|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1269 |
30.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1269 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Aibreán 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar a n-onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (2) leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear nó a bhfuil limistéir acu a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II de (na Ballstáit lena mbaineann). Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leagtar síos rialacha maidir le criosanna srianta I, II agus III a liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tar éis ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc, agus rialacha maidir le liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, tar éis ráig den ghalar sin i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalair roimhe sin. |
|
(3) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. |
|
(4) |
Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1171 (3) ón gCoimisiún a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa tSeicia, san Iodáil, sa Pholainn, sa tSlóvaic, sa Laitvia agus sa Liotuáin. Ó bhí dháta glactha an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin ann, tá athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar sin i mBallstáit áirithe. |
|
(5) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach mar gheall ar fhiabhras Afracach na muc, mar a leagtar amach sna treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc arna bhforbairt ag an gCoimisiún agus na Ballstáit (4). Sa bhreis air sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, amhail an Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) , agus ba cheart an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú a chur san áireamh freisin. |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1171 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ann, bhí ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine sa tSeicia, san Iodáil agus sa Pholainn. Ina theannta sin, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch i gcriosanna áirithe a liostaítear mar chriosanna srianta I agus II sa Ghearmáin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 maidir le muc-ainmhithe fiáine, mar gheall ar na bearta rialaithe galar atá á gcur i bhfeidhm ag an mBallstát sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. |
|
(7) |
Tar éis na ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine sa tSeicia, san Iodáil agus sa Pholainn, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch reatha a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, leagtar síos rialacha speisialta maidir le criosanna srianta I a liostú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine i limistéar Ballstáit a bhfuil teorainn aige le limistéar nár deimhníodh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann go hoifigiúil. Le hAirteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, áfach, leagtar síos rialacha speisialta maidir le criosanna srianta II nó criosanna ionfhabhtaithe a liostú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát. Ina theannta sin, rinneadh na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 freisin. |
|
(8) |
I mí Aibreáin 2024 tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i Réigiún Liberec na Seicia, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den tSeicia a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, i mí Aibreáin 2024, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i réigiúin na Lombairde san Iodáil, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéir é atá dlúth leis an limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Iodáil a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéar é atá dlúth leis an limistéar a liostaítear mar chrios srianta II atá buailte ag an ráig sin a tharla le déanaí, ba cheart an limistéar sin a liostú mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, agus ní mór a teorainneacha atá ar chrios srianta I faoi láthair a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(10) |
