European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1218

23.5.2024

Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh UNECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais UN/ECE TRANS/WP.29/343 UNECE, doiciméad atá ar fáil ag: https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations

Rialachán Uimh. 169 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha Aonfhoirmeacha maidir le Taifeadáin Sonraí Teagmhais (EDR) a Cheadú i ndáil le Feithiclí Saothair Throm [2024/1218]

Dáta theacht i bhfeidhm: an 19 Meitheamh 2024

Is áis doiciméadúcháin amháin an doiciméad seo. Is é an téacs atá barántúil agus ceangailteach de réir dlí: ECE/TRANS/WP.29/2023/134/Rev.1.

Ábhar

0.

Réamhrá

1.

Raon feidhme

2.

Sainmhínithe

3.

Iarratas ar Cheadú

4.

Ceadú

5.

Sonraíochtaí

6.

Modhnú ar an gCineál Feithicle agus Síneadh a chur le Ceadú

7.

Comhréireacht Táirgeachta

8.

Pionóis mar gheall ar Neamhchomhréireacht Táirgeachta

9.

Scor Cinntitheach den Táirgeadh

10.

Ainmneacha agus Seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as Tástálacha Ceadaithe a Dhéanamh, agus Ainmneacha agus Seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe

Iarscríbhinní

1.

Cumarsáid

2.

Doiciméad Faisnéise maidir le Cineálcheadú de Chineál Feithicle maidir lena Taifeadán Sonraí Teagmhais

3.

Leagan amach Marcanna Ceadaithe

4.

Eilimintí Sonraí agus Formáid

0.   Réamhrá

0.1.

Beartaítear leis an Rialachán seo forálacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a cheadú i ndáil lena dTaifeadáin Sonraí Teagmhais (EDRanna).

Baineann na forálacha le híosbhailiú, stóráil, agus cumas teacht slán ó thuairt shonraí teagmhais tuairte na mótarfheithicle. Ní áirítear leis sonraíochtaí le haghaidh uirlisí agus modhanna aisghabhála sonraí atá faoi réir ceanglais ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

0.2.

Is é is cuspóir do na forálacha sin a áirithiú go ndéanann Taifeadáin Sonraí Teagmhais taifeadadh, ar bhealach is féidir a úsáid go héasca, ar shonraí luachmhara le haghaidh imscrúduithe tuairte éifeachtacha agus chun anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht trealaimh sábháilteachta agus go dteorannaítear leo an tráth céanna, a mhéid is féidir, taifeadadh a dhéanamh ar shonraí nach mbaineann leis an tuairt. Cuideoidh sonraí tuairte den sórt sin le tuiscint níos fearr a sholáthar ar na himthosca ina dtarlaíonn tuairteanna agus gortuithe agus éascófar leo forbairt dearaí feithicle níos sábháilte. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tuairteanna a thuiscint mar rud lena mbaineann damáiste do mhaoin agus/nó díobháil phearsanta, lena n-áirítear damáiste nó díobháil d’úsáideoirí bóthair gan chosaint a bhíonn i gceist.

0.3.

Tuigtear, i staid reatha na teicneolaíochta, nach féidir an cuspóir réamhluaite a bhaint amach ach trí na sonraí a thaifeadadh i dtréimhse ama shonraithe bunaithe ar thruicir agus ar thairseacha truicir sainithe. Féadfaidh na truicir sin tarlú láithreach roimh an tuairt, i ndiaidh na tuairte nó an tráth céanna a tharlaíonn an tuairt, ach ní i gcónaí.

0.4.

Féadfaidh páirtithe conarthacha ceanglais Taifeadán Sonraí Teagmhais a dhéanamh éigeantach le haghaidh fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 ach ní cheanglaítear orthu é sin a dhéanamh.

1.   Raon feidhme

1.1.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3. (1) a cheadú i ndáil lena dTaifeadáin Sonraí Teagmhais (EDRanna).

1.2.

Tá an Rialachán seo gan dochar do cheanglais dlíthe náisiúnta nó réigiúnacha a bhaineann le príobháideachas, cosaint sonraí agus próiseáil sonraí pearsanta.

1.3.

Tá na heilimintí sonraí seo a leanas eisiata ón raon feidhme: Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN), mionsonraí feithicle gaolmhara, sonraí áite/suímh, faisnéis maidir leis an tiománaí, agus dáta agus am an teagmhais.

1.4.

Mura bhfuil aon chóras nó braiteoir ann atá deartha chun an truicear a shonraítear i dtábla 5.3.1.3 de chórais sábháilteachta nó san eilimint sonraí atá le taifeadadh agus le stóráil faoi roinn 5 a sholáthar, san fhormáid (raon, taifeach, agus ráta samplála) a shonraítear in Iarscríbhinn 4. ‘Eilimintí Sonraí agus Formáid’ nó níl sé infheidhme tráth a bhaintear imthoisc truicir shonrach amach mar a shonraítear in 5.3.1 nó tráth an taifeadta, ní cheanglaítear leis an doiciméad seo sonraí den sórt sin a thaifeadadh ná córais nó braiteoirí den sórt sin a fheistiú nó a dhéanamh infheidhme. Mar sin féin, má tá an fheithicil feistithe le braiteoir nó córas atá mar chuid de threalamh bunaidh an mhonaróra, atá deartha chun an truicear a shonraítear in 5.3.1.3 nó an eilimint sonraí a sholáthar san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn 4. ‘Eilimintí Sonraí agus Formáid’, bíonn sé éigeantach ansin an eilimint sonraí san fhormáid shonraithe a thuairisciú nuair bheidh an braiteoir nó an córas infheidhme. I gcás inarb é cliseadh an chórais nó an bhraiteora sin is cúis leo gan a bheith infheidhme tráth an taifeadta, déanfaidh an Taifeadán Sonraí Teagmhais staid an chliste sin a thaifeadadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 4. ‘Eilimintí sonraí agus formáid’.

2.   Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

2.1.

Ciallaíonn ‘Suíomh an troitheáin luasghéaraithe’ gníomhrú an ghairis a shonraíonn éileamh an tiománaí ar luasghéarú chuig an gcóras tiomána a thugtar i gcéatadán de raon tomhaiste an ghairis. Féadfaidh sé sin tiomáint aon troitheáin a chumhdach freisin lena bhféadfar casmhóimint dhiúltach nó fiú príomhchoscánú i raonta níos ísle a éileamh leis.

2.2.

Ciallaíonn ‘córas coscánaithe frithghlasála’ córas a dhéanann sciorradh rotha a bhrath agus a mhodhnaíonn go huathoibríoch an brú a dhéanann na fórsaí coscánaithe ag an roth/na rothaí chun méid an sciorrtha rotha a theorannú.

2.3.

