|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1172 |
19.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1172 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Aibreán 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998. |
|
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus dá chomhbheartas eachtrach agus slándála é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
|
(3) |
Sa ráiteas uaidh an 16 Nollaig 2023, leag an tArdionadaí béim ar an imní atá ar an Aontas faoin méadú atá tagtha ar an bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach atá á dhéanamh ag lonnaitheoirí antoisceacha ar an mBruach Thiar atá faoi fhorghabháil, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Leanann an tAontas dá ghéarcháineadh ar fhoréigin lonnaitheoirí agus tá cuntasacht á iarraidh aige. D’iarr an tAontas freisin ar Iosrael cosc a chur ar fhoréigean Ionnaitheoirí agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na gcoireanna chun cuntais. Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a rinne Hamas ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Iosrael tá méadú as cuimse tagtha ar fhoréigean lonnaitheoirí. |
|
(4) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceathrar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal A ‘Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal B ‘Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1172/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)