European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1162

23.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1162 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Malus domestica le haghaidh plandú agus plandaí áirithe Berberis thunbergii le haghaidh plandú de thionscnamh na Tuirce agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun plandaí Malus domestica le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad agus an tríú fomhír, de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (2) ón gCoimisiún bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh gach ceann de na tríú tíortha, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear san Iarscríbhinn sin na géinis Malus Mill. agus Berberis L.

(4)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) déantar foráil maidir leis an liosta plandaí, táirgí plandaí nó réad eile, a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus nach bhféadfar a thabhairt isteach nó a aistriú laistigh de chríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar ceanglais speisialta.

(5)

Le Rialachán Cur Cun Feidhme (AE) 2020/1213 leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (5), ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise.

(6)

An 9 Lúnasa 2019 chuir an Tuirc iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí Malus domestica le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas, ar plandaí iad ina bhfuil bata bachlóg agus beangáin atá suas le bliain amháin d’aois agus gan duilleoga, agus chun fréamhstoic agus plandaí beangaithe atá fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus a bhfuil trastomhas uasta gais 3 cm acu a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(7)

An 31 Márta 2022 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ar de thionscnamh na Tuirce iad (6). Shainaithin an tÚdarás Anoplophora chinensis, Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Cicadatra persica, Diplodia bulgarica, Erwinia amylovora, Hoplolaimus galeatus, Lopholeucaspis japonica, Malacosoma parallela, Pratylenchus loosi, Pyrolachnus pyri agus víreas fáinnebhall an Tráta mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú.

(8)

An 7 Samhain 2022 leasaigh an tÚdarás an tuairim eolaíoch chun Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Maconellicoccus hirsutus, Pochazia shantungensis agus Russellaspis pustulans a áireamh mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú.

(9)

Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad le haghaidh Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Cicadatra persica, Didesmococcus unifasciatus, Diplodia bulgarica, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Lopholeucaspis japonica, Maconellicoccus hirsutus, Malacosoma parallela, Pochazia shantungensis, Pratylenchus loosi, Pyrolachnus pyri agus víreas fáinnebhall an Tráta agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh an tráchtearra saor ó na lotnaidí sin. Rinne an tÚdarás meastóireacht féachaint an bhfuil an Tuirc ag cur i bhfeidhm na mbeart éigeandála a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2095 (7) chun cosc a chur ar Anoplophora chinensis a thabhairt isteach san Aontas agus a leathadh laistigh de agus féachaint, a mhéid a bhaineann le Erwinia amylovora, an gcomhlíontar na ceanglais speisialta maidir le plandaí Malus Mill, seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach sna criosanna cosanta sonraithe agus maidir lena ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (8). Tháinig sé ar an gconclúid go gcuireann an Tuirc na bearta éigeandála sin i bhfeidhm agus nár comhlíonadh na ceanglais a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ní dhearna an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca le haghaidh Russellaspis pustulans. Mar sin féin, sa tuairim Eolaíoch maidir le haicmiú lotnaide Russellaspis pustulans (9) a d’fhoilsigh an tÚdarás níos luaithe, léiríodh bearta maolaithe riosca atá éifeachtach in aghaidh na lotnaide.

(10)

An 27 Samhain 2019, chuir an Tuirc iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le plandaí pota Berberis thunbergii atá 2 bhliain d’aois nó 3 bliana d’aois agus idir 20 agus 40 cm ar airde a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(11)

An 19 Bealtaine 2022 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí pota Berberis thunbergii ar de thionscnamh na Tuirce iad (10). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci agus Malacosoma parallela mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin le haghaidh plandú, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh an tráchtearra saor ó na lotnaidí sin.

(12)

Tar éis é a bheith deimhnithe go hoifigiúil nach ann do Malacosoma parallela sa Tuirc, ní mheastar go bhfuil an lotnaid ábhartha a thuilleadh maidir le tráchtearraí Malus domestica agus Berberis thunbergii de thionscnamh na tíre sin.