Sonraíonn ‘stádas an chórais coscánaithe frithghlasála — tarracóir’ stádas an chórais coscánaithe frithghlasála ar an bhfeithicil/tarracóir.

2.4.

Sonraíonn ‘stádas an chórais coscánaithe frithghlasála — leantóir’ stádas an chórais coscánaithe frithghlasála ar an leantóir nó na leantóirí.

2.5.

Ciallaíonn ‘ardchóras coscánaithe éigeandála’ córas lenar féidir imbhualadh féideartha a bhrath go huathoibríoch agus lenar féidir córas coscánaithe na feithicle a ghníomhachtú chun luas na feithicle a laghdú d’fhonn imbhualadh a sheachaint nó a mhaolú. Féadfar ‘Córas coscánaithe éigeandála uathoibríoch’ a thabhairt air freisin i bhfoilseacháin nó i dtíortha eile.

2.6.

Sonraíonn ‘stádas coscánaithe — coscán láimhe’ stádas na laisce a shuiteáiltear chun a bhrath cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an coscán láimhe i bhfeidhm.

2.7.

Sonraíonn ‘stádas coscánaithe — príomhchoscán’ stádas na laisce a shuiteáiltear sa chóras coscánaithe chun a bhrath cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an príomhchoscán i bhfeidhm.

2.8.

Ciallaíonn ‘feidhm chobhsaíochta feithicle’ córas chun an chobhsaíocht feithicle a rialú mar a shainítear le Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí córas chun ‘an Chobhsaíocht Leictreonach a Rialú’ air freisin i bhfoilseacháin nó i dtíortha eile.

2.9.

Ciallaíonn ‘uaireanta gníomhachtúcháin córais tiomána’ an méid ama charntha a ghníomhachtaítear an córas tiomána lena n-áirítear an staid dhíomhaoin.

2.10.

Ciallaíonn ‘Córas Casmhóiminte Tiomána’ an céatadán den bhuaic-chasmhóimint nó den chasmhóimint thagartha.

2.11.

Ciallaíonn ‘Cumhacht Córais Tiomána’ an chumhacht mheandrach a sholáthraítear leis an gcóras tiomána.

2.12.

Ciallaíonn ‘luas tiomána córais tiomána’ luas rothlaithe sheafta aschuir an chórais tiomána.

2.13.

Ciallaíonn ‘teagmhas’ tuairt nó tarlú fisiciúil eile arb é is cúis leis an tairseach truicir a shroicheadh nó a shárú.

2.14.

Ciallaíonn ‘Taifeadán Sonraí Teagmhais’ (EDR) gaireas nó feidhm i bhfeithicil, agus an cuspóir acu sonraí amshraithe dinimiciúla na feithicle a thaifeadadh le linn na tréimhse ama díreach roimh theagmhas, le linn teagmhais agus i ndiaidh teagmhais, (e.g. luas na feithicle in aghaidh ama).

2.15.

Sonraítear le ‘taifeadadh sonraí teagmhais iomlán’ cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh tacar iomlán sonraí a bhfuil an gaireas taifeadta sonraí teagmhais deartha lena ngabháil a thaifeadadh go rathúil leis an ngaireas agus a stóráil sa ghaireas.

2.16.

Ciallaíonn ‘críoch am an teagmhais’ an nóiméad a athraítear an t-athrú carnach ar luas laistigh de thréimhse ama 20 ms go dtí 0,8 km/u nó níos lú, nó an nóiméad a athshocraítear algartam braite tuairte aonad rialaithe an mhála aeir.

2.17.

Ciallaíonn ‘uimhir pháirte crua-earraí aonaid Taifeadáin Sonraí Teagmhais’ an uimhir pháirte le haghaidh aonad Taifeadáin Sonraí Teagmhais.

2.18.

Ciallaíonn ‘uimhir pháirte bogearraí aonaid Taifeadáin Sonraí Teagmhais’ an uimhir pháirte/uimhir leagain le haghaidh bhogearraí Taifeadáin Sonraí Teagmhais.

2.19.

Ciallaíonn ‘teagmhas, timthriall adhainte’ líon (comhaireamh) na dtimthriallacha modha cumhachta arna chinneadh ag aonad rialaithe leictreonach an Taifeadáin Sonraí Teagmhais tráth ar tharla an teagmhas ó úsáideadh an Taifeadán Sonraí Teagmhais den chéad uair.

2.20.

Ciallaíonn ‘íoslódáil, timthriall adhainte’ líon (comhaireamh) na dtimthriallacha modha cumhachta arna chinneadh ag aonad rialaithe leictreonach an Taifeadáin Sonraí Teagmhais tráth ar íoslódáladh na sonraí ó úsáideadh an Taifeadán Sonraí Teagmhais den chéad uair.

2.21.

Cuireann ‘stádas córais rabhaidh imeachta ó lána’ stádas an chórais rabhaidh imeachta ó lána in iúl.

2.22.

Ciallaíonn ‘deilte-V uasta, fad-ais’ luach uasta an athraithe charnaigh ar luas feadh fhad-ais na feithicle laistigh de thréimhse ama 300 ms i ndiaidh an túsphointe nó roimh chríoch am an teagmhais móide 30 ms, cibé ceann acu is giorra.

2.23.

Ciallaíonn ‘deilte-V uasta, cliathánach’ luach uasta an athraithe charnaigh ar luas feadh ais chliathánach na feithicle laistigh de thréimhse ama 300 ms i ndiaidh an túsphointe nó roimh chríoch am an teagmhais móide 30 ms, cibé ceann acu is giorra.

2.24.

Ciallaíonn ‘deilte-V uasta, comhthoradh’ an luach uasta comhghaolaithe ó thaobh ama de atá ag an athrú carnach sa luas, arna thuairisciú ag an Taifeadán Sonraí Teagmhais feadh na fad-aise agus na haise cliathánaí.

2.25.

Ciallaíonn ‘am don deilte-V uasta’ an t-am ón túsphointe go dtí an pointe a fhaightear luach uasta an athraithe uasta sa luas, arna dtaifeadadh ag an Taifeadán Sonraí Teagmhais.

2.26.

Sonraíonn ‘mód casmhóiminte moillithe’ cén fheidhm atá ag giniúint, ag teorannú, nó ag rialú na casmhóiminte moillithe faoi láthair.

2.27.

Ciallaíonn ‘uillinn iompaithe’ an uillinn a rothlaíonn an fheithicil thart ar a fad-ais.

2.28.

Ciallaíonn ‘stádas córais rialaithe cosanta iompaithe’ rialú cobhsaíochta na gcoscán le haghaidh cosaint iompaithe.

2.29.

Ciallaíonn ‘ráta iompaithe’ an t-athrú uillinne in aghaidh aonad ama a rothlaíonn an fheithicil thart ar a fad-ais.

