|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1117 |
16.5.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 282/2023
an 27 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1117]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/206 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe agus na coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht luachanna íosta an chaillteanais i gcás mainneachtana le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 14azzi (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2328 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘14azzj. |
32023 R 0206: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/206 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cineálacha fachtóirí atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-ualaí priacail le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe agus na coinníollacha atá le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht luachanna íosta an chaillteanais i gcás mainneachtana le haghaidh risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe (IO L 29, 1.2.2023, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/206 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 29, 1.2.2023, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1117/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)