European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1198

23.4.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1198 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2024

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le boscaí agus iniaimh le haghaidh gabhálais leictreacha, córais sheolphíobán curtha faoi thalamh agus lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an trealamh sin i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ar cuspóirí iad a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar, agus na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin den sórt sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE (‘an iarraidh’). Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, is cuspóirí iad nár tháinig athrú orthu ó cuireadh an iarraidh faoi bhráid CEN, CENELEC agus ETSI.

(3)

Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN agus CENELEC caighdeán comhchuibhithe nua EN 50626-2:2023 maidir leis na riachtanais i dtaca le seolphíobáin ballaí soladacha, feistis agus an córas a úsáidtear i bhfeidhmeanna speisialta.

(4)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus CENELEC athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 ón gCoimisiún (3): EN 60947-8:2003 arna leasú le EN 60947-8:2003/A1:2006 agus EN 60947-8:2003/A1:2012 maidir le lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais; agus EN 61386-24:2010 maidir le córais sheolphíobán curtha faoi thalamh. Dá thoradh sin, glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 60947-8:2023 agus EN 50626-1:2023.

(5)

Thairis sin, ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus CENELEC leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 ón gCoimisiún: EN 60670-21:2007 maidir le riachtanais shainiúla i dtaca le boscaí agus iniaimh agus soláthar do mheáin chrochta; EN 60670-23:2008 maidir le riachtanais shainiúla i dtaca le boscaí agus iniaimh ar urláir; agus EN 60670-24:2013 maidir le riachtanais shainiúla i dtaca le hiniaimh chun gairis chosanta agus trealamh scaipthe cumhachta leictreach eile a fheireadh. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 60670-21:2007/A11:2023, EN 60670-23:2008/A11:2023 agus EN 60670-24:2013/A11:2023.

(6)

Rinne an Coimisiún, in éineacht le CEN agus CENELEC, measúnú féachaint an gcomhlíontar an iarraidh leis na caighdeáin agus na leasuithe orthu, a dhréachtaigh CEN agus CENELEC.

(7)

Leis na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas agus na leasuithe orthu, comhlíontar na ceanglais sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE: EN 60670-21:2007 arna leasú le EN 60670-21:2003/A11:2023; EN 60670-23:2008 arna leasú le EN 60670-23:2008/A11:2023; EN 60670-24:2013 arna leasú le EN 60670-24:2013/A11:2023; EN 50626-1:2023; EN 50626-2:2023; agus EN IEC 60947-8:2023. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt do na caighdeáin sin agus na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-5-2:2020, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na cuspóirí is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE, ós rud é nach n-áirítear sa chaighdeán critéir shoiléire oibiachtúla inatáirgthe. Dá bhrí sin, is gá an tagairt don chaighdeán a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe orthu a áireamh san Iarscríbhinn sin.

(10)

Is gá, dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 61386-24:2010 agus EN 60947-8:2003, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a ghabhann leo, a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é go ndearnadh iad a athbhreithniú nó a leasú, mar aon leis na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-5-2:2020, ós rud é nach gcomhlíonann sé na cuspóirí is aidhm dó a chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723. In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 liostaítear tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/35/AE, caighdeáin atá á dtarraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a áireamh san Iarscríbhinn.

(11)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí oiriúnú a dhéanamh ar a dtrealamh leictreach a chumhdaítear leis na caighdeáin chomhchuibhithe EN 61386-24:2010, EN 60947-8:2003 agus EN IEC 60947-5-2:2020, agus leis na leasuithe orthu, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 a leasú dá réir.

(13)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na riachtanais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha, lena n-áirítear na cuspóirí sábháilteachta, a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 24 Deireadh Fómhair 2025.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh leictreach a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2723, 13.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2723/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 299, 301, 302, 359, 371 agus 461;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

Uimh.

Tagairt don chaighdeán

‘299a.

EN 60670-21:2007

Boscaí agus iniaimh do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile – Cuid 21: Riachtanais shainiúla maidir le boscaí agus iniaimh agus soláthar do mheáin chrochta

EN 60670-21:2007/A11:2023’;

‘301a.

EN 60670-23:2008

Boscaí agus iniaimh do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile - Cuid 23: Riachtanais shainiúla maidir le boscaí agus iniaimh ar urláir

EN 60670-23:2008/A11:2023’;

‘302a.

EN 60670-24:2013

Boscaí agus iniaimh do chomhghabhálais leictreacha le haghaidh suiteálacha leictreacha seasta tí agus cosúla eile - Cuid 24: Riachtanais shainiúla maidir le hiniaimh chun gairis chosanta agus trealamh scaipthe cumhachta leictreach eile a fheireadh

EN 60670-24:2013/A11:2023’;

‘371a.

EN IEC 60947-8:2023

Lascghiar agus giar rialaithe ísealvoltais - Cuid 8: Aonaid rialaithe le haghaidh cosaint theirmeach ionsuite (PTC) i gcomhair meaisíní leictreacha rothlacha’

(3)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh.

Tagairt don chaighdeán

‘107.I

EN 50626-1:2023

Córais sheolphíobán curtha faoi thalamh chun cáblaí leictreacha inslithe nó cáblaí cumarsáide inslithe a chosaint agus a bhainistiú - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta

107.II

EN 50626-2:2023

Córais sheolphíobán curtha faoi thalamh chun cáblaí leictreacha inslithe nó cáblaí cumarsáide inslithe a chosaint agus a bhainistiú - Cuid 2: Córais seolphíobáin Phoileitiléine (PE), Pholapróipiléine (PP) nó Pholaiviniolclóiríde Neamhphlaistithe (PVC-U) — Riachtanais maidir le seolphíobáin ballaí soladacha, feistis agus an córas a úsáidtear i bhfeidhmeanna speisialta’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1198/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)