2.30.

Ciallaíonn ‘córas srianta breise’ córas sábháilteachta éighníomhach mar a dhearbhaigh monaróir na feithicle, lena bhforlíontar an córas srianta mar a shainmhínítear le Rialachán Uimh. 16 ó na Náisiúin Aontaithe, le comhpháirteanna amhail málaí aeir nó réamhtheannasóirí creasa sábhála.

2.31.

Ciallaíonn ‘stádas creasa sábhála’ an t-aiseolas ón gcóras sábháilteachta go bhfuil crios sábhála na feithicle ceangailte nó nach bhfuil.

2.32.

Ciallaíonn ‘uillinn rotha stiúrtha’ uillinn an tseafta stiúrtha atá nasctha le rialú an tiománaí.

2.33.

Ciallaíonn ‘idirghabháil córais’ gníomhachtú córais, arna shainmhíniú ag an monaróir.

2.34

Ciallaíonn ‘córas coscánaithe láimhe’ an córas coscánaithe láimhe mar a rialáiltear é le Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe.

2.35.

Is é an ‘túsphointe’ an tagairt ama le haghaidh stampaí ama sonraí EDR teagmhais.

2.36.

Ciallaíonn ‘stádas córais faireacháin bhrú na mbonn’ stádas oibriúcháin chóras faireacháin bhrú na mbonn.

2.37.

Ciallaíonn ‘tairseach truicir’ gur chomhlíon an paraiméadar iomchuí na coinníollacha chun teagmhas Taifeadán Sonraí Teagmhais a thaifeadadh.

2.38.

Sonraíonn ‘truicear gníomhachtaithe’ cén truicear a gníomhachtaíodh, a raibh taifeadadh an teagmhais mar thoradh air.

2.39.

Sonraíonn ‘Stádas Córais Rialaithe Cobhsaíochta - Lánfheidhmiúil’ cé acu atá Rialú Cobhsaíochta lánfheidhmiúil nó a bhfuil a fheidhmiúlacht laghdaithe mar gheall ar fhabht buan nó sealadach (e.g. ísealvoltas), gníomhaíocht bheartaithe (e.g. díchumasaithe ag lasc nó le linn nósanna imeachta diagnóiseacha speisialta), cé acu nach bhfuil sé cumraithe nó túsaithe ina iomláine go fóill (e.g. teachtaireacht maidir le túsú nó cumraíocht ar lár).

2.40.

ciallaíonn ‘máistirlasc rialaithe na feithicle’ an gaireas trínar féidir an córas leictreonach atá ar bord na feithicle a athrú, óna bheith múchta, mar a bheadh i gcás ina bhfuil an fheithicil páirceáilte gan an tiománaí istigh inti, chuig a ghnáthmhodh oibríochta.

2.41.

Ciallaíonn ‘luas na feithicle’ fadluas na feithicle arna ríomh nó arna mheas ó Bhraiteoir Luas na Feithicle (VSS).

2.42.

Ciallaíonn ‘cineál feithicle maidir lena Taifeadán Sonraí Teagmhais’ feithiclí nach bhfuil an-éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:

(a)

Trádainm nó trádmharc an mhonaróra;

(b)

Gnéithe feithicle a imríonn tionchar suntasach ar fheidhmíocht an Taifeadáin Sonraí Teagmhais; Truicear nó truicir nua a chur leis, sonraí nua (eilimintí), nó modhnú a dhéanamh ar an bhformáid atá acu, ní mheasfar ‘tionchar mór a bheith acu ar fheidhmíocht an Taifeadáin Sonraí Teagmhais’;

(c)

Príomh-shaintréithe agus dearadh an Taifeadáin Sonraí Teagmhais.

2.43.

Ciallaíonn ‘córas rialaithe luascála’ rialú cobhsaíochta na gcoscán rotha le haghaidh rialú luascála.

2.44.

Ciallaíonn ‘stádas na Feidhme Stiúrtha Cheartaithigh (CSF)’ stádas oibriúcháin na Feidhme Stiúrtha Cheartaithigh mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe.

2.45.

Ciallaíonn ‘stádas na Feidhme Stiúrtha Éigeandála (ESF)’ stádas oibriúcháin na Feidhme Stiúrtha Éigeandála mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe.

2.46.

Ciallaíonn ‘stádas na Feidhme Stiúrtha Uathrialaithí (ACSF)’ stádas oibriúcháin na Feidhme Stiúrtha Uathrialaithí mar a shainmhínítear i Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe, agus sna catagóirí mar a shainmhínítear ann.

2.47.

Ciallaíonn ‘Stádas Córais Ghlaoite Éigeandála um Thionóiscí’ stádas córais a ghníomhachtaítear go huathoibríoch trí bhraiteoirí san fheithicil nó de láimh, a bhfuil, trí bhíthin líonraí cumarsáide poiblí gan sreang, tacar sonraí a bhaineann le tuairteanna acu agus a bhunaíonn an cainéal fuaime éigeandála idir taistealaithe na feithicle agus pointe freagartha. Ciallaíonn stádas fabhtach nuair a bhraitheann córas nach féidir leis glao a dhéanamh.

3.   Iarratas ar Cheadú

3.1.

Déanfaidh monaróir na feithicle nó a ionadaí údaraithe an t-iarratas ar cheadú ar chineál feithicle maidir lena Taifeadán Sonraí Teagmhais a chur faoi bhráid údarás ceadaithe an Pháirtí Chonarthaigh de réir fhorálacha Sceideal 3 de Chomhaontú 1958.

3.2.

Beidh an doiciméadacht a leanas (tugtar sampla den doiciméad faisnéise in Iarscríbhinn 2) ag gabháil leis:

3.2.1.

Tuairisc ar an gcineál feithicle i ndáil le hítimí a shonraítear i mír 5. thíos, go háirithe a mhéid agus a bhaineann siad le suíomh an Taifeadáin Sonraí Teagmhais san fheithicil, na paraiméadair thruiceartha, acmhainneacht stórála agus frithsheasmhacht in aghaidh luasmhoilliú ard agus brú meicniúil ar thuinseamh tromchúiseach;

3.2.2.

Na heilimintí sonraí agus an fhormáid atá stóráilte sa Taifeadán Sonraí Teagmhais;

3.2.3.

Treoracha maidir le sonraí a aisghabháil ón Taifeadán Sonraí Teagmhais.

3.3.

Déanfar feithicil atá ionadaíoch ar an gcineál feithicle atá le ceadú a chur faoi bhráid an údaráis cheadaithe nó faoi bhráid a sheirbhíse teicniúla ainmnithe atá freagrach as na tástálacha ceadaithe a dhéanamh.

4.   Ceadú

4.1.

