European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1252

3.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1252 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá rochtain ar amhábhair bunriachtanach do gheilleagar an Aontais agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá sraith amhábhar neamhfhuinnimh neamhthalmhaíochta ann a mheastar a bheith ríthábhachtach, mar gheall ar a mórthábhacht eacnamaíoch agus mar gheall ar a neamhchosaint ar ardriosca soláthair, ar minic gur comhchruinniú ard soláthair ó roinnt tríú tíortha is cúis leo. I bhfianaise an phríomhróil atá ag go leor amhábhair chriticiúla den sórt sin maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach, agus i bhfianaise a n-úsáide le haghaidh feidhmeanna cosanta agus aeraspáis, is dócha go dtiocfaidh méadú as cuimse ar an éileamh sna blianta amach romhainn. Ag an am céanna, tá an riosca go mbeidh suaitheadh soláthair ann ag méadú i gcoinne an chúlra de theannas geopholaitiúil agus iomaíocht acmhainní a bheith ag dul i méid. Chomh maith leis sin, mura ndéantar é a bhainistiú i gceart, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus shóisialta a bheith mar thoradh ar éileamh méadaithe ar amhábhair chriticiúla.

(2)

I bhfianaise chastacht agus chineál trasnáisiúnta na slabhraí luacha amhábhar criticiúil, tá an baol ann go mbainfí an bonn ó fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú. Is minic a eastósctar amhábhair chriticiúla i dtíortha nó i réigiúin shonracha, ag brath ar dháileadh geografach na gcúltacaí ábhartha, á n-iompar le haghaidh tuilleadh próiseála in áit eile agus ansin á ndíol ar fud an mhargaidh inmheánaigh lena n-úsáid i dtáirgí ábhartha. Ag an gcéim phróiseála, is minic a dhéantar amhábhair chriticiúla a allmhairiú agus a onnmhairiú roinnt uaireanta laistigh den mhargadh inmheánach sula n-úsáidtear iad in iarratas deiridh. Ar an gcaoi chéanna, is féidir táirgí ábhartha a athchúrsáil ag deireadh a ré d’fhonn amhábhair chriticiúla a aisghabháil i dtír nó i réigiún eile seachas an tír nó an réigiún ina mbailítear an dramhaíl, agus is dócha go ndéanfar na hamhábhair thánaisteacha a bheidh mar thoradh air sin a athonnmhairiú lena bpróiseáil agus lena n-úsáid tuilleadh. Thairis sin, tá gá le hamhábhair chriticiúla ag tús go leor slabhraí luacha tionsclaíocha agus is minic gur ionchuir fhíor-riachtanacha iad le haghaidh sraith leathan earnálacha straitéiseacha lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, an tionscal digiteach, agus na hearnálacha aeraspáis agus cosanta. Dá bhrí sin, tá ról bunriachtanach acu le linn bonn taca a chur faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach agus d’fhéadfadh tionchar suntasach trasteorann a bheith ag suaitheadh soláthair idir na Ballstáit.

(3)

Sa chomhthéacs sin, tá an baol ann go ndéanfadh gníomhaíochtaí neamh-chomhordaithe na mBallstát an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt, mar shampla trí rialáil dhibhéirseach a fhorchur ar oibreoirí margaidh, trí leibhéil éagsúla rochtana a sholáthar ar fhaireachán ar riosca soláthair, trí leibhéil éagsúla tacaíochta a sholáthar do thionscadail náisiúnta, nó trí bhacainní a chruthú ar thrádáil trasteorann idir na Ballstáit in amhábhair chriticiúla nó in earraí gaolmhara, rud a chruthódh bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach leor gníomhaíochtaí aonair na mBallstát chun suaitheadh soláthair amhábhar criticiúil a chosc go héifeachtach nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh siad chomh héifeachtúil céanna chun an aidhm sin a bhaint amach.

(4)

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, ba cheart, dá bhrí sin, comhchreat de chuid an Aontais a chruthú chun rochtain ar sholáthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus chun athléimneacht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a choimirciú.

(5)

Ar an gcéad dul síos, ba cheart leis an gcreat sin go saineofaí na hamhábhair a mheastar a bheith straitéiseach agus criticiúil agus athléimneacht na slabhraí soláthair le haghaidh na n-amhábhar sin san Aontas a neartú, lena n-áirítear trí thionscadailáirithe amhábhar a shainaithint agus tacú leo agus iad a aithint mar thionscadail straitéiseacha (Tionscadail Straitéiseacha), agus trí iarrachtaí a dhéanamh chun dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú. Ar an dara dul síos, is gá bearta a sholáthar chun cumas an Aontais a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar na rioscaí soláthair atá ann cheana agus cinn a bheidh ann amach anseo agus iad a mhaolú. Ar an tríú dul síos, ba cheart bearta a bheith sa chreat chun ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht na n-amhábhar criticiúil a úsáidtear san Aontas a mhéadú.

(6)

Lena áirithiú go ndíreofar na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo ar na hamhábhair is ábhartha, ba cheart liosta d’amhábhair straitéiseacha agus liosta d’amhábhair chriticiúla a bhunú. Ba cheart na liostaí sin a bheith bunaithe ar mhodheolaíochtaí soiléire, agus ba cheart don Choimisiún cumarsáid a dhéanamh go hoscailte agus go trédhearcach maidir lena gcur i bhfeidhm. Ba cheart na liostaí sin a úsáid freisin chun iarrachtaí na mBallstát a threorú agus a chomhordú chun cuidiú le haidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ba cheart amhábhair a bhfuil ardtábhacht straitéiseach ag baint leo maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bheith ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, agus a n-úsáid i dteicneolaíochtaí straitéiseacha atá mar bhonn taca leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach nó le haghaidh feidhmeanna cosanta nó aeraspáis á cur san áireamh, arb iad is saintréithe dóibh bearna shuntasach a d’fhéadfadh a bheith ann idir soláthar domhanda agus an t-éileamh réamh-mheasta, agus a bhfuil sé sách deacair an táirgeadh a mhéadú ina leith, mar shampla de bharr tréimhsí tionscanta fada le haghaidh tionscadail nua lena méadaítear an acmhainneacht soláthair. Chun athruithe teicneolaíochta agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh, ba cheart liosta na n-amhábhar straitéiseach a athbhreithniú go tréimhsiúil agus, más gá, a thabhairt cothrom le dáta. Chun a áirithiú go dtreiseoidh iarrachtaí chun acmhainneachtaí an Aontais a mhéadú feadh an tslabhra luacha, acmhainneacht an Aontais faireachán a dhéanamh ar rioscaí soláthair agus iad a mhaolú agus éagsúlú an tsoláthair a mhéadú dírithe ar na hamhábhair is mó a bhfuil gá leo ina leith, níor cheart feidhm a bheith ag bearta ábhartha áirithe ach amháin maidir le liosta na n-amhábhar straitéiseach. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit liostaí breise a chruthú ar bhonn a riachtanas náisiúnta sonrach, nó ó bhearta iomchuí a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta.

(7)

Ba cheart a bheith san áireamh sa liosta d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair straitéiseacha uile chomh maith le haon amhábhar eile a bhfuil ardtábhacht ag baint leo do gheilleagar foriomlán an Aontais agus lena mbaineann baol mór go mbeidh suaitheadh soláthair ann ar dócha go ndéanfaidh sé an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt. Sa bhreis ar na teicneolaíochtaí straitéiseacha, d’fhéadfadh earnálacha eile a bheith neamhchosanta ar rioscaí arda soláthair amach anseo. Chun athruithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha féideartha a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, ag leanúint an chleachtais reatha dó, measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar bhonn sonraí i gcás táirgeadh, trádáil, feidhmeanna, athchúrsála agus ionadú le haghaidh réimse leathan amhábhar chun liostaí na n-amhábhar straitéiseach agus criticiúil a thabhairt cothrom le dáta agus a bheidh ag teacht leis an bhforbairt ar an tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair a bhaineann leis na hamhábhair sin sa mhargadh inmheánach. Ba cheart a bheith san áireamh sa liosta d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair sin lena sroichtear nó lena sáraítear na tairseacha i gcás tábhacht eacnamaíoch agus riosca soláthair araon, gan na hamhábhair ábhartha a rangú de réir criticiúlachta. Ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar mheán na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil thar thréimhse 5 bliana. Na bearta a bhaineann leis an bpointe teagmhála aonair maidir le gach amhábhar criticiúil i dtaca le pleanáil, taiscéalaíocht, faireachán, ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu i dtaobh gach amhábhair chriticiúil.

(8)

Ba cheart ainmniúcháin sheanbhunaithe le haghaidh na n-amhábhar a liostaítear a úsáid sna liostaí straitéiseacha agus criticiúla. I gcás liosta na n-amhábhar straitéiseach, ba cheart tagairt a dhéanamh sna sonrúcháin, i gcás inarb iomchuí, don ghrád nach mór amhábhar a mhínghlanadh chun é a úsáid chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a mhonarú. Ba cheart tagairtí d’amhábhair straitéiseacha agus chriticiúla a thuiscint mar thagairtí do shlabhra luacha iomlán na n-amhábhar sin, lena n-áirítear ina bhfoirm neamhphróiseáilte agus ag gach céim den phróiseáil ag dul ar aghaidh, i gcás inarb infheidhme, chuig an ngrád sonraithe. Ba cheart soiléiriú eisceachtúil a dhéanamh ar an slabhra luacha alúmanaim, ina luaitear báicsít, a mian is tábhachtaí, agus alúmana, a fhoirm phróiseála idirmheánach, chomh maith le halúmanam. I mórán cásanna, déantar amhábhair straitéiseacha agus criticiúla a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil mar sheachtháirgí ó phríomhphróisis eile eastósctha, phróiseála agus athchúrsála. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh cineál seachtháirge na n-amhábhar difear dá gcuimsiú ar an liosta ná dá gcumhdach leis na forálacha ábhartha den Rialachán seo.

(9)

Chun tacú le cur chun feidhme na gcúraimí a bhaineann leis an bhforbairt ar Thionscadail Straitéiseacha agus lena maoiniú, lena gcláir taiscéalaíochta, lena n-acmhainneachtaí faireacháin nó lena stoic straitéiseacha agus chun comhairle iomchuí a thabhairt don Choimisiún, ba cheart Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (‘an Bord’) a bhunú. Ba cheart an Bord a bheith comhdhéanta de ionadaithe na mBallstát agus ón gCoimisiún, agus a bheith in ann rannpháirtíocht páirtithe eile mar bhreathnóirí a áirithiú ag an am céanna, go háirithe Parlaimint na hEorpa. Chun an saineolas is gá a fhorbairt ar mhaithe le cúraimí áirithe a chur chun feidhme, ba cheart don Bhord buan-fhoghrúpaí maidir le maoiniú, glacadh an phobail, taiscéalaíocht, faireachán agus, stoic straitéiseacha chomh maith le buan-fhoghrúpa maidir le ciorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus ionadú a bhunú, ar cheart dóibh gníomhú mar líonra trí na húdaráis náisiúnta ábhartha a thabhairt le chéile agus, nuair is gá, dul i gcomhairle leis an lucht tionscail, leis an lucht acadúil, leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe ábhartha eile. Ba cheart comhairle agus tuairimí an Bhoird a bheith neamhcheangailteach agus níor cheart go gcuirfeadh easpa comhairle ná tuairime den sórt sin cosc ar an gCoimisiún a chúraimí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo.

(10)

Is gá bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun cur chuige comhchoiteann a bhunú do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas atá gníomhach in eastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar straitéiseach nó a rannchuidíonn le táirgeadh ábhar ionadach ábhartha. Ba cheart do na Tionscadail Straitéiseacha sin, in éineacht le hiarrachtaí na mBallstát, cur le hacmhainneachtaí a mhéadú chun soláthar slán amhábhar straitéiseach a áirithiú. Tá sé beartaithe ag bearta eile, go háirithe maidir le taiscéalaíocht nó ciorclaíocht, chun cuidiú le céimeanna éagsúla den slabhra luacha a threisiú freisin.

(11)

Chun laghdú a dhéanamh ar riosca méadaitheach an Aontais maidir le suaitheadh soláthair ar dócha go ndéanfaidh sé an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit acmhainneacht ag céimeanna éagsúla de shlabhra luacha na n-amhábhar straitéiseach a neartú, chun cur le tagarmharcanna a bhaint amach a bhaineann le hacmhainneachtaí an Aontais agus le héagsúlú soláthair. Ba cheart go gcuideodh na tagarmharcanna sin le hiarrachtaí a threorú chun acmhainneachtaí an Aontais a neartú ag gach céim den slabhra luacha straitéiseach amhábhar, lena n-áirítear eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil, agus chun éagsúlú soláthairtí seachtracha amhábhar straitéiseach a mhéadú. Ba cheart go bhféachfaí le hacmhainneachtaí a mhéadú do gach amhábhar straitéiseach ag gach céim den slabhra luacha, agus é mar aidhm tagarmharcanna foriomlána acmhainneachta ar leibhéal an Aontais a bhaint amach maidir le heastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar straitéiseach. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don Aontas úsáid as a acmhainní geolaíocha féin d’amhábhair straitéiseacha a mhéadú agus acmhainneacht a fhorbairt ionas gur féidir leis na hábhair is gá a bhaint amach chun 10 % ar a laghad de thomhaltas amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh. Á gcur san áireamh go mbraitheann an acmhainneacht eastósctha go mór ar acmhainní geolaíocha an Aontais a bheith ar fáil, braitheann baint amach an tagarmhairc sin ar an infhaighteacht sin. Ar an dara dul síos, chun slabhra luacha iomlán a chruthú agus cosc a chur ar aon bhac ag na céimeanna idirmheánacha, ba cheart acmhainneacht próiseála an Aontais a mhéadú freisin agus ba cheart don Aontas a bheith in ann 40 % ar a laghad dá thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach a tháirgeadh. Ar an tríú dul síos, táthar ag súil gur féidir sciar atá ag méadú de thomhaltas amhábhar straitéiseach an Aontais a chumhdach le hamhábhair thánaisteacha sna blianta amach romhainn, rud a chuirfeadh feabhas ar shlándáil agus ar inbhuanaitheacht sholáthar amhábhar an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart acmhainneacht athchúrsála an Aontais a bheith in ann 25 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh agus ba cheart don Aontas a bheith in ann méideanna gach amhábhair straitéisigh ó dhramhaíl atá ag méadú go suntasach a athchúrsáil. I gcás sruthanna dramhaíola agus amhábhair straitéiseacha a bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil ina leith chun acmhainneacht athchúrsála an Aontais a mheas mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá sna sruthanna dramhaíola sin, ba cheart tagarmharc breise bunaithe ar dhramhaíl a shocrú. Le hiarrachtaí tionlacain chun éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú trí thaighde agus nuálaíocht, ionadú, múscailt feasachta agus bearta ábhartha eile, éascófar freisin na tagarmharcanna sin a bhaint amach. Tagraíonn na tagarmharcanna sin do thréimhse ama 2030, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais arna leagan síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus na spriocanna digiteacha mar a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a bhfuil siad mar bhonn fúthu. Ina theannta sin, le poist ardchaighdeáin, lena n-áirítear forbairt scileanna agus aistriú ó phost go post, tabharfar aghaidh ar na rioscaí sa mhargadh saothair earnála agus cuideoidh siad le hiomaíochas an Aontais a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú freisin chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú faoi bhun réamh-mheastacháin tagartha iomchuí. I gcomhthéacs bearta cur chun feidhme a ullmhú de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar rannchuidiú féideartha na gceanglas éicidhearthóireachta le baint amach thosaíochtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(12)

Maidir le roinnt amhábhar, braitheann an tAontas go hiomlán, nach mór, ar aon tír amháin dá sholáthar. Cruthaíonn na spleáchais sin riosca ard de shuaitheadh soláthair ar dócha go ndéanfaidh sé an iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt. Chun an riosca féideartha sin a theorannú agus chun athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a mhéadú, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh lena áirithiú, nach mbeidh an tAontas ag brath, faoi 2030, ar aon tríú tír amháin le haghaidh níos mó ná 65 % dá sholáthar d’aon amhábhar straitéiseach, neamhphróiseáilte agus ag aon chéim den phróiseáil, agus aird ar leith á tabhairt, áfach, ar thíortha a bhfuil comhpháirtíocht straitéiseach (Comhpháirtíocht Straitéiseach), comhaontú saorthrádála nó cineálacha eile comhair lena gcumhdaítear amhábhair, ós rud é go soláthraíonn siad ráthaíochtaí níos mó maidir le rioscaí soláthair.

(13)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na tagarmharcanna in am, ba cheart don Choimisiún, le cuidiú ón mBord, an dul chun cinn i dtreo na tagarmharcanna agus i dtreo mhaolú an éilimh a rianú agus a thuairisciú. I gcás nach leor an dul chun cinn a thuairiscítear i dtreo na dtagarmharcanna agus i dtreo mhaolú an éilimh go ginearálta, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar indéantacht agus comhréireacht na mbeart breise. I bprionsabal, níor cheart go spreagfadh easpa dul chun cinn ar shraith amháin nó ar shraith bheag amhábhar straitéiseach an gá atá le hiarrachtaí breise ón Aontas.

(14)

Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord, tionscadail san Aontas a shainaithint a bhfuil sé beartaithe ina leith tús a chur le heastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar straitéiseach, nó i dtáirgeadh agus i méadú ábhar is féidir a chur in ionad amhábhair straitéiseacha i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, agus é mar aidhm tionscadail den sórt sin a aithint mar Thionscadail Straitéiseacha. Le tacaíocht éifeachtach i gcomhair Tionscadail Straitéiseacha, d’fhéadfaí feabhas a chur ar rochtain ar amhábhair straitéiseacha d’earnálacha iartheachtacha chun deiseanna eacnamaíocha a chruthú feadh an tslabhra luacha, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus d’fhéadfaí cur le cruthú fostaíochta. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go ndéanfar Tionscadail Straitéiseacha a fhorbairt ar fud an Aontais, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin tairbhe as nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe agus intuartha agus as tacaíocht chun rochtain a fháil ar mhaoiniú. Le bearta den sórt sin d’fhéadfaí feabhsuithe ar nósanna imeachta ceadaithe eile agus ar rochtain ar mhaoiniú do thionscadail a bhaineann le hamhábhair chriticiúla nó d’amhábhair eile a spreagadh freisin. Chun tacaíocht a dhíriú agus a mbreisluach a áirithiú, ba cheart tionscadail a mheasúnú, sula dtabharfar an tacaíocht sin ina leith, i gcomhréir le sraith critéar. Maidir le tionscadail amhábhar ina bhfuil amhábhair straitéiseacha ina seachtháirge, lena n-áirítear mar shampla ó dhramh feiriúil, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh an tacaíocht sin, má chomhlíonann siad na critéir ábhartha uile. Chun go n-aithneofar iad mar Thionscadail Straitéiseacha san Aontas, ba cheart leis na tionscadail go ndéanfaidís slándáil soláthair an Aontais chun amhábhair straitéiseacha a neartú. Ba cheart leis na tionscail freisin go ndéanfaidís indéantacht theicniúil leordhóthanach a léiriú, lena n-áirítear méid ionchasach na n-amhábhar straitéiseach nó na n-ábhar ionadach lena méadaítear acmhainneacht an Aontais, cé is moite d’ábhair a tháirgtear chun críocha taighde; ba cheart tionscadail a chur chun feidhme ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de; agus ba cheart go ndéanfaí tairbhí trasteorann a sholáthar leo freisin lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear éifeachtaí iarmharta níos faide síos sa slabhra luacha. I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar na critéir sin atá le comhlíonadh, ba cheart dó an t-aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fhoilsiú trí bhíthin chinneadh. Ós rud é go bhfuil aitheantas gasta ríthábhachtach chun tacú go héifeachtach le slándáil soláthair an Aontais, ba cheart go gcoinneofaí an próiseas measúnaithe éadrom agus nach mbeadh sé ródheacair.

(15)

Agus measúnú á dhéanamh an rannchuidíonn tionscadal i dtríú tír nó i dtír nó i gcríoch thar lear (OCT) le slándáil soláthair an Aontais, ba cheart stádas OCTanna faoi dhlí an Aontais a chur san áireamh go háirithe. Is féidir le OCTanna rannchuidiú le rochtain shábháilte an Aontais ar sholáthar inbhuanaithe amhábhar straitéiseach agus criticiúil, go háirithe faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí straitéiseacha.

(16)

Ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord, Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha nó in OCTanna a shainaithint a bhfuil sé beartaithe ina leith tús a chur le heastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil amhábhar straitéiseach, nó i dtáirgeadh agus i méadú ábhar is féidir a chur in ionad amhábhair straitéiseacha i dteicneolaíochtaí straitéiseacha. Chun a áirithiú go gcuirfear na Tionscadail Straitéiseacha sin chun feidhme go héifeachtach, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as rochtain níos fearr ar mhaoiniú, mar shampla trí rochtain ar shásraí laghdaithe riosca le haghaidh infheistíochta. Chun a mbreisluach a áirithiú, ba cheart tionscadail a mheasúnú i gcomhréir le sraith critéar. Amhail Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, ba cheart go neartófaí leo slándáil soláthair an Aontais le haghaidh amhábhair straitéiseacha, agus ba cheart go léireofaí indéantacht theicniúil leordhóthanach. Ní mór do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas agus Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha nó in OCTanna cloí leis an leibhéal céanna inbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil. Maidir le Tionscadal Straitéiseach i margadh atá ag teacht chun cinn nó i ngeilleagar atá i mbéal forbartha, ba cheart go rachadh tionscadal chun tairbhe an Aontais agus an tríú tír lena mbaineann araon agus go gcuirfeadh sé luach leis sa tír sin, agus a chomhsheasmhacht maidir le comhbheartas tráchtála an Aontais á cur san áireamh freisin. Féadfar luach den sórt sin a fháil ó chion an tionscadail le níos mó ná céim amháin den slabhra luacha agus ó thairbhí eacnamaíocha agus sóisialta níos leithne a chruthú tríd an tionscadal, lena n-áirítear poist a chruthú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú ar na critéir sin atá le comhlíonadh, ba cheart dó an t-aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fhoilsiú trí bhíthin cinneadh.

(17)

Chun inbhuanaitheacht an mhéadaithe ar tháirgeadh amhábhar criticiúil a áirithiú, ba cheart tionscadail amhábhar criticiúil nua a phleanáil agus a chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe lena gcumhdaítear gach gné den inbhuanaitheacht a léirítear i bhfoilseachán ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2021, dar teideal ‘EU principles for sustainable raw materials’ [Prionsabail an Aontais maidir le hamhábhair inbhuanaithe], lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil a áirithiú, drochthionchair shóisialta a chosc agus a íoslaghdú trí chleachtais atá inbhuanaithe go sóisialta a úsáid, lena n-áirítear urraim do chearta an duine amhail cearta na mban, agus cleachtais ghnó thrédhearcacha. Ba cheart rannpháirtíocht de mheon macánta chomh maith le comhairliúcháin chuimsitheacha chothromasacha le geallsealbhóirí ábhartha amhail pobail áitiúla agus le pobail dhúchasacha, a áirithiú leis na tionscadail freisin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar urraim do chearta an duine i gcás ina bhféadfadh athlonnú a bheith i gceist le tionscadal. Chun bealach soiléir agus éifeachtúil a sholáthar do thionscnóirí tionscadail chun an critéar sin a chomhlíonadh, ba cheart a mheas gur leor comhlíonadh dlí ábhartha an Aontais nó dlí náisiúnta ábhartha, caighdeáin idirnáisiúnta, treoirlínte agus prionsabail, de réir mar is ábhartha, nó rannpháirtíocht i scéim deimhniúcháin a aithnítear faoin Rialachán seo.

(18)

I gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, níor cheart don Choimisiún tionscadal mianadóireachta domhainfharraige a aithint mar Thionscadail Straitéiseacha sula mbeidh taighde leordhóthanach déanta ar éifeachtaí na mianadóireachta domhainfharraige ar an muirthimpeallacht, ar an mbithéagsúlacht agus ar ghníomhaíochtaí an duine, sula dtuigfear na rioscaí agus go mbeidh na teicneolaíochtaí agus na cleachtais oibríochtúla in ann a léiriú nach ndéantar díobháil thromchúiseach don chomhshaol.

(19)

Ba cheart aon tionscnóir tionscadail de thionscadal straitéiseach amhábhar a bheith in ann iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun aitheantas a fháil dá thionscadail mar Thionscadal Straitéiseach. Ba cheart a chuimsiú san iarratas doiciméid ábhartha agus fianaise a bhaineann leis na critéir. Chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar inmharthanacht shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch, ar indéantacht an tionscadail chomh maith leis an leibhéal muiníne sna meastacháin, ba cheart don tionscnóir tionscadail aicmiú an tionscadail a sholáthar de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní. Chun bailíochtú oibiachtúil a éascú, ba cheart don tionscnóir tionscadail tacú leis an aicmiú sin le fianaise ábhartha. Ba cheart tráthchlár don tionscadal a chur i gceangal le hiarratas freisin, chun a mheas cathain a bheadh an tionscadal in ann cur leis na tagarmharcanna maidir le hacmhainneacht intíre nó maidir le héagsúlú. Ós rud é go bhfuil glacadh an phobail le tionscadail mhianadóireachta ríthábhachtach dá gcur chun feidhme éifeachtach, ba cheart don tionscnóir tionscadail plean a sholáthar freisin ina mbeadh bearta chun glacadh an phobail a éascú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhpháirtithe sóisialta, ar an tsochaí shibhialta agus ar chomhlachtaí maoirseachta. Ba cheart don tionscnóir tionscadail plean gnó a sholáthar freisin ina dtabharfar faisnéis maidir le hinmharthanacht airgeadais an tionscadail agus ina dtabharfar forléargas ar chistiú, struchtúr úinéireachta agus comhaontuithe ceannaigh atá faighte cheana féin chomh maith le meastacháin ar chruthú féideartha post agus ar riachtanais an tionscadail i gcomhthéacs lucht saothair oilte, lena n-áirítear uas-sciliú agus athsciliú. Chun an próiseas iarratais a chomhchuibhiú, ba cheart don Choimisiún teimpléad aonair a sholáthar le haghaidh iarratas.

(20)

Maidir le hiarratais a bhaineann le tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha, ba cheart go n-áireofaí plean ina bhfuil bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha a ndéantar difear dóibh, do chosc agus d’íoslaghdú na ndrochthionchar ar phobail dhúchasacha sin, agus, i gcás inarb iomchuí, do chúiteamh cothrom. Má thugtar aghaidh ar na coincheapa sin sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an tionscadal, d’fhéadfaí, ina ionad sin, cur síos a dhéanamh sa phlean ar na bearta sin. Maidir le tionscadail i dtríú tíortha a bhaineann le heastóscadh nach gcumhdaítear le Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart don tionscnóir tionscadail plean a sholáthar freisin chun feabhas a chur ar staid chomhshaoil na láithreán a ndéantar difear dóibh tar éis dheireadh an eastósctha. Má tá an tionscadal lonnaithe i limistéar faoi chosaint, ba cheart don tionscnóir tionscadail measúnú a dhéanamh ar shuíomhanna malartacha atá iomchuí go teicniúil agus tuairisc a thabhairt orthu i bplean, lena n-áirítear an fáth nach meastar iad a bheith iomchuí do shuíomh an tionscadail.

(21)

Chun an próiseas a struchtúrú, ba cheart don Choimisiún glao oscailte a eagrú le scoithdhátaí rialta, a chomhfhreagraíonn do dhátaí cruinnithe an Bhoird, chun go ndéanfaidh tionscnóirí tionscadail iarratas ar aitheantas dá dtionscadail mar Thionscadail Straitéiseacha. Chun soiléireacht a thabhairt do thionscnóirí tionscadail maidir lena n-iarratais ar Thionscadail Straitéiseacha, ba cheart don Choimisiún spriocdháta a chomhlíonadh chun a chinneadh a dhéanamh ar thionscadal a aithint mar thionscadal straitéiseach. Chun freastal ar chásanna atá thar a bheith casta nó ar líon ard iarratas ag aon sprioc-am amháin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann síneadh a chur leis an sprioc-am sin uair amháin. Ba cheart dó a mheasúnú a roinnt leis an mBord roimh a chruinniú agus ba cheart tuairim an Bhoird a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le Tionscadal Straitéiseach a aithint.

(22)

Mar go bhfuil gá le comhar ón mBallstát ar ar a chríoch a gcuirfear Tionscadal Straitéiseach chun feidhme lena chur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, ba cheart an ceart a bheith ag an mBallstát sin cur i gcoinne go dtabharfaí stádas Tionscadail Straitéisigh do thionscadal, ar an dóigh sin, an tionscadal sin a chosc. Má dhéanann sé amhlaidh, ba cheart don Bhallstát ábhartha cúiseanna a thabhairt lena dhiúltú faoi threoir na gcritéar dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar an gcéanna, níor cheart don Aontas aitheantas a thabhairt do thionscadal mar Thionscadail Straitéiseach i gcás ina bhfuil sé le cur tríú tír chun feidhme i gcoinne thoil a rialtais agus, dá bhrí sin, níor cheart dó déanamh amhlaidh i gcás ina gcuirfeadh rialtas tríú tír ina choinne.

(23)

Chun mí-úsáid stádas an Tionscadail Straitéisigh a chosc, ba cheart don Choimisiún a bheith i dteideal a aitheantais mar Thionscadal Straitéiseach a tharraingt siar agus cúiseanna leis sin a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBord agus leis an tionscnóir tionscadail atá freagrach mura gcomhlíonann Tionscadal Straitéiseach na coinníollacha a thuilleadh nó má bhí an t-aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart atá ábhartha leis an measúnú ar na critéir roghnúcháin. D’fhonn infheistíochtaí fadtéarmacha a mhealladh agus intuarthacht dhlíthiúil a áirithiú, i gcás nuashonruithe ar an liosta amhábhar straitéiseach in Iarscríbhinn, ba cheart do Thionscadal Straitéiseach a stádas a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnta tar éis na tarraingthe siar.

