|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1112 |
22.4.2024 |
MOLADH (AE) 2024/1112 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Aibreán 2024
maidir le hiniúchtaí cliniciúla ar chleachtais raideolaíocha leighis a dhéantar de bhun Threoir 2013/59/Euratom ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 33, an dara mír, agus Airteagal 106a de ina dtagraítear d’Airteagal 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 2, pointe (b) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’), déantar foráil maidir le caighdeáin chomhionanna sábháilteachta a bhunú chun sláinte oibrithe agus sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a eascraíonn as radaíocht ianúcháin. |
|
(2) |
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, le hAirteagal 31 de Chonradh Euratom cuirtear de chúram ar an gComhairle na bunchaighdeáin a bhunú chun sláinte oibrithe agus sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a eascraíonn as radaíochtaí ianúcháin, ar thogra ón gCoimisiún, agus ceadaítear le hAirteagal 32 na bunchaighdeáin sin a athbhreithniú nó a fhorlíonadh. |
|
(3) |
Ghlac an Chomhairle roinnt treoracha lena leagtar síos na bunchaighdeáin sábháilteachta sin. Is í Treoir 2013/59/Euratom (1) ón gComhairle an ceann is déanaí. |
|
(4) |
Maidir leis na caighdeáin arna mbunú le Treoir 2013/59/Euratom, tá feidhm acu, i measc caighdeáin eile, i ndáil le cleachtais raideolaíocha leighis, i gcás ina sainmhínítear ‘raideolaíoch leighis’ mar rud a bhaineann le gnáthaimh radaidiagnóiseacha agus radaiteiripeacha, agus an raideolaíocht idirghabhálach nó úsáidí leighis eile na radaíochta ianúcháin chun críocha pleanála, treoraithe agus fíoraithe. I dTreoir 2013/59/Euratom tugtar sainmhíniú breise ar ‘radaidiagnóiseach’ mar rud a bhaineann le leigheas núicléach diagnóiseach in-vivo, raideolaíocht dhiagnóiseach leighis ina n-úsáidtear an radaíocht ianúcháin, agus an raideolaíocht fiaclóireachta, agus ar ‘raiditeiripeach’ mar rud a bhaineann le radaiteiripe, lena n-áirítear leigheas núicléach chun críoch teiripeach. |
|
(5) |
Le hAirteagal 58, pointe (e), de Threoir 2013/59/Euratom, ceanglaítear ar na Ballstáit iniúchtaí cliniciúla a dhéanamh i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta. Sainmhínítear ‘iniúchadh cliniciúil’ mar scrúdú nó athbhreithniú córasach ar ghnáthaimh raideolaíocha leighis lena bhféachtar le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar thoradh an chúraim d’othair tríd an athbhreithniú struchtúrtha, trína ndéantar cleachtais, gnáthaimh agus torthaí raideolaíocha leighis a scrúdú de réir caighdeáin chomhaontaithe le haghaidh dea-ghnáthaimh raideolaíocha leighis, le modhnú ar na cleachtais, i gcás inarb iomchuí, agus le cur i bhfeidhm caighdeán nua más gá. |
|
(6) |
Is comhpháirt fhíor-riachtanach dedhiagnóis agus de chóireáil leighis nua-aimseartha iad úsáidí leighis na radaíochta ianúcháin, rud a chuireann tairbhí suntasacha ar fáil d’othair agus don tsochaí má dhéantar go hiomchuí iad. An tráth céanna, tá gnáthaimh leighis fós ar an bhfoinse shaorga is mó nochtadh don radaíocht ianúcháin atá roimh shaoránaigh an Aontais, agus sainaithnítear dúshláin sábháilteachta agus cháilíochta ar leith sa raideolaíocht dhiagnóiseach agus idirghabhálach, sa radaiteiripe, agus i ngnáthaimh míochaine núicléiche. |
|
(7) |
Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go dtabharfar cosaint éifeachtach d’othair ar na héifeachtaí neamh-inmhianaithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar nochtadh leighis don radaíocht ianúcháin, mar aon le hoibrithe agus daoine den phobal a chosaint ar nochtadh gaolmhar ceirde agus poiblí araon. |
