|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1146 |
16.5.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 292/2023
an 27 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIV (Iomaíocht) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1146]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2023/822 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 a mhéid a bhaineann lena thréimhse chur i bhfeidhm (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 4b (Rialachán (AE) Uimh. 461/2010 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32023 R 0822: Rialachán (AE) 2023/822 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 (IO L 102I, 17.4.2023, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2023/822 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2023.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 102I, 17.4.2023, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1146/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)