(24)

I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun slándáil sholáthar na n-amhábhar straitéiseach a áirithiú agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, ba cheart a mheas gur chun leasa an phobail iad Tionscadail Straitéiseacha Tá sé ríthábhachtach slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach a áirithiú chun go n-éireoidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach chomh maith le hathléimneacht earnálacha na cosanta agus an aeraspáis. Chun rannchuidiú le slándáil soláthair amhábhar straitéiseach san Aontas, Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht i bpróisis náisiúnta deonaithe ceadanna chun dlús a chur le Tionscadail Straitéiseacha a bhaint amach i gcomhréir le dlí an Aontais.

(25)

Áirithítear leis an bpróisis náisiúnta deonaithe ceadanna go mbeidh tionscadail amhábhar criticiúil sábháilte, slán agus go gcomhlíonann siad ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta. Le dlí comhshaoil an Aontais, leagtar síos coinníollacha comhchoiteanna maidir le hábhar an phróisis náisiúnta deonaithe ceadanna, rud a áirithíonn ardleibhéal cosanta comhshaoil agus a éascaíonn saothrú inbhuanaithe ionchasacht an Aontais feadh an tslabhra luacha amhábhar. Dá bhrí sin, ba cheart go n-aithneofaí mar Thionscadal Straitéiseach é gan dochar d’aon choinníoll is infheidhme maidir le ceadú na dtionscadal ábhartha, lena n-áirítear na coinníollacha sin a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle (8), i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i dTreoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), i dTreoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus i dTreoir 2006/21/CE.

(26)

Ag an am céanna, le hintuarthacht, castacht agus, uaireanta, fad iomarcach na bpróiseas náisiúnta deonaithe ceadanna, baintear an bonn ón tslándáil infheistíochta is gá chun tionscadail amhábhar straitéiseach a fhorbairt go héifeachtach. D’fhéadfadh struchtúr agus fad an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ábhartha a bheith an-éagsúil ó Bhallstát go Ballstát freisin. Dá bhrí sin, lena gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus dlús a chur leis, ba cheart do na Ballstáit próisis deonaithe ceadanna cuíchóirithe agus intuartha a chur i bhfeidhm maidir le próisis a ghabhann le Tionscadail Straitéiseacha. Chuige sin, ba cheart stádas tosaíochta a thabhairt do Thionscadail Straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta chun láimhseáil mhear riaracháin agus láimhseáil práinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach agus réitigh díospóidí a bhaineann leo. Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar údaráis inniúla an ceadú a chuíchóiriú do thionscadail maidir leis an slabhra luacha amhábhar criticiúil nach Tionscadail Straitéiseacha iad.

(27)

I bhfianaise a róil maidir le slándáil soláthair an Aontais chun amhábhair straitéiseacha a áirithiú, agus i bhfianaise a mhéid a chuireann siad le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart don údarás ceadaithe atá freagrach a mheas go dtéann Tionscadail Straitéiseacha chun leasa an phobail. Ba cheart go bhféadfaí Tionscadail Straitéiseacha a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol a údarú, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme Threoracha 2000/60/CE, 92/43/CEE nó 2009/147/CE nó gníomhartha reachtacha an Aontais maidir le héiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athbhunú i gcás ina gcinneann an t-údarás ceadaithe atá freagrach, bunaithe ar a mheasúnú cás ar chás, go sáraíonn leas an phobail a bhfreastalaíonn an tionscadal air na tionchair sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin. Sa mheasúnú cás ar chás, ba cheart sainiúlacht gheolaíoch na láithreán eastósctha a chur san áireamh go cuí, rud a chuireann srian ar chinntí maidir le suíomh in éagmais suíomhanna malartacha do na láithreáin sin.

(28)

Chun castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú sa phróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart tionscnóirí tionscadail tionscadal amhábhar criticiúil a bheith in ann idirghníomhú le pointe teagmhála aonair, atá freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna ina iomláine a éascú agus a chomhordú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála aonair amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú, agus a áirithiú ag an am céanna nach gá do thionscnóirí tionscadail idirghníomhú ach le pointe teagmhála aonair amháin. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé a chinneadh an údarás é pointe teagmhála aonair a dhéanann cinntí ceadaithe. Chun cur chun feidhme éifeachtach a bhfreagrachtaí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pearsanra agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá bpointí teagmhála aonair. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag an tionscnóir tionscadail teagmháil a dhéanamh le haonad riaracháin ábhartha laistigh den phointe teagmhála aonair, chun a áirithiú go bhfuil teagmháil inrochtana aige.

(29)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, i bhfianaise a n-eagrúcháin inmheánaigh, a bpointe teagmhála aonair nó a bpointí teagmhála aonair a bhunú nó a ainmniú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó ar aon leibhéal riaracháin ábhartha eile. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, ar an leibhéal riaracháin atá roghnaithe acu, pointí teagmhála aonair éagsúla a bhunú nó a ainmniú nach ndíreofar leo ach ar thionscadail amhábhar criticiúil a bhaineann le céim shonrach den slabhra luacha, eadhon eastóscadh, próiseáil nó athchúrsáil. Ag an am céanna, ba cheart tionscnóirí tionscadail a bheith in ann an pointe teagmhála aonair atá freagrach as a dtionscadal a shainaithint go héasca. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, laistigh den limistéar geografach a chomhfhreagraíonn don leibhéal riaracháin ar ar roghnaigh siad a bpointe nó a bpointí teagmhála aonair a bhunú nó a ainmniú, nach mbeidh níos mó ná pointe teagmhála aonair amháin atá freagrach as gach céim ábhartha sa slabhra luacha. Ós rud é go gcumhdaíonn roinnt tionscadail amhábhar criticiúil níos mó ná céim amháin sa slabhra luacha, ba cheart do na Ballstáit, chun mearbhall a sheachaint, a áirithiú go ndéanfar pointe teagmhála aonair a ainmniú go tráthúil le haghaidh na dtionscadal sin.

(30)

Chun soiléireacht a áirithiú maidir le stádas ceadaithe na dTionscadal Straitéiseach agus chun éifeachtacht mí-úsáide féideartha as an dlíthíocht a theorannú, agus gan an bonn a bhaint ó athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar aon díospóid a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le Tionscadail Straitéiseacha a réiteach go tráthúil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag iarratasóirí agus ag tionscnóirí tionscadail ar nósanna imeachta simplí um réiteach díospóidí agus go bhfuil Tionscadail Straitéiseacha faoi réir láimhseáil phráinneach i ngach nós imeachta breithiúnach agus réitigh díospóide a bhaineann le tionscadail, má fhoráiltear, i gcás ina bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta práinne den sórt sin agus a mhéid a fhoráiltear amhlaidh.

(31)

Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnóthaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta i dtaca le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do na ceanglais faisnéise agus do na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh. Go sonrach, ba cheart a áirithiú gur féidir le tionscnóirí tionscadail Tionscadail Straitéisigh rochtain a fháil ar aon nós imeachta a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna ar líne agus é a chomhlánú go hiomlán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/1724 agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis.

(32)

Chun an tslándáil agus an tsoiléireacht is gá chun méadú a dhéanamh ar fhorbairt an Tionscadail Straitéisigh a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí eile, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach rachaidh an próiseas deonaithe ceadanna a bhaineann leis tionscadail sin thar na teorainneacha ama réamhshocraithe. I gcás Tionscadail Straitéiseacha nach mbaineann ach le próiseáil nó le hathchúrsáil, níor cheart go mairfeadh an próiseas deonaithe ceadanna níos mó ná 15 mhí. I gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh, níor cheart go mairfeadh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná 27 mí, agus castacht agus méid na dtionchar féideartha i gceist á gcur san áireamh. Mar sin féin, is ar thionscnóir an tionscadail atá an fhreagracht an tuarascáil maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a ullmhú de bhun Threoir 2011/92/AE agus níor cheart é a bheith mar chuid de na hamlínte atá faoi cheangal ag na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart don phointe teagmhála aonair fógra a thabhairt faoin dáta faoinar gá don tionscnóir tionscadail an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chur isteach, agus níor cheart aon tréimhse idir an dáta sin ar tugadh fógra ina leith agus cur isteach iarbhír na tuarascála a áireamh san amlíne. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna más rud é, tar éis na gcomhairliúchán a cheanglaítear, ina dtugann an pointe teagmhála aonair fógra don tionscnóir tionscadail faoin deis faisnéis bhreise a chur isteach chun an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chomhlánú. I gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh a chur leis na teorainneacha ama. D’fhéadfaí a bheith san áireamh sna cásanna eisceachtúla sin imthosca gan choinne as a n-eascróidh an gá cur leis na measúnuithe comhshaoil a bhaineann leis an tionscadal nó iad a thabhairt chun críche.

(33)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní agus pearsanra leordhóthanacha ag na húdaráis atá freagrach chun ligean do na húdaráis sin na teorainneacha ama a fhorchuirtear orthu a bhaint amach go héifeachtach. Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, athchóirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an acmhainneacht riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas náisiúnta deonaithe ceadanna a neartú, amhail an pointe teagmhála aonair.

(34)

Tá na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais ina gcuid dhílis den phróiseas deonaithe ceadanna maidir le tionscadal amhábhar, lena n-áirítear i ndáil le huisce, ithir, gnáthóga agus éin, agus is cosaint fhíor-riachtanach iad lena áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a chosc nó a íoslaghdú. Lena áirithiú go mbeidh an próiseas deonaithe ceadanna maidir le Tionscadail Straitéiseacha intuartha agus tráthúil, áfach, ba cheart aon ionchasacht maidir leis na measúnuithe agus na húdaruithe is gá a chuíchóiriú agus é sin a dhéanamh gan an leibhéal cosanta comhshaoil ná cáilíocht na measúnuithe a ísliú. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaidh na measúnuithe is gá a chuachadh trí nós imeachta comhpháirteach nó comhordaithe chun forluí neamhriachtanach a chosc. Ina theannta sin, ba cheart go n-aontóidh tionscnóirí tionscadail agus údaráis atá freagrach go sainráite faoi raon feidhme an mheasúnaithe chuachtaithe sula gcuirfear chun feidhme é chun an gá atá le bearta leantacha neamhriachtanacha a chosc. Ar deireadh, go mbeadh tionscnóirí tionscadail in ann idirghníomhú le húdarás aonair chun críocha an nós imeachta comhpháirteach nó chomhordaithe sin.

(35)

Is féidir bacainní a chruthú le coinbhleachtaí úsáide talún ar úsáid tionscadal amhábhar criticiúil. Pleananna dea-dheartha, lena n-áirítear pleananna spáis agus criosú, ina gcuirtear san áireamh an acmhainn chun tionscadail amhábhar criticiúil a chur chun feidhme agus a ndéantar measúnú ar a dtionchair fhéideartha ar an gcomhshaol, d’fhéadfadh siad a bheidh ina gcuidiú le hearraí agus leasanna poiblí a chothromú, rud a laghdóidh an riosca coinbhleachta agus a chuirfidh dlús le cur chun feidhme inbhuanaithe tionscadal amhábhar criticiúil san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá freagrach smaoineamh ar fhorálacha maidir le tionscadail amhábhar criticiúil a chur san áireamh agus pleananna ábhartha á bhforbairt acu. Tá an méid sin gan dochar do na ceanglais atá ann cheana chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag pleananna sin ar an gcomhshaol agus do cháilíocht riachtanach na measúnuithe sin.

(36)

Laistigh den Aontas, is minic a bhíonn deacrachtaí ag tionscadail amhábhar criticiúil maidir le rochtain ar mhaoiniú. Is minic a bhíonn ardluaineacht praghsanna, agaí tionscanta fada, comhchruinniú ard agus teimhneacht i gceist le margaí amhábhar criticiúil. Ina theannta sin, éilítear le maoiniú don earnáil ardleibhéal saineolais, rud a bhíonn in easnamh go minic i measc institiúidí airgeadais. Chun na tosca sin a shárú agus chun cur lena áirithiú go mbeidh soláthar cobhsaí iontaofa amhábhar straitéiseach ann, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún cuidiú a thabhairt le linn rochtain ar mhaoiniú agus tacaíocht riaracháin.

(37)

Tá gá le slabhra luacha láidir Eorpach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus chun acmhainneachtaí a mhéadú, ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin le hacmhainní leormhaithe airgeadais, ar féidir le cuid de teacht ó chistí an Aontais atá ann cheana. D’fhéadfadh tionscadail amhábhar criticiúil, lena n-áirítear Tionscadail Straitéiseacha, a bheith incháilithe do thacaíocht ó na cistí sin má chomhlíontar ceanglais na gclár ábhartha, mar shampla ceanglais a bhaineann le suíomh geografach, leis an gcomhshaol nó lena rannchuidiú leis an nuálaíocht. Cuimsíonn na cistí ábhartha cláir beartais chomhtháthaithe, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a bhféadfadh a leithdháileadh deontais chun comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn a chumasú do FBManna tionscadail nuálacha a fhorbairt, mar shampla tionscadail atá nasctha le laghdú ar thomhaltas fuinnimh i bpróiseáil amhábhar. Is féidir an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a úsáid freisin chun tacú leis na cineálacha sin tionscadal a mhéid a chuireann siad leis na costais shóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn as an aistriú glas a laghdú. Ina theannta sin, is féidir leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), go háirithe an Chaibidil maidir le RePowerEU ina ndírítear ar shlándáil fuinnimh agus ar éagsúlú an tsoláthair fuinnimh, chun tacú le tionscadail a bhfuil baint acu, mar shampla, le hathchúrsáil nó aisghabháil amhábhar. Leis an gCiste don Nuálaíocht arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), arb é chuspóir, go háirithe teicneolaíochtaí glana agus nuálacha a chur chun cinn i dtreo an mhargaidh, d’fhéadfaí deontais a sholáthar, inter alia, chun forbairt acmhainneacht athchúrsála amhábhar a bhaineann le teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chumasú. Thairis sin, is é clár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú agus cúnamh teicniúil a sholáthar. Trí shásraí cumaisc a úsáid, rannchuidíonn InvestEU le caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. Oibreoidh an Coimisiún le comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU chun tacaíocht do thionscadail ábhartha agus infheistíocht iontu a mhéadú, i gcomhréir leis na cuspóirí coiteanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/523 agus Rialachán seo. Ar deireadh, féadfar tacú le tionscadail i dtríú tíortha a rannchuidíonn le héagsúlú sholáthar an Aontais trí chistí ábhartha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, agus an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(38)

Chun teorainneacha na n-iarrachtaí ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha reatha a bhíonn ilroinnte go minic a shárú, comhtháthú agus toradh ar infheistíocht a éascú, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do bhainc cur chun cinn comhordú agus sineirgí a chruthú ar bhealach níos fearr idir na cláir um maoiniú atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ba cheart dóibh comhordú agus comhar níos fearr leis an tionscal agus le príomh-gheallsealbhóirí san earnáil phríobháideach a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart foghrúpa tiomnaithe den Bhord a bhunú ina dtabharfar le chéile saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chomh maith le hinstitiúidí airgeadais poiblí ábhartha. Ba cheart don fhoghrúpa sin plé a dhéanamh ar riachtanais mhaoiniúcháin aonair na dTionscadal Straitéiseach agus ar na féidearthachtaí maoiniúcháin a bhaineann leo cheana chun moladh a thabhairt do thionscnóirí tionscadail maidir leis an mbealach is fearr le rochtain a fháil ar na féidearthachtaí maoiniúcháin atá ann cheana. Agus moltaí á bplé agus á ndéanamh chun Tionscadail Straitéiseacha a mhaoiniú i dtríú tíortha, ba cheart don Bhord an straitéis Global Gateway a chur san áireamh go háirithe, a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021, dar teideal ‘An Tairseach Domhanda’.

(39)

Tá infheistíocht phríobháideach arna déanamh ag cuideachtaí, infheisteoirí airgeadais agus ceannaitheoirí bunriachtanach. I gcás nach leor infheistíocht phríobháideach amháin, d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith ag teastáil chun tionscadail feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí iasachtaí nó infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí cuasachothromais. D’fhéadfadh státchabhair a bheith i gceist leis an tacaíocht phoiblí sin. Ba cheart éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair sin, agus ní mór di a bheith riachtanach, iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte státchabhrach atá ann cheana, a ndearnadh grinn-athbhreithniú orthu le déanaí i gcomhréir le cuspóirí an dá aistriú, soláthraítear go leor féidearthachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil faoi réir coinníollacha áirithe.

(40)

Úsáidtear tacaíocht phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh gníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir don Aontas a bheith ag na gníomhaíochtaí.

(41)

Mar gheall ar phraghsanna luaineacha maidir le roinnt amhábhair straitéiseacha, a dhéantar níos measa mar gheall ar an mbealach teoranta atá ann chun iad a fhálú ar réamh-mhargaí, cruthaítear constaic do thionscnóirí tionscadail maidir le maoiniú a fháil i gcomhair tionscadail amhábhar straitéiseach agus i gcomhair tomhaltóirí iartheachtacha a lorgaíonn praghsanna cobhsaí agus intuartha a fháil le haghaidh príomh-ionchur. D’fhonn an éiginnteacht maidir le praghsanna ar amhábhair straitéiseacha amach anseo a laghdú agus ar an gcaoi sin an riosca soláthair a theorannú chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, is gá foráil a dhéanamh maidir le córas a chur ar bun lena gcuirfear ar chumas ceannaitheoirí a bhfuil suim acu ann agus tionscnóirí Tionscadal Straitéiseach araon a dtairiscintí ceannaigh nó díola a chur in iúl agus iad a chur i dteagmháil le chéile i gcás ina bhféadfadh na tairiscintí faoi seach a bheith comhoiriúnach.

(42)

Forbraíodh an t-eolas agus an mhapáil atá ann cheana ar tharluithe amhábhar an Aontais tráth nach raibh sé ina thosaíocht soláthar amhábhar criticiúil a áirithiú chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt. D’fhéadfadh easpa faisnéise geolaíche atá cothrom le dáta maidir le hamhábhair chriticiúla san Aontas an bonn a bhaint ó fhorbairt na dtionscadal eastósctha, rud a lagaíonn iarrachtaí chun an riosca soláthair a laghdú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint. Chun faisnéis faoi tharluithe amhábhar criticiúil a fháil agus a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha i bhfianaise na gcoinníollacha geolaíocha, cláir náisiúnta mhapála a tharraingt suas chun taiscéalaíocht ghinearálta a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla agus ar na príomh-mhianraí a eastósctar in éineacht leo. Ba cheart go n-áireofaí leis sin bearta amhail mapáil gheolaíoch, feachtais gheoiceimiceacha, suirbhéanna geo-eolaíocha chomh maith le hathphróiseáil na dtacar sonraí geo-eolaíocha atá ann cheana. Méadaíonn sé sin an dóchúlacht go n-aimseofar taiscí nua agus ba cheart go spreagfadh sé sin infheistíochtaí i dtaiscéalaíocht. Ba cheart go smaoineofaí sna cláir thaiscéalaíochta freisin ar úsáid a bhaint as teicnící taiscéalaíochta nua lena bhféadfaí tarluithe a shainaithint ar bhealach níos doimhne ná gnáththeicnící. Chun forbairt tionscadal eastósctha a éascú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis bhunúsach áirithe a fhaightear le linn a gclár taiscéalaíochta náisiúnta féin a chur ar fáil go poiblí, i gcás inarb iomchuí, trí úsáid a bhaint as creat an Bhonneagair d’Fhaisnéis Spáis arna bhunú le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus faisnéis níos mionsonraithe á soláthar arna iarraidh sin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann treoirlínte a eisiúint chun formáid chomhchuibhithe na gclár taiscéalaíochta a chur chun cinn.

(43)

Le sonraí agus seirbhísí spáis a dhíorthaítear ó fhaire na cruinne féadfar tacú leis na hiarrachtaí i dtreo slabhraí luacha amhábhar criticiúil inbhuanaithe trí shreabhadh leanúnach faisnéise a sholáthar, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do ghníomhaíochtaí amhail faireachán agus bainistiú ar limistéir mhianadóireachta, an measúnú tionchair comhshaoil agus socheacnamaíoch, nó taiscéalaíocht acmhainní mianraí. Ós rud é gur féidir sonraí a sholáthar freisin ó fhaire na cruinne faoi limistéir iargúlta agus neamh-inrochtana, ba cheart do na Ballstáit í a chur san áireamh a mhéid is féidir agus a gcláir náisiúnta taiscéalaíochta á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme acu.

(44)

Cé go bhfuil gá le slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a threisiú chun slándáil an tsoláthair a mhéadú, beidh slabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil fós ina gcinn dhomhanda agus beidh siad neamhchosanta ar thosca seachtracha. Mar gheall ar theagmhais le déanaí nó teagmhais leanúnacha idir ghéarchéim COVID-19 agus an t-ionsaí míleata gan chúis i gcoinne na hÚcráine, cuireadh i dtábhacht leochaileacht roinnt de shlabhraí soláthair an Aontais i leith suaite. Lena áirithiú go mbeidh tionscail de chuid an Aontais agus na mBallstát in ann suaitheadh soláthair a réamh-mheas agus go mbeidh siad ullmhaithe chun na hiarmhairtí a bheith leo a sheasamh, ba cheart bearta a fhorbairt chun an acmhainneacht faireacháin a neartú, stoic straitéiseacha a chomhordú agus ullmhacht cuideachtaí a neartú.

(45)

Níl an acmhainneacht chéanna ag na Ballstáit nuair a bhaineann sé le feasacht faoi riosca agus réamh-mheas riosca, agus níl struchtúir thiomnaithe forbartha ag na Ballstáit uile lena ndéantar faireachán ar shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil agus a d’fhéadfadh cuideachtaí a chur ar an eolas leo faoi rioscaí féideartha go mbeidh suaitheadh soláthair ann. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhfuil infheistíocht déanta ag roinnt cuideachtaí i bhfaireachán a slabhraí soláthair, níl an acmhainneacht ag cuideachtaí eile é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, i bhfianaise ghné dhomhanda shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil agus i bhfianaise a gcastachta, ba cheart don Choimisiún deais faireacháin thiomnaithe a fhorbairt lena ndéanfar measúnú ar rioscaí soláthair amhábhar criticiúil agus lena n-áiritheofar infhaighteacht na faisnéise a bhailítear a bheith ar fáil d’údaráis phoiblí agus do ghníomhaithe príobháideacha, agus ar an dóigh sin méadófar sineirgí i measc na mBallstát. Chun a áirithiú go mbeidh slabhraí luacha an Aontais ullmhaithe a ndóthain i gcoinne suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh tarlú, ar dócha go saobhfaidh sé an iomaíocht agus go ndéanfaidh sé an margadh inmheánach a ilroinnt, amhail iad siúd ar coinbhleachtaí geopholaitiúla is cúis leo, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis a dhéanamh lena ndéanfaí measúnú ar leochaileacht slabhraí soláthair na n-amhábhar straitéiseach agus ar a neamhchosaint ar rioscaí soláthair. Ba cheart do na Ballstáit cur leis an gcleachtadh sin trí thástálacha struis den sórt sin a dhéanamh, nuair is féidir, trína gcomhlachtaí náisiúnta soláthair agus faisnéise a chumhdaíonn amhábhair chriticiúla. Ba cheart don Bhord a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú ar chur chun feidhme na dtástálacha struis. Nuair nach bhfuil sé d’acmhainn ag aon Bhallstát an tástáil struis a theastaíonn a dhéanamh ar amhábhar straitéiseach ar leith, ba cheart don Choimisiún é féin í a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún straitéisí féideartha a mholadh freisin ar féidir leis na húdaráis phoiblí agus le gníomhaithe príobháideacha iad a ghlacadh chun rioscaí soláthair a mhaolú, amhail stoic straitéiseacha a fhorbairt nó a soláthar a éagsúlú tuilleadh. Chun an fhaisnéis a bhailiú is gá chun na bearta faireacháin agus tástálacha struis a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh le buan-fhoghrúpa ábhartha an Bhoird agus ba cheart do na Ballstáit príomhoibreoirí margaidh a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu.

(46)

Is uirlis thábhachtach iad stoic straitéiseacha chun suaitheadh soláthair a mhaolú, go háirithe le haghaidh amhábhar criticiúil. Cé go n-éascófaí leis an ionstraim éigeandála don mhargadh aonair atá beartaithe, ionstraim arna moladh ag an gCoimisiún, forbairt fhéideartha a dhéanamh ar stoic straitéiseacha den sórt sin i gcás modh airdill an mhargaidh aonair a ghníomhachtú, níl oibleagáidí ar na Ballstáit ná ar chuideachtaí a stoic straitéiseacha a fhorbairt roimh shuaitheadh soláthair. Ina theannta sin, níl aon sásra comhordúcháin ar fud an Aontais lena n-éascaítear measúnú comhchoiteann a fhorbairt agus anailís a dhéanamh ar fhorluí agus ar shineirgí féideartha. Dá bhrí sin, mar chéad chéim, agus an easpa faisnéis ábhartha atá ann faoi láthair á cur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar don Choimisiún maidir le stoic straitéiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus más ann dóibh, bídís á n-oibriú ag údaráis phoiblí nó ag oibreoirí eacnamaíocha thar ceann na mBallstát. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na leibhéil stoc straitéiseach atá ar fáil in aghaidh an amhábhair straitéisigh ar leibhéal comhiomlánaithe, ionchas na leibhéal stoc straitéiseach, agus na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an stoc straitéiseach sin. Ba cheart aon iarratas a bheith comhréireach, ba cheart aird a thabhairt ann ar an gcostas agus ar an iarracht a theastaíonn chun na sonraí a sholáthar chomh maith lena thionchar ar an tslándáil náisiúnta, agus ba cheart teorainneacha ama iomchuí a leagan amach chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann faisnéis faoi stoic na n-oibreoirí eacnamaíocha a chur leis an anailís, cé nach bhfuil sé faoi réir iarratais ar fhaisnéis. Ba cheart don Choimisiún na sonraí a láimhseáil ar bhealach slán, agus níor cheart dó faisnéis a fhoilsiú ach ar leibhéal comhiomlán amháin. Mar dhara céim, ar bhonn na faisnéise a fuarthas, ba cheart don Choimisiún dréacht-thagarmharc a fhorbairt don mhéid ba cheart a mheas mar leibhéal sábháilte stoc straitéiseach de chuid an Aontais, agus iomlán thomhaltas bliantúil an Aontais de na hamhábhair straitéiseacha lena mbaineann á chur san áireamh. Bunaithe ar chomparáid idir stoic atá ann cheana agus leibhéil fhoriomlána na stoc straitéiseach d’amhábhar straitéiseach ar fud an Aontais, ba cheart don Bhord, ag gníomhú dó i gcomhaontú leis an gCoimisiún, a bheith in ann tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint chuig na Ballstáit maidir le conas coinbhéirseachtaí a mhéadú agus iad a spreagadh chun stoic straitéiseacha a fhorbairt. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart don Bhord an gá atá le dreasachtaí a choinneáil chun stoic straitéiseacha arna bhforbairt ag oibreoirí príobháideacha nó poiblí a úsáideann amhábhair straitéiseacha a bhreithniú.

(47)

Chun comhordú breise a chothú, ba cheart don Choimisiún comhairliúchán riachtanach a áirithiú roimh rannpháirtíocht na mBallstát i bhfóraim idirnáisiúnta inar féidir stoic straitéiseacha den sórt sin a phlé, go háirithe trí bhuan-fhoghrúpa tiomnaithe an Bhoird. Mar an gcéanna, d’fhonn comhlántacht a mhéadú idir an Rialachán seo agus ionstraimí cothrománacha nó ionstraimí ábhair-shonracha eile, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis a bailíodh agus a comhiomlánaíodh ar aghaidh chuig sásraí rialachais airdill nó géarchéime, amhail grúpa comhairleach na hionstraime éigeandála don mhargadh aonair atá beartaithe, Bord Eorpach Leathsheoltóirí arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Bord HERA arna bhunú le Cinneadh 2021/C 393 I/02 ón gCoimisiún (23) nó an Bord um Ghéarchéim Sláinte arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle (24).

(48)

Chun a áirithiú go mbeidh siad ullmhaithe a ndóthain chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh soláthair, ba cheart do chuideachtaí móra a mhonaraíonn teicneolaíochtaí straitéiseacha san Aontas a úsáideann amhábhair straitéiseacha measúnú riosca a dhéanamh ar a slabhraí soláthair. Áiritheofar leis sin go gcuirfidh siad san áireamh na rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair straitéiseacha agus, i gcás inar gá, go bhforbróidh siad straitéisí iomchuí um maolú le go mbeidh siad ullmhaithe níos fearr i gcás suaitheadh soláthair. Ba cheart do chuideachtaí móra den sórt sin, mar chuid den mheasúnú riosca sin, tionscnamh a n-amhábhar straitéiseach a mhapáil, anailís a dhéanamh ar na tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar agus measúnú a dhéanamh ar a leochaileachtaí i leith suaitheadh soláthair. I gcás ina mbraitear leochaileachtaí, ba cheart do na cuideachtaí móra sainaitheanta iarrachtaí a dhéanamh iad a mhaolú. Ba cheart an measúnú riosca sin a bheith bunaithe ar shonraí arna bhfáil ag cuideachtaí óna soláthraithe agus, mura bhfuil na sonraí sin ar fáil, ba cheart é a bheith bunaithe, a mhéid is féidir, ar shonraí atá ar fáil go poiblí nó a fhoilsíonn an Coimisiún. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a cheangal go ndéanfar tuarascáil ar an measúnú riosca sin a tharchur chuig bord stiúrthóirí na gcuideachtaí. Chun an gá atá le rúin trádála agus ghnó a chosaint agus go gcuirfí san áireamh nochtadh leochaileachtaí cuideachtaí a theorannú, níor cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil don phobal. Mar thoradh ar na bearta sin, ba cheart aird bhreise a thabhairt ar na costais a bhaineann le suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann, gan straitéisí um maolú sainithe a fhorordú.