An cineál feithicle a chuirtear isteach lena chineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, má chomhlíonann sé ceanglais mhír 5 thíos, deonófar ceadú le haghaidh an chineáil feithicle sin. De rogha air sin, deonófar ceadú, arna iarraidh sin ag an monaróir agus i gcás cineál feithicle atá feistithe le córas srianta in-imscartha a bhfuil uasmhais suas le 12 000 kg aige sna cásanna seo a leanas:

comhlíonann an fheithicil seo ceanglais theicniúla agus forálacha idirthréimhseacha shraith leasuithe 01 nó shraith leasuithe níos déanaí de Rialachán Uimh. 160 agus

maidir le cineálacha feithicle a bhfuil uasmhais idir 8 000–12 000 kg acu agus na cineálacha sin amháin, léiríonn an monaróir chun sásamh an údaráis cheadaithe, go bhfuil an fheidhmíocht thruiceartha chomh héifeachtach céanna don Rialachán seo.

4.1.1.

Feithiclí dá dtagraítear i mír 4.1. nach bhfuil faoi réir rialachán náisiúnta agus réigiúnach lena ndéantar foráil maidir le ceanglais le haghaidh tástálacha tuairte dá dtagraítear i míreanna 5.4.1 agus 5.4.2. de Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe, ní bheidh siad faoi réir mhír 5.4 den rialachán seo.

4.2.

Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál feithicle a cheadófar. Léireoidh an chéad dá dhigit den uimhir seo (00 faoi láthair le haghaidh an Rialacháin ina fhoirm bhunaidh) an tsraith leasuithe a chorpraíonn na mór-leasuithe teicniúla fíor-riachtanacha is déanaí a rinneadh ar an Rialachán tráth ar eisíodh an ceadú. Ní dhéanfaidh an Páirtí Conarthach céanna an uimhir chéanna a shannadh do chineál eile feithicle.

4.3.

Fógra maidir le ceadú cineáil feithicle, le haistarraingt nó diúltú ceadú cineáil feithicle, le síneadh a chur le ceadú cineáil feithicle, nó le scor cinntitheach de tháirgeadh cineáil feithicle de bhun an Rialacháin seo, cuirfear é sin in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú lena gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm, trí bhíthin foirm a bheidh i gcomhréir leis an sampla atá in Iarscríbhinn 1 den Rialachán seo agus doiciméadacht a sholáthróidh an t-iarratasóir a bheith i bhformáid nach mó ná A4 (210 x 297mm) é agus ar scála iomchuí nó i bhformáid leictreonach.

4.4.

Gach feithicil atá i gcomhréir le cineál feithicle a cheadaítear faoin Rialachán seo, greamófar marc ceadaithe idirnáisiúnta atá i gcomhréir leis an sampla a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn 3 di, a bheidh le feiceáil go soiléir, a bheidh in áit a bhféadfar teacht air go héasca, áit a sonrófar ar an bhfoirm ceadaithe, agus is éard a bheidh ann:

4.4.1.

Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus ina dhiaidh sin:

(a)

Sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú; agus

(b)

Ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear sa mhír seo, uimhir an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin, an litir ‘R’, dais agus an uimhir ceadaithe.

4.5.

Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta.

4.6.

Sula ndeonófar cineálcheadú, fíoróidh an t-údarás ceadaithe go bhfuil socruithe sásúla i bhfeidhm chun seiceálacha éifeachtacha ar chomhréireacht na táirgeachta a áirithiú.

5.   Sonraíochtaí

Áirítear le ceanglais le haghaidh feithiclí atá feistithe le Taifeadán Sonraí Teagmhais eilimintí sonraí, formáid sonraí agus gabháil sonraí.

5.1.

Eilimintí sonraí

5.1.1.

Déanfaidh gach feithicil atá feistithe le Taifeadán Sonraí Teagmhais na heilimintí sonraí atá sonraithe mar éigeantach agus na cinn sin a cheanglaítear faoi choinníollacha íosta sonraithe a thaifeadadh le linn an eatraimh/ama agus ag an ráta samplála a shonraítear in Iarscríbhinn 4.

5.2.

Formáid sonraí

5.2.1.

Tuairisceofar gach eilimint sonraí a thaifeadtar mar a shonraítear in Iarscríbhinn 4, Tábla 1.

5.3.

Gabháil sonraí

Gabhfaidh an Taifeadán Sonraí Teagmhais sonraí a chuirfear ar chuimhne neamhluaineach nuair a thionscnófar aon cheann de na truicir i mír 5.3.1.

Déanfaidh an Taifeadán Sonraí Teagmhais na sonraí gafa a thaifeadadh san fheithicil agus fanfaidh na sonraí sin san fheithicil faoi réir fhorálacha mhír 5.3.4, ar a laghad go dtí go n-aisghabhfar iad i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó réigiúnach, nó go bhforscríobhfar iad i gcomhréir le mír 5.3.4.

Freastalóidh maolán cuimhne neamhluaineach an Taifeadáin Sonraí Teagmhais ar na sonraí a bhaineann le cúig theagmhas éagsúla ar a laghad.

Déanfar na heilimintí sonraí le haghaidh gach teagmhais a ghabháil agus a thaifeadadh leis an Taifeadán Sonraí Teagmhais, mar a shonraítear i mír 5.1 i gcomhréir leis na dálaí agus imthosca seo a leanas:

5.3.1.

Dálaí chun taifeadadh sonraí a thruicearú

Déanfar teagmhas a thaifeadadh leis an Taifeadán Sonraí Teagmhais i gcás ina sroichfear ceann de na luachanna tairsí seo a leanas nó ina sárófar é. Truicir a tharlaíonn sa chaoi go mbeadh forluí sonraí idir teagmhais mar gheall orthu, féadfar iad a eisiamh.

5.3.1.1.

Luasmhoilliú Tobann: Athraíonn luas na feithicle ar ráta atá níos airde ná 3.25 m/s2 agus leanann an t-athrú ar aghaidh thar an tairseach sin ar feadh 0.7 soicind ar a laghad.

5.3.1.2.

Stad Deireanach: Déanfar an truicear a ghníomhachtú i gcás inarb infheidhme aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

Tuairiscítear luas na feithicle mar 0 km/u ar feadh 20 s.

(b)

Nuair a thuairiscítear luas na feithicle mar 0 km/u, agus

i.

nuair a chuirtear an córas coscánaithe láimhe i bhfeidhm, nó

ii.

nuair a dhíghníomhachtaítear máistir-lasc rialaithe na feithicle.

Díchumasófar athghníomhachtú an truicir stad dheireanaigh mar gheall ar chritéar tairsí (a.) mura dtuairiscítear luas na feithicle ag 24 km/u nó níos airde ar feadh 6 s ar a laghad.

5.3.1.3.