(13)

Ar bhonn na dtuairimí sin agus na faisnéise breise ón Tuirc faoi Malacosoma parallela, maidir le plandaí Malus domestica le haghaidh plandú ina bhfuil bata bachlóg agus beangáin atá suas le bliain amháin d’aois agus gan duilleoga, agus maidir le fréamhstoic agus plandaí beangaithe atá fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus a bhfuil trastomhas uasta gais 3 cm acu, de thionscnamh na Tuirce, meastar go laghdaítear an riosca fiteashláintíochta ó na plandaí sin a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta maolaithe iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin agus go gcomhlíontar ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2095, na ceanglais speisialta a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus na ceanglais speisialta chomhfhreagracha in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(14)

Thairis sin, maidir le plandaí pota Berberis thunbergii atá suas le 3 bliana d’aois agus 40 cm ar airde ar airde ar a mhéad, de thionscnamh Türkiye, a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as sin inghlactha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais speisialta chomhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus meastar nach bhfuil gá le haon cheanglas eile.

(15)

Mar iarmhairt air sin, maidir le plandaí Malus domestica le haghaidh plandú ina bhfuil bata bachlóg agus beangáin atá suas le bliain amháin d’aois agus gan duilleoga, agus maidir le fréamhstoic agus plandaí beangaithe atá fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus a bhfuil trastomhas uasta gais 3 cm acu, ar de thionscnamh na Tuirce iad, níor cheart iad a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(16)

Ar an gcaoi chéanna, maidir le plandaí pota Berberis thunbergii, de thionscnamh na Tuirce, atá suas le 3 bliana d’aois agus 40 cm ar airde ar a mhéad, níor cheart iad a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

(17)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(18)

Na bearta a bhfuil tuairisc tugtha ag an Tuirc orthu sa sainchomhad a bhaineann le Malus domestica, meastar gur leor iad chun an riosca maidir le tabhairt isteach an tráchtearra sin i gcríoch an Aontais a laghdú go leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí sin inti a áirithiú.

(19)

Liostaítear Anoplophora chinensis, Bemisia tabaci, Lopholeucapsis japonica agus víreas fáinnebhall an Tráta mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Erwinia amylovora mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Leagtar amach ceanglais speisialta freisin i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, chun teacht isteach agus leathadh na lotnaide sin laistigh de na criosanna cosanta sonraithe a chosc.

(20)

Os a choinne sin, maidir le Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Didesmococcus unifasciatus, Diplodia bulgarica, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Maconellicoccus hirsutus, Pochazia shantungensis agus Pratylenchus loosi, ní áirítear iad go fóill sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ach d’fhéadfaidís na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán. Dá bhrí sin, tá gá le bearta fíteashláintíochta i dtaca leis na lotnaidí sin, go dtí go ndéanfar measúnú iomlán. Maidir le haicmiú lotnaide Russellaspis pustulans, tugtar le fios go gcomhlíonann an lotnaid na coinníollacha le bheith liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le bearta fíteashláintíochta i ndáil leis an lotnaid sin go dtí go liostófar í in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

(22)

Ní áirítear Cicadatra persicaPyrolachnus pyri ar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais go fóill. Mar sin féin, ós rud é nár aimsíodh aon tionchar mór ar phlandaí óstacha atá ionfhabhtaithe leis na lotnaidí sin san Aontas, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin i ndáil leis na lotnaidí sin.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Malus domestica plants from Turkey [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ar de thionscnamh na Tuirce iad]. Iris EFSA 2022;20(5):7301, lch. 142. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7301.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2095 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2022 lena suitear bearta chun tabhairt isteach, bunú agus leathadh Anoplophora chinensis (Forster) laistigh de chríoch an Aontais a chosc agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/138/AE. C/2022/7611 (IO L 281, 31.10.2022, lgh. 53–70). ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2095/oj

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(9)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the pest categorisation of Russellaspis pustulans [Tuairim Eolaíoch maidir le haicmiú lotnaide Russellaspis pustulans]. Iris EFSA 2022;20(6):7335, lch. 29 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7335ISSN:1831-4732

