthu de ghnáth.

4.   Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán acu a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, agus níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh ar a laghad 50 % de na spásanna páirceála gluaisteán agus duchtáil, eadhon seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, do na spásanna páirceála gluaisteán atá fágtha ionas gur féidir, ag céim níos déanaí, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, timthriallta leictreachuidithe agus cineálacha eile feithiclí de chatagóir L a shuiteáil; agus

(b)

dhá spás páirceála do rothair ar a laghad le haghaidh gach aonad foirgnimh cónaithe a sholáthar.

Maidir le foirgnimh chónaithe nua a bhfuil níos mó ná trí spás páirceála gluaisteán iontu, áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fhomhír i gcás:

(a)

ina bhfuil an carrchlós suite laistigh den fhoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an fhoirgnimh ar na bearta athchóirithe; nó

(b)

ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh, agus, i gcás athchóirithe móra, ina n-áirítear an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis ar na bearta athchóirithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir measúnú ag údaráis áitiúla agus saintréithe áitiúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí déimeagrafacha, geografacha agus aeráide, ceanglais a choigeartú maidir le líon na spásanna páirceála do rothair.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír toisithe sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóiriú mór, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála do rothair a áirithiú le haghaidh gach aonaid foirgnimh chónaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála do rothair is féidir ann de réir mar is iomchuí.

5.   Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás:

(a)

ina mbeadh an bonneagar athluchtaithe is gá ag brath ar mhicreachórais scoite nó ina mbeadh na foirgnimh sna réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE i gcás ina mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil mar thoradh air sin; nó

(b)

ina mbeadh costas na suiteálacha athluchtaithe agus duchtála os cionn ar a laghad 10 % de chostas iomlán an athchóirithe mhóir ar an bhfoirgneamh.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí athluchtaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo in ann don athluchtú cliste agus, i gcás inarb iomchuí, don athluchtú déthreoch, agus go n-oibrítear iad ar bhonn prótacal agus caighdeán cumarsáide neamhdhílseánaigh agus neamh-idirdhealaitheach, ar bhealach idir-inoibritheach, agus i gcomhréir le haon chaighdeán Eorpach agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 21(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/1804.

7.   Maidir le pointí athluchtaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí, molfaidh na Ballstáit do na hoibreoirí na pointí sin a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/1804, i gcás inarb infheidhme.

8.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun an nós imeachta maidir le pointí athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana, idir fhoirgnimh chónaithe agus fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, go háirithe i bhfoirgnimh cumann comhúinéirí, a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a luathú, agus chun bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear nósanna imeachta ceada agus formheasa ó údaráis phoiblí, gan dochar do dhlí maoine agus tionóntachta na mBallstát. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe príobháideach dá n-úsáid féin. Ní fhéadfar iarraidh ó thionóntaí nó ó comhúinéirí cead a fháil bonneagar athluchtaithe a shuiteáil i spás páirceála a dhiúltú ach amháin má tá forais thromchúiseacha dhlisteanacha ann chun í a dhiúltú.

Gan dochar dá ndlí maoine agus tionóntachta, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhacainní riaracháin maidir leis an iarratas chun pointe athluchtaithe a shuiteáil i bhfoirgneamh ina bhfuil aonaid foirgnimh chónaithe iomadúla ag cumainn tionóntaí nó comhúinéirí.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe agus spásanna páirceála do rothair a shuiteáil.

Maidir le foirgnimh chónaithe, déanfaidh na Ballstáit a machnamh maidir le scéimeanna tacaíochta a thabhairt isteach chun pointí athluchtaithe, réamhcháblú nó duchtáil a shuiteáil le haghaidh spásanna páirceála i gcomhréir le líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht ghníomhach agus ghlas, na haeráide, an fhuinnimh, na bithéagsúlachta agus na pleanála uirbí.

10.   Faoin 31 Nollaig 2025, foilseoidh an Coimisiún treoir maidir le sábháilteacht ó dhóiteáin i gcarrchlóis.

Airteagal 15

Ullmhacht chliste foirgneamh

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a bhaineann le scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Bunófar an rátáil ar mheasúnú ar chumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú do riachtanais an áititheora, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht na timpeallachta laistigh, agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

I gcomhréir leis an Iarscríbhinn IV, déanfaidh scéim chomhchoiteann roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste;

(b)

modheolaíocht chun é a ríomh.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tástáil agus cur chun feidhme an táscaire ullmhachta cliste, ar bhonn na dtorthaí a bheidh ar fáil ó na céimeanna tástála náisiúnta agus ó thionscadail ábhartha eile.

Agus aird á tabhairt ar thoradh na tuarascála sin, faoin 30 Meitheamh 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32, lena bhforlíonfar an Treoir seo trína cheangal go gcuirfear i bhfeidhm scéim chomhchoiteann an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, i leith foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad ag a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis chomhcheangailte, nó do chórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte atá os cionn 290 kW.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na socruithe teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céim tástála neamhcheangailteach ar an leibhéal náisiúnta, agus ina soiléirítear gaol comhlántach na scéime le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 19.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

4.   Ar choinníoll go bhfuil an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 glactha ag an gCoimisiún, déanfaidh sé, faoin 30 Meitheamh 2027, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na socruithe teicniúla chun cur i bhfeidhm éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme i gcás foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu do chórais téimh, córais aerchóirithe, comhchórais téimh spáis chomhcheangailte, nó do chórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte atá os cionn 290 kW.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Airteagal 16

Sonraí a mhalartú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh. Ar thoiliú a fháil uathu, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí, faoi réir na rialacha agus na gcomhaontuithe is infheidhme atá ann cheana. Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 5.

Chun críocha na Treorach seo, áireofar i sonraí na gcóras foirgnimh, ar a laghad, na sonraí uile a bhfuil fáil orthu go héasca agus a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh eilimintí foirgnimh, feidhmíocht fuinnimh seirbhísí foirgnimh, saolré réamh-mheasta na gcóras téimh, i gcás ina bhfuil fáil orthu, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, méadair, feistí tomhais agus rialaithe agus pointí athluchtaithe le haghaidh na leictrea-shoghluaisteachta agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, beidh siad nasctha leis an logleabhar digiteach foirgneamh.

2.   Nuair atá na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, agus aird á tabhairt ar na caighdeáin idirnáisiúnta agus an fhormáid bhainistíochta maidir le malartú sonraí, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe, dlí an Aontais is infheidhme a chomhlíonadh. Ní bheidh na rialacha maidir le rochtain ná aon mhuirir ina mbac ná ní chruthófar idirdhealú leo do thríú páirtithe chun rochtain a fháil ar shonraí córas foirgneamh.

3.   Ní ghearrfar aon chostas breise ar úinéir an fhoirgnimh, ar an tionónta ná ar an mbainisteoir as rochtain a fháil ar a gcuid sonraí ná as iarraidh a dhéanamh a gcuid sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí faoi réir na rialacha agus na gcomhaontuithe is infheidhme atá ann cheana. Beidh na Ballstáit freagrach as muirir ábhartha a shocrú le haghaidh rochtain ar shonraí ag páirtithe incháilithe eile, mar shampla, institiúidí airgeadais, comhiomlánóirí, soláthróirí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí fuinnimh agus oifigí staidrimh náisiúnta nó údaráis náisiúnta eile atá freagrach as staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla ainmnithe, a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe. Dreasóidh na Ballstáit comhroinnt na sonraí ábhartha córas foirgneamh.

4.   Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais. Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

5.   Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Ullmhóidh an Coimisiún straitéis chomhairliúcháin ina leagfar amach cuspóirí an chomhairliúcháin, na geallsealbhóirí a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu agus na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun na gníomhartha cur chun feidhme a fhorbairt.

Airteagal 17

Dreasachtaí airgeadais, scileanna agus bacainní ar an margadh

1.   Soláthróidh na Ballstáit maoiniú iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh chun go seachadfar na hinfheistíochtaí is gá a sainaithníodh ina bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh chun a stoc foirgneamh a chlaochlú go foirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hiarratais agus na nósanna imeachta maidir le maoiniú poiblí simplí agus cuíchóirithe chun rochtain ar mhaoiniú a éascú, go háirithe do theaghlaigh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad aghaidh, ar bhacainní a bhaineann le costais tosaigh na n-athchóirithe.

4.   Agus scéimeanna tacaíochta airgeadais á gceapadh acu le haghaidh athchóiriú foirgneamh, breithneoidh na Ballstáit cé acu a úsáidfidh siad paraiméadair ioncambhunaithe nó nach n-úsáidfidh.

Féadfaidh na Ballstáit na cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid, ina gcuirtear na cistí sin ar bun de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2023/1791, chun scéimeanna agus cláir thiomnaithe le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a mhaoiniú.

5.   Déanfaidh na Ballstáit bearta rialála iomchuí chun deireadh a chur le bacainní neamheacnamaíocha ar athchóiriú foirgneamh. Maidir le foirgnimh a bhfuil níos mó ná aonad foirgnimh amháin iontu, féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais aontoilíochta a bhaint i struchtúir chomhúinéireachta, nó a cheadú do struchtúir chomhúinéireachta a bheith ina bhfaighteoirí díreacha de thacaíocht airgeadais.

6.   Bainfidh na Ballstáit an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, an Ciste Comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus foinsí eile cistithe phoiblí. Úsáidfear na foinsí cistiúcháin sin ar bhealach atá comhsheasmhach le conair i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a bheith ann faoi 2050.

7.   Chun tacú le cur ag gluaiseacht infheistíochtaí, déanfaidh na Ballstáit forbairt agus úsáid éifeachtach an mhaoinithe cumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chur chun cinn, lena n-áirítear iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, scéimeanna airgeadais ‘íoc-mar-a-shábháiltear’, dreasachtaí fioscacha, mar shampla, rátaí cánach laghdaithe ar oibreacha agus ábhair athchóirithe, scéimeanna ar an gcáin, scéimeanna ar an mbille, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain, cistí atá dírithe ar athchóirithe a bhfuil tairseach íosta shuntasach de choigiltis fuinnimh spriocdhírithe agus caighdeáin punainne morgáiste ag baint leo. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgneamh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le conarthaí um fheidhmíocht fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun cinn agus a shimpliú freisin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoin gcistiú agus faoi na huirlisí airgeadais atá ar fáil a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, lena n-áirítear trí mhodhanna digiteacha.

9.   Féadfar iasachtaí athchóirithe nó cistí ráthaíochta le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a áireamh sa mhaoiniú cumasúcháin agus sna huirlisí airgeadais, i gcomhcheangal le cláir ábhartha de chuid an Aontais freisin, i gcás inarb infheidhme.

10.   Faoin 29 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chreat cuimsitheach punainne a bhunú a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais a úsáid go deonach agus a thacaíonn le hiasachtóirí díriú ar líon na n-iasachtaí a sholáthraítear i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le dícharbónú agus spriocanna ábhartha fuinnimh, agus an líon sin a mhéadú, chun institiúidí airgeadais a spreagadh go héifeachtach chun na suimeanna a sholáthraítear le haghaidh athchóirithe feidhmíochta fuinnimh a ardú. Cumhdóidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa chreat cuimsitheach punainne líon na n-iasachtaí le haghaidh athchóirithe fuinnimh, atá ag dul i méid, agus áireofar leo coimircí molta chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint trí réitigh chistiúcháin mheasctha. Tabharfar tuairisc sa chreat ar dhea-chleachtais chun iasachtóirí a spreagadh chun na foirgnimh is neamhfheidhmiúla ina bpunanna a shainaithint agus gníomhú ina leith.

11.   Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha.

Glacfaidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe fuinnimh, cuir i gcás morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

12.   Cuirfidh na Ballstáit bearta agus maoiniú i bhfeidhm chun oideachas agus oiliúint a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach oibrithe ann a mbeidh an leibhéal iomchuí scileanna acu a chomhfhreagraíonn do na riachtanais san earnáil tógála, ag díriú go háirithe ar FBManna lena n- áirítear micrifhiontair, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh ionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18 rochtain ar bhearta agus ar chistiú mar sin a éascú.

