European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1111

23.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1111 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012, Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, a mhéid a bhaineann le ceanglais a bhunú maidir le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach a oibriú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 23(1), Airteagal 31(1), Airteagal 44(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá coincheapa nua um aerghluaiseacht bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha, amhail aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, tagtha chun cinn le blianta beaga anuas agus tá leibhéil éagsúla aibíochta ag baint leo inniu. Mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta agus riachtanais iompair atá ag athrú, d’fhéadfadh níos mó coincheapa nuálacha teacht chun cinn sna blianta romhainn.

(2)

Tá dúshláin sábháilteachta uathúla ag baint le hoibríochtaí le dearthaí aerárthaí nuálacha mar gheall go bhfuil siad in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach agus a gcumas oibriú i dtimpeallachtaí uirbeacha plódaithe. Ba cheart a áirithiú le creat rialála tiomnaithe, cuimsitheach, go ndéantar oibríochtaí den sórt sin go sábháilte agus go n-íoslaghdaítear an riosca do phaisinéirí, don fhoireann, agus don phobal.

(3)

Teicneolaíocht nua atá á forbairt is ea aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, agus is gá nósanna imeachta soiléire a leagan síos maidir le deimhniú agus formheas a n-oibríochtaí lena áirithiú go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta agus feidhmíochta. Ba cheart próiseas soiléir agus trédhearcach a thabhairt i gcreat rialála tiomnaithe, cuimsitheach a mhéid a bhaineann le gnéithe deimhniúcháin agus formheasa d’oibríochtaí le haerárthach den sórt sin, a thugann an deimhneacht is gá d’oibreoirí agus a éascaíonn forbairt agus tráchtálú na n-aerárthach sin.

(4)

Baineann guaiseacha sábháilteachta le hoibríochtaí tráchtála agus neamhthráchtála le haerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach is gá a mhaolú i gceart chun sábháilteacht na bpaisinéirí agus na foirne san aer agus daoine ar an talamh a áirithiú. Dá bhrí sin, is beart atá i ndeimhniú oibreoirí na n-aerárthach sin, ar féidir leis cabhrú chun rioscaí sábháilteachta a bhfuil eolas orthu nó rioscaí sábháilteachta féideartha a eascraíonn as oibríocht na dteicneolaíochtaí nua sin a mhaolú agus cultúr sábháilteachta iomchuí a fhorbairt.

(5)

De réir mar atá oibríochtaí le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach ag éirí níos coitianta, is gá a áirithiú go ndéantar iad a chomhtháthú go sábháilte agus go héifeachtach sa chóras aerspáis atá ann cheana. Ba cheart a leagan síos le creat rialála tiomnaithe, cuimsitheach, dá bhrí sin, rialacha agus nósanna imeachta soiléire chun oibríochtaí den sórt sin a chomhtháthú san aerspás, dá réir sin ag cabhrú chun an riosca imbhuailte agus teagmhais sábháilteachta eile a íoslaghdú.

(6)

Chun comhtháthú a dhéanamh amach anseo ar aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach i gcórais iompair na mBallstát, tá sé iomchuí an creat rialála céanna atá ar fáil inniu a chur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí le heitleáin agus héileacaptair, leis na leasuithe is gá agus na coincheapa oibríochtaí aerghluaiseachta nua le haerárthaigh le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, teorainneacha feidhmíochta agus oibríochta, agus rioscaí sonracha á gcur san áireamh. Dá bhrí sín, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 (3), Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (4), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 (5) a leasú dá réir.

(7)

Go háirithe, chun infhaighteacht na bpíolótaí atá incháilithe go hiomchuí a áirithiú le linn na chéad chéim d’oibríochtaí le haerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, ba cheart deis a thabhairt do shealbhóirí ceadúnas píolóta tráchtála d’eitleáin nó héileacaptair rátáil chineáil a chur lena gceadúnas d’aerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh nó tuirlingt go hingearach, lena n-áirítear pribhléidí chun an t-aerárthach sin a oibriú faoi rialacha um eitilt de réir uirlisí, i gcás inar gá. I gcás ina bhfuil deimhnithe teagascóra nó scrúdaitheora freisin ag píolótaí den sórt sin le haghaidh eitleán nó héileacaptar, ba cheart deis a thabhairt dóibh pribhléidí breise teagascóra nó scrúdaitheora a fháil don aerárthach sin. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú dá réir sin.

(8)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 a leasú freisin chun foráil a dhéanamh maidir le bainistiú aerthráchta sábháilte, ordúil agus éifeachtúil i leith aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach agus chun imbhuailtí san aer a sheachaint.

(9)

Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú dá réir sin chun foráil a dhéanamh maidir le inter alia Iarscríbhinn nua ina mbeidh ceanglais mhionsonraithe chun aghaidh a thabhairt ar oibríochtaí aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach. Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú chun catagóir nua aerárthaigh a áireamh, agus sainmhínithe atá ann cheana a bheachtú an tráth céanna. Ba cheart Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú chun cur leis an raon feidhme atá ag ceanglais deimhniúcháin atá ann cheana maidir le haeriompar tráchtála agus ba cheart forálacha nua a áireamh in Iarscríbhinn V lena gcumasófar seirbhísí leighis éigeandála agus oibríochtaí tarrthála le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach.

(10)

Thairis sin, ba cheart aeriompar earraí contúirteacha a chur i gcrích i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais inmholta atá in Iarscríbhinn 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus leis na Treoracha Teicniúla is infheidhme. Ba cheart a chur san áireamh sna ceanglais maidir le hoibriú aerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach na forbairtí teicneolaíochta is déanaí i ndearadh agus oibriú aerárthaí, chomh maith leis na cleachtais agus na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a leasú dá réir sin.

(11)

Chun dóthain ama a thabhairt do pháirtithe leasmhara comhlíontacht a áirithiú leis an gcreat rialála nua, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Bealtaine 2025.

(12)

Forbraíodh na ceanglais maidir le haerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear monaróirí, oibreoirí, agus comhlachtaí rialála aerárthaí, lena áirithiú go bhfuil siad iomchuí agus éifeachtach.

(13)

D’ullmhaigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh dréachtrialacha cur chun feidhme agus chuir sí isteach iad le Tuairim Uimh. 03/2023 (6) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(8a)ciallaíonn

‘rótarárthach’ aerárthach cumhacht-tiomáinte, is troime ná an t-aer a bhraitheann go príomha dá thacaíocht le linn eitilte ar an ardú a ghineann suas le dhá rótar;

(8b)ciallaíonn

‘aerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VTOL) (VCA)’ aerárthach cumhacht-tiomáinte is troime ná an t-aer cé is moite d’eitleán nó rótarárthach, atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach trí bhíthin aonaid ardúcháin agus sá a úsáidtear chun ardú a sholáthar le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe.’;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4f

Rátálacha cineáil le haghaidh VCA

1.   Beidh iarratasóirí a bhfuil ceadúnas píolóta tráchtála d’eitleáin (CPL(A)) nó do héileacaptair (CPL(H)) acu i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) i dteideal go n-eiseofar rátáil chineáil dóibh le haghaidh VCA agus feidhmeoidh siad pribhléidí rátála cineáil den sórt sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an méid uile a leanas:

(a)

naréamhriachtanais a shonraítear sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(b)

Cuid 1 d’Fhochuid H d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) agus forálacha an Airteagail seo.

2.   Scrúdú scríofa a bheidh sa scrúdú ar eolas teoiriciúil, agus braithfidh an líon ceisteanna ilroghnacha ar chastacht an aerárthaigh.

3.   Maidir le hoiliúint um rátáil chineáil, tástálacha scileanna agus seiceálacha ar oilteacht maidir le haerárthach a shonraítear i mír 1:

(a)

comhlíonfaidh siad na ceanglais a leanas d’Fhoscríbhinn 9 a ghabhann le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL):

(i)

Roinn A;

(ii)

Ranna B, C nó D, de réir mar a chinntear agus mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012; agus

(b)

faoina coinníollacha agus a mhéid a shonraítear sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, áireofar ann oiliúint agus tástáil bhreise lena cheadú d’iarratasóirí an inniúlacht a fháil chun an VCA ábhartha a oibriú.

4.   De mhaolú ar na míreanna thuas, i gcás iarratasóirí a bhfuil CPL(A) nó CPL(H) acu agus a bhí rannpháirteach in eitiltí tástála le haghaidh cineál áirithe VCA, eiseofar rátáil chineáil dóibh as an aerárthach sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an méid uile a leanas:

(a)

comhlíonann siad na dálaí eitilte maidir le feidhmiú mar phíolóta tástála sa chineál VCA ábhartha, mar a leagtar síos iad i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún;

(b)

tá 50 uair an chloig d’aga eitilte iomlán nó 10 n-uair an chloig d’aga eitilte mar phíolóta i gceannas ar eitiltí tástála sa chineál VCA ábhartha déanta acu;

(c)

comhlíonann siad na réamhriachtanais dá dtagraítear i mír 1(a).

5.   Bliain amháin a bheidh sa tréimhse bhailíochta ar rátálacha cineáil a eisiatar i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfaidh sealbhóirí an méid uile a leanas:

(a)

chun an rátáil chineáil a athbhailíochtú:

(i)

laistigh de thréimhse bhailíochta na rátála, déanfaidh siad ar a laghad 2 uair an chloig d’aga eitilte mar phíolóta ar an gcineál VCA ábhartha;

(ii)

laistigh de na 3 mhí díreach roimh dháta éaga na rátála agus sa chineál VCA ábhartha nó FSTD a léiríonn an t-aerárthach sin, éireoidh leo i seiceáil inniúlachta i gcomhréir le mír 3, ar féidir a fhad a chomhaireamh i dtreo an aga eitilte a shonraítear i mír (a)(i). Má roghnaíonn iarratasóirí an tseiceáil a dhéanamh níos luaithe ná laistigh de na 3 mhí sin, tosóidh an tréimhse bhailíochta nua ó dháta na seiceála inniúlachta;

(b)

chun an rátáil chineáil a athnuachan, comhlíonfaidh siad pointe FCL.740(b) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL).

6.   Beidh sealbhóirí ceadúnais agus rátála cineáil mar a shonraítear i mír 1 i dteideal an VCA ábhartha a oibriú faoi rialacha um eitilt de réir uirlisí (IFR), ar choinníoll go gcomhlíonann siad an méid uile a leanas:

(a)

tá IR(A) nó IR(H) acu, de réir mar is infheidhme;

(b)

tá, sa chineál VCA ábhartha, an tástáil scileanna nó an tseiceáil inniúlachta déanta acu, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le mír 3 lena n-áirítear an t-ábhar ábhartha don eitilt de réir uirlisí.

7.   D’ainneoin phointe FCL.900(b) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), i gcás iarratasóirí a bhfuil deimhniú teagascóra acu i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) le pribhléidí chun oiliúint a sholáthar do rátálacha cineáil eitleáin nó héileacaptair, eiseofar pribhléidí dóibh chun oiliúint a sholáthar do na rátálacha cineáil a shonraítear i mír 1, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil rátáil chineáil acu de réir mhír 1 don chineál VCA ábhartha;

(b)

mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, go bhfuil, laistigh den 12 mhí roimh an iarratas, ar a laghad 30 céim bhealaigh déanta acu, lena n-áirítear éirí de thalamh agus tuirlingtí, mar phíolóta i gceannas sa chineál VCA ábhartha, ar féidir 15 chéim bhealaigh a dhéanamh in FSTD a léiríonn an cineál VCA sin;

(c)

go mbeidh, ag ATO, oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil déanta acu chun pribhléidí teagascóra a shíneadh chuig an gcineál VCA sin, lena n-áirítear gnéithe éigeantacha oiliúna mar a shonraítear sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(d)

gon-éiríonn leo sna codanna ábhartha den mheasúnú inniúlachta i gcomhréir le pointe FCL.935 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL).

De mhaolú ar mhíreanna (b), (c) agus (d), i gcás iarratasóirí a bhfuil deimhniú TRI(A) nó deimhniú TRI(H) acu agus a eisíodh le rátáil chineáil le haghaidh VCA i gcomhréir le mír 4, gheobhaidh siad síneadh lena bpribhléidí TRI chuig an gcineál VCA sin.

8.   Gheobhaidh sealbhóirí pribhléidí teagascóra dá dtagraítear i mír 7 athbhailíochtú nó athnuachan, de réir mar is infheidhme, na bpribhléidí sin i gcás ina gcomhlíonann siad ceanglais athbhailíochtúcháin nó athnuachana ábhartha Fhochuid J d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), de réir mar is infheidhme don deimhniú teagascóra atá acu, agus sa bhreis air sin déanfaidh siad ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

oiliúint athnuachana teagascóra, ag ATO, ina ndírítear ar na pribhléidí de réir mhír 7;

(b)

pas a fháil sna codanna ábhartha den mheasúnú inniúlachta i gcomhréir le pointe FCL.935 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) sa chineál VCA ábhartha dá dtagraítear i mír 1 nó FSTD a léiríonn an cineál sin.

9.   D’ainneoin phointe FCL.1000(b) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), i gcás iarratasóirí a bhfuil deimhniú scrúdaitheora acu i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) le pribhléidí chun feidhmiú mar scrúdaitheoir le haghaidh rátálacha cineáil eitleáin nó héileacaptair, eiseofar pribhléidí dóibh chun tástálacha scileanna agus seiceálacha inniúlachta a dhéanamh le haghaidh cineáil VCA a shonraítear i mír 1, ar choinníoll go bhfuil pribhléidí teagascóra acu de réir mhír 7 le haghaidh an chineáil VCA ábhartha agus go gcomhlíonann siad an méid uile a leanas sa chineál VCA ábhartha nó FSTD a léiríonn an cineál sin:

(a)

gondéanann siad caighdeánú scrúdaitheora i gcomhréir le pointe FCL.1015 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), lena n-áirítear ar a laghad tástáil scileanna nó seiceáil inniúlachta amháin a dhéanamh;

(b)

gon-éiríonn leo sna codanna ábhartha den mheasúnú inniúlachta i gcomhréir le pointe FCL.1020 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL).

10.   Gheobhaidh sealbhóirí pribhléidí scrúdaitheora dá dtagraítear i mír 9 athbhailíochtú nó athnuachan, de réir mar is infheidhme, ar na pribhléidí sin i gcás ina gcomhlíonann siad na codanna ábhartha de phointe FCL.1025 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) agus sa bhreis air sin go ndéanann siad ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann siad an cúrsa scrúdaitheora athnuachana i gcomhréir le pointe FCL.1025(b)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) ina ndírítear ar na pribhléidí de réir mhír 9;

(b)

go n-éiríonn leo sna codanna ábhartha den mheasúnú inniúlachta i gcomhréir le pointe FCL.1020 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) sa chineál VCA ábhartha nó FSTD a léiríonn an cineál sin.’

;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 85:

‘(85)

ciallaíonn ‘rótarárthach’ aerárthach cumhacht-tiomáinte, is troime ná an t-aer a bhraitheann go príomha dá thacaíocht le linn eitilte ar an ardú a ghineann suas le dhá rótar;’;

(b)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(85a)

ciallaíonn ‘héileacaptar’ cineál rótarárthaigh a fhaigheann tacaíocht le linn eitilte den chuid is mó ó fhrithghníomhuithe an aeir ar suas le dhá rótar chumhacht-tiomáinte ar aiseanna atá ingearach a bheag nó a mhór;

(85b)

ciallaíonn ‘aerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VTOL) (VCA)’ aerárthach cumhacht-tiomáinte is troime ná an t-aer cé is moite d’eitleán nó rótarárthach, atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach trí bhíthin aonaid ardúcháin agus sá a úsáidtear chun ardú a sholáthar le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe.’;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(94a)

ciallaíonn ‘staid íosmhéid breosla’ téarma a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt i gcás ina bhfuil staid sroichte ag soláthar breosla/fuinnimh aerárthaigh go bhfuil an eitilt tiomanta do thuirlingt ag aeradróm sonrach agus nach féidir glacadh le moill bhreise ar bith;’.

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír 1a seo a leanas leis:

‘1a.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí aer-shoghluaisteachta nuálaí i gcomhréir leis na rialacha amharceitilte le linn an lae arna ndéanamh agus an dromchla le feiceáil le haerárthach le foireann le píolóta aonair atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach dá dtagraítear i bpointí (b)(i) agus (ii) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1a):

‘(1a)

ciallaíonn ‘rótarárthach’ aerárthach cumhacht-tiomáinte, is troime ná an t-aer a bhraitheann go príomha dá thacaíocht le linn eitilte ar an ardú a ghineann suas le dhá rótar;’;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(1aa)Ciallaíonn

‘héileacaptar’ cineál rótarárthaigh a fhaigheann tacaíocht le linn eitilte den chuid is mó ó fhrithghníomhuithe an aeir ar suas le dhá rótar chumhacht-tiomáinte ar aiseanna atá ingearach a bheag nó a mhór;’;

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(12)

ciallaíonn ‘oibríochtaí aer-shoghluaisteachta nuálaí (ASN)’ aon oibríocht le haerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VTOL) i limistéir phlódaithe agus neamhphlódaithe;

(13)

ciallaíonn ‘aerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VTOL)’ (VCA) aerárthach cumhacht-tiomáinte is troime ná an t-aer cé is moite d’eitleán nó rótarárthach, atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach trí bhíthin aonaid ardúcháin agus sá a úsáidtear chun ardú a sholáthar le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe;

(14)

ciallaíonn ‘eitilt VEMS’ eitilt le VCA a oibríonn faoi fhormheas VEMS, i gcás ina bhfuil iompar láithreach agus mear fíor-riachtanach agus gurb é is cuspóir leis:

(a)

cúnamh liachta éigeandála a éascú tríd na daoine nó na nithe seo a leanas a iompar:

(i)

pearsanra liachta;

(ii)

soláthairtíleighis (trealamh, fuil, orgáin, drugaí);

(iii)

daoine breoite nó gortaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis an gcás,

(b)

aonoibríocht a dhéanamh i gcás ina bhfuil gar-riosca do shláinte an duine nó go bhfuil coinne le riosca do shláinte an duine ón timpeallacht agus:

(i)

gurgá iad a tharrtháil nó soláthairtí a thabhairt dóibh; nó

(ii)

gurgá daoine, ainmhithe nó trealamh a iompar chuig láithreán oibriúcháin VEMS agus uaidh.’;

(3)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1b.   Ní oibreoidh oibreoirí VCA ach amháin i gcomhthéacs oibríochtaí IAM mar a shonraítear in Iarscríbhinní III agus IX a ghabhann leis an Rialachán seo.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(h)

VCA arna úsáid:

(i)

chun earraí contúirteacha a iompar;

(ii)

VEMS.’;

(c)

i mír 5, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(c)

VCA i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn IX.’;

(d)

i mír 5, cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

‘I gcás phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, comhlíonfaidh na heagraíochtaí oiliúna na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) 1178/2011 in ionad Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) den Rialachán seo. Ní sholáthróidh ach eagraíochtaí oiliúna formheasta oiliúint le haghaidh VCA.’;

(4)

Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh oibríochtaí CAT le heitleáin agus héileacaptair faoi réir cheanglais Fhochuid FTL d’Iarscríbhinn III.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   A mhéid a bhaineann le teorainneacha aga eitilte, comhlíonfaidh an t-oibreoir IAM na ceanglais a shonraítear i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a phríomháit ghnó ag an oibreoir, nó, i gcás nach bhfuil aon phríomháit ghnó ag an oibreoir, an áit a bhfuil an t-oibreoir bunaithe nó ina chónaí.’

.

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

(9)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 965/2012 mar a leagtar síos in IarscríbhinnVII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373

I bpointe ATS.TR.305 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, cuirtear isteach an pointe (7a) a leanas i bhfophointe (a):

‘(7a)

faisnéis faoi aerárthach gan foireann;’.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/923/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna bainistithe líonra eile a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/373/oj).

(6)  Tuairim Uimh. 03/2023 - Creat rialála maidir le hoibriú drón a thabhairt isteach – Aer-shoghluaisteacht nuálach a chumasú le MVCA, aeracmhainneacht tosaigh UAS faoi réir deimhnithe, agus aeracmhainneacht leanúnach na UAS sin arna n-oibriú i gcatagóir ‘sonrach’, EASA (Tuairim Uimh. 03/2023)


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe FCL.010 mar a leanas:

(a)

sa sainmhíniú ar ‘Aga eitilte’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír faoi ‘aerlonga’:

‘i gcás aerlong, ciallaíonn sé an t-am iomlán ón tráth a scaoiltear an aerlong ón gcrann chun éirí de thalamh go dtí an tráth a stopann an aerlong ar deireadh ag deireadh na heitilte, agus a dhaingnítear leis an gcrann í;’;

(b)

sa sainmhíniú ar ‘Aga eitilte’, cuirtear an ceathrú mír maidir le haerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach’ mar a leanas leis:

‘i gcás aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA), an t-am iomlán idir an tráth a chumhachtaítear ar na haonaid ardúcháin agus sá chun éirí de thalamh go dtí an tráth a stopann an t-aerárthach ag deireadh na heitilte, agus a chumhachtaítear as na haonaid ardúcháin agus sá.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘Héileacaptar’:

ciallaíonn ‘héileacaptar’ cineál rótarárthaigh a fhaigheann tacaíocht le linn eitilte den chuid is mó ó fhrithghníomhuithe an aeir ar suas le dhá rótar chumhacht-tiomáinte ar aiseanna atá ingearach a bheag nó a mhór.’;

(2)

i bpointe FCL.060, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh de phointe (b):

‘(b)

Eitleáin, héileacaptair, aerárthaí ag a bhfuil ardú cumhachtaithe, aerlonga agus aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach.

Ní oibreoidh píolóta aerárthach le linn iompar aeir tráchtála ná chun paisinéirí a iompar:’.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 923/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe SERA.2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Gníomhaíocht réamheitilte

Sula gcuirfidh an píolóta i gceannas tús le heitilt, cuirfidh sé eolas ar an bhfaisnéis mheitéareolaíochta uile a bheidh ar fáil agus a bhaineann leis an oibríocht atá beartaithe. Leis an ngníomhaíocht réamheitilte le haghaidh eitiltí amach ó fhoisceacht aeradróim, agus i gcás gach eitilte IFR, áireofar staidéar grinn ar na tuairiscí agus réamhaisnéisí aimsire atá ar fáil, agus ceanglais bhreosla/fuinnimh agus modh gníomhaíochta malartach á gcur san áireamh mura féidir an eitilt a chur i gcrích mar a bhí beartaithe.’;

(2)

i bpointe SERA.4005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12) de phointe (a):

‘(12)

Buanseasmhacht breosla/fuinnimh’;

(3)

i bpointe SERA.4015, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Faisnéis a chuirtear isteach roimh imeacht maidir le buanseasmhacht breosla nó fuinnimh nó an líon iomlán daoine a iompraítear ar bord, má bhíonn sí mícheart ag an am imeachta, tá athrú suntasach ar an bplean eitilte i gceist agus, dá bhrí sin, tabharfar tuairisc air.’;

(4)

i bpointe SERA.8015, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4) de phointe (b):

‘(4)

Ath-imréiteach féideartha le linn eitilte. Má tá coinne leis, roimh imeacht don eitleán, ag brath ar bhuanseasmhacht breosla/fuinnimh agus faoi réir ath-imréiteach le linn eitilte, go bhféadfar cinneadh a ghlacadh chun dul ar aghaidh chuig aeradróm cinn scríbe athbhreithnithe, cuirfear in iúl amhlaidh do na haonaid rialaithe aerthráchta iomchuí tríd an bhfaisnéis a bhaineann leis an aerbhealach leasaithe (más eol sin) agus leis an gceann scríbe athbhreithnithe a chur isteach sa phlean eitilte.’;

(5)

i bpointe SERA.8020, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d)(1) agus (2):

‘(d)

Dul in olcas na haimsire faoi bhun an VMC. Nuair is léir nach indéanta í eitilt in VMC i gcomhréir lena phlean eitilte reatha, déanfaidh eitilt VFR a oibrítear mar eitilt rialaithe:

(1)

imréiteach leasaithe a iarraidh lena gcuirtear ar a chumas don aerárthach leanúint ar aghaidh in VMC chuig an gceann scríbe nó chuig aeradróm nó láithreán oibriúcháin malartach, nó chun imeacht ón aerspás inar gá imréiteach ATC; nó

(2)

mura féidir aon imréiteach a fháil i gcomhréir le pointe (1), leanúint ar aghaidh ag oibriú in VMC agus fógra a thabhairt don aonad ATC iomchuí faoin ngníomhaíocht a bhfuiltear á déanamh chun imeacht ón aerspás lena mbaineann nó chun tuirlingt ag an aeradróm nó an láithreán oibriúcháin is gaire atá oiriúnach; nó’;

(6)

i bpointe SERA.9005, cuirtear an pointe (7a) seo a leanas isteach:

‘(7a)

faisnéis faoi aerárthach gan foireann;’;

(7)

i bpointe SERA.11005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ab):

‘(ab)

Má chuirtear isteach ar bhealach neamhdhleathach ar aerárthach, déanfaidh an píolóta i gceannas iarracht tuirlingt a luaithe is indéanta ag an aeradróm nó láithreán oibriúcháin oiriúnach is gaire nó ag aeradróm nó suíomh oibriúcháin tiomnaithe atá sannta ag an údarás inniúil, mura gá a mhalairt a dhéanamh i bhfianaise na dtosca ar bord an aerárthaigh.’;

(8)

i bpointe SERA.11012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Nuair a thuairiscíonn píolóta staid íosmhéid breosla/fuinnimh, cuirfidh an rialaitheoir an píolóta ar an eolas a luaithe is indéanta faoi aon mhoill a bhfuil coinne léi nó nach bhfuil coinne le haon mhoill.

(b)

Nuair a fhágann an leibhéal breosla/fuinnimh gur gá cás guaise a dhearbhú, cuirfidh an píolóta, i gcomhréir le pointe SERA.14095, an méid sin in iúl tríd an gcomhartha guaise radaiteileafónaíochta (MAYDAY) a úsáid, arbh fhearr é a rá trí huaire, agus cineál an reachta guaise a rá ina dhiaidh sin (FUEL).’;

(9)

leasaítear pointe SERA.11015 mar a leanas:

(a)

i dTábla S11-1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Sraith 3’:

‘3

LÁ nó OÍCHE — Fearas tuirlingthe a ísliú (má tá sé feistithe), soilse tuirlingthe seasmhacha a thaispeáint agus eitilt thar an rúidbhealach atá á úsáid nó, más héileacaptar/aerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach é an t-aerárthach arna idircheapadh, eitilt thar limistéar tuirlingthe an héileacaptair/an aerárthaigh atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go ingearach. I gcás héileacaptar/aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, déanann an héileacaptar idircheaptha/an t-aerárthach idircheaptha atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach ascnamh tuirlingthe, ag teacht ar foluain gar don limistéar tuirlingthe.

Tuirlingt ag an aeradróm sin.

LÁ nó OÍCHE — Fearas tuirlingthe a ísliú (má tá sé feistithe), soilse tuirlingthe seasmhacha a thaispeáint agus an t-aerárthach idircheaptha a leanúint agus, más rud é, tar éis dó eitilt thar an rúidbhealach atá á úsáid nó, thar limistéar tuirlingthe an héileacaptair/an aerárthaigh atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, go meastar an tuirlingt a bheith sábháilte, dul ar aghaidh chun tuirlingt.

Tuigim, déanfaidh mé amhlaidh.’

(b)

i dTábla S11-2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Sraith 4’:

‘4

LÁ nó OÍCHE — Fearas tuirlingthe a ardú (má tá sé feistithe) agus soilse tuirlingthe a splancáil agus é ag gabháil thar an rúidbhealach atá á úsáid nó an limistéar tuirlingthe héileacaptair/aerárthaigh atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach ag airde os cionn 300 m (1 000 troigh) ach nach airde ná 600 m (2 000 troigh) (i gcás héileacaptair, ag airde os cionn 50 m (170 troigh) ach nach airde ná 100 m (330 troigh)) os cionn leibhéal an aeradróim, agus leanúint ar aghaidh ag timpeallú an rúidbhealaigh atá á úsáid/an limistéir tuirlingthe le haghaidh héileacaptair/aerárthach atá in ann éirí de thalamh nó tuirlingt go hingearach. Mura féidir soilse tuirlingthe a splancáil, aon solas eile atá ar fáil a splancáil.