(49)

Níl go leor margaí le haghaidh amhábhair straitéiseacha go hiomlán trédhearcach agus dírítear iad ar thaobh an tsoláthair, rud a mhéadaíonn cumhacht idirbheartaíochta na ndíoltóirí agus a mhéadaíonn praghsanna do na ceannaitheoirí. Chun cuidiú le praghsanna do ghnóthais atá bunaithe san Aontas a ísliú, ba cheart don Choimisiún córas a bhunú trína mbeifear in ann éileamh na gceannaitheoirí a bhfuil suim acu ann a chomhiomlánú. Chun tionchar díréireach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis an mBord, measúnú a dhéanamh ar thionchar an chórais ar an margadh i gcás gach amhábhair straitéisigh a chuirtear leis an gcóras. Agus córas den sórt sin á fhorbairt aige, ba cheart don Choimisiún taithí a fuarthas in iarrachtaí comhchosúla a chur san áireamh, go háirithe maidir le ceannach comhpháirteach gáis arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (25). Ba cheart gach beart faoin sásra sin a bheith ag luí leis dlí na hiomaíochta san Aontas.

(50)

Ní bheidh comhchuibhiú dlíthe agus rialachán náisiúnta i gceist leis na forálacha maidir le faireachán agus stoic straitéiseacha a áirítear sa Rialachán seo ná ní chuirtear in ionad na sásraí atá ann cheana iad. Ba cheart go mbeadh dreasachtaí faireacháin agus ullmhachta riosca i gcomhréir le dlí an Aontais. Maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais amhail an ionstraim éigeandála don mhargadh aonair atá beartaithe, arb é is aidhm dó géarchéim a théann i gcion ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó do Rialachán (AE) 2022/2372 a réamh-mheas, a mhaolú agus freagairt di, d’fhéadfadh feidhm a bheith acu maidir le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha i gcás géarchéime nó i gcás bagartha a mhéid a thagann na hamhábhair sin a thagann faoi raon feidhme gníomhartha reachtacha den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún comhlántacht agus comhleanúnachas idir an Rialachán seo agus ionstraimí géarchéime de chuid an Aontais a áirithiú trí mhalartú faisnéise idir na comhlachtaí comhairleacha agus rialachais ábhartha arna mbunú leis na gníomhartha reachtacha sin trí mhalartú faisnéise.

(51)

Miotail is ea formhór na n-amhábhar criticiúil, ar féidir iad a athchúrsáil de shíor i bprionsabal, cé go mbíonn siad faoi réir ag meath ar cháilíocht uaireanta. Leis sin, féadfar bogadh i dtreo geilleagar fíorchiorclach i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus infhaighteacht amhábhar criticiúil á méadú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le slándáil an tsoláthair a áirithiú. I ndiaidh na chéad chéime d’fhás tapa an éilimh ar amhábhar criticiúil le haghaidh teicneolaíochtaí nua, i gcás ina mbeidh eastóscadh príomhúil agus próiseáil fós mar phríomhfhoinse ina leith, ba cheart leis an athchúrsáil an gá le heastóscadh príomhúil agus na tionchair a ghabhann leis a laghdú níos mó ná riamh. Ba cheart é sin a dhéanamh agus leibhéal ard acmhainneachta athchúrsála de chuid an Aontais á choinneáil trí mhargadh láidir d’amhábhair chriticiúla thánaisteacha. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá rátaí athchúrsála na n-amhábhar criticiúil íseal, agus sruthanna dramhaíola amhail ceallraí, trealamh leictreach agus leictreonach agus feithiclí á seoladh chuig tríú tíortha lena n-athchúrsáil. Is minic nach gcuirtear córais agus teicneolaíochtaí athchúrsála in oiriúint do shainiúlachtaí na n-amhábhar sin. Tá ról tábhachtach ag an nuálaíocht chun an gá atá le hamhábhair chriticiúla a laghdú, na rioscaí a bhaineann le ganntanas soláthair a laghdú agus chun teicneolaíochtaí athchúrsála a fhorbairt chun amhábhair chriticiúla a bhaint as dramhaíl i gceart agus go sábháilte. Tá gá, dá bhrí sin, le gníomhaíocht phras lena dtugtar aghaidh ar na tosca éagsúla lena gcoinnítear siar an ionchasacht um chiorclaíocht.

(52)

Coinníonn na Ballstáit inniúlachtaí tábhachtacha i réimse na ciorclaíochta, mar shampla i réimse na gcóras bailithe agus cóireála dramhaíola. Ba cheart na hinniúlachtaí sin a úsáid chun rátaí bailithe agus athchúrsála do shruthanna dramhaíola a mhéadú lena mbaineann ionchasacht ard amhábhair chriticiúla a aisghabháil, lena n-áirítear dramhaíl leictreonach, agus úsáid á baint, mar shampla as dreasachtaí airgeadais amhail lascainí, luach saothair airgeadaíochta nó córais aisíoctha éarlaisí agus sláine an mhargaidh inmheánaigh á caomhnú. D’fhonn úsáid amhábhar criticiúil tánaisteach a mhéadú, d’fhéadfaí a bheith san áireamh leis sin táillí difreáilte freagrachta táirgeora, ar choinníoll gur ann do tháillí den sórt sin sa dlí náisiúnta, chun tairbhe táirgí ina bhfuil sciar níos mó d’amhábhair chriticiúla thánaisteacha arna n-aisghabháil ó dhramhaíl athchúrsáilte i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil arna mbunú i ndlí an Aontais. Ba cheart go n-áireofaí ar na hamhábhair chriticiúla thánaisteacha sin a aisghabhtar ó dhramhaíl aisghabháil arna déanamh i gcomhréir le caighdeáin tríú tír lena dtugtar cosaint atá coibhéiseach le caighdeáin an Aontais. Ba cheart d’údaráis na mBallstát difríocht a dhéanamh freisin toisc go soláthraíonn ceannaitheoirí amhábhar criticiúil agus táirgí a bhfuil amhábhair chriticiúla iontu, agus le cláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta soláthraítear acmhainní suntasacha chun staid an eolais agus na teicneolaíochta le haghaidh ciorclaíocht amhábhar criticiúil chomh maith le héifeachtúlacht ábhartha a mhéadú. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla, eacnamaíocha agus teicniúla. Réiteach féideartha ar cheart do na Ballstáit breathnú air is ea sásraí comhroinnte riosca idir oibreoirí agus an Ballstát chun téarnamh ó shaoráidí dramhaíola dúnta a chur chun cinn. Ba cheart don Bhord malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú freisin, maidir le dearadh agus cur chun feidhme a gclár náisiúnta.

(53)

Tá leagáid um eastóscadh amhábhar ag an Aontas i gcuid mhaith dá réigiúin agus, dá bhrí sin, tá leagáid méideanna suntasacha de dhramhaíl eastóscach ar shaoráidí dúnta nach bhfuil anailís déanta orthu i gcoitinne aige, de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar a dtábhacht eacnamaíoch le déanaí, i gcás ionchasacht amhábhar criticiúil. Mar gheall ar aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráidí dramhaíola eastóscaí féadfar acmhainneacht an Aontais a mhéadú agus luach eacnamaíoch agus fostaíocht á chruthú i réigiúin stairiúla mhianadóireachta, a mbíonn tionchar ag díthionscalú agus meath orthu go minic. Tá an easpa airde agus an easpa faisnéise ar ábhar amhábhar criticiúil, go háirithe ar shaoráidí dramhaíola dúnta, ina phríomhbhacainn le húsáid níos mó a bhaint as ionchasacht amhábhar criticiúil na dramhaíola eastóscaí.

(54)

Ba cheart aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráidí dramhaíola eastóscaí a bheith ina cuid de luachshocrú na saoráidí dramhaíola ábhartha. Leagtar amach i dTreoir 2006/21/CE ardcheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine i gcás bhainistiú dramhaíola an tionscail eastóscaigh. Cé gur cheart na hardcheanglais sin a choinneáil, is iomchuí bearta breise a bhunú chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a uasmhéadú.

(55)

Ba cheart d’oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí, idir shaoráidí reatha agus saoráidí nua, réamhstaidéar um measúnú eacnamaíoch a dhéanamh maidir le haisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a fhaightear ar an láithreán agus ón dramhaíl sin atá á giniúint. I gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ba cheart tús áite a thabhairt do chosc a chur ar ghiniúint dramhaíola ina bhfuil amhábhair chriticiúla, trí amhábhair chriticiúla a eastóscadh as an méid a eastóscadh sular tháinig sí chun bheith ina dramhaíl. Agus an staidéar sin á fhorbairt, ba cheart d’oibreoirí an fhaisnéis is gá a bhailiú, lena n-áirítear comhchruinnithe agus cainníochtaí amhábhar criticiúil sa dramhaíl eastóscach, agus measúnú a dhéanamh ar roghanna iomadúla maidir le próisis, oibríochtaí nó socruithe gnó a chumasódh amhábhair chriticiúla a aisghabháil ar bhealach atá inmharthana ar bhonn eacnamaíoch. Tagann an oibleagáid sin sa bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2006/21/CE agus sna bearta náisiúnta ina ndéantar an Treoir a thrasuí agus tá sí infheidhme go díreach. Agus an oibleagáid á cur chun feidhme, ba cheart d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla iarracht a dhéanamh an t-ualach riaracháin a íoslaghdú agus nósanna imeachta a chomhtháthú a mhéid is féidir.

(56)

Chun aghaidh a thabhairt ar an easpa faisnéise atá ann faoi láthair maidir leis an ionchasacht ó thaobh amhábhair chriticiúla de atá ag saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta, ba cheart do na Ballstáit bunachar sonraí a tharraingt suas ina mbeadh an fhaisnéis uile is ábhartha chun an aisghabháil a chur chun cinn, go háirithe cainníochtaí agus comhchruinnithe na n-amhábhar criticiúil sa tsaoráid dramhaíola eastóscaí, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí agus i bhfoirm sho-úsáidte dhigiteach, lena n-éascófaí rochtain ar fhaisnéis theicniúil atá níos mionsonraithe. Chun rochtain sho-úsáidte ar an bhfaisnéis a éascú, ba cheart do na Ballstáit, mar shampla, pointe teagmhála a sholáthar chun tuilleadh grinnmhalartuithe le forbróirí ionchasacha na dtionscadal aisghabhála amhábhar criticiúil a chumasú. Ba cheart an bunachar sonraí a dhearadh ionas gur féidir le tionscnóirí ionchasacha tionscadail, saoráidí ag a bhfuil ardionchasacht aisghabhála atá inmharthana ar bhonn eacnamaíoch a shainaithint go héasca. Chun acmhainní teoranta a dhíriú, ba cheart do na Ballstáit cur chuige céimneach a leanúint i mbailiú na faisnéise agus na céimeanna bailithe faisnéise atá níos déine a chur i gcrích i gcás na saoráidí is mó a bhfuil gealladh fúthu agus ina gcás sin amháin. Ba cheart na gníomhaíochtaí bailithe faisnéise a bheith dírithe ar fhaisnéis atá cruinn agus ionadaíoch a sholáthar maidir leis na saoráidí dramhaíola eastóscaí agus ar an léiriú is fearr is féidir ar ionchasacht aisghabhála na n-amhábhar criticiúil a fháil.

(57)

Ionchorpraítear buanmhaighnéid i réimse leathan táirgí, agus is iad tuirbíní gaoithe agus feithiclí leictreacha na feidhmeanna is tábhachtaí agus is mó fáis ach tá táirgí eile i gceist freisin, lena n-áirítear feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, róbait thionsclaíocha, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuarúcháin, caidéil teasa, mótair leictreacha, caidéil leictreacha thionsclaíocha, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí agus miasniteoirí ina bhfuil méideanna suntasacha ar fiú iad a aisghabháil. Ba cheart mótair leictreacha a chumhdach freisin nuair a áirítear i dtáirgí eile iad. Tá amhábhair chriticiúla i bhformhór na mbuanmhaighnéad, go háirithe na cineálacha is feidhmiúla, amhail neoidimiam, praiséidimiam, diospróisiam agus teirbiam, bórón, samairiam, nicil nó cóbalt. Is féidir iad a athchúrsáil ach ní dhéantar amhlaidh san Aontas inniu ach ar scála beag nó i gcomhthéacs tionscadail taighde. Ba cheart, dá bhrí sin, buanmhaighnéid a bheith ina dtáirge tosaíochta chun ciorclaíocht a mhéadú, lena gcothófaí, dá bhrí sin, margadh tánaisteach le haghaidh buanmhaighnéad agus lena n-áiritheofaí slándáil sholáthar na n-amhábhar criticiúil.

(58)

Réamhchoinníoll le haghaidh buanmhaignéad a athchúrsáil go héifeachtach is ea rochtain a bheith ag athchúrsálaithe ar an bhfaisnéis is gá maidir le méid, cineál agus comhdhéanamh ceimiceach buanmhaighnéad i dtáirge, a suíomh agus an bratú, na gliúnna agus na breiseáin a úsáidtear, chomh maith le faisnéis ar conas na buanmhaighnéid a bhaint go sábháilte as an táirge. Ina theannta sin, chun cás gnó maidir le hathchúrsáil buanmhaighnéad a áirithiú, ba cheart, le himeacht ama, méid méadaitheach d’amhábhar athchúrsáilte a bheith i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Agus trédhearcacht á soláthar maidir leis an ábhar athchúrsáilte sa chéad chéim, ba cheart íosmhéid ábhair athchúrsáilte a shocrú tar éis measúnú tiomnaithe a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí agus ar na tionchair dhóchúla.

(59)

Is minic le hamhábhair chriticiúla a dhíoltar ar mhargadh an Aontais a bheith deimhnithe ó thaobh inbhuanaitheacht a slabhra táirgthe agus soláthair de. Is féidir deimhniúchán a fháil i gcomhthéacs réimse leathan scéimeanna deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha atá ar fáil lena mbaineann raonta feidhme éagsúla agus déine éagsúil, lena gcruthaítear an fhéidearthacht do mhearbhall a bheith ann maidir le cineál agus fírinneacht na maíomh a dhéantar faoi inbhuanaitheacht choibhneasta na n-amhábhar criticiúil a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar bhonn deimhniúchán den sórt sin. Ba cheart go an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aithneofaí scéimeanna deimhniúcháin ar cheart a mheas gur scéimeanna iontaofa iad, lena soláthrófaí bonn coiteann d’údaráis ábhartha agus do rannpháirtithe sa mhargadh chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht amhábhar criticiúil. Níor cheart aitheantas a thabhairt ach do scéimeanna deimhniúcháin ina bhfuil forálacha maidir le fíorú agus faireachán neamhspleách tríú páirtí ar chomhlíonadh. Maidir le cosaint an chomhshaoil, ba cheart go gcumhdófaí le scéimeanna deimhniúcháin rioscaí a bhaineann, mar shampla, le haer, uisce, ithir, bithéagsúlacht agus bainistiú dramhaíola. Ba cheart ardleibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil a áireamh leis na ceanglais ar na gnéithe inbhuanaitheachta uile agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn. Chun nósanna imeachta éifeachtúla a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do thionscnóirí tionscadail tionscadal a dhéanann iarratas ar aitheantas mar Thionscadail Straitéiseacha brath ar rannpháirtíocht i scéim aitheanta deimhniúcháin mar fhianaise ábhartha chun a léiriú go bhfuil a dtionscadal á chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, lena rannchuideofaí, dá bhrí sin, le soláthar slán agus sábháilte amhábhar criticiúil. Agus úsáid á baint as an rogha sin, ba cheart do na scéimeanna aitheanta deimhniúcháin na gnéithe inbhuanaitheachta uile a chumhdach. Agus scéimeanna deimhniúcháin den sórt sin á n-aithint aige, ba cheart don Choimisiún an taithí a fuarthas a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar scéimeanna deimhniúcháin i gcomhthéacs ghníomhartha reachtacha eile an Aontais, go háirithe maidir leis an measúnú ar scéimeanna comhchosúla i gcomhthéacs Rialacháin (AE) 2017/821 (27) agus (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).

(60)

Bíonn táirgeadh amhábhar criticiúil ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha ina shiocair le tionchair chomhshaoil, bíodh sé sin ar an aeráid, uisce, ithir, fána nó flóra. Chun teorainn a chur leis an damáiste sin agus táirgeadh amhábhar criticiúil níos inbhuanaithe a dhreasú, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun córas a fhorbairt i gcomhair lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a ríomh, lena n-áirítear próiseas fíorúcháin, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoin lorg sin le feiceáil ag an bpobal ar amhábhair chriticiúla a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus lena n-éascófar ciorclaíocht na n-amhábhar criticiúil. Ba cheart an córas a bheith bunaithe ar mhodhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha i réimse an mheasúnaithe saolré a chur san áireamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas i leith lorg comhshaoil amhábhar criticiúil a dhearbhú ach amháin i gcás inar thángthas ar an tátal, ar bhonn measúnú tiomnaithe, go rannchuideodh sé le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais trí sholáthar amhábhar criticiúil a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu a éascú agus nach rachadh sé i gcion go díréireach ar shreabha trádála agus ar chostais eacnamaíocha. Nuair a ghlacfar na rialacha ríomha ábhartha, ba cheart don Choimisiún aicmí feidhmíochta a fhorbairt i gcás amhábhair chriticiúla, lena lamhálfaí, dá bhrí sin, do cheannaitheoirí ionchasacha comparáid a dhéanamh go héasca idir lorg coibhneasta comhshaoil na n-amhábhar criticiúil atá ar fáil agus an margadh a spreagadh i dtreo amhábhar atá níos inbhuanaithe. Ba cheart do dhíoltóirí amhábhar criticiúil a áirithiú go mbeidh an dearbhú maidir le lorg comhshaoil ar fáil dá gcustaiméirí. Le trédhearcacht maidir le lorg coibhneasta na n-amhábhar criticiúil a chuirtear ar mhargadh an Aontais d’fhéadfaí beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chumasú freisin, amhail dreasachtaí nó critéir maidir le soláthar poiblí glas, lena gcothófar táirgeadh na n-amhábhar criticiúil a bhfuil tionchair chomhshaoil níos ísle acu.

(61)

Is bonn ábhartha iad na modhanna loirg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún (29) chun na rialacha maidir le ríomh ábhartha a fhorbairt. Braitheann siad ar mhodhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de ina gcuirtear forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh agus lena gcumhdaítear tionchair chomhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus tionchair a bhaineann le huisce, aer, ithir, acmhainní, úsáid talún agus tocsaineacht.

(62)

Ba cheart go ndéanfadh an monaróir atá freagrach measúnú ar chomhréireacht táirgí nó amhábhar criticiúil leis na ceanglais atá ann chun ciorclaíocht na mbuanmhaighnéad a fheabhsú agus i dtaobh lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a dhearbhú sula gcuirfear ar an margadh iad agus go ndéanfadh údaráis náisiúnta inniúla na ceanglais sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Tá na forálacha comhréireachta agus faireachais margaidh a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus Treoir 2009/125/CE deartha chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu i leith na gceanglas sin freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i gcás inarb ábhartha i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Chun a áirithiú tuilleadh go mbainfear an úsáid is fearr as na creataí rialála atá ann cheana, ba cheart comhlíontacht táirgí atá faoi réir cineálcheadú de bhun Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), a fhorfheidhmiú tríd an gcóras cineálcheadaithe atá ann cheana.

(63)

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, caighdeáin Eorpacha a dhréachtú mar thaca le cuspóirí an Rialacháin seo.

(64)

Tá Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha ina gcumhdaítear amhábhair tugtha i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha chun Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAmhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme. Chun an soláthar a éagsúlú, ba cheart go leanfaí leis na hiarrachtaí sin. Chun creat comhleanúnach a fhorbairt agus a áirithiú chun Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha sa todhchaí a thabhairt i gcrích, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, mar chuid dá gcaidreamh leis an mBord, plé a dhéanamh, inter alia, i dtaobh an ndéanann comhpháirtíochtaí atá ann cheana na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach, tús áite do thríú tíortha le haghaidh comhpháirtíochtaí nua, ábhar na gcomhpháirtíochtaí sin agus a gcomhsheasmhacht agus a sineirgí féideartha le comhar déthaobhach na mBallstát le tríú tíortha ábhartha. Ba cheart é sin a dhéanamh gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Aontas comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a lorg le geilleagair ina bhfuil an margadh ag teacht chun cinn agus le geilleagair atá i mbéal forbartha, i gcomhar lena straitéis Global Gateway, lena rannchuidítear le héagsúlú a shlabhra soláthair amhábhar agus a chuireann luach leis an táirgeadh sna tíortha sin.

(65)

Is féidir riosca ar leith i gcás infheisteoirí a bheith i gceist le Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, go háirithe i gcás nach ann do Chomhpháirtíocht Straitéiseach agus ar minic leo a bheith ag brath go mór ar thacaíocht pholaitiúil sa tríú tír. Is féidir an tsaincheist sin a mhaolú trí chomhroinnt riosca mhéadaithe a bheith idir gnóthais leasmhara, ag gníomhú dóibh ar mhaithe le leas straitéiseach an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a sholáthar freisin chun gnóthaí a chumasú, lena n-áirítear i gcás ina ngníomhaíonn siad mar chuibhreannais, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun rochtain a fháil ar mhargaí i dtríú tíortha nach gcumhdaítear le Comhpháirtíocht Straitéiseach ná le comhaontú saorthrádála. D’fhéadfadh go n-áireofaí le tacaíocht den sórt sin líonra tacaíochta a sholáthar chun cabhrú leo teagmháil a bhunú sa tríú tír ábhartha agus faisnéis a bhailiú ar chúinsí áitiúla agus réigiúnacha.

(66)

D’fhéadfadh sé gur léiriú é an éagmais dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na tagarmharcanna um acmhainneacht agus éagsúlú a leagtar amach sa Rialachán seo go bhfuil gá le bearta breise a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na tagarmharcanna sin.

(67)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe éagsúla a chuíchóiriú agus ba cheart don Choimisiún teimpléad a fhorbairt lena gceadófaí do na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe maidir le tionscadail, taiscéalaíocht, faireachán nó stoic straitéiseacha a chomhlíonadh laistigh de dhoiciméad aonair a fhoilsítear go rialta, agus d’fhéadfadh an doiciméad sin a bheith rúnda nó srianta.

(68)

Chun comhar iontaofa agus fiúntach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá rannpháirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú. Níor cheart don Choimisiún ná do na húdaráis inniúla náisiúnta, a n-oifigigh, a fostaithe ná daoine eile atá ag oibriú faoi mhaoirseacht na n-údarás sin ná oifigigh agus fostaithe údaráis eile de chuid na mBallstát, nochtadh a dhéanamh ar fhaisnéis a fhaigheann siad ná a mhalartaíonn siad de bhun an Rialacháin seo i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin cumhdaithe faoin oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin i leith an Bhoird. Ba cheart na sonraí a chomhthiomsaítear de bhun an Rialacháin seo a láimhseáil agus a stóráil i dtimpeallacht shábháilte.

(69)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun liostaí na n-amhábhar straitéiseach agus criticiúil a thabhairt cothrom le dáta, chun foráil a dhéanamh maidir le tagarmharcanna acmhainneachta athchúrsála an Aontais bunaithe ar amhábhair straitéiseacha atá ar fáil i ndramhaíl, na heilimintí agus an fhianaise atá le cur san áireamh a oiriúnú agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha, scaireanna íosta a leagan síos le haghaidh neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bórón, samairiam, nicil agus cóbalt a aisghabhadh ó dhramhaíl iar-thomhaltóirí nach mór a bheith i láthair sa mhaighnéad buan atá ionchorpraithe i dtáirgí áirithe, rialacha a bhunú chun lorg comhshaoil amhábhar criticiúil éagsúil a ríomh agus a fhíorú agus aicmí feidhmíochta lorg comhshaoil a bhunú le haghaidh amhábhair chriticiúla éagsúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (34). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(70)

Ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: (a) sonrú a dhéanamh ar na teimpléid atá le húsáid le haghaidh iarratais ar aitheantas do Thionscadail Straitéiseacha, tuarascálacha ar dhul chun cinn a bhaineann le Tionscadail Straitéiseacha, na cláir náisiúnta taiscéalaíochta, agus tuairisciú na mBallstát a bhaineann le taiscéalaíocht, faireachán, stoic straitéiseacha agus ciorclaíocht; (b) sonrú a dhéanamh ar cé acu táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola a measfar go bhfuil ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo; agus (c) na critéir agus a gcur i bhfeidhm a chinneadh chun scéimeanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht amhábhar criticiúil a aithint. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35).

(71)

Chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis a fhorchur ar ghnóthais nach gcomhlíonann a n-oibleagáid, lena n-áirítear maidir le hullmhacht riosca, tuairisciú tionscadal agus faisnéis in-athchúrsáilteachta. Ní mór do na Ballstáit, dá bhrí sin, pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta as mainneachtain an Rialachán seo a chomhlíonadh. Is gá do na Ballstáit freisin a áirithiú go mbeidh rochtain ag tionscnóirí tionscadal ar athbhreithniú riaracháin nó breithiúnach, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(72)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar na cúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta féideartha. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an dul chun cinn i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear na tagarmharcanna um acmhainneacht agus éagsúlú, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil freisin, ar bhonn chur chun feidhme na mbeart a bhaineann le trédhearcacht lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil, ar oiriúnacht tairseacha uasta a bhunú a bhaineann leis an lorg comhshaoil. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh freisin ar an ngá atá le tagarmharcanna lena ndírítear ar 2040 agus 2050 agus atá le hamhábhair straitéiseacha ar leith, ar an gcomhsheasmhacht idir an Rialachán seo agus dlí chomhshaoil an Aontais, go háirithe i ndáil le stádas tosaíochta na dtionscadal straitéiseach, tionchar an chórais ceannaigh chomhpháirtigh a chuirtear ar bun de bhun an Rialacháin seo maidir le hiomaíocht sa mhargadh inmheánach agus a iomchuí atá sé bearta breise a bhunú chun bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola a mhéadú, go háirithe i gcás dramh-mhiotal.

(73)

Sa mhéid gur státchabhair é aon bheart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá na forálacha a bhaineann le bearta den sórt sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE.

(74)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat a bhunú chun rochtain an Aontais ar sholáthar slán, athléimneach agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht agus ciorclaíocht a chothú ar fud an tslabhra luacha, a ghnóthú go leordhóthanach, ach de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat a bhunú chun rochtain an Aontais ar sholáthar amhábhar criticiúil atá slán, athléimneach agus inbhuanaithe a áirithiú, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht agus ciorclaíocht a chothú ar fud an tslabhra luacha.