Taispeántar gníomhachtú córais sábháilteachta sa tábla thíos:

Córas (má tá sé feistithe)

Truicear

Córas Srianta Breise

Ordú Cur in Úsáid Córais Srianta Breise

Córas Coscánaithe Frithghlasála

Idirghabháil ón gCóras

Ardchoscánú Éigeandála (lena n-áirítear coisí/rothaí má tá sé feistithe)

Idirghabháil Éigeandála Coscánaithe

Feidhm Chobhsaíochta Feithicle

Idirghabháil ón gCóras

5.3.2.

Dálaí maidir le glasáil sonraí.

Sna cásanna uile ina ngníomhachtófar an córas srianta breise, glasálfar an chuimhne ar an teagmhas chun forscríobh na sonraí amach anseo, le haon teagmhas ina dhiaidh sin, a sheachaint.

5.3.3.

Dálaí maidir le tráth nialais a shuí

Suitear an tráth nialais le tarlú aon cheann de na truicir thuas, cé is moite den stad deireanach.

Suitear an tráth nialais do thruicear an stad dheireanaigh nuair a bhaineann an fheithicil luas sonraithe 0 km/u amach.

5.3.4.

Forscríobh

5.3.4.1

Mura bhfuil fáil ar mhaolán cuimhne neamhluaineach taifeadáin sonraí teagmhais, nach bhfuil sonraí maidir le haon teagmhas roimhe sin air, forscríobhfar na sonraí taifeadta, faoi réir fhorálacha mhír 5.3.2., le sonraí an teagmhais reatha, ar bhonn is túisce isteach is déanaí amach, nó de réir straitéisí éagsúla arna gcinneadh ag an monaróir agus arna gcur ar fáil d’údaráis ábhartha na bPáirtithe Conarthacha.

5.3.4.2

Thairis sin, mura bhfuil fáil ar mhaolán cuimhne neamhluaineach taifeadáin sonraí teagmhais, nach bhfuil sonraí maidir le haon teagmhas roimhe sin air, forscríobhfar i gcónaí sonraí eile nach bhfuil glasáilte, de réir mhír 5.3.2., le sonraí a thagann ó theagmhais a bhaineann leis an gcóras srianta breise.

5.3.5.

Cliseadh Cumhachta agus Cumarsáide

Coinnítear sonraí a thaifeadtar sa chuimhne neamhluaineach tar éis cumhacht a chailleadh. Mar sin féin, ní gá sonraí a thaifeadadh i gcás ina gcailltear cumhacht nó cumarsáid leis an ngaireas a óstálann taifeadán sonraí teagmhais nó córais a sholáthraíonn sonraí.

5.4.

An Cumas Teacht Slán

5.4.1.

Beidh na heilimintí sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn 4 in-aisghafa san fhormáid shonraithe fiú tar éis an teagmhais. Dá bhrí sin, seasfaidh taifeadáin sonraí teagmhais lóid támha a d’fhéadfadh tarlú le linn tuairt feithicle agus feisteofar iad san fheithicil, i suíomh ag a bhfuil sláine struchtúrach leordhóthanach lena chosaint in aghaidh damáiste fisiciúil, de bharr tul-imbhuailtí nó imbhuailtí ón taobh, a chuirfeadh cosc ar aisghabháil na sonraí. Chun na cumais sin a léiriú, tá feidhm ag Rogha 1 nó Rogha 2 de rogha an mhonaróra.

Rogha 1:

Seasfaidh taifeadáin sonraí teagmhais turraingí meicniúla ag leibhéal déine mar a shonraítear sa tástáil chomhpháirte in Iarscríbhinn 9C de shraith 03 nó sraith níos déanaí ná sin de leasuithe ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe. Ní cheanglófar na gairis leis an daingneán tástála ach amháin leis na suiteálacha arna soláthar chun na taifeadáin sonraí teagmhais a cheangal leis an bhfeithicil agus in ionadaí treoshuímh ar shuiteáil na feithicle.

Feisteofar gaireas/gairis taifeadáin sonraí teagmhais i gcábán/urrann phaisinéirí na feithicle nó i suíomh ag a bhfuil sláine struchtúrach leordhóthanach lena chosaint in aghaidh damáiste fisiciúil (sláine mheicniúil) a chuirfeadh cosc ar aisghabháil na sonraí i gcás tul-imbhuailtí agus imbhuailtí ón taobh, de leibhéal déine a chomhfhreagraíonn do na ceanglais maidir le turraingí meicniúla thuas, ar a laghad. Maidir le suíomhanna lasmuigh de chábán/urrann phaisinéirí na feithicle, taispeánfar sláine struchtúrach leordhóthanach don tseirbhís theicniúil in éineacht leis an doiciméadacht iomchuí (e.g. ríomhanna nó ionsamhluithe).

Rogha 2:

Léiríonn an monaróir go bhfuiltear in ann na sonraí a aisghabháil fiú i ndiaidh imbhualadh ag leibhéal déine a shocraítear le Rialacháin Uimh. 94 (Iarscríbhinn 3), 95 (Iarscríbhinn 4) nó 137 (Iarscríbhinn 3) ó na Náisiúin Aontaithe.

5.5.

Ní bheifear in ann an Taifeadán Sonraí Teagmhais a dhíghníomhachtú.

6.   Modhnú ar an gCineál Feithicle agus Síneadh a chur le Ceadú

6.1.

Déanfar fógra maidir le gach modhnú ar an gcineál feithicle mar a shainmhínítear i mír 2.42 den Rialachán seo a thabhairt don údarás ceadaithe a cheadaigh an cineál feithicle. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an t-údarás ceadaithe teacht ar cheann de na conclúidí seo a leanas:

6.1.1.

Níl aon éifeacht dhíobhálach ag na modhnuithe arna ndéanamh ar na coinníollacha a bhaineann le deonú an cheadaithe, agus deonóidh sé síneadh leis an gceadú;

6.1.2.

D’fhéadfadh na modhnuithe difear a dhéanamh do na coinníollacha a bhaineann le deonú an cheadaithe, agus tá gá le tuilleadh tástálacha nó seiceálacha breise sula gcuirfí síneadh leis an gceadú.

6.2.

Déanfar dearbhú nó diúltú maidir le ceadú, lena sonrófar na mionathruithe, a chur in iúl de réir an nós imeachta a shonraítear i mír 4.3 thuas do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

6.3.

Cuirfidh an t-údarás ceadaithe na Páirtithe Conarthacha eile ar an eolas maidir leis an síneadh tríd an bhfoirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an sampla in Iarscríbhinn 1 den Rialachán seo. Sannfaidh sé sraithuimhir maidir le gach síneadh, uimhir ar a dtabharfar an uimhir fadaithe.

7.   Comhréireacht Táirgeachta

7.1.

