European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1235

26.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1235 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 (1), agus (AE) Uimh. 1307/2013, agus go háirithe Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC). Leis an gcaighdeán sin, ní mór féarthailte buana a choinneáil ar bhonn cóimheas féarthailte buana i ndáil le limistéar talmhaíochta atá le cur i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018. I gcás ina bhfuil laghdú níos mó ná 5 % tagtha ar an gcóimheas féarthailte buana i ndáil le limistéar talmhaíochta i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018, an oibleagáid talamh a athrú ina fhéarthalamh buan nó limistéar féarthailte buana a bhunú, tá an Ballstát lena mbaineann lena forchur ar chuid de na feirmeoirí nó ar na feirmeoirí uile a bhfuil talamh ar fáil dóibh a athraíodh ó fhéarthalamh buan ina thalamh le haghaidh úsáidí eile.

(2)

I mBallstáit áirithe, bhí tionchar ag athruithe struchtúracha ar chórais feirmeoireachta, go háirithe mar gheall ar laghdú ar thréada beostoic agus laghdú ar líon na bhfeirmeoirí a bhfuil saineolas acu ar bheostoc. Mar thoradh air sin, tá laghdú tagtha ar an ngá atá le farae beostoic agus tá feirmeoirí tar éis a dtáirgeadh a aistriú ó fhéarthailte agus ó bharra farae luibheacha go barra eile seachas na barra is gá chun beostoc a bheathú. I gcás ina ndearnadh roghanna den sórt sin, tá sé ag éirí níos deacra ar fheirmeoirí an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le féarthailte buana a bhunú nó a athbhunú agus fanacht inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Ós rud é gur ó 2018 i leith is ann don aistriú ó bheostoc go talamh arúil a úsáidtear chun barra eile a shaothrú seachas na barra a theastaíonn chun beostoc a bheathú, d’fhéadfadh sé gur le déanaí amháin a tháinig na hathruithe struchtúracha a tháinig as sin ar na córais feirmeoireachta (agus na deacrachtaí a bhaineann leo).

(3)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir na Ballstáit éagsúla a ndéanann na hathruithe struchtúracha sin difear dóibh ar leibhéal éagsúil, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, an cóimheas tagartha a choigeartú sa chlárthréimhse 2023-2027 uair amháin, chun laghdú ar an limistéar féarthailte buana de bharr athruithe struchtúracha ar a gcórais feirmeoireachta a tharla ó 2019 a chur san áireamh. D’fhonn a áirithiú go leanfaidh an coigeartú sin de bheith comhréireach agus i gcomhréir le príomhchuspóir chaighdeán 1 maidir le DRTC, ba cheart an coigeartú a theorannú do na hathruithe sa limistéar féarthailte buana a tharla de bharr na n-athruithe struchtúracha i gcórais feirmeoireachta an Bhallstáit lena mbaineann. Chun comhleanúnachas na measúnuithe ar athruithe struchtúracha sna córais feirmeoireachta agus laghdú ar an limistéar féarthailte buana a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a measúnuithe a bhunú ar na sonraí is déanaí atá ar fáil. Ba cheart dóibh tréimhse 5 bliana i ndiaidh a chéile a úsáid mar bhonn dá measúnuithe, tréimhse dar tús nach luaithe ná 2019.

(4)

Cé go gcinntear na cóimheasa tagartha agus bliantúla féarthailte buana ar bhonn na limistéar féarthailte buana a dhearbhaítear, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh limistéir féarthailte buana a bheith ann nár dearbhaíodh i mbliain ar leith le haghaidh íocaíochtaí díreacha, agus go bhfuil siad cláraithe mar limistéir talmhaíochta sa Chóras Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (CADT) a bunaíodh de bhun Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Is féidir leis na limistéir féarthailte buana neamhdhearbhaithe sin cur le caomhnú an stoic charbóin a oiread céanna, rud is príomhchuspóir do chaighdeán 1 maidir le DRTC é. D’fhonn comhréireacht chur chun feidhme chaighdeán 1 maidir le DRTC, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí limistéir a athrú ina bhféarthailte buana nó limistéir féarthailte buana a bhunú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chinneadh nach bhforchuirtear na hoibleagáidí sin ach ar leibhéal an ghabháltais sa mhéid gur mó an gá atá le talamh a athrú ina fhéarthalamh buan nó limistéir féarthailte buana a bhunú in aon bhliain ar leith ná limistéar féarthailte buana atá cláraithe mar limistéar talmhaíochta in CADT ach nár dearbhaíodh le haghaidh íocaíochtaí díreacha sa bhliain chéanna sin. Chun cainníochtú ceart a áirithiú, níor cheart a chur san áireamh ach limistéir féarthailte buana neamhchláraithe atá fós cláraithe mar limistéir talmhaíochta in CADT.