Tá an t-aeradróm a d’ainmnigh tú uireasach.

LÁ nó OÍCHE — Más inmhianaithe go leanfaidh an t-aerárthach arna idircheapadh an t-aerárthach idircheaptha chuig aeradróm malartach, ardaíonn an t-aerárthach idircheaptha a fhearas tuirlingthe (má tá sé feistithe) agus úsáideann sé comharthaí Shraith 1 atá forordaithe le haghaidh aerárthaí idircheaptha.

Má chinntear an t-aerárthach arna idircheapadh a scaoileadh, úsáideann an t-aerárthach idircheaptha comharthaí Shraith 2 le haghaidh aerárthaí idircheaptha.

Tuigim, lean mé.

Tuigim, féadfaidh tú dul ar aghaidh.’

(c)

i bhFoscríbhinn 1 leasaítear ‘Comharthaí’, pointe ‘4. COMHARTHAÍ COGAIRSITHE’ mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de phointe 4.1.1:

‘(b)

i gcás héileacaptair/aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, san áit is fearr is féidir leis an bpíolóta an comharthóir/maor treorach a fheiceáil.’;

(2)

i bpointí 16 go 20 de phointe 4.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonótaí 1 go 3:

‘(1)

Le húsáid i gcás héileacaptair/aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach atá ar foluain.

(2)

Le húsáid i gcás héileacaptair/aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach atá ar foluain.

(3)

Le húsáid i gcás héileacaptair/aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach atá ar foluain.’;

(d)

i bhFoscríbhinn 5 ‘Sonraíochtaí teicniúla i ndáil le breathnóireachtaí aerárthaí agus tuairiscí ón gcumarsáid ghutha’, leasaítear mar a leanas roinn ‘A. TREORACHA TUAIRISCITHE’:

 

i bpointe 2 ‘TREORACHA TUAIRISCITHE MIONSONRAITHE’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad [Mír 8] de Roinn 2:

‘Mí r 8—

BUANSEASMHACHT. ‘BUANSEASMHACHT’ a thuairisciú, agus an bhuanseasmhacht breosla/fuinnimh ina dhiaidh i líon uaireanta an chloig agus nóiméad (4 uimhir).’.

IARSCRÍBHINN III

Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I:

‘Iarscríbhinn I — Sainmhínithe le haghaidh téarmaí a úsáidtear in Iarscríbhinní II go IX’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21:

‘(21)

ciallaíonn ‘glanbhealach’ limistéar dronuilleogach sainithe ar an talamh nó ar an uisce atá faoi rialú an údaráis iomchuí, é roghnaithe nó ullmhaithe mar limistéar oiriúnach a bhféadfadh eitleán cuid dá dhreapadh tosaigh a dhéanamh os a chionn go dtí airde shonraithe;’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 26:

‘(26)

ciallaíonn ‘breosla/fuinneamh cúltaisce’ an breosla/fuinneamh is gá chun cúiteamh a dhéanamh d’fhachtóirí gan choinne a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an ídiú breosla/fuinnimh chuig an aeradróm nó an ingearfort cinn scríbe;’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 31:

‘(31)

ciallaíonn ‘céimeanna criticiúla eitilte’ an méid a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar, inleadh, a bheith ar foluain, éirí de thalamh, ascnamh deiridh, ascnamh iomraill, tuirlingt agus aon chéim eile d’eitilt mar a chinneann an píolóta i gceannas nó an ceannasaí;

(b)

i gcás VCA, inleadh ar an talamh agus paisinéirí ar bord chun críche eitilte nó tar éis tuirlingthe, inleadh san aer, a bheith ar foluain, ascnamh deiridh, ascnamh iomraill (dul timpeall), tuirlingt agus aon chéim eile d’eitilt arna cinneadh ag an bpíolóta atá i gceannas;’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 39:

‘(39)

ciallaíonn ‘fad DR’ an fad cothrománach a thaistil an héileacaptar nó an VCA ó dheireadh an fhad éirí de thalamh dá bhfuil ar fáil;’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 48:

‘(48)

ciallaíonn ‘limistéar ascnaimh deiridh agus éirí de thalamh (FATO)’ limistéar sainithe le haghaidh oibríochtaí héileacaptair nó VCA thar a gcuirtear i gcrích an chéim deiridh den ainliú ascnaimh chun bheith ar foluain nó chun tuirlingt, agus óna gcuirtear tús leis an ainliú éirí de thalamh; i gcás héileacaptair a oibríonn in aicme feidhmíochta 1 agus VCA a oibríonn sa chatagóir Feabhsaithe nó a coibhéis, áirítear sa limistéar sainithe an limistéar éirí de thalamh tobscortha a bhí ar fáil;’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 50a:

‘(50a)

ciallaíonn ‘aga eitilte’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás eitleán, an t-am iomlán ón tráth a ghluaiseann eitleán ar dtús chun éirí de thalamh go dtí an tráth a stopann sé ag deireadh na heitilte;

(b)

i gcás héileacaptar, an t-am iomlán idir an tráth a thosaítear casadh lanna rótair héileacaptair chun éirí de thalamh go dtí an tráth a stopann an héileacaptar ag deireadh na heitilte, agus a stoptar na lanna rótair;

(c)

i gcás aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA), an t-am iomlán idir an tráth a chumhachtaítear ar na haonaid ardúcháin agus sá chun éirí de thalamh go dtí an tráth a stopann an t-aerárthach ag deireadh na heitilte, agus a chumhachtaítear as na haonaid ardúcháin agus sá;’;

(8)

cuirtearan méid seo a leanas in ionad phointe 53:

‘(53)

ciallaíonn ‘pearsanra na seirbhíse éigeandála ar talamh’ aon phearsanra na seirbhíse éigeandála ar talamh, amhail póilíní, comhraiceoirí dóiteáin, etc., a bhfuil baint acu le seirbhísí leighis éigeandála (HEMSanna) nó le seirbhísí leighis éigeandála le VCA (VEMSanna) agus a mbaineann tábhacht lena gcúraimí a bheag nó a mhór don oibríocht;’;

(9)

I bpointe 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(ii)

na daoine atá sa héileacaptar nó sa VCA nach féidir cosaint leormhaith a thabhairt in aghaidh na síne dóibh; nó’;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 70:

‘(70)

ciallaíonn ‘pointe cinnteoireachta don tuirlingt (LDP)’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar, an pointe a úsáidtear le cur i gcrích tuirlingthe a chinneadh ónar féidir, tar éis cliseadh innill a aithint ag an bpointe sin, leanúint ar aghaidh go sábháilte leis an tuirlingt nó ónar féidir tuirlingt loicthe a thionscnamh;

(b)

i gcás VCA, an pointe a úsáidtear le cur i gcrích na tuirlingthe a chinneadh ónar féidir leanúint ar aghaidh go sábháilte leis an tuirlingt nó ónar féidir tuirlingt loicthe a thionscnamh, tar éis CFP;’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 71:

‘(71)

ciallaíonn ‘fad tuirlingthe atá ar fáil’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás eitleán (LDAA), fad an rúidbhealaigh a dhearbhaíonn Stát an aeradróim a bheith ar fáil agus oiriúnach do rúid eitleáin agus é ag tuirlingt;

(b)

i gcás héileacaptar (LDAH), fad an FATO móide aon limistéar breise a dhearbhaíonn Stát an aeradróim a bheith ar fáil agus oiriúnach don héileacaptar chun an t-ainliú tuirlingthe a chur i gcrích ó airde shainithe; agus

(c)

i gcás VCA (LDAV), fad an FATO móide aon limistéar breise a dhearbhaítear a bheith ar fáil agus oiriúnach don VCA chun an t-ainliú tuirlingthe a chur i gcrích ó airde shainithe;’;

(12)

cuirtear isteach an pointe 71a seo a leanas:

(71a)

‘ciallaíonn (71a)‘an fad tuirlingthe is gá (LDR)’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar (LDRH), an fad cothrománach is gá chun tuirlingt agus teacht ag lánstad ó phointe atá 15 m (50 troigh) os cionn an dromchla tuirlingthe; agus

(b)

i gcás VCA (LDRV), an fad cothrománach is gá chun tuirlingt agus teacht ag lánstad ó phointe atá 15 m (50 troigh) os cionn an dromchla tuirlingthe;’;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 78:

‘(78)

ciallaíonn ‘paisinéir liachta’ lia a iompraítear i héileacaptar le linn eitilt HEMS nó i VCA le linn eitilt VEMS, lena n-áirítear dochtúirí leighis, altraí, agus paramhíochaineoirí ach gan bheith teoranta dóibh;’;

(14)

i bpointe 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

is féidir cosaint a thabhairt do na daoine atá ar bord an héileacaptair nó an VCA ar an tsíon; agus’;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:

‘(96)

ciallaíonn ‘píolóta i gceannas (PIC)’ an píolóta a ainmnítear a bheith i gceannas agus dualgas air as an eitilt a dhéanamh ar bhealach sábháilte; chun críche oibríochtaí aeriompair tráchtála le heitleáin agus héileacaptair, tabharfar ‘ceannasaí’ ar an ‘píolóta i gceannas’;’;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 102:

‘(102)

ciallaíonn ‘fad éirí de thalamh tobscortha atá ar fáil (RTODA)’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar (RTODAH), fad an ascnaimh deiridh agus an limistéar éirí de thalamh a dhearbhaítear a bheith ar fáil agus oiriúnach do héileacaptair a oibrítear in aicme feidhmíochta 1 chun éirí de thalamh tobscortha a chur i gcrích; nó

(b)

i gcás VCA (RTODAV), fad an ascnaimh deiridh agus an limistéir éirí de thalamh a dhearbhaítear a bheith ar fáil agus oiriúnach don VCA chun éirí de thalamh tobscortha a chur i gcrích i gcomhréir leis an gcatagóir ina n-oibrítear iad;’;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 103:

‘(103)

ciallaíonn an ‘fad éirí de thalamh tobscortha is gá (RTODR)’ an méid seo a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar (RTODRH), an fad cothrománach atá de dhíth idir tús an éirí de thalamh agus an pointe ina dtagann an héileacaptar chun lánstad tar éis cliseadh innill agus thobscor an éirí de thalamh ag an bpointe cinnteoireachta chun éirí de thalamh;

(b)

i gcás VCA (RTODRV), an fad cothrománach atá de dhíth idir tús an éirí de thalamh agus an pointe ina dtagann an VCA chun lánstad tar éis tobscor éirí de thalamh a chur i gcrích tar éis CFP a aithint ag an bpointe cinnteoireachta chun éirí de thalamh;’

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 104a:

‘(104a)

ciallaíonn ‘tuirlingt shábháilte’, i gcomhthéacs an bheartais breosla/fuinnimh nó scéimeanna breosla/fuinnimh, tuirlingt ag aeradróm leormhaith nó ag láithreán oibriúcháin leormhaith nó ag ingearfort leormhaith nó ag suíomh atreoraithe leormhaith gan méid is lú ná an breosla/fuinneamh cúltaisce deiridh a bheith fágtha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochtúla agus leis na híosdálaí oibriúcháin aeradróim is infheidhme;’

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 111:

‘(111)

ciallaíonn ‘pointe cinnteoireachta éirí de thalamh (TDP)’ an méid a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar, an pointe a úsáidtear le cur i gcrích éirí de thalamh a chinneadh ónar féidir, tar éis cliseadh innill a aithint ag an bpointe sin, gur féidir éirí de thalamh tobscortha a dhéanamh nó leanúint ar aghaidh go sábháilte leis an éirí de thalamh;

(b)

i gcás VCA, an chéad phointe a shainítear le meascán den luas agus den airde ónar féidir éirí de thalamh leanúnach a chur i gcrích a chomhlíonann an fheidhmíocht íosta dheimhnithe (CMP) tar éis CFP agus is é an pointe deiridh sa chonair éirí de thalamh é óna bhfuil éirí de thalamh tobscortha lánchinnte;’;

(20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 113:

‘(113)

ciallaíonn ‘fad éirí de thalamh atá ar fáil (TODA) an méid seo a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar (TODAH), fad an ascnaimh deiridh agus an limistéir éirí de thalamh móide, má chuirtear ar fáil é, fad an ghlanbhealaigh do héileacaptair atá ar fáil agus oiriúnach do héileacaptair chun an t-éirí de thalamh a chur i gcrích;

(b)

i gcás VCA (TODAV), fad an ascnaimh deiridh agus an limistéir éirí de thalamh móide, má chuirtear ar fáil é, fad an ghlanbhealaigh a dhearbhaítear de bheith ar fáil agus oiriúnach don VCA chun an t-éirí de thalamh a chur i gcrích;’;

(21)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 114:

‘(114)

ciallaíonn ‘fad éirí de thalamh is gá (TODR)’ an méid a leanas:

(a)

i gcás héileacaptar (TODRH), an fad cothrománach is gá ó thús an éirí de thalamh go dtí an pointe ag a mbaintear amach an luas sábháilteachta éirí de thalamh (VTOSS), an airde roghnaithe agus grádán dreaptha deimhneach, tar éis cliseadh an innill chriticiúil a aithint ag an TDP, agus na hinnill atá fágtha ag oibriú laistigh de na teorainneacha oibriúcháin faofa;

(b)

i gcás VCA (TODRV), an fad cothrománach is gá ó thús an éirí de thalamh go dtí an pointe ag a mbaintear amach an airde glanta constaicí shábháilte agus grádán dreaptha deimhneach, tar éis cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP) a aithint ag an TDP;’;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 115:

‘(115)

ciallaíonn ‘conair eitilte éirí de thalamh’ an méid a leanas:

(a)

an chonair cheartingearach agus chothrománach, agus an t-inneall criticiúil as feidhm, ó phointe sonraithe san éirí de thalamh i gcás eitleán chuig 1 500 troigh os cionn an dromchla, agus i gcás héileacaptar chuig 1 000 troigh os cionn an dromchla;

(b)

i gcás VCA, an chonair cheartingearach agus chothrománach agus cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP) ann, a shíneann ón bpointe éirí de thalamh ag a bhfuil an VCA ag airde os cionn na hairde éirí de thalamh atá comhoiriúnach leis an bpróifíl en route agus nach airde ná 305 m (1 000 troigh) í;’

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 116:

‘(116)

ciallaíonn ‘mais éirí de thalamh’ an mhais lena n-áirítear gach rud agus gach duine a iompraítear ar bord ag tús éirí de thalamh i gcás héileacaptar nó i gcás VCA, agus le linn na rúide éirí de thalamh i gcás eitleán;’;

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 118:

‘(118)

ciallaíonn ‘ball den fhoireann theicniúil’ ball foirne in oibríochtaí aeriompair tráchtála HEMS, VEMS, HHO nó NVIS, seachas ball den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin, arna shannadh ag an oibreoir do dhualgais san aerárthach nó ar an talamh chun cúnamh a thabhairt don phíolóta le linn oibríochtaí HEMS, VEMS, HHO nó NVIS, a bhféadfadh oibriú trealaimh speisialaithe ar bord a bheith ag teastáil ina leith;’;

(25)

cuirtear na pointí 130, 131, 132, 133, 135, 136, 137, 138, 139, 140, 141, 142 agus 143 seo a leanas:

‘(130)

ciallaíonn ‘gluaiseacht ar an talamh’ gluaiseacht aerárthaigh ar an limistéar gluaiseachta d’aeradróim nó ingearfoirt le cúnamh ó threalamh nó comhoiriúint sheachtrach nach bhfuil arna chumhachtú ag an aerárthach;

(131)

ciallaíonn ‘pearsanra ar talamh’ an pearsanra seachas baill den fhoireann eitilte nó baill den fhoireann theicniúil a shanntar do chúraimí a bhíonn bainteach le gluaiseacht ar an talamh an VCA nó aon chúnamh gluaiseachta ar talamh arna chur ar fáil d’aerárthaí, agus a bhfuil oiliúint curtha orthu sna nósanna imeachta ábhartha oibríochtúla agus sábháilteachta;

(132)

ciallaíonn ‘catagóir Feabhsaithe’ catagóir le haghaidh deimhniú agus oibriú VCA ar dá réir a chomhlíonann an t-aerárthach na ceanglais le haghaidh eitilt agus tuirlingt shábháilte leanúnach tar éis cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP);

(133)

ciallaíonn ‘feidhmíocht dheimhnithe íosta (CMP)’ i ndáil le VCA, an tacar sonraí feidhmíochta a fhaightear trí mhachnamh a dhéanamh ar thionchar clistí aonair agus meascán clistí nach bhfuil ró-neamhdhóchúil ar pharaiméadair ainmniúla feidhmíochta;

(134)

ciallaíonn ‘eitilt agus tuirlingt shábháilte leanúnach (CSFL)’, i ndáil le VCA a oibrítear sa chatagóir Feabhsaithe, gur féidir leis an aerárthach eitilt agus tuirlingt leanúnach a dhéanamh ag ingearfort, b’fhéidir trí nósanna imeachta éigeandála a úsáid, gan scileanna píolótaíochta ná neart as cuimse a éileamh;

(135)

ciallaíonn ‘cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP)’, i ndáil le VCA, cliseadh nó meascán clistí as a dtagann an díghrádú uasta le haghaidh céim eitilte agus paraiméadar feidhmíochta ar leith; úsáidtear an tacar clistí criticiúla feidhmíochta chun an fheidhmíocht íosta dheimhnithe (CMP) a bhunú;

(136)

ciallaíonn ‘oibríocht theoranta thar uisce’ oibríocht IAM le VCA a dhéantar go ceann aga eitilte teoranta thar uisce;

(137)

ciallaíonn ‘ball den fhoireann theicniúil VEMS’ ball den fhoireann theicniúil (TCM) a shanntar d’eitilt VEMS chun cúnamh a thabhairt don phíolóta le linn na hoibríochta aeir agus a fhreastalaíonn ar aon duine a bhfuil cúnamh liachta de dhíth orthu;

(138)

ciallaíonn ‘bunáit oibriúcháin VEMS’ ingearfort ag a mbíonn an VCA, a fhoireann eitilte agus baill foirne VEMS ar fuireachas le haghaidh oibríochtaí VEMS;

(139)

ciallaíonn ‘láithreán oibriúcháin VEMS’ láithreán oibriúcháin arna roghnú ag an bpíolóta i gceannas le haghaidh oibríochtaí, tuirlingtí agus éirí de thalamh VEMS;

(140)

ciallaíonn ‘ingearfort’ limistéar talaimh, uisce, nó déanmhas a úsáidtear nó atá beartaithe le húsáid le haghaidh tuirlingt agus éirí de thalamh VCA, agus le haghaidh ghluaiseacht VCA;

(141)

ciallaíonn ‘ingearfort leormhaith’ ingearfort ag a bhféadtar an VCA a oibriú, agus toisí, meáchan, conairí ascnaimh agus imeachta an aerárthaigh á gcur san áireamh, agus ina gcuirtear na seirbhísí agus na saoráidí is gá ar fáil don oibríocht atá beartaithe, agus atá ar fáil ag an am úsáide a bhfuil coinne leis;

(142)

ciallaíonn ‘luas sábháilteachta d’éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VTOSS)’ an luas íosta ag a mbainfear amach dreapadh le CFP a aithnítear ag an TDP i gcás VCA arna oibriú sa chatagóir Feabhsaithe;

(143)

ciallaíonn ‘VCA le foireann’ VCA arna phíolótú le píolóta amháin ar a laghad ar bord;’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ARO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn I d’Fhochuid OPS ‘Oibríochtaí Aeir’:

ROINN I

Deimhniú ar oibreoirí aeriompair tráchtála (CAT) agus ar oibreoirí aer-shoghluaisteachta nuálaí (ASN) ’;

(2)

i bpointe ARO.OPS.200 pointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

na sonraíochtaí oibríochtaí, mar a leagtar síos iad i bhFoscríbhinn II, le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála le heitleáin agus héileacaptair agus le haghaidh oibríochtaí aer-shoghluaisteachta nuálaí (ASN) le VCA; nó’;

(3)

tar éis phointe ARO.OPS.220, cuirtear isteach an pointe ARO.OPS.224 seo a leanas:

ARO.OPS.224 Faomhadh scéimeanna breosla/fuinnimh le haghaidh oibríochtaí IAM

(a)

Formheasfaidh an t-údarás inniúil an scéim breosla/fuinnimh atá molta ag oibreoir IAM má léiríonn an t-oibreoir sin comhlíontacht leis na ceanglais i bpointí UAM.OP.VCA.190, UAM.OP.VCA.191, UAM.OP.VCA.192 agus UAM.OP.VCA.195 d’Iarscríbhinn IX.

(b)

Ina theannta sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(1)

déanfaidh sé measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir le córas bainistíochta agus próiseas um bainistíocht riosca sábháilteachta an oibreora IAM tacú le cur chun feidhme na scéime breosla/fuinnimh aonair atá molta; agus

(2)

bunóidh sé plean formhaoirseachta chun measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar scéim breosla/fuinnimh fhormheasta an oibreora IAM atá ann faoi láthair chun comhlíontacht na scéime leis na ceanglais is infheidhme a fhíorú nó chun cinneadh a dhéanamh cé acu is ceart an scéim a leasú nó a chúlghairm nó nár cheart.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal phointe ARO.OPS.225:

ARO.OPS.225 Faomhadh scéimeanna breosla/fuinnimh — eitleáin agus héileacaptair ’;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn II (Cuid-ARO):

FOSCRÍBHINN 1

‘DEIMHNIÚ AEROIBREORA

(Sceideal faofa le haghaidh oibreoirí aeriompair)

Cineálacha oibríochta:

Aeriompar Tráchtála (CAT) □ Paisinéirí; □ Lasta; □ Eile (1) : …

Aer-shoghluaisteacht nuálach (ASN) □ Paisinéirí; □ Lasta; □ Eile (1) : …

 (4)

Stádas an Oibreora (2)

 (5)

Údarás Eisiúna (3)

AOC # (6) :

Ainm an Oibreora (7)

Ainm Trádála Dba (8)

Seoladh poist oibreora (10) :

Teileafón (11) :

Facs:

Ríomhphost:

Pointí Teagmhála Oibríochtúla: (9)

Sonraí teagmhála ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an mbainistíocht oibriúcháin gan moill mhíchuí, liostaítear in … iad (12) .

 

 

 

□ Deimhnítear leis go bhfuil údarú ag… (13) chun oibríochtaí aeriompair tráchtála (CAT) a dhéanamh, mar a shainítear sna sonraíochtaí oibríochtaí faoi iamh, i gcomhréir leis an lámhleabhar oibríochtaí agus le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

□ Deimhnítear leis seo go bhfuil údarú ag… (13) chun oibríochtaí aer-shoghluaisteachta nuálaí (ASN) a dhéanamh, mar a shainítear sna sonraíochtaí oibríochtaí faoi iamh, i gcomhréir leis an lámhleabhar oibríochtaí agus le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

Dáta eisiúna (14) :

Ainm agus síniú (15) :

Teideal:

Foirm 138 EASA — Eagrán 3

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn II a ghabhann le hIarscríbhinn II (Cuid-ARO):

‘FOSCRÍBHINN II

‘SONRAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTAÍ

(faoi réir na gcoinníollacha a formheasadh sa lámhleabhar oibríochtaí)

Sonraí teagmhála an údaráis eisiúna

Teileafón (16) : ___________________; Facs: ___________________;

Ríomhphost: ___________________

AOC (17) :

Ainm an Oibreora (18) :

Dáta (19) :

Síniú:

 

Ainm trádála DBA

Sonraíochtaí oibríochtaí #:

An cineál aerárthaigh (20) :

Marcanna clárúcháin (21) :

Cineálacha oibríochta:

Aeriompar Tráchtála (CAT) □ Paisinéirí □ Lasta □ Eile (22) : _______________

Aer-shoghluaisteacht nuálach (ASN) □ Paisinéirí □ Lasta □ Eile (22) : _______________

Limistéar oibriúcháin (23) :

Teorainneacha speisialta (24) :

Formheasanna sonracha:

Eisíodh

Líon

Sonraíocht (25)

Nótaí

Earraí contúirteacha

 

 

Oibríochtaí drochléargais

 

 

 

 

Éirí de thalamh

RVR (26) : ... m

 

Ascnamh agus tuirlingt

CAT (27) .... DA/H: ... troigh, RVR: ... m

 

Creidmheasanna oibríochtúla

CAT (28)…. DA/H: ... troigh, RVR: ... m

 

RVSM (29)

□ NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

 

 

ETOPS (30)

□ NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

Uas-aga atreoraithe (31) : … nóiméad

 

Sonraíochtaí casta loingseoireachta le haghaidh oibríochtaí PBN (32)

 

 (33)

Sonraíocht íosta feidhmíochta loingseoireachta

 

 

Oibríochtaí le heitleán tuirbín a bhfuil inneall amháin aige le linn na hoíche nó in IMC (SET-IMC)

 (34)

 

Oibríochtaí héileacaptair le cabhair ó chórais íomháithe radhairc oíche

 

 

Oibríochtaí héileacaptair ardaitheora

 

 

Oibríochtaí seirbhíse éigeandála leighis héileacaptair

 

 

Oibríochtaí héileacaptair amach ón gcósta

 

 

Oibríochtaí seirbhíse éigeandála liachta le haerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VEMS)

 

 

Oiliúint ar an bhfoireann cábáin (35)

 

 

Eisiúint fianaithe CC (36)

 

 

Úsáid feidhmchlár EFB de chineál B

 (37)

 

Aeracmhainneacht leanúnach

 (38)

 

Eile (39)

 

 

 

 

Foirm 139 EASA — Eagrán 8


(1)  Cineál eile iompair atá le sonrú.

(2)  Ainm Stát an oibreora curtha ina ionad.

(3)  Sainaitheantas an údaráis inniúil eisiúna curtha ina ionad.

(4)  Le húsáid ag an údarás inniúil.

(5)  Le húsáid ag an údarás inniúil.

(6)  Tagairt an fhormheasa, arna heisiúint ag an údarás inniúil.

(7)  Ainm cláraithe an oibreora curtha ina ionad.

(8)  Ainm trádála an oibreora, más difriúil é. Cuir isteach ‘Dba’ (le haghaidh ‘Gnó á dhéanamh mar’ (‘Doing business as ’)) roimh an ainm trádála.

(9)  Áirítear leis na sonraí teagmhála na huimhreacha teileafóin agus facs, lena n-áirítear an cód tíre, agus an seoladh ríomhphoist (má tá sé le fáil) ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an mbainistíocht oibriúcháin gan moill mhíchuí i gcás fadhbanna a bhaineann le hoibríochtaí eitilte, aeracmhainneacht, inniúlacht na mball den fhoireann eitilte agus cábáin, earraí contúirteacha agus cúrsaí eile de réir mar is iomchuí.

(10)  Seoladh agus príomhionad gnó an oibreora.

(11)  Sonraí teileafóin agus facs phríomhionad gnó an oibreora, lena n-áirítear an cód tíre. Ríomhphost atá le cur ar fáil má tá sé le fáil.

(12)  Cur isteach an doiciméid rialaithe, arna iompar ar bord, ina liostaítear na sonraí teagmhála, leis an tagairt iomchuí don mhír nó don leathanach. E.g.: ‘Liostaítear na sonraí teagmhála ... sa lámhleabhar oibríochtaí, ginearálta/bunúsach, Caibidil 1, 1.1’; nó ‘Liostaítear … sna sonraíochtaí oibríochtaí, leathanach 1’; nó ‘Liostaítear … i gceangaltán a ghabhann leis an doiciméad seo’.

(13)  Ainm cláraithe an oibreora.

(14)  Dáta eisiúna an AOC (ll-mm-bbbb).

(15)  Teideal, ainm agus síniú ionadaí an údaráis inniúil. Ina theannta sin, féadfar stampa oifigiúil a chur ar an AOC.

(16)  Sonraí teagmhála teileafóin an údaráis inniúil, lena n-áirítear an cód tíre. Seoladh ríomhphoist le cur ar fáil, chomh maith le facs má tá sé ar fáil.

(17)  Uimhir an deimhnithe aeroibreora ghaolmhair (AOC) a chur isteach.

(18)  Ainm cláraithe an oibreora agus ainm trádála an oibreora a chur isteach, murab ionann iad. Cuir isteach ‘Dba’ (le haghaidh ‘Gnó á dhéanamh mar’ (‘Doing business as ’)) roimh an ainm trádála.

