|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1119 |
16.5.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 280/2023
an 27 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1119]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/895 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta, na formáidí agus na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun a dtuarascáil ar a sócmhainneacht agus ar a staid airgeadais a nochtadh, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2452 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 ón gCoimisiún (3), Rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/895 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2452 ón gCoimisiún (4), Rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1p (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2452 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 agus (AE) 2023/895 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 120, 5.5.2023, lch. 1.
(2) IO L 120, 5.5.2023, lch. 1597.
(3) IO L 347, 31.12.2015, lch. 1.
(4) IO L 347, 31.12.2015, lch. 1285.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1119/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)