Ina theannta sin, i mí Aibreáin 2024 freisin tugadh faoi deara go raibh dhá ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i Réigiúin Dolnośląskie, Pomorskie agusWarmińsko-Mazurskie sa Pholainn, i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéir iad atá dlúth le limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, na limistéir sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar limistéir iad atá dlúth leis na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta II atá buailte ag na ráigeanna sin a tharla le déanaí, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II san Iarscríbhinn sin agus ní mór teorainneacha reatha chriosanna srianta I a athshainiú freisin chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
|
(11) |
Ina theannta sin, ar bhonn na fianaise agus an bhonn cirt arna soláthar ag an nGearmáin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta II áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm sa Ghearmáin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (6) ón gCoimisiún,, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i Stát na Sacsaine sa Ghearmáin, ar criosanna iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a liostú anois mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta II sin le 12 mhí anuas agus mar gheall go bhfuil teorainn ag na criosanna srianta I sin fós le criosanna srianta II. |
|
(12) |
Thairis sin, ar bhonn na faisnéise agus an bhonn cirt arna soláthar ag an nGearmáin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta I áirithe, agus sna criosanna srianta atá ar an teorainn leis na criosanna srianta sin, criosanna a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm sa Ghearmáin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i Stát na Sacsaine sa Ghearmáin, ar criosanna iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a dhíliostú feasta ón Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i measc muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i measc muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta I sin, ná sna criosanna atá ar an teorainn leis na criosanna srianta I sin le 12 mhí anuas. |
|
(13) |
Ina theannta sin, ar bhonn na fianaise agus an bhonn cirt arna soláthar ag an Liotuáin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta II áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm sa Liotuáin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i gCeantair Joniškio agus Ignalinos sa Liotuáin, ar criosanna iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a liostú anois mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta II sin le 12 mhí anuas agus mar gheall go bhfuil teorainn ag na criosanna srianta I sin fós le criosanna srianta II. |
|
(14) |
Ina theannta sin, ar bhonn na fianaise agus an bhonn cirt arna soláthar ag an bPolainn, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta II áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i Réigiúin Podlaskie, Lubelskie agus Mazowieckie sa Pholainn, ar criosanna iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a liostú anois mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta II sin le 12 mhí anuas agus mar gheall go bhfuil teorainn ag na criosanna srianta I sin fós le criosanna srianta II. |
|
(15) |
Faoi dheireadh, ar bhonn na faisnéise agus an bhonn cirt arna soláthar ag an bPolainn, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta I, agus sna criosanna srianta atá ar an teorainn le criosanna srianta I, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i Réigiún Kujawsko-Pomorskie Łódzkie agus Mazowieckie sa Pholainn, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a dhíliostú ón Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta I sin agus sna criosanna a bhfuil teorainn acu leis na criosanna srianta I sin le 12 mhí anuas. |
|
(16) |
Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus chun na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin a chomhrac ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú i gcás na Seicia, na Gearmáine, na hIodáile, na Liotuáine agus na Polainne, agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I, agus II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart codanna áirithe de chriosanna srianta I a dhíliostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin i gcás na Gearmáine agus na Polainne. Ó tharla go bhfuil an staid a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, cuireadh staid eipidéimeolaíoch na limistéar máguaird san áireamh nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
|
(17) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn I ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/594
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1171 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L, 2024/1171, 17.4.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1171/oj).