(19)  Dáta eisiúna shonraíochtaí na n-oibríochtaí (ll-mm-bbbb) agus síniú ionadaí an údaráis inniúil.

(20)  Ainmniú ICAO de dhéanamh, de chineál agus de shraith an aerárthaigh nó den mháistirshraith, i gcás inar ainmníodh sraith (e.g. Boeing-737-3K2 nó Boeing-777-232), nó déanamh, cineál agus sraith an aerárthaigh atá in ann éirí de thalamh nó tuirlingt go hingearach a chur isteach, de réir mar is infheidhme.

(21)  Liostaítear na marcanna clárúcháin sna sonraíochtaí oibríochtaí nó sa lámhleabhar oibríochtaí. Sa chás deireanach sin, ní mór tagairt a bheith sna sonraíochtaí oibríochtaí gaolmhara don leathanach gaolmhar sa lámhleabhar oibríochtaí. Sa chás nach mbeidh feidhm ag gach formheas maidir le cineál an aerárthaigh, féadfar marcanna clárúcháin an aerárthaigh a chur isteach i gcolún an ráitis a ghabhann leis an bhformheas sonrach gaolmhar.

(22)  Cineál eile iompair atá le sonrú (e.g. seirbhís éigeandála liachta).

(23)  Liosta den limistéar geografach/de na limistéir gheografacha ina bhfuil an oibríocht údaraithe (de réir comhordanáidí geografacha nó bealaí sonracha, réigiún faisnéise eitilte nó teorainneacha náisiúnta nó réigiúnacha).

(24)  Liosta de na teorainneacha speisialta is infheidhme (e.g. VFR amháin, Lá amháin, etc.).

(25)  Liostaigh sa cholún seo na critéir is ceadmhaí le haghaidh gach formheasa nó le haghaidh an chineáil formheasa (le critéir iomchuí).

(26)  An RVR éirí de thalamh formheasta a chur isteach i méadair. Féadfar líne amháin in aghaidh an fhormheasa a úsáid má dheonaítear ceaduithe éagsúla.

(27)  Catagóir ascnaimh bheacht is infheidhme a chur isteach: CAT II nó CAT III. RVR íosta a chur isteach i méadair agus DH i dtroithe. Úsáidtear líne amháin in aghaidh na catagóire ascnaimh liostaithe.

(28)  An creidmheas oibríochtúil is infheidhme a chur isteach: SA CAT I, SA CAT II, EFVS, etc. RVR íosta a chur isteach i méadair agus DH i dtroithe. Úsáidtear líne amháin in aghaidh an chreidmheasa oibríochtúil liostaithe.

(29)  Ní féidir an bosca ‘Ní bhaineann’ (N/B) a sheiceáil ach amháin má tá uasteorainn an aerárthaigh faoi bhun FL290.

(30)  Níl feidhm ag oibríochtaí raoin leathnaithe (ETOPS) faoi láthair ach amháin maidir le haerárthaí a bhfuil dhá inneall acu. Dá bhrí sin, is féidir an bosca ‘Ní bhaineann’ (N/B) a sheiceáil má tá níos lú ná dhá inneall ag an gcineál aerárthaigh.

(31)  Féadfar an fad tairsí a liostú freisin (in NM), chomh maith leis an gcineál innill.

(32)  Loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe (PBN): úsáidtear líne amháin le haghaidh gach formheas coimpléascach atá sonrach do PBN (e.g. RNP AR APCH), agus teorainneacha iomchuí liostaithe acu sna colúin ‘Sonraíochtaí’ nó ‘Barúlacha’, nó sa dá cholún. Féadfar formheasanna sonracha nós imeachta RNP AR APCH a liostú sna sonraíochtaí oibríochtaí nó sa lámhleabhar oibríochtaí. Sa chás deireanach sin, ní mór tagairt a bheith sna sonraíochtaí oibríochtaí gaolmhara don leathanach gaolmhar sa lámhleabhar oibríochtaí.

(33)  Sonraigh an bhfuil an formheas sonrach teoranta do chríocha áirithe rúidbhealaigh nó d’aeradróim áirithe, nó dóibh araon.

(34)  An t-aerfhráma áirithe nó an teaglaim áirithe innill a chur isteach.

(35)  Formheas chun an cúrsa oiliúna agus an scrúdú atá le déanamh ag iarratasóirí ar fhianú na foirne cábáin a riaradh, mar a shonraítear in Iarscríbhinn V (Cuid-CC) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011.

(36)  Formheas chun fianuithe na foirne cábáin a eisiúint mar a shonraítear in Iarscríbhinn V (Cuid-CC) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011.

(37)  An liosta d’fheidhmchláir de chineál B EFB a chur isteach mar aon leis an tagairt do chrua-earraí EFB (le haghaidh EFBanna iniompartha). Tá an liosta seo i sonraíochtaí na n-oibríochtaí nó sa lámhleabhar oibríochtaí. Sa chás deireanach sin, ní mór tagairt a bheith sna sonraíochtaí oibríochtaí gaolmhara don leathanach gaolmhar sa lámhleabhar oibríochtaí.

(38)  Tagairt formheasta na heagraíochta atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a bhainistiú, agus tagairt don rialachán ábhartha (e.g. Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014).

(39)  Is féidir ceaduithe nó sonraí eile a chur isteach anseo, agus úsáid á baint as líne amháin (nó bloc il-línte amháin) in aghaidh an údaraithe (e.g. oibríochtaí tuirlingthe gearra, oibríochtaí ascnaimh ghéar, an fad tuirlingthe laghdaithe is gá, oibríochtaí héileacaptair chuig láthair a bhaineann le leas an phobail nó ón láthair sin, oibríochtaí héileacaptair os cionn timpeallacht naimhdeach atá suite lasmuigh de limistéar plódaithe, oibríochtaí héileacaptair nach bhfuil acmhainn tuirlingthe éigeantais shábháilte acu, oibríochtaí a bhfuil uillinn chlaonta mhéadaithe acu, uasfhad ó aeradróm leormhaith le haghaidh eitleáin a bhfuil dhá inneall acu gan formheas ETO).


IARSCRÍBHINN V

Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-ORO)) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.GEN.005:

ORO.GEN.005 Raon feidhme

Leis an Iarscríbhinn seo leagtar síos na ceanglais atá le comhlíonadh ag aer-oibreoir a dhéanann na nithe seo a leanas:

(a)

oibríochtaí aeriompair tráchtála (CAT);

(b)

oibríochtaí speisialaithe tráchtála;

(c)

oibríochtaí neamhthráchtála le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach;

(d)

oibríochtaí speisialaithe neamhthráchtála le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach;

(e)

oibríochtaí aer-shoghluaisteachta nuálaí (ASN).’;

(2)

i bpointe ORO.GEN.140, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

An rochtain ar an aerárthach dá dtagraítear i bpointe (a):

(i)

i gcás oibríochtaí CAT le heitleáin agus héileacaptair, áireofar inti an fhéidearthacht chun dul isteach agus fanacht san aerárthach le linn oibríocht eitilte mura ndéanann an ceannasaí a mhalairt de chinneadh i leith chró an phíolóta i gcomhréir le pointe CAT.GEN.MPA.135 ar mhaithe leis an tsábháilteacht;

(ii)

i gcás oibríochtaí IAM le VCA, áireofar inti an fhéidearthacht chun dul isteach agus fanacht san aerárthach le linn oibríocht eitilte mura ndéanann an píolóta i gceannas a mhalairt de chinneadh i gcomhréir le pointe IAM.GEN.MVCA.135 ar mhaithe leis an tsábháilteacht.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.GEN.310:

ORO.GEN.310 Úsáid eitleán nó héileacaptar a liostaítear ar AOC le haghaidh oibríochtaí neamhthráchtála agus oibríochtaí speisialaithe

(a)

Féadfaidh eitleán nó héileacaptar a liostaítear ar AOC oibreora fanacht ar an AOC má oibrítear é in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(1)

ag sealbhóir an AOC é féin, le haghaidh oibríochtaí speisialaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII (Cuid-SPO);

(2)

ag oibreoirí eile, le haghaidh oibríochtaí tráchtála le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótar nó le haghaidh oibríochtaí speisialaithe arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI (Cuid-NCC), Iarscríbhinn VII (Cuid-NCO) nó Iarscríbhinn VIII (Cuid-SPO), ar choinníoll go n-úsáidtear an t-aerárthach go ceann tréimhse leanúnach nach mó ná 30 lá.

(b)

Nuair a úsáidtear eitleán nó héileacaptar i gcomhréir le pointe (a)(2), cuirfidh an sealbhóir AOC a chuireann an t-eitleán nó an héileacaptar ar fáil agus an t-oibreoir a úsáideann an t-eitleán nó an héileacaptar nós imeachta ar bun:

(1)

lena sainaithnítear go soiléir an t-oibreoir a bheidh freagrach as rialú oibriúcháin ar gach eitilte, agus le tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a n-aistreofar an rialú oibriúcháin idir eatarthu;

(2)

ina dtugtar tuairisc ar nós imeachta um thabhairt ar láimh an eitleáin nó an héileacaptair arna thabhairt ar ais ag an sealbhóir AOC.

Áireofar an nós imeachta sin sa lámhleabhar oibríochtaí de chuid gach oibreora nó i gconradh a dhéantar idir an sealbhóir AOC agus an t-oibreoir a úsáideann an t-eitleán nó an héileacaptar i gcomhréir le pointe (a)(2). Leagfaidh an sealbhóir AOC síos teimpléad le haghaidh conradh den sórt sin. Beidh feidhm ag pointe ORO.GEN.220 maidir leis na conarthaí sin.

Áiritheoidh an sealbhóir AOC agus an t-oibreoir a úsáideann an t-eitleán nó an héileacaptar i gcomhréir le pointe (a)(2) go gcuirtear an nós imeachta in iúl don phearsanra ábhartha.

(c)

Cuirfidh an sealbhóir AOC an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) le formheas roimh ré a fháil faoi bhráid an údaráis inniúil. Aontóidh an sealbhóir AOC leis an údarás inniúil faoin modh agus faoina mhinice a chuirfear faisnéis ar fáil dó maidir le haistrithe rialaithe oibriúcháin i gcomhréir le pointe ORO.GEN.130(c).

(d)

Aeracmhainneacht leanúnach an eitleáin nó an héileacaptair a úsáidtear i gcomhréir le pointe (a), is í an eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an eitleáin nó an héileacaptair a áirítear san AOC a dhéanfaidh bainistíocht uirthi, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

(e)

Déanfaidh an sealbhóir AOC a chuireann an t-eitleán nó an héileacaptar ar fáil i gcomhréir le pointe (a) an méid seo a leanas:

(1)

léiriú a thabhairt ina lámhleabhar oibríochtaí ar mharcanna clárúcháin an eitleáin nó an héileacaptair arna sholáthar, agus ar an gcineál oibríochtaí a dhéantar leis an eitleán nó an héileacaptar sin;

(2)

fanacht ar an eolas i gcónaí agus taifead a choinneáil ar gach oibreoir atá i seilbh rialú oibriúcháin an eitleáin nó an héileacaptair ag am ar bith go dtí go dtabharfar an t-eitleán nó an héileacaptar ar ais chuig an sealbhóir AOC;

(3)

a áirithiú go dtugtar aghaidh leis na bearta sainaitheanta guaise, measúnaithe agus maolaithe rioscaí atá curtha i bhfeidhm aige ar gach oibríocht a dhéantar leis an eitleán nó leis an héileacaptar sin.

(f)

I gcás oibríochtaí a dhéantar faoi Iarscríbhinn VI (Cuid-NCC) agus Iarscríbhinn VIII (Cuid-SPO), áiritheoidh an t-oibreoir a úsáideann an t-eitleán nó an héileacaptar i gcomhréir le pointe (a) an méid seo a leanas:

(1)

go ndéantar gach eitilt faoina rialú oibriúcháin a thaifeadadh i gcóras logleabhair theicniúil an eitleáin nó an héileacaptair;

(2)

nach ndéantar aon athrú ar chórais ná ar chumraíocht an eitleáin ná an héileacaptair;

(3)

go ndéantar aon fhabht nó aon mhífheidhm theicniúil a tharlaíonn agus an t-eitleán nó an héileacaptar faoina rialú oibriúcháin a thuairisciú don eagraíocht dá dtagraítear i bpointe (d);

(4)

go bhfaigheann an sealbhóir AOC cóip d’aon tuarascáil faoi tharluithe i ndáil leis na heitiltí a dhéantar leis an eitleán nó leis an héileacaptar, arna líonadh isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 (*1).

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 30.6.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1018/oj).’;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.AOC.100:

ORO.AOC.100 Iarratas ar dheimhniú aeroibreora (AOC)

(a)

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), sula gcuirfear tús le hoibríochtaí CAT le heitleáin nó héileacaptair nó oibríochtaí IAM le VCA, déanfaidh an t-oibreoir iarratas le haghaidh AOC arna eisiúint ag an údarás inniúil, agus gheobhaidh sé é.

(b)

Cuirfidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don údarás inniúil:

(1)

ainm oifigiúil agus ainm gnó, seoladh agus seoladh poist an iarratasóra;

(2)

tuairisc ar an oibríocht atá molta, lena n-áirítear an cineál (na cineálacha) aerárthaí atá le hoibriú agus a líon;

(3)

tuairisc ar an gcóras bainistíochta, lena n-áirítear struchtúr eagraíochtúil;

(4)

ainm an bhainisteora atá freagrach;

(5)

ainmneacha na ndaoine ainmnithe mar a cheanglaítear faoi phointe ORO.AOC.135(a), maille lena sonraíochtaí agus taithí;

(6)

cóip den lámhleabhar oibríochtaí mar a cheanglaítear faoi phointe ORO.MLR.100;

(7)

ráiteas go bhfuil an doiciméadacht uile atá curtha faoi bhráid an údaráis inniúil fíoraithe ag an iarratasóir agus gur suíodh go gcomhlíonann sí na ceanglais is infheidhme.

(c)

Léireoidh na hiarratasóirí don údarás inniúil an méid seo a leanas:

(1)

go gcomhlíonann na hoibríochtaí CAT le heitleáin agus héileacaptair na ceanglais fhíor-riachtanacha d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, an Iarscríbhinn seo (Cuid-ORO), Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) agus Iarscríbhinn V (Cuid-SPA) a ghabhann leis an Rialachán seo, agus Iarscríbhinn I (Cuid-26) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 (*3);

(1a)

i gcás oibríochtaí IAM le VCA, go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, an Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) seo, Iarscríbhinn V (Cuid-SPA) agus Iarscríbhinn IX (Cuid-IAM) a ghabhann leis an Rialachán seo, agus Iarscríbhinn I (Cuid-26) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640;

(2)

gur eisíodh deimhniú aeracmhainneachta (CofA) do na haerárthaí uile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 nó léasaítear gan feistiú iad i gcomhréir le pointe ORO.AOC.110(d); agus

(3)

go bhfuil a n-eagraíocht agus bainistíocht oiriúnach agus cuíchóirithe le scála agus raon feidhme na hoibríochta atá beartaithe.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí breise aeracmhainneachta le haghaidh cineál oibríochtaí ar leith agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/640/oj).’;"

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.AOC.125:

ORO.AOC.125 Oibríochtaí neamhthráchtála de chuid sealbhóir AOC a bhfuil eitleáin nó héileacaptair liostaithe ar a AOC

(a)

Féadfaidh an sealbhóir AOC oibríochtaí neamhthráchtála a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI (Cuid-NCC) nó le hIarscríbhinn VII (Cuid-NCO) le heitleáin nó héileacaptair a liostaítear sna sonraíochtaí oibríochtaí dá AOC nó ina lámhleabhar oibríochtaí, ar choinníoll go dtugann an sealbhóir AOC tuairisc ar oibríochtaí den sórt sin go mionsonraithe sa lámhleabhar oibríochtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(1)

sainaithint na gceanglas is infheidhme;

(2)

tuairisc ar aon difríocht idir na nósanna imeachta oibriúcháin a úsáidtear agus oibríochtaí CAT agus oibríochtaí neamhthráchtála á ndéanamh;

(3)

bealach chun a áirithiú go bhfuil eolas iomlán ag an bpearsanra uile atá bainteach leis na hoibríochtaí leis na nósanna imeachta comhlachaithe.

(b)

Comhlíonfaidh sealbhóir AOC an méid seo a leanas:

(1)

Iarscríbhinn VIII (Cuid-NCO) agus eitiltí seiceála cothabhála á ndéanamh le haerárthaí atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach;

(2)

Iarscríbhinn VII (Cuid-NCO) agus eitiltí seiceála cothabhála á ndéanamh le haerárthaí nach aerárthaí iad atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach.

(c)

Ní gá do shealbhóir AOC a dhéanann na hoibríochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) dearbhú a chur isteach i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

(d)

Sonróidh an sealbhóir AOC an cineál eitilte, mar a liostaítear ina lámhleabhar oibríochtaí, sna doiciméid atá bainteach leis an eitilt (plean oibríochtúil na heitilte, bileog ualaigh agus doiciméid ghaolmhara eile).’;

(6)

i bpointe ORO.MLR.100, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Léireofar in inneachar an OM na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, in Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT), Iarscríbhinn V (Cuid-SPA), Iarscríbhinn VI (Cuid-NCC), Iarscríbhinn VIII (Cuid-SPO) agus Iarscríbhinn IX (Cuid-IAM), de réir mar is infheidhme, agus ní sháróidh sé na coinníollacha atá le fáil sna sonraíochtaí oibríochtaí maidir leis an deimhniú aeroibreora (AOC), an t-údarú SPO ná an dearbhú agus an liosta formheasanna sonracha, de réir mar is infheidhme.’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.MLR.101:

ORO.MLR.101 Lámhleabhar oibríochtaí — struchtúr le haghaidh oibríochtaí CAT agus IAM

Seachas i gcás oibríochtaí le heitleáin liántiomáinte ag a bhfuil inneall aonair agus MOPSC 5 nó níos lú, nó héileacaptair neamh-choimpléascacha ag a bhfuil inneall aonair agus MOPSC 5 nó níos lú, a éiríonn de thalamh agus a thuirlingíonn ag an aeradróm nó láithreán oibriúcháin céanna, faoi VFR le linn an lae, is mar a leanas a bheidh príomhstruchtúr an lámhleabhair oibríochtaí (OM):

(a)

Cuid A: Ginearálta/Bunúsach, lena gcuimsítear gach beartas, treoraíocht agus nós imeachta oibriúcháin nach mbaineann le cineál;

(b)

Cuid B: Cúrsaí oibriúcháin aerárthaí, lena gcuimsítear gach treoir agus nós imeachta atá bainteach le cineál, agus difríochtaí idir cineálacha/aicmí, leaganacha nó aerárthaí aonair arna n-úsáid ag an oibreoir á gcur san áireamh;

(c)

Cuid C: Oibríochtaí CAT le heitleáin agus héileacaptair, lena gcuimsítear treoracha agus faisnéis maidir le bealach/ról/limistéar agus aeradróm/láithreán oibriúcháin nó, oibríochtaí IAM le VCA, lena gcuimsítear treoracha agus faisnéis maidir le bealach/ról/limistéar agus ingearfort/suíomh atreoraithe/láithreán oibriúcháin;

(d)

Cuid D: Oiliúint, lena gcuimsítear gach treoraíocht oiliúna le haghaidh pearsanra is gá chun oibríochtaí sábháilte a áirithiú.’;

(8)

i bpointe ORO.MLR.115, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Coimeádfar na taifid seo a leanas go ceann 5 bliana ar a laghad:

(1)

i gcás oibreoirí CAT d’eitleáin agus héileacaptair agus oibreoirí IAM de VCA, taifid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe ORO.GEN.200;

(2)

i gcás oibreoirí dearbhaithe, cóip de dhearbhú an oibreora, mionsonraí na bhformheasanna ina seilbh, agus lámhleabhar oibríochtaí;

(3)

i gcás sealbhóirí údaraithe SPO, i dteannta phointe (a)(2), taifid a bhaineann leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir le pointe SPO.OP.230 agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha gaolmhara.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.FC.005:

ORO.FC.005 Raon feidhme

Leis an bhFochuid seo bunaítear na ceanglais le haghaidh oiliúint, thaithí agus cháilíochtaí na foirne eitilte a bheidh le comhlíonadh ag aeroibreoir, agus cuimsítear an méid seo a leanas léi:

(a)

ROINN 1, ina sonraítear na ceanglais choiteanna.

(b)

ROINN 2, ina sonraítear na ceanglais bhreise is infheidhme maidir le hoibríochtaí CAT le heitleáin agus héileacaptair, cé is moite d’oibríochtaí CAT le paisinéirí a dhéantar de réir VFR le linn an lae, ag tosú agus ag críochnú ag an aeradróm nó an láithreán oibriúcháin céanna agus laistigh de limistéar áitiúil arna shonrú ag an údarás inniúil, leis na nithe seo a leanas inti:

(1)

eitleáin liántiomáinte innill aonair ag a bhfuil MCTOM 5 700 kg nó níos lú agus MOPSC 5 nó níos lú; nó

(2)

héileacaptair nach héileacaptair choimpléascacha iad arna gcumhachtú le mótar, ag a bhfuil inneall aonair, agus ag a bhfuil MOPSC 5 nó níos lú.

(c)

ROINN 3, ina sonraítear na ceanglais bhreise le haghaidh oibríochtaí speisialaithe tráchtála agus le haghaidh na n-oibríochtaí sin dá dtagraítear i bpointí (b)(1) agus (2).

(d)

ROINN 4, ina sonraítear na ceanglais bhreise le haghaidh oibríochtaí IAM le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA).’;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.FC.105:

ORO.FC.105 Ainmniú mar phíolóta i gceannas/ceannasaí

(a)

I gcomhréir le pointe 8.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, déanfaidh píolóta amháin i measc na foirne eitilte, a bheidh cáilithe mar phíolóta i gceannas i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, a ainmniú mar phíolóta i gceannas nó, le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála (CAT) le heitleáin agus héileacaptair, mar cheannasaí.

(b)

Ní ainmneoidh an t-oibreoir ball den fhoireann eitilte chun gníomhú mar phíolóta i gceannas ná mar cheannasaí ach amháin má tá feidhm ag na nithe uile seo a leanas:

(1)

go bhfuil an t-íosleibhéal taithí atá sonraithe sa lámhleabhar oibríochtaí ag an mball den fhoireann eitilte;

(2)

go bhfuil eolas leordhóthanach ag an mball den fhoireann eitilte ar an mbealach nó ar an limistéar a bheidh le heitilt agus ar na haeradróim, lena n-áirítear aeradróim mhalartacha, ingearfoirt, saoráidí agus nósanna imeachta a bheidh le húsáid;

(3)

i gcás oibríochtaí ilfhoirne, tá cúrsa ceannais an oibreora curtha i gcrích ag an mball den fhoireann eitilte i gcás ardú céime ó chomhphíolóta go dtí píolóta i gceannas/ceannasaí.

(c)

I gcás oibríochtaí tráchtála le heitleáin agus héileacaptair agus oibríochtaí IAM le VCA, beidh oiliúint tosaigh taithíochta ar an mbealach nó ar an limistéar atá le heitilt agus ar na haeradróim, ingearfoirt, suíomhanna atreoraithe, saoráidí agus nósanna imeachta atá le húsáid ag an bpíolóta atá i gceannas/ag an gceannasaí nó ag an bpíolóta ar féidir stiúradh na heitilte a tharmligean chuige, agus coinneoidh sé an t-eolas sin cothrom le dáta mar a leanas:

(1)

coinneofar an t-eolas faoi aeadróim nó ingearfoirt cothrom le dáta trí oibriú ag aeradróm nó ingearfort uair amháin ar a laghad laistigh de thréimhse féilire 12 mhí;

(2)

coinneofar eolas faoin mbealach nó faoin limistéar cothrom le dáta trí oibriú ar an mbealach nó ar an limistéar nó ag suíomh atreoraithe uair amháin ar a laghad laistigh de thréimhse 36 mhí; ina theannta sin, tá gá le hoiliúint athnuachana maidir le heolas ar an mbealach nó ar an limistéar mura n-oibrítear ar bhealach nó ar limistéar ar feadh 12 mhí laistigh den tréimhse 36 mhí.

(d)

D’ainneoin phointe (c), i gcás oibríochtaí faoi VFR le linn an lae le heitleáin agus héileacaptair d’aicme feidhmíochta B agus C, féadfar oiliúint taithíochta ar an aerbhealach agus ar na haeradróim a chur in ionad na hoiliúna ar an aerbhealach agus ar na haeradróim.’;

(11)

i bpointe ORO.FC.120, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Comhlíonfaidh an ball den fhoireann eitilte an cúrsa oiliúna tiontúcháin d’oibreoirí sula gcuirfear tús leis an eitilt líne gan mhaoirseacht:

(1)

ar aistriú chuig aerárthach dóibh a bhfuil gá le rátáil nua cineáil nó aicme dó;

(2)

gach uair a ghlacfaidh ball den fhoireann eitilte post in oibreoir.’;

(12)

i bpointe ORO.FC.140, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

I gcás oibríochtaí ar níos mó ná cineál nó leagan VCA amháin a úsáidtear chun oibríochtaí atá comhchosúil a ndóthain a dhéanamh, má dhéantar sealaíocht ar sheiceálacha líne idir cineálacha nó leaganacha, déanfaidh gach seiceáil líne an tseiceáil líne a athbhailíochtú i gcás na gcineálacha nó na leaganacha eile VCA.’;

(13)

i bpointe ORO.FC.145, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

I gcás oibríochtaí CAT le heitleáin agus le héileacaptair agus oibríochtaí IAM le VCA, formheasfaidh an t-údarás inniúil na cláir oiliúna agus seiceála, lena n-áirítear na siollabais agus na modhanna chun an clár a sheachadadh, modhanna amhail feistí oiliúna ionsamhalta eitilte aonair (FSTDanna) agus réitigh oiliúna eile.’;

(14)

i bpointe ORO.FC.146, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

D’ainneoin phointe (b), féadfaidh ceannasaí atá cáilithe go cuí, nó píolóta i gceannas i gcás oibríochtaí IAM, a bhfuil deimhniú FI/TRI/SFI aige agus atá ainmnithe ag an oibreoir le haghaidh aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas, an oiliúint aerárthaigh/FSTD agus seiceáil ar oilteacht an oibreora a dhéanamh:

(1)

Oibríochtaí CAT le héileacaptair a chomhlíonann na critéir a shainítear i bpointe ORO.FC.005(b)(2);

(2)

Oibríochtaí CAT le héileacaptair nach héileacaptair choimpléascacha iad atá á gcumhachtú le mótar le linn an lae agus thar bhealaí a dhéantar a loingsiú faoi threoir comharthaí talún infheicthe;

(3)

Oibríochtaí CAT le heitleán aicme feidhmíochta B nach gcomhlíonann na critéir a shainítear i bpointe ORO.FC.005(b)(1);

(4)

Oibríochtaí IAM le VCA le linn an lae thar bhealaí a dhéantar a loingsiú faoi threoir comharthaí talún infheicthe.’;

(15)

i bhFochuid FC — cuirtear Foireann Eitilte, [Roinn 4] leis mar a leanas:

ROINN 4

Ceanglais bhreise le haghaidh oibríochtaí IAM le haerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA)

ORO.FC.400 Inniúlacht na foirne eitilte

Comhfhreagróidh comhdhéanamh íosta na foirne eitilte le haghaidh oibríochtaí IAM le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA) don mhéid a shonraítear sa lámhleabhar oibríochtaí, agus machnamh á thabhairt don líon íosta arna shonrú sa lámhleabhar oibríochtaí nó i ndoiciméid eile atá bainteach leis an deimhniú aeracmhainneachta (CofA) ag an aerárthach ar leith.

ORO.FC.415 Oiliúint tosaigh i mbainistíocht acmhainní foirne an oibreora (CRM)

(a)

Comhlíonfaidh an ball den fhoireann eitilte cúrsa oiliúna tosaigh CRM sula gcuirfear tús le heitilt líne gan mhaoirseacht.

(b)

Déanfaidh oiliúnóir cuí-cháilithe CRM amháin ar a laghad an cúrsa oiliúna tosaigh CRM, oiliúnóir a fhéadfaidh cúnamh a fháil ó shaineolaithe chun aghaidh a thabhairt ar shainréimsí oiliúna.

