|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1173 |
24.4.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1173 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le roinnt forálacha i ndiaidh an chomhaontaithe saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn agus forálacha atá imithe i léig a scriosadh a mhéid a bhaineann le taraif-chuóta onnmhairiúcháin le haghaidh púdar bainne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 186 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus ar onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta faoi réir ceadúnas. |
|
(2) |
Tá forálacha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann le taraif-chuóta onnmhairiúcháin le haghaidh púdar bainne a d’oscail an Phoblacht Dhoiminiceach. Baineadh an cuóta onnmhairiúcháin sin de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (3) le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/953 ón gCoimisiún (4). Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir leis an gcuóta onnmhairiúcháin sin i Rialachán (AE) 2020/760 a scriosadh. |
|
(3) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/244 ón gComhairle (5), tugadh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) i gcrích an 27 Samhain 2023. |
|
(4) |
Leis an gComhaontú leasaítear na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4182 agus 09.4195 acu, agus tugtar isteach deimhniú incháilitheachta a bheidh le heisiúint ag an Nua-Shéalainn. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4, scriostar pointe (c); |
|
(2) |
in Airteagal 8(2), scriostar pointí (c), (e) agus (f); |
|
(3) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus taraif-chuótaí á riar (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/760/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/761/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/953 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear an taraif-chuóta chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach (IO L 128, 15.5.2023, lch. 81, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/953/oj).
(5) Cinneadh (AE) 2024/244 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L, 2024/244, 28.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/244/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1173/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)