European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1266

30.4.2024

CINNEADH Uimh. 1/2024 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE,

an 26 Márta 2024

maidir le leanúint leis an gComhaontú [2024/1266]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (1), a síníodh an 29 Meitheamh 2022 agus a tháinig i bhfeidhm an 23 Lúnasa 2023 (2), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive an 15 Nollaig 2022 maidir le leanúint leis an gComhaontú [2024/604] (3), cuireadh síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(2)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, lena n-áirítear fad na leanúna.

(3)

Léirigh an faireachán a rinneadh ar an gComhaontú gur bhain an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon tairbhí as i dtéarmaí trádála, agus go bhfuil oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin.

(4)

In éineacht le comhaontú inchomparáide maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, rannchuidigh an Comhaontú go mór freisin le honnmhairiú earraí na hÚcráine chuig an Aontas trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

(5)

Ba cheart féachaint ar fhadú an Chomhaontaithe mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leanúint leis an gComhaontú

Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i gCísineá agus sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Kristian SCHMIDT

Andrei SPÎNU


(1)   IO L 181, 7.7.2022, lch. 4.

(2)   IO L 226, 14.9.2023, lch. 1.

(3)   IO L 79, 17.3.2023, lch. 185.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1266/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)