ORO.FC.420 Oiliúint tiontúcháin oibreora agus seiceáil

(a)

Beidh an oiliúint CRM comhtháite leis an gcúrsa oiliúna tiontúcháin d’oibreoirí.

(b)

A luaithe a bheidh tús curtha le cúrsa tiontúcháin oibreora IAM, ní shannfar dualgais eitilte ar chineál ná ar aicme eile aerárthaigh don bhall den fhoireann eitilte go dtí go mbeidh an cúrsa curtha i gcrích nó deireadh curtha leis.

(c)

Cinnfear an méid oiliúna is gá don bhall den fhoireann eitilte a fháil le haghaidh chúrsa tiontúcháin an oibreora IAM i gcomhréir le caighdeáin na gcáilíochtaí agus taithí a leagtar síos sa lámhleabhar oibríochtaí, agus oiliúint agus taithí roimhe seo an bhaill den fhoireann eitilte á gcur san áireamh.

(d)

Cuirfidh gach ball den fhoireann eitilte an méid seo a leanas i gcrích:

(1)

an tseiceáil ar inniúlacht an oibreora IAM agus an oiliúint agus tseiceáil ar an trealamh éigeandála agus sábháilteachta sula gcuirtear tús le heitilt líne faoi mhaoirseacht (LIFUS); agus

(2)

an tseiceáil líne ar chomhlíonadh LIFUS dóibh.

(e)

Mura féidir leis an oibreoir na ceanglais i (d) a chomhlíonadh de bharr imthosca oibríochtúla amhail cur isteach ar AOC nua nó cineál nó aicme nua aerárthaigh a chur leis an bhflít, is féidir leis an oibreoir cúrsa sonrach tiontúcháin a fhorbairt, atá le húsáid go sealadach le haghaidh líon teoranta ball den fhoireann eitilte.

ORO.FC.430 Oiliúint thréimhsiúil agus seiceáil thréimhsiúil

(a)

Cuirfidh gach ball den fhoireann eitilte an oiliúint thréimhsiúil agus an tseiceáil thréimhsiúil i gcrích a bhaineann leis an gcineál nó leagan VCA agus le trealamh gaolmhar an aerárthaigh ar a n-oibríonn siad.

(b)

Seiceáil ar oilteacht an oibreora IAM

(1)

Déanfaidh gach ball den fhoireann eitilte seiceálacha ar oilteacht an oibreora IAM mar chuid den ghnáthchumraíocht foirne chun a n-inniúlacht a léiriú chun gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus éigeandála a chur i gcrích, agus na gnéithe ábhartha á gcumhdach atá bainteach leis na cúraimí ar a dtuairiscítear sa lámhleabhar oibríochtaí.

(2)

Forchoimeádta.

(3)

6 mhí féilire a bheidh i dtréimhse bhailíochta na seiceála ar oilteacht an oibreora IAM.

(c)

Seiceáil líne

Déanfaidh gach ball den fhoireann eitilte seiceáil líne ar an VCA. 12 mhí féilire a bheidh i dtréimhse bhailíochta na seiceála líne.

(d)

Oiliúint agus seiceáil ar threalamh éigeandála agus sábháilteachta

Cuirfidh gach ball den fhoireann eitilte oiliúint thréimhsiúil agus seiceáil thréimhsiúil i gcrích maidir le suíomh agus úsáid an trealaimh éigeandála agus sábháilteachta go léir a iompraítear ar bord an aerárthaigh. 12 mhí féilire a bheidh sa tréimhse bhailíochta chun seiceáil a dhéanamh ar threalamh éigeandála agus sábháilteachta.

(e)

Oiliúint CRM

(1)

Déanfar gnéithe oiliúna de CRM a chomhtháthú i ngach céim oiriúnach den oiliúint athfhillteach.

(2)

Cuirfear oiliúint shonrach mhodúlach CRM ar gach ball den fhoireann eitilte. Clúdófar gach mórthopaic a bhaineann leis an oiliúint CRM trí sheisiúin oiliúna mhodúlacha a dháileadh a chothroime agus is féidir thar gach tréimhse 3 bliana.

(f)

Cuirfear oiliúint ar an talamh agus oiliúint eitilte ar gach ball den fhoireann eitilte in FSTD nó VCA, nó i meascán d’oiliúint FSTD agus VCA, gach 12 mhí féilire ar a laghad.

ORO.FC.440 Oibríochtaí a dhéanamh ar níos mó ná cineál nó leagan amháin

(a)

Cumhdófar an méid seo a leanas leis na nósanna imeachta nó srianta oibriúcháin chun oibríochtaí a dhéanamh ar níos mó ná cineál nó leagan amháin arna leagan síos sa lámhleabhar oibríochtaí agus arna fhormheas ag an údarás inniúil:

(1)

an taithí íosta is gá a bheith ag baill den fhoireann eitilte;

(2)

an taithí íosta is gá le haghaidh cineál nó leagan ar leith sula gcuirtear tús le hoiliúint agus le hoibriú ar chineál nó leagan eile;

(3)

an próiseas trína gcuirfear oiliúint ar bhaill den fhoireann eitilte atá cáilithe ar chineál nó leagan amháin i gcineál nó leagan eile agus ina gcáileoidh siad dó; agus

(4)

na ceanglais uile le déanaí maidir le taithí le haghaidh gach cineáil nó leagain.

(b)

Níor cheart do bhaill den fhoireann eitilte níos mó ná trí chineál aerárthaí ná grúpa cineálacha a oibriú, lena n-áirítear VCA amháin ar a laghad.’;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.TC.100:

ORO.TC.100 Raon feidhme

Leis an bhFochuid seo cuirtear ar bun na ceanglais atá le comhlíonadh ag aeroibreoir agus é ag oibriú aerárthaigh le baill den fhoireann theicniúil in oibríochtaí seirbhíse liachta éigeandála d’aeriompar le héileacaptar (HEMS), oibríochtaí seirbhíse liachta éigeandála le VCA (VEMS), oibríochtaí córais íomháithe oíche (NVIS), nó oibríochtaí ardaitheora le héileacaptar (HHO).’;

(17)

i bpointe ORO.TC.105, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ní shannfar dualgais do bhaill den fhoireann theicniúil atá bainteach le hoibríochtaí aeriompair tráchtála HEMS, VEMS, HHO nó NVIS ach ar choinníoll:

(1)

go bhfuil 18 mbliana d’aois ar a laghad slánaithe acu;

(2)

go bhfuil siad corpacmhainneach agus meabhairacmhainneach chun a gcuid dualgas agus freagrachtaí sannta a chomhlíonadh;

(3)

go bhfuil an oiliúint uile is infheidhme comhlíonta acu a cheanglaítear leis an bhFochuid seo chun a gcuid dualgas sannta a chomhlíonadh;

(4)

go ndearnadh seiceáil orthu agus gur suíodh go bhfuil inniúlacht acu chun a gcuid dualgais shannta uile a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna sonrú sa lámhleabhar oibríochtaí.’;

(18)

i bpointe ORO.TC.110, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Na seiceálacha a thiocfaidh i ndiaidh oiliúint tiontúcháin an oibreora agus aon eitilt cleachta is eolais is gá roimh oibriú mar bhall den fhoireann theicniúil in oibríochtaí HEMS, VEMS, HHO nó NVIS.’;

(19)

i bpointe ORO.TC.120, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Áireofar le hoiliúint tiontúcháin an oibreora an méid seo a leanas:

(1)

suíomh agus úsáid an trealaimh éigeandála agus sábháilteachta uile a iompraítear ar bord an aerárthaigh;

(2)

gach gnáthnós imeachta agus nós imeachta éigeandála;

(3)

trealamh ar bord a úsáidtear le dualgais a chomhlíonadh san aerárthach nó ar an talamh chun na críche cúnamh a thabhairt don phíolóta le linn oibríochtaí HEMS, VEMS, HHO nó NVIS.’;

(20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORO.FTL.100:

ORO.FTL.100 Raon feidhme

Leis an bhFochuid seo cuirtear ar bun na ceanglais atá le comhlíonadh ag aeroibreoir agus ag na baill dá fhoireann eitilte agus cábáin (aerfhoireann) a mhéid a bhaineann le teorainneacha aga eitilte agus dualgais agus ceanglais scíthe le haghaidh aerfhoireann a shanntar d’oibríochtaí aeriompair tráchtála (CAT) le heitleáin.’.


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 30.6.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1018/oj).’;

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj).

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí breise aeracmhainneachta le haghaidh cineál oibríochtaí ar leith agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/640/oj).’;’


IARSCRÍBHINN VI

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SPA.GEN.100:

SPA.GEN.100 Údarás inniúil

(a)

Is é an t-údarás inniúil chun formheas sonrach a eisiúint:

(1)

i gcás oibreoir tráchtála eitleán agus héileacaptar, údarás an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhionad gnó ag an oibreoir;

(2)

i gcás oibreoir neamhthráchtála eitleán agus héileacaptar, údarás an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhionad gnó ag an oibreoir, ina bhfuil sé bunaithe nó ina gcónaíonn sé;

(3)

i gcás oibreoir IAM d’aerárthach atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA), údarás an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhionad gnó ag an oibreoir nó ina gcónaíonn sé.

(b)

D’ainneoin phointe (a)(2), i gcás oibreoir neamhthráchtála a úsáideann eitleán nó héileacaptar atá cláraithe i dtríú tír, ní bheidh feidhm ag na ceanglais is infheidhme faoin Iarscríbhinn maidir le formheas na n-oibríochtaí seo a leanas más é Stát Cláraithe tríú tír a eisíonn an formheas sin:

(1)

loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe (PBN);

(2)

sonraíocht íosta feidhmíochta loingseoireachta (MNPS);

(3)

íosdeighiltí ingearacha laghdaithe (RVSM) don aerspás;

(4)

oibríochtaí drochléargais (LVOnna).’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SPA.MNPS.100:

SPA.MNPS.100 Oibríochtaí MNPS

Ní oibreofar eitleáin agus héileacaptair ach amháin in aerspás ag a bhfuil sonraíochtaí íosta feidhmíochta loingseoireachta (MNPS) i gcomhréir leis na nósanna imeachta forlíontacha náisiúnta, ina bhfuil MNPS bunaithe, más rud é go bhfuil formheas tugtha ag an údarás inniúil don oibreoir chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SPA.RVSM.100:

SPA.RVSM.100 Oibríochtaí RVSM

Ní oibreofar eitleáin agus héileacaptair ach amháin in aerspás ainmnithe ina bhfuil feidhm ag íosdeighilt cheartingearach laghdaithe 300 m (1 000 troigh) idir leibhéal eitilte (FL) 290 agus FL 410, an dá rud san áireamh, má dheonaigh an t-údarás inniúil formheas ar an oibreoir chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SPA.LVO.100:

SPA.LVO.100 Oibríochtaí faoi dhálaí drochléargais nó oibríochtaí lena mbaineann creidmheasanna oibríochtúla

Ní dhéanfaidh an t-oibreoir eitleán ná héileacaptar na n-oibríochtaí seo a leanas ach amháin má fhormheasann an t-údarás inniúil iad:

(a)

oibríochtaí éirí de thalamh ag a bhfuil dálaí léargais atá níos lú ná 400 m RVR;

(b)

oibríochtaí ascnaimh le huirlisí i ndálaí drochléargais; agus

(c)

oibríochtaí lena mbaineann creidmheasanna oibríochtúla, seachas oibríochtaí EFVS 200, nach mbeidh faoi réir formheas sonrach.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SPA.DG.100:

SPA.DG.100 Iompar earraí contúirteacha

Seachas dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT), Iarscríbhinn VI (Cuid-NCC), Iarscríbhinn VII (Cuid-NCO), Iarscríbhinn VIII (Cuid-SPO) agus Iarscríbhinn IX (Cuid-IAM) a ghabhann leis an Rialachán seo, ní dhéanfaidh an t-oibreoir earraí contúirteacha a iompar ach amháin má d’fhormheas an t-údarás inniúil é.’;

(6)

i bpointe SPA.EFB.100, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ní úsáidfidh oibreoir aeriompair tráchtála eitleán nó héileacaptar nó oibreoir IAM ach amháin feidhmchlár EFB de chineál B má tá formheas deonaithe don oibreoir ag an údarás inniúil as úsáid den sórt sin.’;

(7)

Cuirtear an [Fhochuid O] seo a leanas leis:

‘FOCHUID O

OIBRÍOCHTAÍ SEIRBHÍSE LEIGHIS ÉIGEANDÁLA LE hAERÁRTHACH LE FOIREANN ATÁ IN ANN ÉIRÍ DE THALAMH AGUS TUIRLINGT GO hINGEARACH (VEMS)

SPA.VEMS.100 Oibríochtaí seirbhíse leighis éigeandála le haerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VEMS)

(a)

Ní dhéanfaidh oibreoir IAM oibríochtaí seirbhíse leighis éigeandála le haerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VEMS) ach amháin má tá formheas deonaithe don oibreoir ag an údarás inniúil as oibríochtaí den sórt sin.

(b)

Chun formheas den sórt sin a fháil ón údarás inniúil, déanfaidh an t-oibreoir IAM an méid a leanas:

(1)

AOC a reáchtáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-ORO);

(2)

oibríochtaí i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha in Iarscríbhinn IX (Cuid-IAM); agus

(3)

comhlíontacht leis na ceanglais atá san Fhochuid seo a léiriú don údarás inniúil.

(c)

Úsáidfidh an t-oibreoir IAM ingearfoirt leormhaithe dá bhunáit oibriúcháin agus láithreacha ospidéil mura bhformheasann an t-údarás inniúil é chun láthair a bhaineann le leas an phobail (PIS) ag suíomh ospidéil a úsáid.

(d)

Féadfaidh an t-oibreoir IAM láithreán oibriúcháin leormhaithe a úsáid chun críoch mhisin VEMS nó eitiltí oiliúna VEMS agus an méid seo a leanas á thabhairt san áireamh:

(1)

na ceanglais um fheidhmíocht an aerárthaigh is infheidhme maidir le héirí de thalamh agus tuirlingt;

(2)

saintréithe an láithreáin oibriúcháin, lena n-áirítear toisí, constaicí, agus riocht an dromchla;

(3)

scaradh sábháilte aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA) ó dhaoine ar an talamh; agus

(4)

ceanglais príobháideachais, cosanta sonraí, dliteanais, árachais, urrúis, agus cosanta comhshaoil.

SPA.VEMS.110 Ceanglais trealaimh le haghaidh oibríochtaí VEMS

(a)

Ceadófar gach trealamh leighis tiomnaithe a shuiteáil ar aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA) agus aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an tsuiteáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, ar oibriú an trealaimh sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(b)

I gcás eitiltí VFR le linn an lae thar bealaí nó limistéir a dhéantar a loingsiú faoi threoir comharthaí talún infheicthe, beidh gaireas ar an VCR a sholáthraíonn taispeáint léarscáile gluaistí a léiríonn suíomh an aerárthaigh féin agus constaicí. Coinneofar an léarscáil agus an bunachar sonraí nó na bunachair sonraí constaicí cothrom le dáta.

(c)

I gcás eitiltí VFR le linn an lae, beidh bealach ar an VCA chun airde agus treo-cheann cobhsaithe a thomhas agus a thaispeáint don phíolóta nó beidh uirlisí coibhéiseacha eile air chun meadhrán píolóta a mhaolú i gcás leideanna amhairc laghdaithe.

(d)

Beidh uirlisí ag aon VCA a úsáidtear i misin VEMS ag a bhfuil cumas ‘amach’ ADS-B.

(e)

Déanfar na huirlisí agus an trealamh a cheanglaítear le pointe (f) a dheimhniú i gcomhréir leis na ceanglais aeracmhainneachta is infheidhme.

(f)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a dhoiciméadú san íosliosta trealaimh (MEL).

SPA.VEMS.115 Cumarsáid

Chomh maith leis na ceanglais ar ionstraimí agus trealamh infheidhme maidir le VCA i gcumraíocht le foireann, beidh trealamh cumarsáide ar VCA a úsáidtear le haghaidh eitiltí VEMS atá in ann cumarsáid déthreo a dhéanamh leis an eagraíocht dá ndéantar an eitilt VEMS agus, i gcás inar féidir, cumarsáid a dhéanamh le pearsanra seirbhíse éigeandála ar an talamh ar láthair na hoibríochta.

SPA.VEMS.120 Íosdálaí maidir le léargas agus fad íosta ó scamall

Is iad na híosdálaí do chéim seolta agus faoi bhealach na heitilte VEMS na híosdálaí sin arna mbunú i gcomhréir le pointe SERA.5001. Má thiteann na dálaí aimsire le linn na céime faoi bhealach faoi na híosdálaí is infheidhme:

(a)

Tuirlingeoidh VCA deimhnithe le haghaidh eitiltí faoi VFR amháin le linn an lae a luaithe is indéanta nó fillfidh siad ar bhunáit VEMS.

(b)

Forchoimeádta.

SPA.VEMS.125 Ceanglais feidhmíochta le haghaidh oibríochtaí VEMS

Oibreofar VCA a úsáidtear i gcomhair oibríochtaí VEMS i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta is infheidhme a bhunaítear i bpointe UAM.POL.VCA.100.

SPA.VEMS.130 Riachtanais foirne

(a)

Roghnú. Leagfaidh an t-oibreoir IAM síos critéir chun baill den fhoireann eitilte a roghnú d’oibríochtaí VEMS, agus a dtaithí roimhe sin á cur san áireamh.

(b)

Oiliúint oibríochtúil. Cuirfidh baill den fhoireann oiliúint oibríochtúil i gcrích go rathúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta VEMS atá sa lámhleabhar oibríochtaí.

(c)

Forchoimeádta.

(d)

Comhdhéanamh na foirne

(1)

Eitilt lae. Ag an seoladh le haghaidh eitilt VEMS faoi VFR lae, beidh beirt phíolótaí nó píolóta amháin agus ball foirne teicniúil VEMS amháin san íos-chomhdhéanamh foirne.

Tar éis tuirlingthe ag láithreán oibriúcháin CEMS, féadfaidh píolóta amháin eitiltí ina dhiaidh sin a dhéanamh:

(i)

más gá soláthairtí leighis breise a fháil, athbhreoslú/athluchtú ceallra nó athshuíomh agus an ball foirne teicniúil VEMS ag cur cúnamh leighis ar fáil ar an talamh an tráth céanna; nó

(ii)

má thugann ball foirne teicniúil cúnamh leighis don othar leighis le linn eitilte nó le linn iompair i bhfeithicil eile.

(2)

Forchoimeádta.

(3)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go gcoinneofar leanúnachas an choincheapa foirne ar fud an mhisin VEMS.

(e)

Oiliúint a chur ar an bhfoireann eitilte agus theicniúil agus seiceáil a dhéanamh

(1)

Déanfaidh pearsanra cuícháilithe an oiliúint agus an tseiceáil i gcomhréir le siollabas a áirítear sa lámhleabhar oibríochtaí agus ar ina leith a bheidh cead tugtha ag an údarás inniúil.

(2)

Baill den fhoireann

(i)

Feabhsóidh na gnéithe ábhartha uile de chlár oiliúna na mball foirne eolas na mall ar an timpeallacht agus trealamh oibre VEMS, feabhsóidh siad comhordú ball foirne, agus áireofar iontu bearta chun rioscaí a bhaineann le haistriú faoi bhealach chuig coinníollacha drochléargais a íoslaghdú, roghnú láithreán oibriúcháin VEMS, agus próifílí cur chuige agus imeachta.

(ii)

Déanfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (i) a mheasúnú le linn an dá cheann díobh seo a leanas:

(A)

Seiceálacha lae ar inniúlacht an VMC;

(B)

seiceálacha líne.

(iii)

An tréimhse bhailíochta le haghaidh na gcomhpháirteanna VEMS de na seiceálacha inniúlachta agus na seiceálacha líne dá dtagraítear i bpointe (ii), 6 agus 12 mhí féilire faoi seach a bheidh i gceist.

SPA.VEMS.135 Faisnéisiú do phaisinéirí leighis agus pearsanra eile

(a)

Paisinéirí leighis. Roimh aon eitilt VEMS, nó sraith eitiltí VEMS, tabharfar eolas do phaisinéirí leighis lena áirithiú go bhfuil eolas acu ar an timpeallacht oibre agus an trealamh VEMS, gur féidir leo an trealamh éigeandála ar bord a oibriú, agus gur féidir leo páirt a ghlacadh i ngnáthnósanna imeachta teachta agus scoir agus nósanna imeachta éigeandála.

(b)

Pearsanra seirbhíse éigeandála ar an talamh. I gcás ina bhfuil foireann seirbhíse éigeandála talún fostaithe, déanfaidh an t-oibreoir IAM na bearta uile is gá lena áirithiú go mbíonn pearsanra den sórt sin eolach ar an timpeallacht agus an trealamh oibre VEMS, agus na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí talún ag láithreán oibriúcháin VEMS.

(c)

Othair leighis. D’ainneoin phointe UAM.OP.MVCA.170 d’Iarscríbhinn IX (Cuid-IAM), ní reáchtálfar faisnéisiú ach amháin má tá sé indéanta i gcomhthéacs riocht leighis an othair leighis.

SPA.VEMS.140 Faisnéis, nósanna imeachta agus doiciméadú

(a)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht VEMS a mheasúnú, a mhaolú agus a íoslaghdú mar chuid dá phróiseas anailíse agus bainistíochta riosca. Tabharfaidh an t-oibreoir IAM tuairisc ar a bhearta maolaitheacha, lena n-áirítear nósanna imeachta oibriúcháin, sa lámhleabhar oibríochtaí.

(b)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go ndéanann an píolóta i gceannas (PIC) measúnú ar na rioscaí a bhaineann le heitilt VEMS áirithe.

(c)

Cuirfear sleachta ábhartha as an lámhleabhar oibríochtaí ar fáil don eagraíocht a bhfuil an oibríocht VEMS á soláthar dóibh.

SPA.VEMS.145 Saoráidí ag bunáit oibriúcháin VEMS

(a)

Má éilítear ar bhaill foirne a bheith ar fuireachas le ham freagartha níos lú ná 45 nóiméad, soláthrófar cóiríocht oiriúnach thiomnaithe gar do gach bunáit oibriúcháin VEMS.

(b)

Ag gach bunáit oibriúcháin VEMS, tabharfar rochtain don fhoireann eitilte ar na saoráidí chun an fhaisnéis aimsire reatha agus réamhaisnéise aimsire a fháil agus beidh cumarsáid leordhóthanach acu leis na haonaid seirbhíse aerthráchta (ATS) iomchuí. Beidh na saoráidí leordhóthanacha ar fáil chun na tascanna uile lena mbaineann a phleanáil.

SPA.VEMS.150 Breoslú/díbhreoslú/luchtú ceallraí/babhtáil ceallraí fad is atá paisinéirí ag bordáil, ar bord, nó ag díbhordáil

Nósanna imeachta um athbhreoslú/díbhreoslú/luchtú ceallraí nó babhtáil ceallraí le ceachtar de na haonaid ardúcháin agus sá cumhachtaithe air nó as, ní dhéanfar iad ach i gcomhréir le pointe UAM.OP.MVCA.200 nó pointe UAM.OP.MVCA.205 de réir mar is infheidhme.

SPA.VEMS.155 Córas rianaithe aerárthaí

Déanfaidh an t-oibreoir IAM córas rianaithe aerárthaí a ndéantar faireachán air a bhunú agus a choinneáil ar bun le haghaidh oibríochtaí VEMS ar feadh thréimhse iomlán eitilt VEMS.’.


IARSCRÍBHINN VII

Cuirtear an Iarscríbhinn IX seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012:

‘IARSCRÍBHINN IX

OIBRÍOCHTAÍ AER-SHOGHLUAISTEACHTA NUÁLAÍ

(CUID-IAM)

FOCHUID A

CEANGLAIS GHINEARÁLTA

IAM.GEN.050 Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthach le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA) i gcomhréir le VFR le linn an lae.

IAM.GEN.055 Údarás inniúil

Údarás inniúil an oibreora IAM, is é a bheidh ann an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil a bhunáit ghnó nó a áit chónaithe ag an oibreoir sin, nó ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1139.

ROINN 1

Aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA)

IAM.GEN.VCA.050 Raon feidhme

Tá na ceanglais ghinearálta maidir le VCA a oibriú sa Roinn seo.

IAM.GEN.VCA.100 Freagrachtaí foirne

(a)

Beidh píolótaí agus baill foirne eile freagrach as a gcuid dualgas a chomhlíonadh mar is ceart, dualgais a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

(1)

baineann siad le sábháilteacht VCA agus na ndaoine ann; agus

(2)

tá siad sonraithe i lámhleabhar oibríochtaí (OM) an oibreora VCA.

(b)

Comhlíonfaidh píolótaí agus baill eile foirne gach ceann díobh seo a leanas:

(1)

tabharfaidh siad tuairisc, mura bhfuil tuairisc tugtha cheana, don phíolóta i gceannas (PIC) faoi aon fhabht, cliseadh, mífheidhm nó locht is dóigh leo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aeracmhainneacht nó d’oibriú sábháilte an VCA, lena n-áirítear córais éigeandála;

(2)

tabharfaidh siad tuairisc, mura bhfuil tuairisc tugtha cheana, don phíolóta i gceannas faoi aon teagmhas a chuir sábháilteacht oibriú an VCA i mbaol, nó a d’fhéadfadh sin a dhéanamh;

(3)

comhlíonfaidh siad ceanglais ábhartha scéim tuairiscithe tarluithe an oibreora;

(4)

cloífidh siad leis an aga eitilte, am dualgais agus na ceanglais scíthe is infheidhme maidir lena gcuid gníomhaíochtaí;

(5)

ní dhíchumasóidh ná ní mhúchfaidh siad taifeadáin le linn eitilte, ná ní scriosfaidh siad d’aon ghnó a dtaifeadtaí.

(c)

Ní dhéanfaidh píolótaí agus baill eile foirne dualgais a bhaineann le hoibriú VCA má tá siad in aon cheann de na cásanna a leanas:

(1)

i gcás ina bhfuil siad faoi thionchar substaintí sícighníomhacha nó i gcás ina bhfuil siad neamhábalta de bharr díobhála, tuirse, cógais, tinnis nó cúiseanna comhchosúla eile;

(2)

i gcás nach gcomhlíonann siad na ceanglais leighis is infheidhme;

(3)

i gcás ina bhfuil aon amhras orthu maidir le bheith in ann a ndualgais sannta a dhéanamh;

(4)

má tá a fhios acu nó más dóigh leo go bhfuil siad traochta ar bhealach dá dtagraítear i bpointe 7.5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 nó má mhothaíonn siad neamhábalta a mhéid a d’fhéadfaí sábháilteacht na heitilte a chur i mbaol.

