|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1262 |
15.5.2024 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2024/1262 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena leasaítear Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le bunaíochtaí agus maidir le cúram agus cóiríocht ainmhithe, agus a mhéid a bhaineann le modhanna maraithe ainmhithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 50 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear le hAirteagal 33 de Threoir 2010/63/AE go soláthrófar d’ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta cóiríocht, timpeallacht agus cúram atá iomchuí maidir lena sláinte agus a bhfolláine. Le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2010/63/AE, leagtar síos ceanglais maidir le bunaíochtaí agus maidir le cúram agus cóiríocht na n-ainmhithe sin. |
|
(2) |
Ceanglaítear le hAirteagal 6 de Threoir 2010/63/AE go marófaí ainmhithe agus a laghad de phian, fulaingt agus anacair agus is féidir acu, trí bhíthin na modhanna maraithe iomchuí a bhaineann go sonrach le speicis, modhanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(3) |
Tráth a glacadh an Treoir, níor leor an bonn fianaise eolaíche a bhí ann maidir leis na ceanglais iomchuí chóiríochta agus chúraim le haghaidh speicis áirithe, lena n-áirítear ceifileapóid, éisc shéabracha agus éin phasaireacha, agus maidir leis na modhanna maraithe iomchuí le haghaidh ceifileapód. Dá bhrí sin, níor áiríodh aon cheanglas a bhaineann go sonrach le speicis in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2010/63/AE le haghaidh na speiceas sin, nó níor áiríodh aon cheanglas maidir le ceifileapóid a mharú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(4) |
Ó bhí 2010 ann, tá eolas eolaíoch nua faighte faoi na ceanglais leasa a bhaineann le ceifileapóid, éisc shéabracha agus éin phasaireacha a choinnítear i mbraighdeanas, agus faoi cheifileapóid a mharú ar an mbealach is lú pian, fulaingt agus anacair dóibh, agus dá bhrí sin ba cheart Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2010/63/AE a oiriúnú dá réir sin. |
|
(5) |
Roinnt de na ceanglais nua a sainaithníodh maidir le héisc shéabracha agus ceifileapóid nach raibh san áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2010/63/AE, ba cheart iad a thabhairt isteach maidir le gach speiceas uisceach nó maidir le gach ainmhí. |
|
(6) |
Léiríonn an fhaisnéis a tíolacadh faoi Airteagal 54(3) de Threoir 2010/63/AE go measann roinnt Ballstát, ar bhonn a bhfuil ann faoi láthair d’fhianaise eolaíoch, gur modh iomchuí chun éisc shéabracha a mharú é turraing hipiteirmeach. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, rud a eascraíonn as díolúintí rialta a dheonaítear faoi Airteagal 6(4)(a) de Threoir 2010/63/AE, ba cheart an modh sin a cheadú chun éisc shéabracha a mharú. |
|
(7) |
Ó glacadh Treoir 2010/63/AE, tá fianaise eolaíoch nua tagtha chun cinn maidir lena mhí-oiriúnaí atá sé, gáis thámha (argón agus nítrigin) a úsáid chun creimirí a mharú, agus dá bhrí sin níor cheart a n-úsáid a cheadú a thuilleadh chun creimirí a mharú. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/63/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2010/63/AE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin an 4 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhfuil gá leo chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 4 Nollaig 2026.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is ar na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 276, 20.10.2010, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/63/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2010/63/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(*1) Ní cheadófar grúpaí ar mó iad ná 10 gan sceideal faireacháin sainithe a bheith ann agus é minic go leor chun ionsaitheacht a bhrath agus a mhaolú.’ ;
(*2) nó faoi bhun na teorann braite. léirítear le 0,1 mg/L an méid iomlán amóinia, NH3/NH4+. Comhfhreagraíonn sé sin do 0,002 mg/L de NH3 ag 28 °C agus pH 7,5 .
(*3) Fad an mhaintlín droma.
(*4) Suas le 40 ainmhí aonair a ghrúpáil.
(*5) Is fearr umair de chruth sorcóireach a úsáid. Méadófar na híosluachanna faoi 5 % i gcás ina n-úsáidtear umair neamh-shorcóireacha.
(*6) Is in umair shorcóireacha a lonnófar an mháthair shúigh agus an t-ochtapas agus iad i gcéim phlanctónach na hóige, umair ina mbeidh 20 goróg in aghaidh an lítir ar a mhéad, agus glacfar modhanna chun idirghníomhaíocht amhairc a theorannú.’.;
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2024/1262/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)