|
(8) |
Is uirlis fhíor-riachtanach é iniúchadh cliniciúil ar ghnáthaimh raideolaíocha leighis laistigh den rialachas cliniciúil lena n-áirithítear go gcuirtear feabhas leanúnach ar cháilíocht agus ar shábháilteacht seirbhísí cúraim sláinte, agus mar sin go gcuirtear feabhas ar an gcúram sláinte d’othair dá bharr. Trí cháilíocht agus sábháilteacht na bhfeidhmchlár leighis a áirithiú, cuirtear le cur chun feidhme Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa (2), arb é is aidhm dó cúram ar cháilíocht níos airde a chur ar fáil d’othair ailse. |
|
(9) |
Cé gur cuid fhíor-riachtanach é iniúchadh cliniciúil chun cáilíocht sa chúram sláinte a áirithiú, níl úsáid na radaíochta ianúcháin ach ar cheann den iliomad cleachtas agus rioscaí nach mór a bhainistiú. Thairis sin, bheadh iniúchadh cliniciúil ar chleachtais agus ar rioscaí nach gcumhdaítear le Treoir 2013/59/Euratom, amhail leachtanna codarsnachta, athshondas maighnéadach, agus íomháú ultrafhuaime, ina rannchuidiú le cáilíocht agus sábháilteacht fhoriomlán an íomháithe leighis. |
|
(10) |
Tá coincheap na hiniúchóireachta cliniciúla comhlántach le cigireachtaí a dhéanann na húdaráis inniúla, agus le hiniúchtaí rialála a d’fhéadfadh an gnóthas a dhéanamh, agus níor cheart é a mheascadh suas leis na cigireachtaí sin. |
|
(11) |
Is léir ón taithí a fuarthas tar éis na mblianta d’iniúchtaí cliniciúla a chur chun feidhme ar fud an Chomhphobail go bhfuil difríochtaí móra idir na Ballstáit sa tslí a gcuireann siad chun feidhme iad, agus go bhfuil dúshláin éagsúla rompu maidir le bonneagar éifeachtach le haghaidh iniúchadh cliniciúil a bhunú nó a fhorbairt. |
|
(12) |
Fuarthas amach i staidéar (3) a rinne an Coimisiún le déanaí, in ainneoin dul chun cinn áirithe, go bhfuil glacadh agus cur chun feidhme iniúchta chliniciúil fós éagsúil ar fud an Chomhphobail. Thángthas ar an gconclúid sa staidéar gur éifeachtaí iniúchadh cliniciúil, mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/59/Euratom, nuair a ionchorpraítear é mar ghné lárnach den bhonneagar iniúchta chliniciúil atá ann cheana laistigh den chóras cúraim sláinte i gcoitinne. Sainaithníodh a thuilleadh ann bacainní coiteanna agus réimsí oibre a bheidh ann amach anseo chun feabhas a chur ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme an iniúchta chliniciúil sna Ballstáit. |
|
(13) |
D’fhorbair na Ballstáit, comhlachtaí gairmiúla, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dea-chleachtais, treoraíocht agus acmhainní éagsúla a bhaineann le hiniúchtaí cliniciúla, lena n-áirítear samplaí, treoirlínte agus lámhleabhair phraiticiúla i ndisciplíní leighis na raideolaíochta, na radaiteiripe agus na míochaine núicléiche. |
|
(14) |
Thairis sin, leag an Chomhairle (4) béim ar an tábhacht a bhaineann le hiniúchtaí cliniciúla atá bunaithe mar is ceart, agus d’eisigh an Coimisiún (5) agus Cinn na nÚdarás Inniúil Eorpach um an gCosaint ar Radaíocht (HERCA) (6) treoraíocht bhreise sa réimse sin. |
|
(15) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, moltaí a dhéanamh chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le cur chun feidhme fhorálacha Threoir 2013/59/Euratom maidir le hiniúchadh cliniciúil ar chleachtais raideolaíocha leighis, d’fhonn cur chuige níos comhchuibhithe a chur chun cinn ar leibhéal an Chomhphobail. |
|
(16) |