13.   Tabharfaidh an Coimisiún cuidiú do Bhallstáit, i gcás inarb iomchuí agus arna iarraidh sin dóibh, chun cláir tacaíochta airgeadais a chur ar bun arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh, foirgnimh atá ann cheana go háirithe, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do mhalartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha freagracha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cláir sin a fhorbairt ar bhealach ina mbeidh rochtain ag eagraíochtaí a bhfuil acmhainní riaracháin, airgeadais agus eagraíochtúla níos ísle acu orthu.

14.   Agus aird chuí á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha, nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsuithe feidhmíochta fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilteas agus feabhsuithe fuinnimh a bhfuiltear ag spriocdhíriú orthu nó atá bainte amach, arna gcinneadh le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(a)

feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear don athchóiriú agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gaolmhara; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé ar a laghad íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh nó luachanna tagartha níos airde le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh níos fearr;

(b)

luachanna caighdeánacha chun an choigilt fuinnimh agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfoirgnimh a ríomh;

(c)

an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid lena chéile;

(d)

torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

(e)

torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh, mar shampla, tríd an tomhaltas fuinnimh roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid trí chórais méadraithe a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonann sé sin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

15.   Ón 1 Eanáir 2025, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí leithleacha a chumhachtaítear le breoslaí iontaise a shuiteáil, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2025, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, Airteagal 7(1), pointe (h)(i), an tríú fleasc, de Rialachán (AE) 2021/1058 agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

16.   Dreasóidh na Ballstáit athchóiriú domhain agus athchóiriú domhain céimneach le níos mó tacaíochta airgeadais, fioscaí, riaracháin agus teicniúla. I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch foirgneamh a chlaochlú go foirgneamh astaíochtaí nialasacha, measfar gur athchóiriú domhain chun críocha na míre seo é aon athchóiriú a mbeidh laghdú 60 % ar a laghad ar úsáid fuinnimh phríomhúil mar thoradh air. Dreasóidh na Ballstáit cláir shuntasacha lena dtabharfar aghaidh ar líon ard foirgneamh, go háirithe na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, trí chláir athchóirithe ceantair chomhtháite, cuir i gcás, agus arb é an toradh a bheidh orthu laghdú foriomlán 30 % ar a laghad ar úsáid fuinnimh phríomhúil le níos mó tacaíochta airgeadais, fioscaí, riaracháin agus teicniúla, de réir an leibhéil feidhmíochta a bhaintear amach.

17.   Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta ná dá gcórais dlí maoine, tabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar dhíshealbhú teaghlach leochaileach atá mar thoradh ar mhéaduithe díréireacha cíosa tar éis athchóiriú fuinnimh ar a bhfoirgneamh cónaithe nó aonad foirgnimh cónaithe.

18.   Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791.

19.   Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgnimh ar cíos, díreoidh na Ballstáit ar dhreasachtaí airgeadais a rachaidh chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon. Tabharfaidh na Ballstáit coimircí éifeachtacha isteach, chun teaghlaigh leochaileacha go háirithe a chosaint, lena n-áirítear trí thacaíocht chíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar arduithe cíosa, agus féadfaidh siad scéimeanna airgeadais a dhreasú a théann i ngleic leis na costais tosaigh a bhaineann le hathchóirithe, mar shampla, scéimeanna ar an mbille, scéimeanna ‘íoc-mar-a-shábháiltear’ nó conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, dá dtagraítear i bpointe (33) d’Airteagal 2 agus in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2023/1791.

Airteagal 18

Ionaid ilfhreastail le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus, i gcás inarb iomchuí, le páirtithe leasmhara príobháideacha, go mbunófar agus go n-oibreofar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail chuimsitheacha le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, inter alia, úinéirí tí agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, amhail FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh saoráidí cúnaimh theicniúil ar fáil ar fud a gcríche trí ionad ilfhreastail amháin ar a laghad a bhunú:

(a)

in aghaidh gach 80 000 áitritheoir;

(b)

in aghaidh an réigiúin;

(c)

i gceantair ina bhfuil meánaois an stoic foirgneamh os cionn an mheáin náisiúnta;

(d)

i gceantair ina bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit cláir athchóirithe ceantair chomhtháite a chur chun feidhme; nó

(e)

ar shuíomh is féidir a bhaint amach laistigh de 90 nóiméad taistil ar an meán, ar bhonn na modhanna iompair atá ar fáil go háitiúil.

Féadfaidh na Ballstáit na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 22(3), pointe (a), de Threoir (AE) 2023/1791 a ainmniú mar ionaid ilfhreastail chun críocha an Airteagail seo.

Cuirfidh an Coimisiún treoirlínte ar fáil chun na hionaid ilfhreastail sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22(6) de Threoir (AE) 2023/1791.

2.   Déanfar an méid seo a leanas sna saoráidí cúnaimh theicniúil arna mbunú de bhun mhír 1:

(a)

faisnéis chuíchóirithe a chur ar fáil do theaghlaigh, FBManna lena n- áirítear micrifhiontair, agus comhlachtaí poiblí maidir le féidearthachtaí agus réitigh theicniúla agus airgeadais;

(b)

tacaíocht iomlánaíoch a chur ar fáil do gach teaghlach, agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar na foirgnimh is neamhfheidhmiúla, agus ar chuideachtaí creidiúnaithe agus suiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe, arna gcur in oiriúint do thíopeolaíochtaí éagsúla tithíochta agus don raon feidhme geografach, agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcumhdaítear céimeanna éagsúla an tionscadail iarfheistithe;

3.   Maidir le hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun mhír 1, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

comhairle neamhspleách a chur ar fáil maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus féadfaidh siad a bheith ag gabháil le cláir athchóirithe ceantair chomhtháite;

(b)

seirbhísí tiomnaithe a thairiscint do theaghlaigh leochaileacha, do dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus do dhaoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal.

Airteagal 19

Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun córas le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun.

Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil le haghaidh úsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha, mar shampla, íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus ceanglais d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

2.   Faoin 29 Bealtaine 2026 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha agus comhfhreagróidh litir G don chuid is measa de na foirgnimh is neamhfheidhmiúla sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Féadfaidh na Ballstáit, an 29 Bealtaine 2026, a bhfuil foirgnimh astaíochtaí nialasacha mar ‘A0’ ainmnithe acu cheana féin ar dháta an trasuite, leanúint den ainmniú sin a úsáid in ionad aicme A. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh iomchuí táscairí feidhmíochta fuinnimh i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí eile (B go F nó, i gcás ina n-úsáidtear A0, A go F).

Féadfaidh na Ballstáit aicme feidhmíochta fuinnimh A+ a shainiú a chomhfhreagróidh d’fhoirgnimh ag a bhfuil uastairseach le haghaidh éileamh fuinnimh atá ar a laghad 20 % níos ísle ná an uastairseach d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus a ghineann níos mó fuinnimh in-athnuaite ar an láthair gach bliain ná a éileamh fuinnimh phríomhúil bliantúil iomlán. I gcás foirgnimh atá ann cheana agus a athchóirítear go haicme A+, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meastachán ar GWP ar feadh saolré agus go nochtfar é i ndeimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh.

Féadfaidh na Ballstáit a rinne a n-aicmí feidhmíochta fuinnimh a athscálú an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin agus roimh an 28 Bealtaine 2024 athscálú a n-aicmí feidhmíochta fuinnimh a chur siar go dtí an 31 Nollaig 2029.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh deimhniú feidhmíochta fuinnimh inacmhainne agus déanfaidh siad a machnamh ar cheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha.

Áiritheoidh na Ballstáit gur i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a eiseofar na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh agus gur saineolaithe neamhspleácha a eiseoidh iad, ar bhonn cuairt ar an láthair, a fhéadfar a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, trí mhodhanna fíorúla a bhfuil seiceálacha amhairc i gceist leo. Beidh na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh soiléir agus soléite agus ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus i gcomhréir leis an teimpléad in Iarscríbhinn V.

5.   Áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú agus cáilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh a fheabhsú ar an dóigh is costéifeachtaí, ach amháin má tá an aicme feidhmíochta fuinnimh A ar a laghad bainte amach ag an bhfoirgneamh nó ag an aonad foirgnimh cheana féin.

Cuimseofar leis na moltaí sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh na nithe seo a leanas:

(a)

bearta a cuireadh i gcrích maidir le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar chóras teicniúil foirgnimh nó ar chórais theicniúla foirgnimh; agus

(b)

bearta maidir le heilimintí aonair foirgnimh nach mbaineann le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar aon chóras teicniúil foirgnimh nó córais theicniúla foirgnimh.

6.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil do phas athchóirithe atá le tarraingt suas agus le heisiúint i gcomhpháirt leis an deimhniú feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 12(3), déanfaidh an pas athchóirithe ionadú ar na moltaí de bhun mhír 5 den Airteagal seo.

7.   Na moltaí a áireofar sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh agus an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Féadfaidh siad meastachán a sholáthar ar raon na dtréimhsí aisíoca nó na gcostas agus na dtairbhí thar a shaolré eacnamaíoch agus faisnéis faoi dhreasachtaí airgeadais atá ar fáil, cúnamh riaracháin agus teicniúil mar aon le sochair airgeadais, a bhfuil baint ghinearálta acu le gnóthú na luachanna tagartha.

8.   Áireofar sna moltaí measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh, na córais aerála, na córais aerchóirithe agus na córais uisce the tí a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh siad ag socruithe teochta níos éifeachtúla, cuir i gcás astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta agus sreafa.

9.   Áireofar sna moltaí measúnú ar a bhfuil fágtha de shaolré na gcóras téimh nó na gcóras aerchóirithe. I gcás inarb ábhartha, léireofar sna moltaí roghanna malartacha féideartha d’athsholáthar na gcóras téimh nó na gcóras aerchóirithe, i gcomhréir le spriocanna aeráide 2030 agus 2050, agus imthosca áitiúla agus imthosca a bhaineann leis an gcóras á gcur san áireamh.

10.   Déanfar tagairt sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh don áit inar féidir le úinéir nó tionónta an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh faisnéis níos mionsonraithe a fháil, lena n-áirítear maidir le costéifeachtúlacht na moltaí a rinneadh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh. Beidh an mheastóireacht ar chostéifeachtúlacht bunaithe ar thacar gnáthdhálaí, mar shampla, coigiltí fuinnimh a mheas agus bunphraghsanna fuinnimh agus réamhaisnéis ar chostas. Ina theannta sin, beidh faisnéis ann faoi na bearta atá le cur ar bun chun na moltaí a chur chun feidhme, faisnéis teagmhála na n-ionad ilfhreastail ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi na roghanna tacaíochta airgeadais. Féadfar faisnéis eile maidir le hábhair ábhartha a chur ar fáil d’úinéir nó do thionónta an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, mar shampla, iniúchtaí fuinnimh nó dreasachtaí airgeadais nó de chineál eile agus féidearthachtaí maoinithe, nó comhairle maidir leis an dóigh chun cur le hathléimneacht an fhoirgnimh in aghaidh an athraithe aeráide.

11.   Féadfar deimhniúchán aonad foirgnimh a bhunú ar na nithe seo a leanas:

(a)

deimhniúchán coiteann ar an bhfoirgneamh iomlán; nó

(b)

an measúnú ar aonad foirgnimh ionadaíoch eile a bhfuil na hairíonna céanna ag baint leis agus atá ag an bhfoirgneamh i gceist ó thaobh cúrsaí fuinnimh de.

12.   Féadfaidh deimhniúchán do thithe aonteaghlaigh a bheith bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar fhoirgneamh eile ionadaíoch de dhearadh cosúil, de mhéid cosúil agus de cháilíocht feidhmíochta fuinnimh cosúil más féidir leis an saineolaí atá ag eisiúint an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh an chomhréireacht sin a áirithiú.