IAM.GEN.VCA.105 Freagrachtaí an phíolóta i gceannas (PIC)

(a)

Anuas ar phointe IAM.GEN.VCA.100 a chomhlíonadh, déanfaidh an PIC, a luaithe agus a ghlacann sé na feidhmeanna stiúrtha ag an stáisiún sannta agus go dtí go dtugann sé de láimh na feidhmeanna stiúrtha nó a fhágann sé an stáisiún sannta ag deireadh na heitilte, an méid seo uile a leanas a chomhlíonadh:

(1)

a bheith freagrach as sábháilteacht na gcomhaltaí foirne, na bpaisinéirí agus an lasta ar fad atá ar bord an VCA;

(2)

a bheith freagrach as oibriú agus sábháilteacht an VCA nuair a bhíonn na haonaid ardúcháin agus sá cumhachtaithe air;

(3)

a bheith freagrach as eitilt a thosú, a leanúint, a chríochnú nó a atreorú ar mhaithe le sábháilteacht;

(4)

é a bheith d’údarás aige gach ordú a thabhairt agus aon bheart iomchuí a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht an VCA agus na ndaoine agus/nó na maoine atá á n-iompar nó á hiompar ann a áirithiú;

(5)

a áirithiú go dtugtar faisnéisiú do na paisinéirí uile maidir le láthair na mbealaí éalaithe, agus láthair agus úsáid an trealaimh ábhartha sláinte agus sábháilteachta, de réir mar is infheidhme;

(6)

a áirithiú go dtugtar faisnéisiú do na paisinéirí uile maidir le cén uair agus conas cumarsáid a dhéanamh le ball nó baill den fhoireann eitilte le linn na heitilte;

(7)

a áirithiú go gcomhlíontar na nósanna imeachta oibríochta agus na seicliostaí uile i gcomhréir le lámhleabhar oibríochtaí (OM) an oibreora VCA;

(8)

ní cheadóidh sé d’aon bhall foirne aon ghníomhaíocht a dhéanamh le linn céimeanna criticiúla d’eitilt, seachas na dualgais is gá a dhéanamh chun an VCA a oibriú go sábháilte;

(9)

a áirithiú nach ndíchumasaítear taifeadáin ná nach múchtar iad le linn na heitilte, agus nach scriostar a dtaifeadtaí d’aon ghnó;

(10)

cinneadh a dhéanamh maidir le glacadh le VCA le neamhfhóinteacht i gcomhréir le liosta diallta cumraíochta (CDL) VCA nó an t-íosliosta trealaimh (MEL), agus an logleabhar teicniúil VCA;

(11)

a áirithiú go bhfuil an chigireacht réamheitilte déanta i gcomhréir leis na ceanglais aeracmhainneachta leanúnaí is infheidhme;

(12)

a bheith sásta go bhfuil an trealamh éigeandála ábhartha inrochtana go héasca lena úsáid láithreach;

(13)

a thaifeadadh, ag deireadh na heitilte, i gcomhréir le ceanglais an chórais um thaifead aeracmhainneachta leanúnaí, sonraí úsáide agus gach fabht atá ar eolas agus amhrasta an VCA chun sábháilteacht eitilte leanúnach a áirithiú.

(b)

Glacfaidh an PIC, i gcás éigeandála ina dteastaíonn cinneadh agus gníomhaíocht láithreach, aon ghníomhaíocht a mheasann sé a bheith riachtanach sna himthosca. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an PIC imeacht ó rialacha, nósanna imeachta oibríochta agus modhanna ar mhaithe le sábháilteacht.

(c)

Tuairisceoidh an PIC, a luaithe is indéanta, chuig an aonad seirbhísí aerthráchta (ATS) iomchuí aon aimsir nó dálaí eitilte guaiseacha a thagann chun cinn le linn na heitilte ar dóchúil go ndéanfaidís difear do shábháilteacht oibríochtaí VCA eile.

IAM.GEN.VCA.110 Údarás an phíolóta i gceannas

Déanfaidh an t-oibreoir IAM na bearta réasúnacha uile lena áirithiú go ngéilleann na daoine uile a iompraítear ar bord VCA do na horduithe dleathacha uile a thugann an PIC chun críoch sábháilteacht an VCA agus na ndaoine nó na maoine atá á n-iompar nó á hiompar ann a áirithiú.

IAM.GEN.VCA.120 Teanga choiteann

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM gur féidir le baill uile na foirne cumarsáid a dhéanamh lena chéile i dteanga choiteann.

IAM.GEN.VCA.130 Cumhachtú air na n-aonad ardúcháin agus sá

Ní chumhachtófar air aonaid ardúcháin agus sá an VCA ach amháin chun na críche eitilte ag píolóta cáilithe ag rialuithe an VCA.

IAM.GEN.VCA.140 Gairis leictreonacha iniompartha (PEDanna)

Ní cheadóidh an t-oibreoir IAM d’aon duine PED a úsáid ar bord aerárthach a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fheidhmíocht chórais agus trealamh an VCA, agus déanfaidh sé na bearta réasúnacha uile chun úsáid den sórt sin a chosc.

IAM.GEN.VCA.141 Málaí eitilte leictreonacha a úsáid (EFBanna)

(a)

I gcás ina n-úsáidtear EFB ar bord aerárthaí, áiritheoidh an t-oibreoir IAM nach ndéanann sé díobháil d’fheidhmíocht chórais nó trealamh an VCA, ná le cumas ball den fhoireann eitilte an VCA a oibriú.

(b)

Ní úsáidfidh an t-oibreoir IAM feidhmchlár EFB de chineál B mura bhformheastar é i gcomhréir le Fochuid M d’Iarscríbhinn V (Cuid-SPA).

IAM.GEN.VCA.145 Faisnéis faoi threalamh éigeandála agus marthanais a iompraítear ar bord VCA

Beidh liostaí ar fáil ag an oibreoir IAM i gcónaí chun cumarsáid láithreach a dhéanamh le lárionaid comhordúcháin tarrthála ina bhfuil faisnéis maidir leis an trealamh éigeandála agus marthanais a iompraítear ar bord ceann ar bith dá VCA.

IAM.GEN.VCA.155 Airm chogaidh agus muinisin chogaidh a iompar

Ní ghlacfaidh an t-oibreoir IAM le hairm chogaidh ná le muinisin chogaidh lena n-iompar d’aer sa VCA.

IAM.GEN.VCA.160 Armáin spóirt agus armlóin a iompar

(a)

Ní ghlacfaidh an t-oibreoir IAM le harmáin spóirt lena n-iompar d’aer sa VCA:

(1)

murar féidir iad a stuáil sa VCA in áit nach bhfuil inrochtana do phaisinéirí le linn na heitilte; agus

(2)

go mbíonn na harmlóin uile dílódáilte agus go n-iompraítear iad ar leithligh ó na harmáin spóirt.

IAM.GEN.VCA.165 Modhanna iompair daoine

Déanfaidh an t-oibreoir IAM na bearta réasúnacha uile lena áirithiú nach bhfuil aon duine suite in aon chuid den VCA le linn eitilte nár dearadh ná nár sannadh chun go mbeadh daoine ann, seachas i gcás ina ndéanann duine gníomhaíocht is gá ar mhaithe le sábháilteacht an VCA nó aon duine, ainmhí nó earraí arna n-iompar sa VCA.

IAM.GEN.VCA.170 Substaintí sícighníomhacha

(a)

Glacfaidh an t-oibreoir IAM na bearta réasúnacha uile lena áirithiú nach dtagann aon duine isteach ná ní bhíonn aon duine ar bord an VCA i gcás ina bhfuil siad faoi thionchar substaintí sícighníomhacha a mhéid ar dóchúil go mbeadh sábháilteacht an VCA nó na ndaoine atá ann i gcontúirt.

(b)

Forbróidh agus cuirfidh an t-oibreoir IAM chun feidhme beartas agus nós imeachta cuspóireach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir le cosc agus brath mhí-úsáid substaintí sícighníomhacha ag píolótaí agus pearsanra eile atá íogair ó thaobh na sábháilteachta de faoi rialú díreach oibreoir an IAM, chun a áirithiú nach gcuirtear sábháilteacht an VCA agus na ndaoine atá ann i gcontúirt.

(c)

Má fhaightear toradh dearfach ar thástáil a dhéanann píolótaí nó pearsanra eile atá íogair ó thaobh na sábháilteachta de i ndáil le substaintí sícighníomhacha, cuirfidh an t-oibreoir IAM a údarás inniúil agus an t-údarás atá freagrach as na píolótaí agus an pearsanra lena mbaineann ar an eolas.

IAM.GEN.VCA.175 Sábháilteacht a chur i mbaol

(a)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM na bearta réasúnacha uile lena áirithiú nach ngníomhaíonn aon duine, nó nach ndéanann siad dearmad gníomhú, go meargánta, d’aon ghnó ná trí fhaillí, ionas:

(1)

go gcuirfí sábháilteacht an VCA nó sábháilteacht na ndaoine atá ann i gcontúirt; nó

(2)

go mbeadh sé ina chúis nó go gceadódh sé don VCA aon duine nó maoin a chur i gcontúirt.

(b)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go ndéanann píolótaí measúnú síceolaíoch sula dtosaíonn siad oibríochtaí aeir chun:

(1)

saintréithe síceolaíocha agus oiriúnacht na bpíolótaí a shainaithint i ndáil lena dtimpeallacht oibre; agus

(2)

an dóchúlacht a laghdú go gcuirfeadh píolótaí isteach ar bhealach diúltach ar oibríocht sábháilte an VCA.

IAM.GEN.VCA.176 Clár tacaíochta píolótaí

(a)

Cumasóidh, éascóidh agus áiritheoidh an t-oibreoir IAM rochtain ar chlár tacaíochta réamhghníomhach agus neamhphionósach a chuideoidh agus a thacóidh le píolótaí chun aon fhadhb a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá gcumas chun pribhléidí a gceadúnais a fheidhmiú go sábháilte a shainaithint, déileáil leo agus iad a shárú.

(b)

Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, réamhchoinníoll a bheidh i gcosaint rúndachta sonraí pearsanta maidir le clár tacaíochta píolótaí.

IAM.GEN.VCA.185 Faisnéis atá le caomhnú ar an talamh

(a)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM maidir le fad gach eitilte, nó sraith eitiltí, go ndéantar an méid a leanas i ndáil le faisnéis atá ábhartha don eitilt, nó don tsraith eitiltí, agus aon ní atá iomchuí don chineál oibríochta:

(1)

go gcaomhnaítear í ar an talamh; agus

(2)

go gcoinnítear í go dtí go ndéantar í a dhúbláil ag an áit ina stórálfar é; nó, más dodhéanta é sin,

(3)

go n-iomprófar í i gcoimeádán dódhíonach sa VCA.

(b)

Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), áireofar an méid uile a leanas:

(1)

cóip den phlean eitilte oibriúcháin;

(2)

cóipeanna den chuid nó de na codanna ábhartha de na taifid ar aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh;

(3)

doiciméadacht NOTAM atá sonrach don bhealach, más curtha in eagar go sonrach ag an oibreoir IAM;

(4)

doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht;

(5)

fógra maidir le hualaí speisialta.

IAM.GEN.VCA.190 Soláthar doiciméadachta agus taifead

Déanfaidh an píolóta i gceannas an doiciméadacht a cheanglaítear a iompar ar bord, ar pháipéar nó i meáin dhigiteacha, a sholáthar do dhuine atá údaraithe ag údarás laistigh d’am réasúnach óna d’iarr an duine sin air déanamh amhlaidh.

IAM.GEN.VCA.195 Caomhnú, táirgeadh, cosaint agus úsáid taifeadtaí ó thaifeadán

(a)

I ndiaidh tionóisce, teagmhas tromchúiseach nó tarlú arna shainaithint ag an údarás imscrúdaithe, coinneoidh an t-oibreoir IAM sonraí taifeadta bunaidh an taifeadáin a iompraítear sa VCA i gcomhréir le Fochuid D den Iarscríbhinn seo, ar feadh tréimhse 60 lá nó go dtí dáta eile mar a threoraíonn an t-údarás imscrúdaithe.

(b)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM seiceálacha oibriúcháin agus meastóireachtaí ar na taifeadtaí chun fóinteacht leanúnach an taifeadáin a áirithiú.

(c)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go gcoinneofar na taifeadtaí de pharaiméadair eitilte a cheanglaítear a thaifeadadh ar thaifeadán. Chun críche an taifeadán a thástáil agus a chothabháil, féadfar suas le 1 uair an chloig den ábhar taifeadta is sine tráth na tástála a léirscriosadh.

(d)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM an doiciméadacht ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun sonraí eitilte loma a aistriú ina bparaiméadair eitilte arna sloinneadh in aonaid innealtóireachta a choimeád agus a choinneáil cothrom le dáta.

(e)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM aon taifeadadh den taifeadán atá coinnithe a chur ar fáil, má chinneann an t-údarás inniúil amhlaidh.

(f)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 (*1) agus do Rialachán (AE) 2016/679 (*2):

(1)

ach amháin chun fóinteacht taifeadáin a áirithiú, ní nochtfar ná ní úsáidfear taifeadtaí fuaime mura gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:

(i)

tá nós imeachta a bhaineann le láimhseáil taifeadtaí fuaime den sórt sin agus tras-scríbhinn díobh i bhfeidhm;

(ii)

tá réamhthoiliú tugtha ag na píolótaí agus pearsanra cothabhála uile lena mbaineann;

(iii)

ní úsáidtear taifeadtaí fuaime den sórt sin ach amháin chun sábháilteacht a choinneáil ar bun nó a fheabhsú;

(2)

nuair a dhéanann an t-oibreoir IAM cigireacht ar thaifeadtaí fuaime taifeadáin chun fóinteacht an taifeadáin sin a áirithiú, cosnóidh an t-oibreoir IAM príobháideachas na dtaifeadtaí fuaime sin agus áiritheoidh sé nó sí nach nochtfar iad nó nach n-úsáidfear iad chun críocha eile seachas chun fóinteacht an taifeadáin a áirithiú;

(3)

ní úsáidfear paraiméadair eitilte arna dtaifeadadh ag taifeadán chun críocha seachas chun tionóisc nó teagmhas atá faoi réir ag tuairisciú éigeantach a imscrúdú, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann taifeadtaí den sórt sin aon cheann de na coinníollacha a leanas:

(i)

úsáideann an t-oibreoir IAM iad chun críocha aeracmhainneachta nó cothabhála agus sin amháin;

(ii)

dí-shainaithnítear iad;

(iii)

nochtar iad de réir nósanna imeachta daingne;

(4)

ach amháin chun fóinteacht taifeadáin a áirithiú, ní nochtfar íomhánna taifeadta de chró an phíolóta ná ní úsáidfear iad go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:

(i)

tá nós imeachta a bhaineann le taifeadtaí íomhánna den sórt sin a láimhseáil i bhfeidhm;

(ii)

tá réamhthoiliú tugtha ag na píolótaí agus pearsanra cothabhála uile lena mbaineann;

(iii)

ní úsáidtear taifeadtaí íomhánna den sórt sin ach amháin chun sábháilteacht a choinneáil ar bun nó a fheabhsú;

(5)

nuair a dhéantar cigireacht ar íomhánna de chró an phíolóta arna dtaifeadadh ag taifeadán chun fóinteacht an taifeadáin sin a áirithiú, ansin:

(i)

ní nochtfar ná ní úsáidfear na híomhánna sin seachas chun fóinteacht an taifeadáin a áirithiú;

(ii)

más dócha go mbeidh codanna de choirp píolótaí nó paisinéirí le feiceáil ar na híomhánna, áiritheoidh an t-oibreoir príobháideachas na n-íomhánna sin.

IAM.GEN.VCA.200 Earraí contúirteacha a iompar faoi fhormheas sonrach

(a)

Déanfar earraí contúirteacha a aeriompar ar a laghad i gcomhréir le hIarscríbhinn 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus leis na treoracha teicniúla is infheidhme.

(b)

Beidh an t-oibreoir IAM formheasta chun earraí contúirteacha a aeriompar mar lasta i gcomhréir le Fochuid G d’Iarscríbhinn V (Cuid-SPA).

(c)

Leagfaidh an t-oibreoir IAM síos nósanna imeachta chun a áirithiú go nglacfar gach beart réasúnach chun iompar earraí contúirteacha neamhdhearbhaithe nó mídhearbhaithe ar bord trí thaisme a chosc.

(d)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go gcuirfear an pearsanra uile, lena n-áirítear pearsanra tríú páirtí, atá rannpháirteach i lasta a ghlacadh, a láimhseáil, a luchtú agus a dhíluchtú, ar an eolas faoi fhormheas oibriúcháin agus teorainneacha an oibreora maidir le hearraí contúirteacha a aeriompar, agus go gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil dóibh lena chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí a dhéanamh, mar a cheanglaítear leis na treoracha teicniúla.

(e)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM, i gcomhréir leis na treoracha teicniúla go gcuirfear faisnéis ar fáil do phaisinéirí faoi earraí contúirteacha a bheith á n-iompar ar bord.

(f)

Tabharfaidh an t-oibreoir IAM, i gcomhréir leis na treoracha teicniúla, tuairisc gan mhoill don údarás inniúil agus d’údarás iomchuí an Stáit sna cásanna a leanas:

(1)

tarlaíonn aon tionóisc nó teagmhas a bhaineann le hearraí contúirteacha;

(2)

aimsítear earraí contúirteacha neamhdhearbhaithe nó mídhearbhaithe i lasta nó i bpost; nó

(3)

aimsítear earraí contúirteacha arna n-iompar ag paisinéirí nó baill den fhoireann nó ina mbagáiste, nuair nach bhfuil siad i gcomhréir le Cuid 8 de na treoracha teicniúla.

(g)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go gcuirfear fógraí ina dtugtar faisnéis faoi iompar earraí contúirteacha ar fáil ag pointí glactha do lasta mar a cheanglaítear leis na treoracha teicniúla.

IAM.GEN.VCA.205 Earraí contúirteacha a iompar faoi fhormheas sonrach

(a)

Déanfar earraí contúirteacha a aeriompar ar a laghad i gcomhréir le hIarscríbhinn 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus leis na treoracha teicniúla is infheidhme.

(b)

Iompróidh oibreoirí earraí contúirteacha ar bord VCA gan an formheas sonrach a éilítear faoi Fhochuid G d’Iarscríbhinn V (Cuid-SPA):

(1)

i gcás nach bhfuil siad faoi réir na dtreoracha teicniúla i gcomhréir le Cuid 1 di; nó

(2)

i gcás ina n-iompraíonn paisinéirí nó baill den fhoireann iad, nó ina bhfuil siad i mbagáiste, i gcomhréir le Cuid 8 de na treoracha teicniúla.

(c)

Oibreoirí IAM nach bhfuil formheasta i gcomhréir le Fochuid G d’Iarscríbhinn V (Cuid-SPA), bunóidh siad clár oiliúna maidir le hearraí contúirteacha a chomhlíonann ceanglais Iarscríbhinn 18 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus na treoracha teicniúla is infheidhme.

(d)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go gcuirfear faisnéis ar fáil do phaisinéirí faoi earraí contúirteacha a bheith á n-iompar ar bord i gcomhréir leis na Treoracha Teicniúla.

(e)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta chun a áirithiú go nglacfar gach beart réasúnach chun iompar earraí contúirteacha neamhdhearbhaithe ar bord trí thaisme a chosc.

(f)

Tabharfaidh an t-oibreoir IAM, i gcomhréir leis na treoracha teicniúla, tuairisc gan mhoill don údarás inniúil agus d’údarás iomchuí an Stáit sna cásanna a leanas:

(1)

tarlaíonn aon tionóisc nó teagmhas a bhaineann le hearraí contúirteacha;

(2)

aimsítear earraí contúirteacha neamhdhearbhaithe i lasta nó i bpost; nó

(3)

aimsítear earraí contúirteacha arna n-iompar ag paisinéirí nó baill den fhoireann nó ina mbagáiste, nuair nach bhfuil siad i gcomhréir le Cuid 8 de na treoracha teicniúla.

ROINN 2

Aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA)

IAM.GEN.MVCA.050 Raon feidhme

Leis an Roinn seo bunaítear ceanglais bhreise maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA).

IAM.GEN.MVCA.135 Ligean isteach i gcró an phíolóta

(a)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM nach ligfear aon duine, seachas an píolóta a shanntar d’eitilt, isteach i gcró an phíolóta, nó nach n-iomprófar aon duine ann, ach amháin má tá an duine sin:

(1)

ina bhall den fhoireann atá ag oibriú;

(2)

ina ionadaí den údarás inniúil nó den údarás cigireachta, má éilítear sé sin chun a ndualgais oifigiúla a fheidhmiú; nó

(3)

formheasta agus á iompar i gcomhréir le Lámhleabhar Oibríochtaí an oibreora.

(b)

Áiritheoidh an píolóta i gceannas:

(1)

nach dtarlóidh seachmall nó cur isteach ar stiúradh na heitilte mar thoradh ar dhuine a ligean isteach i gcró an phíolóta; agus

(2)

go mbeidh gach duine a iompraítear i gcró an phíolóta ar an eolas faoi na nósanna imeachta sábháilteachta ábhartha.

(c)

Déanfaidh an píolóta i gceannas an cinneadh críochnaitheach maidir le ligean isteach i gcró an phíolóta sa VCA.

IAM.GEN.MVCA.180 Doiciméid, lámhleabhair agus faisnéis atá le hiompar ar bord gach eitilt

(a)

Iomprófar na doiciméid, na lámhleabhair agus an fhaisnéis a leanas, ar pháipéar nó i meáin dhigiteacha, ar gach eitilt le VCA agus beidh siad inrochtana go héasca chun críocha cigireachta:

(1)

lámhleabhar eitilte an aerárthaigh (AFM), nó doiciméad coibhéiseach nó doiciméid choibhéiseacha;

(2)

deimhniú clárúcháin bunaidh an aerárthaigh;

(3)

an deimhniú aeracmhainneachta bunaidh (CofA);

(4)

an deimhniú torainn, le haistriúchán Béarla i gcás ina bhfuil ceann curtha ar fáil ag an údarás atá freagrach as an deimhniú torainn a eisiúint;

(5)

fíorchóip dheimhnithe den deimhniú aeroibreora (AOC), lena n-áirítear aistriúchán Béarla i gcás inar eisíodh an AOC i dteanga eile;

(6)

na sonraíochtaí oibríochtaí is ábhartha don chineál aerárthaigh, arna n-eisiúint leis an AOC, lena n-áirítear aistriúchán Béarla i gcás inar eisíodh na sonraíochtaí oibríochtaí i dteanga eile;

(7)

ceadúnas raidió bunaidh an aerárthaigh, más infheidhme;

(8)

an deimhniú nó na deimhnithe árachais dliteanais tríú páirtí;

(9)

loga an turais, nó a choibhéis, don aerárthach;

(10)

na taifid ar aeracmhainneacht leanúnach, de réir mar is infheidhme;

(11)

mionsonraí faoin bplean eitilte athbhreithnithe ATS, más infheidhme;

(12)

cairteacha aerloingseoireachta reatha agus oiriúnacha le haghaidh bhealach na heitilte atá beartaithe agus le haghaidh na mbealach uile a mbeadh coinne réasúnta leis go bhféadfaí an eitilt a chur ar mhalairt slí chucu;

(13)

nósanna imeachta agus faisnéis maidir le comharthaí amhairc le húsáid ag aerárthaí a dhéanann idircheapadh agus ag aerárthaí idircheaptha;

(14)

faisnéis a bhaineann le seirbhísí cuardaigh agus tarrthála le haghaidh limistéar na heitilte atá i gceist, a bheidh inrochtana go héasca san aerárthach;

(15)

na codanna reatha den Lámhleabhar Oibríochtaí atá ábhartha do dhualgais na bpíolótaí, a bheidh inrochtana go héasca ag na píolótaí sin;

(16)

an MEL;

(17)

fógraí iomchuí d’eitleoirí (NOTAM) agus doiciméadacht fhaisnéisithe faoin tseirbhís faisnéise aerloingseoireachta (AIS);

(18)

faisnéis mheitéareolaíochta iomchuí;

(19)

liostaí lasta agus/nó paisinéirí;

(20)

doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht;

(21)

an plean eitilte oibriúcháin, i gcás ina bhfuil gá leis;

(22)

fógra faoi chatagóirí speisialta paisinéirí (SCPanna), más infheidhme; agus

(23)

aon doiciméadacht eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don eitilt nó a éilíonn na Stáit lena mbaineann an eitilt.

(b)

Beidh na doiciméid, na lámhleabhair agus an fhaisnéis arna n-iompar ar gach eitilt inrochtana do dhaoine údaraithe, inúsáidte agus iontaofa.

(c)

D’ainneoin pointe (a), i gcás ina gcailltear nó ina ngoidtear na doiciméid a shonraítear i bpointí (a)(2) go (8), féadfaidh an oibríocht leanúint ar aghaidh go dtí go sroichfidh an eitilt an ceann scríbe nó áit ina bhféadfar doiciméid athsholáthair a chur ar fáil.

IAM.GEN.MVCA.181 Doiciméid agus faisnéis nach bhféadtar a iompar ar bord

(a)

D’ainneoin phointe IAM.GEN.MVCA.180, maidir le hoibríochtaí IAM a dhéantar i gcomhréir le VFR le linn an lae, a éiríonn de thalamh agus a thuirlingíonn ag an ingearfort céanna laistigh de 24 uair an chloig, nó a fhanann laistigh de limistéar áitiúil arna shonrú sa Lámhleabhar Oibríochtaí, féadfar na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a choinneáil ag an ingearfort seachas iad a iompar ar bord gach eitilte:

(1)

deimhniú torainn;

(2)

ceadúnas raidió an aerárthaigh;

(3)

loga an turais, nó a choibhéis;

(4)

taifid maidir le haeracmhainneacht leanúnach;

(5)

fógraí d’eitleoirí (NOTAM) agus doiciméadacht fhaisnéisithe faoin tseirbhís faisnéise aerloingseoireachta (AIS);

(6)

faisnéis mheitéareolaíochta;

(7)

fógra faoi chatagóirí speisialta paisinéirí (SCPanna), más infheidhme; agus

(8)

doiciméadacht faoi mhais agus cothromaíocht.

FOCHUID B

NÓSANNA IMEACHTA OIBRIÚCHÁIN

ROINN 1

Aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA)

UAM.OP.VCA.050 Raon feidhme

Leis an Roinn seo bunaítear na ceanglais maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA).

UAM.OP.VCA.101 Seiceáil agus socruithe an airdemhéadair

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta um sheiceáil an airdemhéadair roimh gach imeacht.

(b)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta um shocruithe an airdemhéadair le haghaidh gach céime d’eitilt agus cuirfear san áireamh sna nósanna imeachta sin na nósanna imeachta arna mbunú ag Stát an ingearfoirt nó Stát an aerspáis ina bhfuiltear ag eitilt, más infheidhme.

UAM.OP.VCA.125 Inleadh agus gluaiseacht ar an talamh

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta caighdeánacha agus teagmhasacha maidir le hinleadh VCA (san aer agus ar thalamh) agus maidir le gluaiseacht VCA ar thalamh chun oibriú sábháilte an VCA ag an ingearfort, ag an suíomh atreoraithe nó ag an láithreán oibriúcháin VEMS a áirithiú. Breithneoidh an t-oibreoir IAM go háirithe an riosca go dtarlódh imbhualadh idir VCA atá ag inleadh nó VCA atá á mbogadh agus aerárthach eile nó ábhair eile, chomh maith leis an riosca go ngortófaí pearsanra talún. Déanfar nósanna imeachta an oibreora IAM a chomhordú le hoibreoir an ingearfoirt, an tsuímh atreoraithe nó an láithreáin oibriúcháin, mar is infheidhme.

(b)

Déanfar inleadh an VCA ar limistéar gluaiseachta ingearfoirt, suímh atreoraithe nó láithreáin oibriúcháin:

(1)

ag píolóta cuícháilithe ag rialtáin an VCA; nó

(2)

i gcás inleadh ar thalamh gan phaisinéirí chun críoch seachas éirí de thalamh, ag duine ag rialtáin an VCA, arna ainmniú ag an oibreoir IAM, tar éis dó/di oiliúint agus treoracha iomchuí a fháil.

(c)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM gur pearsanra a bhfuil oiliúint agus treoracha iomchuí faighte acu a dhéanfaidh gluaiseacht VCA ar an talamh ar limistéar gluaiseachta ingearfoirt, suímh atreoraithe nó láithreáin oibriúcháin VEMS, nó a dhéanfaidh maoirsiú ar an ngluaiseacht sin.

UAM.OP.VCA.130 Nósanna imeachta maidir le laghdú torainn

(a)

Agus nósanna imeachta oibriúcháin á bhforbairt aige, cuirfidh an t-oibreoir IAM san áireamh an gá leis an éifeacht ó thorann a íoslaghdú agus aon nósanna imeachta foilsithe maidir le laghdú torainn.

(b)

Maidir le nósanna imeachta an oibreora IAM:

(1)

áiritheofar leo go mbeidh tús áite ag sábháilteacht seachas laghdú torainn; agus

(2)

beidh sé simplí agus sábháilte iad a chur chun feidhme trí gan ualach oibre na foirne eitilte a mhéadú go suntasach le linn chéimeanna criticiúla eitilte.

UAM.OP.VCA.135 Bealaí agus réimsí oibriúcháin

(a)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM nach ndéanfar oibríochtaí ach amháin ar feadh bealaí nó laistigh de limistéir ar ina leith:

(1)

a chuirtear saoráidí spás-bhunaithe, saoráidí agus seirbhísí talún, agus seirbhísí meitéareolaíocha atá leordhóthanach don oibríocht phleanáilte ar fáil;

(2)

a bhfuil ingearfoirt, suíomhanna atreoraithe nó láithreáin oibriúcháin VEMS leordhóthanacha ar fáil lena gceadaítear tuirlingt a dhéanamh i gcás cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP) an VCA;

(3)

a bhfuil feidhmíocht an VCA leordhóthanach chun íoscheanglais airde eitiltí a chomhlíonadh;

(4)

a chomhlíonann trealamh an VCA na híoscheanglais don oibríocht phleanáilte; agus

(5)

a bhfuil léarscáileanna agus cairteacha iomchuí le fáil.

