Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1243 |
29.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1243 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Aibreán 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/888. |
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na hiontrálacha do chúigear a leasú. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/888 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888, faoi Roinn ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 2, 5, 6 agus 7:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
‘1. |
Ilan Mironovich SHOR ar a dtugtar freisin Ilan Mironovici ȘOR |
Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”) Dáta breithe: 6.3.1987 Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Iosrael Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0971007884125 (Poblacht na Moldóive) |
Is polaiteoir Moldóvach é Ilan Shor (ceannaire an Pháirtí Pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Sular fógraíodh é a bheith míbhunreachtúil i mí an Mheithimh 2023, bhí baint ag an bPáirtí ȘOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive. Le cinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chisinau pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír. Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Chisinau, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhí á n-íoc ag an bPáirtí ȘOR, le linn 2022 agus 2023. Tar éis gur fógraíodh Páirtí Șor a bheith míbhunreachtúil, lean Ilan Shor de thionchar na Rúise ar an ardán polaitiúil i bPoblacht na Moldóive a éascú, trí pháirtithe eile a mhaoiniú go neamhdhleathach agus iarracht a dhéanamh breab a thabhairt do pholaiteoirí. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
2. |
Gheorghe Petru CAVCALIUC |
Feidhm: polaiteoir, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “Páirtí chun an Eoraip a Thógáil sa Bhaile” (PACE) iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní Dáta breithe: 25.10.1982 Áit bhreithe: sráidbhaile Micăuți, contae Strășeni, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2000033042660 (Poblacht na Moldóive) Uimh. Pas: AB0664715 (Poblacht na Moldóive) 058117566 (an Rómáin) |
Is é Gheorghe Petru Cavcaliuc an t-iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní i bPoblacht na Moldóive. Is eol gur eagraigh sé agóidí foréigneacha mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus gur ghlac sé páirt iontu, in éineacht le Ilan Shor. D’úsáid sé a naisc laistigh de Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní chun iar-phóilíní a earcú agus grúpa paraimíleata a chruthú chun na léirsitheoirí foréigneacha a “chosaint” i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive. Sa chomhthéacs sin, bhunaigh sé “scáthrialtas” mar a thugtar air agus é d’aidhm aige áit rialtas Phoblacht na Moldóive, a toghadh go daonlathach, a ghlacadh. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil, tá Gheorghe Cavcaliuc freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
5. |
Vladimir Gheorghe PLAHOTNIUC ar a dtugtar freisin Vladimir ULINICI ar a dtugtar freisin Vladimir PLAKHOTNYUK ar a dtugtar freisin Vladislav Vladimir NOVAK (Владимир (Влад) Георгиевич ПЛАХОТНЮК) |
Feidhm: fear gnó, polaiteoir Dáta breithe: 1.1.1966 nó 25.12.1965 Áit bhreithe: Pitușca, Călărași, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0962706018030 (Poblacht na Moldóive) Uimh. Pas: AB 0671328; AA 1203658 (Poblacht na Moldóive) |
Tá Vladimir Plahotniuc faoi réir go leor imeachtaí coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le coireanna i ndáil le chistí Stáit Phoblacht na Moldóive a chúigleáil agus na cistí sin a aistriú go neamhdhleathach lasmuigh de Phoblacht na Moldóive. Cúisíodh é i bPoblacht na Moldóive sa chás “Calaois Bhainc”, cás a bhfuil a éifeachtaí eacnamaíocha fós ag cur isteach ar an tír. Tá sé á imscrúdú freisin as iar-uachtarán Phoblacht na Moldóive a bhreabadh le mála airgid mar mhalairt ar fhabhair pholaitiúla. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil agus tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive, tá Vladimir Plahotniuc freagrach as gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive. |
30.5.2023 |
6. |
Chiril GUZUN |
Iar-Oifigeach póilíneachta teorann agus ceannaire ar ghrúpa paraimíleata, “SCUTUL POPORULUI” Dáta breithe: 27.4.1979 Áit bhreithe: Ratus, Criuleni, PSS na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive, Rómánach |
Is é Chiril Guzun bunaitheoir agus ceannaire reatha “Scutul Poporului”, eagraíocht pharaimíleatach i bPoblacht na Moldóive, lena n-áirítear iarphearsanra míleata, póilíneachta agus forfheidhmithe dlí, a úsáideann foréigean agus iad ag freastal ar agóidí, go háirithe chun Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú. Le linn na n-iarrachtaí chun an rialtas náisiúnta a dhíchobhsú i mí Feabhra 2023, bhí grúpaí agóideoirí a bhí cleamhnaithe leis na páirtithe “Partidul ȘOR” a coisceadh ina dhiaidh sin agus leis an bpáirtí “An Eoraip a Thógáil sa Bhaile”“Partidul Acasă Construim Europa” (PACE), timpeallaithe ag comhaltaí de “Scutul Poporului” a raibh baint acu le círéibeacha agus le léirsithe foréigneacha, agus bhí “Scutul Poporului” ag tacú leo. Tá seanaithne ag Chiril Guzun ar Gheorghe Cavcaliuc, duine atá liostaithe agus atá ina cheannaire ar an bpáirtí “PACE”. D’admhaigh Cavcaliuc go raibh sé ag comhordú le heagraíocht Chiril Guzun maidir leis na hagóidí foréigneacha. Ina theannta sin, is í Natalia Guzun, bean chéile Chiril Guzun, leas-uachtarán an pháirtí “PACE”. Ina ról mar cheannaire ar “Scutul Poporului”, trí léirsithe foréigneacha a stiúradh, trí pháirt a ghlacadh iontu agus trí thacú leo, tá Chiril Guzun freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint ag Chiril Guzun le Gheorghe Cavcaliuc agus le “Scutul Poporului”. |
22.2.2024’ |
7. |
Dmitry MILYUTIN (Дмитрий Милютин) |
Leas-Cheann na Roinne Faisnéise Oibríochtúla i Stiúrthóireacht 5, Seirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise (FSB) Dáta breithe: 30.5.1967 Áit bhreithe: Ijevsk, USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Rúiseach Uimhir an Chárta Aitheantais: 0134180 |
Tá Dmitry Milyutin ina Leas-Cheann ar Roinn Faisnéise Oibríochtúla de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme na Rúise (FSB), atá freagrach as oibríochtaí ceilte na Rúise i bPoblacht na Moldóive ó 2016, go háirithe i réigiún Transnistria, lena ndéantar an ord bunreachtúil a díchobhsú. Trína chuid oibrithe, tá Milyutin ag stiúradh, ag comhordú agus ag ionramháil gníomhaithe polaitiúla roghnaithe i bPoblacht na Moldóive chun cláir oibre ar son na Rúise a shaothrú, rud a bhaineann an bonn den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive. Ina theannta sin, tá baint ag grúpa Milyutin le heagrú agóidí foréigneacha agus gníomhartha foréigin eile atá ar siúl i bPoblacht na Moldóive. Tríd an mbonn tromchúiseach a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach, trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú, agus trí léirsithe foréigneacha agus gníomhartha foréigin eile a éascú, tá Dmitry Milyutin ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus neamhspleáchas, den daonlathas, den smacht reachta, de chobhsaíocht agus de slándáil Phoblacht na Moldóive agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar na gníomhaíochtaí sin. Tá baint aige freisin leis an duine liostaithe Igor Chaika. |
22.2.2024’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1243/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)