13.   Ní rachaidh bailíocht an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 10 mbliana. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar eisíodh deimhniú feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh faoi bhun leibhéal C, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cuireadh d’úinéirí foirgneamh teacht chuig ionad ilfhreastail chun comhairle a fháil maidir le hathchóiriú, ar cibé ceann de na nithe seo a leanas is luaithe:

(a)

díreach tar éis do dheimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh dul in éag; nó

(b)

5 bliana tar éis eisiúint an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh.

14.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú, trí bhíthin bearta aonair nó bearta neamhspleácha.

Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun deimhniú feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a shainaithnítear i bpas athchóirithe nó i gcás ina n-úsáidfear macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh, modhanna deimhnithe eile, nó sonraí ó uirlisí deimhnithe lena gcinntear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh.

Airteagal 20

Deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a eisiúint

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar deimhniú feidhmíochta fuinnimh digiteach do na nithe seo a leanas:

(a)

foirgnimh nó aonaid foirgnimh i gcás ina a dtógtar iad, ina ndearnadh athchóiriú mór orthu, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos le tionónta nua iad, nó a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith;

(b)

foirgnimh atá ann cheana atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas atá ann deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisiúint i gcás ina bhfuil deimhniú arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE nó an Treoir seo ar fáil agus bailí maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an aonad foirgnimh lena mbaineann.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar leagan páipéir den deimhniú feidhmíochta fuinnimh arna iarraidh sin.

2.   I gcás ina dtógtar foirgnimh nó aonaid foirgnimh, ina ndearnadh athchóiriú mór orthu, nó ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos iad nó nuair a dhéantar conarthaí cíosa d’fhoirgnimh nó d’aonaid foirgnimh a athnuachan, ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.

3.   I gcás ina ndíolfar nó ina ligfear amach ar cíos foirgneamh sula dtógfar é nó sula ndéanfar athchóiriú mór air, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an díoltóir measúnú maidir lena fheidhmíocht fuinnimh amach anseo a chur ar fáil, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2; sa chás sin, eiseofar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh nuair a bheidh an foirgneamh tógtha, ar a dhéanaí, nó nuair a bheidh athchóiriú déanta air, agus léireoidh sé staid an fhoirgnimh agus é tógtha.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit, maidir le foirgnimh nó aonaid foirgnimh a chuirtear ar díol nó a ligtear amach ar cíos, go bhfuil deimhniú feidhmíochta fuinnimh acu, agus go bhfuil táscaire feidhmíochta fuinnimh agus aicme dheimhniú feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh, de réir mar is infheidhme, luaite, ar líne agus as líne, i bhfógráin, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin ar a mbíonn tairseach chun cuardach a dhéanamh ar réadmhaoin.

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha samplacha nó rialuithe eile chun comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú.

5.   Cuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme i gcomhréir le rialacha náisiúnta infheidhme maidir le comhúinéireacht nó le cómhaoin.

6.   Féadfaidh na Ballstáit na catagóirí foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointí (b), (c) agus (e), a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1, 2, 4 agus 5 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit a roghnaigh foirgnimh chónaithe a eisiamh ó oibleagáidí an Airteagail seo, faoin 28 Bealtaine 2024, ar foirgnimh chónaithe iad a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus le tomhaltas fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid don bhliain ar fad, an méid sin a dhéanamh i gcónaí.

7.   An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag deimhniú feidhmíochta fuinnimh ó thaobh imeachtaí dlíthiúla de, déanfar sin a chinneadh i gcomhréir le rialacha náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisítear a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 22. Beidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán san uaslódáil, lena n-áireofar na sonraí uile is gá chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a ríomh.

Airteagal 21

Deimhniú feidhmíochta fuinnimh a chur ar taispeáint

1.   I gcás ina bhfuil foirgneamh ar eisíodh deimhniú feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 20(1) á áitiú ag comhlachtaí poiblí agus a dtugann an pobal cuairt air go minic, déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh ar taispeáint in áit lárnach atá le feiceáil go soiléir ag an bpobal.

2.   I gcás ina bhfuil foirgneamh nach foirgneamh cónaithe é ar eisíodh deimhniú feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 20(1), ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh ar taispeáint in áit fheiceálach agus atá le feiceáil go soiléir.

3.   Ní áirítear i bhforálacha mhíreanna 1 agus 2 oibleagáid na moltaí atá sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh a chur ar taispeáint.

Airteagal 22

Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

1.   Bunóidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh lenar féidir sonraí a bhailiú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh aonair agus maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán an stoic náisiúnta foirgneamh. Féadfaidh sraith bunachar sonraí idirnasctha a bheith sna bunachair sonraí sin.

Leis an mbunachar sonraí féadfar sonraí a bhailiú ó na foinsí ábhartha uile maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, cigireachtaí, an pas athchóirithe, an táscaire ullmhachta cliste agus tomhaltas fuinnimh ríofa nó mhéadraithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Chun sonrú a chur sa bhunachar sin, féadfar tíopeolaíochtaí tógála a bhailiú freisin. Féadfar sonraí a bhailiú agus a stóráil freisin maidir le hastaíochtaí oibríochtúla agus astaíochtaí corpraithe araon agus maidir le GWP ar feadh saolré.

2.   Cuirfear sonraí comhiomlánaithe agus anaithnidithe an stoic foirgneamh ar fáil go poiblí, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta cosanta sonraí. Beidh na sonraí a stórálfar meaisín-inléite agus inrochtana trí chomhéadan digiteach iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca agus shaor in aisce ag úinéirí, tionóntaí agus bainisteoirí foirgnimh agus institiúidí airgeadais ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán a mhéid a bhaineann leis na foirgnimh ina n-infheistíocht agus a bpunanna iasachta agus, le cead an úinéara, ag saineolaithe neamhspleácha. Maidir le foirgnimh a thairgtear le haghaidh cíosa nó le haghaidh díola, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag tionóntaí nó ceannaitheoirí ionchasacha a bhfuil údarú faighte acu ó úinéir an fhoirgnimh ar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh iomlán.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag údaráis áitiúla ar shonraí ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar a gcríoch de réir mar is gá chun dréachtú pleananna téimh agus fuaraithe a éascú agus chun córais faisnéise geografaí oibríochtúla agus bunachair sonraí ghaolmhara a áireamh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Tacóidh na Ballstáit leis na húdaráis áitiúla maidir leis na hacmhainní is gá a fháil chun sonraí agus faisnéis a bhainistiú.

4.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go poiblí maidir le sciar na bhfoirgneamh sa stoc náisiúnta foirgneamh a chumhdaítear le deimhniú feidhmíochta fuinnimh agus sonraí comhiomlánaithe nó anaithnidithe maidir le feidhmíocht fuinnimh, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh, agus, i gcás inarb ábhartha, GWP ar feadh saolré na bhfoirgneamh a chumhdaítear. Déanfar an fhaisnéis phoiblí a thabhairt cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis anaithnid nó comhiomlánaithe ar fáil d’institiúidí poiblí agus d’institiúidí taighde, mar shampla, na hoifigí staidrimh náisiúnta, arna iarraidh sin.

5.   Uair sa bhliain ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreofar an fhaisnéis sa bhunachar sonraí náisiúnta chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh. Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a aistriú níos minice.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun teimpléid choiteanna a bhunú chun an fhaisnéis a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh. Glacfar an chéad ghníomh cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2025.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

7.   Ar mhaithe le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na faisnéise a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh idir-inoibritheach agus comhtháite le bunachair sonraí riaracháin eile ina bhfuil faisnéis maidir le foirgnimh, mar shampla clár foirgneamh náisiúnta nó clár talún náisiúnta agus logleabhair dhigiteacha foirgneamh.

Airteagal 23

Cigireachtaí

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun cigireachtaí tráthrialta a bhunú ar na páirteanna inrochtana de chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe, lena n-áirítear aon teaglaim díobh, a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW acu. Beidh rátáil éifeachtach an chórais bunaithe ar shuim aschur rátáilte na ngineadóirí teasa agus na ngineadóirí fuaraithe.

2.   Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta ar leithligh a bhunú le haghaidh cigireachtaí ar chórais chónaithe agus ar chórais nach córais chónaithe iad.

3.   Féadfaidh na Ballstáit minicíochtaí cigireachta difriúla a leagan síos de réir chineál agus aschur rátaithe éifeachtach an chórais agus cuirfidh siad san áireamh costais cigireachtaí an chórais agus an coigilteas costais fuinnimh réamh-mheasta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcigireacht. Déanfar cigireacht ar chórais gach 5 bliana ar a laghad. Córais ag a bhfuil gineadóirí a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 290 kW acu, déanfar cigireacht orthu gach 3 bliana ar a laghad.

4.   Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar an ngineadóir nó na gineadóirí, caidéil imshruthaithe agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirteanna de chórais aerála, de chórais dáilte aeir agus uisce, de chórais hidréineacha cothromúcháin agus de chórais rialaithe. Féadfaidh na Ballstáit aon chórais tógála bhreise a shainaithnítear faoi Iarscríbhinn I a áireamh sna scéimeanna cigireachta.

Áireofar leis an gcigireacht measúnú ar éifeachtúlacht agus méid an ghineadóra nó na ngineadóirí teasa agus fuaraithe agus ar a bpríomh-chomhpháirteanna i gcomparáid le riachtanais an fhoirgnimh agus cuirfear san áireamh sa chigireacht cumas an chórais chun a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh atá ar fáil, agus faoi dhálaí athraitheacha mar gheall ar athrú úsáide. I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnú sa chigireacht ar a indéanta don chóras oibriú faoi shocruithe teochta éagsúla agus níos éifeachtúla, mar shampla ag teocht íseal do chórais téimh uiscebhunaithe, lena n-áirítear trí bhíthin ceanglais dearaidh maidir le haschur cumhachta teirmí agus maidir le teocht agus sreabhadh, agus oibriú sábháilte an chórais á áirithiú ag an am céanna. Áireofar sa chigireacht, i gcás inarb ábhartha, measúnú bunúsach ar a indéanta atá sé úsáid breoslaí iontaise ar an láthair a laghdú, mar shampla trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, trí fhoinse fuinnimh a athrú nó trí na córais atá ann cheana a ionadú nó a choigeartú.

I gcás ina suiteálfar córas aerála, déanfar measúnú freisin ar mhéid an chórais agus ar a chumas a fheidhmíocht a bharrfheabhsú faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin nó faoi mheándálaí oibriúcháin atá ábhartha d’úsáid shonrach agus reatha an fhoirgnimh.

I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras nó i ndáil le riachtanais an fhoirgnimh ó rinneadh cigireacht de bhun an Airteagail seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid na príomh-chomhpháirte nó measúnú ar an oibriú faoi theochtaí éagsúla a dhéanamh athuair.

5.   Maidir le córais theicniúla foirgnimh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla, conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir gréasáin agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1.

6.   I gcás ina bhfuil an tionchar foriomlán coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta malartacha a dhéanamh, mar shampla tacaíocht airgeadais a thabhairt nó comhairle a thabhairt d’úsáideoirí a bhaineann le hathsholáthar gineadóirí, modhnuithe eile ar an gcóras agus réitigh mhalartacha chun feidhmíocht, éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas.

Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, coibhéis thionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú, lena n-áirítear i dtéarmaí coigiltis fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa.

7.   Foirgnimh atá i gcomhréir le hAirteagal 13(10) nó (11), beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

8.   Cuirfidh na Ballstáit scéimeanna cigireachta nó bearta malartacha i bhfeidhm, mar shampla uirlisí digiteacha agus seicliostaí, chun a dheimhniú go gcomhlíonann na hoibreacha tógála agus athchóirithe arna soláthar feidhmíocht fuinnimh an dearaidh agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos sna cóid foirgníochta iad nó i rialacháin choibhéiseacha.

9.   Áireoidh na Ballstáit anailís achoimrithe ar na scéimeanna cigireachta agus ar a dtorthaí mar iarscríbhinn a ghabhann leis an bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3. Na Ballstáit a roghnaigh na bearta malartacha a luaitear i mír 6 den Airteagal seo, áireoidh siad anailís achoimrithe agus torthaí na mbeart malartach.