(b)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go ndéanfar oibríochtaí i gcomhréir le haon srian ar na bealaí nó ar na limistéir oibriúcháin arna sonrú ag an údarás inniúil.

UAM.OP.VCA.145 Íosairdí eitilte a bhunú

(a)

Maidir leis na deighleoga bealaí uile atá le heitilt, bunóidh an t-oibreoir IAM:

(1)

íosairdí eitilte lena gcuirfear an glanspás ingearach riachtanach ó thalamh agus ó chonstaicí ar fáil, agus ceanglais ábhartha Fhochuid C den Iarscríbhinn seo agus na híosdálaí arna mbunú ag an Stát ina ndéantar an oibríocht á gcur san áireamh; agus

(2)

modh lena chinnfidh an píolóta na hairdí dá dtagraítear i bpointe (1).

(b)

Formheasfaidh an t-údarás inniúil an modh chun íosairdí eitilte a bhunú.

(c)

I gcás ina mbeidh difríocht idir na híosairdí eitilte arna mbunú ag an oibreoir IAM agus ag an Stát ina ndéantar an oibríocht, beidh feidhm ag na luachanna níos airde.

UAM.OP.VCA.190 Scéim breosla/fuinnimh — ginearálta

(a)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM scéim breosla/fuinnimh a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, scéim arb é a bheidh inti beartais agus nósanna imeachta maidir le:

(1)

pleanáil breosla/fuinnimh agus athphleanáil breosla/fuinnimh le linn eitilte;

(2)

ingearfoirt, suíomhanna atreoraithe nó láithreáin oibriúcháin VEMS a roghnú; agus

(3)

bainistíocht bhreosla/fuinnimh le linn eitilte.

(b)

Maidir leis an scéim breosla/fuinnimh:

(1)

beidh an scéim iomchuí le haghaidh an chineáil oibríochta atá beartaithe; agus

(2)

comhfhreagróidh an scéim do chumas an oibreora IAM tacú lena cur chun feidhme.

(c)

Áireofar an scéim breosla/fuinnimh sa lámhleabhar oibríochtaí.

(d)

Beidh gá le formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir leis an scéim breosla/fuinnimh agus le haon athrú uirthi.

UAM.OP.VCA.191 An scéim breosla/fuinnimh — pleanáil breosla/fuinnimh agus athphleanáil breosla/fuinnimh le linn eitilte

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM:

(a)

go mbeidh méid leordhóthanach breosla/fuinnimh inúsáidte agus cúltaisce breosla/fuinnimh ag an VCA chun an eitilt phleanáilte a chur i gcrích go sábháilte agus chun gur féidir dialltaí ón oibríocht phleanáilte a dhéanamh;

(b)

tá an méid pleanáilte breosla/fuinnimh inúsáidte don eitilt atá i gceist bunaithe ar na nithe uile a leanas:

(1)

sonraí ar ídiú breosla/fuinnimh a chuirtear ar fáil san AFM nó sonraí reatha a bhaineann le haerárthaí sonracha a dhíorthaítear ó chóras faireacháin ar ídiú breosla/fuinnimh;

(2)

na dálaí faoina bhfuil an eitilt le hoibriú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:

(i)

an fheidhmíocht a éilítear don eitilt bheartaithe chuig an gceann scríbe, lena n-áirítear ingearfoirt, suíomhanna atreoraithe nó láithreáin oibriúcháin, arna roghnú ar feadh an bhealaigh;

(ii)

maiseanna réamh-mheasta;

(iii)

NOTAManna;

(iv)

dálaí meitéareolaíochta réamh-mheasta;

(v)

éifeachtaí na n-ítimí cothabhála iarchurtha i gcomhréir le MEL an oibreora IAM agus/nó le dialltaí cumraíochta i gcomhréir le CDL an oibreora IAM;

(vi)

na bealaí imeachta agus teachta ionchasacha, agus moilleanna réamh-mheasta.

(3)

éifeachtúlacht agus toilleadh gaireas stórála fuinnimh le haghaidh na gcoinníollacha oibriúcháin atá pleanáilte, agus díghrádú na ngaireas stórála fuinnimh sin á bhreithniú de réir mar is iomchuí;

(c)

áirítear an méid seo a leanas i ríomh réamheitilte an bhreosla/fhuinnimh inúsáidte agus na gcúltaiscí le haghaidh eitilte:

(1)

breosla/fuinneamh innealta nach mbeidh níos lú ná an méid a bhfuil coinne lena úsáid roimh éirí de thalamh;

(2)

breosla/fuinneamh turais arb é a bheidh ann méid an bhreosla/an fhuinnimh is gá chun a chur ar a chumas don aerárthach eitilt tar éis dó éirí de thalamh, nó ó phointe na hathphleanála le linn eitilte, go dtí go tuirlingeoidh sé ag an ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin cinn scríbe, agus coinníollacha oibriúcháin phointe (b)(2) á gcur san áireamh;

(3)

breosla/fuinneamh teagmhasach arb é a bheidh ann an méid breosla/fuinnimh is gá chun cúiteamh a dhéanamh d’fhachtóirí gan choinne a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an ídiú breosla/fuinnimh chuig an ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin cinn scríbe;

(4)

breosla/fuinneamh cúltaisce deiridh a chinnfear bunaithe ar na nithe uile a leanas:

(i)

tréimhse ama ionadaíoch arna cur ar fáil san AFM chun dul timpeall a dhéanamh ón bpointe cinnteoireachta don tuirlingt (LDP) agus ar ais chuig an LDP sin agus feidhmíocht íosta dheimhnithe (CMP) an aerárthaigh VCA á cur san áireamh;

(ii)

dálaí comhthimpeallacha coimeádacha ó thaobh ídiú fuinnimh;

(iii)

cumraíocht/luas iomchuí chun an dul timpeall agus na nósanna imeachta ascnaimh a fheidhmiú;

(iv)

ídiú breosla/fuinnimh coimeádach;

(5)

breosla/fuinneamh breise arb é a bheidh ann méid an bhreosla/an fhuinnimh chun cur ar chumas an aerárthaigh VTOL tuirlingt go sábháilte ag ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin ar feadh an bhealaigh, agus CMP an VCA ag aon phointe den bhealach á chur san áireamh; ní bheidh gá leis an mbreosla/leis an bhfuinneamh breise sin ach amháin más amhlaidh nach leordhóthanach an méid breosla/fuinnimh a ríomhtar de réir phointí (c)(2) agus (c)(3) le haghaidh teagmhas den sórt sin;

(6)

breosla/fuinneamh breise chun moilleanna réamh-mheasta nó srianta oibriúcháin sonracha a chur san áireamh; agus

(7)

breosla/fuinneamh lánroghnach, má tá gá leis dar leis an bpíolóta i gceannas;

(d)

maidir le nósanna imeachta athphleanála le linn eitilte chun an breosla/fuinneamh inúsáidte a mbeidh gá leis a ríomh más rud é go mbeidh ar eitilt dul ar bhealach nó chuig ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin cinn scríbe seachas na cinn a pleanáladh ar dtús, áireofar na cinn dá dtagraítear i bpointe (b)(2) agus i bpointí (c)(2) go (6) sna nósanna imeachta sin.

UAM.OP.VCA.195 Scéim breosla/fuinnimh — bainistíocht bhreosla/fuinnimh le linn eitilte

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM beartais agus nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfeidhmítear seiceálacha breosla/fuinnimh agus bainistíocht bhreosla/fuinnimh le linn eitilte.

(b)

Déanfaidh an píolóta i gceannas faireachán ar mhéid an bhreosla/an fhuinnimh inúsáidte a bheidh fós sa VCA chun a áirithiú go gcosnófar é agus nach mbeidh sé níos lú ná an breosla/fuinneamh is gá chun dul chuig an ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin VEMS cinn scríbe roghnaithe ar ar féidir tuirlingt go sábháilte.

(c)

Nuair a fhéadfaidh tuirlingt le níos lú ná an breosla/fuinneamh cúltaisce deiridh pleanáilte teacht as athrú ar an gcead chun dul ar aghaidh chuig ingearfort sonrach, suíomh atreoraithe sonrach nó láithreán oibriúcháin sonrach a gheall an píolóta i gceannas go dtuirlingeodh sé ann, cuirfidh siad staid ‘íosmhéid breosla/íosmhéid fuinnimh’ in iúl do rialú aerthráchta (ATC) trí ‘MINIMUM FUEL’ a dhearbhú.

(d)

Dearbhóidh an píolóta i gceannas staid ‘éigeandála breosla/fuinnimh’ trí ‘MAYDAY MAYDAY MAYDAY FUEL’ a chraobhscaoileadh nuair is lú an breosla/fuinneamh inúsáidte a ríomhtar a bheith ar fáil ar thuirlingt dó ag an ingearfort, suíomh atreoraithe nó láithreán oibriúcháin VEMS is cóngaraí ar féidir tuirlingt go sábháilte ann ná an breosla/fuinneamh cúltaisce deiridh pleanáilte.

UAM.OP.VCA.210 Píolótaí ag na stáisiúin a shanntar dóibh

(a)

Le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe, beidh an píolóta a cheanglaítear air a bheith ar dualgas ag an stáisiún a shanntar dó.

(b)

Le linn gach céim eile d’eitilt, fanfaidh an píolóta a cheanglaítear air a bheith ar dualgas ag an stáisiún a shanntar dó, ach amháin más gá dó a bheith as láthair chun dualgais a fheidhmiú i ndáil leis an oibríocht nó le haghaidh riachtanas fiseolaíoch. I gcás inar gá dó a bheith as láthair ar na cúiseanna thuasluaite, tabharfar rialú an VCA ar láimh do phíolóta cuícháilithe eile.

(c)

Le linn gach céim d’eitilt, fanfaidh an píolóta a cheanglaítear air a bheith ar dualgas san airdeall. Má thagann easpa airdill ar an bpíolóta, déanfar frithbhearta iomchuí.

UAM.OP.VCA.245 Dálaí meitéareolaíochta

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM go n-oibreofar an t-aerárthach laistigh de na teorainneacha oibríochta aimsire a bhfuil deimhniú aige ina leith, agus de réir na ndálaí aimsire atá ann ag an am agus atá réamhaisnéise, ar feadh fad uile na heitilte.

UAM.OP.VCA.250 Oighear agus éilleáin eile — nósanna imeachta ar an talamh

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh gá le cóireáil dí-oighrithe agus frith-oighrithe talún agus le cigireachtaí gaolmhara a dhéanamh ar an VCA chun é a oibriú go sábháilte.

(b)

Ní chuirfidh an píolóta i gceannas tús le héirí de thalamh ach amháin i gcás ina mbeidh an VCA glan ó aon sil-leagan a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh dá fheidhmíocht nó dá inrialaitheacht i gcomhréir lena AFM.

UAM.OP.VCA.255 Oighear agus éilleáin eile — nósanna imeachta eitilte

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta le haghaidh eitiltí i ndálaí oighrithe lena bhfuil coinne nó i ndálaí oighrithe iarbhíre.

(b)

Ní chuirfidh an píolóta i gceannas tús leis an eitilt ná ní eitleoidh sé d’aonghnó isteach i ndálaí oighrithe lena bhfuil coinne nó i ndálaí oighrithe iarbhíre ach amháin i gcás ina bhfuil an VCA deimhnithe agus feistithe chun oibriú i ndálaí den sórt sin.

(c)

Má tá an t-oighriú iarbhír níos mó ná an déine oighrithe dá bhfuil an t-aerárthach deimhnithe, nó má thagann aerárthach ar oighriú ar aerárthach é nach bhfuil deimhnithe eitilt i ndálaí is eol a bheith oighrithe, fágfaidh an píolóta i gceannas na dálaí oighrithe gan mhoill agus, más gá, dearbhóidh sé éigeandáil do ATS.

UAM.OP.VCA.260 Soláthar ola

I gcás inarb infheidhme, ní chuirfidh an píolóta i gceannas tús le heitilt ná ní leanfaidh sé d’eitilt i gcás athphleanáil le linn eitilte, ach amháin nuair is amhlaidh go mbeidh sé sásta go n-iompróidh an VCA méid pleanáilte na hola ar a laghad chun an eitilt a chur i gcrích go sábháilte, agus na coinníollacha oibriúcháin ionchasacha á gcur san áireamh.

UAM.OP.VCA.265 Dálaí éirí de thalamh

Sula gcuirfidh an píolóta i gceannas tús le héirí de thalamh, beidh an ceannasaí sásta go bhfuil an méid seo a leanas fíor:

(a)

nach gcuirfidh na dálaí meitéareolaíochta ag an ingearfort, ag an suíomh atreoraithe nó ag an láithreán oibriúcháin VEMS agus riocht an dromchla le haghaidh éirí de thalamh atá beartaithe a úsáid cosc ar an bpíolóta i gceannas éirí de thalamh agus imeacht go sábháilte; agus

(b)

comhlíonfar na híosdálaí oibriúcháin arna mbunú don ingearfort, don suíomh atreoraithe nó don láithreán oibriúcháin VEMS, de réir mar is infheidhme.

UAM.OP.VCA.270 Íosairdí eitilte

Ní eitleoidh an píolóta i gceannas faoi bhun íosairdí eitilte sonraithe seachas sna cásanna a leanas:

(a)

nuair is gá sin chun éirí de thalamh nó tuirlingt; nó

(b)

nuair atá sé ag ísliú i gcomhréir le nósanna imeachta arna bhformheas ag an údarás inniúil.

UAM.OP.VCA.275 Cásanna neamhghnácha nó éigeandála ionsamhlaithe le linn eitilte

Agus lasta nó paisinéirí á n-iompar aige, ní dhéanfaidh an píolóta i gceannas cásanna neamhghnácha nó éigeandála a ionsamhlú a éilíonn cur i bhfeidhm nósanna imeachta neamhghnácha nó éigeandála.

UAM.OP.VCA.290 Brath cóngarachta

Nuair a bhraitheann an píolóta i gceannas nó córas rabhaidh cóngarachta cóngaracht mhíchuí don talamh agus/nó constaicí atá suite go cothrománach i gcoibhneas leis an VCA, déanfaidh an píolóta i gceannas beart ceartaitheach láithreach chun dálaí eitilte sábháilte a bhunú.

UAM.OP.VCA.300 Coinníollacha ascnaimh agus tuirlingthe

Sula dtosóidh an píolóta i gceannas ar oibríocht ascnaimh, beidh sé sásta go bhfuil an méid seo a leanas fíor:

(a)

nach gcuirfidh na dálaí meitéareolaíochta ag an ingearfort, ag an suíomh atreoraithe nó ag an láithreán oibriúcháin VEMS cosc ar an bpíolóta i gceannas ascnamh sábháilte, tuirlingt nó dul timpeall a dhéanamh, agus an fhaisnéis feidhmíochta atá sa lámhleabhar oibríochtaí á cur san áireamh; agus

(b)

comhlíonfar na híosdálaí oibriúcháin atá bunaithe le haghaidh ingearfort, nó na híosdálaí maidir le léargas agus fad íosta ó scamall le haghaidh eitiltí a dhéantar i gcomhréir le VFR le linn an lae.

UAM.OP.VCA.315 uaireanta eitilte — tuairisciú

Cuirfidh an t-oibreoir IAM an líon uaireanta a eitlíodh maidir le gach VCA a oibríodh sa bhliain féilire roimhe ar fáil don údarás inniúil.

ROINN 2

Aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA)

UAM.OP.MVCA.050 Raon feidhme

Leis an Roinn seo bunaítear ceanglais bhreise maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA).

UAM.OP.MVCA.100 Seirbhísí aerthráchta (ATS) a úsáid

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM:

(a)

Baintear úsáid as ATS atá iomchuí don aerspás ina ndéantar an oibríocht agus do na rialacha aeir is infheidhme, aon uair a bhíonn siad ar fáil;

(b)

déantar treoracha oibriúcháin le linn eitilte a bhaineann le hathrú ar an bplean eitilte ATS a chomhordú leis an aonad ATS iomchuí sula dtarchuirtear chuig an VCA iad;

(c)

féadfar socruithe seirbhíse cuardaigh agus tarrthála a choinneáil ar bun aon uair nach sainordaítear úsáid ATS san aerspás ina ndéantar an oibríocht le haghaidh eitiltí VFR le linn an lae;

(d)

maidir le hoibríochtaí in aerspás arna n-ainmniú ag an údarás inniúil mar aerspás U-space agus nach ndéanann soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta (ANSP) seirbhísí rialaithe aerthráchta (ATC) a sholáthar dóibh, déanann an VCA é féin feiceálach go leictreonach do sholáthraithe seirbhísí U-space go leanúnach.

UAM.OP. MVCA.107 Ingearfort leordhóthanach agus suíomh atreoraithe leordhóthanach

(a)

Bainfidh an t-oibreoir IAM úsáid as ingearfoirt leordhóthanacha le haghaidh a ghnáthoibríochtaí agus chun imeacht ón mbealach pleanáilte de réir mar is gá.

(b)

D’ainneoin phointe (a), féadfaidh an t-oibreoir IAM úsáid a bhaint as suíomh atreoraithe leordhóthanach amháin nó níos mó agus é ar an mbealach chun imeacht ón mbealach pleanáilte de réir mar is gá.

(c)

Measfar go bhfuil ingearfort leordhóthanach más rud é, ag an am a bhfuil coinne lena úsáid:

(1)

go bhfuil sé comhoiriúnach le toisí agus le meáchan an VCA;

(2)

go bhfuil sé comhoiriúnach le conairí ascnaimh agus imeachta an VCA;

(3)

go gcuirtear na seirbhísí tarrthála agus comhraic dóiteáin (RFFS) agus na seirbhísí agus saoráidí eile is gá don oibríocht atá beartaithe ar fáil dó; agus

(4)

le fáil.

(d)

Measfar go bhfuil suíomh atreoraithe leordhóthanach más rud é ag an am a bhfuil coinne lena húsáid:

(1)

go bhfuil a saintréithe, lena n-áirítear toisí, constaicí, agus riocht dromchla comhoiriúnach leis an VCA agus go gceadaíonn siad dó tuirlingt i gcomhréir le próifíl tuirlingthe fhormheasta;

(2)

gur féidir í a bhaint amach laistigh de CMP an VCA agus teorainneacha gaoithe á gcur san áireamh;

(3)

go bhfuil leibhéal inghlactha cosanta RFFS aici;

(4)

go bhfuil sí réamhshuirbhithe; agus

(5)

go bhfuil sí le fáil.

UAM.OP.MVCA.111 Íosdálaí maidir le léargas agus fad íosta ó scamall — eitiltí VFR

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM íosdálaí maidir le léargas agus an fad íosta ó scamall le haghaidh eitiltí atá le déanamh i gcomhréir le VFR le linn an lae. Ní bheidh na híosdálaí sin níos ísle ná na cinn a shonraítear i bpointe SERA.5001 den Iarscríbhinn (Cuid-SERA) le Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 don aicme aerspáis atá á heitilt, seachas nuair a cheadaítear di oibriú mar eitilt VFR speisialta.

(b)

I gcás inar gá, féadfaidh an t-oibreoir IAM coinníollacha a shonrú sa Lámhleabhar Oibríochtaí maidir le hinfheidhmeacht íosdálaí den sórt sin amhail cumhdach raidió, talamh, cineál láithreán, dálaí eitilte agus cumas ATS.

(c)

Déanfar na heitiltí agus an dromchla le feiceáil.

UAM.OP.MVCA.127 Éirí de thalamh agus tuirlingt — Eitiltí VFR le linn an lae

(a)

Agus eitilt á déanamh aige i gcomhréir le VFR le linn an lae, níor cheart don phíolóta i gceannas éirí de thalamh nó tuirlingt ag ingearfort nó suíomh atreoraithe ach amháin i gcás ina mbeidh na dálaí aimsire tuairiscithe ag an ingearfort nó suíomh atreoraithe sin cothrom le nó níos fearr ná na cinn sin a shonraítear i bpointe SERA.5001 nó i bpointe SERA.5005 den Iarscríbhinn (Cuid-SERA) le Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 don aicme aerspáis atá á heitilt.

(b)

Nuair atá na dálaí aimsire tuairiscithe faoi bhun na ndálaí aimsire a éilítear chun éirí de thalamh, ní chuirfear tús le héirí de thalamh ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an píolóta i gceannas a chinneadh go bhfuil na híosdálaí maidir le léargas agus an fad íosta ó scamall ar feadh an limistéir éirí de thalamh cothrom le nó níos fearr ná an t-íosmhéid a éilítear.

(c)

Nuair nach bhfuil aon dálaí aimsire tuairiscithe le fáil, ní chuirfear tús le héirí de thalamh ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an píolóta i gceannas a chinneadh go bhfuil na híosdálaí maidir le léargas agus an fad íosta ó scamall ar feadh an limistéir éirí de thalamh cothrom le nó níos fearr ná an t-íosmhéid a éilítear.

UAM.OP.MVCA.155 Catagóirí speisialta paisinéirí (SCPanna) a iompar

(a)

Iomprófar SCPanna ar bord faoi choinníollacha lena n-áirithítear sábháilteacht an VCA agus na daoine ann de réir nósanna imeachta arna mbunú ag an oibreoir VCA.

(b)

Ní shannfar SCPanna do shuíocháin ná ní áiteoidh siad suíocháin a thugann rochtain dhíreach ar bhealaí éalaithe éigeandála ná áit a bhféadfadh a láithreacht:

(1)

cur isteach ar dhualgais bhaill den fhoireann;

(2)

cur isteach ar rochtain ar an trealamh éigeandála; nó

(3)

cur isteach ar aslonnú éigeandála paisinéirí.

(c)

Tabharfar fógra don phíolóta i gceannas roimh ré nuair atá SCPanna le hiompar ar bord.

UAM.OP.MVCA.160 Stuáil bagáiste agus lasta

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta chun an méid a leanas a áirithiú:

(a)

ní thógtar isteach san urrann phaisinéirí ach bagáiste is féidir a stuáil go hiomchuí agus go slán; agus

(b)

maidir leis an mbagáiste agus an lasta uile ar bord an aerárthaigh a d’fhéadfadh díobháil nó damáiste a dhéanamh nó bac a chur le pasáistí agus bealaí éalaithe, déantar iad a stuáil le nach mbogfaidh siad.

UAM.OP.MVCA.165 Suíocháin do phaisinéirí

Maidir le haslonnú éigeandála féideartha, bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta le haghaidh suíochán do phaisinéirí chun a áirithiú go mbeidh paisinéirí ina suí san áit a mbeidh siad in ann cúnamh a thabhairt leis an aslonnú agus gan bac a chur leis.

UAM.OP.MVCA.170 Faisnéisiú do phaisinéirí

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM na nithe a leanas maidir le paisinéirí:

(a)

go dtabharfar faisnéisiú agus taispeántais sábháilteachta dóibh ar bhealach a d’éascófaí cur i bhfeidhm na nósanna imeachta is infheidhme i gcás éigeandála; agus

(b)

go gcuirfear ábhar le faisnéis sábháilteachta ar fáil dóibh ar a léirítear le treoracha i bhfoirm pictiúr oibriú an trealaimh éigeandála agus na bealaí éalaithe éigeandála is dócha a úsáidfidh paisinéirí.

UAM.OP.MVCA.175 Ullmhú eitilte

(a)

Déanfar plean eitilte oibriúcháin (OFP) le haghaidh gach eitilte atá beartaithe, agus an t-aerspás trína bhfuil an eitilt le déanamh, agus na rialacha aeir is infheidhme, feidhmíocht an aerárthaigh, teorainneacha oibríochta agus na dálaí ábhartha lena bhfuil coinne ar feadh an bhealaigh atá le heitilt agus ag an ingearfort nó suíomh atreoraithe atá le húsáid, á gcur san áireamh.

(b)

Ní chuirfear tús leis an eitilt ach amháin i gcás ina bhfuil an píolóta i gceannas sásta:

(1)

gur féidir na míreanna uile a shonraítear i bpointe 2.c d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, maidir le haeracmhainneacht agus clárú an aerárthaigh, na hionstraime agus an trealaimh, mais agus an meáchanlár, bagáiste agus lasta, agus na teorainneacha maidir le hoibriú aerárthaí, a chomhlíonadh;

(2)

nach n-oibrítear an t-aerárthach in aghaidh cheanglais an liosta diallta cumraíochta (CDL);

(3)

go bhfuil fáil ar na codanna den lámhleabhar oibríochtaí (OM) a éilítear chun an eitilt atá beartaithe a dhéanamh;

(4)

na doiciméid, an fhaisnéis bhreise agus na foirmeacha a cheanglaítear a bheith ar fáil le pointe IAM.GEN.MVCA.110, go bhfuil siad ar bord, ach amháin i gcás ina gceadaítear iad a choimeád ar an talamh i gcomhréir le pointe IAM.GEN.MVCA.115;

(5)

go bhfuil fáil ar léarscáileanna, cairteacha agus doiciméadacht ghaolmhar reatha nó ar shonraí coibhéiseacha d’oibriú beartaithe an aerárthaigh, lena n-áirítear aon mhalairt slí ar féidir coinne a bheith leis le réasún;

(6)

go bhfuil fáil ar na saoráidí spásbhunaithe, saoráidí ar an talamh agus seirbhísí a éilítear don eitilt atá beartaithe agus gur leordhóthanach iad;

(7)

na ceanglais is infheidhme a shonraítear san OM i leith breosla/fuinnimh, ola, ocsaigine, íosairdí eitilte, íosdálaí oibriúcháin ingearfort, íosdálaí maidir le léargas agus an fad íosta ó scamall le haghaidh eitiltí VFR le linn an lae agus an rogha ingearfort agus suíomhanna atreoraithe, gur féidir iad a chomhlíonadh i ndáil leis an eitilt atá beartaithe;

(8)

Forchoimeádta;

(9)

gur féidir aon teorainn oibriúcháin bhreise a chomhlíonadh;

(10)

go ndéantar aon ualach arna iompar a dháileadh agus a dhaingniú go sábháilte;

(11)

gur formheasadh plean eitilte ón tseirbhís aerthráchta (ATS) agus gur tugadh cead don eitilt i gcomhréir leis na rialacha aeir is infheidhme agus leis an aicme nó na haicmí aerspáis ina ndéanfar an oibríocht.

UAM.OP.MVCA.177 Plean eitilte ón tseirbhís aerthráchta (ATS) a thíolacadh

(a)

Tíolacfaidh an t-oibreoir IAM plean eitilte ATS mar a cheanglaítear leis na rialacha aeir is infheidhme don aicme nó do na haicmí aerspáis ina ndéanfar an oibríocht.

(b)

Mura gceanglaítear plean eitilte ATS a thíolacadh leis na rialacha aeir is infheidhme don aicme nó do na haicmí aerspáis ina ndéanfar an oibríocht, áiritheoidh an t-oibreoir IAM go dtaiscfear faisnéis leordhóthanach leis an aonad ATS iomchuí lena gceadófar seirbhísí foláirimh a chur i ngníomh más gá.

(c)

Má cheanglaítear plean eitilte ATS a thíolacadh ach murar féidir é a thíolacadh ón láithreán ag a dtosaíonn an oibríocht, déanfaidh an píolóta i gceannas nó an t-oibreoir IAM an plean eitilte ATS a tharchur a luaithe is féidir tar éis éirí de thalamh.

UAM.OP.MVCA.192 Scéim breosla/fuinnimh — roghnú ingearfort agus suíomhanna atreoraithe

(a)

Déanfaidh an píolóta i gceannas na nithe a leanas a roghnú agus a shonrú sa phlean eitilte oibriúcháin, agus sa phlean eitilte ATS, más gá, le haghaidh gnáthoibríochtaí, lena n-áirítear oiliúint, agus chun eitilt a chur ar mhalairt slí:

(1)

ar a laghad dhá rogha tuirlingthe sábháilte ag an gceann scríbe, áiteanna is féidir a bhaint amach ón bpointe gealltanais maidir le tuirlingt; agus

(2)

ingearfort nó suíomh atreoraithe amháin nó níos mó chun tuirlingt shábháilte a áirithiú i gcás ina mbeidh gá le heitilt a chur ar mhalairt slí tar éis CFP tráth ar bith le linn na heitilte.