2.   Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, leagtar síos bearta sa Rialachán seo arb é is aidhm dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

laghdú a dhéanamh ar an mbaol suaite soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla ar dócha dóibh iomaíocht a shaobhadh agus an margadh inmheánach a ilroinnt, go háirithe trí thionscadail straitéiseacha a shainaithint agus tacú leo, ar tionscadail iad a rannchuidíonn le spleáchais a ísliú agus allmhairí a éagsúlú agus trí iarrachtaí a dhéanamh chun dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú;

(b)

feabhas a chur ar chumas an Aontais faireachán a dhéanamh ar an riosca soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla agus é a mhaolú;

(c)

saorghluaiseacht amhábhar criticiúil agus táirgí ina bhfuil amhábhair chriticiúla a chuirtear ar mhargadh an Aontais a áirithiú agus ardleibhéal cosanta agus inbhuanaitheachta comhshaoil á áirithiú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar a gciorclaíocht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘amhábhar’ substaint i staid phróiseáilte nó neamhphróiseáilte a úsáidtear mar ionchur i monarú táirgí idirmheánacha nó táirgí deiridh, cé is moite de shubstaintí a úsáidtear go príomha mar bhia, mar bheatha nó mar bhreosla dócháin;

(2)

ciallaíonn ‘slabhra luacha amhábhar’ gach gníomhaíocht agus gach próiseas a bhaineann le taiscéalaíocht, eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar;

(3)

ciallaíonn ‘taiscéalaíocht’ na gníomhaíochtaí uile a dhírítear ar airíonna tarluithe mianraí a shainaithint agus a bhunú;

(4)

ciallaíonn ‘eastóscadh’ eastóscadh mianta, mianraí agus táirgí plandaí óna bhfoinse bhunaidh mar phríomhtháirge nó mar sheachtháirge, lena n-áirítear ó tharlú mianraí faoi thalamh, ó tharlú mianraí faoi uisce agus in uisce, agus ó sháile agus crainn;

(5)

ciallaíonn ‘acmhainneacht eastósctha an Aontais’ comhiomlán uasmhéideanna bliantúla táirgthe na n-oibríochtaí eastósctha le haghaidh mianta, mianraí, táirgí plandaí agus tiúchain ina bhfuil amhábhair straitéiseacha, lena n-áirítear oibríochtaí próiseála a bhíonn suite de ghnáth ag an láithreán eastósctha nó gar dó, agus atá lonnaithe san Aontas;

(6)

ciallaíonn ‘tarluithe mianraí’ aon mhianra aonair nó aon teaglaim mianraí a tharlaíonn i mais nó i bhfosú ag a bhfuil leas eacnamaíoch ionchasach;

(7)

ciallaíonn ‘cúltacaí’ na tarluithe mianraí uile a bhfuil sé inmharthana ar bhonn eacnamaíoch iad a eastóscadh i gcomhthéacs margaidh ar leith;

(8)

ciallaíonn ‘próiseáil’ na próisis fhisiceacha, cheimiceacha agus bhitheolaíocha uile a bhaineann le hamhábhar a chlaochlú ó mhianta, mianraí, táirgí plandaí nó dramhaíl go miotail íona, cóimhiotail nó go foirmeacha eile atá inúsáidte go heacnamaíoch, lena n-áirítear tairbhiú, deighilt, bruithniú agus scagadh, agus gan miotalóireacht agus claochlú breise go hearraí idirmheánacha agus deiridh a áireamh;

(9)

ciallaíonn ‘acmhainneacht phróiseála an Aontais’ comhiomlán uasmhéideanna táirgeachta bliantúla na n-oibríochtaí próiseála le haghaidh amhábhair straitéiseacha, cé is moite d’oibríochtaí den sórt sin a bhíonn suite de ghnáth ag an láithreán eastósctha nó gar dó, agus atá lonnaithe san Aontas;

(10)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’ athchúrsáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Threoir 2008/98/CÉ;

(11)

ciallaíonn ‘acmhainneacht athchúrsála an Aontais’ comhiomlán uasmhéid táirgeachta bliantúil na n-oibríochtaí athchúrsála le haghaidh amhábhair straitéiseacha tar éis athphróiseála, lena n-áirítear sórtáil agus réamhchóireáil dramhaíola, agus a próiseáil go hamhábhair thánaisteacha, agus atá lonnaithe san Aontas;

(12)

ciallaíonn ‘tomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach’ comhiomlán mhéid na n-amhábhar straitéiseach arna dtomhailt ag gnóthais atá bunaithe san Aontas i bhfoirm phróiseáilte, cé is moite d’amhábhair straitéiseacha a ionchorpraítear i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh a chuirtear ar mhargadh an Aontais;

(13)

ciallaíonn ‘riosca soláthair’ riosca soláthair arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Roinn 2;

(14)

ciallaíonn ‘tionscadal amhábhair chriticiúil’ aon saoráid atá pleanáilte nó aon mhéadú nó athrú cuspóra suntasach atá pleanáilte ar shaoráid atá ann cheana agus atá gníomhach in eastóscadh, próiseáil nó in athchúrsáil amhábhar criticiúil;

(15)

ciallaíonn ‘ceannaitheoir’ gnóthas a rinne comhaontú ceannaigh le tionscnóir tionscadail;

(16)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannaigh’ aon chomhaontú conarthach idir gnóthas agus tionscnóir tionscadail ina bhfuil gealltanas ar thaobh an ghnóthais i leith sciar de na hamhábhair arna dtáirgeadh ag tionscadal amhábhair sonrach a sholáthar thar thréimhse áirithe ama nó gealltanas ar thaobh an tionscnóra tionscadail i leith an rogha a thabhairt don ghnóthas déanamh amhlaidh;

(17)

ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a fhorbraíonn tionscadal amhábhair;

(18)

ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear na ceadanna uile is ábhartha i dtaobh tionscadal amhábhair chriticiúil a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna tógála, ceadanna ceimiceáin agus ceadanna nasctha eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás ina n-éilítear iad sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón admháil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe go dtí an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta a thugann an pointe teagmhála aonair lena mbaineann;

(19)

ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tacar cinntí a dhéanann údaráis na mBallstát lena gcinntear cé acu atá an tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal amhábhair chriticiúil a chur chun feidhme, gan dochar d’aon chinneadh a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc;

(20)

ciallaíonn ‘clár náisiúnta’ clár náisiúnta nó tacar tiomsaithe clár, lena gcumhdaítear an chríoch ina iomláine, arna ullmhú agus arna ghlacadh ag údaráis náisiúnta ábhartha nó údaráis réigiúnacha ábhartha;

(21)

ciallaíonn ‘taiscéalaíocht ghinearálta’ taiscéalaíocht ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, gan taiscéalaíocht spriocdhírithe a áireamh;

(22)

ciallaíonn ‘taiscéalaíocht spriocdhírithe’ imscrúdú mionsonraithe ar tharlú mianraí ar leith;

(23)

ciallaíonn ‘mapa tuarthach’ mapa ina léirítear limistéir ar dóchúil tarluithe mianraí amhábhair ar leith a bheith iontu;

(24)

ciallaíonn ‘suaitheadh soláthair’ laghdú suntasach gan choinne ar infhaighteacht amhábhair nó méadú suntasach ar phraghas amhábhair is mó ná an ghnáthluaineacht i bpraghsanna an mhargaidh;

(25)

ciallaíonn ‘slabhra soláthair amhábhar’ gníomhaíochtaí agus próisis uile shlabhra luacha na n-amhábhar suas go dtí an pointe ina n-úsáidtear amhábhar mar ionchur chun táirgí idirmheánacha nó táirgí deiridh a mhonarú;

(26)

ciallaíonn ‘straitéisí um maolú’ na beartais arna bhforbairt ag oibreoir eacnamaíoch chun teorainn a chur leis an dóchúlacht go dtarlódh suaitheadh soláthair ar a shlabhra soláthair amhábhar nó chun na damáistí a tharla de bharr suaitheadh soláthair den sórt sin ar a ghníomhaíocht eacnamaíoch a mhaolú;

(27)

ciallaíonn ‘príomhoibreoirí margaidh’ gnóthais i slabhra soláthair amhábhar criticiúil an Aontais agus gnóthais iartheachtacha a thomhlaíonn amhábhair chriticiúla, a bhfuil a bhfeidhmiú iontaofa bunriachtanach chun amhábhair chriticiúla a sholáthar;

(28)

ciallaíonn ‘stoc straitéiseach’ cainníocht amhábhair áirithe i gcibé foirm a stórálann oibreoir poiblí nó príobháideach é d’fhonn é a scaoileadh i gcás suaitheadh soláthair;

(29)

ciallaíonn ‘cuideachta mhór’ cuideachta a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán aici agus a raibh glanláimhdeachas níos mó ná EUR 150 milliún aici sa bhliain airgeadais is déanaí ar ullmhaíodh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith;

(30)

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí straitéiseacha’ na heochairtheicneolaíochtaí atá lárnach don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus freisin d’fheidhmeanna cosanta agus aeraspáis;

(31)

ciallaíonn ‘bord stiúrthóirí’ an comhlacht riaracháin nó maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú feidhmiúcháin na cuideachta, nó, mura bhfuil comhlacht den sórt sin ann, an duine nó na daoine a bhfuil feidhmeanna coibhéiseacha á gcomhlíonadh acu;

(32)

ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE;

(33)

ciallaíonn ‘bailiú’ bailiú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Threoir 2008/98/CE;

(34)

ciallaíonn ‘cóireáil’ cóireáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14), de Threoir 2008/98/CE;

(35)

ciallaíonn ‘aisghabháil’ aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2008/98/CE;

(36)

ciallaíonn ‘athúsáid’ athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13), de Threoir 2008/98/CE;

(37)

ciallaíonn ‘dramhaíl eastóscach’ dramhaíl eastóscach de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2006/21/CE;

(38)

ciallaíonn ‘saoráid dramhaíola eastóscaí’ saoráid dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2006/21/CE;

(39)

ciallaíonn ‘réamh-mheasúnú eacnamaíoch’ measúnú coincheapúil luathchéime ar inmharthanacht eacnamaíoch fhéideartha tionscadail chun amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó dhramhaíl eastóscach;

(40)

ciallaíonn ‘feiste íomháithe athshondais mhaighnéadaigh’ feiste leighis neamhionrach ina n-úsáidtear réimsí maighnéadacha chun íomhánna anatamaíocha a dhéanamh nó aon fheiste eile lena n-úsáidtear réimsí maighnéadacha chun íomhánna a dhéanamh den taobh istigh de réad;

(41)

ciallaíonn ‘gineadóir fuinnimh gaoithe’ an chuid de thuirbín gaoithe ar tír mór nó amach ón gcósta a thiontaíonn fuinneamh meicniúil an rótair go fuinneamh leictreach;

(42)

ciallaíonn ‘róbat tionsclaíoch’ ionramhálaí ilchuspóireach a rialaítear go huathoibríoch, atá ath-inríomhchláraithe agus atá in-ríomhchláraithe i dtrí ais nó níos mó, agus ar féidir é a bheith socraithe go buan nó a úsáid go soghluaiste i bhfeidhmchláir uathoibrithe thionsclaíocha;

(43)

ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chineálcheadaithe i gcatagóir M nó i gcatagóir N mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2018/858;

(44)

ciallaíonn ‘modh éadrom iompair’ aon fheithicil éadrom ar rothaí is féidir a chumhachtú leis an mótar leictreach as féin nó le meascán de chumhacht mhótair agus de chumhacht an duine, lena n-áirítear scútair leictreacha, rothair leictreacha agus feithiclí cineálcheadaithe i gcatagóir L mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;

(45)

ciallaíonn ‘gineadóir fuarúcháin’ an chuid de chóras fuarúcháin a ghineann difríocht teochta lenar féidir teas a bhaint as an spás nó as an bpróiseas atá le fuarú, agus úsáid á baint as timthriall leictreach comhbhrúite gaile;

(46)

ciallaíonn ‘teaschaidéal’ an chuid de chóras teasa a ghineann difríocht teochta lenar féidir teas a sholáthar don spás nó don phróiseas atá le téamh, agus úsáid á baint as timthriall leictreach comhbhrúite gaile;

(47)

ciallaíonn ‘mótar leictreach’ feiste a thiontaíonn cumhacht ionchuir leictrigh go cumhacht aschuir mheicniúil i bhfoirm rothlaithe le luas rothlaithe agus casmhóimint a bhraitheann ar fhachtóirí lena n-áirítear minicíocht voltas soláthair agus líon phoil an mhótair, agus ag a bhfuil aschuir rátaithe arb ionann é agus 0,12 kW nó ar mó ná sin é;

(48)

ciallaíonn ‘meaisín níocháin uathoibríoch’ meaisín níocháin ina nítear go hiomlán an lód sa mheaisín níocháin gan aon ghá le hidirghabháil úsáideora ag aon am le linn an chláir;

(49)

ciallaíonn ‘triomadóir rothlaim’ fearas ina dtriomaítear teicstílí trína rothlú i ndruma rothlach ina bhfuil aer atá téite;

(50)

ciallaíonn ‘micreathonn’ aon fhearas a bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun bia a théamh agus úsáid á baint as fuinneamh leictreamaighnéadach;

(51)

ciallaíonn ‘folúsghlantóir’ fearas a bhaineann salachar ó dhromchla atá le glanadh trí bhíthin aershreibhe a chruthaítear le brú diúltach laistigh den aonad;

(52)

ciallaíonn ‘miasniteoir’ meaisín ina ndéantar earraí boird a ghlanadh agus a shruthlú;

(53)

ciallaíonn ‘buanmhaighnéad’ maighnéad a choinníonn a mhaighnéadas i ndiaidh é a bheith bainte de réimse seachtrach maighnéadach;

(54)

ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ siombail barrachóid línigh, siombail dhéthoiseach nó meán eile aithinte uathoibríoch gabhála sonraí is féidir a léamh le feiste;

(55)

ciallaíonn ‘aitheantóir uathúil táirge’ teaghrán uathúil carachtar chun táirgí a shainaithint;

(56)

ciallaíonn ‘bratú maighnéid’ sraith ábhair a úsáidtear go ginearálta chun maighnéid a chosaint ar chreimeadh;

(57)

ciallaíonn ‘baint’ láimhseáil láimhe, mheicniúil, cheimiceach, theirmeach nó mhiotalach agus de thoradh air sin go mbeidh na comhpháirteanna nó na hábhair spriocdhírithe inaitheanta mar shruth aschuir ar leith nó mar chuid de shreabh aschuir;

(58)

ciallaíonn ‘athchúrsálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann athchúrsáil i saoráid cheadaithe;

(59)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(60)

ciallaíonn ‘cineál amhábhair chriticiúil’ amhábhar criticiúil a chuirtear ar an margadh agus a idirdhealaítear de réir a chéime próiseála, a chomhdhéanaimh cheimicigh, a thionscnaimh gheografaigh nó na modhanna táirgthe a úsáidtear;

(61)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(62)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28, 29 nó 31;

(63)

ciallaíonn ‘Comhpháirtíocht Straitéiseach’ gealltanas idir an tAontas agus tríú tír, nó tír nó críoch thar lear chun méadú a dhéanamh ar an gcomhar a bhaineann leis an slabhra luacha amhábhar a bhunaítear trí ionstraim neamhcheangailteach lena leagtar amach gníomhaíochtaí comhleasa, lena n-éascaítear torthaí a rachaidh chun sochair don Aontas agus don tríú tír ábhartha araon nó do na tíortha nó críocha thar lear;

(64)

ciallaíonn ‘rialachas il-gheallsealbhóra’ ról foirmiúil, fónta agus substainteach atá ag cineálacha iomadúla geallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta ar a laghad, i gcinnteoireacht scéime deimhniúcháin, arna dhoiciméadú trí bhíthin sainordaithe, téarmaí tagartha nó fianaise eile, lena ndeimhnítear nó lena dtacaítear le rannpháirtíocht ionadaithe il-gheallsealbhóirí na scéime deimhniúcháin sin.

CAIBIDIL 2

AMHÁBHAIR STRAITÉISEACHA AGUS AMHÁBHAIR CHRITICIÚLA

Airteagal 3

Liosta na n-amhábhar straitéiseach

1.   Na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1, lena n-áirítear i bhfoirm neamhphróiseáilte, ag aon chéim phróiseála agus nuair is ann dóibh mar sheachtháirge de phróisis eile eastósctha, phróiseála nó athchúrsála, measfar gur amhábhair straitéiseacha iad.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Iarscríbhinn I, Roinn 1, a leasú chun liosta na n-amhábhar straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar ar liosta nuashonraithe d’amhábhair straitéiseacha, as measc na n-amhábhar a ndéantar measúnú orthu, na hamhábhair is airde scór ó thaobh tábhacht straitéiseach, fás réamh-mheasta ar an éileamh agus an deacracht a bhaineann le táirgeadh a mhéadú de. Is i gcomhréir le hIarscríbhinn I, Roinn 2, a chinnfear an tábhacht straitéiseach, an fás réamh-mheasta ar an éileamh agus an deacracht a bhaineann leis an táirgeacht a mhéadú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach agus, más gá, déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta faoin 24 Bealtaine 2027, agus gach trí 3 bliana ina dhiaidh sin.

Arna iarraidh sin don Bhord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a bhunaítear le hAirteagal 35 (‘an Bord’) ar bhonn an fhaireacháin agus na tástála struis i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrú air aon tráth i dteannta na n-athbhreithnithe rialta.

Mar chuid den chéad nuashonrú ar liosta na n-amhábhar straitéiseach de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Iarscríbhinn I, Roinn 2, i dtaobh ar cheart graifít shintéiseach fanacht ar liosta na n-amhábhar straitéiseach.

Airteagal 4

Liosta na n-amhábhar criticiúil

1.   Na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn 1, lena n-áirítear i bhfoirm neamhphróiseáilte, ag aon chéim phróiseála agus nuair is ann dóibh mar sheachtháirge de phróisis eile eastósctha, phróiseála nó athchúrsála, measfar gur amhábhair chriticiúla iad.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Iarscríbhinn II, Roinn 1, a leasú chun liosta na n-amhábhar criticiúil a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar ar liosta nuashonraithe d’amhábhair chriticiúla na hamhábhair straitéiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1 chomh maith le haon amhábhar eile a shroichfidh nó a sháróidh tairseach 1 i gcás riosca soláthair agus tairseach 2,8 i gcás tábhacht eacnamaíoch. Ríomhfar an tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair i gcomhréir le hIarscríbhinn II, Roinn 2.

3.   Faoin 24 Bealtaine 2027 agus gach trí 3 bliana ina dhiaidh sin ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na n-amhábhar criticiúil agus, más gá, nuashonróidh sé é i gcomhréir le mír 2.

CAIBIDIL 3

SLABHRA LUACHA AMHÁBHAR AN AONTAIS A NEARTÚ

ROINN 1

Tagarmharcanna

Airteagal 5

Tagarmharcanna

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na céimeanna éagsúla de shlabhra luacha na n-amhábhar straitéiseach a neartú trí na bearta dá bhforáiltear sa Chaibidil seo chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go mbeidh méadú suntasach tagtha, faoi 2030, ar acmhainneachtaí an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh ionas go mbeidh, ar an iomlán, acmhainneacht an Aontais gar do na tagarmharcanna seo a leanas nó go mbeidh siad bainte amach:

(i)

go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht eastósctha an Aontais na mianta, na mianraí nó na tiúchain a eastóscadh a bhfuil gá leo chun 10 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh, a mhéid is féidir i bhfianaise cúltacaí an Aontais;

(ii)

go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht phróiseála an Aontais, lena n-áirítear na céimeanna próiseála idirmheánacha uile, 40 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh;

(iii)

go mbeidh sé d’acmhainn ag acmhainneacht athchúrsála an Aontais, lena n-áirítear i gcás na gcéimeanna athchúrsála idirmheánacha uile, 25 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil amhábhar straitéiseach an Aontais a tháirgeadh agus go mbeidh sé d’acmhainn aici athchúrsáil a dhéanamh ar mhéideanna gach amhábhair straitéisigh atá ag méadú go suntasach i ndramhaíl.

(b)

allmhairí amhábhair straitéiseacha an Aontais a éagsúlú d’fhonn a áirithiú, faoi 2030, gur féidir le tomhaltas bliantúil an Aontais maidir le gach amhábhar straitéiseach ag aon chéim ábhartha den phróiseáil brath ar allmhairí ó roinnt tríú tíortha nó ó thíortha nó críocha thar lear (OCTanna) agus nach cúis le níos mó ná 65 % de thomhaltas an Aontais i dtaca le hamhábhar straitéiseach aon tríú tír.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú faoi bhun an réamh-mheastacháin tagartha dá dtagraítear in Airteagal 44(1) trí bhíthin na mbeart ábhartha a leagtar amach sa Roinn seo agus i gCaibidil 5.

3.   Faoin 1 Eanáir 2027, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhoráil a dhéanamh maidir le tagarmharcanna acmhainneachta athchúrsála an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha.

Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre na sruthanna dramhaíola agus na hamhábhair straitéiseacha laistigh díobh a bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil ina leith maidir leis na méideanna dramhaíola ábhartha agus a n-ábhar amhábhair straitéisigh ar bhonn cheanglais thuairiscithe Rialachán (AE) 2023/1542, Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), Threoir 2008/98/CE agus Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), chun lamháil d’acmhainneacht athchúrsála an Aontais a mheas mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá sna sruthanna dramhaíola ábhartha.

Leagfar síos freisin leis na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre tagarmharc acmhainneachta athchúrsála de chuid an Aontais bunaithe ar an acmhainneacht athchúrsála i gcás gach amhábhair straitéisigh sna sruthanna dramhaíola ábhartha a shainaithnítear de bhun an dara fomhír.

Déanfaidh an Coimisiún an tagarmharc acmhainneachta athchúrsála dá dtagraítear sa tríú fomhír a shocrú bunaithe ar bhonn na ngnéithe seo a leanas:

(a)

acmhainneacht athchúrsála reatha an Aontais arna sloinneadh mar sciar de na hamhábhair straitéiseacha atá ar fáil i sruthanna dramhaíola ábhartha;

(b)

a mhéid is féidir amhábhair straitéiseacha a aisghabháil ó na sruthanna dramhaíola sin, agus indéantacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch á cur san áireamh;

(c)

spriocanna a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is ábhartha d’aisghabháil amhábhar straitéiseach ó dhramhaíl.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a leasú trí na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a thabhairt cothrom le dáta más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 48(2), go mbeidh faisnéis ar fáil maidir le méideanna dramhaíola ábhartha agus ábhar amhábhair straitéisigh na sruthanna dramhaíola breise.

ROINN 2

Tionscadail Straitéiseacha

Airteagal 6

Critéir maidir le Tionscadail Straitéiseacha a aithint

1.   I ndiaidh don tionscnóir tionscadail iarratas a dhéanamh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 7, aithneoidh an Coimisiún mar Thionscadail Straitéiseacha tionscadail amhábhair a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

go ndéanfadh an tionscadal rannchuidiú fiúntach le slándáil sholáthar amhábhair straitéiseacha an Aontais;

(b)

go bhfuil an tionscadal indéanta go teicniúil, nó go dtiocfaidh sé chun bheith indéanta go teicniúil, laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gur féidir méid táirgeachta ionchasach an tionscadail a mheas le leibhéal leordhóthanach muiníne;

(c)

go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú na dtionchar ar an gcomhshaol, cosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar sóisialta trí úsáid a bhaint as cleachtais atá freagrach ar bhonn sóisialta lena n-áirítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach agus cearta saothair a urramú, go háirithe i gcás athlonnú neamhdheonach, acmhainneacht maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht;

(d)

i gcás tionscadail san Aontas, go mbeadh tairbhí trasteorann ag baint le bunú, oibriú nó táirgeacht an tionscadail lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear earnálacha iartheachtacha;

(e)

i gcás tionscadail i dtríú tíortha ar margaí atá ag teacht chun cinn nó ngeilleagair atá i mbéal forbartha iad, go rachadh an tionscadal chun tairbhe don Aontas agus an tríú tír lena mbaineann trí luach a chur leis sa tríú tír sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún comhlíonadh na gcritéar don aitheantas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis na gnéithe agus leis an bhfianaise a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Iarscríbhinn III a leasú chun na gnéithe agus an fhianaise atá le cur san áireamh a oiriúnú agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar don aitheantas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i leith dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó chun athruithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn III, pointe 5, nó glacadh ionstraimí idirnáisiúnta atá ábhartha chun comhlíonadh na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a chur san áireamh.

3.   Ní dhéanfaidh aitheantas tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach de bhun an Airteagail seo difear do na ceanglais is infheidhme i leith an tionscadail nó i leith an tionscnóra tionscadail is ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta, faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 7

Iarratas agus aitheantas

1.   Maidir le hiarratais ar aitheantas a thabhairt do thionscadal amhábhair chriticiúil mar Thionscadal Straitéiseach, cuirfidh an tionscnóir tionscadail na hiarratais sin faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 6(1);

(b)

aicmiú an tionscadail de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní, le tacaíocht ó fhianaise iomchuí;

(c)

clár ama chun an tionscadal a chur chun feidhme, lena n-áirítear forléargas ar na ceadanna is gá don tionscadal agus stádas an phróisis chomhfhreagraigh deonaithe ceadanna;

(d)

plean ina mbeidh bearta chun glacadh an phobail a éascú lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht fhónta agus rannpháirteachas gníomhach na bpobal dá ndéantar difear, bealaí cumarsáide athfhillteacha a bhunú le pobail áitiúla, eagraíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus údaráis ábhartha, agus feachtais múscailte feasachta agus faisnéise agus sásraí ionchasacha um maolú agus um chúiteamh a chur chun feidhme;

(e)

faisnéis maidir le rialú na ngnóthas atá rannpháirteach sa tionscadal, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (38) ón gComhairle, agus, i gcás ina bhfuil gnóthais iomadúla rannpháirteach, faisnéis ina gcuirtear síos ar rannpháirtíocht choibhneasta gach gnóthais sa tionscadal;

(f)

plean gnó ina ndéanfar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail;

(g)

meastachán ar ionchasacht an tionscadail chun poist ardcháilíochta a chruthú agus riachtanais an tionscadail ó thaobh lucht saothair oilte de agus plean oibre chun tacú le huas-sciliú agus athsciliú agus ionadaíocht chuimsitheach an luchta saothair a chur chun cinn;

(h)

i gcás tionscadail i dtríú tíortha nó in OCTanna lena mbaineann eastóscadh, plean chun feabhas a chur ar bhail na láithreán dá ndéantar difear ó thaobh an chomhshaoil de tar éis dheireadh an tsaothraithe, d’fhonn an bhail a bhí air ó thaobh an chomhshaoil de roimhe sin a athbhunú agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch á cur san áireamh;

(i)

i gcás tionscadail a bhaineann go heisiach le próiseáil nó le hathchúrsáil atá lonnaithe i limistéir atá faoi chosaint de bhun Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE, tuairisc ar na suíomhanna malartacha atá iomchuí go teicniúil, arna measúnú ag an tionscnóir tionscadail, agus an fáth a mheastar nach bhfuil siad iomchuí i gcomhair shuíomh an tionscadail;

(j)

i gcás tionscadail a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha, plean ina mbeidh bearta atá tiomnaithe do chomhairliúchán fónta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear, faoi chosc agus íoslaghdú na ndrochthionchar ar phobail dhúchasacha agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chúiteamh cóir do na daoine sin, mar aon le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin.

I gcás ina bhfuil forálacha don chomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír i ndlí náisiúnta na tíre a mbaineann a críoch le tionscadal agus ar choinníoll go gcumhdaítear le comhairliúchán den sórt sin na haidhmeanna uile a leagtar amach sa phointe sin, féadfar an plean a choigeartú dá réir sin.

2.   Faoin 24 Samhain 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar teimpléad aonair a bheidh le húsáid ag tionscnóirí tionscadail le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh an teimpléad aonair a léiriú conas a dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur in iúl. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Beidh méid na doiciméadachta atá le comhlánú sa teimpléad aonair dá dtagraítear sa chéad fhomhír réasúnta.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 trí ghlao oscailte le scoithdhátaí rialta.

Socrófar an chéad scoithdháta den sórt sin tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún scoithdhátaí ina dhiaidh sin a shocrú 4 huaire ar a laghad sa bhliain.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarratasóirí a chur ar an eolas laistigh de 30 lá ón scoithdháta is infheidhme má mheasann sé go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas comhlánaithe. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá a thíolacadh chun an t-iarratas a chomhlánú gan moill mhíchuí, lena sonraítear cén fhaisnéis bhreise a bheidh ag teastáil.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an Bord a chur ar an eolas faoi na hiarratais uile a mheastar a bheith comhlánaithe i gcomhréir le mír 4.

6.   Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 36(5) chun tuairim a phlé agus a eisiúint i dtaobh, ar bhonn próiseas cothrom trédhearcach, an gcomhlíonann an tionscadal atá beartaithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1).

Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú ar fáil don Bhord i dtaobh an gcomhlíonann na tionscadail atá beartaithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) roimh na cruinnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

7.   Déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas ina iomláine a tharchur chuig an mBallstát, an tríú tír nó OCT a mbaineann a gcríoch le tionscadal atá beartaithe.

8.   Ar bhonn agóid ón mBallstát a mbaineann a chríoch le tionscadal atá beartaithe, ní dhéanfar an tionscadal a mheas le haghaidh aitheantas mar Thionscadail Straitéiseach. Tabharfaidh an Ballstát an bunús lena agóid le linn na bpléití dá dtagraítear i mír 4.

I gcás Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha, nó OCTanna, roinnfidh an Coimisiún an t-iarratas a gheofar leis an tríú tír nó an OCT a mbaineann a críoch leis an tionscadal atá beartaithe. Ní fhormheasfaidh an Coimisiún an t-iarratas sula bhfaighidh sé formheas sainráite ó thríú tír is ábhartha.

9.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird dá dtagraítear i mír 6 á cur san áireamh aige, a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don tionscadal mar Thionscadal Straitéiseach a ghlacadh laistigh de 90 lá tar éis chomhláine an iarratais a admháil i gcomhréir le mír 4 agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir ina leith sin.

Beidh cinneadh an Choimisiúin réasúnaithe. Soláthróidh an Coimisiún a chinneadh don Bhord agus don Bhallstát nó leis an tríú tír a mbaineann a gcríoch leis an tionscadal.

10.   I gcásanna eisceachtúla, i gcás inar gá sin de bharr chineál, chastacht nó mhéid an iarratais nó i gcás ina bhfuil líon na n-iarratas a fhaightear roimh scoithdháta áirithe ró-ard chun a fhágáil gur féidir iarratais a phróiseáil laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 9, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn cás ar chás agus tráth nach déanaí ná 20 lá roimh dhul in éag don teorainn ama dá dtagraítear i mír 9, síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt leis an síneadh agus leis an teorainn ama don chinneadh.

11.   I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann Tionscadal Straitéiseach na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) a thuilleadh nó, i gcás ina raibh a aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis atá mícheart sa mhéid go ndéanann sé difear dá chomhlíonadh leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), féadfaidh sé, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, aitheantas tionscadail mar Thionscadal Straitéiseach a tharraingt siar.

Sula nglacfaidh sé cinneadh an t-aitheantas sin a tharraingt siar, déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá lena chinneadh a sholáthar don tionscnóir tionscadail, tabharfar deis don tionscnóir tionscadail freagra a thabhairt ar an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún freagra an tionscnóra tionscadail san áireamh.

12.   Tionscadail nach n-aithnítear a thuilleadh mar Thionscadail Straitéiseacha, caillfidh siad na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán seo.

13.   Tionscadail Straitéiseacha nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) de bharr nuashonrú ar Iarscríbhinn I, agus dá bharr sin amháin, beidh cead acu a stádas mar Thionscadal Straitéiseach a choinneáil ar feadh 3 bliana ó dháta an nuashonraithe sin.

Airteagal 8

Oibleagáidí tuairiscithe agus faisnéise le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha

1.   Cuirfidh an tionscnóir tionscadail, i ndiaidh dháta an aitheantais mar Thionscadal Straitéiseach, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Tionscadail Straitéisigh, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna;

(b)

i gcás inarb ábhartha, cúiseanna atá le moilleanna i gcomparáid leis an tráthchlár dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), agus plean chun na moilleanna sin a shárú;

(c)

dul chun cinn maidir leis an Tionscadal Straitéiseach a mhaoiniú, lena n-áirítear faisnéis maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí.

Cuirfidh an Coimisiún cóip den tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Bhoird chun na pléití dá dtagraítear in Airteagal 36(7), pointe (c), a éascú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a iarraidh ar thionscnóirí tionscadail atá ábhartha i dtaobh chur chun feidhme an Tionscadail Straitéisigh chun a fhionnadh an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) á gcomhlíonadh go leanúnach.

3.   Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

(a)

athruithe ar an Tionscadal Straitéiseach lena ndéantar difear dá chomhlíonadh leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1);

(b)

athruithe ar rialú na ngnóthas atá rannpháirteach sa Tionscadal Straitéiseach ar bhonn buan, i gcomparáid leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (e).

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad aonair atá le húsáid ag tionscnóirí tionscadail chun an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil. Féadfaidh an teimpléad aonair a léiriú conas atá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le cur in iúl. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Maidir le méid na doiciméadachta is gá chun an teimpléad aonair dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlánú, beidh sé réasúnta.

5.   Bunóidh an tionscnóir tionscadail, agus nuashonróidh sé go rialta, suíomh gréasáin an ghnóthais nó suíomh gréasáin tiomnaithe tionscadail ar a mbeidh faisnéis a bheidh ábhartha don phobal áitiúil agus chun glacadh an phobail leis an Tionscadal Straitéiseach a chothú, lena n-áirítear ar a laghad faisnéis ar na tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha agus ar na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an Tionscadal Straitéiseach. Beidh an chuid ábhartha de shuíomh gréasáin an ghnóthais nó an suíomh gréasáin tiomnaithe tionscadail inrochtana don phobal saor in aisce agus ní éileofar soláthar sonraí pearsanta leis (suíomh gréasáin saor-rochtana). Beidh sé ar fáil i dteanga nó i dteangacha is féidir leis an bpobal áitiúil a thuiscint go héasca.