(4) Fógra ón gCoimisiún i ndáil le treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chosc, a rialú agus a dhíothú (‘Treoirlínte ASF’) (IO C, C/2023/1504, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1504/oj).
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, an 29ú hEagrán, 2021. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95115-40-8; https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj (níl leagan Gaeilge ann).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594:
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Hiiu maakond. |
3. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dienvidkurzemes novada, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, |
|
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
4. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 950950, 950960, 950970, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951950, 952050, 952150, 952250, 952550, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953650, 953660, 953750, 953850, 953950, 953960, 954050, 954060, 954150, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150, 956160, 956250, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
|
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
|
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 751250, 751260, 751350, 751360, 751750, 751850, 751950, 753650, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754360, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754850 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577250, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
5. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
|
w województweie lubelskim:
|
6. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
in the district of Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, Veľký Kýr, Černík, Michal nad Žitavou, Kmeťovo, Maňa, Trávnica |
|
— |
in the district of Veľký Krtíš, the municipalities of Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
|
— |
in the district of Levice, the municipalities of Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Tehla, Lula, Beša, Jesenské, Ina, Lok, Veľký Ďur, Horný Pial, Horná Seč, Dolná Seč, Levice, Krškany, Brhlovce, Bory, Santovka, Domadice, Hontianske Trsťany, Mýtne Ludany, Hontianska Vrbica, Zbrojníky, Kukučínov, Jur nad Hronom, Šarovce, Turá, Tekovský Hrádok, Vyšné nad Hronom, Žemliare, Starý Hrádok, |
|
— |
in the district of Krupina, the municipalities of Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov, |
|
— |
the whole district of Ružomberok except municipalities included in zone II |
|
— |
in the district of Martin, municipalties of Blatnica, Folkušová, Necpaly, Belá-Dulice, Ďanová, Karlová, Laskár, Rakovo, Príbovce, Košťany nad Turcom, Socovce, Turčiansky Ďur, Kláštor pod Znievom, Slovany, Ležiachov, Benice, Vrícko, |
|
— |
in the district of Dolný Kubín, the municipalities of Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
|
— |
in the district of Tvrdošín, the municipalities of Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
|
— |
in the district of Prievidza, the municipalities of Handlová, Cígeľ, Podhradie, Lehota pod Vtáčnikom, Ráztočno, Kľačno, Tužina, Nitrianske Pravno, Poluvsie, Malinová, Pravenec, Nedožery-Brezany, Lazany, Prievidza, Malá Čausa, Veľká Čausa, Lipník, Chrenovec-Brusno, Jalovec, Nováky, Zemianske, Kostoľany, Nitrianske Sučany, Nitrica, Horné Vestenice, Dolné Vestenice, |
|
— |
the whole district of Partizánske, except municipalities included in zone II, |
|
— |
in the district of Topoľčany, the municipalities of Koniarovce, Hrušovany, Belince, Preseľany, Kamanová, Mýtna Nová ves, Dvorany nad Nitrou, Ludanice, Chrabrany, Topoľčany, Krušovce, Dolné Chlebany, Horné Chlebany, Rajčany, Čermany, Horné Obdokovce, Obsolovce, Horné Štitáre, Urmince, Veľké Dvorany, Nemčice, Topoľčany, Továrniky, Kuzmice, Jacovce, Veľké Bedzany, Malé Bedzany, Norovce, Solčianky, |
|
— |
in the district of Nitra, the municipalities of Horné Lefantovce, Dolné Lefantovce, Bádice, Jelenec, Žirany, Podhorany, Nitrianske Hrnčiarovce, Štitáre, Čechynce, Malý Cetín, Veľký Cetín, Vinodol, Branč, Ivánka pri Nitre, |
|
— |
in the district of Bánovce nad Bebravou, the municipalities of Nedašovce, Pravotice, Vysočany, Chudá Lehota. |
7. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
|
Piedmont Region:
|
|
Liguria Region:
|
|
Emilia-Romagna Region:
|
|
Toscana Region:
|
|
Lombardia Region:
|
|
Lazio Region:
|
|
Sardinia Region:
|
|
Calabria Region:
|
|
In Basilicata Region
|
|
In Campania Region
|
8. An tSeicia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
|
Středočeský kraj
|
9. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Drama:
|
|
— |
in the regional unit of Kavala:
|
|
— |
in the regional unit of Xanthi:
|
|
— |
in the regional unit of Rodopi:
|
|
— |
in the regional unit of Evros:
|
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Thessaloniki:
|
|
— |
in the regional unit of Chalkidiki:
|
|
— |
in the regional unit of Pella:
|
|
— |
in the regional unit of Imathia:
|
|
— |
in the regional unit of Kozani:
|
|
— |
in the regional unit of Florina:
|
|
— |
in the regional unit of Kastoria:
|
|
— |
in the regional unit of Ioannina:
|
|
— |
in the regional unit of Thesprotia:
|
10. An Chróit
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Chróit:
|
Karlovačka županija:
|
|
Ličko-senjska županija:
|
|
Sisačko-moslavačka županija:
|
|
Brodsko-posavska županija:
|
|
Osječko-baranjska županija:
|
11. An tSualainn
An chrios srianta I seo a leanas sa tSualainn:
|
County of Västmanland:
|
12. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Gaižaičių, Gataučių, Joniškio, Kriukių, Rudiškių, Satkūnų, Saugėlaukio, Skaistgirio, Žagarės seniūnijos, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Ceikinių, Dūkšto, Ignalinos, Ignalinos miesto, Kazitiškio sen. rytinė dalis nuo 102 kelio, Linkmenų, Naujojo Daugėliškio, Mielagėnų, Rimšės, Tverečiaus, Vidiškių seniūnijos. |
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
the whole region of Haskovo, |
|
— |
the whole region of Yambol, |
|
— |
the whole region of Stara Zagora, |
|
— |
the whole region of Pernik, |
|
— |
the whole region of Kyustendil, |
|
— |
the whole region of Plovdiv, |
|
— |
the whole region of Pazardzhik, |
|
— |
the whole region of Smolyan, |
|
— |
the whole region of Dobrich, |
|
— |
the whole region of Sofia city, |
|
— |
the whole region of Sofia Province, |
|
— |
the whole region of Blagoevgrad, |
|
— |
the whole region of Razgrad, |
|
— |
the whole region of Kardzhali, |
|
— |
the whole region of Burgas, |
|
— |
the whole region of Varna, |
|
— |
the whole region of Silistra, |
|
— |
the whole region of Ruse, |
|
— |
the whole region of Veliko Tarnovo, |
|
— |
the whole region of Pleven, |
|
— |
the whole region of Targovishte, |
|
— |
the whole region of Shumen, |
|
— |
the whole region of Sliven, |
|
— |
the whole region of Vidin, |
|
— |
the whole region of Gabrovo, |
|
— |
the whole region of Lovech, |
|
— |
the whole region of Montana, |
|
— |
the whole region of Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Aizkraukles novads, |
|
— |
Alūksnes novads, |
|
— |
Augšdaugavas novads, |
|
— |
Ādažu novads, |
|
— |
Balvu novads, |
|
— |
Bauskas novads, |
|
— |
Cēsu novads, |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Grobiņas, Rucavas, Vērgales, Medzes, Embūtes, Kalvenes, Kazdangas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules, Grobiņas pilsēta, |
|
— |
Dobeles novads, |
|
— |
Gulbenes novads, |
|
— |
Jelgavas novads, |
|
— |
Jēkabpils novads, |
|
— |
Krāslavas novads, |
|
— |
Kuldīgas novads, |
|
— |
Ķekavas novads, |
|
— |
Limbažu novads, |
|
— |
Līvānu novads, |
|
— |
Ludzas novads, |
|
— |
Madonas novads, |
|
— |
Mārupes novads, |
|
— |
Ogres novads, |
|
— |
Olaines novads, |
|
— |
Preiļu novads, |
|
— |
Rēzeknes novads, |
|
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
|
— |
Salaspils novads, |
|
— |
Saldus novads, |
|
— |
Saulkrastu novads, |
|
— |
Siguldas novads, |
|
— |
Smiltenes novads, |
|
— |
Talsu novads, |
|
— |
Tukuma novads, |
|
— |
Valkas novads, |
|
— |
Valmieras novads, |
|
— |
Varakļānu novads, |
|
— |
Ventspils novads, |
|
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
|
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
|
— |
Birštono savivaldybė, |
|
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
|
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
|
— |
Druskininkų savivaldybė, |
|
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Didžiasalio seniūnija, |
|
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
|
— |
Joniškio rajono savivaldybės: Kepalių seniūnija, |
|
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
|
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
|
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
|