Airteagal 24

Tuarascálacha maidir le cigireachtaí ar chórais téimh, córais aerála agus córais aerchóirithe

1.   Déanfar tuarascáil chigireachta a eisiúint tar éis gach cigireachta ar chóras téimh, córais aerála nó córais aerchóirithe. Áireofar sa tuarascáil chigireachta toradh na cigireachta arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus áireofar inti freisin moltaí maidir le feabhas costéifeachtach a chur ar fheidhmíocht fuinnimh an chórais ar a ndearnadh an chigireacht.

Féadfar na moltaí sin a bhunú ar chomparáid idir feidhmíocht fuinnimh an chórais ar a ndearnadh an chigireacht air agus an córas indéanta is fearr atá ar fáil, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh, agus córas dá shamhail a mbaineann comhpháirteanna ábhartha uile an leibhéal feidhmíochta fuinnimh a cheanglaítear leis an dlí is infheidhme amach ina leith. Áireofar sna moltaí, i gcás inarb ábhartha, na torthaí ón mbunmheasúnú ar a indéanta atá sé úsáid breoslaí iontaise ar an láthair a laghdú.

Léireofar sa tuarascáil chigireachta aon saincheist sábháilteachta a tugadh faoi deara le linn na cigireachta. Ní mheasfar údar na tuarascála a bheith faoi dhliteanas, áfach, i ndáil le haon saincheisteanna sábháilteachta mar sin a bhrath nó a léiriú.

2.   Tabharfar an tuarascáil chigireachta ar láimh d’úinéir nó do thionónta an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh.

3.   Déanfar an tuarascáil chigireachta a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí náisiúnta i ndáil le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh de bhun Airteagal 22.

Airteagal 25

Saineolaithe neamhspleácha

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur ar bhealach neamhspleách a dhéanfar deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh na bhfoirgneamh, bunú na bpasanna athchóirithe, an measúnú ullmhachta cliste, agus cigireacht na gcóras téimh, na gcóras aerála agus na gcóras aerchóirithe agus gur saineolaithe atá cáilithe nó deimhnithe a dhéanfaidh an deimhniúchán, an bunú, an measúnú agus an chigireacht sin, más ag oibriú ina gcáil mar oibrithe féinfhostaithe nó mar oibrithe comhlachtaí poiblí nó fiontar príobháideach a bheidh siad.

Tabharfar do shaineolaithe deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2023/1791 agus a n-inniúlacht á cur san áireamh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le hoiliúint agus deimhniúcháin ar fáil don phobal. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil don phobal liostaí saineolaithe cáilithe nó deimhnithe nó liostaí na gcuideachtaí deimhnithe a bhfuil seirbhísí na saineolaithe sin á dtairiscint acu agus go ndéanfar na liostaí sin a nuashonrú go tráthrialta.

Airteagal 26

Deimhniú gairmithe tógála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an leibhéal iomchuí inniúlachta do ghairmithe foirgníochta a dhéanann oibreacha athchóirithe comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 3 de agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2023/1791.

2.   I gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta ar fáil do sholáthraithe oibreacha athchóirithe comhtháite i gcás nach gcumhdaítear é sin le hAirteagal 18(3) de Threoir (AE) 2018/2001 nó le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2023/1791.

Airteagal 27

Córas rialaithe neamhspleách

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, agus go ndéanfar córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha maidir le cigireacht ar chórais téimh agus ar chórais aerála agus ar chórais aerchóirithe a bhunú. Féadfaidh na Ballstáit córais ar leithligh a bhunú chun deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha maidir le cigireacht ar chórais téimh, ar chórais aerála agus ar chórais aerchóirithe a rialú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na freagrachtaí chun na córais rialaithe neamhspleácha a chur chun feidhme a tharmligean.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina gcinnfidh siad sin a dhéanamh, go gcuirfear na córais rialaithe neamhspleácha chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.

3.   Na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, na pasanna athchóirithe, na táscairí ullmhachta cliste agus na tuarascálacha cigireachta dá dtagraítear i mír 1, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil iad do na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 28

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 33, athbhreithniú ar an Treoir seo faoin 31 Nollaig 2028, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn a chur i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh, más gá.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú an dtugann cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhar le hionstraimí reachtacha eile lena dtugtar aghaidh ar fheidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh, go háirithe trí phraghsáil carbóin, dul chun cinn leordhóthanach i dtreo stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha atá dícharbónaithe go hiomlán, a bhaint amach faoin mbliain 2050, nó an gá bearta ceangailteacha breise ar leibhéal an Aontais, go háirithe íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh éigeantacha ar fud an stoic foirgneamh ina iomláine, a thabhairt isteach, lena n-áirítear chun a áirithiú gur féidir na luachanna le haghaidh 2030 agus 2035 a leagtar amach in Airteagal 9(2) a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na treochláir náisiúnta agus go háirithe ar na teorainnluachanna atá beartaithe do GWP ar feadh saolré foirgneamh nua de bhun Airteagal 7(4) agus breithneoidh sé an bhfuil gá le bearta breise lena gcuirtear timpeallacht thógtha inbhuanaithe chun cinn. Scrúdóidh an Coimisiún Eorpach chomh maith an bealach a mbeadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais, agus ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach ag an am céanna, mar shampla trí bhíthin cláir athchóirithe chomhtháite agus scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin an mbeadh táscairí malartacha, mar shampla úsáid deiridh fuinnimh agus riachtanais fuinnimh, níos oiriúnaí chun críocha Iarscríbhinn I.

Airteagal 29

Faisnéis

1.   Déanfaidh na Ballstáit feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a ullmhú agus a chur i gcrích. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na bealaí agus cleachtais dhifriúla lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh a chur in iúl d’úinéirí agus do thionóntaí na bhfoirgneamh nó na n-aonad foirgnimh agus do gach gníomhaire margaidh ábhartha, mar shampla údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhphobail fuinnimh. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faisnéis shaincheaptha a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil freisin d’údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta costéifeachtacha agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana agus trédhearcacha mar shampla comhairle maidir le hathchóiriú agus na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh leochaileacha.

Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit feachtais faisnéise a chur ar bun chun críocha mhír 1 agus na chéad fhomhíre den mhír seo, a bhféadfar déileáil leo i gcláir an Aontais, arna iarraidh sin do na Ballstáit.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear comhairle agus oiliúint ar fáil dóibh siúd, lena n-áirítear grúpaí faoi ghannionadaíocht, a bheidh freagrach as cur chun feidhme na Treorach seo. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, díreofar ar an tábhacht a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, agus fágfaidh sin gur féidir an comhcheangal is fearr a mheas idir feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus úsáid téimh agus fuaraithe ceantair an uair a bheidh limistéir thionsclaíocha nó chónaithe á bpleanáil, á gceapadh, á dtógáil agus á n-athchóiriú. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, féadfar aghaidh a thabhairt freisin ar fheabhsuithe struchtúracha, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, astaíochtaí truailleán aeir (lena n-áirítear ábhar cáithníneach mín), cáilíocht na timpeallachta laistigh agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas. Féachfaidh na Ballstáit le bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le hoiliúint d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite agus do ghníomhaithe ábhartha eile, mar shampla tionscnaimh athchóirithe faoi stiúir na saoránach, chun cuspóirí na Treorach seo a chur chun cinn.

4.   Déanfaidh an Coimisiún a chuid seirbhísí faisnéise a fheabhsú ar bhonn leanúnach, go háirithe an suíomh a bunaíodh mar thairseach Eorpach maidir le feidhmíocht fuinnimh i bhfoirgnimh agus tá sé dírithe ar shaoránaigh, ar ghairmithe agus ar údaráis, chun cabhrú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad ag scaipeadh faisnéise agus eolais. D’fhéadfadh naisc le dlí ábhartha an Aontais agus le rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bheith ar áireamh san fhaisnéis a thaispeántar ar an suíomh gréasáin sin, naisc chuig suíomhanna gréasáin Europa ina dtaispeántar na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, naisc chuig na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, chomh maith le samplaí dea-chleachtais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear maidir leis na hionaid ilfhreastail arna mbunú de bhun Airteagal 18 den Treoir seo. I gcomhthéacs Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Chiste Chomhtháthaithe agus an Chiste um Aistriú Cóir arna bunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), an Chiste Aeráide Sóisialta, agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, leanfaidh an Coimisiún dá chuid seirbhísí faisnéise agus neartóidh sé a thuilleadh iad chun úsáid na gcistí atá ar fáil a éascú trí chúnamh agus faisnéis a sholáthar, lena n-áirítear i gcomhar leis an mBanc Infheistíochta Eorpach, tríd an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh, do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, maidir le deiseanna maoinithe, agus na hathruithe is déanaí sa chreat rialála á gcur san áireamh.

Airteagal 30

Comhairliúchán

Chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus de réir mar is ábhartha. Tá tábhacht ar leith le comhairliúchán den sórt sin maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 29.

Airteagal 31

Oiriúnú Iarscríbhinn I don dul chun cinn teicniúil

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Treoir seo a leasú a mhéid a bhaineann le pointí 4 agus 5 d’Iarscríbhinn I a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 15, 17 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 28 Bealtaine 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 15, 17 agus 31 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6, 7, 15, 17 nó 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 34

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 35

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1, 2 agus 3, 5 go 29 agus 32 agus Iarscríbhinní I, II agus III agus V go X a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 29 Bealtaine 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin agus tábla comhghaoil in iúl don Choimisiún láithreach.

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 17(15) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2025.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 36

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2010/31/AE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX, le héifeacht ón 30 Bealtaine 2026, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn X.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 30, 31, 33 agus 34 ón 30 Bealtaine 2026.

Airteagal 38

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 114.

(2)   IO C 375, 30.9.2022, lch. 64.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.

(4)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(5)  Féach Iarscríbhinn IX, Cuid A.

(6)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(7)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(13)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(14)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(16)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2021/2139 an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(18)  Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le Tús Áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas – Treorlínte agus samplaí dá cur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin (IO L 350, 4.10.2021, lch. 9).

(19)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(20)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(22)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

(23)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

(24)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(25)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(26)  Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Iúil 2019, an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge, C-543/17, ECLI:EU:C:2019:573.

(27)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1)

(28)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(29)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr ó thaobh chostais na n-íoscheanglas feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh agus eilimintí foirgnimh a ríomh (IO L 81, 21.3.2012, lch. 18).

(30)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(31)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(32)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Creat ginearálta comhchoiteann chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh

(dá dtagraítear in Airteagal 4)

1.   

Cinnfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh ar bhonn úsáid fuinnimh ríofa nó fuinnimh mhéadraithe agus léireofar léi an ghnáthúsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú ionsuite agus córais theicniúla foirgnimh eile. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an ghnáthúsáid fuinnimh ionadaíoch do na dálaí iarbhír oibriúcháin maidir le gach tíopeolaíocht ábhartha agus go léiríonn sí iompraíocht thipiciúil an úsáideora. I gcás inar féidir, beidh úsáid thipiciúil fuinnimh agus iompraíocht thipiciúil úsáideoirí bunaithe ar an staidreamh náisiúnta, ar chóid tógála agus ar shonraí méadraithe atá ar fáil.

I gcás inarb é úsáid fuinnimh mhéadraithe an bonn le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh an mhodheolaíocht ríofa in ann tionchar iompraíocht na n-áititheoirí agus na haeráide áitiúla a shainaithint, rud nach léireofar mar thoradh ar an ríomh. Maidir le húsáid fuinnimh mhéadraithe chun críocha feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, beidh gá lena léamh gach mí ar a laghad agus ní mór idirdhealú a dhéanamh idir iompróirí fuinnimh.

Féadfaidh na Ballstáit tomhaltas fuinnimh mhéadraithe a úsáid faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin chun cirte na húsáide fuinnimh ríofa a fhíorú agus chun comparáid a dhéanamh idir an fheidhmíocht ríofa agus an fheidhmíocht iarbhír. Féadfar tomhaltas fuinnimh mhéadraithe chun críocha fíoraithe agus comparáide a bhunú ar léamha míosúla.