ROINN 3

An próiseas deonaithe ceadanna

Airteagal 9

Pointe teagmhála aonair

1.   Faoin 24 Feabhra 2025, déanfaidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó ná sin a bhunú nó a ainmniú mar phointí teagmhála aonair. I gcás ina ndéanann Ballstát níos mó ná pointe teagmhála amháin den sórt sin a bhunú nó a ainmniú, áiritheoidh sé nach mbeidh ach pointe teagmhála amháin den sórt sin ann de réir an leibhéil riaracháin ábhartha agus de réir chéim shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil.

2.   I gcás ina mbunaíonn nó ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná pointe teagmhála amháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo, soláthróidh sé suíomh gréasáin simplí, inrochtana ar a ndéanfar na pointí teagmhála uile, lena n-áirítear a seoladh agus a modhanna leictreonacha cumarsáide, a liostú agus a chatagóiriú go soiléir de réir an leibhéil riaracháin ábhartha agus de réir chéim shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil. Féadfaidh inneachar a sholáthraítear de bhun Airteagal 18 a bheith ar an suíomh gréasáin freisin.

3.   Beidh na pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo (pointí teagmhála aonair) freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail amhábhair chriticiúil a éascú agus a chomhordú agus as faisnéis a sholáthar maidir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an uair a mheastar go bhfuil iarratas comhlánaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(6). Déanfaidh siad comhordú agus éascú ar thíolacadh aon doiciméad agus faisnéise ábhartha.

4.   Is iad na pointí teagmhála aonair lena mbaineann amháin a bheidh mar phointe teagmhála ag an tionscnóir tionscadail agus cuideoidh siad leis an tionscnóir tionscadail tuiscint a fháil ar aon ábhar riaracháin atá ábhartha don phróiseas deonaithe ceadanna.

5.   Beidh an deis ag tionscnóirí tionscadail tionscadal amhábhar criticiúil teagmháil a dhéanamh leis an aonad riaracháin ábhartha, laistigh den phointe teagmhála aonair, atá freagrach as na cúraimí a shonraítear san Airteagal seo. Má thagann athrú ar an aonad riaracháin ábhartha, leanfaidh an t-aonad ábhartha dá fhreagrachtaí a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh go dtí go gcuirfear an t-athrú sin in iúl don tionscnóir tionscadail.

6.   Ceadófar do thionscnóirí tionscadail na doiciméid uile is ábhartha don phróiseas deonaithe ceadanna a thíolacadh i bhfoirm leictreonach.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh aon staidéir bhailí a dhéantar, nó ceadanna nó údaruithe atá bailí a eisítear, le haghaidh tionscadal amhábhair chriticiúil ar leith agus nach mbeidh gá le staidéir, ceadanna ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí ar fhaisnéis faoi nósanna imeachta agus ar nósanna imeachta chun díospóidí a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a réiteach i gcás tionscadail amhábhar criticiúil, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí malartacha um réiteach díospóidí.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne atá cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta is gá ag na pointí teagmhála aonair chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.

Airteagal 10

Stádas tosaíochta na dTionscadal Straitéiseach

1.   Measfar go rannchuideoidh Tionscadail Straitéiseacha le slándáil an tsoláthair amhábhar straitéiseach san Aontas.

2.   Maidir leis na tionchair nó na hoibleagáidí comhshaoil a ndírítear orthu in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE nó i bhforálacha reachtacha an Aontais maidir le héiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athbhunú, measfar gur de leas an phobail nó gur chun leasa na sábháilteachta agus na sláinte poiblí iad na Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.

3.   Chun iar éifeachtúil an phróisis deonaithe ceadanna a bhaineann leis na Tionscadail Straitéiseacha san Aontais a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go ndéanfar na próisis sin chomh gasta agus is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

4.   Gan dochar do na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, déanfar an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir a dheonú do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas, i gcás ina bhfuil stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus déileálfar leo dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna.

5.   Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le heisiúint ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha san Aontas os comhair aon chúirteanna, aon bhinsí, nó painéil, lena n-áirítear maidir le hidirghabháil nó eadráin, i gcás inar ann dóibh sa dlí náisiúnta, déileálfar leo mar nósanna imeachta práinne, má dhéantar foráil, agus a mhéid a dhéantar foráil, sa dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta práinne dá leithéid agus ar choinníoll go n-urramaítear cearta cosanta is infheidhme de ghnáth do dhaoine aonair nó do phobail áitiúla. Beidh tionscnóirí tionscadail Tionscadal Straitéiseach rannpháirteach i nós imeachta práinne den sórt sin, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 11

Fad an phróisis deonaithe ceadanna

1.   I gcás Tionscadail Straitéiseacha san Aontas, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná:

(a)

27 mí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh;

(b)

15 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás Tionscadail Straitéiseacha san Aontas a bhí faoi réir an phróisis deonaithe ceadanna sular tugadh aitheantas dóibh mar Thionscadail Straitéiseacha agus i gcás fhadú Tionscadal Straitéiseach atá ann cheana ar deonaíodh cead dóibh cheana, ní bheidh fad an phróisis deonaithe ceadanna tar éis don tionscadal bheith aitheanta mar Thionscadal Straitéiseach, níos faide ná:

(a)

24 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha lena mbaineann eastóscadh;

(b)

12 mhí i gcás Tionscadail Straitéiseach nach mbaineann ach le próiseáil nó athchúrsáil.

3.   I gcás ina gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE, ní áireofar céimeanna an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 (2), pointe (g) (i), den Treoir sin i bhfad an phróisis deonaithe ceada dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

4.   I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éilítear amhlaidh le cineál, castacht, suíomh nó méid an Tionscadail Straitéisigh, féadfaidh Ballstáit, sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás, síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i:

(a)

mír 1, pointe (a), agus mír 2, pointe (a), agus síneadh 6 mhí ar a mhéad a bheidh i gceist;

(b)

mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointe (b), agus síneadh 3 mhí ar a mhéad a bheidh i gceist.

I gcás ina gcuirfear síneadh den sórt sin le teorainn ama, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar cuí leis an síneadh leis an sprioc-am don chinneadh cuimsitheach.

5.   De mhaolú ar Airteagal 4(6) de Threoir 2011/92/AE, déanfar an cinneadh i dtaobh an gcuirfear an Tionscadal Straitéiseach faoi réir measúnú i gcomhréir le hAirteagail 5 go 10 den Treoir sin, laistigh de 30 lá ón dáta a chuir an forbróir an fhaisnéis uile isteach a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(4) den Treoir sin.

6.   Tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis iarratas deonaithe ceadanna a fháil a bhaineann le Tionscadal Straitéiseach, aithneoidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe nó murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun iarratas a phróiseáil, iarrfaidh sé ar an tionscnóir tionscadail iarratas comhlánaithe a chur isteach gan moill mhíchuí, ina sonrófar cén fhaisnéis atá in easnamh. I gcás ina measfar an t-iarratas arna chur isteach a bheith neamhiomlán don dara huair, ní iarrfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann faisnéis i réimsí nach gcumhdaítear sa chéad iarraidh ar fhaisnéis bhreise agus ní bheidh sé i dteideal ach fianaise bhreise a iarraidh chun an fhaisnéis a sainaithníodh atá in easnamh a chomhlánú.

Is ionann dáta na hadmhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus tús an phróisis deonaithe ceadanna.

7.   Tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta admhála dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna. Foilseoidh an tionscnóir tionscadail an sceideal ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8(5). Déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an sceideal a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina ndéantar athruithe suntasacha air a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’uainiú an chinnidh chuimsithigh.

8.   Tabharfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann fógra don tionscnóir tionscadail nuair a bheidh an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE dlite, agus eagrú an phróisis deonaithe ceadanna sa Bhallstát lena mbaineann agus an gá atá le dóthain ama a lamháil chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil á gcur san áireamh. Ní dhéanfar an tréimhse idir an sprioc-am chun an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a chur isteach agus an dáta iarbhír a gcuirtear an tuarascáil sin isteach, a áireamh i dtreo fhad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

9.   I gcás ina bhfágfaidh an comhairliúchán de bhun Airteagal 1(2), pointe (g)(ii), de Threoir 2011/92/AE gur gá an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol a fhorlíonadh le faisnéis bhreise, féadfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an deis a thabhairt don tionscnóir tionscadail faisnéis bhreise a sholáthar. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an pointe teagmhála aonair sin fógra don tionscnóir tionscadail nuair a bheidh an fhaisnéis bhreise dlite, is é sin tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an fhógra. Ní dhéanfar an tréimhse idir an sprioc-am chun an fhaisnéis bhreise a sholáthar agus cur isteach na faisnéise sin, a chur san áireamh i dtreo fhad an phróisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

10.   Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.

Airteagal 12

Measúnuithe agus údaruithe comhshaoil

1.   I gcás inar gá measúnú tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh i gcomhair Tionscadal Straitéiseach i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, déanfaidh an tionscnóir tionscadail ábhartha, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an fhógra i dtaobh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach a fháil agus sula gcuirfear an t-iarratas isteach, tuairim a iarraidh ón bpointe teagmhála aonair lena mbaineann ar raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh sa tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol faoi Airteagal 5(1) den Treoir sin.

Áiritheoidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann go n-eiseofar an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná 45 lá ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh ar thuarim isteach.

2.   I gcás Tionscadail Straitéiseacha dá n-eascraíonn an oibleagáid measúnuithe a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach ó Threoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE 2010/75/AE agus 2011/92/AE, nó ó Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39), áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear nós imeachta comhordaithe nó nós imeachta comhpháirteach i bhfeidhm lena gcomhlíontar ceanglais uile na ngníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais.

Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh an t-údarás inniúil na measúnuithe aonair éagsúla ar thionchar comhshaoil tionscadal ar leith a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.

Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadal ar leith a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseoidh na húdaráis inniúla an chonclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv), de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnacht tionchair timpeallachta ar Thionscadal Straitéiseach laistigh de 90 lá ón bhfaisnéis riachtanach uile a fháil de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin agus tar éis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin.

4.   I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na Ballstáit síneadh 20 lá ar a mhéad a chur leis an teorainn ama dá dtagraítear i mír 3, sula rachaidh sí in éag agus ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, déanfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail a chur ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lena dtugtar údar cuí leis an síneadh agus faoin sprioc-am dá chonclúid réasúnaithe.

5.   I gcás Tionscadail Straitéiseacha, ní bheidh an tréimhse ama chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (e) de Threoir 2011/92/AE agus leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir sin maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair ar an gcomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Treoir sin níos faide ná 85 lá agus, i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Treoir sin, ní bheidh sí níos giorra í ná 30 lá. I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann síneadh suas le 40 lá a chur leis an tréimhse ama. Cuirfidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna lena dtugtar údar le síneadh den sórt sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sula mbeidh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach acu.

Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna do Thionscadail Straitéiseacha a cuireadh isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna sula mbeidh aitheantas mar Thionscadal Straitéiseach acu ach amháin a mhéid nach mbeidh na céimeanna a dtugtar aghaidh orthu sna míreanna sin curtha i gcrích go fóill.

Airteagal 13

Pleanáil

1.   Déanfaidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá freagrach as pleananna a ullmhú, lena n-áirítear pleananna criosaithe, pleananna spásúla agus pleananna talamhúsáide, breithniú ar fhorálacha a áireamh sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, i gcás forbairt tionscadal amhábhar criticiúil. I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ar fhorálacha den sórt sin, tabharfar tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, agus mianaigh ghníomhacha nó thréigthe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tarluithe mianraí sainaitheanta.

2.   I gcás ina mbeidh pleananna lena n-áirítear forálacha i gcás forbairt tionscadal amhábhar criticiúil faoi réir measúnú de bhun Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, cuirfear na measúnuithe sin le chéile. I gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar na dobharlaigh a bhféadfadh go ndéanfaí difear dóibh dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá á ndéanamh anois agus a dhéanfar amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí idir an talamh agus an fharraige, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin.

Airteagal 14

Infheidhmeacht choinbhinsiúin UNECE

1.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann, arna shíniú in Espoo an 25 Feabhra 1991, agus a Phrótacal maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, arna shíniú i gCív an 21 Bealtaine 2003.

2.   Déanfar gach cinneadh a ghlacfar de bhun na Roinne seo a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh gach cinneadh a bhaineann le tionscadal amháin ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna.

ROINN 4

Coinníollacha cumasúcháin

Airteagal 15

Dlús a chur le Tionscadail Straitéiseacha a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na Ballstáit, chun dlús a chur le hinfheistíochtaí príobháideacha i dTionscadail Straitéiseacha agus chun iad a tharraingt isteach. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, tacaíocht a sholáthar agus a chomhordú do Thionscadail Straitéiseacha a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú.

2.   Déanfaidh an Ballstát a mbaineann a chríoch le Tionscadal Straitéiseach bearta chun a chur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach a éascú. Féadfar cúnamh i ndáil leis na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

(a)

comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú.

(b)

cumas tionscnóirí tionscadail a mhéadú tuilleadh chun rannpháirteachas fónta agus rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal dá ndéantar difear leis an Tionscadal Straitéiseach a áirithiú.

Airteagal 16

Maoiniú a chomhordú

1.   Déanfaidh an buan-fhoghrúpa a bhunaítear de bhun Airteagal 36(8), pointe (a), arna iarraidh sin do thionscnóir tionscadail Tionscadail Straitéisigh, plé agus tabharfaidh sé comhairle faoin gcaoi ar féidir maoiniú a thionscadail a chur i gcrích, agus an cistiú atá faighte cheana féin á chur san áireamh agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á mbreithniú:

(a)

foinsí príobháideacha breise maoiniúcháin;

(b)

tacaíocht trí bhíthin acmhainní ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta,;

(c)

ionstraimí agus cláir reatha na mBallstát, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, agus ó bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;

(d)

cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais, agus béim ar leith ar an tionscnamh Global Gateway i leith Tionscadail Straitéiseacha i dtríú tíortha nó in OCTanna.

2.   Faoin 24 Bealtaine 2026, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na comhairle ón mbuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (a), tuarascáil a chur faoi bhráid an Bhoird ina mbeidh cur síos ar bhacainní ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha agus moltaí chun rochtain den sórt sin a éascú.

Airteagal 17

Comhaontuithe ceannaigh a éascú

1.   Cuirfidh an Coimisiún córas ar bun chun tabhairt i gcrích comhaontuithe ceannaigh a bhaineann le Tionscadail Straitéiseacha a éascú, i gcomhréir le rialacha iomaíochta.

2.   Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, lamhálfar do cheannaitheoirí ionchasacha tairiscintí a dhéanamh lena léireofar:

(a)

méid agus cáilíocht na n-amhábhar straitéiseach atá beartaithe acu a cheannach;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe;

(c)

fad beartaithe an chomhaontaithe ceannaigh.

3.   Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, lamhálfar do thionscnóirí tionscadail Tionscadal Straitéiseach tairiscintí a dhéanamh lena léireofar:

(a)

méid agus cáilíocht na n-amhábhar straitéiseach ar mian leo comhaontuithe ceannaigh a thabhairt i gcrích ina leith;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe, ag a mbeidh siad toilteanach díolachán a dhéanamh;

(c)

fad beartaithe an chomhaontaithe ceannaigh.

4.   Ar bhonn na dtairiscintí a gheofar de bhun mhíreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún tionscnóirí tionscadail Tionscadal Straitéiseach i dteagmháil le ceannaitheoirí ionchasacha atá ábhartha dá dtionscadal.

Airteagal 18

Inrochtaineacht faisnéise riaracháin ar líne

1.   Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi phróisis riaracháin atá ábhartha do thionscadail amhábhar criticiúil ar líne, agus ar bhealach láraithe agus inrochtana:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(b)

an próiseas deonaithe ceadanna agus na próisis riaracháin ghaolmhara is gá chun na ceadanna ábhartha a fháil;

(c)

seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta;

(d)

deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát;

(e)

seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla nó dlí an tsaothair, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.

2.   Soláthróidh an Coimisiún, ar bhealach láraithe agus so-rochtana, faisnéis ar line faoi na próisis riaracháin atá ábhartha chun Tionscadail Straitéiseacha a aithint agus faoi thairbhí an aitheantais sin.

ROINN 5

Taiscéalaíocht

Airteagal 19

Cláir náisiúnta taiscéalaíochta

1.   Faoin 24 Bealtaine 2025, déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta a tharraingt suas le haghaidh taiscéalaíocht ghinearálta a bheidh dírithe ar amhábhair chriticiúla agus ar mhianraí iompróra amhábhar criticiúil. Déanfar athbhreithniú ar na cláir náisiúnta sin gach 5 bliana ar a laghad agus, más gá, tabharfar cothrom le dáta iad.

2.   Beidh bearta sna cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 chun an fhaisnéis atá ar fáil faoi tharluithe amhábhar criticiúil san Aontas a mhéadú. Cuimseofar na bearta seo a leanas iontu, de réir mar is iomchuí:

(a)

mapáil mianraí ar scála oiriúnach;

(b)

feachtais gheoiceimiceacha, lena n-áirítear chun comhdhéanamh ceimiceach ithreacha, dríodar nó carraigeacha a shuí;

(c)

suirbhéanna geo-eolaíocha, amhail suirbhéanna geoifisiceacha;

(d)

próiseáil na sonraí arna mbailiú trí thaiscéalaíocht ghinearálta, lena n-áirítear trí mhapaí tuarthacha a fhorbairt;

(e)

sonraí suirbhé geo-eolaíocha atá ann cheana a athphróiseáil lena sheiceáil an ann do tharluithe mianraí neamhaitheanta ina bhfuil amhábhair chriticiúla agus mianraí iompróra amhábhar criticiúil.

3.   I gcás gurb amhlaidh atá dálaí geolaíocha Ballstáit, le hardleibhéal cinnteachta, nach ndéanfar aon fhosuithe d’amhábhair chriticiúla ná a mianraí iompróra a shainaithint trí na bearta a liostaítear i mír 2, féadfaidh fianaise eolaíoch chuige sin a bheith sa chlár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar an fhianaise sin cothrom le dáta, i gcomhthéacs an athbhreithnithe rialta ar an gclár náisiúnta, chun aon athruithe ar liosta na n-amhábhar criticiúil a léiriú.

4.   Cuirfidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún.

5.   Déanfaidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a sholáthar faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na mbeart ina gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Déanfaidh na Ballstáit mapaí a tharraingt suas lena léirítear bunfhaisnéis faoi tharluithe mianraí ina bhfuil amhábhair chriticiúla arna mbailiú trí na bearta a leagtar amach sna cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana. Áireofar san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme, aicmiú na dtarluithe arna sainaithint trí úsáid a bhaint as Creat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní. Déanfar faisnéis níos mionsonraithe, lena n-áirítear sonraí geoifisiceacha agus geoiceimiceacha próiseáilte ar thaifeach iomchuí, agus mapáil gheolaíoch ar mórscála, a chur ar fáil arna iarraidh sin.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear teimpléad chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur ar fáil. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

7.   Agus an comhar atá ann cheana ó thaobh taiscéalaíocht ghinearálta de á chur san áireamh, pléifidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (c), na cláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a gcur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an ionchasacht le haghaidh comhair, lena n-áirítear maidir le taiscéalaíocht a dhéanamh ar tharluithe mianraí trasteorann agus ar fhoirmíochtaí coiteanna geolaíocha;

(b)

dea-chleachtais a bhaineann leis na bearta a liostaítear i mír 2;

(c)

an fhéidearthacht bunachar sonraí comhtháite a chruthú chun torthaí na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a stóráil.

CAIBIDIL 4

FAIREACHÁN AGUS MAOLÚ RIOSCA

Airteagal 20

Faireachán agus tástáil struis

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, go háirithe na cinn sin a mbeadh baol ann go ndéanfaidís iomaíocht a shaobhadh nó an margadh inmheánach a ilroinnt.

Cuimseofar san fhaireachán sin forbairt na bparaiméadar seo a leanas ar a laghad:

(a)

sreafaí trádála idir an tAontas agus tríú tíortha agus laistigh den mhargadh inmheánach;

(b)

éileamh agus soláthar;

(c)

comhchruinniú soláthair;

(d)

táirgeadh agus acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais agus an domhain ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha amhábhar criticiúil.

(e)

luaineacht praghsanna;

(f)

scrogaill ag aon chéim de tháirgeadh an Aontais agus scrogaill a cheadú do Thionscadail Straitéiseacha laistigh den Aontas;

(g)

bacainní ionchasacha ar thrádáil amhábhar criticiúil nó earraí a úsáideann amhábhair chriticiúla mar ionchur laistigh den mhargadh inmheánach.

2.   Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) tacaíocht don Choimisiún leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis ábhartha atá ar fáil acu faoi fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a roinnt, seachas Airteagal 20(1), pointe (e) de, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21;

(b)

faisnéis a bhailiú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis rannpháirteacha eile, faoi fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21;

(c)

anailís a sholáthar ar na rioscaí soláthair a bhaineann le hamhábhair chriticiúla i bhfianaise fhorbairt na bparaiméadar a liostaítear i mír 1;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill má fhaigheann an Ballstát amach go bhfuil riosca ann go gcuirfí isteach go mór ar sholáthar i ndáil le hamhábhair criticiúla.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sa bhuan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) go ndéanfar tástáil struis i leith shlabhra soláthair gach amhábhair straitéisigh gach 3 bliana ar a laghad nó má bhraitear méadú suntasach ar rioscaí soláthair mar thoradh ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Chuige sin, déanfaidh an buan-fhoghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 36(8), pointe (e) cur chun feidhme tástálacha struis do na hamhábhair straitéiseacha éagsúla a chomhordú agus a roinnt idir na húdaráis rannpháirteacha éagsúla.

Is é a bheidh sna tástálacha struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú ar a leochailí atá i slabhra soláthair amhábhar criticiúil an Aontais d’amhábhair straitéiseacha ábhartha i leith suaitheadh soláthair trí thionchar na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh soláthair den sórt sin agus a n-éifeachtaí ionchasacha a mheas, agus na gnéithe seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(a)

i gcás ina ndéantar an t-amhábhar lena mbaineann a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;

(b)

acmhainneachtaí oibreoirí eacnamaíocha feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil chomh maith le struchtúr an mhargaidh;

(c)

tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar, lena n-áirítear an staid gheopholaitiúil, lóistíocht, soláthar fuinnimh, lucht saothair nó tubaistí nádúrtha, ach gan bheith teoranta dóibh sin;

(d)

infhaighteacht foinsí soláthair agus an cumas foinsí soláthair a éagsúlú go mear, ábhair a ionadú nó éileamh a mhaolú;

(e)

úsáideoirí an amhábhair straitéisigh ábhartha feadh an tslabhra luacha agus a gcion den éileamh, agus aird ar leith á tabhairt ar mhonarú teicneolaíochtaí atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis.

(f)

bacainní ionchasacha ar thrádáil trasteorann amhábhar straitéiseach ábhartha nó earraí a úsáideann amhábhair straitéiseacha mar ionchur laistigh den mhargadh inmheánach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún deais faireacháin a thabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, agus ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis chomhiomlánaithe faoi fhorbairt na bparaiméadar dá dtagraítear i mír 1;

(b)

tuairisc chomhiomlánaithe ar ríomh an riosca soláthair d’amhábhair chriticiúla i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(c)

i gcás inarb iomchuí, moltaí ginearálta i dtaobh straitéisí oiriúnacha um maolú chun riosca an tsoláthair a laghdú, ach amháin má chuirtear le cur ar fáil go poiblí na moltaí ginearálta sin cosaint rún trádála nó gnó nó faisnéis íogair, rúnda nó rúnaicmithe eile i mbaol.

5.   Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis arna bailiú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse, go dtugtar léiriú soiléir ar an riosca a bhaineann le suaitheadh soláthair ar dócha go ndéanfaidh sé saobhadh ar an iomaíocht nó an margadh inmheánach a ilroinnt, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit, an Bord agus comhlachtaí rialachais an Aontais ar an eolas faoi shásraí airdill géarchéime nó sásraí bainistithe géarchéime a gcumhdaítear amhábhair straitéiseacha nó chriticiúla ábhartha ina raon feidhme. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin i dtaobh an gá liosta na n-amhábhar straitéiseach a thabhairt cothrom le dáta leis an riosca sin de bhun Airteagal 3(3).

Airteagal 21

Oibleagáidí faisnéise don fhaireachán

1.   Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis don Choimisiún faoi thionscadail amhábhar criticiúil nua nó tionscadail amhábhar criticiúil atá ann cheana ina gcríoch agus atá ábhartha maidir le hAirteagal 20(1), pointe (d), lena n-áirítear aicmiú tionscadal nua de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní.

2.   Sainaithneoidh na Ballstáit príomhoibreoirí margaidh feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil atá bunaithe ina gcríoch agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

faireachán ar a ngníomhaíochtaí trí shonraí atá ar fáil go poiblí a thaiscéaladh agus más gá, trí bhíthin suirbhéanna rialta agus comhréireacha d’fhonn an fhaisnéis is gá a bhailiú le haghaidh fhaireachán agus tástáil struis an Choimisiúin de bhun Airteagal 20;

(b)

ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a sholáthar faoi thorthaí an bhailithe faisnéise de bhun phointe (a) den fhomhír seo;

(c)

fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi mhórimeachtaí lena bhféadfar bac a chur ar oibríochtaí rialta ghníomhaíochtaí na bpríomhoibreoirí margaidh.

Féadfaidh príomhoibreoirí margaidh diúltú sonraí a iarrtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír a chur isteach más rud é go nochtfaí rúin trádála nó ghnó le comhroinnt sonraí den sórt sin. Ní chuirfidh siad sonraí den sórt isteach ach amháin a mhéid atá siad ar fáil dóibh cheana féin. I gcás ina ndiúltaíonn príomhoibreoir margaidh sonraí a iarrtar nó a mhaíonn nach bhfuil siad ar fáil a chur isteach, cuirfidh sé cúiseanna leis sin ar fáil don Bhallstát iarrthach.

3.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí arna gcomhthiomsú de bhun mhír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo chuig údaráis staidrimh náisiúnta agus chuig Eurostat chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur chuig údaráis náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

Airteagal 22

Stoic straitéiseacha a thuairisciú

1.   Déanfaidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi staid a stoc straitéiseach d’amhábhair straitéiseacha. Ní chuirfear de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoi stoic straitéiseacha áirithe i gcás ina bhféadfadh an fhaisnéis sin dochar a dhéanamh dá gcosaint nó dá slándáil náisiúnta. I gcás ina ndiúltaíonn Ballstát faisnéis den sórt sin a sholáthar, tabharfaidh sé fógra a bhfuil údar leis.

2.   Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cumhdófar stoic straitéiseacha atá i seilbh na n-údarás poiblí, na gcuideachtaí atá faoi úinéireacht phoiblí nó na n-oibreoirí eacnamaíocha sin uile ar chuir Ballstát de chúram orthu stoic straitéiseacha a charnadh thar a cheann agus áireofar ar a laghad tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)

leibhéal na stoc straitéiseach atá ar fáil do gach amhábhar straitéiseach, ar leibhéal comhiomlánaithe, arna thomhas i dtonaí agus mar chéatadán de thomhaltas náisiúnta bliantúil na n-amhábhar criticiúil ábhartha, chomh maith le foirm cheimiceach agus íonacht na n-amhábhar atá stocáilte;

(b)

forbairt leibhéal na stoc straitéiseach a bhí ar fáil do gach amhábhar straitéiseach, ar leibhéal comhiomlánaithe, sna 5 bliana roimhe sin;

(c)

aon rialacha nó nósanna imeachta is infheidhme maidir le stoic straitéiseacha a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh, mura gcuirtear le comhroinnt faisnéise den sórt sin cosaint rún trádála nó gnó, nó faisnéis íogair, rúnda nó rúnaicmithe eile i mbaol.

3.   Féadfar a áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 faisnéis faoi stoic straitéiseacha d’amhábhair chriticiúla agus d’amhábhair eile.

Airteagal 23

Stoic straitéiseacha a chomhordú

1.   Faoin 24 Bealtaine 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a gheofar de bhun Airteagal 22(1), an méid seo a leanas a roinnt leis an mBord:

(a)

dréacht-tagarmharc lena léirítear leibhéal sábháilte de stoic straitéiseacha an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

comparáid a dhéanamh idir leibhéal foriomlán stoic straitéiseacha an Aontais i gcás gach amhábhair straitéisigh agus an dréacht-tagarmhairc dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

(c)

faisnéis faoi inrochtaineacht trasteorann ionchasach na stoc straitéiseach, i bhfianaise na rialacha nó na nósanna imeachta chun iad a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairimí an Bhoird á gcur san áireamh aige, tagarmharc a ghlacadh ina léireofar leibhéal sábháilte de stoic straitéiseacha an Aontais d’amhábhair straitéiseacha. Maidir leis an tagarmharc sin:

(a)

sloinnfear é mar mhéid na n-amhábhar straitéiseach is gá chun líon laethanta de mheán-ghlanallmhairí laethúla a chumhdach i gcás suaitheadh soláthair, arna ríomh ar bhonn líon na n-allmhairí le linn na bliana féilire roimhe sin;

(b)

cuirfear san áireamh ann faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi stoic straitéiseacha atá i seilbh oibreoirí príobháideacha;

(c)

beidh sé comhréireach leis an riosca soláthair agus leis an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis an amhábhar straitéiseach ábhartha.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairimí an Bhoird á gcur san áireamh aige, tuairimí a eisiúint chuig na Ballstáit:

(a)

chun leibhéal na stoc straitéiseach, agus i gcás inarb iomchuí, cumais soláthair, a mhéadú, agus an chomparáid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), dáileadh coibhneasta na stoc straitéiseach atá ann cheana i measc na mBallstát agus tomhaltas amhábhar straitéiseach ag oibreoirí eacnamaíocha i gcríocha na mBallstát faoi seach á gcur san áireamh;

(b)

chun leasú nó comhordú a dhéanamh ar na rialacha nó na nósanna imeachta a bhaineann le stoic straitéiseacha a scaoileadh, a leithdháileadh agus a dháileadh chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht trasteorann ionchasach, go háirithe i gcás inar gá sin chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a tháirgeadh.