(10)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Berberis thunbergii potted plants from Turkey [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí pota Berberis thunbergii ar de thionscnamh na Tuirce iad]. Iris EFSA 2022;20(6):7392, lch. 43 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7392


IARSCRÍBHINN I

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, leasaítear an dara colún ‘Tuairisc’ mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Malus Mill.’:

‘Malus Mill., seachas:

plandaí Malus domestica beangaithe le haghaidh plandú atá aon bhliain go dhá bhliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus de thionscnamh na Seirbia;

plandaí Malus domestica beangaithe le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus de thionscnamh na Moldóive;

fréamhstoic Malus domestica atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus de thionscnamh na hÚcráine;

plandaí Malus domestica beangaithe le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus de thionscnamh na hÚcráine;

beangáin Malus domestica atá suas le bliain amháin d’aois, iad gan duilleoga agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Malus domestica le haghaidh plandú atá suas 7 mbliana d’aois agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Malus sylvestris le haghaidh plandú atá suas le 7 mbliana d’aois, a bhfuil trastomhas uasta 40 mm acu ag bonn an ghais agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Malus domestica beangaithe le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois, iad fréamhlom, suanach, gan duilleoga agus de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine;

bata bachlóg agus beangáin Malus domestica atá suas le bliain amháin d’aois, iad gan duilleoga agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

plandaí Malus domestica le haghaidh plandú atá fréamhlom, suanach, gan duilleoga, a bhfuil trastomhas uasta gais 3 cm acu, agus de thionscnamh na Tuirce.’

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Berberis L.’:

Berberis L., seachas plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois i ndamhna fáis agus atá 40 cm ar airde ar airde ar a mhéad, de thionscnamh na Tuirce’.


IARSCRÍBHINN II

I dtábla na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh ‘ Ligustrum delavayanum agus Ligustrum japonicum, plandaí atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú i ndamhna fáis agus a bhfuil trastomhas uasta 18 cm acu ag bonn an ghais.’ de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.

Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

Cód CN

Tríú tíortha tionscnaimh

Bearta

“Malus domestica,

bata bachlóg agus beangáin atá suas le bliain amháin d’aois, iad gan duilleoga;

plandaí le haghaidh plandú atá fréamhlom, suanach, gan duilleoga, a bhfuil trastomhas uasta gais 3 cm acu.

ex 0602 10 90

ex 0602 20 20

an Tuirc

(a)

Ráiteas oifigiúil ina luaitear an méid seo a leanas:

(i)

tá na plandaí saor ó Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Didesmococcus unifasciatus Diplodia bulgarica, Euzophera semifuneralis Hoplolaimus galeatus, Maconellicoccus hirsutus. Pochazia shantungensis, Pratylenchus loosi agus Russellaspis pustulans;

(ii)

fuarthas amach go bhfuil an láithreán táirgthe saor ó Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Didesmococcus unifasciatus Diplodia bulgarica, Euzophera semifuneralis, Hoplolaimus galeatus, Maconellicoccus hirsutus, Pochazia shantungensis, Pratylenchus loosi agus Russellaspis pustulans le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús thimthriall táirgthe na bplandaí;

(iii)

cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra beangaithe, prúnála agus iad siúd a úsáidtear chun plandaí bradacha a bhaint le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, agus Diplodia bulgarica, sular tugadh isteach i ngach láithreán táirgthe iad;

(iv)

díreach sula ndearnadh onnmhairiú, rinneadh cigireacht oifigiúil ar choinsíneachtaí de na plandaí chun Calepitrimerus baileyi, Cenopalpus irani, Didesmococcus unifasciatus, Euzophera semifuneralis, Maconellicoccus hirsutus, Pochazia shantungensis agus Russellaspis pustulans a aimsiú agus ba leor méid an tsampla chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 % i gcás gach lotnaide, agus rinneadh cigireacht oifigiúil agus sampláil agus tástáil randamach chórasach ar an bplanda chun Diplodia bulgarica, Hoplolaimus galeatus agus Pratylenchus loosi a aimsiú;

(b)

áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

(i)

an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’; agus

(ii)

sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1162/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)