European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1248

30.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1248 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha an Chósta Eabhair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail (28)1 agus (41)2 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta cúnaimh smhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta.

(2)

Tá dálaí slándála ag dul in olcas i réigiúin thuaidh thíortha i Murascaill na Guine, Beinin, an Cósta Eabhair, Gána, agus Tóga i ngeall ar an ngéarchéim sa tSaiheil.

(3)

I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag dul in olcas, tá sé tábhachtach fórsaí cosanta agus slándála an Chósta Eabhair a neartú chun gur féidir iarrachtaí cobhsaíochta a dhéanamh sa Chósta Eabhair agus chun tacú leis na hiarrachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, agus é á aithint aige go bhfuil gá atá le freagairt chomhtháite sa chás sin, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach a áirithiú sa Chósta Eabhair.

(4)

An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES)2023/1599 (2), lenar bunaíodh Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (‘an Tionscnamh’), eadhon Beinin agus Ghána, faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC). An 25 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2066 (3), lenar leathnaíodh an Tionscnamh chuig an gCósta Eabhair agus chuig Tóga. Is é cuspóir straitéiseach an Tionscnaimh cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina bhfuil an Tionscnamh bunaithe chun achmhainneachtaí leordhóthanacha a fhorbairt ina bhfórsaí slándála agus cosanta chun an brú ó ghrúpaí armtha nach grúpaí de chuid an stáit iad a shrianadh agus chun freagairt dó.

(5)

An 13 Márta 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) iarraidh ón gCósta Eabhair ar iarraidh ar an Aontas cúnamh a thabhairt d’Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair i ndáil le soláthar trealaimh thábhachtaigh chun a gcumais oibríochtúla a neartú lena dteorainneacha talún a dhaingniú agus chun cur i gcoinne grúpaí armtha nach grúpaí de chuid an stáit iad a bhfuil an tír agus réigiún na hAfraice Thiar ina iomláine á dhíchobhsú acu.

(6)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Bunaítear leis seo beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe don Chósta Eabhair (‘an tairbhí’) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh tacaíocht a thabhairt d’Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair chun iomláine chríochach agus ceannasacht an Chósta Eabhair agus a phobal sibhialta a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha seirbhísí agus trealaimh seo a leanas nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a thabhairt:

(a)

córais bailithe comharthaí leictreamaighnéadacha agus a gcomhtháthú ar aerárthaí;

(b)

trealamh cumarsáide agus tarchurtha sonraí agus a chomhtháthú ar aerárthaí;

(c)

córais aeróige oirbheartaíochta gan fhoireann;

(d)

feithiclí agus trucailí ilchuspóireacha;

(e)

trealamh cosanta pearsanta;

(f)

oiliúint ar éileamh maidir le trealamh agus oiliúint sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus sa dlí daonnúil idirnáisiúnta.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh 36 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 15 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd arna sainaithint sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é Défense Conseil International — Grúpa DCI a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha an Chósta Eabhair dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide Eorpaí Síochána a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal ar na n-ítimí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí na Saoráide chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí na Saoráide a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoin bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh freisin go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25)

(3)   Cinneadh (CBES) 2023/2066 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 238, 27.9.2023, lch. 141)

(4)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear onnmhairí teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1248/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)