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
|
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
|
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė, |
|
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
|
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
|
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
|
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
|
— |
Marijampolės savivaldybės: Sasnavos seniūnija, |
|
— |
Pagėgių savivaldybė, |
|
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
|
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
|
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Rietavo savivaldybė, |
|
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
|
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
|
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
|
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
|
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
|
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
|
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
|
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
|
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
|
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
|
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybės: Klausučių ir Pilviškių seniūnijos, |
|
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Visagino savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Békés megye 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952350, 952450, 952650 és 956350 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753660, 754150, 754250, 754370, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
the whole district of Gelnica, |
|
— |
the whole district of Poprad |
|
— |
the whole district of Spišská Nová Ves, |
|
— |
the whole district of Levoča, |
|
— |
the whole district of Kežmarok, |
|
— |
the whole district of Michalovce, |
|
— |
the whole district of Medzilaborce |
|
— |
the whole district of Košice-okolie, |
|
— |
the whole district of Rožnava, |
|
— |
the whole city of Košice, |
|
— |
the whole district of Sobrance, |
|
— |
the whole district of Vranov nad Topľou, |
|
— |
the whole district of Humenné, |
|
— |
the whole district of Snina, |
|
— |
the whole district of Prešov, |
|
— |
the whole district of Sabinov, |
|
— |
the whole district of Svidník, |
|
— |
the whole district of Stropkov, |
|
— |
the whole district of Bardejov, |
|
— |
the whole district of Stará Ľubovňa, |
|
— |
the whole district of Revúca, |
|
— |
the whole district of Rimavská Sobota, |
|
— |
in the district of Veľký Krtíš, the whole municipalities not included in part I, |
|
— |
the whole district of Lučenec, |
|
— |
the whole district of Poltár, |
|
— |
the whole district of Zvolen, |
|
— |
the whole district of Detva, |
|
— |
the whole district of Krupina, except municipalities included in zone I, |
|
— |
the whole district of Banska Stiavnica, |
|
— |
the whole district of Žarnovica, |
|
— |
the whole district of Banska Bystica, |
|
— |
the whole district of Brezno, |
|
— |
the whole district of Liptovsky Mikuláš, |
|
— |
in the district of Ružomberok, municipalties of Ružomberok, Liptovská Štiavnica, Štiavnička, Ludrová, Sliače, Likavka, Martinček, Lisková, Turík, Ivachnová, Liptovská Teplá, Liptovský Michal, Bešeňová, Kalameny, Lúčky, |
|
— |
the whole district of Trebišov’, |
|
— |
the whole district of Zlaté Moravce, |
|
— |
in the district of Levice the municipality of Kozárovce, Kalná nad Hronom, Nový Tekov, Malé Kozmálovce, Veľké Kozmálovce, Tlmače, Rybník, Hronské Kosihy, Čajkov, Nová Dedina, Devičany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská, Drženice, Žemberovce, Hronské Kľačany, Starý Tekov, Podlužany, |
|
— |
the whole district Turčianske Teplice, |
|
— |
the whole district Žiar nad Hronom, |
|
— |
in the district of Prievidza, municipalties of Kamenec pod Vtáčnikom, Bystričany, Čereňany, Oslany, Horná Ves, Radobica, |
|
— |
in the district of Partizánske, the municipalities of Veľké Uherce, Pažiť, Kolačno, Veľký Klíž, Ješkova Ves, Klátová Nová Ves, Malé Krsteňany, Veľké Krsteňany, Malé Uherce, Partzánske, Brodzany, Krásno, Turčianky, Nednovce, Bošany, |
|
— |
in the district of Nitra, the municipalities of Pohranice, Hosťová, Kolíňany, Malý Lapáš, Dolné Obdokovce, Čeľadice, Veľký Lapáš, Babindol, Malé Chyndice, Golianovo, Klasov, Veľké Chyndice, Nová Ves nad Žitavou, Paňa, Vráble, Tajná, Lúčnica nad Žitavou, Žitavce, Melek, Telince, Čifáre, |