4.   Agus na tuairimí dá dtagraítear i mír 3 á n-ullmhú aige, leagfaidh an Coimisiún agus an Bord béim ar leith ar an ngá atá le dreasachtaí a chur ar bun agus a chur chun cinn d’oibreoirí príobháideacha a bhraitheann ar amhábhair straitéiseacha mar ionchuir, lena stoic straitéiseacha féin a chruthú nó le bearta eile a dhéanamh chun a neamhchosaint ar rioscaí soláthair a bhainistiú.

5.   Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis i dtaobh an bhfuil na tuairimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo curtha chun feidhme acu nó faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur chun feidhme.

6.   Sula nglacfaidh dhá Bhallstát ar a laghad páirt i bhfóraim idirnáisiúnta nó iltaobhacha i réimsí na stoc straitéiseach d’amhábhair straitéiseacha, áiritheoidh an Coimisiún comhordú roimh ré idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Coimisiún nó trí bhíthin cruinniú tiomnaithe de chuid an Bhoird.

7.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna gcomhthiomsú faoi stoic straitéiseacha an Aontais atá ar fáil a sholáthar do chomhlachtaí rialachais an Aontais atá freagrach as sásraí airdill géarchéime nó as sásraí bainistithe géarchéime lena gcumhdófar amhábhair straitéiseacha ábhartha.

8.   Ní fhorchuirfear oibleagáid ar Bhallstát stoic straitéiseacha a shealbhú ná a scaoileadh leis an Airteagal seo ná le hAirteagal 22.

Airteagal 24

Ullmhacht riosca cuideachtaí

1.   Faoin 24 Bealtaine 2025 agus laistigh de 12 mhí ó gach nuashonrú ar an liosta na n-amhábhar straitéiseach de bhun Airteagal 3(3), sainaithneoidh na Ballstáit na cuideachtaí móra atá oibríochtúil ar a gcríoch agus a úsáideann amhábhair straitéiseacha chun ceallraí le haghaidh stóráil fuinnimh agus leictrea-shoghluaisteachta a mhonarú, mar aon le trealamh a bhaineann le táirgeadh agus úsáid hidrigine, trealamh a bhaineann le giniúint fuinnimh in-athnuaite, aerárthaí, mótair tarraingthe, teaschaidéil, trealamh a bhaineann le tarchur agus stóráil sonraí, feistí leictreonacha soghluaiste, trealamh a bhaineann le monarú breiseán, trealamh a bhaineann le róbataic, dróin, lainseálaithe roicéad, satailítí nó ardsliseanna.

2.   Gach 3 bliana ar a laghad agus a mhéid atá an fhaisnéis is gá ar fáil dóibh, déanfaidh na cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 measúnú riosca ar a slabhra soláthair amhábhar criticiúil d’amhábhair straitéiseacha, lena n-áirítear:

(a)

mapáil den áit a ndéantar na hamhábhair straitéiseacha a úsáideann siad a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil;

(b)

anailís ar na tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá soláthar d’amhábhair straitéiseacha;

(c)

measúnú ar a leochaileachtaí i leith suaitheadh soláthair.

3.   I gcás nach ndéanfaidh soláthróirí na gcuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur ar fáil dóibh arna iarraidh sin, féadfaidh siad a measúnú riosca a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna foilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4), nó ar bhonn faisnéis atá ar fáil go poiblí ar bhealach eile, a mhéid is féidir.

4.   Má bhraitear leochaileachtaí suntasacha i ndáil le suaitheadh soláthair mar thoradh ar an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear faoi mhír 1 iarrachtaí na leochaileachtaí sin a mhaolú, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a éagsúlú nó na hamhábhair straitéiseacha a ionadú.

5.   Féadfaidh cuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil a thíolacadh dá mbord stiúrthóirí ina mbeidh torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear foinse na faisnéise ar a bhfuil an measúnú bunaithe, aon rioscaí suntasacha arna mbrath chomh maith le bearta maolaithe atá beartaithe nó arna gcur chun feidhme.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí móra dá dtagraítear i mír 1 an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 agus na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thíolacadh dá mbord stiúrthóirí.

Airteagal 25

Ceannach comhpháirteach

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas a bhunú agus a fheidhmiú chun éileamh gnóthas leasmhar atá bunaithe san Aontas agus a thomhlaíonn amhábhair straitéiseacha a chomhiomlánú agus chun tairiscintí ó sholáthróirí a lorg chun teacht leis an éileamh comhiomlánaithe sin. Cumhdófar leis sin amhábhair straitéiseacha neamhphróiseáilte agus amhábhair straitéiseacha phróiseáilte araon.

2.   Sula mbunófar an córas dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an gcóras ar an margadh i gcás gach amhábhair straitéisigh d’fhonn aon tionchar díréireach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

3.   Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, agus an córas dá dtagraítear i mír 1 á bhunú agus á fheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

rogha a dhéanamh i dtaobh cad iad na hamhábhair straitéiseacha agus ag cé acu céim phróiseála, ar féidir an córas a úsáid ina leith, agus riosca soláthair coibhneasta amhábhar straitéiseach éagsúil á chur san áireamh;

(b)

íosmhéideanna d’ábhar arna éileamh a shocrú chun páirt a ghlacadh sa chóras, agus an líon measta rannpháirtithe leasmhara agus an gá le líon soláimhsithe rannpháirtithe a áirithiú á gcur san áireamh, agus na riachtanais FBManna á gcur san áireamh.

4.   Beidh rannpháirtíocht sa chóras dá dtagraítear i mír 3, pointe (b) oscailte agus trédhearcach do gach gnóthas leasmhar atá bunaithe san Aontas.

5.   Féadfaidh gnóthais an Aontais atá rannpháirteach sa chóras dá dtagraítear i mír 1, ar bhonn trédhearcach, an ceannach a chaibidliú i gcomhar lena chéile, lena n-áirítear praghsanna nó téarmaí agus coinníollacha eile sa chomhaontú ceannaigh nó féadfaidh siad ceannach comhpháirteach a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí nó chun ganntanais a chosc. Comhlíonfaidh gnóthais rannpháirteacha an Aontais dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais.

6.   Eisiafar eintitis ó rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach agus ó rannpháirtíocht mar sholáthróirí nó mar sholáthróirí seirbhíse más rud é:

(a)

go ndírítear bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE orthu;

(b)

go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha sin an Aontais dírithe orthu, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha sin an Aontais dírithe orthu.

7.   De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), déanfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintitis atá bunaithe san Aontas a chonrú trí nós imeachta soláthair de bhun an Rialacháin sin, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun an córas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú agus a fheidhmiú. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa ag an soláthraí seirbhíse a roghnófar.

8.   Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na cúraimí a bheidh le soláthar ag an soláthraí seirbhíse, lena n-áirítear leithdháileadh an éilimh, leithdháileadh na gceart rochtana maidir le soláthar, clárú agus fíorú na rannpháirtithe uile, foilsiú agus tuairisciú na ngníomhaíochtaí agus aon chúram eile is gá chun an córas dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a fheidhmiú. Déileálfar sa chonradh seirbhíse freisin leis na socruithe praiticiúla a bhaineann le hoibríocht an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear úsáid na huirlise TF, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta, agus dliteanais.

9.   Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chuige sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse i ndáil leis an gconradh. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.

10.   Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.

CAIBIDIL 5

INBHUANAITHEACHT

ROINN 1

Ciorclaíocht

Airteagal 26

Bearta náisiúnta maidir le ciorclaíocht

1.   Faoi 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, déanfaidh gach Ballstát cláir náisiúnta a ghlacadh agus a chur chun feidhme, nó a áireamh iontu, ina mbeidh bearta arna gceapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní a dhreasú chun an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas a mhaolú;

(b)

cosc dramhaíola a chur chun cinn agus athúsáid táirgí agus comhpháirteanna a bhfuil ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint leo a mhéadú;

(c)

bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola a bhfuil ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil ag baint léi, lena n-áirítear dramh-mhiotal, a mhéadú, agus tabhairt isteach na dramhaíola sin sa chóras athchúrsála iomchuí a áirithiú, d’fhonn infhaighteacht agus cáilíocht ábhair in-athchúrsáilte mar ionchur i saoráidí athchúrsála amhábhar criticiúil a uasmhéadú;

(d)

úsáid amhábhar criticiúil tánaisteach a mhéadú, lena n-áirítear trí bhearta amhail ábhar athchúrsáilte a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana a bhaineann le soláthar poiblí nó trí dhreasachtaí airgeadais le haghaidh úsáid na n-amhábhar criticiúil tánaisteach;

(e)

aibíocht theicneolaíoch na dteicneolaíochtaí athchúrsála le haghaidh amhábhair chriticiúla a mhéadú, agus dearadh ciorclach, éifeachtúlacht ábhar agus ionadú amhábhar criticiúil i dtáirgí agus i bhfeidhmeanna a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí tacaíochta chuige sin a áireamh faoi chláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta ar a laghad;

(f)

a áirithiú go mbeidh bearta i bhfeidhm chun go mbeidh na scileanna is gá ag a lucht saothair chun tacú le ciorclaíocht an tslabhra luacha amhábhar criticiúil, lena n-áirítear bearta uas-scilithe agus athscilithe;

(g)

i gcás ina bhfuil ranníocaíochtaí airgeadais le híoc i gcomhréir lena oibleagáidí i leith freagracht leathnaithe táirgeora faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 2008/98/CE, módúlacht ranníocaíochtaí airgeadais den sórt sin a chur chun cinn chun cion is mó d’amhábhair chriticiúla thánaisteacha arna n-aisghabháil ó dhramhaíl, arna hathchúrsáil i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil ábhartha de chuid an Aontais, a bheith i dtáirgí;

(h)

na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann amhábhair chriticiúla a onnmhairítear tar éis scor de bheith ina ndramhaíl na coinníollacha ábhartha i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus le dlí ábhartha eile an Aontais;

(i)

i gcás inarb ábhartha, tacú le húsáid chaighdeáin cháilíochta an Aontais le haghaidh próisis athchúrsála sruthanna dramhaíola ina bhfuil amhábhair chriticiúla.

2.   Féadfar na cláir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú i bpleananna bainistithe dramhaíola nua nó i bpleananna bainistithe dramhaíola atá ann cheana agus i gcláir coiscthe dramhaíola arna nglacadh de bhun Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2008/98/CE.

Déanfar na cláir náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú laistigh de 5 bliana óna nglacadh agus a thabhairt cothrom le dáta.

3.   Cuimseofar go háirithe sna cláir dá dtagraítear i mír 1 táirgí agus dramhaíl nach bhfuil faoi réir aon cheanglas sonrach maidir le bailiú, cóireáil, athchúrsáil nó athúsáid faoi dhlí an Aontais. I gcás táirgí agus dramhaíl eile, cuirfear na bearta chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais.

Maidir le mír 1, pointí (b), (c) agus (d), féadfar a áireamh sna cláir dá dtagraítear sna pointí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí airgeadais a thabhairt isteach, amhail lascainí, luach saothair airgeadaíochta nó córais aisíoctha éarlaisí, chun ullmhú don athúsáid agus athúsáid táirgí lena mbaineann ionchasacht ábhartha aisghabhála amhábhar criticiúil a spreagadh, mar aon le bailiú agus cóireáil dramhaíola ó tháirgí den sórt sin.

4.   Déanfar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhearadh d’fhonn bacainní ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta a sheachaint i gcomhréir le CFAE.

5.   Déanfaidh na Ballstáit cainníochtaí na gcomhpháirteanna ina bhfuil méideanna ábhartha amhábhar criticiúil a aistrítear ó dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus cainníochtaí na n-amhábhar criticiúil a bhaintear ón dramhthrealamh sin a shainaithint ar leithligh agus déanfaidh siad na cainníochtaí sin a thuairisciú.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus mionsonraí an tuairiscithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Cumhdófar sa chéad tréimhse tuairiscithe an chéad bhliain féilire iomlán i ndiaidh ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin isteach agus iad ag tuairisciú na sonraí don Choimisiún a bhaineann leis na cainníochtaí de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach arna athchúrsáil de bhun Airteagal 16(6) de Threoir 2012/19/AE.

6.   Soláthróidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 45, faisnéis faoi ghlacadh na gclár náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme éifeachtach na mbeart arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

7.   Faoin 24 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar liosta de tháirgí, de chomhpháirteanna agus de shruthanna dramhaíola a measfar, ar a laghad, go bhfuil ionchasacht ábhartha go n-aisghabhfar amhábhair chriticiúla ag baint leo de réir bhrí mhír 1, pointí (b) agus (c).

Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

méid iomlán na n-amhábhar criticiúil is in-aisghabhála ó na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin:

(b)

a mhéid a chumhdaítear na táirgí, na comhpháirteanna agus na sruthanna dramhaíola sin le dlí an Aontais;

(c)

bearnaí rialála;

(d)

dúshláin ar leith a dhéanann difear do bhailiú agus do chóireáil dramhaíola i dtaca le táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola;

(e)

córais bailithe agus cóireála dramhaíola atá ann cheana agus a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí, comhpháirteanna agus sruthanna dramhaíola.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Airteagal 27

Amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó dhramhaíl eastóscach

1.   Oibreoirí a bhfuil oibleagáid orthu pleananna bainistithe dramhaíola a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2006/21/CE, cuirfidh siad réamhstaidéar measúnaithe eacnamaíoch ar fáil don údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), den Treoir sin maidir le haisghabháil ionchasach amhábhar criticiúil ón méid seo a leanas:

(a)

dramhaíl eastóscach atá stóráilte sa tsaoráid; agus

(b)

dramhaíl eastóscach atá á giniúint nó, i gcás ina meastar go mbeidh sé níos éifeachtaí, ón méid a eastóscadh sular tháinig sí chun bheith ina dramhaíl.

Díolmhófar na hoibreoirí ón oibleagáid a leagtar síos a chéad fhomhír den mhír seo i gcás inar féidir leo a léiriú le hardleibhéal cinnteachta don údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Threoir 2006/21/CE, nach bhfuil amhábhair chriticiúla atá in-aisghabhála go teicniúil sa dramhaíl eastóscach.

2.   Áireofar sa staidéar dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, meastachán ar chainníochtaí agus ar chomhchruinnithe na n-amhábhar criticiúil sa dramhaíl eastóscach agus sa toirt eastósctha agus measúnú ar a n-in-aisghabhálacht theicniúil agus eacnamaíoch. Sonróidh na hoibreoirí na modhanna arna n-úsáid chun na cainníochtaí agus na comhchruinnithe a mheas.

3.   Faoin 24 Samhain 2026, cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí an staidéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an údaráis inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Threoir 2006/21/CE. Cuirfidh oibreoirí saoráidí dramhaíola eastóscaí nua an staidéar sin faoi bhráid an údaráis inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27) de Threoir 2006/21/CE agus a bpleananna bainistithe dramhaíola á gcur isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin.

4.   Bunóidh na Ballstáit bunachar sonraí de na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta atá lonnaithe ina gcríoch, lena n-áirítear saoráidí dramhaíola eastóscaí tréigthe, seachas na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta i gcás ina bhfágann saintréithe áirithe na láithreán dramhaíola nó na coinníollacha geolaíocha nach dócha gur ann do chainníochtaí d’amhábhair chriticiúla a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go teicniúil. Áireofar sa bhunachar sonraí sin faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

suíomh, méid limistéarach agus toirt dramhaíola na saoráide dramhaíola eastóscaí, nó i gcás inarb iomchuí, a toirt mheasta;

(b)

oibreoir nó iar-oibreoir na saoráide dramhaíola eastóscaí agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomharba dlíthiúil;

(c)

neaschainníochtaí agus neas-chomhchruinnithe na n-amhábhar uile sa dramhaíl eastóscach agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, san fhosú mianraí bunaidh, i gcomhréir le mír 7;

(d)

aon fhaisnéis bhreise a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó shaoráid dramhaíola eastóscaí a éascú.

5.   Faoin 24 Samhain 2027, déanfaidh gach Ballstát bearta a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun aisghabháil amhábhar criticiúil ó dhramhaíl eastóscach a chur chun cinn, go háirithe ó shaoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta a sainaithníodh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 26 mar amhábhair a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch.

6.   Cuirfear an bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm faoin 24 Samhain 2026 agus cuirfear isteach an fhaisnéis uile sa bhunachar sin faoin 24 Bealtaine 2027. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm dhigiteach a bheidh inrochtana don phobal agus nuashonrófar gach 3 bliana ar a laghad í chun faisnéis bhreise atá ar fáil agus saoráidí nuadhúnta nó nua-shainaitheanta a ionchorprú ann.

7.   Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), a sholáthar, tabharfaidh na Ballstáit faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a)

i gcás saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta, faoin 24 Samhain 2026, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú cuimsitheach ar na comhaid um cheadú atá ar fáil, nó ar dhoiciméid eile atá ar fáil nuair nach ann do chomhaid um cheadú,;

(b)

i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás ina bhféadfadh faisnéis atá ar fáil a léiriú gur ann do chainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, faoin 24 Bealtaine 2026, déanfaidh na Ballstáit sampláil gheoiceimiceach ionadaíoch freisin,;

(c)

i gcás na saoráidí dramhaíola eastóscaí sin, i gcás inar léiríodh leis na gníomhaíochtaí a thuairiscítear faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo cainníochtaí amhábhar criticiúil a d’fhéadfadh a bheith in-aisghafa go heacnamaíoch, déanfaidh na Ballstáit, faoin 24 Márta 2027, sampláil níos mionsonraithe lena ngabhfaidh tréithriú ceimiceach agus mianreolaíoch ina dhiaidh sin agus lena mbaineann logáil croíleacáin nó teicnící coibhéiseacha, i gcás ina bhfuil an tsampláil sin fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na ceanglais chomhshaoil is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus i gcomhréir le ceanglais Threoir 2006/21/CE i gcás inarb ábhartha.

8.   Cuirfear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 7 i gcrích laistigh de theorainneacha na gcóras dlí náisiúnta a bhaineann le hacmhainní mianraí, dramhaíl, cearta maoine, úinéireacht talún, tionchair ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte, agus aon fhoráil ábhartha eile. I gcás ina gcuirtear bac leis na tosca sin ar na gníomhaíochtaí, iarrfaidh údaráis na mBallstát comhar ar oibreoir nó ar úinéir na saoráide dramhaíola eastóscaí. Cuirfear torthaí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 ar fáil mar chuid den bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 4. I gcás inar féidir, áireoidh na Ballstáit sa bhunachar sonraí aicmiú de na saoráidí dramhaíola eastóscaí dúnta de réir Chreat um Aicmiú na Náisiún Aontaithe maidir le hAcmhainní.

Airteagal 28

In-athchúrsáilteacht buanmhaighnéad

1.   Ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, gineadóirí fuinnimh gaoithe, róbait thionsclaíocha, mótarfheithiclí, modhanna éadroma iompair, gineadóirí fuarúcháin, teaschaidéil, mótair leictreacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil mótair leictreacha comhtháite i dtáirgí eile, meaisíní níocháin uathoibríocha, triomadóirí rothlaim, micreathonnáin, folúsghlantóirí nó miasniteoirí ar an margadh, áiritheoidh an duine sin go mbeidh lipéad a bheidh feiceálach, inléite go soiléir agus doscriosta ar na táirgí sin ar a léireofar an méid seo a leanas:

(a)

cibé acu a ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó sna táirgí sin nó nach n-ionchorpraítear;

(b)

má tá buanmhaighnéad amháin nó níos mó sa táirge, an mbaineann na buanmhaighnéid sin le haon cheann de na cineálacha seo a leanas:

(i)

neoidimiam-iarann-bórón;

(ii)

samairiam-cóbalt;

(iii)

alúmanam-nicil-cóbalt;

(iv)

feirít.

2.   Faoin 24 Samhain 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid don lipéadú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

3.   Ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh agus ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó de na cineálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) áiritheoidh an duine sin go mbeidh iompróir sonraí ar an táirge nó sa táirge.

4.   Déanfar an t-iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 3 a nascadh le haitheantóir uathúil táirge lena soláthraítear rochtain ar an méid seo a leanas:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo;

(b)

faisnéis faoi mheáchan, suíomh agus comhdhéanamh ceimiceach na mbuanmhaighnéad aonair uile sa táirge, agus faoi láithreacht agus cineál an bhrataithe maighnéid, na ngliúnna agus aon bhreiseáin a úsáidtear;

(c)

faisnéis lena n-éascaítear rochtain ar na buanmhaighnéid uile atá ionchorpraithe sa táirge agus lena n-éascaítear a mbaint shábháilte, agus lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na n-uirlisí nó na dteicneolaíochtaí uile is gá chun an buanmhaighnéad a rochtain agus a bhaint, gan dochar do sholáthar faisnéise do shaoráidí cóireála de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2012/19/AE.

5.   I gcás táirgí ina bhfuil na buanmhaighnéid ionchorpraithe go heisiach i mótar leictreach amháin nó níos mó atá ionchorpraithe sa táirge, féadfar faisnéis faoi shuíomh na mótar leictreach sin a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), agus féadfar faisnéis faoi rochtain agus baint na mótar leictreach a chur in ionad na faisnéise dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), lena n-áirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na n-uirlisí nó na dteicneolaíochtaí uile is gá chun na mótair leictreacha a rochtain agus a bhaint.

6.   I gcás táirgí dá dtagraítear i mír 3 dá dteastaíonn pas táirge de bhun gníomh dlí eile de chuid an Aontais, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 san áireamh sa phas táirge sin.

7.   Áiritheoidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a mbeidh táirge dá dtagraítear i mír 3 á chur ar an margadh aige nó aici, go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 iomlán, cothrom le dáta agus cruinn agus go mbeidh sí ar fáil ar feadh tréimhse atá comhionann ar a laghad le gnáth-shaolré an táirge móide 10 mbliana, lena n-áirítear i ndiaidh dócmhainneachta, leachtú nó scor gníomhaíochta san Aontas a bhaineann leis an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach. Féadfaidh an duine sin duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile a údarú chun gníomhú thar a gceann.

Déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 do shamhail an táirge nó, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis éagsúil idir aonaid den tsamhail chéanna, déanfar tagairt do bhaisc nó d’aonad ar leith. Beidh rochtain ag deisitheoirí, ag athchúrsálaithe, ag údaráis faireachais margaidh agus ag údaráis custam ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4.

8.   I gcás ina mbunaítear ceanglais faisnéise a bhaineann le hathchúrsáil buanmhaignéad i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais le haghaidh aon cheann de na táirgí a liostaítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir leis na táirgí lena mbaineann in ionad an Airteagail seo.

9.   Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

10.   Ón 24 Bealtaine 2029, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag ceanglais an Airteagail seo.

11.   Ní bheidh feidhm ag an airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;

(b)

páirteanna eile d’fheithicil, seachas an bhonnfheithicil, a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach ar chatagóir N1, N2, N3, M2 nó M3;

(c)

feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2018/858;

12.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta de chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (LEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (44) agus liosta de na tuairiscí ar tháirgí a chomhfhreagraíonn do na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar agus é d’aidhm aige obair na n-údarás custam i ndáil leis na táirgí sin agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 29 a éascú.

Airteagal 29

Ábhar athchúrsáilte buanmhaighnéad

1.   Ón 24 Bealtaine 2027 nó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2, cibé acu is déanaí, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh táirgí dá dtagraítear in Airteagal 28(1) ar an margadh ina n-ionchorpraítear ceann amháin nó níos mó de na buanmhaighnéad dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (b), (i), (ii) agus (iii), agus ar mó meáchan iomlán na mbuanmhaighnéad sin ná 0,2 kg ina leith, déanfaidh an duine sin an cion neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl iarthomhaltais sna buanmhaighnéid atá ionchorpraithe sa táirge a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana.

2.   Faoin 24 Bealtaine 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú i gcomhair ríomh agus fhíorú an chiona neodimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhadh ó dhramhaíl iarthomhaltais atá sna buanmhaighnéid a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Sna rialacha ríomha agus fíoraithe, sonrófar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na dtáirgí lena mbaineann. Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a)

an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál táirge agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú;

(b)

cineál na rioscaí a ghabhann leis an táirge agus a mhéid a chomhfhreagraíonn an measúnú comhréireachta do chineál agus do mhéid an riosca;

(c)

i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.

3.   Tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2, agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí íoschionta a leagan síos le haghaidh neoidimiam, diospróisiam, práisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt a aisghabhfar ó dhramhaíl iarthomhaltais nach mór a bheith sa bhuanmhaighnéad a ionchorpraítear sna táirgí dá dtagraítear i mír 1.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír féadfar íoschionta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí éagsúla agus féadfar táirgí áirithe a eisiamh. Déanfar foráil leo maidir le hidirthréimhsí arna gcoigeartú don deacracht a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart a oiriúnú chun comhlíonadh a áirithiú.

Beidh an t-íoschion dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar réamh-mheasúnú tionchair, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

infhaighteacht reatha agus réamh-mheasta neoidimiam, diospróisiam, praisimiam, teirbiam, bóróin, samairiam, nicile agus cóbailt arna n-aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais;

(b)

an fhaisnéis a chomhthiomsaítear de bhun mhír 1 agus dáileadh coibhneasta an chiona den ábhar athchúrsáilte i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar an margadh;

(c)

dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n-áirítear athruithe suntasacha ar theicneolaíochtaí buanmhaighnéad a mbíonn tionchar acu ar chineál na n-ábhar a aisghabhtar;

(d)

cuidiú éifeachtach agus ionchasach íoschiona le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais;

(e)

tionchair fhéideartha ar fheidhmiú táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid;

(f)

an gá atá le cosc a chur ar thionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht buanmhaighnéad agus táirgí ina n-ionchorpraítear buanmhaighnéid.

4.   I gcás ina mbunaítear ceanglais a bhaineann le hábhar athchúrsáilte buanmhaignéad i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais le haghaidh aon cheann de na táirgí a liostaítear i mír 1, beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir leis na táirgí lena mbaineann in ionad fhorálacha an Airteagail seo.

5.   Ó dháta chur i bhfeidhm an cheanglais a leagtar amach i mír 1, agus na táirgí dá dtagraítear i mír 1 á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, nó á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 sula gcuirfear faoi cheangal conartha díolacháin iad.

Ní dhéanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh táirgí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar ná a thaispeáint. Díolmhófar táirgí atá deartha go príomha le haghaidh feidhmeanna cosanta nó spáis ó na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

6.   I gcás feistí íomháithe athshondais mhaighnéadaigh, mótarfheithiclí agus modhanna éadroma iompair ar feithiclí cineálcheadaithe de chatagóir L iad, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 5 ó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;

(b)

páirteanna d’fheithicil, seachas an bhonnfheithicil, a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach ar chatagóir N1, N2, N3, M2 nó M3;

(c)

feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2018/858;

ROINN 2

Deimhniúchán agus lorg comhshaoil

Airteagal 30

Scéimeanna aitheanta

1.   Rialtais, comhlachais tionscail agus grúpaí eagraíochtaí leasmhara a bhfuil scéimeanna deimhniúcháin forbartha acu agus a dhéanann maoirseacht orthu, ar scéimeanna iad a bhaineann le hinbhuanaitheacht amhábhar criticiúil (úinéirí scéime), féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun go dtabharfaidh an Coimisiún aitheantas dá scéimeanna.

Beidh aon fhianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV sna hiarratais dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Faoin 24 Bealtaine 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar teimpléad aonair atá le húsáid ag úinéirí scéime chun an íosmhéid faisnéise atá le bheith sna hiarratais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

Beidh méid na doiciméadachta is gá chun an teimpléad aonair dá dtagraítear sa tríú fomhír a chomhlánú réasúnta.

2.   Más rud é, ar bhonn na fianaise arna soláthar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcinneann an Coimisiún go gcomhlíonann scéim deimhniúcháin na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó fothacar díobh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena n-aithneofar an scéim sin, ina sonrófar cumhdach aitheanta na scéime. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

3.   Sonrófar an cumhdach aitheanta le haghaidh gach scéime de réir na dtoisí seo a leanas:

(a)

céimeanna an tslabhra luacha amhábhar a chumhdaítear leis an scéim;

(b)

na céimeanna de shaolré tionscadail, lena n-áirítear roimh a ndúnta, lena linn agus ina ndiaidh, a chumhdaítear leis an scéim; agus

(c)

na toisí inbhuanaitheachta agus na catagóirí riosca comhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2), a dtugtar aghaidh orthu sa scéim.

Beidh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, pointe 1(a) go (d) ina réamhriachtanas chun an scéim a aithint.

4.   Fíoróidh an Coimisiún gach 3 bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm aon ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2, go leanfaidh an sí de na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó den fhothacar aitheanta de na critéir sin, a chomhlíonadh.

5.   Cuirfidh úinéirí scéimeanna aitheanta an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe nó nuashonruithe ar na scéimeanna sin, a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó faoi chomhlíonadh fhothacar aitheanta na gcritéar sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an ndéanfar difear leis na hathruithe nó na nuashonruithe sin don bhunús atá leis an aitheantas agus déanfaidh sé beart iomchuí.

6.   Má tá fianaise ann go bhfuil cásanna athuaire nó cásanna suntasacha ann inar theip ar oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil scéim aitheanta á cur chun feidhme acu ceanglais na scéime sin a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta, i dtaobh an léirítear leis na cásanna sin easnaimh sa scéim lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas, agus déanfaidh sé beart iomchuí.

7.   I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún easnaimh i scéim aitheanta lena ndéantar difear don bhunús atá leis an aitheantas, féadfaidh sé tréimhse iomchuí, nach faide ná 12 mhí, a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomhaíocht feabhais a dhéanamh lena linn.