Beidh nósanna imeachta um chomhréireacht táirgeachta comhréireach leis na forálacha ginearálta a shainítear in Airteagal 2 agus Sceideal 1 a ghabhann leis an gComhaontú (E/ECE/TRANS/505/Rev.3) agus comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas:

7.2.

Feithicil arna ceadú de bhun an Rialacháin seo, déanfar í a mhonarú ar shlí go mbeidh sí i gcomhréir leis an gcineál a ceadaíodh trí cheanglais mhír 5 thuas a chomhlíonadh;

7.3.

An t-údarás ceadaithe a dheonaigh an ceadú, féadfaidh sé na modhanna rialaithe comhréireachta is infheidhme maidir le gach aonad táirgthe a fhíorú tráth ar bith. Uair amháin gach 2 bhliain a bheidh i ngnáthmhinicíocht na gcigireachtaí sin.

8.   Pionóis mar gheall ar Neamh-Chomhréireacht Táirgeachta

8.1.

Féadfar an ceadú a deonaíodh maidir le cineál feithicle de bhun an Rialacháin seo a tharraingt siar mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 7 thuas.

8.2.

Má dhéanann Páirtí Conarthach ceadú a dheonaigh sé roimhe sin a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra ina leith sin láithreach do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé trí fhoirm fógra a sheoladh a bheidh i gcomhréir leis an sampla atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo.

9.   Scor Cinntitheach den Táirgeadh

Má scoireann sealbhóir an cheadaithe go hiomlán de bheith ag monarú cineál feithicle a cheadaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh an sealbhóir fógra maidir leis sin don údarás ceadaithe a dheonaigh an ceadú, agus tabharfaidh an t-údarás fógra ina dhiaidh sin do na Páirtithe Conarthacha eile sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an sampla in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe.

10.   Ainmneacha agus Seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as Tástálacha Ceadaithe a Dhéanamh, agus Ainmneacha agus Seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe

Na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, cuirfidh siad in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe (2) ainmneacha agus seoltaí na seirbhísí teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, mar aon le hainmneacha agus seoltaí na n-údarás ceadaithe a dheonaíonn ceadú, údaráis ar chucu atá foirmeacha le cur lena ndeimhnítear ceadú nó síneadh, nó lena ndiúltaítear nó lena dtarraingítear siar ceadú.


(1)  Mar a shainmhínítear i Roinn 2 den Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3.), (doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.7) –https://unece.org/transport/standards/transport/vehicle-regulations-wp29/resolutions.

(2)  Baineann an t-ardán ar líne ‘/343 Application’ arna sholáthar ag ECE le malartú na faisnéise sin https://apps.unece.org/WP29_application/.


Iarscríbhinn 1

Cumarsáid

(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm)

Image 1

 (1)

arna eisiúint ag:

(Ainm an údaráis riaracháin)


Maidir le: (2)

Ceadú deonaithe

Síneadh a bheith curtha le ceadú

Ceadú a bheith diúltaithe

Ceadú a bheith aistarraingthe

Scor cinntitheach den táirgeadh

de chineál feithicle maidir lena Taifeadán Sonraí Teagmhais (EDR) de bhun Rialachán Uimh. XXX ó na Náisiúin Aontaithe.

Uimhir Ceadaithe.:

Cúis(eanna) leis an síneadh (más infheidhme):

1.

Trádainm nó trádmharc na feithicle:

2.

Cineál feithicle:

3.

Ainm agus seoladh an mhonaróra:

4.

Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme:

5.

Tuairisc ghairid ar an bhfeithicil:

6.

An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe a dhéanamh:

6.1.

Dáta na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin:

6.2.

Uimhir na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin:

7.

Deonú/diúltú/tarraingt siar an fhormheas/síneadh a bheith curtha leis a bhformheas:2

8.

Suíomh mharc an cheadaithe ar an bhfeithicil:

9.

Áit:

10.

Dáta:

11.

Síniú:

12.

An liosta doiciméad a taisceadh leis an údarás ceadaithe a dheonaigh ceadú, tá sé i gceangal leis an gcumarsáid seo.


(1)  Sainuimhir na tíre a dheonaigh/a dhiúltaigh/a tharraing siar an ceadú, nó a chuir síneadh leis (féach forálacha maidir le ceadú sa Rialachán seo).

(2)  Scrios amach an méid nach bhfuil feidhm aige.


Iarscríbhinn 2

Doiciméad Faisnéise maidir le Cineálcheadú de Chineál Feithicle maidir lena Taifeadán Sonraí Teagmhais

Áireofar liosta inneachair.

Soláthrófar gach líníocht de réir scála iomchuí agus í mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4, nó ar fhillteán i bhformáid A4.

Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.

Ginearálta

1.

Trádainm nó trádmharc na feithicle:

2.

Cineál feithicle:

3.

Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil:

4.

Suíomh na marcála:

5.

Suíomh agus modh greamaithe an mhairc ceadaithe:

6.

Catagóir na feithicle:

7.

Ainm agus seoladh an mhonaróra:

8.

Seoladh (nó seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:

9.

Grianghraf (grianghraif) agus/nó líníocht (líníochtaí) d'fheithicil ionadaíoch:

10.

EDR

10.1.

Déantús (trádainm an mhonaróra):

10.2.

Cineál agus tuairisc(í) g(h)inearálta tráchtála:

10.3.

Líníocht(aí) nó grianghraif ina léirítear suíomh agus modh ceangailte an taifeadáin sonraí teagmhais san fheithicil:

10.4.

Tuairisc ar an bparaiméadar truiceartha:

10.5.

Tuairisc ar aon pharaiméadar ábhartha eile (acmhainn stórála, friotaíocht in aghaidh ard-luasmhoillithe agus strus meicniúil a bhfuil diantionchar aige, etc.):

10.6

Tuairisc ar aon pharaiméadar ábhartha eile (acmhainn stórála, friotaíocht in aghaidh ard-luasmhoillithe agus strus meicniúil a bhfuil diantionchar aige, etc.):

Eilimint sonraí

Eatramh/am taifeadta (i gcoibhneas leis an teagmhas truiceartha)

Ráta samplála sonraí(samplaí in aghaidh an tsoicind)

Raon íosta

Cruinneas

Taifeach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

10.7.

Treoracha maidir le sonraí a aisghabháil ón taifeadán sonraí teagmhais:

Iarscríbhinn 3

Leagan amach marc ceadaithe

(féach míreanna 4.4. go 4.4.1. den Rialachán seo)

Image 2

a = 8 mm ar a laghad

Léirítear leis an marc ceadaithe thuas atá greamaithe le feithicil gur ceadaíodh an cineál feithicle, maidir lena taifeadán sonraí teagmhais lena mbaineann, sa Bheilg (E 6) de bhun Rialachán Uimh. XXX ó na Náisiúin Aontaithe. Léirítear leis an gcéad dá dhigit den uimhir ceadaithe gur deonaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán Uimh. XXX ó na Náisiúin Aontaithe ina fhoirm bhunaidh.