(b)

Chun na críche ingearfoirt agus suíomhanna atreoraithe a roghnú i gcomhréir le pointe (a), breithneoidh an píolóta i gceannas cé acu:

(1)

an léiríonn na dálaí aimsire iarbhíre agus réamhaisnéise go mbeidh na dálaí ag na hingearfoirt agus suíomhanna atreoraithe roghnaithe ag na híosdálaí is infheidhme arna mbunú i gcomhréir le pointe UAM.OP.MVCA.111, nó os cionn na n-íosdálaí sin, ag an am úsáide measta;

(2)

an gceadaíonn CMP an VCA tuirlingt shábháilte ag na hingearfoirt nó suíomhanna atreoraithe roghnaithe;

(3)

an sealbhaítear aon fhormheas oibríochtúil bhreise a éilítear.

(c)

Cuirfidh an píolóta i gceannas corrlaigh shábháilteachta iomchuí i bhfeidhm maidir leis an bpleanáil eitilte chun meathlú féideartha ar na dálaí meitéareolaíochta ag an am tuirlingthe measta i gcomparáid leis an réamhaisnéis atá ar fáil a chur san áireamh.

UAM.OP.MVCA.193 Roghanna tuirlingthe sábháilte ag an gceann scríbe

Geallfaidh an píolóta i gceannas tuirlingt ag ceann de na roghanna tuirlingthe sábháilte i gcomhréir le pointe UAM.OP.MVCA.192, nuair a léiríonn an measúnú reatha ar na dálaí meitéareolaíochta, an trácht agus na coinníollacha oibriúcháin eile gur féidir tuirlingt go sábháilte ag an láithreán tuirlingthe geallta ag an am úsáidte measta.

UAM.OP.MVCA.200 Athbhreoslú nó díbhreoslú speisialta an VCA

(a)

Ní dhéanfar athbhreoslú nó díbhreoslú speisialta ach amháin i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas déanta ag an oibreoir IAM:

(1)

nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha forbartha ar bhonn measúnú riosca; agus

(2)

clár oiliúna curtha ar bun dá phearsanra a bhíonn páirteach sna hoibríochtaí sin.

(b)

Tá feidhm ag athbhreoslú nó díbhreoslú speisialta maidir le:

(1)

athbhreoslú nuair a bhíonn na haonaid ardúcháin agus sá cumhachtaithe air;

(2)

athbhreoslú/díbhreoslú agus paisinéirí ag bordáil, ar bord, nó ag díbhordáil; agus

(3)

athbhreoslú/díbhreoslú le breosla hidreacharbóin mheasctha.

(c)

Beidh gá le formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le nósanna imeachta athbhreoslaithe nuair a bhíonn na haonaid ardúcháin agus sá cumhachtaithe air, agus maidir le haon athrú ar na nósanna imeachta sin.

UAM.OP.MVCA.205 Ceallraí VCA a luchtú nó a mhalartú nuair a bhíonn paisinéirí ag dul ar bord, ar bord nó ag tuirlingt den VCA

(a)

Ní dhéanfar ceallraí VCA a luchtú nó a mhalartú nuair a bhíonn paisinéirí ag dul ar bord, ar bord nó ag tuirlingt den VCA ach amháin i gcás ina mbeidh na nithe a leanas déanta ag an oibreoir IAM:

(1)

nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha forbartha ar bhonn measúnú riosca; agus

(2)

clár oiliúna curtha ar bun dá phearsanra a bhíonn páirteach sna hoibríochtaí sin.

UAM.OP.MVCA.216 Gléasanna cinn a úsáid

(a)

Gach píolóta a cheanglaítear air a bheith ar dualgas ag an stáisiún a shanntar dó, caithfidh sé gléas cinn le micreafón búm nó a choibhéis. Úsáidfear an gléas cinn mar an gaireas príomha le haghaidh cumarsáid ghutha le haonaid ATS.

(b)

Ceadóidh suíomh an mhicreafóin búm nó a choibhéis i gcró an phíolóta do chumarsáid raidió dhá threo nuair a bhíonn an VCA ag inleadh faoina chumhacht féin agus aon uair a mheasann an píolóta i gceannas gur gá.

UAM.OP.MVCA.220 Modhanna cúnaimh i gcás aslonnaithe éigeandála

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta chun a áirithiú go n-armáiltear na modhanna cúnaimh uile a chuirtear in úsáid go huathoibríoch i gcás aslonnaithe éigeandála roimh inleadh nó gluaiseacht ar an talamh, roimh éirí de thalamh agus tuirlingt, agus nuair is sábháilte agus praiticiúil déanamh amhlaidh.

UAM.OP.MVCA.225 Suíocháin, criosanna sábhála agus córais shriantacha

(a)   Píolótaí

Le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe agus aon am a mheasann an píolóta i gceannas gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht, daingneofar gach píolóta i gceart leis na criosanna sábhála agus leis na córais shriantacha uile a chuirtear ar fáil ar a suíocháin.

(b)   Paisinéirí

(1)

Roimh éirí de thalamh agus tuirlingt, agus le linn innealta nó gluaiseachta ar an talamh, agus aon uair a mheastar gur gá é ar mhaithe le sábháilteacht, beidh an píolóta i gceannas sásta go n-áitíonn gach paisinéir ar bord suíochán agus go mbeidh a chrios sábhála nó córas sriantach daingnithe i gceart.

(2)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM soláthar d’iláitiú suíochán aerárthaigh a cheadaítear ar shuíocháin shonraithe agus sin amháin. Beidh an píolóta i gceannas sásta nach bhfuil suíocháin aerárthaigh á n-úsáid le haghaidh iláitiú seachas ag duine fásta amháin agus naíonán amháin, agus go bhfuil an naíonán daingnithe i gceart le crios lúibe nó le gaireas sriantach eile.

UAM.OP.MVCA.230 An urrann phaisinéirí a dhaingniú

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta lena áirithiú go mbeidh na bealaí agus na conairí éalaithe uile gan bhac roimh inleadh nó gluaiseacht ar an talamh, éirí de thalamh agus tuirlingt.

(b)

Áiritheoidh an píolóta i gceannas go ndéanfar an bagáiste agus trealamh uile a stuáil agus a dhaingniú i gceart roimh éirí de thalamh agus tuirlingt agus aon uair a mheastar gur gá é sin ar mhaithe le sábháilteacht.

UAM.OP.MVCA.235 Seaicéid tarrthála

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta chun a áirithiú, agus VCA á oibriú os cionn uisce, go mbreithneofar go cuí fad na heitilte agus na dálaí a bheidh ann le linn na heitilte agus cinneadh á dhéanamh aige an mbeidh seaicéid tarrthála le caitheamh ag áititheoirí uile an aerárthaigh.

UAM.OP.MVCA.240 Caitheamh tobac ar bord

Ní cheadóidh an píolóta i gceannas caitheamh tobac ar bord tráth ar bith.

UAM.OP.MVCA.245 Dálaí meitéareolaíochta

(a)

Déanfaidh an píolóta i gceannas:

(1)

tús a chur leis an eitilt; nó

(2)

más infheidhme, leanúint ar aghaidh níos faide ná an pointe óna mbeidh feidhm ag plean eitilte athbhreithnithe ATS i gcás athphleanála le linn eitilte;

(3)

leanúint ar aghaidh i dtreo an ingearfoirt pleanáilte cinn scríbe,

i gcás ina léiríonn na tuarascálacha meitéareolaíochta reatha nó meascán de thuarascálacha agus réamhaisnéisí reatha go bhfuil na dálaí meitéareolaíochta lena bhfuil coinne ag an ingearfort imeachta, ar feadh an bhealaigh atá le heitilt, agus ag an ingearfort cinn scríbe, ag an am teachta, ag na híosdálaí pleanála arna mbunú i gcomhréir le pointe UAM.OP nó ós a gcionn, agus sa chás sin amháin. MVCA.111.

UAM.OP.MVCA.285 Ocsaigin fhorlíontach a úsáid

Áiritheoidh an píolóta i gceannas maidir leis na píolótaí uile atá i mbun dualgas atá fíor-riachtanach d’oibriú slán an VCA le linn eitilte, go n-úsáidfidh siad ocsaigin fhorlíontach go leanúnach aon uair atá airde an chábáin níos mó ná 10 000 tr ar feadh tréimhse ama níos mó ná 30 nóiméad agus aon uair atá airde an chábáin níos mó ná 13 000 tr.

UAM.OP.MVCA.295 Córas seachanta imbhuailtí ar eite (ACAS) a úsáid

Bunóidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta oibríochta agus cláir oiliúna nuair a bheidh ACAS suiteáilte agus inseirbhíse ionas go mbeidh oiliúint iomchuí ar an bhfoireann in imbhuailtí a sheachaint agus go mbeidh siad inniúil i dtrealamh ACAS II a úsáid.

FOCHUID C

FEIDHMIÚ AERÁRTHAÍ ATÁ IN ANN ÉIRÍ DE THALAMH AGUS TUIRLINGT GO hINGEARACH (VCA) AGUS TEORAINNEACHA OIBRÍOCHTÚLA

UAM.POL.VCA.050 Raon feidhme

Leis an bhFochuid seo bunaítear ceanglais feidhmíochta agus teorainneacha oibríochtúla le haghaidh oibríochtaí IAM le haerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA).

UAM.POL.VCA.100 An cineál oibríochta

Oibreofar VCA i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta is infheidhme don chineál oibríochta atá le déanamh.

UAM.POL.VCA.105 sonraí feidhmíochta maidir le haerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA)

Oibreofar VCA i gcomhréir leis na sonraí feidhmíochta deimhnithe agus leis na teorainneacha atá san AFM.

UAM.POL.VCA.110 Ceanglais feidhmíochta ghinearálta

(a)

Mais an VCA:

(1)

ag tús an éirí de thalamh; nó

(2)

ag an bpointe óna mbeidh feidhm ag an bplean eitilte oibriúcháin athbhreithnithe i gcás athphleanála le linn eitilte

ní bheidh sí níos mó ná an mhais ag ar féidir ceanglais na Fochoda seo a chomhlíonadh chun an eitilt a chur i gcrích, i bhfianaise na laghduithe lena bhfuil coinne ar an mais de réir mar a théann an eitilt ar aghaidh agus cibé caitheamh thar bord breosla a bheidh infheidhme.

(b)

Bainfear úsáid as na sonraí feidhmíochta formheasta san AFM chun comhlíontacht le ceanglais na Fochoda seo a chinneadh, arna bhforlíonadh de réir mar is gá le sonraí eile mar a leagtar amach sa cheanglas ábhartha. Sonróidh an t-oibreoir IAM sonraí eile den sórt sin sa lámhleabhar oibríochtaí (OM). Agus na fachtóirí a leagtar amach san Fhochuid seo á gcur i bhfeidhm, breithneofar aon fhachtóir oibriúcháin eile a chuimsítear sna sonraí feidhmíochta san AFM cheana féin chun cur i bhfeidhm dúbailte fachtóirí a sheachaint.

(c)

Agus comhlíontacht le ceanglais na Fochoda seo á taispeáint, cuirfear na paraiméadair a leanas san áireamh:

(1)

mais an VCA;

(2)

cumraíocht an VCA;

(3)

na dálaí timpeallachta, go háirithe:

(i)

airde dhlúis;

(ii)

gaoth:

(A)

seachas mar a dhéantar foráil dó i bpointe (C), maidir le héirí de thalamh, conair eitilte éirí de thalamh agus tuirlingt, ní bheidh an ceartúchán don ghaoth níos mó ná 50 % d’aon chomhpháirt de ghaoth ghann atá 5 mhuirmhíle san uair nó níos mó;

(B)

nuair a cheadaítear éirí de thalamh agus tuirlingt le comhpháirt gaoithe cúil san AFM, agus i ngach cás don chonair eitilte éirí de thalamh, ní bheidh an ceartúchán do ghaoth chúil níos lú ná 150 % d’aon chomhpháirt ghaoithe tuairiscithe;

(C)

nuair is féidir luas na gaoithe os cionn an phointe éirí de thalamh agus tuirlingthe a thomhas go cruinn le trealamh beacht a thomhaiseann an ghaoth, féadfaidh an t-oibreoir IAM comhpháirteanna gaoithe níos mó ná 50 % a chur san áireamh, ar choinníoll go léiríonn an t-oibreoir IAM don údarás inniúil go soláthraítear leibhéal coibhéiseach sábháilteachta leis an gcóngaracht don FATO agus leis na feabhsuithe ar chruinneas ón trealamh a thomhaiseann an ghaoth;

(4)

na teicnící oibríochta; agus

(5)

oibriú aon chóras a bhfuil éifeacht dhíobhálach acu ar fheidhmíocht an VCA.

UAM.POL.VCA.115 Cuntasacht maidir le constaicí

Maidir le hoibríochtaí chuig limistéir ascnaimh deiridh agus éirí de thalamh (FATO) agus uathu, déanfaidh an t-oibreoir IAM na nithe a leanas le linn na pleanála réamheitilte agus chun glanspás ar chonstaicí a ríomh:

(a)

constaic atá suite níos faide ná an FATO, sa chonair eitilte éirí de thalamh nó sa chonair eitilte ascnaimh iomraill a bhreithniú, mura bhfuil a fad cliathánach go dtí an pointe is gaire ar an dromchla faoin gconair eitilte atá beartaithe níos faide ná iad seo a leanas:

(1)

maidir le heitiltí atá le déanamh i gcomhréir le VFR:

(i)

‘0,75 × D’;

(ii)

móide an ceann is mó idir ‘0,25 × D’ nó ‘3 m’;

(iii)

móide:

(A)

0,10 × fad DR maidir le hoibríochtaí faoi VFR le linn an lae; nó

(B)

Forchoimeádta;

(b)

constaic atá suite sa limistéar cúltaca nó sa limistéar aistrithe chliathánaigh a bhreithniú le haghaidh éirí de thalamh agus úsáid á baint as nós imeachta cúltaca nó nós imeachta aistrithe chliathánaigh, mura bhfuil a fad cliathánach ón bpointe is gaire ar an dromchla faoin gconair eitilte atá beartaithe níos faide ná iad seo a leanas:

(1)

‘0,75 × D’;

(2)

móide an ceann is mó idir ‘0,25 × D’ nó ‘3 m’;

(3)

móide:

(i)

0,10 × fad DR maidir le hoibríochtaí faoi VFR le linn an lae; nó

(ii)

forchoimeádta;

(c)

neamhaird a thabhairt ar chonstaicí atá suite níos faide ná an FATO sa chonair eitilte éirí de thalamh nó sa chonair eitilte ascnaimh iomraill, mura bhfuil a bhfad cliathánach go dtí an bpointe is gaire ar an dromchla faoin gconair eitilte atá beartaithe níos faide ná iad seo a leanas:

(1)

3 × D maidir le hoibríochtaí VFR le linn an lae má dhearbhaítear gur féidir cruinneas loingseoireachta a bhaint amach trí thagairt do leideanna amhairc oiriúnacha le linn an dreaptha;

(2)

forchoimeádta.

UAM.POL.VCA.120 Éirí de thalamh

(a)

Ní bheidh mais éirí de thalamh an VCA níos mó ná an uasmhais éirí de thalamh a shonraítear san AFM don nós imeachta nó do na nósanna imeachta deimhnithe éirí de thalamh atá le húsáid.

(b)

Cuirfidh an t-oibreoir IAM na nithe seo a leanas san áireamh:

(1)

paraiméadair iomchuí phointe UAM.POL.VCA.110(c); agus

(2)

na constaicí arna sainaithint i gcomhréir le pointe UAM.POL.VCA.115.

(c)

Ina theannta sin, maidir le hoibríochtaí VCA ó FATO:

(1)

beidh an mhais éirí de thalamh sa chaoi:

(i)

gur féidir an t-éirí de thalamh a thobscor agus tuirlingt ar an FATO má aithníodh CFP ag an bpointe cinnteoireachta chun éirí de thalamh (TDP) nó roimhe;

(ii)

nach mbeidh an fad éirí de thalamh tobscortha is gá (RTODRV) níos mó ná an fad éirí de thalamh tobscortha atá ar fáil (RTODAV); agus

(iii)

nach mbeidh an TODRV níos mó ná an TODAV, ach amháin má tá an VCA ag a bhfuil CFP a aithníodh an TDP nó roimhe, agus é ag leanúint leis an éirí de thalamh, in ann na constaicí uile go dtí deireadh an TODRV a ghlanadh le corrlach ingearach nach lú ná 10,7 m (35 tr).

(2)

Déanfar an chuid sin den éirí de thalamh chomh fada le TDP agus é sin san áireamh i radharc an dromchla sa chaoi gur féidir éirí de thalamh tobscortha a dhéanamh go sábháilte.

(d)

Maidir le héirí de thalamh a úsáideann nós imeachta cúltaca nó aistrithe chothrománaigh, le CFP aitheanta ag an TDP nó roimhe, glanfar na constaicí uile sa limistéar cúltaca nó sa limistéar aistrithe chliathánaigh le corrlach leordhóthanach.

UAM.POL.VCA.125 Conair eitilte éirí de thalamh

(a)

Ó dheireadh an fhaid éirí de thalamh a éilítear le haghaidh VCA (TODRV), tar éis CFP a aithint ag an bpointe cinnteoireachta chun éirí de thalamh nó ina dhiaidh (TDP):

(1)

beidh an mhais éirí de thalamh sa chaoi go soláthraíonn an chonair eitilte éirí de thalamh glanspás ingearach, os cionn na gconstaicí uile atá suite sa chonair eitilte nach lú ná 10,7 m (35 tr) le haghaidh oibríochtaí faoi VFR le linn an lae;

(2)

nuair a dhéantar athrú treo níos mó ná 15°, tabharfar aird ar an gcumas an grádán dreaptha a choinneáil ar bun chun na ceanglais maidir le constaicí a ghlanadh a chomhlíonadh i gcomhréir leis an AFM; níl tús le cur leis an athrú treo sin sular mbaintear airde 61 m (200 tr) os cionn an dromchla éirí de thalamh amach ach amháin más cuid de nós imeachta éirí de thalamh é atá formheasta san AFM.

(b)

Agus pointe (a) á chomhlíonadh, breithneofar na paraiméadair ábhartha de phointe UAM.POL.VCA.110(c) ag an ingearfort, ag an suíomh atreoraithe nó ag an láithreán oibriúcháin imeachta.

UAM.POL.VCA.130 En route

(a)

Fágfaidh mais an VCA agus an chonair eitilte ag gach pointe ar feadh an bhealaigh tar éis cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP), agus na dálaí meitéareolaíochta lena bhfuil coinne don eitilt á gcur san áireamh, gur féidir an méid a leanas a chomhlíonadh:

(1)

Forchoimeádta.

(2)

Forchoimeádta.

(3)

Fágfaidh mais an VCA gur féidir é a oibriú ag an leibhéal íosta a bhunaítear i gcomhréir le pointe SERA.5005(f) den Iarscríbhinn (cuid-SERA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 nó os a chionn sin agus ísliú ón airde cúrsála go dtí an pointe cinnteoireachta don tuirlingt (LDP) os cionn an ingearfoirt, an tsuímh atreoraithe nó an láithreáin oibriúcháin ag ar féidir an tuirlingt a dhéanamh i gcomhréir le pointe UAM.POL.VCA.135.

(b)

Agus pointe (a) á chomhlíonadh, beidh feidhm ag an méid uile a leanas:

(1)

glactar leis go dtarlaíonn an CFP ag an bpointe is criticiúla ar feadh an bhealaigh;

(2)

breithnítear éifeachtaí na gaoithe ar an gconair eitilte;

(3)

ní phleanáiltear caitheamh ar bord breosla a dhéanamh, más infheidhme, ach amháin a mhéid a bheidh sé i gcomhréir leis an ingearfort, an suíomh atreoraithe nó an láithreán oibriúcháin a bhaint amach leis an gcúltaisce breosla/fuinnimh a éilítear agus nós imeachta sábháilte á úsáid; agus

(4)

ní phleanáiltear caitheamh ar bord breosla a dhéanamh, más infheidhme, faoi bhun 300 m (1 000 tr) os cionn na talún.

UAM.POL.VCA.135 Tuirlingt

(a)

Ní bheidh mais éirí de thalamh an VCA ag an am tuirlingthe measta níos mó ná an uasmhais a shonraítear san AFM don nós imeachta deimhnithe éirí de thalamh atá le húsáid.

(b)

Cuirfidh an t-oibreoir IAM na nithe seo a leanas san áireamh:

(1)

na paraiméadair ábhartha de phointe UAM.POL.VCA.110(c); agus

(2)

na constaicí arna sainaithint i gcomhréir le pointe UAM.POL.VCA.115.

(c)

Má aithnítear cliseadh criticiúil i leith feidhmíochta (CFP) ag aon phointe ag an bpointe cinnteoireachta don tuirlingt (LDP) nó roimhe, is féidir tuirlingt agus stopadh laistigh den rúidbhealach nó FATO, nó tuirlingt loicthe a dhéanamh trí na constaicí uile sa chonair eitilte a ghlanadh le corrlach ingearach 10,7 m (35 tr).

(d)

Má aithnítear CFP ag aon phointe ag an LDP nó ina dhiaidh, is féidir tuirlingt agus stopadh laistigh den rúidbhealach nó FATO trí na constaicí uile sa chonair ascnaimh a ghlanadh.

UAM.POL.VCA.140 Mais agus cothromaíocht, agus luchtú

(a)

Le linn aon chéim den oibríocht, comhlíonfaidh luchtú, mais agus meáchanlár (CG) an VCA na teorainneacha a shonraítear san AFM, nó sa lámhleabhar oibríochtaí (OM), má tá siad níos sriantaí.

(b)

Bunóidh an t-oibreoir IAM mais agus CG aon aerárthaigh a oibríonn sé trí é a mheá iarbhír sula gcuirtear i mbun seirbhíse é den chéad uair agus ina dhiaidh sin ag eatraimh 4 bliana má úsáidtear maiseanna VCA aonair, nó ag eatraimh 9 mbliana má úsáidtear maiseanna flíteanna. Déanfar éifeachtaí carntha modhnuithe agus deisiúcháin ar mhais agus ar chothromaíocht an aerárthaigh a bhreithniú agus a dhoiciméadú i gceart. Déanfar an VCA a mheá arís murar eol go cruinn éifeacht na modhnuithe ar a mhais agus ar a chothromaíocht.

(c)

Monaróir an aerárthaigh nó eagraíocht chothabhála fhormheasta a dhéanfaidh an meá.

(d)

Cinnfidh an t-oibreoir IAM mais na míreanna oibriúcháin agus na mball foirne uile (píolótaí agus foireann theicniúil, más infheidhme), a áirítear i mais thirim oibriúcháin an VCA, trí iad a mheá iarbhír nó trí mhaiseanna caighdeánacha a úsáid. Cinnfear tionchar a suímh ar CG an aerárthaigh.

(e)

Bunóidh an t-oibreoir IAM mais an luchta tráchta, lena n-áirítear aon bhallasta, trí iad a mheá iarbhír nó trí mhais an luchta tráchta a chinneadh i gcomhréir le maiseanna caighdeánacha paisinéirí agus bagáiste, más infheidhme.

(f)

Féadfaidh an t-oibreoir IAM maiseanna caighdeánacha a úsáid le haghaidh míreanna luchta eile má léiríonn sé don údarás inniúil go bhfuil an mhais chéanna ag na míreanna sin nó go bhfuil a maiseanna laistigh de lamháltais shonraithe.

(g)

Cinnfidh an t-oibreoir IAM mais an luchta bhreosla agus/nó an aonaid stórála fuinnimh mar a leanas:

(1)

don lucht breosla, trí úsáid a bhaint as an dlús iarbhír nó, murab eol sin, an dlús a ríomhtar i gcomhréir le modh a shonraítear sa lámhleabhar oibríochtaí (OM);

(2)

don aonad stórála fuinnimh, trí mheá nó trí úsáid a bhaint as maiseanna caighdeánacha a shonraítear sa OM.

(h)

Áiritheoidh an t-oibreoir IAM, maidir le luchtú:

(1)

an VCA, go ndéanfar é faoi mhaoirseacht pearsanra cáilithe; agus

(2)

an luchtú tráchta, go mbeidh sé comhsheasmhach leis na sonraí a úsáidtear chun mais agus cothromaíocht an aerárthaigh a ríomh.

(i)

Comhlíonfaidh an t-oibreoir IAM teorainneacha struchtúracha eile amhail na teorainneacha maidir le neart an urláir, an lucht uasta in aghaidh an mhéadair reatha, an mhais uasta in aghaidh na hurrainne lasta, agus teorainn uasta suíochán.

(j)

Sonróidh an t-oibreoir IAM san OM na prionsabail agus na modhanna arna gcur i bhfeidhm don luchtú agus sa chóras maidir le mais agus cothromaíocht a chomhlíonann ceanglais phointí (a) go (i). Cumhdófar cineálacha uile na n-oibríochtaí atá beartaithe ag an oibreoir leis an gcóras sin.

UAM.POL.VCA.145 Sonraí maidir le mais agus cothromaíocht, doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht

(a)

Bunóidh an t-oibreoir IAM sonraí maidir le mais agus cothromaíocht agus cuirfidh sé doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht ar fáil roimh gach eitilt, ina sonrófar an lucht agus a dháileadh. Cuirfidh an doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht ar chumas don phíolóta i gceannas a chinneadh go bhfuil an lucht agus a dháileadh sa chaoi nach sárófar teorainneacha an aerárthaigh maidir le mais agus cothromaíocht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht:

(1)

Clárú agus cineál an VCA;

(2)

aitheantas, uimhir agus dáta na heitilte;

(3)

Ainm iomlán an phíolóta i gceannas;

(4)

ainm iomlán an duine a d’ullmhaigh an doiciméadacht;

(5)

mais thirim oibriúcháin agus CG comhfhreagrach an aerárthaigh:

(6)

mais an bhreosla nó an aonaid stórála fuinnimh ag éirí de thalamh, agus mais an bhreosla turais;

(7)

mais na dtomhaltán seachas breosla, más infheidhme;

(8)

comhpháirteanna an luchta lena n-áirítear paisinéirí, bagáiste, lastas, agus ballasta;

(9)

mais ar éirí de thalamh, mais tuirlingthe, agus mais breosla nialasaigh;

(10)

suíomhanna CG an aerárthaigh is infheidhme; agus

(11)

na luachanna teorantacha maise agus CG.

Beidh an fhaisnéis thuas le fáil i ndoiciméid pleanála eitilte nó i gcórais maidir le mais agus cothromaíocht.

(b)

Nuair a ghineann córas ríomhairithe maidir le mais agus cothromaíocht sonraí maidir le mais agus cothromaíocht agus doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht, déanfaidh an t-oibreoir na nithe a leanas:

(1)

sláine na sonraí aschuir a fhíorú chun a áirithiú go bhfuil na sonraí laistigh de theorainneacha an AFM; agus

(2)

na treoracha agus na nósanna imeachta lena n-úsáid a shonrú sa lámhleabhar oibríochtaí (OM).

(c)

Dearbhóidh an duine a dhéanann maoirsiú ar luchtú an aerárthaigh, le síniú i lámhscríbhinn nó a choibhéis, go bhfuil an luchtú agus a dháileadh i gcomhréir leis an doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht a tugadh don phíolóta i gceannas. Léireoidh an píolóta i gceannas go nglacann sé leis sin le síniú i lámhscríbhinn nó a choibhéis.

(d)

Sonróidh an t-oibreoir IAM nósanna imeachta chun athruithe a dhéanamh ar an luchtú ag an nóiméad deiridh chun a áirithiú:

(1)

go gcuirtear aon athrú ag an nóiméad deiridh tar éis an doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht a thabhairt chun críche ar a shúile don phíolóta i gceannas agus iontráiltear é sna doiciméid pleanála eitilte ina bhfuil an doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht;

(2)

sonraítear an t-athrú uasta ag an nóiméad deiridh a cheadaítear ar an líon paisinéirí nó ar an lucht boilg; agus

(3)

go n-ullmhaítear doiciméadacht nua maidir le mais agus cothromaíocht má sháraítear an líon uasta paisinéirí.