|
— |
in the district of Topoľčany, the municipalities of Krnča, Prázdnovce, Solčany, Nitrianska Streda, Čeľadince, Kovarce, Súlovce, Oponice, |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
|
Piedmont Region:
|
|
Liguria Region:
|
|
Lombardia Region:
|
|
Emilia-Romagna Region:
|
|
Toscana Region
|
|
Lazio Region:
|
|
Calabria Region:
|
|
In Basilicata Region
|
|
In Campania Region:
|
10. An tSeicia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
11. An Chróit
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Chróit:
|
Karlovačka županija:
|
|
Sisačko-moslavačka županija:
|
12. An tSualainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSualainn:
|
County of Västmanland:
|
13. An Ghréig
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
|
— |
in the regional unit of Drama:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Kastoria:
|
|
— |
in the regional unit of Florina: |
|
— |
the community departments of Aetos, Agios Panteleimonas, Kelli, Kleidi, Xino Nero, Petres, Fanos and municipal department of Amyntaio (Amyntaio Municipality)
|
|
— |
in the regional unit of Pella:
|
CUID III
1. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Ungáir:
|
Sardinia Region:
|
|
Calabria Region:
|
2. An Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Marijampolės savivaldybės: Gudelių, Igliaukos, Liudvinavo, Marijampolės, Šunskų, Marijampolės miesto seniūnijos, |
|
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybės: Bartnikų, Gižų, Gražiškių, Keturvalakių, Kybartų, Pajevonio, Šeimenos, Vilkaviškio miesto, Virbalio, Vištyčio seniūnijos, |
3. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
4. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
|
— |
Zona orașului București, |
|
— |
Județul Constanța, |
|
— |
Județul Satu Mare, |
|
— |
Județul Tulcea, |
|
— |
Județul Bacău, |
|
— |
Județul Bihor, |
|
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
|
— |
Județul Brăila, |
|
— |
Județul Buzău, |
|
— |
Județul Călărași, |
|
— |
Județul Dâmbovița, |
|
— |
Județul Galați, |
|
— |
Județul Giurgiu, |
|
— |
Județul Ialomița, |
|
— |
Județul Ilfov, |
|
— |
Județul Prahova, |
|
— |
Județul Sălaj, |
|
— |
Județul Suceava |
|
— |
Județul Vaslui, |
|
— |
Județul Vrancea, |
|
— |
Județul Teleorman, |
|
— |
Judeţul Mehedinţi, |
|
— |
Județul Gorj, |
|
— |
Județul Argeș, |
|
— |
Judeţul Olt, |
|
— |
Judeţul Dolj, |
|
— |
Județul Arad, |
|
— |
Județul Timiș, |
|
— |
Județul Covasna, |
|
— |
Județul Brașov, |
|
— |
Județul Botoșani, |
|
— |
Județul Vâlcea, |
|
— |
Județul Iași, |
|
— |
Județul Hunedoara, |
|
— |
Județul Alba, |
|
— |
Județul Sibiu, |
|
— |
Județul Caraș-Severin, |
|
— |
Județul Neamț, |
|
— |
Județul Harghita, |
|
— |
Județul Mureș, |
|
— |
Județul Cluj, |
|
— |
Județul Maramureş. |
5. An Ghearmáin
Na criosanna srianta III seo leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
6. An Ghréig
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in the regional unit of Drama
|
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
|
— |
in the regional unit of Kilkis:
|
|
— |
in the regional unit of Thessaloniki:
|
|
— |
in the regional unit of Chalkidiki:
|
7. An Chróit
Na criosanna srianta III seo leanas sa Chróit:
|
Vukovarsko srijemska županija:
|
|
Brodsko-posavska županija
|
|
Osječko-baranjska županija
|
IARSCRÍBHINN II
LIMISTÉIR A BUNAÍODH AR LEIBHÉAL AN AONTAIS MAR CHRIOSANNA IONFHABHTAITHE NÓ MAR CHRIOSANNA SRIANTA, LENA gCUIMSÍTEAR CRIOSANNA COSANTA AGUS FAIREACHAIS
(amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(2))
Cuid A – Limistéir a bunaíodh mar chriosanna ionfhabhtaithe tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin:
Cuid B – Limistéir a bunaíodh mar chriosanna srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin:
An Ballstát: An Bhulgáir
|
Limistéir a bhunaíodh mar chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
An crios cosanta: Plovdiv region: municipality of Saedinenie – Saedinenie village |
An 25 Meitheamh 2024 |
|
An crios faireachais: The Plovdiv region: municipality of Saedinenie, the following villages –Malak Chardak, Golyam Chardak, Nedelevo, Pravishte, Tsarimir; in the municipality of Maritsa, the following villages: Kostievo, Radinovo, Benkovski, Voisil, Stroevo, Tsaratsovo in the municipality of Rodopi, the following villages: Tsalapitsa |
An 25 Meitheamh 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1269/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)