|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1216 |
29.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1216 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Aibreán 2024
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ (ATFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarratas a chuir an Ostair ar aghaidh an t-ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Wiener Gemischter Satz’ (ATFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) IO C 2023/1187, 24.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1187/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1216/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)