IARSCRÍBHINN 4

Eilimintí Sonraí agus Formáid

Tábla 1

Liosta d’eilimintí sonraí  (1)

Eilimint sonraí

Dálaí don cheanglas (1)

Eatramh/am taifeadta (2) (i gcoibhneas leis an teagmhas truiceartha)

Ráta samplála sonraí (samplaí in aghaidh an tsoicind)

Raon íosta

Cruinneas (3)

Taifeach

Sonraí a taifeadadh maidir leis na truicir seo a leanas

Taifeadadh Sonraí Teagmhais Iomlán

Éigeantach

Tar éis sonraí eile

N/B

Tá nó Níl

N/B

Tá nó Níl

Truicir 5.3.1 uile

Teagmhas uaireanta gníomhachtúcháin córais tiomána

Éigeantach (4)

– 1,0  soic

N/B

0 go 1 193,046  uair

±0,05  uair

0,05  uair

Truicir 5.3.1 uile

Íoslódáil uaireanta gníomhachtúcháin córais tiomána

Éigeantach (5)

Tráth na híoslódála

N/B

0 go 1 193,046  uair

±0,05  uair

0,05  uair

Truicir 5.3.1 uile

Uimhir pháirte crua-earraí aonaid EDR

Éigeantach (6)

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Uimhir pháirte bogearraí aonaid EDR

Éigeantach7

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

Truicear Gníomhachtaithe

Éigeantach

Teagmhas (7)

N/B

N/B

N/B

Luasmhoilliú Tobann, Córas Srianta Breise, Córas Coscánaithe Frithghlasála, Ardchoscánú Éigeandála, Feidhm Chobhsaíochta Feithicle, Stad Deireanach

Truicir 5.3.1 uile

Teagmhas, timthriall adhainte

Éigeantach5

–1,0  soic

N/B

0 go 60 000

timthriall ±1

1  timthriall

Truicir 5.3.1 uile

Íoslódáil, timthriall adhainte

Éigeantach6

Tráth na híoslódála

N/B

0 go 60 000

timthriall ±1

1  timthriall

Truicir 5.3.1 uile

Luas na feithicle

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

0 go 250 km/u

±1 km/u

1  km/u

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Shuíomh an Ghiair

Éigeantach (8)

–20 go +10  soic

4

N/B

N/B

cúl

Truicir 5.3.1 uile

Mód Casmhóiminte Coscáin Innill

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

N/B

N/B

Réamhshocrú, Roghnú Oibreora, Luasrialú, Teorainn Luais Bóthair, Rialú Cobhsaíochta, Rialú Traiseolta, Teorainn Luais Innill,

Córas Coscánaithe

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Coscánaithe — Páirceáil

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

N/B

N/B

Ar siúl nó Múchta

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Coscánaithe — Príomhchoscán

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

NA

Ar siúl nó Múchta

Truicir 5.3.1 uile

Casmhóimint córais tiomána10

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

luach iarbhír arna thuairisciú in Nm

≤100  Nm: ±10  Nm agus >100  Nm: 5 % de luach na casmhóiminte a tuairiscíodh

1  Nm

Truicir 5.3.1 uile

Cumhacht córais tiomána (9)

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

luach iarbhír arna thuairisciú in kW

±5  %

1  kW

Truicir 5.3.1 uile

Luas tiomána córais tiomána10

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

luach iarbhír arna thuairisciú in rpm

± 100  rpm

100  rpm

Truicir 5.3.1 uile

Suíomh an troitheáin luasghéaraithe

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

0 go 100  %

±5  %

1  %

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Rialaithe Coscáin CCF — Mótarfheithicil

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

NA

Múchta, CCF Éighníomhach ach suiteáilte, CCF Gníomhach

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Rialaithe Coscáin CCF — Leantóir

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Múchta, Locht aimsithe, Ar siúl gan idirghabháil, Ar siúl ag idirghabháil

Truicir 5.3.1 uile

Ardchoscánú éigeandála

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Múchta, Locht aimsithe, Ar siúl gan rabhadh/idirghabháil, Ar siúl le rabhadh, Ar siúl ag idirghabháil

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Córais Rabhaidh Imeachta ó Lána

Éigeantach

-20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl gan rabhadh, Ar siúl — Rabhadh

Truicir 5.3.1 uile

Uillinn rotha stiúrtha

Éigeantach

–20 go 10  soic

10

–1 776  chéim go +1 776  chéim

±0,4  rad 22,9  céim

0,2  rad 11,5  céim

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Córais Rialaithe Cobhsaíochta

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Go hiomlán oibríochtúil, Gan bheith go hiomlán oibríochtúil

Truicir 5.3.1 uile

Stádas córais Rialaithe Cosanta Iompaithe

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

N/B

N/B

Éighníomhach ach suiteáilte, Gníomhach

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Córais Rialaithe Luascála

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Éighníomhach ach suiteáilte, Gníomhach

Truicir 5.3.1 uile

Stádas Creasa Sábhála (ionad x–y) (10)

Éigeantach

–1,0  soic

N/B

N/B

N/B

Ceangailte, gan bheith ceangailte

Truicir 5.3.1 uile

Stádas creasa sábhála réamhtheannasóra (ionad x–y)11

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, gan bheith in úsáid, in úsáid

Córas srianta breise

Stádas Córais Mála Aeir Tosaigh11

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, sochta (paisinéir), in úsáid, gan bheith in úsáid

Córas srianta breise

Stádas Córais Mála Aeir Chliathánaigh11

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, in úsáid, gan bheith in úsáid

Córas srianta breise

Stádas córais mála aeir brait/feadáin chliathánaigh (11)

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, in úsáid, gan bheith in úsáid

Córas srianta breise

Stádas córais mála aeir láir imbhuailte taoibh thall12

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, in úsáid, gan bheith in úsáid

Córas srianta breise

Córas Faisnéise Spotaí Caocha chun Rothair a bhrath

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Múchta, Locht aimsithe, Ar siúl gan rabhadh, Ar siúl le rabhadh ar an taobh clé, Ar siúl le rabhadh ar an taobh deas

Truicir 5.3.1 uile

Córas braite VRU gluaiseachta cúlúcháin

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Múchta, Locht aimsithe, Ar siúl gan rabhadh, Ar siúl le rabhadh

Truicir 5.3.1 uile

Córas Faisnéise i dtaobh Gluaiseacht ar Aghaidh chun Coisithe agus Rothaithe a bhrath

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Múchta, Locht aimsithe, Ar siúl gan rabhadh, Ar siúl le rabhadh