(5)

Nuair a bheidh limistéir thréigthe glanta ag feirmeoirí chun gur féidir barra curaíochta a tháirgeadh, d’fhéadfadh méadú teacht ar an limistéar talmhaíochta iomlán, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le laghdú ar an gcóimheas féarthailte buana thar mhéid an laghdaithe a cheadaítear faoi chaighdeán 1 maidir le DRTC mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. Mar sin féin, ós rud é nach é is cúis leis an laghdú sin limistéir féarthailte buana a athrú ina n-úsáidí eile, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit rogha a dhéanamh oibleagáidí maidir le hathrú nó oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais chun limistéir féarthailte buana a bhunú ach amháin sa mhéid nach é an méadú ar an limistéar talmhaíochta iomlán is cúis leis an laghdú is mó ná 5 % ar an gcóimheas féarthailte buana in aon bhliain ar leith, ar an leibhéal ar a gcuirtear caighdeán 1 maidir le DRTC chun feidhme.

(6)

Ba cheart a chur ar fáil maoluithe breise ar an oibleagáid oibleagáid a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais chun limistéar a athrú ina fhéarthalamh buan nó chun limistéar féarthailte buana a bhunú i gcásanna nach dtarlaíonn na laghduithe ar an gcóimheas féarthailte buana faoi bhun na tairsí 5 % de bharr limistéir féarthailte buana a bheith athraithe ina n-úsáidí eile talmhaíochta, amhail talamh arúil nó barra buana.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 a leasú dá réir sin.

(8)

Ós rud é go gcinntear leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo cé acu an gá nó nach gá oibleagáidí maidir le hathrú nó oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais maidir le limistéar féarthailte buana a bhunú i ndáil leis an mbliain éilimh 2024, tá sé tábhachtach na rialacha sin a bhunú a luaithe is féidir ionas go bhféadfaidh feirmeoirí pleanáil iomchuí a dhéanamh agus go bhféadfaidh na húdaráis inniúla iad a bhreithniú. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ós rud é gur thosaigh an bhliain éilimh 2024 an 1 Eanáir 2024, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 1 pointe (2) agus (3), den Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na feirmeoirí agus do na tairbhithe eile a mbaineann caighdeán 1 maidir le DRTC leo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126

Leasaítear Airteagal 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír 1:

‘1a.   I gcás ina bhfuil laghdú tagtha ar an limistéar féarthailte buana dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a), de bharr na n-athruithe struchtúracha i gcórais feirmeoireachta Ballstáit mar gheall ar laghdú suntasach ar tháirgeadh beostoic dar toradh laghdú suntasach ar an ngá le beatha agus innilt beostoic sa Bhallstát sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, uair amháin sa chlárthréimhse 2023-2027, an cóimheas tagartha a bhunaítear de bhun mhír 1 a choigeartú chun an laghdú ar mhéid an limistéir féarthailte buana a chur san áireamh.

Comhfhreagróidh an coigeartú ar an limistéar féarthailte buana dá dtagraítear sa chéad fhomhír don laghdú ar an limistéar féarthailte buana arb é is cúis leis na hathruithe struchtúracha ar na córais feirmeoireachta ar an leibhéal ar a gcuirtear caighdeán 1 maidir le DRTC chun feidhme sa Bhallstát lena mbaineann.

Déanfaidh Ballstát measúnú ar an laghdú ar mhéid an limistéir féarthailte buana agus ar na hathruithe struchtúracha ar na córais feirmeoireachta ar bhonn tréimhse 5 bliana i ndiaidh, tréimhse dar tús nach luaithe ná 2019.’

;

(2)

i mír 3, cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais talamh a athrú ina fhéarthalamh buan nó limistéar féarthailte buana a bhunú sna cásanna seo a leanas amháin:

(a)

i gcás inar mó, agus a mhéid is mó, an limistéar atá le hathrú ina limistéir féarthailte buana nó ina bhfuil féarthailte buana le bunú i mbliain ar leith ná an limistéar féarthailte buana arna chlárú mar limistéar talmhaíochta sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus nár dearbhaíodh chun tacaíocht a fháil i gcomhréir le cineál idirghabhála dá bhforáiltear i gCaibidil II de Theideal III de Rialachán (AE) 2021/2115 sa bhliain sin ó thairbhithe;

(b)

i gcás nach é is cúis, agus a mhéid nach é is cúis, leis an laghdú ar an gcóimheas féarthailte buana in aon bhliain ar leith níos mó ná 5 %, ar an leibhéal ag a gcuirtear caighdeán 1 maidir le DRTC chun feidhme, méadú ar an limistéar talmhaíochta iomlán a dearbhaíodh an bhliain chéanna sin.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3, an chéad fhomhír, i gcás inar toradh ar an méid seo a leanas an laghdú faoin tairseach 5 %:

(a)

gealltanais a dhéantar nó oibleagáidí, dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, nach ndéantar gníomhaíocht talmhaíochta a thuilleadh ar na limistéir atá i gceist mar gheall orthu sin, agus nach n-áirítear fáschoillte crann Nollag nó saothrú barr nó crann le haghaidh táirgeadh fuinnimh leo; nó

(b)

limistéar féarthailte buana a athrú ina n-úsáidí eile seachas gníomhaíocht talmhaíochta, mar a shainítear i bPleananna Straitéiseacha CBT, agus an limistéar lena mbaineann gan bheith ina limistéar talmhaíochta a thuilleadh mar a shainítear i bPleananna Straitéiseacha CBT.’

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (2) agus (3), ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1235/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)