Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1193 |
25.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1193 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Aibreán 2024
maidir le húdarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 ón gCoimisiún, údaraíodh hiodrocsaíd sóidiam ar feadh thréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha (2). |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘rialtáin aigéadachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 5 Meán Fómhair 2023 (3) go bhfuil hiodrocsaíd sóidiam fós sábháilte le haghaidh na spriocspeiceas faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair, ar choinníoll nach gcuirfidh an tiúchan iomlán sóidiam i mbeatha as do chothromaíocht fhoriomlán na leictrilíte. D’athdhearbhaigh an tÚdarás ina chonclúid roimhe seo go bhfuil an breiseán creimneach agus chuir sé in iúl freisin nach bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin toisc nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe moladh maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar moladh é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. |
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar hiodrocsaíd sóidiam mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann hiodrocsaíd sóidiam na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
(7) |
Mar thoradh ar údarú hiodrocsaíde sóidiam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 a aisghairm dá réir sin. |
(8) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú hiodrocsaíde sóidiam a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘rialtáin aigéadachta’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 a aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus sna réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Samhain 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 15 Bealtaine 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 15 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 161/2013 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2013 maidir leis an údarú ullmhóide arb é atá inti hiodrocsaíde sóidiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat, madraí agus éisc ornáideacha (IO L 49, 22.2.2013, lch. 52). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/161/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2023;21(9):8249.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail a bhaineann le hiarratais ar údaruithe breiseán beatha (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: rialtáin aigéadachta |
||||||||||||
1j524 |
Hiodrocsaíd sóidiam |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Hiodrocsaíd sóidiam 50 % w/w (tuaslagán uisce) ——————————— Tréithriú na substainte gníomhaí Hiodrocsaíd sóidiam ≥ 98,0 % alcaile iomlán (arna ríomh mar NaOH) NaOH Uimh. CAS: 1310-73-2 Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach ——————————— Modh anailíse (1) Hiodrocsaíd sóidiam a chinneadh sa bhreiseán beathaithe: Tíotraiméadracht — Coimre Chomhcheangailte FAO JECFA maidir le Sonraíochtaí Breiseán Bia, Monagraf Uimh. 1 (2006) ‘hiodrocsaíd sóidiam’. |
Cait, madraí agus éisc ornáideacha |
— |
— |
— |
|
15 Bealtaine 2034 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1193/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)