Truicir 5.3.1 uile

Deilte-V uasta, fad-ais

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

– 100  km/u go + 100  km/u

±10 %

1  km/u

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Am, deilte-V uasta, fad-ais

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

0 –300  ms

±3  ms

2,5  ms

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Deilte-V uasta, cliathánach

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

– 100  km/u go + 100  km/u

±10 %

1  km/u

Córas srianta breise (Teagmhais phlánacha)

Am don deilte-V uasta, cliathánach

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

0 –300  ms

±3  ms

2,5  ms

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Deilte-V uasta, comhthoradh

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

– 100  km/u go + 100  km/u

±10 %

1  km/u

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Am don deilte-V uasta, comhthoradh

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

0 –300  ms

±3  ms

2,5  ms

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Uillinn iompaithe

Má thaifeadtar é

–20 go +10  soic

4

–1 080  céim go +1 080  céim

±10 %

10  gcéim

Córas srianta breise (teagmhais iompaithe)

Ráta iompaithe

Éigeantach má tá sé feistithe agus in úsáid d’algartam rialaithe córais cosanta iompaithe do dhaoine i bhfeithicil

–20 go +10  soic

4

– 240 go + 240  céim/soic

±10 %

4  chéim/soic

Córas srianta breise (teagmhais iompaithe)

Luasghéarú Cliathánach

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

–1,5  g go +1,5  g

±10  %

0,1  g

Truicir 5.3.1 uile

Luasghéarú Cliathánach

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

–1,5  g go +1,5  g

±10  %

0,1  g

Truicir 5.3.1 uile

Stádas córais glaoite éigeandála um thionóiscí

Éigeantach

Teagmhas8

N/B

N/B

N/B

Locht aimsithe, Ar siúl ach níor tionscnaíodh an glao éigeandála go huathoibríoch, Ar siúl — Tionscnaíodh an glao éigeandála go huathoibríoch

Córas srianta breise

Stádas lampa rabhaidh córais faireacháin bhrú na mbonn

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

N/B

N/B

Ar siúl, Múchta

Truicir 5.3.1 uile

Ráta Luascála

Éigeantach

–20 go +10  soic

4

–75 go +75  chéim/soicind

±10  % de raon iomlán an bhraiteora

1  chéim in aghaidh an tsoicind

Córas srianta breise (teagmhais phlánacha)

Stádas na feidhme stiúrtha cheartaithigh (12)

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag idirghabháil, Ar siúl agus ag idirghabháil go gníomhach

Truicir 5.3.1 uile

Stádas na feidhme stiúrtha éigeandála13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag idirghabháil, Ar siúl agus ag idirghabháil go gníomhach

Truicir 5.3.1 uile

Stádas chatagóir A na feidhme stiúrtha uathrialaithí13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag rialú, Ar siúl agus ag rialú

Truicir 5.3.1 uile

Stádas chatagóir B na feidhme stiúrtha uathrialaithí13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag rialú, Ar siúl agus ag rialú

Truicir 5.3.1 uile

Stádas chatagóir C na feidhme stiúrtha uathrialaithí13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag rialú, Ar siúl agus ag rialú

Truicir 5.3.1 uile

Stádas chatagóir D na feidhme stiúrtha uathrialaithí13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag rialú, Ar siúl agus ag rialú

Truicir 5.3.1 uile

Stádas chatagóir E na feidhme stiúrtha uathrialaithí13

Éigeantach

–20 go +10  soic

10

N/B

N/B

Locht aimsithe, Múchta, Ar siúl ach gan bheith ag rialú, Ar siúl agus ag rialú

Truicir 5.3.1 uile


(1)  Is íoscheanglais iad na ceanglais maidir le formáid a shonraítear thíos agus is féidir le monaróirí iad a shárú.

(1)  Tá ‘éigeantach’ faoi réir na ndálaí a shonraítear i mír 1.

(2)  Tá sonraí réamhthuairte agus sonraí tuairte aisioncronach. Is é idir –0,1 agus 1,0 soicind an ceanglas maidir le cruinneas ama shamplaigh d’am réamhthuairte (e.g., ní mór do T = -1 tarlú idir –1,1 agus 0 soicind).

(3)  Níl feidhm ag an gceanglas maidir le cruinneas ach amháin laistigh de raon an bhraiteora fhisiciúil. Má tá na tomhais arna ngabháil ag braiteoir níos mó ná raon deartha an bhraiteora, léireoidh an eilimint thuairiscithe an uair a sháraigh an tomhas raon deartha an bhraiteora den chéad uair.

(4)  Taifeadfaidh monaróirí an teagmhas uaireanta gníomhachtúcháin córais tiománateagmhas, timthriall adhainte.

(5)  Taifeadfaidh monaróirí an Íoslódáil uaireanta gníomhachtúcháin córais tiománaíoslódáil, timthriall adhainte.

(6)  Ní bheidh sraithuimhreacha uathúla ná aitheantóirí uathúla eile inti. Má tá an tsraithuimhir ina cuid dhílis d’inrianaitheacht na huimhreach páirte, ní gá í a thuairisciú.

(7)  Léirítear leis an teagmhas taifeadadh timpeall thráth an truicir.

(8)  Tá suíomh an ghiair éigeantach mura dtaifeadann an Eilimint sonraí luais na feithicle ach luasanna chun tosaigh.

(9)  Má tá mótair nó tiomáintí eile ar fáil mar mhíreanna ar leithligh, ba cheart iad sin a liostú leis an suíomh ábhartha, e.g. 1ú clé nó 2ú clé, 1ú deas nó 2ú deas (acastóirí tiomáinte), 1ú nó 2ú, nth (le haghaidh tiomáintí comhcheangailte) do luas, casmhóimint agus cumhacht. Maidir le córais hibrideacha, ba cheart eilimintí innill agus mótair a liostú ar leithligh.

(10)  Taifeadfar an eilimint sonraí sin do gach ionad suí atá feisithe le córais agus braiteoirí i gcomhréir le mír 1.4. Cuirfear ró ar leithligh leis an tuarascáil do gach ionad suí agus cuirfear na hionaid suí in iúl mar a leanas: x = uimhir ró suíocháin, ag tosú le 1 ag tosach na feithicle; y = uimhir suíocháin, ag tosú le 1 ar thaobh clé na feithicle. Mar shampla, cuireann ‘ionad 1-1’ an suíochán tosaigh is faide ar chlé in iúl agus cuireann ‘ionad 1-2’ an dara suíochán tosaigh ar chlé in iúl.

(11)  Liostaítear an eilimint n uair, uair amháin in aghaidh an mhála aeir.

(12)  Níl feidhm aige ach amháin maidir le feithiclí atá faoi réir ceadú i gcomhréir le haon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá in iarscríbhinn le Comhaontú 1958 i ndáil lena bhfeidhmeanna stiúrtha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1218/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)