8.   I gcás ina dteipfidh ar úinéir na scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh nó ina ndiúltóidh úinéir na scéime an ghníomhaíocht feabhais is gá a dhéanamh, agus i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gciallaíonn na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an scéim na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, nó an fothacar aitheanta de na critéir sin, a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún aitheantas na scéime a tharraingt siar trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

9.   Bunóidh an Coimisiún clár scéimeanna aitheanta agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana. Leis an suíomh gréasáin sin freisin, lamhálfar d’aiseolas a chomhthiomsú ó na geallsealbhóirí ábhartha uile faoi chur chun feidhme scéimeanna aitheanta. Cuirfear an t-aiseolas sin faoi bhráid na n-úinéirí ábhartha scéime lena bhreithniú.

Airteagal 31

Dearbhú maidir le lorg comhshaoil

1.   Agus toradh na tuarascála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an mheasúnaithe ar riachtanacht agus ar chomhréireacht chun críocha mhír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun rialacha a bhunú maidir le lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil éagsúil a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus modhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Sainaithneofar leis na rialacha ríomha agus fíoraithe ar a laghad na trí chatagóir tionchair chomhshaoil is ábhartha, a dhéanann suas formhór an loirg comhshaoil fhoriomláin. Beidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ar cheann de na catagóirí comhshaoil. Beidh an dearbhú loirg teoranta do na catagóirí tionchair chomhshaoil sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faoin 24 Samhain 2026 tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach na hamhábhair chriticiúla a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an oibleagáid lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil a dhearbhú riachtanach agus comhréireach.

I gcás na n-amhábhar criticiúil a shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht, cuirfidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe ar riachtanacht agus ar chomhréireacht chun críocha mhír 3 i láthair 12 mhí ó chur isteach na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha ríomha agus fíoraithe a ghlacadh le haghaidh amhábhar criticiúil sonrach más rud é, i ndiaidh dó na catagóirí tionchair comhshaoil ábhartha éagsúla a bhreithniú, go bhfuil lorg suntasach comhshaoil ag baint leis an amhábhar criticiúil lena mbaineann agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach an oibleagáid maidir le lorg comhshaoil an amhábhair chriticiúil sin a dhearbhú i ndáil leis na catagóirí tionchair chomhshaoil dá dtagraítear i mír 1, agus é á chur ar an margadh, chun cur le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais trí sholáthar amhábhar criticiúil a bhfuil lorg comhshaoil níos ísle acu a éascú.

4.   Nuair a bheidh an Coimisiún ag meas an bhfuil gá leis an oibleagáid dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

cibé an bhfuil cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais á mbaint amach cheana féin trí ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an amhábhar criticiúil lena mbaineann, agus cé chomh héifeachtach is atá na cuspóirí sin á mbaint amach;

(b)

caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha a bheith ann agus glacadh leo, nó an t-ionchas go dtiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin sin ar an leibhéal idirnáisiúnta, chomh maith le cleachtais inbhuanaithe ar an margadh, lena n-áirítear na scéimeanna deonacha a aithnítear de bhun Airteagal 30(2);

(c)

éifeachtacht na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha, Tionscadal Straitéiseach, comhaontuithe trádála agus ionstraimí idirnáisiúnta eile agus for-rochtain arna seoladh ag an Aontas chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach;

(d)

na costais eacnamaíocha a bhaineann leis agus an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú roimh ré ar thionchair lena chinneadh an nglacfar gníomh tarmligthe de bhun mhír 1 nó nach nglacfar. Maidir leis an measúnú sin:

(a)

beidh sé bunaithe, inter alia, ar chomhairliúchán leo seo a leanas:

(i)

na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail tionscal lena n-áirítear tionscal iartheachtach, FBManna, agus, i gcás inarb ábhartha, an tionscal ceardaíochta, comhpháirtithe sóisialta, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí a chuireann sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil chun cinn, eagraíochtaí tomhaltóirí agus lucht na hacadúlachta;

(ii)

tríú tíortha, nó OCTanna, a bhféadfaidh an oibleagáid sin difear suntasach a dhéanamh dá dtrádáil leis an Aontas;

(iii)

an Bord;

(iv)

gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil inniúlacht acu i réimse chosaint an chomhshaoil, de réir mar is iomchuí;

(b)

áiritheoidh sé nach ndéanfar aon bheart den sórt sin a ullmhú, a ghlacadh ná a chur i bhfeidhm d’fhonn bacainní neamhriachtanacha a chruthú ar thrádáil idirnáisiúnta nó lena gcruthófaí bacainní den sórt sin agus nach mbeidh sé níos sriantaí ó thaobh trádála de ná mar is gá chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus ag féachaint do sholáthraithe tríú tír cloí le dearbhú den sórt sin ar bhealach nach ndéanfar difear díréireach do shreafaí comhiomlána trádála agus do chostais amhábhar criticiúil;

(c)

measúnóidh sé ar chruthaigh oibleagáidí comhchosúla faoi dhlí an Aontais na héifeachtaí a bhí beartaithe agus ar rannchuidigh siad go mór le spriocanna comhshaoil an Aontais a bhaint amach;

(d)

measúnóidh sé an gcuirfidh an beart le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach gan tionchar díréireach a imirt ar chumas thionscal an Aontais an t-amhábhar criticiúil lena mbaineann a fhoinsiú.

6.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuirfidh amhábhair chriticiúla, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla phróiseáilte agus athchúrsáilte, ar an margadh, a bhfuil rialacha maidir le ríomh agus fíorú glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1, cuirfidh siad dearbhú maidir le lorg comhshaoil ar fáil.

Beidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le gach cineál amhábhair chriticiúil aonair a chuirfear ar an margadh agus ní bheidh feidhm aige maidir le hamhábhair chriticiúla a áirítear i dtáirgí idirmheánacha nó i dtáirgí deiridh.

7.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 6:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá freagrach agus modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo;

(b)

faisnéis faoin gcineál amhábhair chriticiúil a bhfuil feidhm ag an dearbhú ina leith;

(c)

faisnéis faoin tír agus faoin réigiún ina ndearnadh an t-amhábhar criticiúil a eastóscadh, a phróiseáil, a mhínghlanadh agus a athchúrsáil, de réir mar is infheidhme;

(d)

lorg comhshaoil an amhábhair chriticiúil, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le fíorú agus ríomh is infheidhme arna nglacadh de bhun mhír 1;

(e)

an aicme feidhmíochta maidir leis an lorg comhshaoil a gcomhfhreagraíonn an t-amhábhar criticiúil di, arna bunú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8;

(f)

nasc gréasáin lena soláthraítear rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear le torthaí an dearbhaithe maidir leis an lorg comhshaoil.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta a bhunú laistigh de thréimhse réasúnta maidir leis an lorg comhshaoil le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

9.   Ceanglóidh an Coimisiún, agus rialacha ríomha á socrú aige maidir le lorg comhshaoil táirgí idirmheánacha agus deiridh ina bhfuil amhábhair chriticiúla, i gcás inar féidir, go n-úsáidfear na rialacha ríomha maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Cuirfear an dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil ar fáil ar shuíomh gréasáin saor-rochtana agus beidh sé sothuigthe go héasca.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid don dearbhú maidir leis an lorg comhshaoil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

11.   Agus amhábhair chriticiúla á dtairiscint lena ndíol, lena n-áirítear i gcás ciandíolacháin, nó agus iad á dtaispeáint le linn gníomhaíocht tráchtála, áiritheoidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh go mbeidh rochtain ag a gcustaiméirí ar an dearbhú maidir le lorg comhshaoil sula gcuirfear iad faoi cheangal conartha díolacháin.

Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chuirfidh amhábhair chriticiúla ar an margadh, ní dhéanfaidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóigh go gcuirfear custaiméirí amú leo nó go gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí leo maidir leis an bhfaisnéis a áirítear sa dearbhú ar an lorg comhshaoil a sholáthar ná a thaispeáint.

ROINN 3

Saorghluaiseacht, comhréireacht agus faireachas margaidh

Airteagal 32

Saorghluaiseacht

1.   Ar chúiseanna a bhaineann le faisnéis maidir le hathchúrsáil nó le hábhar athchúrsáilte buanmhaighnéad nó ar chúiseanna a bhaineann le faisnéis maidir le lorg comhshaoil amhábhar chriticiúil a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar chur ar fáil ar an margadh nó ar chur i seirbhís táirgí ina bhfuil buanmhaighnéid nó amhábhair chriticiúla a chomhlíonann an Rialachán seo.

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais, taispeáintí nó ag imeachtaí cosúla, ní chuirfidh Ballstáit cosc ar tháirgí ina bhfuil buanmhaighnéid nó amhábhair chriticiúla nach gcomhlíonann an Rialachán seo a thaispeáint, ar choinníoll go dtaispeánfar go soiléir ar chomhartha inléite nach gcomhlíonann táirgí nó amhábhair chriticiúla den sórt sin an Rialachán seo agus nach féidir iad a chur ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar iad i gcomhréir leis.

Airteagal 33

Comhréireacht agus faireachas margaidh

1.   Sula gcuirfear táirge a chumhdaítear le hAirteagal 28 nó le hAirteagal 29 ar an margadh, áiritheoidh na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha atá freagrach go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme curtha i gcrích agus go mbeidh an doiciméadacht theicniúil is gá tarraingthe suas. I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag táirge, áiritheoidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach gur tarraingíodh suas dearbhú comhréireachta AE agus gur greamaíodh an marc CE de.

2.   Is é an nós imeachta um measúnú comhréireachta maidir le táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán seo a bheidh sa nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/125/CE, mura gcumhdaítear na táirgí sin freisin faoi na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus sa chás sin is é an nós imeachta um measúnú comhréireachta a bheidh sa nós imeachta a leagtar amach sna rialacha maidir le fíorú nó ríomh arna nglacadh de bhun Airteagal 29(2) den Rialachán seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le táirgí a chumhdaítear le cineálcheadú de bhun Rialachán (AE) 2018/858 nó (AE) Uimh. 168/2013.

Airteagal 34

Cur chun feidhme agus ailíniú le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun Airteagail 28, 29, 31 agus 33 a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais a bhunú i gcás dearadh teicniúil agus oibriú an iompróra sonraí agus an aitheantóra uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);

(b)

tagairt a dhéanamh do chaighdeáin theicniúla atá le húsáid i ndáil leis an iompróir sonraí agus leis an aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);

(c)

rialacha a bhunú chun an t-aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(4) a áireamh i gclárlanna atá ábhartha i gcás faireachas margaidh agus rialuithe custam;

(d)

ceanglais a bhunú a bhaineann le rialuithe custam a bhaineann leis an iompróir sonraí agus leis an aitheantóir uathúil táirge dá dtagraítear in Airteagal 28(3) agus (4);

(e)

nósanna imeachta a bhunú chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta nó le neamhchomhlíonadh foirmiúil, chomh maith le nósanna imeachta coimirce gaolmhara i gcás ina ndéantar agóidí i gcoinne na mbeart faireachais margaidh a dhéantar;

(f)

ceanglais a bhunú a bhaineann le dearbhú comhréireachta AE agus le prionsabail ghinearálta, rialacha agus coinníollacha chun marcáil CE a ghreamú.

Déanfar tagairt leis na gníomhartha tharmligthe sin do reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais nó áiritheoidh sé ailíniú leis, go háirithe Treoir 2009/125/CE, agus cuirfear san áireamh an gá atá le teorainn a chur leis an ualach riaracháin agus cur chun feidhme éifeachtach Airteagail 28, 29 agus 31 den Rialachán seo á áirithiú ag an am céanna.

CAIBIDIL 6

RIALACHAS

Airteagal 35

An Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla

1.   Bunaítear leis seo an Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (‘an Bord’).

2.   Beidh ról comhairleach maidir leis an gCoimisiún ag an mBord agus déanfaidh sé na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 36

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Bhoird

1.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile agus an Coimisiún. Beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air (‘an cathaoirleach’).

2.   Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil ar an mBord. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus leis an saineolas, féadfaidh Ballstát ionadaithe éagsúla a cheapadh i ndáil le cúraimí éagsúla an Bhoird. Beidh comhalta malartach ag gach ionadaí a cheaptar ar an mBord. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit. Ní bheidh ach aon vóta amháin ag gach Ballstát gan beann ar líon a n-ionadaithe.

Iarrfaidh an Cathaoirleach ar ionadaithe Pharlaimint na hEorpa freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird, lena n-áirítear cruinnithe na buan-fhoghrúpaí nó na foghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 8.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón tionscal, go háirithe FBManna, an tsochaí shibhialta, lucht na hacadúlachta, ceardchumainn, údaráis áitiúla nó réigiúnacha, tríú tíortha, OCTanna, chomh maith leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, freastal mar bhreathnóirí ar chruinnithe an Bhoird nó ar a bhuanghrúpaí nó a fhoghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 8, nó aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil. Ní bheidh breathnóirí rannpháirteach i bhfoirmliú comhairle ón mBord agus óna fhoghrúpaí.

4.   Ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Bord, ar thogra ón gCoimisiún, a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí.

5.   Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta ionas go bhféadfar a chúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. I gcás inar gá, tiocfaidh an Bord le chéile ar bhonn iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát lena dtugtar bonn cirt do leas ar leith maidir le Tionscadal Straitéiseach ar a chríoch is údar le cruinniú breise.

Tiocfaidh an Bord le chéile mar a leanas:

(a)

gach 3 mhí ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Thionscadail Straitéiseacha de bhun Chaibidil 3, Roinn 1;

(b)

gach 6 mhí ar a laghad chun faireachán a fhorbairt de bhun Chaibidil 4;

(c)

uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le taiscéalaíocht a leagtar amach i gCaibidil 3, Roinn 5, lena n-áirítear i bhfianaise nuashonruithe ar liostaí na n-amhábhar straitéiseach nó na n-amhábhar criticiúil.

6.   Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar obair an Bhoird trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochtúil.

7.   Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme Airteagal 9 a phlé ar bhonn tréimhsiúil agus dea-chleachtais a chomhroinnt chun dlús a chur leis an nós imeachta um cheadú le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil agus chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht agus ar an gcomhairliúchán poiblí sna tionscadail sin;

(b)

i gcás inarb ábhartha, treoirlínte a mholadh don Choimisiún maidir le hAirteagal 9(1) a chur chun feidhme, treoirlínte a bheidh le cur san áireamh ag na pointí teagmhála aonair;

(c)

plé a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar chur chun feidhme Tionscadal Straitéiseach agus, más gá, ar bhearta a d’fhéadfadh an tionscnóir tionscadail nó an Ballstát a mbaineann a chríoch le Tionscadal Straitéiseach a dhéanamh chun cur chun feidhme na dTionscadal Straitéiseach sin a éascú tuilleadh de bhun Airteagal 15;

(d)

comhairle a sholáthar don Choimisiún maidir leis an measúnú ar bhunú an chórais comhcheannaigh de bhun Airteagal 25;

(e)

malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a éascú, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar a gcláir náisiúnta de bhun Airteagal 26.

8.   Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus ar chúraimí sonracha.

Bunóidh an Bord ar a laghad na buan-fhoghrúpaí seo a leanas:

(a)

foghrúpa chun maoiniú i gcomhair Tionscadail Straitéiseacha a phlé agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 16, a dtabharfar cuireadh freastal air mar bhreathnóirí d’ionadaithe ó bhainc agus ó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, ó na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha forbartha, ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbraíochta agus, de réir mar is iomchuí, ó institiúidí airgeadais príobháideacha;

(b)

foghrúpa chun plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir le bearta chun eolas an phobail ar shlabhra soláthair na n-amhábhar criticiúil a mhéadú agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus páirteachas geallsealbhóirí i dtionscadail amhábhar criticiúil, a dtabharfar cuireadh rialta d’ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta freastal air, mar bhreathnóirí;

(c)

foghrúpa ina dtugtar le chéile institiúidí nó suirbhéanna náisiúnta, nó i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha geolaíocha nó, in éagmais institiúid nó suirbhé den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar thaiscéalaíocht ghinearálta, chun rannchuidiú le comhordú na gclár náisiúnta taiscéalaíochta arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 19;

(d)

foghrúpa chun plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir le bearta chun ciorclaíocht, éifeachtúlacht acmhainní agus ionadú amhábhar criticiúil a chur chun cinn;

(e)

foghrúpa ina dtugtar le chéile gníomhaireachtaí náisiúnta soláthair agus faisnéise a chumhdaíonn amhábhair chriticiúla nó, in éagmais gníomhaireacht den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun rannchuidiú le faireachán agus tástáil struis an Choimisiúin de bhun Airteagal 20;

(f)

foghrúpa ina dtugtar le chéile an ghníomhaireacht náisiúnta éigeandála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as stoic straitéiseacha nó, in éagmais gníomhaireacht agus údarás den sórt sin, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá i gceannas ar an ábhar sin, chun rannchuidiú le comhordú na stoc straitéiseach mar a leagtar amach in Airteagal 23.

Agus a chúraimí á ndéanamh aige, áiritheoidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, comhordú, comhar agus malartú faisnéise leis na struchtúir ábhartha um fhreagairt i gcás géarchéime agus um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, struchtúir arna mbunú faoi dhlí an Aontais.

9.   Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 46.

10.   Déanfaidh an Bord a dhícheall cinntí a dhéanamh trí chomhthoil.

Airteagal 37

Comhar idirnáisiúnta agus Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha

1.   Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas a phlé ar bhonn tréimhsiúil:

(a)

a mhéid a chuireann Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis an méid seo a leanas:

(i)

feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair lena n-áirítear na tagarmharcanna a shocraítear in Airteagal 5(1), pointe (b);

(ii)

feabhas a chur ar an gcomhar feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear cláir um fhothú acmhainneachta agus aistriú teicneolaíochta chun ciorclaíocht agus athchúrsáil fhreagrach amhábhar criticiúil a chur chun cinn i dtíortha a tháirgeann na hamhábhair chriticiúla sin;

(iii)

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear cleachtais inbhuanaithe agus chiorclacha, dálaí oibre cuibhiúla agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn feadh a slabhraí luacha amhábhar;

(b)

comhsheasmhacht agus sineirgí féideartha idir comhar déthaobhach na mBallstát le tríú tíortha ábhartha agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas i gcomhthéacs Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha;

(c)

cad iad na tríú tíortha a bhféadfaí tús áite a thabhairt dóibh chun Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a thabhairt i gcrích, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:

(i)

an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair chomh maith lena hathléimneacht, agus cúltacaí féideartha, acmhainní eastósctha, próiseála agus athchúrsála tríú tír a bhaineann le hamhábhair chriticiúla á gcur san áireamh;

(ii)

an bhféadfadh comhar idir an tAontas agus tríú tír feabhas a chur ar chumas tríú tír faireachán, cosc agus íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhíobhálacha ar an gcomhshaol trína creat rialála agus trí chur chun feidhme an chreata sin, úsáid cleachtas atá freagrach go sóisialta lena n-áirítear urraim do chearta an duine agus do chearta saothair, go háirithe maidir le saothar éigeantais agus saothar leanaí, rannpháirtíocht fhónta le pobail áitiúla, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, úsáid cleachtas gnó trédhearcach agus freagrach, drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí agus an smacht reachta a chosc;

(iii)

an bhfuil comhaontuithe comhair ann cheana idir an tAontas agus tríú tír, maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, an bhféadfaí tionscadail infheistíochta Global Gateway a úsáid, lena n-áirítear d’fhonn infheistiú i dTionscadail Straitéiseacha;

(iv)

i gcás margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, an bhféadfadh, agus cén dóigh a bhféadfadh, comhpháirtíocht cur le breisluach áitiúil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iartheachtacha, agus conas a rachadh sí chun tairbhe don Aontas agus don tír chomhpháirtíochta araon.

(d)

comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le conas a áirithiú go mbeidh na Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha dá dtagraítear sa mhír seo comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha.

2.   Beidh pléití an Bhoird de bhun mhír 1 gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcomhréir leis na Conarthaí.

3.   Maidir leis na Ballstáit:

(a)

cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir lena gcomhar déthaobhach le tríú tíortha ábhartha, i gcás ina n-áirítear ina raon feidhme slabhra luacha amhábhar criticiúil;

(b)

féadfaidh siad tacú leis an gCoimisiún na bearta comhair a leagtar amach i gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha a chur chun feidhme feadh an tslabhra luacha amhábhar.

4.   Uair sa bhliain, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le hábhar agus toradh phléití an Bhoird de bhun mhír 1.

CAIBIDIL 7

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 38

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) agus (3), Airteagal 31(1) agus (8) agus Airteagal 34(1) a ghlacadh don Choimisiún do thréimhse ocht mbliana ón 24 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse ocht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 4 (2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) agus (3), Airteagal 31(1) agus (8) agus Airteagal 34(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 4(2), Airteagal 5(3), Airteagal 6(2), Airteagal 28(12), Airteagal 29(2) nó (3),Airteagal 31(1) nó (8) nó Airteagal 34(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 39

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL 8

LEASUITHE

Airteagal 40

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013

I Roinn C1 den tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

‘15a

18

ceanglais maidir le ciorclaíocht buanmhaighnéad

Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

X

Airteagal 41

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/858

I roinn G, ‘Feidhmíocht Chomhshaoil agus Astaíochtaí’, den tábla i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

‘G 15

Ceanglais maidir le ciorclaíocht buanmhaighnéad

Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2)

X

X

X

X

X

X

 

 

 

 

X

X

Airteagal 42

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1724

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an ró nua seo a leanas léi:

‘AJ.

Tionscadail amhábhar criticiúil

1.

na pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3)

2.

faisnéis maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.’

3.

faisnéis maidir le seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta’

4.

faisnéis maidir le deiseanna maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát’

5.

seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla nó dlí saothair ach gan a bheith teoranta dóibh sin

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an ró seo a leanas léi:

‘Tionscadail amhábhar criticiúil

Nós imeachta a bhaineann le gach cead ábhartha chun tionscadail amhábhar criticiúil a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna nasctha tógála, ceimiceán agus eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás inar gá sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón tráth a dhéantar a admháil go bhfuil an t-iarratas curtha i gcrích go dtí go dtabharfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252 fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta.

Na haschuir uile a bhaineann leis na nósanna imeachta idir iomláine an iarratais a admháil agus an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta tríd an bpointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252.’;

(3)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(9)

An pointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’.

Airteagal 43

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:

(1)

in Airteagal, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

‘5.   Níl feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011 (*4), (AE) 2016/425 (*5), (AE) 2016/426 (*6) agus Rialachán (AE) 2024/1252 (*7), agus Treoracha 2000/14/CÉ (*8), 2006/42/CÉ (*9), 2009/48/CE (*10), 2009/125/CE (*11), 2011/65/AE (*12), 2013/29/AE (*13), 2013/53/AE (*14), 2014/29/AE (*15), 2014/30/AE (*16), 2014/31/AE (*17), 2014/32/AE (*18), 2014/34/AE (*19), 2014/35/AE (*20), 2014/53/AE (*21) agus 2014/68/AE (*22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5)."

(*5)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51),"

(*6)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99)."

(*7)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj)."

(*8)  Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh atá le húsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1)."

(*9)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24),"

(*10)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1)."

(*11)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10)."

(*12)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88)."

(*13)  Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27) ."

(*14)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90)."

(*15)  Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 45)."

(*16)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79)."

(*17)  Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107)."

(*18)  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149)."

(*19)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309)."

(*20)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357)."

(*21)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62)."

(*22)  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).’;"

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘71.

Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj), a mhéid a bhaineann sé leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 28, 29 nó 31 den Rialachán sin.’.

CAIBIDIL 9

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 44

Faireachán ar dhul chun cinn

1.   Faoin 24 Samhain 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh a áireoidh réamh-mheastacháin tháscacha maidir le tomhaltas bliantúil de gach amhábhar criticiúil in 2030, 2040 agus 2050, lena n-áirítear réamh-mheastachán íseal, ard agus tagartha, chomh maith le tagarmharcanna táscacha d’eastóscadh agus próiseáil in aghaidh an amhábhair straitéisigh d’fhonn na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), a chomhlíonadh le haghaidh 2030.

2.   Faoin 24 Bealtaine 2027, déanfaidh an Coimisiún, agus comhairle an Bhoird á cur san áireamh aige, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na dtagarmharcanna a shocraítear in Airteagal 5(1), chomh maith le maolú ar an méadú a mheastar a thiocfaidh ar thomhaltas amhábhar criticiúil san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(2,) agus foilseoidh sé tuarascáil ina sonrófar dul chun cinn an Aontais i dtreo na tagarmharcanna agus an mhodhnóireacht sin a chomhlíonadh.

3.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2:

(a)

faisnéis chainníochtúil faoi mhéid dhul chun cinn an Aontais i dtreo na dtagarmharcanna agus an mhodhnóireacht dá dtagraítear in Airteagal 5

(b)

liosta na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha lena gcumhdaítear amhábhair; agus

(c)

measúnú ar a mhéid a rannchuidíonn na gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha leis an tagarmharc a shocraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), a bhaint amach.

Chun críocha an Airteagail seo, ní bheidh sé de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur isteach anuas ar na bhfaisnéis atá le soláthar de bhun Airteagal 21.

4.   Chun cur chun feidhme comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh sé chun é a chur chun feidhme le dlíthe eile an Aontais. Thairis sin, foilseoidh an Coimisiún, faoin 24 Bealtaine 2025, tuarascáil ar chomhsheasmhacht an Rialacháin seo le dlí eile an Aontais.

5.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, nach dócha go mbainfidh an tAontas amach aidhmeanna Airteagal 5, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht beart a mholadh chun a áirithiú go mbainfear amach na haidhmeanna sin.

6.   Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú caighdeáin Eorpacha nó spriocanna a bhaineann le caighdeánú Eorpach a fhorbairt chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 45

Tuairisciú na mBallstát

1.   Faoin 24 Bealtaine 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún gach bliain ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19(5), Airteagal 21(1) agus (2), Airteagal 22(1) Airteagal 23(5) agus Airteagal 26(6).

Ní bheidh sé de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur isteach i dteannta na faisnéise arna soláthar i gcomhthéacs na bhforálacha a liostaítear sa chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach teimpléad i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. D’fhéadfaí a léiriú sa teimpléad conas atá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le cur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

3.   Beidh an fhaisnéis atá sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi réir Airteagal 46.

Airteagal 46

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.   Ní úsáidfear faisnéis a gheofar le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sí faoi chosaint ag dlí an Aontais agus ag an dlí náisiúnta ábhartha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó, faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a phróiseálfar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear nó a mhalartaítear de bhun an Rialacháin seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ábhartha.

4.   I gcás ina measann Ballstát gur dócha go bhféadfadh nochtadh faisnéise comhiomlánaithe de bhun Airteagal 22 dochar a dhéanamh dá leas slándála náisiúnta, féadfaidh sé, trí bhíthin fógra réasúnaithe, agóid a dhéanamh i gcoinne nochtadh na faisnéise sin ag an gCoimisiúin.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile a oibríonn faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, maidir le breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe den Bhord de bhun Airteagal 36.

6.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe slána chun an fhaisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo a chomhthiomsú, a phróiseáil agus a stóráil.

7.   Aon oibleagáidí ar chomhroinnt faisnéise de bhun an Rialacháin seo ní bheidh feidhm acu maidir le sonraí a bhaineann le leasanna bunúsacha shlándáil nó cosaint na mBallstát.

Airteagal 47

Pionóis

Faoin 24 Samhain 2026, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 48

Meastóireacht

1.   Faoin 24 Bealtaine 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú aige agus cuirfidh sé tuarascáil faoin meastóireacht sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

a iomchuí atá sé tairseacha uasta maidir le lorg comhshaoil a bhunú le haghaidh amhábhair chriticiúla ar glacadh rialacha maidir le ríomh agus fíorú ina leith chomh maith leis an ngá atá le slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a neartú tuilleadh tar éis 2030;

(b)

a iomchuí atá sé tagarmharcanna a bhunú ag díriú ar 2040 agus 2050 maidir le leibhéil chomhlána agus in aghaidh an amhábhair straitéisigh;

(c)

an chomhsheasmhacht idir dlí comhshaoil an Aontais agus an Rialachán seo, go háirithe i ndáil le stádas tosaíochta na dTionscadal Straitéiseach;

(d)

infhaighteacht na faisnéise maidir le méideanna dramhaíola agus amhábhar straitéiseach do shruthanna ábhartha dramhaíola;

(e)

an tionchar a bheadh ag córas ceannaigh chomhpháirtigh a bhunú de bhun Airteagal 25 maidir le hiomaíocht sa mhargadh inmheánach;

(f)

a iomchuí a bheadh sé bearta breise a bhunú chun bailiú, sórtáil agus próiseáil dramhaíola a mhéadú, go háirithe maidir le dramh-mhiotal, lena n-áirítear dramh-mhiotal feiriúil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, tograí reachtacha ábhartha a chur i láthair, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 40 agus 41 ón 24 Bealtaine 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 349, 29.9.2023, lch. 142.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(5)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach do tháirgí a bhaineann le fuinneamh (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(6)  Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 102, 11.4.2006, lch. 15).

(7)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(8)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(9)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(10)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(11)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(12)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(13)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(16)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(18)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(19)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(20)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, – lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán 2017/1601 agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(21)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (IO L 229 18.9.2023, lch. 1).

(23)  Cinneadh 2021/C 393 I/02 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte (IO C 393 I, 29.9.2021, lch. 3).

(24)  Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64).

(25)  Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, 29.12.2022, lch. 1).

(26)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(27)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(29)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(33)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(34)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(36)  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).

(37)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(39)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(40)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

(41)  Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).

(42)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(43)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014 agus (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(44)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Custaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(45)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).’.

(*2)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).’.

(*3)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).’;


IARSCRÍBHINN I

Amhábhair straitéiseacha

Roinn 1

Liosta na n-amhábhar straitéiseach

Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair seo a leanas:

(a)

báicsít/alúmana/alúmanam

(b)

biosmat

(c)

bórón – grád miotalóireachta

(d)

cóbalt

(e)

copar

(f)

gailliam

(g)

gearmáiniam

(h)

litiam – grád ceallra

(i)

miotal maignéisiam

(j)

mangainéis – grád ceallra

(k)

graifít – grád ceallra

(l)

nicil – grád ceallra

(m)

miotail de chuid an ghrúpa platanaim

(n)

dúile tearc-chré le haghaidh buanmhaighnéad (Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce)

(o)

miotal sileacain

(p)

miotal tíotáiniam

(q)

tungstan

Roinn 2

Modheolaíocht chun amhábhair straitéiseacha a roghnú

1.