Cuirfear feidhmíocht fuinnimh foirgnimh in iúl le táscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomhúil in aghaidh an aonaid d’achar urláir tagartha in aghaidh na bliana, in kWh/(m2.y) chun críche feidhmíocht fuinnimh a dheimhniú agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh araon. Beidh an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chinneadh trédhearcach agus oscailte do nuálaíocht.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar a modheolaíocht ríofa náisiúnta ar bhonn Iarscríbhinn A a ghabhann leis na príomhchaighdeáin Eorpacha maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, eadhon (EN) ISO 52000-1, (EN) ISO 52003-1, (EN) ISO 52010-1, (EN) ISO 52016-1, EN ISO 52018-1, (EN) ISO 52120-1, EN 16798-1 agus EN 17423 nó doiciméid a ghabhfaidh ionad na gcaighdeán sin. Ní hionann an fhoráil seo agus códú dlíthiúil na gcaighdeán sin.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina soláthraíonn córais téimh nó fuaraithe ceantair foirgnimh, go n-aithneofar agus go dtabharfar cuntas ar thairbhí an tsoláthair sin sa mhodheolaíocht ríofa, go háirithe an sciar den fhuinneamh atá in-athnuaite, trí fhachtóirí fuinnimh phríomhúil atá deimhnithe nó aitheanta ina n-aonar.

2.   

Déanfar riachtanais fuinnimh agus úsáid fuinnimh do théamh spáis, fuarú spáis, uisce te tí, aeráil, soilsiú agus córais theicniúla foirgnimh eile a ríomh trí úsáid a bhaint as eatraimh ríomha gach mí, gach uair an chloig nó faoi bhun gach uair an chloig chun am a ríomh chun dálaí éagsúla a chur san áireamh a dhéanann difear suntasach d’oibriú agus d’fheidhmíocht an chórais agus do dhálaí laistigh, agus sláinte, cáilíocht aeir laistigh, lena n-áirítear leibhéil chompoird arna sainiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a bharrfheabhsú.

I gcás ina bhfuil ceanglais shonracha maidir le faisnéis faoi tháirge ar áireamh i rialacháin táirgeshonracha le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE chun feidhmíocht fuinnimh agus GWP ar feadh saolré a ríomh faoin Treoir seo, ní bheidh faisnéis bhreise ag teastáil ó mhodhanna ríofa náisiúnta.

Beidh ríomh an fhuinnimh phríomhúil bunaithe ar fhachtóirí fuinnimh phríomhúil réamhbhreathnaitheacha a ndéantar a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, (agus fuinneamh neamh-in-athnuaite, in-athnuaite agus iomlán á sonrú) nó ar fhachtóirí ualúcháin in aghaidh an iompróra fuinnimh, nach mór do na húdaráis náisiúnta iad a aithint agus an meascán fuinnimh measta á chur san áireamh ar bhonn a bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Féadfar na fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin sin a bhunú ar fhaisnéis náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Féadfar fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin a shocrú ar bhonn bliantúil, séasúrach, míosúil, laethúil nó in aghaidh na huaire nó ar fhaisnéis níos sonraí a chuirtear ar fáil do chórais ceantair aonair.

Déanfaidh na Ballstáit na fachtóirí fuinnimh phríomhúil nó na fachtóirí ualúcháin a shainiú. Déanfar na roghanna arna ndéanamh agus na foinsí sonraí a thuairisciú de réir EN 17423 nó de réir aon bhundoiciméad. Féadfaidh na Ballstáit meán fhachtóir fuinnimh phríomhúil an Aontais a roghnú do leictreachas arna bhunú de bhun Threoir (AE) 2023/1791 in ionad fachtóir fuinnimh phríomhúil a léiríonn an meascán leictreachais sa tír.

3.   

Chun feidhmíocht fuinnimh foirgnimh a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit táscairí breise uimhriúla den úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán, neamh-in-athnuaite agus in-athnuaite, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla arna dtáirgeadh in kgCO2eq/(m2.y).

4.   

Leagfar síos an mhodheolaíocht agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(a)

na saintréithe teirmeacha iarbhír seo a leanas den fhoirgneamh lena n-áirítear a dheighiltí inmheánacha:

(i)

toilleadh teirmeach;

(ii)

insliú;

(iii)

téamh éighníomhach;

(iv)

eilimintí fuaraithe;

(v)

droichid theirmeacha;

(b)

suiteáil téimh agus soláthar uisce the tí, lena n-áirítear a saintréithe inslithe;

(c)

toilleadh giniúint fuinnimh in-athnuaite agus stórála atá suiteáilte ar an láthair;

(d)

suiteálacha aerchóirithe;

(e)

aeráil nádúrtha agus mheicniúil a bhféadfadh aerdhíonacht agus aisghabháil teasa a bheith mar chuid de;

(f)

suiteáil soilsithe ionsuite (san earnáil neamhchónaithe den chuid is mó);

(g)

dearadh, suíomh agus treoshuíomh an fhoirgnimh, lena n-áirítear an aeráid lasmuigh;

(h)

grianchórais éighníomhacha agus grianchosaint;

(i)

dálaí aeráide laistigh, lena n-áirítear an aeráid dhíonach atá deartha;

(j)

ualaí inmheánacha;

(k)

córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh agus a gcumas faireachán, rialú agus barrfheabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh.

5.   

Cuirfear dea-thionchar na ngnéithe seo a leanas san áireamh:

(a)

dálaí áitiúla nochta gréine, grianchórais ghníomhacha agus córais eile téimh agus leictreachais ar bhonn fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

leictreachas arna tháirgeadh trí chomhghiniúint;

(c)

córais téimh agus fuaraithe ceantair nó bloic;

(d)

soilsiú nádúrtha;

(e)

córais stórála leictrí;

(f)

córais teirmeastórála.

6.   

Chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, ba cheart na foirgnimh a aicmiú go leordhóthanach sna catagóirí seo a leanas:

(a)

tithe aonteaghlaigh de chineálacha éagsúla;

(b)

bloic árasán;

(c)

oifigí;

(d)

foirgnimh oideachais;

(e)

ospidéil;

(f)

óstáin agus bialanna;

(g)

saoráidí spóirt;

(h)

foirgnimh seirbhísí mórdhíola agus miondíola;

(i)

cineálacha eile foirgneamh a ídíonn fuinneamh.


IARSCRÍBHINN II

Teimpléad do na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

An Treoir seo Airteagal 3

Táscairí éigeantacha

Táscairí roghnacha

(a)

Forbhreathnú ar an stoc náisiúnta foirgneamh

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2):

in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí agus tithíocht shóisialta)

de réir aicme feidhmíochta fuinnimh

foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de

foirgnimh is neamhfheidhmiúla (lena n-áirítear sainmhíniú)

an 43 % is neamhfheidhmiúla

de na foirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad meastachán ar sciar na bhfoirgneamh atá díolmhaithe de bhun Airteagal 9(6), pointe (b)

Líon na bhfoirgneamh agus an t-achar urláir iomlán (m2):

de réir aois an fhoirgnimh

de réir mhéid an fhoirgnimh

in aghaidh an limistéir aeráide

scartáil (líon agus achar urláir iomlán (m2))

Líon na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh:

in aghaidh an chineáil foirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh phoiblí)

in aghaidh aicme feidhmíochta fuinnimh

Líon na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh:

in aghaidh na tréimhse foirgníochta

Rátaí athchóirithe bliantúla: líon agus achar urláir iomlán (m2)

in aghaidh an chineáil foirgnimh

go dtí leibhéil foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus/nó foirgneamh astaíochtaí nialasacha

in aghaidh na doimhneachta athchóirithe (meán-athchóiriú ualaithe)

foirgnimh phoiblí

 

Tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil agus deiridh (ktoe):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

in aghaidh na húsáide deiridh

Coigiltis fuinnimh (ktoe):

foirgnimh chónaithe

foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

foirgnimh phoiblí

Meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y) le haghaidh foirgnimh chónaithe

Sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála (MW suiteáilte nó GWh ginte):

le haghaidh úsáidí éagsúla

Laghdú ar chostais fuinnimh (EUR) in aghaidh an teaghlaigh (meán)

Úsáid fuinnimh phríomhúil foirgnimh a chomhfhreagraíonn don 15 % is airde (tairseach rannchuidithe shubstaintiúil) agus an 30 % is airde (gan an tairseach le haghaidh dochar suntasach a dhéanamh) den stoc náisiúnta foirgneamh, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139

Sciar de chóras téimh san earnáil tógála in aghaidh an chineáil coire/córas téimh

Sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil tógála (MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint):

ar an láthair

as an láthair

Astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla bliantúla (kgCO2eq/(m2.y):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Laghdú bliantúil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla (kgCO2eq/(m2.y):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

GWP ar feadh saolré (kgCO2eq/m2) i bhfoirgnimh nua:

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

dreasachtaí deighilte

acmhainneacht na hearnála tógála agus na hearnála fuinnimh

Measúnú ar na hacmhainneachtaí san earnáil tógála, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh agus in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite

Bacainní agus teipeanna margaidh (tuairisc):

riaracháin

airgeadais

teicniúil

feasacht

eile

An líon:

cuideachtaí seirbhíse fuinnimh

cuideachtaí tógála

ailtirí agus innealtóirí

oibrithe oilte

ionad ilfhreastail

FBManna san earnáil tógála/athchóirithe

comhphobal fuinnimh in-athnuaite agus tionscnamh athchóirithe faoi stiúir na saoránach

Réamh-mheastacháin an lucht saothair tógála:

ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte atá ag dul ar scor

ailtirí/innealtóirí/oibrithe oilte atá ag teacht isteach sa mhargadh

daoine óga san earnáil

mná san earnáil

Forléargas agus réamhaisnéis ar éabhlóid na bpraghsanna ar ábhair thógála agus ar fhorbairtí sa mhargadh náisiúnta

Bochtaineacht fuinnimh (sainmhíniú):

% de na daoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu

an cion d’ioncam indiúscartha teaghlaigh a chaitear ar fhuinneamh

daonra ina gcónaí faoi dhálaí cónaithe nach bhfuil sách maith (e.g. díon ag sileadh) nó le dálaí compoird theirmigh nach bhfuil sách maith

 

Príomhfhachtóirí fuinnimh:

in aghaidh an iompróra fuinnimh

fachtóir fuinnimh phríomhúil neamh-in-athnuaite

príomhfhachtóir fuinnimh in-athnuaite

fachtóir fuinnimh phríomhúil iomlán

 

Sainmhíniú ar fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de d‘fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh atá ann cheana féin

Forléargas ar an gcreat dlíthiúil agus riaracháin

Ceanglais íosta le haghaidh feidhmíochta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de le haghaidh foirgneamh nua agus foirgneamh atá ann cheana féin

 

(b)

Treochlár le haghaidh 2030, 2040, 2050

Spriocanna do rátaí athchóirithe bliantúla: líon agus achar urláir iomlán (m2):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

foirgnimh is neamhfheidhmiúla

an 43 % is neamhfheidhmiúla

De na foirgnimh chónaithe Eolas de bhun Airteagal 9(1):

critéir chun foirgnimh aonair nach foirgnimh chónaithe iad a dhíolmhú

sciar measta na bhfoirgneamh nach foirgnimh chónaithe iad díolmhaithe

meastachán ar fheabhsuithe coibhéiseacha ar fheidhmíocht fuinnimh mar gheall ar fhoirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad dhíolmhaithe

Spriocanna le haghaidh sciar ionchasach (%) d’fhoirgnimh athchóirithe:

in aghaidh an chineáil foirgnimh

in aghaidh na doimhneachta athchóirithe

Spriocanna don tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil agus deiridh a bhfuiltear ag súil leis (ktoe):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

in aghaidh na húsáide deiridh

An coigilteas fuinnimh measta:

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 15a de Threoir (AE) 2018/2001

Spriocanna uimhriúla maidir le grianfhuinneamh a chur in úsáid i bhfoirgnimh

An sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála (MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint)

Spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla measta (kgCO2eq/(m2.y):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Spriocanna don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla measta (%):

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Foroinnt idir astaíochtaí a chumhdaítear le Caibidil III [suiteálacha do-aistrithe], Caibidil IVa [córas trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus d’earnálacha breise] de Threoir 2003/87/CE, agus stoc eile;

Spriocanna measta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine (kgCO2eq/(m2.y) i bhfoirgnimh nua:

in aghaidh an chineáil foirgnimh

Na sochair mheasta níos leithne:

Laghdú % ar na daoine a bhfuil tionchar ag an mbochtaineacht fuinnimh orthu

Poist nua a chruthú

Méadú ar OTI (scair agus billiún Euro)

Rannchuidiú an Bhallstáit le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 atá inchurtha i leith athchóiriú a stoic foirgneamh (sciar agus figiúr ktoe)

 

Rannchuidiú an Bhallstáit le spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 atá inchurtha i leith athchóiriú stoic foirgneamh (sciar, MW arna shuiteáil nó GWh arna ghiniúint)

 

(c)

Forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)

cuir chuige chostéifeachtacha i leith athchóiriú a shainaithint le haghaidh cineálacha éagsúla foirgneamh agus criosanna aeráide, ag féachaint do na truicphointí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann i saolré an fhoirgnimh;

(b)

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh náisiúnta de bhun Airteagal 9 agus beartais agus gníomhaíochtaí eile chun díriú ar na codanna is neamhfheidhmiúla den stoc náisiúnta foirgneamh, lena n-áirítear na coimircí dá dtagraítear in Airteagal 17(19);

(c)

athchóiriú domhain foirgneamh, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach a chur chun cinn;

(d)

custaiméirí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint agus laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791, agus inacmhainneacht tithíochta;

(e)

ionaid ilfhreastail nó sásraí dá samhail a chruthú de bhun Airteagal 18 chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar;

(f)

téamh agus fuarú a dhícharbónú, lena n-áirítear trí ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair, agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú d’fhonn deireadh iomlán a chur le coirí breosla iontaise faoi 2040;

(g)

dramhaíl tógála agus scartála a chosc agus cóireáil ar ardcháilíocht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, go háirithe a mhéid a bhaineann le hord na réiteach dramhaíola, agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh;

(h)

foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn i bhfoirgnimh i gcomhréir leis an sprioc tháscach maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san earnáil tógála a leagtar síos in Airteagal 15a(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(i)

suiteálacha grianfhuinnimh a chur in úsáid ar fhoirgnimh;

(j)

an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine chun foirgnimh a fhoirgniú, a athchóiriú, a oibriú agus a chríochnú, agus chun glacadh le haistrithe carbóin;

(k)

cur chuige an cheantair agus na comharsanachta agus cláir athchóirithe chomhtháite a chur chun cinn ar leibhéal an cheantair, lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna mar shampla fuinneamh, soghluaisteacht, bonneagar glas, cóireáil dramhaíola agus uisce agus gnéithe eile den phleanáil uirbeach agus lena bhféadfar acmhainní áitiúla agus réigiúnacha, ciorclaíocht agus leordhóthanacht a chur san áireamh;

(l)

feabhsú foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear beartais agus bearta de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 de Threoir (AE) 2023/1791;

(m)

teicneolaíochtaí cliste agus bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh a chur chun cinn;

(n)

aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh;

(o)

aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus oideachas, oiliúint spriocdhírithe, uas-sciliú agus athsciliú a chur chun cinn san earnáil tógála, in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh agus san earnáil fuinnimh in-athnuaite (poiblí nó príobháideach), d’fhonn a áirithiú go mbeidh go leor oibrithe ann ag a bhfuil an leibhéal iomchuí scileanna a chomhfhreagraíonn do na riachtanais san earnáil tógála, agus béim ar leith á leagan ar na grúpaí atá faoi ghannionadaíocht;

(p)

feachtais ardaithe feasachta agus uirlisí comhairleacha eile; agus

(q)

réitigh mhodúlacha agus thionsclaithe chun tógáil agus athchóiriú foirgneamh a chur chun cinn.

I gcás gach beartais agus birt:

ainm an bheartais nó an bhirt

tuairisc ghairid (raon feidhme beacht, cuspóir agus coinníollacha oibríochta)

cuspóir cainníochtaithe

cineál beartais nó birt (mar shampla beartas nó beart reachtach; eacnamaíoch; fioscach; oiliúint, feasacht)

an buiséad agus foinsí maoinithe atá beartaithe

eintitis atá freagrach as an mbeartas a chur chun feidhme

an tionchar a bhfuiltear ag súil leis

stádas cur chun feidhme

dáta teacht i bhfeidhm

tréimhse chur chun feidhme

Beartais agus bearta maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)

athléimneacht foirgneamh ó thaobh aeráide de a mhéadú;

(b)

an margadh seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn;

(c)

méadú ar shábháilteacht ó dhóiteán;

(d)

athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaiste a mhéadú, lena n-áirítear priacail a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach;

(e)

substaintí guaiseacha a bhaint, lena n-áirítear aispeist;

(f)

inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(g)

ról na bpobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach i gcuir chuige ceantair agus comharsanachta;

(h)

aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna in acmhainneachtaí an duine; agus

(i)

aghaidh a thabhairt ar cháilíocht na timpeallachta laistigh a fheabhsú.

I gcás gach beartais agus birt:

acmhainní agus acmhainneachtaí riaracháin

an réimse/na réimsí a chumhdaítear

is neamhfheidhmiúla

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

bochtaineacht fuinnimh, tithíocht shóisialta

foirgnimh phoiblí

cónaitheach (teaghlach aonair, ilchlann)

foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

tionscal

foinsí in-athnuaite fuinnimh

deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú

astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine

an geilleagar ciorclach agus dramhaíl

ionaid ilfhreastail

pasanna athchóirithe

teicneolaíochtaí cliste

soghluaisteacht inbhuanaithe i bhfoirgnimh

cur chuige ceantair agus comharsanachta

scileanna, oiliúint

feachtais feasachta agus uirlisí comhairleacha

(d)

Achoimre ar na riachtanais infheistíochta, ar na foinsí buiséadacha agus ar na hacmhainní riaracháin

riachtanais iomlána infheistíochta le haghaidh 2030, 2040, 2050 (EUR milliún)

infheistíochtaí poiblí (EUR milliún)

infheistíochtaí príobháideacha (EUR milliún)

acmhainní buiséadacha

 

(e)

Tairseacha le haghaidh foirgnimh astaíochtaí nialasacha nua agus athchóirithe, dá dtagraítear in Airteagal 11

tairseacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha nua;

tairseacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha athchóirithe;

tairseacha d’úsáid fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha nua;

tairseacha d’úsáid fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha athchóirithe

 

(f)

Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad

uastairseacha feidhmíochta fuinnimh, de bhun Airteagal 9(1)

 

(g)

Conair náisiúnta chun an stoic foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile

an chonair náisiúnta chun an stoc foirgneamh cónaithe a athchóiriú de réir a chéile, lena n-áirítear garspriocanna 2030 agus 2035 le haghaidh meánúsáid fuinnimh phríomhúil in kWh/(m2.y), de bhun Airteagal 9(2)

 


IARSCRÍBHINN III

GWP ar feadh saolré a ríomh d’fhoirgnimh nua de bhun Airteagal 7(2)

Chun GWP ar feadh saolré foirgneamh nua a ríomh de bhun Airteagal 7(2), cuirtear GWP ar feadh saolré iomlán in iúl mar tháscaire uimhriúil do gach céim saolré arna shloinneadh mar kgCO2eq/(m2) (achar urláir úsáideach) arna ríomh ar feadh tréimhse staidéir tagartha 50 bliana. Déanfar roghnú na sonraí, an sainmhíniú ar chásanna agus na ríomhanna i gcomhréir le EN 15978 (EN 15978:2011 Inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta. Feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a mheasúnú. Modh ríofa) agus aon chaighdeán ina dhiaidh sin a bhaineann le hinbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta agus an modh ríofa chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh á gcur san áireamh.. Tá raon feidhme na n-eilimintí foirgnimh agus an trealaimh theicniúil mar atá sainmhínithe i gcreat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le táscaire 1.2. I gcás inarb ann d’uirlis nó modh ríofa náisiúnta, nó ina n-éilítear í nó é chun nochtuithe a dhéanamh nó chun ceadanna tógála a fháil, féadfar an uirlis nó an modh sin a úsáid chun an nochtadh riachtanach a chur ar fáil. Féadfar uirlisí nó modhanna ríofa eile a úsáid má chomhlíonann siad na critéir íosta arna mbunú le creat comhchoiteann Leibhéil/Leibhéal an Aontais Eorpaigh. Úsáidfear sonraí maidir le táirgí foirgníochta sonracha arna ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nuair a bheidh siad ar fáil.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 088, 4.4.2011, lch. 5).


IARSCRÍBHINN IV

Comhchreat ginearálta chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil

1.   

Bunóidh an Coimisiún sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste agus modheolaíocht lena ríomhfar é, chun measúnú a dhéanamh ar chumas foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

Cumhdófar leis an táscaire ullmhachta cliste gnéithe le haghaidh coigilteas fuinnimh feabhsaithe, tagarmharcáil agus solúbthacht, feidhmiúlachtaí agus cumais fheabhsaithe mar thoradh ar fheistí idirnasctha agus cliste.

Cuirfear gnéithe, mar shampla, an fhéidearthacht macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh san áireamh sa mhodheolaíocht.

Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht gnéithe, amhail méadair chliste, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, feistí féinrialaithe le haghaidh rialáil aertheochta laistigh, fearais bhaile ionsuite, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, stóráil fuinnimh agus feidhmiúlachtaí mionsonraithe agus idir-inoibritheacht na ngnéithe sin, chomh maith le tairbhí le haghaidh dálaí aeráide laistigh, éifeachtúlacht fuinnimh, leibhéil feidhmíochta agus solúbthacht chumasaithe.

2.   

Beidh an mhodheolaíocht ag brath ar na trí phríomhfheidhmiúlacht seo a leanas a bhaineann leis an bhfoirgneamh agus lena chórais theicniúla foirgnimh:

(a)

an cumas feidhmíocht agus oibriú fuinnimh an fhoirgnimh a chothabháil trí thomhaltas fuinnimh a oiriúnú mar shampla trí úsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

an cumas chun a oibríocht a oiriúnú mar fhreagairt ar riachtanais an áititheora agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht soláimhsitheachta don úsáideoir, aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil agus an cumas chun tuairisciú ar úsáid fuinnimh;

(c)

solúbthacht éilimh fhoriomláin fuinnimh foirgnimh, lena n-áirítear a chumas rannpháirtíocht i bhfreagairt ghníomhach agus éighníomhach chomh maith le freagairt ar éileamh intuigthe agus sainráite a chumasú, agus trína stóráil fuinnimh agus fuinneamh a scaoileadh ar ais san eangach, mar shampla trí sholúbthacht agus acmhainní aistrithe ualaigh; agus

(d)

an cumas a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh.

3.   

Ina theannta sin, féadfaidh an mhodheolaíocht an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

idir-inoibritheacht idir córais (méadair chliste, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, fearais ionsuite baile, feistí féinrialaithe chun rialú a dhéanamh ar aertheocht laistigh den fhoirgneamh agus braiteoirí cáilíochta aeir laistigh agus aeráil); agus

(b)

tionchar dearfach na ngréasán cumarsáide atá ann cheana, go háirithe bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas a bheith ann, mar shampla an lipéad deonach ‘leathanbhanda-réidh’, agus pointe rochtana a bheith ann d’fhoirgnimh le hilaonaid foirgnimh chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

4.   