FOCHUID D

IONSTRAIMÍ, SONRAÍ AGUS TREALAMH

ROINN 1

Aerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA)

UAM.IDE.VCA.050 Raon feidhme

Leis an Roinn seo bunaítear na ceanglais maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthaí atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (VCA).

UAM.IDE.VCA.100 Ionstraimí agus trealamh

(a)

Na hionstraimí, na sonraí agus an trealamh a cheanglaítear leis an bhFochuid seo, chomh maith leis na ceanglais deimhniúcháin cineáil agus na ceanglais aerspáis, suiteálfar iad nó iomprófar iad sa VCA de réir na gcoinníollacha faoina bhfuil an oibríocht le déanamh.

Na hionstraimí agus an trealamh a cheanglaítear leis an bhFochuid seo, chomh maith leis na ceanglais deimhniúcháin cineáil agus na ceanglais aerspáis, formheasfar iad i gcomhréir leis na ceanglais aeracmhainneachta is infheidhme, seachas na míreanna a leanas:

(1)

boscaí garchabhrach;

(2)

trealamh marthanais agus comharthaíochta;

(3)

ancairí farraige agus trealamh múrála; agus

(4)

gairis sriain linbh.

(b)

Ionstraimí agus trealamh nach gceanglaítear leis an Iarscríbhinn seo iad, chomh maith le haon trealamh eile nach gceanglaítear de bhun an Rialacháin seo, ach a iompraítear ar eitilt iad, comhlíonfaidh siad an méid a leanas:

(1)

ní úsáidfidh an píolóta an fhaisnéis arna cur ar fáil ag na hionstraimí, an trealamh nó na gabhálais sin chun Iarscríbhinn II agus pointe 2.1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 a chomhlíonadh, ná chun pointí UAM.IDE.MVCA.330, UAM.IDE.MVCA.335 agus UAM.IDE.MVCA.345 den iarscríbhinn seo a chomhlíonadh; agus

(2)

ní dhéanfaidh na hionstraimí agus an trealamh difear d’aeracmhainneacht an aerárthaigh, fiú amháin i gcás cliste nó mífheidhme.

(c)

Má tá trealamh le húsáid ag an bpíolóta ag an stáisiún a shanntar dó le linn na heitilte, suiteálfar é sa chaoi go mbeidh sé éasca é a oibriú ón stáisiún sin. Nuair atá mír amháin trealaimh le húsáid ag níos mó ná duine amháin ag an stáisiún a shanntar dóibh, suiteálfar é sa chaoi go mbeidh sé éasca é a oibriú ó stáisiún ar bith.

(d)

Socrófar na hionstraimí sin a úsáideann an píolóta sa chaoi go ligfear don phíolóta na comharthaí a fheiceáil go réidh ón stáisiún a shanntar dó gan imeacht ach an méid is lú is praiticiúil ón suíomh agus ón líne radhairc a bhíonn ag an bpíolóta de ghnáth agus é ag féachaint amach roimhe ar an gconair eitilte.

(e)

Beidh an trealamh éigeandála uile inrochtana go héasca le húsáid láithreach.

UAM.IDE.VCA.105 An trealamh íosta is gá le haghaidh eitilte

Ní chuirfear tús le heitilt nuair atá aon cheann d’ionstraimí an aerárthaigh, de na míreanna trealaimh nó de na feidhmeanna is gá le haghaidh na heitilte atá beartaithe as feidhm nó ar iarraidh, ach amháin:

(a)

i gcás ina n-oibrítear an t-aerárthach i gcomhréir le híosliosta trealaimh (MEL) an oibreora; nó

(b)

i gcás ina bhfuil an t-oibreoir formheasta ag an údarás inniúil chun an t-aerárthach a oibriú laistigh de shrianta an mháistirliosta de threalamh íosta (MMEL) i gcomhréir le pointe ORO.MLR.105(j) d’Iarscríbhinn III.

ROINN 2

Aerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA)

UAM.IDE.MVCA.050 Raon feidhme

Leis an Roinn seo bunaítear ceanglais bhreise maidir le hoibríochtaí IAM le haerárthaí le foireann atá in ann éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach (MVCA).

UAM.IDE.MVCA.115 Soilse oibriúcháin

Beidh VCA a oibrítear faoi VFR le linn an lae feistithe le soilse frith-imbhuailte.

UAM.IDE.MVCA.125 Ionstraimí eitilte agus trealamh gaolmhar

(a)

Beidh an VCA feistithe leis an hionstraimí eitilte agus leis an trealamh a shonraítear ina fhormheas deimhniúcháin cineáil le haghaidh eitiltí atá le déanamh i gcomhréir le VFR le linn an lae.

(b)

Suiteálfar ionstraimí eitilte breise agus trealamh breise sa VCA, nó iomprófar iad ar an VCA, de réir mar is gá, de réir na gcoinníollacha oibriúcháin agus an ualaigh oibre foirne lena bhfuil coinne.

UAM.IDE.MVCA.140 Trealamh chun breosla/fuinneamh a thomhas agus a thaispeáint

(a)

Beidh an VCA feistithe le modh chun an méid breosla/fuinnimh inúsáidte atá fágtha a thaispeáint don phíolóta atá i mbun eitilte.

(b)

Déanfar meastachán coimeádach ar an méid breosla/fuinnimh is gá chun an chuid den eitilt atá fágtha a chur i gcrích a thaispeáint don phíolóta atá i mbun eitilte ach amháin i gcás ina soláthraítear é ar mhodhanna eile de réir phointe UAM.OP.VCA.195(a).

UAM.IDE.MVCA.145 Trealamh chun airde a chinneadh

(a)

Maidir le heitiltí os cionn uisce, beidh an VCA feistithe le modh chun airde an aerárthaigh a chinneadh i gcoibhneas le dromchla an uisce, modh a bheidh in ann rabhadh fuaime a thabhairt faoi bhun luacha réamhshocraithe agus rabhadh amhairc ar airde a fhéadfaidh an píolóta a roghnú, agus é á oibriú:

(1)

ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 3 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála;

(2)

forchoimeádta;

(3)

forchoimeádta;

(4)

as radharc talún.

UAM.IDE.MVCA.170 Córas idirchumarsáide foirne

Maidir le hoibríochtaí a bhaineann le níos mó ná ball foirne amháin, beidh an VCA feistithe le córas idirchumarsáide, lena n-áirítear gléasanna cinn agus micreafóin, le húsáid ag na baill foirne uile.

UAM.IDE.MVCA.180 Córas fógartha poiblí (PAS)

Beidh an VCA feistithe le PAS, ach amháin i gcás ina mbeidh an t-oibreoir IAM in ann a léiriú go bhfuil guth an phíolóta le cloisteáil agus le tuiscint ag na suíocháin uile do phaisinéirí agus an eitilt ar bun.

UAM.IDE.MVCA.185 Taifeadán gutha ó chró an phíolóta (CVR)

(a)

Beidh VCA ag a bhfuil MCTOM níos mó ná 5 700 kg feistithe le CVR.

(b)

Beidh an CVR in ann na sonraí a taifeadadh sna 2 uair an chloig roimhe sin ar a laghad a choinneáil.

(c)

Déanfaidh an CVR taifeadadh le tagairt d’amscála ar mhodh seachas téip mhaighnéadach nó sreang mhaighnéadach:

(1)

ar chumarsáid ghutha a tharchuirtear ó chró an phíolóta nó a fhaightear ó chró an phíolóta ar raidió;

(2)

ar chumarsáid ghutha ball foirne agus úsáid á baint as an gcóras idirchumarsáide agus as an gcóras fógartha poiblí (PAS), más suiteáilte;

(3)

ar chlostimpeallacht chró an phíolóta, lena n-áirítear na comharthaí fuaime a fhaightear ó mhicreafón na foirne eitilte;

(4)

ar chomharthaí gutha nó fuaime lena sainaithnítear áiseanna loingseoireachta nó ascnaimh a thugtar isteach i ngléas cinn nó i gcallaire.

(d)

Déanfaidh an CVR taifeadadh, ag brath ar chumhacht leictreach a bheith ar fáil, chomh luath agus is féidir le linn na seiceálacha i gcró an phíolóta ag tús na heitilte sula mbeidh an VCA in ann gluaiseacht faoina chumhacht féin go dtí na seiceálacha i gcró an phíolóta go díreach tar éis na haonaid ardúcháin agus sá a chumhachtú as ag deireadh na heitilte. I ngach cás, tosóidh an CVR ag taifeadadh go huathoibríoch sula ngluaiseann an t-aerárthach faoina chumhacht féin agus leanfaidh sé ar aghaidh ag taifeadadh go dtí go gcuirtear deireadh leis an eitilt.

(e)

Beidh feidhm chun taifeadtaí CVR a mhodhnú ar fáil don phíolóta i gceannas ionas nach mbeifear in ann taifeadtaí a rinneadh roimh an fheidhm sin a oibriú a aisghabháil agus úsáid á baint as gnáth-theicnící athsheinnte nó cóipeála.

(f)

Murar féidir an CVR a úsáid, beidh gaireas aige chun cúnamh a thabhairt lena aimsiú faoi uisce agus íostréimhse tarchurtha faoi uisce de 90 lá aige. Más féidir an CVR a úsáid, beidh tarchuradóir aimsitheora éigeandála (ELT) uathoibríoch aige.

UAM.IDE.MVCA.190 Taifeadán sonraí eitilte (FDR)

(a)

Beidh VCA ag a bhfuil MCTOM níos mó ná 5 700 kg feistithe le FDR a úsáideann modh digiteach chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil, agus a mbeidh modh chun na sonraí sin a aisghabháil go réidh ón meán stórála le fáil ina leith.

(b)

Déanfaidh an FDR taifeadadh ar na paraiméadair is gá chun an chonair eitilte, luas, airde, cumhacht an innill nó na n-inneall, oibriú, cumraíocht, agus aon pharaiméadar a bunaíodh le linn dheimhniúchán cineáil an VCA a chinneadh go cruinn, agus beidh sé in ann na sonraí a taifeadadh sna 25 uair an chloig roimhe sin ar a laghad a choinneáil.

(c)

Gheofar sonraí ó na foinsí VCA lena gcumasaítear comhghaolú cruinn le faisnéis a thaispeántar don phíolóta nó do na píolótaí.

(d)

Tosóidh an FDR ag taifeadadh na sonraí go huathoibríoch tráth nach déanaí ná an nóiméad a bheidh an VCA in ann gluaiseacht faoina chumhacht féin agus stopfaidh sé go huathoibríoch tar éis na haonaid ardúcháin agus sá a chumhachtú as ag deireadh na heitilte.

(e)

Murar féidir an FDR a úsáid, beidh gaireas aige chun cúnamh a thabhairt lena aimsiú faoi uisce agus íostréimhse tarchurtha faoi uisce de 90 lá aige. Más féidir an FDR a úsáid, beidh ELT uathoibríoch aige.

UAM.IDE.MVCA.191 Taifeadán eitilte

(a)

Beidh VCA ag a bhfuil MCTOM 5 700 kg nó níos lú feistithe le taifeadán eitilte.

(b)

Déanfaidh an taifeadán eitilte taifeadadh trí shonraí eitilte agus/nó íomhánna ar fhaisnéis a bheidh leordhóthanach chun an chonair eitilte agus luas an aerárthaigh a chinneadh, chomh maith le:

(1)

fuaim ó chró an phíolóta in oibríochtaí ilfhoirne agus VEMS; nó

(2)

cumarsáid raidió le haonaid seirbhísí aerthráchta (ATS), i gcás inarb infheidhme.

(c)

Beidh an taifeadán eitilte in ann na sonraí eitilte agus/nó na híomhánna, chomh maith leis an bhfuaim, a taifeadadh sna 5 uair an chloig roimhe sin ar a laghad a choinneáil.

(d)

Tosóidh an taifeadán eitilte ag taifeadadh go huathoibríoch sula mbeidh an VCA in ann gluaiseacht faoina chumhacht féin agus stopfaidh sé go huathoibríoch tar éis na haonaid ardúcháin agus sá a chumhachtú as ag deireadh na heitilte.

(e)

Má thaifeadann an taifeadán eitilte íomhánna nó fuaim de chró an phíolóta, beidh feidhm chun taifeadtaí íomhánna agus fuaime a mhodhnú ar fáil don phíolóta i gceannas ionas nach mbeifear in ann taifeadtaí a rinneadh roimh an fheidhm sin a oibriú a aisghabháil agus úsáid á baint as gnáth-theicnící athsheinnte nó cóipeála.

(f)

Mar mhalairt rogha ar phointí (b) agus (c), féadfar roinnt sonraí eitilte, íomhánna nó fuaime a tharchur agus a thaifeadadh go cianda má fhormheastar iad mar chuid de dheimhniúchán cineáil an aerárthaigh.

UAM.IDE.MVCA.200 Comhthaifeadán sonraí eitilte agus gutha i gcró an phíolóta

Féadfar comhlíontacht le ceanglais CVR agus FDR a bhaint amach trí aon chomhthaifeadán amháin a iompar.

UAM.IDE.MVCA.205 Suíocháin, criosanna sábhála do shuíocháin, córais sriain agus gairis sriain linbh (CRDanna)

(a)

Beidh an VCA feistithe le:

(1)

suíochán nó beart le haghaidh gach duine ar bord atá 24 mhí d’aois nó níos sine;

(2)

crios sábhála ag a bhfuil córas srianta ag uachtar na cabhlach le húsáid ag gach suíochán paisinéara agus criosanna srianta ar gach beart;

(3)

gairis sriain linbh (CRD) le haghaidh gach duine ar bord atá níos óige ná 24 mhí d’aois; agus

(4)

córas srianta ag a bhfuil ceithre phointe ag uachtar na cabhlach lena n-áirítear crios sábhála ag a bhfuil dhá strapa gualainne ag gach suíochán píolóta.

(b)

Maidir le crios sábhála ag a bhfuil córas srianta ag uachtar na cabhlach:

(1)

osclófar é ag aon phointe amháin; agus

(2)

ar shuíochán an phíolóta, beidh gaireas ann a shrianfaidh cabhlach an áititheora go huathoibríoch i gcás ina ndéantar luasmhoilliú mear.

UAM.IDE.MVCA.210 Comharthaí ‘CUIR ORT DO CHRIOS SÁBHÁLA’ agus ‘COSC AR THOBAC’

Beidh an VCA feistithe le modh chun a insint do gach duine ar bord cathain is gá criosanna sábhála a chur orthu agus nach gceadaítear tobac a chaitheamh tráth ar bith.

UAM.IDE.MVCA.220 Boscaí garchabhrach

(a)

Beidh an VCA feistithe le bosca garchabhrach amháin ar a laghad.

(b)

Maidir le boscaí garchabhrach:

(1)

beidh siad inrochtana go héasca le húsáid;

(2)

coinneofar cothrom le dáta iad.

UAM.IDE.MVCA.240 Ocsaigin fhorlíontach — aerárthach neamh-bhrúite

Beidh VCA neamh-bhrúite a oibrítear ag airdí brú os cionn 10 000 tr feistithe le trealamh ocsaigine forlíontaí atá in ann ocsaigin a stóráil agus a dháileadh i gcomhréir leis an tábla a leanas:

Tábla

Íoscheanglais maidir le hocsaigin fhorlíontach in aerárthaí neamh-bhrúite

Soláthar le haghaidh:

Fad na heitilte agus airde bhrú an chábáin

píolóta nó píolótaí an aerárthaigh

An tréimhse eitilte ar fad ar airdí brú os cionn 13 000 tr agus le haghaidh aon tréimhse níos mó ná 30 nóiméad ar airdí brú os cionn 10 000 tr ach nach mó ná 13 000 tr.

100 % de na paisinéirí (1)

Don tréimhse eitilte ar fad ar airdí brú os cionn 13 000 tr.

10 % de na paisinéirí (1)

Don tréimhse eitilte ar fad níos faide ná 30 nóiméad ar airdí brú os cionn 10 000 tr ach nach mó ná 13 000 tr.

UAM.IDE.MVCA.250 Múchtóirí dóiteáin láimhe

(a)

Beidh an VCA feistithe le múchtóir dóiteáin láimhe amháin ar a laghad i gcró an phíolóta a bheidh inrochtana go héasca le húsáid.

(b)

Beidh múchtóir dóiteáin láimhe amháin ar a laghad suite i gcró an phíolóta i gcás nach mbeidh an múchtóir dóiteáin láimhe atá suite in urrann na foirne eitilte inrochtana go héasca ag na paisinéirí.

(c)

Beidh cineál agus cainníocht an oibreáin múchta dóiteáin sna múchtóirí dóiteáin láimhe oiriúnach don chineál dóiteáin is dócha a dtarlódh san urrann ina mbeartaítear an múchtóir dóiteáin láimhe a úsáid agus chun an baol um chomhchruinniú gáis thocsainigh in urranna ina mbeadh daoine a íoslaghdú.

UAM.IDE.MVCA.260 Pointí briste isteach a mharcáil

Má mharcáiltear áiteanna ar chabhail an VCA atá oiriúnach do bhriseadh isteach ag criúnna tarrthála i gcás éigeandála, marcálfar áiteanna den sórt sin mar a léirítear san fhíor thíos.

Image 1

UAM.IDE.MVCA.275 Soilsiú agus marcáil éigeandála

Beidh an VCA feistithe le:

(a)

córas soilsithe éigeandála atá neamhspleách ó ghnáth-sholáthar cumhachta leictrigh an VCA chun aslonnú paisinéirí ón aerárthach a éascú; agus

(b)

comharthaí chun bealaí éalaithe éigeandála a mharcáil agus a aimsiú ar comharthaí iad is féidir a fheiceáil i solas an lae, sa dorchadas agus i gcábán lán deataigh.

UAM.IDE.MVCA.280 Tarchuradóirí aimsitheora éigeandála (ELTanna)

Beidh an VCA feistithe le ELT uathoibríoch amháin ar a laghad nó, de rogha air sin, le gléas rianaithe aerárthaí uathoibríoch formheasta eile, in éineacht le rabhchán aimsithe, a chuirfidh ar a gcumas do na seirbhísí tarrthála foláireamh a fháil, suíomh na tionóisce a bhaint amach agus marthanóirí a aimsiú go cruinn.

UAM.IDE.MVCA.300 Eitiltí os cionn uisce

(a)

Beidh VCA a iompraíonn paisinéirí deimhnithe:

(1)

chun tuirlingt éigeandála a dhéanamh, agus é á oibriú os cionn uisce i bhfarraige naimhdeach ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála;

(2)

chun tuirlingt nó snámhacht éigeandála a dhéanamh, agus é á oibriú os cionn uisce i bhfarraige nach bhfuil naimhdeach ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála;

(3)

chun oibríochtaí teoranta os cionn uisce a dhéanamh, mura gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(1) nó i bpointe (a)(2), agus nuair atá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(i)

is mó ná 3 nóiméad an t-am eitilte iomlán os cionn uisce;

(ii)

déantar an t-éirí de thalamh nó an tuirlingt os cionn uisce.

(b)

Beidh VCA nach n-iompraíonn paisinéirí deimhnithe:

(1)

chun tuirlingt nó snámhacht éigeandála a dhéanamh, agus é á oibriú os cionn uisce ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála;

(2)

chun oibríochtaí teoranta os cionn uisce a dhéanamh, mura gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i bpointe (b)(1) agus nuair atá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(i)

is mó ná 3 nóiméad an t-am eitilte iomlán os cionn uisce;

(ii)

déantar an t-éirí de thalamh nó an tuirlingt os cionn uisce.

(c)

Beidh VCA a oibríonn ar uisce deimhnithe chun oibríochtaí ar uisce a dhéanamh chomh maith leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) a chomhlíonadh.

(d)

Beidh VCA a oibríonn ar dhromchlaí ar snámh deimhnithe chun oibríochtaí ar dhromchlaí ar snámh a dhéanamh chomh maith leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) a chomhlíonadh.

(e)

Iomprófar ELT (ELT(S)) marthanais ar an VCA atá snámhach agus a fhéadfar iad a chur i ngníomh go huathoibríoch le haghaidh eitiltí os cionn uisce, seachas i gcás oibríochtaí teoranta os cionn uisce.

UAM.IDE.MVCA.305 Seaicéid tarrthála agus trealamh eile

(a)

Seachas mar a shonraítear i bpointe (c) maidir le heitiltí os cionn uisce mar a shainmhínítear i bpointe UAM.IDE.MVCA.300, beidh an VCA feistithe, ar a laghad, le seaicéad tarrthála do gach duine ar bord a bheidh stuáilte in áit a bheidh inrochtana go héasca ó shuíochán nó ó bheart an duine dá gcuirtear ar fáil é agus an córas srianta ceangailte air. Murar féidir na seaicéid tarrthála a bheith inrochtana go héasca agus an córas sriain ceangailte orthu, caithfidh gach duine seaicéad tarrthála nó gléas snámhachta coibhéiseach má tá an duine níos óige ná 24 mhí d’aois.

(b)

Beidh gach seaicéad tarrthála nó gléas snámhachta ar leith feistithe le modh soilsithe leictrigh chun críche daoine a aimsiú san uisce.

(c)

Maidir le heitiltí os cionn uisce i bhfarraige naimhdeach ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála, chun críche tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite agus inathnuaite agus chun tacú le soithí:

(1)

caithfidh gach duine ar bord seaicéad tarrthála le linn na hoibríochta ar fad ach amháin i gcás ina gcaitear cultacha cosantacha comhtháite a chomhlíonann comhcheanglas na culaithe cosantaí agus an tseaicéid tarrthála;

(2)

caithfidh gach duine ar bord culaith chosantach de réir mar is iomchuí i ndáil le teocht an uisce agus an aga tarrthála measta; beidh an leibhéal inslithe a chuirtear ar fáil leordhóthanach do na dálaí atá ann agus ní bheidh sé iomarcach;

(3)

iompróidh gach duine ar bord córas análaithe éigeandála (EBS) agus tabharfar treoir dóibh maidir lena úsáid.

UAM.IDE.MVCA.310 Raftaí tarrthála

(a)

Beidh an VCA feistithe le rafta tarrthála amháin nó níos mó le haghaidh eitiltí os cionn uisce i bhfarraige naimhdeach ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála, nó iomprófar rafta tarrthála amháin ar a laghad air arna stuáil sa chaoi go n-éascófar é a úsáid go réidh i gcás éigeandála ar eitiltí os cionn uisce i bhfarraige nach bhfuil naimhdeach ag achar ón talamh a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 10 nóiméad am eitilte ar ghnáthluas cúrsála. Beidh acmhainneacht leordhóthanach ag na raftaí tarrthála, ar leithligh nó le chéile, chun freastal ar gach duine ar bord an VCA.

(b)

Beidh na raftaí tarrthála riachtanacha uile réidh le húsáid i gcás éigeandála.

(c)

Beidh ELT(S) amháin ar a laghad i ngach rafta tarrthála riachtanach.

(d)

Beidh gach rafta tarrthála riachtanach inúsáidte sna dálaí farraige ina ndearnadh meastóireacht ar shaintréithe tuirlingthe éigeandála, snámhachta agus cothromaithe an VCA chun críoch deimhniúcháin.

(e)

Beidh trealamh tarrthála i ngach rafta tarrthála riachtanach, lena n-áirítear bealach chun beatha a chothabháil, de réir mar is iomchuí don eitilt atá le déanamh.

UAM.IDE.MVCA.311 Trealamh marthanais

(a)

Beidh VCA a oibrítear os cionn limistéir ina mbeadh cuardach agus tarrtháil an-deacair feistithe le:

(1)

trealamh comharthaíochta chun comharthaí guaise a dhéanamh;

(2)

ELT(S) amháin ar a laghad; agus

(3)

trealamh marthanais breise don bhealach atá le heitilt agus an líon daoine ar bord á chur san áireamh.

UAM.IDE.MVCA.315 Trealamh le haghaidh oibríochtaí ar uisce

(a)

Beidh VCA atá deimhnithe chun oibriú ar uisce feistithe leis na rudaí seo a leanas:

(1)

ancaire farraige agus trealamh eile is gá chun an VCA a mhúráil, a chur ar ancaire nó a ghluaiseacht ar uisce, ar ancaire nó trealamh é atá iomchuí do mhéid, meáchan agus saintréithe láimhseála an VCA; agus

(2)

trealamh chun na comharthaí fuaime a dhéanamh a fhorordaítear sna Rialacháin Idirnáisiúnta chun Imbhualadh ar Muir a Chosc, i gcás inarb infheidhme.

UAM.IDE.MVCA.325 Gléasanna cinn

Beidh an VCA feistithe le gléas cinn ag a mbeidh micreafón búm nó a choibhéis agus cnaipe tarchurtha ar na rialtáin eitilte le haghaidh gach píolóta sa VCA ag an stáisiún a shanntar dó.

UAM.IDE.MVCA.330 Trealamh cumarsáide raidió

(a)

Beidh an VCA feistithe le córas cumarsáide raidió amháin ar a laghad a bheidh nasctha le príomhsholáthar cumhachta an aerárthaigh agus a oiread córas cumarsáide raidió eile a mbeidh gá leo don chineál oibríochta a bheidh le déanamh agus don aicme nó do na haicmí aerspáis ina ndéanfar an oibríocht.

(b)

Ceadóidh an trealamh cumarsáide raidió d’fhoirne eitilte, faoi ghnáth-choinníollacha oibriúcháin na nithe a leanas a dhéanamh:

(1)

cumarsáid a dhéanamh le stáisiúin talún iomchuí ó aon phointe ar an mbealach, lena n-áirítear malairtí slí;

(2)

cumarsáid a dhéanamh le stáisiúin ATC iomchuí ó aon phointe in aerspás rialaithe ar laistigh díobh a bheartaítear eitiltí a dhéanamh; agus

(3)

faisnéis mheitéareolaíochta a fháil.

(c)

Ceadóidh an trealamh cumarsáide do chumarsáid a dhéanamh ar an minicíocht éigeandála aerloingseoireachta 121,5 MHz.

UAM.IDE.MVCA.345 Trealamh loingseoireachta

(a)

Beidh an VCA feistithe le trealamh loingseoireachta le haghaidh eitiltí i gcomhréir le VFR le linn an lae agus i gcomhréir leis na ceanglais aerspáis is infheidhme.

(b)

Beidh an VCA feistithe le trealamh loingseoireachta leordhóthanach lena áirithiú, i gcás ina gclisfeadh mír trealaimh amháin ag aon chéim den eitilt, go n-éascódh an trealamh eile loingseoireacht shábháilte i gcomhréir leis an bplean eitilte.

UAM.IDE.MVCA.350 Trasfhreagróirí

Nuair a cheanglaítear é leis an aicme aerspáis ina bhfuiltear ag eitilt, beidh an VCA a oibrítear faoi VFR le linn an lae feistithe le trasfhreagróir a ghabhann le radar tánaisteach faireachais (SSR) ag a bhfuil na cumais uile a éilítear.

UAM.IDE.MVCA.355 Bunachair sonraí aerloingseoireachta a bhainistiú

(a)

Déanfaidh an t-oibreoir IAM an méid seo a leanas:

(1)

maidir leis na bunachair sonraí aerloingseoireachta atá le húsáid i bhfeidhmchláir chórais aerárthaí deimhnithe, a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais cháilíochta atá leordhóthanach don úsáid a bheartaítear a bhaint as na sonraí;

(2)

a áirithiú go ndéanfar na bunachair sonraí aerloingseoireachta reatha gan athrú a thabhairt cothrom le dáta agus a dháileadh go tráthúil ar na haerárthaí uile a mbeidh siad de dhíth orthu;

(3)

cásanna de shonraí atá earráideach, neamhréireach nó ar iarraidh agus a mbeadh coinne réasúnach leis gur ghuais d’eitilt a bheadh iontu a thuairisciú don soláthraí bunachar sonraí, d’ainneoin aon cheanglais eile maidir le tuairisciú tarluithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Sna cásanna sin, cuirfidh an t-oibreoir IAM an pearsanra uile lena mbaineann ar an eolas agus áiritheoidh sé nach mbainfear úsáid as na sonraí dá ndéantar difear.


(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(1)  (1) Tagraíonn céatadáin phaisinéirí sa tábla seo do phaisinéirí arna n-iompar ar bord, lena n-áirítear daoine níos óige ná 24 mhí d’aois.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1111/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)