|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1156 |
17.4.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1156 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Aibreán 2024
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Aibreán 2007, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún Comhaontú Comhlachais a chaibidil le Meiriceá Láir thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát. Leasaíodh na treoracha caibidlíochta an 10 Márta 2010 chun go mbeadh Panama páirteach sa phróiseas caibidlíochta. |
|
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích le linn Chruinniú Mullaigh AE-Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib i Maidrid i mí na Bealtaine 2010 agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile, (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) an 22 Márta 2011. |
|
(3) |
I gcomhréir le Cinneadh 2012/734/AE ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 29 Meitheamh 2012, faoi réir a thabhairt i gcrích, agus bhí feidhm ag Cuid IV de ar bhonn sealadach. |
|
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas. |
|
(5) |
Ní dhéantar difear leis an gComhaontú do chearta infheisteoirí na mBallstát sochar a bhaint as aon chóir níos fabhraí dá bhforáiltear in aon chomhaontú a bhaineann le hinfheistíocht a bhfuil Ballstát agus Poblacht shínithe de Mheiriceá Láir ina bPáirtithe ann. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 218(7) den Chonradh, is iomchuí don Chomhairle an Coimisiún a údarú formheas a dhéanamh ar mhodhnuithe ar liosta na dtásc geografach arna moladh ag an bhFochoiste um Maoin Intleachtúil chuig an gCoiste Comhlachais lena bhformheas ag an gComhairle Comhlachais de bhun Airteagal 247 agus Airteagal 274.2(a) den Chomhaontú. |
|
(7) |
Is iomchuí na nósanna imeachta ábhartha maidir le tásca geografacha a chosaint a leagan amach de bhun an Chomhaontaithe. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 356 den Chomhaontú, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh nach ndéanfar an Comhaontú a fhorléiriú mar ní a thugann cearta nó a fhorchuireann oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna agus bhinsí an Aontais nó na mBallstát. |
|
(9) |
Tá forálacha an Chomhaontaithe a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina gceangal ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn mar Pháirtithe Conarthacha ar leith, agus ní mar chuid den Aontas Eorpach, mura mbeidh fógra comhpháirteach tugtha ag an Aontas Eorpach in éineacht leis an Ríocht Aontaithe agus/nó ag Éirinn don Pháirtí de Mheiriceá Láir go bhfuil an Ríocht Aontaithe nó Éire faoi cheangal mar chuid den Aontas Eorpach i gcomhréir leis an bPrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Má scoireann an Ríocht Aontaithe agus/nó Éire de bheith faoi cheangal mar chuid den Aontas Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 4a den Phrótacal sin (Uimh. 21), cuirfidh an tAontas Eorpach in éineacht leis an Ríocht Aontaithe agus/nó Éire an Páirtí de Mheiriceá Láir ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar a seasamh. Sa chás sin, leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag forálacha an Chomhaontaithe ina gcáil féin. Is amhlaidh atá maidir leis an Danmhairg i gcomhréir le Prótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar, leis seo, an Comhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile (3), a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a chumhachtaítear, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 353, míreanna 2, 3 agus 4 den Chomhaontú a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.
Airteagal 3
Chun críocha Airteagal 247 den Chomhaontú, is é an Coimisiún a fhormheasfaidh modhnuithe ar an gComhaontú trí chinntí na Chomhairle Comhlachais, mar a mhol an Fochoiste um Maoin Intleachtúil i ndáil le tásca geografacha, thar ceann an Aontais Eorpaigh. I gcás nach féidir le páirtithe leasmhara teacht ar chomhaontú tar éis agóidí a bhaineann le tásc geografach, glacfaidh an Coimisiún seasamh ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus d’earraí bia a chosaint (4).
Airteagal 4
1. Ainm arna chosaint faoi Iarscríbhinn XVIII den Chomhaontú (Tásca Geografacha faoi chosaint), féadfaidh aon oibreoir a mbeidh táirgí talmhaíochta, ábhar beatha, fíonta, fíonta cumhraithe nó biotáillí atá i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach á margú aige an t-ainm sin a úsáid.
2. Déanfaidh na Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh an chosaint dá bhforáiltear in Airteagal 246 den Chomhaontú a fhorfheidhmiú freisin arna iarraidh sin ag páirtí leasmhar.
Airteagal 5
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú mar ní a thugann cearta nó a fhorchuireann oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna agus bhinsí an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Aibreán 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. VAN PETEGHEM
(1) Toiliú an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(2) IO L 346, 15.12.2012, lch. 1.
(3) Foilsíodh an Comhaontú in IO L 346, 15.12.2012, lch. 3, mar aon leis an gCinneadh maidir le síniú.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1156/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)