Cinnfear an tábhacht straitéiseach ar bhonn ábharthacht amhábhair don aistriú glas agus don aistriú digiteach chomh maith le feidhmeanna cosanta agus aeraspáis, i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

méid na dteicneolaíochtaí straitéiseacha a úsáideann amhábhar mar ionchur;

(b)

méid an amhábhair is gá chun teicneolaíochtaí straitéiseacha ábhartha a mhonarú;

(c)

an t-éileamh domhanda a bhfuiltear ag súil leis ar theicneolaíochtaí straitéiseacha ábhartha.

2.

Déanfar an fás ar éileamh réamh-mheasta (DF/C,τ ) a ríomh mar a leanas:

Image 1

sna cásanna seo a leanas:

Is é DFτ an réamhaisnéis éilimh bhliantúil dhomhanda amhábhair i mbliain τ;

Is é GSτο an táirgeadh bliantúil domhanda amhábhair do thréimhse thagartha τ0.

3.

Déanfar an deacracht a bhaineann le méadú an táirgthe a shocrú agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:

(a)

an scála táirgthe bliantúil domhanda reatha d’amhábhar;

(b)

cóimheas cúltacaí-táirgthe amhábhair, bunaithe ar chúltacaí aitheanta d’acmhainní geolaíocha is féidir a eastóscadh go heacnamaíoch agus ar tháirgeadh bliantúil reatha;

(c)

aga seachadta do thionscadail nua lena méadaítear an acmhainneacht soláthair, nuair a bhíonn faisnéis iontaofa ar fáil.


IARSCRÍBHINN II

Amhábhair chriticiúla

Roinn 1

Liosta na n-amhábhar criticiúil

Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair seo a leanas:

(a)

antamón

(b)

arsanaic

(c)

báicsít/alúmana/alúmanam

(d)

bairít

(e)

beirilliam

(f)

biosmat

(g)

bórón

(h)

cóbalt

(i)

gual cóic

(j)

copar

(k)

iathchloch

(l)

fluar

(m)

gailliam

(n)

gearmáiniam

(o)

haifniam

(p)

héiliam

(q)

dúile tearc-chré troma

(r)

dúile tearc-chré éadroma

(s)

litiam

(t)

maignéisiam

(u)

mangainéis

(v)

graifít

(w)

nicil – grád ceallra

(x)

niaibiam

(y)

carraig fosfáite

(z)

fosfar

(aa)

miotail de chuid an ghrúpa platanaim

(ab)

scaindiam

(ac)

miotal sileacain

(ad)

strointiam

(ae)

tantalam

(af)

miotal tíotáiniam

(ag)

tungstan

(ah)

vanaidiam

Roinn 2

An tábhacht eacnamaíoch agus an riosca soláthair a ríomh

1.

Is mar a leanas a ríomhtar tábhacht eacnamaíoch (EI) amhábhair a ndearnadh measúnú air:

Image 2

sna cásanna seo a leanas:

seasann s d’earnálacha NACE (leibhéal 2 dhigit) an gheilleagair;

Is é As an sciar d’úsáid deiridh an amhábhair in earnáil NACE (leibhéal 2 dhigit) a ndearnadh measúnú air; (ag úsáid luachanna an Aontais má tá siad ar fáil, agus ag úsáid sciaranna domhanda mura bhfuil);

Is é Qs breisluach na hearnála ábhartha NACE (leibhéal 2 dhigit) mar sciar den gheilleagar iomlán;

Is é SIEI an t-innéacs ionaid a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch.

2.

Déantar an t-innéacs ionaid amhábhair a ndearnadh measúnú air a bhaineann le tábhacht eacnamaíoch (SIEI ) a ríomh, bunaithe ar a feidhmeanna tionsclaíocha is ábhartha, mar a leanas:

Image 3

sna cásanna seo a leanas:

seasann i d’ábhar ionadach aonair;

seasann a d’fheidhm aonair amhábhair;

Is é SPPIi,a; EI paraiméadar feidhmíochta na Tábhachta Eacnamaíche ag gach ábhar ionaid, i, i gcomparáid leis an amhábhar measúnaithe, bunaithe ar fheidhmíocht theicniúil, lena n-áirítear feidhmiúlacht, agus feidhmíocht chostais, le haghaidh gach feidhme a;

Is é Sharea sciar na n-amhábhar i bhfeidhm úsáide deiridh;

Is é Sub_sharei,a fo-sciar gach ábhair ionadaigh laistigh de gach feidhm.

3.

Ríomhtar riosca soláthair (SR) amhábhair a ndearnadh measúnú air mar a leanas:

Image 4

sna cásanna seo a leanas:

Seasann GS do tháirgeadh bliantúil domhanda an amhábhair a ndearnadh measúnú air;

Seasann EU_sourcing d’fhoinsiú iarbhír an tsoláthair chuig an Aontas, i.e. táirgeadh intíre an Aontais móide allmhairí an Aontais ó thriú tíortha nó ó OCTanna;

Is é is HHI Innéacs Herfindahl-Hirschman (a úsáidtear mar ionadach do chomhchruinniú an tsoláthair idir tíortha);

Is é is WGI ann innéacs atá bunaithe ar Tháscairí scálaithe Rialachais an Bhainc Dhomhanda (a úsáidtear mar ionadach do rialachas tíre);

Is paraiméadar trádála é tc lena gcoigeartaítear WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh, c.

Is é is EoLRIR ann an ráta ionchuir athchúrsála táirgí a bhfuil a ré caite, rud a chiallaíonn an cóimheas idir ionchuir ábhair thánaistigh (a athchúrsáiltear ó sheandramh) agus gach ionchur amhábhair (príomhúil agus tánaisteach);

Is é is SISR an t-innéacs ionaid a bhaineann le riosca soláthair;

Is é is IR an spleáchas allmhairiúcháin.

4.

Is mar a leanas a ríomhtar, IR, spleáchas allmhairiúcháin na n-amhábhar:

Image 5

5.

Déantar Innéacs Herfindahl-Hirschman (HHIWGI ) na n-amhábhar a ndearnadh measúnú orthu a ríomh mar a leanas:

Image 6

sna cásanna seo a leanas:

seasann c do na tíortha a sholáthraíonn an t-amhábhar a ndearnadh measúnú air;

Is é Sc an sciar de thír c sa soláthar domhanda (GSEU_sourcing) den amhábhar a ndearnadh measúnú air;

Is é WGIc innéacs atá bunaithe ar Tháscairí scálaithe Rialachais an Bhainc Dhomhanda do thír c;

Is é tc paraiméadar trádála tíre lena gcoigeartaítear WGI, a shocrófar agus cánacha onnmhairiúcháin féideartha (a d’fhéadfadh a bheith maolaithe le comhaontú trádála atá i bhfeidhm), cuótaí onnmhairiúcháin fisiceacha nó toirmisc onnmhairiúcháin arna bhforchur ag tír á gcur san áireamh c.

6.

Ríomhtar innéacs ionaid amhábhair a ndearnadh measúnú air a bhaineann le riosca soláthair (SISR ) mar a leanas:

Image 7

sna cásanna seo a leanas:

seasann i d’ábhar ionadach aonair;

seasann a do d’fheidhm aonair ábhair is iarrthóir;

Is é SPPIi; SR paraiméadar feidhmíochta an riosca soláthair ag gach ábhar ionaid, i, bunaithe ar a tháirgeadh domhanda, a chriticiúlacht agus a thábhacht eacnamaíoch (táirge príomhúil, comhtháirge, seachtháirge);

Is é is Sharea ann sciar na n-ábhar i bhfeidhmeanna úsáide deiridh;

Is é is Sub_sharei,a ann fo-sciar gach ábhair ionadaigh de gach feidhm.

7.

I gcás ina mbeidh tionchar ag athruithe struchtúracha nó staidrimh ar thomhas na tábhachta eacnamaíche agus ar an riosca soláthair go cothrománach maidir leis na hábhair uile a ndearnadh measúnú orthu, ceartófar na luachanna comhfhreagracha chun na hathruithe sin a fhritháireamh.

Bunófar ríomhanna na bhfoirmlí sa roinn seo ar mheán na 5 bliana is déanaí a mbeidh sonraí ar fáil ina leith. Cuirfear tosaíocht, cáilíocht agus infhaighteacht na sonraí san áireamh.


IARSCRÍBHINN III

Measúnú ar na critéir aitheantais do Thionscadail Straitéiseacha

1.   

Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (a) déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

an gcuireann an tionscadal leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (a);

(b)

an gcuireann an tionscadal le hacmhainní an Aontais a chothabháil nó a neartú mar sciar de thomhaltas bliantúil amhábhair straitéisigh an Aontais, agus an méadú measta ar thomhaltas an Aontais á chur san áireamh;

(c)

cibé acu a rannchuidíonn an tionscadal le neartú acmhainneacht an Aontais chun amhábhair nuálacha a tháirgeadh atá in ann amhábhar straitéiseach a ionadú i dteicneolaíochtaí straitéiseacha amháin nó níos mó, agus bearta á ndéanamh chun lorg comhshaoil comhionann nó níos ísle a bhaint amach i gcomparáid leis an amhábhar straitéiseach a ndéantar ionadú air.

Déanfar cion tionscadail leis an tagarmharc acmhainneachta ábhartha a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil tacaíochta a áirítear san iarratas agus am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh.

2.   

Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír, nó in OCT, an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (a), déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

an rannchuidíonn an tionscadal leis na tagarmharcanna a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (b), nó an rannchuidíonn sé le hathléimneacht sholáthar amhábhair straitéiseacha an Aontais a choinneáil;

(b)

an ráthaítear le creat dlíthiúil nó leis na coinníollacha eile is infheidhme nach saobhfar an trádáil agus an infheistíocht a bhaineann leis an tionscadal, ag cur san áireamh go háirithe an bhfuil Comhpháirtíocht Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 37 nó comhaontú trádála ina bhfuil caibidil ar amhábhair leis an tríú tír ábhartha, nó le OCTanna, tugtha i gcrích ag an Aontas, agus an bhfuil sé ag teacht le comhbheartas tráchtála an Aontais;

(c)

a mhéid atá gnóthais ann a bhfuil comhaontuithe ceannaigh tugtha i gcrích acu leis an tionscnóir tionscadail, nó atá sásta comhaontuithe ceannaigh a thabhairt i gcrích leis an tionscnóir tionscadail, d’fhonn na hamhábhair straitéiseacha arna dtáirgeadh ag na tionscadail ábhartha san Aontas a úsáid nó a phróiseáil;

(d)

an bhfuil an tionscadal i gcomhréir le comhar um fhorbairt agus le cuspóirí an Aontais maidir le beartas eachtrach.

Déanfar cion tionscadail leis na tagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (a) a mheasúnú agus plean gnó an tionscadail agus faisnéis theicniúil tacaíochta a áirítear san iarratas agus, am measta an tionscadail chuig an margadh á gcur san áireamh chomh maith leis an sciar d’aschur an tionscadail a chumhdaítear leis na comhaontuithe ceannaigh reatha nó ionchasacha dá dtagraítear i bpointe (c). D’fhéadfadh comhaontuithe conarthacha, litreacha intinne nó meabhráin tuisceana a bheith i gceist leis an bhfianaise a bhaineann le pointe (c).

3.   

Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (b), déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

cáilíocht na staidéar féidearthachta arna ndéanamh ar ionchasacht forbartha an tionscadail;

(b)

ar léiríodh an teicneolaíocht atá beartaithe lena húsáid sa timpeallacht ábhartha.

4.   

Déanfar na staidéir féidearthachta dá dtagraítear i bpointe 3(a) a dhearadh chun:

(a)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an dócha go n-éireoidh le tionscadal atá beartaithe trí anailís a dhéanamh ar chúinsí teicneolaíochta agus comhshaoil;

(b)

saincheisteanna teicniúla agus fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair atáthar ag tabhairt faoin tionscadal a shainaithint.

D’fhéadfadh go mbeadh gá le staidéir bhreise chun indéantacht an tionscadail a dhearbhú.

5.   

Leis an measúnú ar cibé acu a chomhlíonann tionscadail atá lonnaithe san Aontas na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) déanfar foriomlán chomhlíontacht an tionscadail le reachtaíocht ábhartha an Aontais nó náisiúnta a chur san áireamh, chomh maith le fianaise fhorlíontach, agus suíomh an tionscadail á chur san áireamh.

Leis an measúnú ar cibé acu a chomhlíonann tionscadail i dtríú tíortha nó in OCTanna na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) agus comhlíontacht leis an dlí náisiúnta is infheidhme á cur san áireamh i gcás ina soláthraítear leis an dlí náisiúnta sin dearbhú leordhóthanach maidir le comhlíontacht leis na critéir nó gnéithe díobh agus leis na hionstraimí idirnáisiúnta seo a leanas:

(a)

Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ILO maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta;

(b)

Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach, go háirithe na treoirlínte a bhaineann le héilliú a chomhrac;

(c)

Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca;

(d)

Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Rannpháirtíocht Fhiúntach le Geallsealbhóirí san Earnáil Eastóscach lena n-áirítear i gcás ina bhfuiltear ag tagairt do na prionsabail a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(e)

Prionsabail ECFE maidir le Rialachas Corparáideach;

(f)

Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Gnó Freagrach,

(g)

Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;

(h)

Caighdeán Feidhmíochta 5 na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta ar Éadáil Talún agus Athlonnú Neamhdheonach.

6.   

Féadfaidh tionscnóirí tionscadail comhlíonadh an chritéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c) a fhianú freisin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fianaise a sholáthar go bhfuil an tionscadal lena mbaineann deimhnithe ina aonar ag scéim amháin nó níos mó atá aitheanta de bhun Airteagal 30(2) lena gcumhdaítear go comhpháirteach na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2); nó

(b)

gealltanas a thabhairt deimhniú a fháil don tionscadal lena mbaineann mar chuid de scéim amháin nó níos mó atá aitheanta de bhun Airteagal 30(2) lena gcumhdaítear go comhpháirteach na ceanglais a liostaítear in Iarscríbhinn IV, pointe (2), agus lena gcuirfear dóthain fianaise ar fáil go mbeidh an tionscadal lena mbaineann in ann na critéir don deimhniúchán sin a chomhlíonadh nuair a chuirfear chun feidhme é.

7.   

Leas an measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal san Aontas an critéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (d) déanfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

an bhfuil gnóthais ó Bhallstáit éagsúla rannpháirteach sa tionscadal;

(b)

an bhfuil ceannaitheoirí ionchasacha lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin freisin;

(c)

éifeachtaí ar infhaighteacht amhábhar straitéiseach le haghaidh úsáideoirí iartheachtacha i níos mó ná Ballstát amháin.

8.   

Leis an measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal i dtríú tír an critéar dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (e) déanfar a mhéid a rannchuidíonn an tionscadal leis an méid seo a leanas, sa tríú tír ábhartha a chur san áireamh:

(a)

níos mó ná céim amháin den slabhra luacha amhábhar sa tír sin nó ina réigiún i gcoitinne a neartú;

(b)

infheistíocht phríobháideach a chothú sa slabhra luacha amhábhar intíre;

(c)

sochair eacnamaíocha nó shóisialta níos leithne a chruthú, lena n-áirítear fostaíocht a chruthú.


IARSCRÍBHINN IV

Critéir i gcomhair scéimeanna deimhniúcháin

1.   

Comhlíonfaidh scéim aitheanta deimhniúcháin na critéir seo a leanas:

(a)

tá sí oscailte faoi théarmaí trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha do gach oibreoir eacnamaíoch atá toilteanach agus in ann ceanglais na scéime a chomhlíonadh agus tá sí faoi réir rialachas il-gheallsealbhóra í;

(b)

tá fíorú agus faireachán ar chomhlíonadh oibiachtúil, bunaithe ar chaighdeáin, ar cheanglais agus ar nósanna imeachta idirnáisiúnta agus náisiúnta agus ar nósanna imeachta de chuid an Aontais agus déantar iad go neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha;

(c)

tá ceanglais agus nósanna imeachta leordhóthanacha ag baint léi chun inniúlacht agus neamhspleáchas na bhfíoraitheoirí atá freagrach a áirithiú.

(d)

áirítear ann ceanglais chun tuarascáil iniúchóireachta a bhunaítear ag leibhéal láithreáin a áirithiú.

2.   

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna ceanglais i gcomhair deimhniúcháin:

(a)

ceanglais lena n-áirithítear cleachtais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de lena linn agus ina dhiaidh, lena n-áirítear ceanglais lena n-áirithítear bainistíocht an chomhshaoil agus maolú tionchair sna catagóirí riosca comhshaoil seo a leanas:

(i)

aer, lena n-áirítear truailliú aeir amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(ii)

uisce, lena n-áirítear grinneall na farraige agus an comhshaol muirí, agus truailliú uisce, úsáid uisce, cainníochtaí uisce, tuilte nó triomaigh á gcur san áireamh, agus rochtain ar uisce;

(iii)

ithir, lena n-áirítear truailliú ithreach, creimeadh ithreach, úsáid talún agus díghrádú talún;

(iv)

bithéagsúlacht, lena n-áirítear damáiste do ghnáthóga, don fhiadhúlra, don fhlóra agus d’éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí éiceachórais;

(v)

substaintí guaiseacha;

(vi)

torann agus creathadh;

(vii)

sábháilteacht plandaí;

(viii)

úsáid fuinnimh;

(ix)

dramhaíl agus fuíll;

(b)

ceanglais chun cleachtais atá freagrach go sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear meas ar chearta an duine agus ar chearta saothair lena n-áirítear saol pobail na bpobal dúchasach;

(c)

ceanglais chun sláine agus trédhearcacht gnó a áirithiú, lena n-áirítear ceanglais chun bainistíocht fhónta ar chúrsaí airgeadais, comhshaoil agus sóisialta agus beartais frithéillithe agus frithbhreabaireachta a chur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN V

Lorg comhshaoil

Cuid I

Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú., trína ndéantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg comhshaoil atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil;

(b)

ciallaíonn ‘liosta ábhar’ liosta de na hamhábhair, na fochóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fo-chomhpháirteanna, na páirteanna agus na méideanna de gach ceann acu a theastóidh chun an táirge a mhonarú faoi raon feidhme an staidéir;

(c)

ciallaíonn ‘sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta’ nó ‘sonraí príomhúla’ tagairt do shonraí a chomhthiomsaítear go díreach nó a bhailítear ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí a bhaineann go sonrach le láithreán) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta;

(d)

ciallaíonn ‘modh measúnaithe tionchair’ an prótacal maidir le sonraí fardail saolré a aistriú go cainníochtúil go rudaí a chuireann le tionchar ar an gcomhshaol ar ábhar imní é;

(e)

ciallaíonn ‘catagóir tionchair’ aicme úsáide acmhainní nó aicme tionchair comhshaoil lena mbaineann sonraí fardail saolré;

(f)

ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006);

(g)

ciallaíonn ‘fardal saolré’ nó ‘LCI’ an tacar comhcheangailte malairtí de shreafaí bunúsacha, dramhaíola agus táirgí i dtacar sonraí LCI;

(h)

ciallaíonn ‘tacar sonraí fardail saolré’ nó ‘tacar sonraí LCI’ doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré de tháirge sonrach nó tagairt eile amhail an láithreán nó an próiseas, ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré agus a d’fhéadfadh a bheith ina thacar sonraí aonadphróisis, ina thacar sonraí a bheadh comhiomlánaithe go páirteach nó ina thacar sonraí comhiomlánaithe;

(i)

ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí nach ó phróiseas sonrach iad laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta atá i mbun an staidéir ar an lorg comhshaoil, eadhon sonraí nach gcomhthiomsaítear go díreach, nach dtomhaistear, nó nach ndéanann an chuideachta meastachán ina leith, ach a fhaightear ó thacar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile, lena n-áirítear meán-sonraí ón tionscal, amhail ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail, staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus d’fhéadfaidís a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais, agus d’fhéadfadh seachshonraí a bheith iontu, agus sonraí cineálacha eile agus lena n-áirítear sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim comhiomlánaithe chothrománach;

(j)

ciallaíonn ‘teorainn an chórais’ na gnéithe a áirítear sa staidéar saolré nó a eisiatar uaidh.

Áireofar sna rialacha ríomha i gcás lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil aon sainmhíniú eile is gá lena léirmhíniú.

Cuid II

Raon feidhme

Soláthraítear eilimintí riachtanacha maidir le conas lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a ríomh san Iarscríbhinn seo.

Tógfaidh na rialacha ríomha do lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil ar leith ar na heilimintí riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, agus modhanna measúnaithe atá fónta ó thaobh na heolaíochta de agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha i réimse an mheasúnaithe saolré á gcur san áireamh.

Beidh an ríomh a dhéanfar ar lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh, ar na modhanna táirgthe, agus ar na hábhair choimhdeacha a úsáidfear ag na saoráidí lena mbaineann chun amhábhar criticiúil a tháirgeadh.

Agus rialacha ríomha maidir le lorg comhshaoil amhábhar criticiúil faoi leith á mbunú, féachfaidh an Coimisiún le comhsheasmhacht a áirithiú le rialacha ríomha do lorg comhshaoil na dtáirgí idirmheánacha agus deiridh a bhaineann úsáid as amhábhair chriticiúla ábhartha.

Cuid III

Aonad dearbhaithe

Is é 1 kg den chineál amhábhair chriticiúil ábhartha a bheidh san aonad dearbhaithe.

Leis na rialacha ríomha do lorg comhshaoil amhábhar criticiúil ar leith, d’fhéadfaí méid níos airde nó níos ísle d’aonad dearbhaithe a shonrú, arna shloinneadh in kg, i gcás inar gá chun cineál nó úsáid an amhábhair chriticiúil ábhartha a chur san áireamh.

Déanfar na sonraí cainníochtúla uile ionchuir agus aschuir arna gcomhthiomsú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an aonad dearbhaithe sin.

Cuid IV

Teorainn an chórais

1.

Is iad eastóscadh, dlúthú agus scagadh na trí chéim saolré atá le háireamh i dteorainn chórais na n-amhábhar criticiúil príomhúil leis na próisis seo a leanas, nuair is ábhartha don amhábhar sonrach:

(a)

próisis réamhtheachtacha lena n-áirítear eastóscadh méine le haghaidh táirgeadh amhábhar, táirgeadh agus soláthar, lena n-áirítear iompar, ceimiceán, próisis chúnta, táirgeadh agus soláthar, lena n-áirítear iompar), breoslaí, táirgeadh agus soláthar leictreachais, agus iompar ábhar i bhfeithiclí nach leis an eagraíocht iad ná nach bhfuil á n-oibriú ag an eagraíocht;

(b)

iompar mianta, tiúchan agus amhábhar i bhfeithiclí atá faoi úinéireacht eagraíochta nó atá á n-oibriú ag an eagraíocht;

(c)

mianta, tiúcháin agus amhábhair a stóráil;

(d)

brú agus glanadh méine;

(e)

táirgeadh tiúchan amhábhar;

(f)

eastóscadh miotail, trí mhodhanna ceimiceacha, fisiceacha nó bitheolaíocha;

(g)

bruithniú;

(h)

tiontú miotail;

(i)

glanadh slaige;

(j)

scagadh miotail;

(k)

leictrealú miotail;

(l)

teilgean nó pacáistiú miotail;

(m)

ábhar caite agus cóireáil slaige;

(n)

gach próiseas cúnta gaolmhar amhail cóireáil fuíolluisce ar an láthair, lena n-áirítear cóireáil uiscí próisis, fuarú díreach uisce agus uisce dromchla a ritheann chun srutha; córais laghdaithe gáis, lena n-áirítear córais le haghaidh gáis phríomhúla agus thánaisteacha; coirí, lena n-áirítear i gcás réamhchóireáil uisce beathaithe; lóistíocht inmheánach.

2.

I dteorainn chórais na n-amhábhar criticiúil tánaisteach, lena sainítear céim shaolré na hathchúrsála, áireofar na próisis seo a leanas, nuair is ábhartha don amhábhar athchúrsáilte sonrach:

(a)

próisis réamhtheachtacha lena n-áirítear giniúint amhábhar beathaithe (dramhábhair agus tiúcháin óghchopair), táirgeadh agus soláthar (iompar) ceimiceán, próisis chúnta, táirgeadh agus soláthar (iompar) breoslaí, táirgeadh agus soláthar leictreachais, agus iompar ábhar i bhfeithiclí nach leis an eagraíocht iad;

(b)

iompar tiúchan agus dramh i bhfeithiclí atá faoi úinéireacht eagraíochta nó atá á n-oibriú ag an eagraíocht;

(c)

draimh, tiúchain agus amhábhair a stóráil;

(d)

réamhchóireáil amhábhair thánaistigh;

(e)

bruithniú;

(f)

tiontú miotail;

(g)

scagadh miotail;

(h)

leictrealú miotail;

(i)

teilgean nó pacáistiú miotail;

(j)

cóireáil ábhair caite;

(k)

gach próiseas cúnta gaolmhar amhail cóireáil fuíolluisce ar an láthair, lena n-áirítear cóireáil uiscí próisis, fuarú díreach uisce agus uisce dromchla a ritheann chun srutha agus uisce dromchla; córais laghdaithe gáis, lena n-áirítear córais le haghaidh gáis phríomhúla agus thánaisteacha; coirí, lena n-áirítear i gcás réamhchóireáil uisce beathaithe; lóistíocht inmheánach.

3.

Déanfar an chéim úsáide nó an chéim deiridh saolré a eisiamh ó na ríomhanna don lorg comhshaoil, toisc nach bhfuil sí faoi thionchar díreach an oibreora eacnamaíoch atá freagrach. Féadfar próisis eile a eisiamh i gcás nach bhfuil a gcion le lorg comhshaoil amhábhair chriticiúil ar leith suntasach.

Cuid V

Catagóirí tionchair

Sonrófar sna rialacha ríomha an chatagóir tionchair is gá a áireamh i ríomh an loirg comhshaoil. Beidh an rogha bunaithe ar an anailís teophointí a dhéanfar i gcomhréir le modheolaíochtaí atá fónta ó thaobh na heolaíochta de a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

tábhacht choibhneasta na dtionchar éagsúil, lena n-áirítear a dtábhacht choibhneasta chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh;

(b)

riachtanais gnóthas iartheachtach ar mian leo cumarsáid a dhéanamh maidir le lorg comhshaoil na n-amhábhar criticiúil a úsáideann siad.

Cuid VI

Tacair sonraí sonracha agus tánaisteacha cuideachtaí a úsáid

Sonrófar sna rialacha ríomha úsáid tacar sonraí sonrach nó tánaisteach cuideachta i gcás na próisis agus na hábhair ábhartha uile. Má cheadaítear leis na rialacha ríomha an rogha a dhéanamh idir tacar sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta agus tacar sonraí tánaisteach, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar úsáid an tacair sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta a dhreasú.

Beidh gá le húsáid sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta le haghaidh na bpróiseas atá faoi thionchar díreach an oibreora atá freagrach ar a laghad agus beidh an cion is mó leis na catagóirí tionchair ábhartha ag baint leo.

Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le cuideachta i gcomhar leis na tacair shonraí thánaisteacha a bheidh i gcomhréir leis an lorg comhshaoil ábhartha. Sonrófar sna rialacha ríomha an gceadaítear sampláil, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i modheolaíochtaí atá fónta ó thaobh na heolaíochta de a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Fágfaidh an t-athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidfear chun cineál amhábhar criticiúil a tháirgeadh go mbeidh ríomh nua den lorg comhshaoil ag teastáil.

Agus rialacha ríomha á socrú, lena n-áirítear rialacha i gcás astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag an leictreachas a úsáidtear chun amhábhair chriticiúla a tháirgeadh, áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus ailíniú le dlí ábhartha eile an Aontais, ach amháin má tá údar cuí leis gan é a dhéanamh.

Áireofar leis na rialacha ríomha a bheidh le forbairt trí ghníomh tarmligthe samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna seo a leanas den tsaolré:

(a)

céim eastósctha, dlúthaithe agus scagtha amhábhair phríomhúil;

(b)

céim fála agus próiseála amhábhar tánaisteach.

Cuid VII

Modhanna measúnaithe tionchair

Déanfar an lorg comhshaoil a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna measúnaithe tionchair atá fónta ó thaobh na heolaíochta de ina gcuirfear san áireamh forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta i gcás catagóirí tionchair ábhartha a bhaineann leis an athrú aeráide, uisce, aer, ithir, acmhainní, úsáid talún agus tocsaineacht.

Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe, gan normalú agus ualú.

Cuid VIII

Aicmí feidhmíochta an loirg comhshaoil

Ag brath ar dháileadh luachanna dearbhuithe maidir leis an lorg comhshaoil a chuirtear ar mhargadh inmheánach, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin ar an tsaolré, ar mhaithe le difreáil mhargaidh. Beidh sainaithint na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith lena leithead, bunaithe ar dháileadh feidhmíochtaí na n-amhábhar criticiúil a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag súil leo, agus tosca teicniúla eile atá le sainaithint.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an líon aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu gach 3 bliana ionas go mbeidh siad fós ionadaíoch don mhéid atá ag tarlú sa mhargadh agus a fhorbairt ionchais.

Cuid IX

Measúnú comhréireachta

Sonrófar sna rialacha maidir le ríomh agus fíorú an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise an ábhair lena mbaineann.

Agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme á shonrú aige, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a)

an bhfuil an modúl lena mbaineann iomchuí don chineál ábhair agus i gcomhréir leis an leas poiblí atá á shaothrú;

(b)

cineál na rioscaí a ghabhann leis an táirge agus a mhéid a chomhfhreagraíonn an measúnú comhréireachta do chineál agus do mhéid an riosca;

(c)

i gcás ina bhfuil sé éigeantach tríú páirtí a bheith rannpháirteach, an gá don mhonaróir rogha a bheith aige idir na modúil dearbhaithe cáilíochta agus na modúil deimhnithe táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)