Ní bheidh tionchar diúltach ag an modheolaíocht ar scéimeanna náisiúnta um dheimhniú feidhmíochta fuinnimh atá ann cheana agus cuirfidh sí le tionscnaimh ghaolmhara ar an leibhéal náisiúnta, agus prionsabal úinéireacht an áititheora, cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht chomh maith leis na teicnící is fearr atá ar fáil don chibearshlándáil.

5.   

Leagfar amach sa mhodheolaíocht an fhormáid is iomchuí den pharaiméadar um tháscaire ullmhachta cliste agus beidh sí simplí, trédhearcach agus sothuigthe do thomhaltóirí, úinéirí, infheisteoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh freagartha ar éileamh.


(1)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú i ndáil le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a leathnú amach (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN V

Teimpléad do dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh

(dá dtagraítear in Airteagal 19)

1.   

Ar an gcéad leathanach, beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh:

(a)

an aicme feidhmíochta fuinnimh;

(b)

an úsáid bhliantúil fuinnimh phríomhúil arna ríomh in kWh/(m2.y);

(c)

an úsáid bhliantúil fuinnimh deiridh arna ríomh in kWh/(m2.y);

(d)

fuinneamh in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair i % den úsáid fuinnimh;

(e)

astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla (kg CO2/(m2.y)), luach GWP ar feadh saolré, má tá sé ar fáil.

Chomh maith leis sin beidh na heilimintí seo a leanas sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh:

(a)

an tomhaltas bliantúil fuinnimh phríomhúil agus deiridh arna ríomh in kWh nó MWh;

(b)

táirgeadh fuinnimh in-athnuaite in kWh nó MWh; príomhiompróir fuinnimh agus cineál foinse fuinnimh in-athnuaite;

(c)

na riachtanais fuinnimh arna ríomh in kWh/(m2.y);

(d)

tugtar le fios an bhfuil nó nach bhfuil sé d’acmhainneacht ag an bhfoirgneamh freagairt do chomharthaí seachtracha agus an tomhaltas fuinnimh a choigeartú;

(e)

tugtar le fios an bhfuil nó nach bhfuil an córas dáileacháin teasa laistigh den fhoirgneamh in ann feidhmiú ar leibhéil ísealteochta nó ar leibhéil teochta níos éifeachtaí, i gcás inarb infheidhme;

(f)

faisnéis teagmhála an ionaid ilfhreastail ábhartha le haghaidh comhairle maidir le hathchóiriú.

2.   

Ina theannta sin, féadfar na táscairí seo a leanas a áireamh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh:

(a)

úsáid fuinnimh, buaiclód, méid an ghineadóra nó an chórais, an príomhiompróir fuinnimh agus an príomhchineál eiliminte i gcás gach ceann de na húsáidí: téamh, fuarú, uisce te tí, aerú agus soilsiú ionsuite;

(b)

an aicme astaíochtaí gás ceaptha teasa (más infheidhme);

(c)

faisnéis faoi aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil shealadach carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh;

(d)

tugtar le fios an bhfuil nó nach bhfuil pas athchóirithe ar fáil don fhoirgneamh;

(e)

meánluach U na n-eilimintí teimhneacha den imchlúdach foirgnimh;

(f)

meánluach U na n-eilimintí trédhearcacha den imchlúdach foirgnimh;

(g)

an cineál eiliminte trédhearcaí is coitianta (e.g. fuinneog dhéghloinithe);

(h)

torthaí na hanailíse ar an riosca róthéimh (má tá siad ar fáil);

(i)

braiteoirí seasta a bheith ann a dhéanann faireachán ar cháilíocht na timpeallachta laistigh;

(j)

rialuithe seasta a bheith ann a fhreagraíonn do leibhéil cháilíocht na timpeallachta laistigh;

(k)

líon agus cineál na bpointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha;

(l)

córais stórála fuinnimh a bheith ann, cineál agus méid na gcóras sin;

(m)

saolré measta na gcóras agus na bhfearas téimh nó aerchóirithe atá fágtha, i gcás inarb infheidhme;

(n)

a indéanta atá sé an córas téimh a chur in oiriúint chun feidhmiú ag socruithe teochta níos éifeachtaí;

(o)

a indéanta atá sé an córas uisce the tí a oiriúnú le go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta níos éifeachtúla;

(p)

a indéanta atá sé an córas aerchóirithe a oiriúnú le go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta níos éifeachtúla;

(q)

tomhaltas fuinnimh mhéadraithe;

(r)

cibé acu atá nó nach bhfuil nasc ann le gréasán téimh agus fuaraithe ceantair, agus, má tá fáil air, faisnéis faoi nasc féideartha chuig córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair;

(s)

fachtóirí fuinnimh phríomhúil áitiúla agus fachtóirí gaolmhara astaíochta carbóin an ghréasáin nasctha áitiúil téimh agus fuaraithe ceantair;

(t)

astaíochtaí mínábhair cháithnínigh (PM 2,5 ) oibríochtúla.

Féadfaidh na naisc seo a leanas le tionscnaimh eile a bheith san áireamh sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh má tá feidhm acu sin sa Bhallstát ábhartha:

(a)

an ndearnadh nó nach ndearnadh measúnú ullmhachta cliste don fhoirgneamh;

(b)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, luach an mheasúnaithe ullmhachta cliste;

(c)

an bhfuil nó nach bhfuil Logleabhar Digiteach Foirgneamh ar fáil don fhoirgneamh.

Beidh rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar an bhfaisnéis i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh.


IARSCRÍBHINN VI

Córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

1.   

Sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí

Soláthróidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar an méid a mheastar a bheith ina dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí.

Leis an sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

Seiceáil bhailíochta ar shonraí ionchuir (lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair) an fhoirgnimh a úsáidtear chun an deimhniú feidhmíochta fuinnimh a eisiúint agus na torthaí atá luaite sa deimhniú;

(b)

bailíocht na ríomhanna;

(c)

uasdiall d’fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna shloinneadh de rogha leis an táscaire uimhriúil ar úsáid fuinnimh phríomhúil (kWh/(m2.y));

(d)

líon íosta eilimintí atá difriúil ó luachanna réamhshocraithe nó ó luachanna caighdeánacha.

Féadfaidh na Ballstáit eilimintí breise a áireamh sa sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí, mar shampla diall uasta do luachanna sonracha sonraí ionchuir.

2.   

Cáilíocht an chórais rialaithe neamhspleách le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

Tabharfaidh na Ballstáit sainmhíniú soiléir ar na cuspóirí cáilíochta agus ar an leibhéal muiníne staidrimh ba cheart do chreat an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhaint amach. Áiritheofar leis an gcóras rialaithe neamhspleách go mbeidh ar a laghad 90 % de dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh eisithe ag a mbeidh muinín staidrimh 95 % don tréimhse a ndearnadh meastóireacht uirthi, tréimhse nach faide ná bliain amháin.

Déanfar leibhéal cáilíochta agus leibhéal muiníne an chórais rialaithe neamhspleách le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a thomhas trí shampláil randamach agus tabharfaidh sé cuntas ar na heilimintí ar fad arna soláthar sa sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí. Éileoidh na Ballstáit fíorú tríú páirtí chun meastóireacht a dhéanamh ar 25 % ar a laghad den sampla randamach i gcás inar tarmligeadh na córais rialaithe neamhspleácha chuig comhlachtaí neamhrialtasacha.

Fíorófar bailíocht na sonraí ionchuir leis an bhfaisnéis a chuirfidh an saineolaí neamhspleách ar fáil. D’fhéadfadh deimhnithe táirge, sonraíochtaí nó pleananna tógála a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin ina mbeidh mionsonraí maidir le feidhmíocht na n-eilimintí éagsúla a áirítear sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

Déanfar bailíocht na sonraí ionchuir a fhíorú trí chuairteanna ar an láthair, a fhéadfar a dhéanamh go fíorúil, i gcás inarb iomchuí, ar 10 % ar a laghad de na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh atá mar chuid den tsampláil randamach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht fhoriomlán na scéime.

Chomh maith leis an íos-sampláil randamach chun an leibhéal foriomlán cáilíochta a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit straitéisí éagsúla a úsáid chun drochcháilíocht i ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a bhrath agus díriú orthu go sonrach chun cáilíocht fhoriomlán na scéime a fheabhsú. Ní féidir anailís spriocdhírithe den sórt sin a úsáid mar bhonn chun cáilíocht fhoriomlán na scéime a thomhas.

Úsáidfidh na Ballstáit bearta réamhghabhálacha agus frithghníomhacha chun cáilíocht chreat foriomlán an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a áirithiú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin oiliúint bhreise do shaineolaithe neamhspleácha, sampláil spriocdhírithe, oibleagáid deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a chur isteach an athuair, fíneálacha comhréireacha agus toirmisc shealadacha nó bhuana do shaineolaithe.

I gcás ina gcuirtear faisnéis le bunachar sonraí, beidh sé ar chumas na n-údarás náisiúnta an tionscnóir a chuir an fhaisnéis leis a shainaithint, chun críocha faireacháin agus fíoraithe.

3.   

Infhaighteacht deimhnithe feidhmíochta fuinnimh

Fíorófar leis an gcóras rialaithe neamhspleách an bhfuil deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fáil do cheannaitheoirí ionchasacha agus do thionóntaí ionchasacha chun a áirithiú gur féidir feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a mheas ina gcinneadh ceannach nó cíos a dhéanamh.

Leis an gcóras rialaithe neamhspleách, fíorófar infheictheacht an táscaire feidhmíochta fuinnimh agus na haicme sna meáin fógraíochta.

4.   

Cóireáil na dtíopeolaíochtaí tógála

Cuirfear tíopeolaíochtaí éagsúla tógála san áireamh sa chóras rialaithe neamhspleách, go háirithe na tíopeolaíochtaí tógála is forleithne i margadh an eastáit réadaigh, mar shampla cónaí aonair, ilchónaitheach, oifigí nó miondíol.

5.   

Nochtadh poiblí

Foilseoidh na Ballstáit go tráthrialta, sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le deimhniú feidhmíochta fuinnimh, an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis an gcóras cáilíochta:

(a)

an sainmhíniú ar dheimhniú feidhmíochta fuinnimh bailí;

(b)

cuspóirí cáilíochta don scéim um dheimhniú feidhmíochta fuinnimh;

(c)

torthaí an mheasúnaithe cháilíochta, lena n-áirítear líon na ndeimhnithe a ndearnadh meastóireacht orthu agus líon coibhneasta le líon iomlán na ndeimhnithe a eisíodh le linn na tréimhse atá i gceist (in aghaidh na tíopeolaíochta);

(d)

bearta teagmhasacha chun cáilíocht fhoriomlán na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN VII

Creat modheolaíochta comparáideach chun na leibhéil is fearr costas i dtaca le ceanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus eilimintí foirgnimh a shainaithint

Cuirfidh an creat modheolaíochta comparáideach ar chumas na mBallstát feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí foirgneamh agus eilimintí foirgneamh a chinneadh mar aon le gnéithe eacnamaíocha na mbeart a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí, agus iad a nascadh d’fhonn an leibhéal is fearr costas a shainaithint chun spriocanna 2030 maidir le laghdú ar astaíochtaí agus aeráidneodracht, chomh maith le stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

Beidh treoirlínte ag gabháil leis an gcreat modheolaíochta comparáideach ina leagfar amach conas an creat sin a chur i bhfeidhm agus na leibhéil feidhmíochta is fearr ó thaobh costais de á ríomh.

Leis an gcreat modheolaíochta comparáideach, beifear in ann aird a thabhairt ar phatrúin úsáide, ar dhálaí aeráide lasmuigh agus ar na hathruithe a dhéanfar orthu amach anseo de réir na réamh-mheastachán aeráide is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear tonnta teasa agus fuachta, costais infheistíochta, catagóir thógála, costais chothabhála agus oibriúcháin (lena n-áirítear costais agus coigiltis fuinnimh), tuillimh ón bhfuinneamh a tháirgtear, i gcás inarb infheidhme, seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte na húsáide fuinnimh, costais bainistithe dramhaíola, i gcás inarb infheidhme, agus forbairtí teicneolaíochta. Ba cheart é a bheith bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha ábhartha a bhaineann leis an Treoir seo.

Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas ar fáil freisin:

treoirlínte a bheidh ag gabháil leis an gcreat modheolaíochta comparáideach; Fónfaidh na treoirlínte sin chun a chur ar chumas na mBallstát tabhairt faoi na céimeanna atá liostaithe thíos;

faisnéis faoi fhorbairtí i bpraghsanna fuinnimh fadtéarmacha a mheastar a bheith ann.

Chun go gcuirfidh na Ballstáit an creat modheolaíochta comparáideach i bhfeidhm, leagfar síos coinníollacha ginearálta, arna gcur in iúl le paraiméadair, ar leibhéal na mBallstát. Eiseoidh an Coimisiún moltaí do na Ballstáit maidir lena leibhéil optamachta costais, i gcás inarb ábhartha.

Cuirfidh an creat modheolaíochta comparáideach de cheangal ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

foirgnimh thagartha a shainiú a bhfuil a bhfeidhmiúlacht agus a suíomh geografach ina saintréithe díobh agus ionadaíoch, lena n-áirítear dálaí aeráide laistigh agus lasmuigh. Folóidh na foirgnimh thagartha foirgnimh chónaithe agus foirgnimh nach foirgnimh chónaithe iad, idir fhoirgnimh nua agus fhoirgnimh atá ann cheana;

bearta fuinneamhéifeachtúla a shainiú a ndéanfar measúnú orthu i gcás na bhfoirgneamh tagartha. Féadfaidh na bearta sin a bheith ina mbearta d’fhoirgnimh aonair ina n-iomláine, d’eilimintí foirgnimh aonair, nó do mheascán d’eilimintí foirgnimh;

Measúnú a dhéanamh ar an ngá le fuinneamh deiridh agus príomhúil, agus astaíochtaí na bhfoirgneamh tagartha mar thoradh orthu, agus na bearta sainithe fuinneamhéifeachtúla á gcur i bhfeidhm;

ríomh a dhéanamh ar chostais (i.e. glanluach láithreach) na mbeart fuinneamhéifeachtúil (dá dtagraítear sa dara fleasc) le linn na saolré eacnamaíche measta a chuirtear i bhfeidhm ar na foirgnimh thagartha (dá dtagraítear sa chéad fhleasc) trí phrionsabail an chreata modheolaíochta chomparáidigh a chur i bhfeidhm.

Trí chostais na mbeart fuinneamhéifeachtúil a ríomh le linn na saolré eacnamaíche measta, déanann na Ballstáit costéifeachtacht na n-íosleibhéal feidhmíochta fuinnimh a mheas. Cuirfidh sé sin ar a gcumas na leibhéil is fearr costas i dtaca leis na ceanglais feidhmíochta fuinnimh a chinneadh.


IARSCRÍBHINN VIII

Ceanglais maidir le pasanna athchóirithe

1.   

Áireofar an méid seo a leanas ar an bpas athchóirithe:

(a)

faisnéis maidir le feidhmíocht fuinnimh reatha an fhoirgnimh;

(b)

léiriú grafach nó léirithe grafacha ar an treochlár agus na céimeanna atá ann le haghaidh athchóiriú domhain céimneach;

(c)

faisnéis faoi cheanglais náisiúnta ábhartha, mar shampla, íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh agus rialacha sa Bhallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise a úsáidtear le haghaidh téimh agus fuaraithe i bhfoirgnimh, lena n-áirítear dátaí cur i bhfeidhm;

(d)

míniú gonta ar sheicheamhú optamach na gcéimeanna;

(e)

faisnéis faoi gach céim, lena n-áirítear:

(i)

ainm na mbeart athchóirithe, agus tuairisc orthu, le haghaidh na céime, lena n-áirítear roghanna ábhartha le haghaidh na dteicneolaíochtaí, na dteicnící agus na n-ábhar a bheidh le húsáid;

(ii)

an coigilteas fuinnimh measta i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus deiridh, in kWh agus i bhfeabhsú de réir céatadáin i gcomparáid leis an tomhaltas fuinnimh sula dtabharfar faoin gcéim;

(iii)

an laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla;

(iv)

an coigilteas measta ar an mbille fuinnimh, lena léirítear go soiléir na toimhdí maidir leis na costais fuinnimh a úsáidtear chun an ríomh a dhéanamh;

(v)

aicme feidhmíochta fuinnimh mheasta an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh atá le baint amach tar éis an chéim a chur i gcrích;

(f)

faisnéis faoin nasc féideartha le córas éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair;

(g)

sciar na giniúna aonair nó comhchoitinne agus féintomhaltas an fhuinnimh in-athnuaite a mheastar a bhainfear amach tar éis an athchóirithe;

(h)

faisnéis ghinearálta maidir leis na roghanna atá ar fáil chun ciorclaíocht táirgí foirgníochta a fheabhsú agus chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú, chomh maith le tairbhí níos leithne a bhaineann le sláinte agus compord, cáilíocht na timpeallachta laistigh agus acmhainneacht oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide;

(i)

faisnéis maidir leis an gcistiú atá ar fáil agus naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha ina léirítear foinsí an chistiúcháin sin;

(j)

faisnéis maidir le comhairle theicniúil agus seirbhísí comhairleacha, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus naisc chuig leathanaigh ghréasáin ábhartha na n-ionad ilfhreastail.

2.   

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar an bpas athchóirithe:

(a)

amlíne tháscach na gcéimeanna;

(b)

i gcás gach céim:

(i)

tuairisc mhionsonraithe ar na teicneolaíochtaí, na teicnící agus na hábhair atá le húsáid agus na buntáistí, na míbhuntáistí agus na costais a bhaineann leo;

(ii)

conas a bheadh feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh i gcomparáid leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh i gcás na bhfoirgneamh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus ceanglais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha tar éis an chéim a thabhairt chun críche agus conas a bheadh feidhmíocht fuinnimh na n-eilimintí foirgnimh a cuireadh ina ionad i gcomparáid le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh eilimintí foirgnimh aonair, i gcás inarb ann dóibh;

(iii)

na costais mheasta maidir leis an gcéim a chur i gcrích;

(iv)

an tréimhse aisíoca mheasta le haghaidh na céime, ina bhfuil tacaíocht airgeadais ar fáil agus nach bhfuil tacaíocht airgeadais ar fáil;

(v)

an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil chun an chéim a chur i gcrích;

(vi)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, na luachanna tagartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré le haghaidh na n-ábhar agus an trealaimh agus naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha i gcás inar féidir teacht orthu;

(vii)

saolré mheasta na mbeart agus na costais chothabhála mheasta;

(c)

modúil neamhspleácha maidir leo seo:

(i)

na ceirdeanna tipiciúla is gá nó atá molta chun athchóiriú fuinnimh a dhéanamh (ailtirí, comhairleoirí, conraitheoirí, soláthróirí agus suiteálaithe, etc.) nó naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha;

(ii)

liosta de na hailtirí, na comhairleoirí, na conraitheoirí, na soláthróirí nó na suiteálaithe ábhartha sa cheantar, d’fhéadfadh nach bhfuil san áireamh ann ach iad siúd a chomhlíonann coinníollacha áirithe mar shampla, a bhfuil lipéid nó coinníollacha níos airde cáilíochta nó deimhniúcháin acu, nó naisc chuig na leathanaigh ghréasáin ábhartha;

(iii)

na dálaí teicniúla is gá chun téamh ar theocht íseal a leathadh amach ar an mbealach is fearr;

(iv)

conas a d’fhéadfadh na céimeanna athchóirithe agus na bearta breise feabhas a chur ar ullmhacht chliste an fhoirgnimh;

(v)

ceanglais theicniúla agus sábháilteachta le haghaidh ábhar agus oibreacha;

(vi)

na toimhdí bunúsacha atá mar bhonn ag na ríomhanna a cuireadh ar fáil nó naisc chuig an leathanach gréasáin ábhartha ar ar féidir teacht orthu;

(d)

faisnéis maidir le rochtain a fháil ar leagan digiteach den phas athchóirithe;

(e)

aon athchóirithe móra atá déanta ar an bhfoirgneamh nó aonad foirgnimh, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus aon iarfheistiú nó athsholáthar ar eilimint foirgnimh ar cuid den imchlúdach foirgnimh í agus ag a bhfuil tionchar suntasach ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, dá dtagraítear in Airteagal 8(2), i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil don saineolaí a bheidh ag déanamh an phas athchóirithe;

(f)

faisnéis a bhaineann le sábháilteacht sheismeach, i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis sin a bhaineann leis an bhfoirgneamh ar fáil don saineolaí;

(g)

arna iarraidh sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann úinéir reatha an fhoirgnimh ar fáil, ceangaltán ina bhfuil faisnéis bhreise, mar shampla, inoiriúnaitheacht spásanna do riachtanais atá ag athrú agus aon athchóiriú atá beartaithe.

3.   

Maidir le stádas an fhoirgnimh roimh chéimeanna an athchóirithe, measfar sa phas athchóirithe, a mhéid is féidir, an fhaisnéis atá sa deimhniú feidhmíochta fuinnimh.

4.   

Beidh gach méadrach a úsáidfear chun tionchar na gcéimeanna a mheas bunaithe ar thacar gnáthdhálaí.


IARSCRÍBHINN IX

Cuid A

An Treoir Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 36)

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 153, 18.6.2010, lch. 13)

 

Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 156, 19.6.2018, lch. 75)

Airteagal 1 amháin

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 328, 21.12.2018, lch. 1)

Airteagal 53 amháin

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 36)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dátaí cur i bhfeidhm

2010/31/AE

9 Iúil 2012

a mhéid a bhaineann le hAirteagail 2, 3, 9, 11, 12, 13, 17, 18, 20 agus 27, an 9 Eanáir 2013;

a mhéid a bhaineann le hAirteagail 4 go 8, 14, 15 agus 16, an 9 Eanáir 2013 maidir le foirgnimh atá á n-áitiú ag na húdaráis phoiblí agus an 9 Iúil 2013 maidir le foirgnimh eile

(AE)

2018/844

10 Márta 2020

 


IARSCRÍBHINN X

Tábla comhghaoil

Treoir 2010/31/AE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointí (5) agus (6)

Airteagal 2, pointí (3), (3a), (4) agus (5)

Airteagal 2, pointí (7) go (10)

Airteagal 2, pointí (12), (13) agus (14)

Airteagal 2, pointí (6), (7), (8) agus (9)

Airteagal 2, pointí (15) go (18)

Airteagal 2, pointí (19) go (22)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (23)

Airteagal 2, pointí (24) go (29)

Airteagal 2, pointí (11), (12), (13) agus (14)

Airteagal 2, pointí (30) go (33)

Airteagal 2, pointí (34), (37) go (40) agus (42)

Airteagal 2, pointe (15)

Airteagal 2, pointe (42)

Airteagal 2, pointí (15), (15a), (15b), (15c), (16) agus (17)

Airteagal 2, pointí (43), (44), (47), go (50)

Airteagal 2, pointe (18)

Airteagal 2, pointe (19)

Airteagal 2, pointe (51)

Airteagal 2, pointí (52) go (64)

Airteagal 2, pointe (20)

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagail 6 agus 9

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 8(1), (9)

Airteagal 13

Airteagal 8(2) go (8)

Airteagal 14

Airteagal 8(10), (11)

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 10

Airteagal 17

Airteagal 11

Airteagal 19

Airteagal 12

Airteagal 20

Airteagal 13

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 14 agus Airteagal 15

Airteagal 23

Airteagal 16

Airteagal 24

Airteagal 17

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 19a

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 26

Airteagal 33

Airteagal 27

Airteagal 34

Airteagal 28

Airteagal 35

Airteagal 29

Airteagal 36

Airteagal 30

Airteagal 37

Airteagal 31

Airteagal 38

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IA

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn X


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)