Cuirtear san áireamh sa Mholadh seo na seasaimh arna gcur chun cinn ag an nGrúpa Stiúrtha maidir le Cáilíocht agus Sábháilteacht fheidhmeanna leighis na radaíochta ianúcháin (‘SGQS’) (7), arb é is cuspóir dó tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí sna Ballstáit i réimse cháilíocht agus shábháilteacht fheidhmeanna leighis na radaíochta ianúcháin. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Creat agus bonneagar náisiúnta le haghaidh iniúchtaí cliniciúla
|
1. |
Ba cheart do na Ballstáit creat agus bonneagar náisiúnta a bhunú, lena n-áirítear forálacha dlíthiúla agus riaracháin, lena ndéanfaí na comhlachtaí iomchuí a chomhlachú agus acmhainní daonna agus airgeadais a sholáthar, chun iniúchtaí cliniciúla arna ndéanamh de bhun Airteagal 58, pointe (e), de Threoir 2013/59/Euratom (‘iniúchtaí cliniciúla’) a chur chun feidhme go héifeachtach i ngach cleachtas leighis ina n-úsáidtear an radaíocht ianúcháin, lena n-áirítear na cleachtais sin a dhéantar lasmuigh den raideolaíocht, den mhíochaine núicléach agus de ranna radaiteiripe ospidéal nó lárionad leighis, i gcomhréir le leibhéal an riosca raideolaíoch. |
|
2. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le rannpháirtíocht údarás sláinte agus cosanta radaíochta agus sochaithe speisialtachta náisiúnta gairmiúla agus cliniciúla i bhforbairt an chreata agus an bhonneagair náisiúnta le haghaidh iniúchtaí cliniciúla. |
|
3. |
Ba cheart do na Ballstáit caighdeáin ábhartha an dea-chleachtais chliniciúil a shainaithint chun iniúchtaí cliniciúla a dhéanamh ar ghnáthaimh raideolaíocha leighis. |
|
4. |
Ba cheart do na Ballstáit féachaint le hiniúchtaí cliniciúla ar ghnáthaimh leighis ina n-úsáidtear an radaíocht ianúcháin a ionchorprú i gcórais iniúchóireachta níos leithne agus i gcáilíocht an chúraim sláinte, i gcás ina bhfuil siad i bhfeidhm cheana. |
|
5. |
Is don chomhlacht iomchuí nó do na comhlachtaí iomchuí ar an leibhéal náisiúnta is ceart do na Ballstáit na freagrachtaí seo a leanas a shannadh:
|
Rialú rialála ar iniúchtaí cliniciúla
|
6. |
Ba cheart do na Ballstáit measúnú tráthrialta ar chur chun feidhme iniúchtaí cliniciúla a áireamh i gcláir chigireachta na n-údarás atá freagrach as cosaint ar radaíocht i réimse an leighis agus as cáilíocht an chúraim sláinte. |
|
7. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le cuimsiú gnéithe, amhail oiliúint iniúchóirí, comhdhéanamh na foirne iniúchóireachta, ábharthacht na n-ábhar iniúchóireachta, sainaithint caighdeán comhaontaithe, tuarascáil ar an iniúchadh cliniciúil agus obair leantach (lena n-áirítear coigeartú cleachtas más gá), sa rialú rialála ar chur chun feidhme iniúchtaí cliniciúla. |
|
8. |
Ba cheart do na Ballstáit cur chuige grádaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcigireacht ar chur chun feidhme iniúchtaí cliniciúla trína mhinicíocht, tráthúlacht agus doimhneacht a oiriúnú, ag brath ar an riosca raideolaíoch a bhaineann leis an gcleachtas, ó thaobh an othair aonair de agus ó thaobh an daonra de freisin. |
|
9. |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar go tráthrialta maidir le torthaí cigireachta i ndáil le cur chun feidhme iniúchtaí cliniciúla, lena n-áirítear aon mhéadracht agus innéacs ábhartha, mar chuid de thuarascálacha ar ghníomhaíochtaí poiblí na n-údarás inniúil. |
Creidiúnú agus deimhniú ospidéil agus cleachtas leighis
|
10. |
Ba cheart do na Ballstáit critéir le haghaidh iniúchtaí cliniciúla a áireamh i gcaighdeáin chreidiúnaithe agus deimhniúcháin agus i gcláir maidir le cleachtais leighis ina n-úsáidtear an radaíocht ianúcháin. |
|
11. |
Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a chur ar bun chun cur chun feidhme iniúchtaí cliniciúla a fhíorú go córasach i ngníomhaíochtaí creidiúnaithe agus deimhniúcháin tosaigh agus leantacha maidir le cleachtais leighis ina n-úsáidtear an radaíocht ianúcháin. |
Cumasóirí agus tacaíocht chun iniúchadh cliniciúil a chur chun feidhme go rathúil
|
12. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le teagasc an iniúchta chliniciúil a ionchorprú i gcuraclaim oideachais agus oiliúna tosaigh agus leanúnacha gairmithe cúraim sláinte, lena n-áirítear próifílí riaracháin agus bainisteoirí. |
|
13. |
Ba cheart do na Ballstáit cultúr iniúchtaí cliniciúla a chothú lena mbaineann dearcadh iomlánaíoch, dearfach agus saor ó locht i leith iniúchtaí cliniciúla chun iniúchtaí cliniciúla a chur chun feidhme go héifeachtach i ngach cleachtas leighis ina n-úsáidtear radaíocht ianúcháin. |
|
14. |
Ba cheart do na Ballstáit iniúchtaí cliniciúla a chomhtháthú in eagrú na ranna ábhartha agus socruithe a dhéanamh ionas go mbeidh lucht bainistíochta an ospidéil i mbun iniúchtaí cliniciúla a chur chun feidhme agus go gcuirfidh siad tacaíocht agus acmhainní ar fáil chun na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme. |
|
15. |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a roinnt maidir le hiniúchtaí cliniciúla, amhail treoirlínte maidir le hiniúchtaí cliniciúla, caighdeáin le haghaidh dea-ghnáthaimh raideolaíocha leighis, torthaí ar iniúchtaí agus doiciméid tagartha eile, agus leas iomlán á bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ardán digiteach coiteann a fhorbairt chun na críche sin. |
Rannpháirtíocht othar agus rochtain ar shonraí othar
|
16. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le rannpháirtíocht ionadaithe othar i dtionscadail an iniúchta chliniciúil agus i mbeartais agus treoirlínte náisiúnta agus áitiúla don iniúchadh cliniciúil a fhorbairt. I gcás inarb iomchuí, ba cheart aiseolas agus ionchais na n-othar a chur san áireamh sna hiniúchtaí cliniciúla. |
|
17. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le rochtain ar shonraí othar a mhéid is gá le haghaidh iniúchtaí cliniciúla, trí shonraí anaithnidithe a úsáid de réir mar is gá, i gcomhréir iomlán le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos bunchaighdeáin sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/59/oj).
(2) https://health.ec.europa.eu/non-communicable-diseases/cancer_ga#policy-framework
(3) Cosaint ar Radaíocht 198 (RP198) ‘Current Status and Recommendations for Improving Uptake and Implementation of Clinical Audit of Medical Radiological Procedures’ [Stádas Reatha agus Moltaí chun Feabhas a chur ar Ghlacadh agus ar Chur Chun Feidhme an Iniúchta Chliniciúil ar Ghnáthaimh Raideolaíocha Leighis], an Coimisiún Eorpach, 2022.
(4) Conclúidí ón gComhairle an 3 Nollaig 2015 maidir le ‘Bonn cirt le híomháú leighis lena mbaineann nochtadh don radaíocht ianúcháin’ (doiciméad 14617/15).
(5) ‘Treoirlínte ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiniúchadh cliniciúil ar chleachtais raideolaíocha leighis (an raideolaíocht dhiagnóiseach, míochaine núicléach agus an radaiteiripe), foilseachán Uimh. 159 (2009) maidir leis an gCosaint ar Radaíocht’.
(6) Páipéar Seasaimh ó HERCA maidir le hIniúchadh Cliniciúil i gcleachtais Raideolaíocha Leighis (Deireadh Fómhair 2019), Aguisín a ghabhann leis an bpáipéar seasaimh ó HERCA maidir le hiniúchadh cliniciúil (Meitheamh 2021).
(7) An Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’Eintitis Eile den Saghas Céanna, cód tagartha E03845.
(8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1112/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)