European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1103

19.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1103 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Aibreán 2024

lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (1) agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le Treoir 2009/125/CE ar an gCoimisiún ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh agus a mbíonn an-díol agus an-trádáil orthu, a mbíonn tionchar mór acu ar an gcomhshaol agus a bhfeadfaí an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol a laghdú go mór gan costas ró-mhór.

(2)

Ceanglaítear leis an togra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED) (2) ar na Ballstáit tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna), dá dtagraítear in Airteagal 4(2), trí bhearta a áireamh chun ídiú fuinnimh an Aontais a laghdú 9 % ar a laghad ar an bhforiomlán faoi 2030 i gcomparáid le Cás Tagartha 2020. Sa chomhthéacs sin, is príomh-bhealaí don Aontas iad na rialacha maidir le héicidhearthóireacht agus maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí chun a chuspóirí fuinnimh agus dícharbónúcháin a bhaint amach.

(3)

Áirítear téitheoirí spáis áitiúla sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 (3) i measc na ngrúpaí táirgí a bhfuil athbhreithniú le déanamh ar na ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh nó a bhfuil coinne leis go ndéanfar athbhreithniú orthu roimh dheireadh 2025.

(4)

Meastar go bhfuil acmhainneacht ag bearta sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 chun caomhnú fuinnimh deiridh iomlán bliantúil de bhreis ar 170 TWh a bhaint amach faoi 2030. Is ionann é sin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú thart ar 24 mhilliún tona in aghaidh na bliana faoi 2030. Tá an acmhainneacht ag téitheoirí spáis áitiúla coigilteas leictreachais 11 TWh in aghaidh na bliana a bhaint amach faoi 2030.

(5)

Leag an Coimisiún síos i Rialachán (AE) 2015/1188 (4) ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla. I gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin agus rinne sé anailís ar na gnéithe teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaineann le téitheoirí spáis áitiúla chomh maith le hiompraíocht fíorshaolach úsáideoirí deiridh. Cuireadh torthaí an athbhreithnithe ar fáil don phobal agus cuireadh iad faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin arna bhunú le hAirteagal 18 de Threoir 2009/125/CE.

(6)

Léirítear sa staidéar athbhreithnithe gur chuir na bearta éicidhearthóireachta i Rialachán (AE) 2015/1188 go mór le hídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar sin féin, in éagmais gníomhaíochta rialála eile, éireoidh caomhnú fuinnimh marbhánta tar éis 2030. Is iad na gnéithe comhshaoil a bhaineann le téitheoirí spáis áitiúla, a shainítear sa staidéar athbhreithnithe mar ghnéithe suntasacha chun críocha Rialachán (AE) 2015/1188, ídiú fuinnimh le linn na céime úsáide, giniúint dramhaíola ag deireadh a ré, agus na hastaíochtaí chuig aer agus chuig uisce sa chéim táirgeachta (de thoradh amhábhair a eastóscadh agus a phróiseáil).

(7)

200 TWh/in aghaidh na bliana a bhí san ídiú fuinnimh ó théitheoirí spáis áitiúla in 2020, coibhéiseach le 1,7 % d’ídiú fuinnimh deiridh iomlán an Aontais agus 4 % den ídiú fuinnimh deiridh iomlán ó theaghlaigh agus ó sheirbhísí. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 140 TWh in aghaidh na bliana in 2030 ar ídiú fuinnimh réamh-mheasta na dtéitheoirí spáis áitiúla i gcás ‘gnó mar is gnách’. Féadfar an laghdú a luathú má dhéantar na ceanglais éicidhearthóireachta atá ann cheana a nuashonrú.

(8)

Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar roghanna beartais éagsúla chun ídiú fuinnimh ó théitheoirí spáis áitiúla a laghdú ó 2025 ar aghaidh. De réir an mheasúnaithe tionchair, d’fhéadfadh bearta nua éicidhearthóireachta ídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 23 TWh in aghaidh na bliana agus 1,8 Mt2-eq in aghaidh na bliana faoi seach faoi 2030.

(9)

Mar thoradh air sin, is gá raon feidhme Rialachán (AE) 2015/1188 a shoiléiriú agus a leathnú chun débhríocht a sheachaint agus chun na bealaí éalaithe atá ann cheana a dhúnadh maidir le táirgí a sholáthraíonn compord teirmeach agus ar cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar théitheoirí spáis áitiúla. I bhfianaise na haidhme sin, ba cheart an sainmhíniú ar tháirgí díolmhaithe a fheabhsú chun an fhéidearthacht go mbeidh míthuiscint ann a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an dearbhú ón monaróir, ón allmhaireoir nó ón ionadaí údaraithe maidir leis an úsáid atá beartaithe do tháirge díolmhaithe agus maidir lena dhearadh mar a shonraítear sa doiciméadacht theicniúil ag teacht le tuairisc agus sainmhíniú na gcineálacha táirgí díolmhaithe, agus níor cheart go mbeadh maíomh margaíochta ná aon fhaisnéis eile a sholáthraíonn an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe a ghabhann leis an táirge atá i gceist ag teacht salach air sin.

(10)

Is iomchuí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialtán teochta, lena n-áirítear cáblaí téimh agus mataí téimh féinrialaithe. D’fhágfadh sin go mbeadh caomhnú fuinnimh ann agus rud atá an-tábhachtach, chuirfí deireadh leis an mbealach éalaithe dlíthiúil trína bhféadfar téitheoirí spáis áitiúla a chur ar an margadh gan rialtán nó le rialtáin a dhíoltar ar leithligh, chun teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na gceanglas éicidhearthóireachta.

(11)

Chun na cineálacha ábhartha téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh a cumhdach, ba cheart ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos do na catagóirí seo a leanas de théitheoirí spáis áitiúla tí: téitheoirí spáis áitiúla ar a bhfuil aghaidh oscailte; téitheoirí spáis áitiúla ar a bhfuil aghaidh oscailte don simléar; téitheoirí spáis áitiúla dócháin oscailte ar a bhfuil aghaidh iata; téitheoirí spáis áitiúla múcháin chothroim; téitheoirí spáis áitiúla iniompartha leictreacha; téitheoirí spáis áitiúla fosaithe leictreacha; taiscthéitheoirí spáis áitiúla leictreacha; téitheoirí spáis áitiúla leictreacha faoin urlár; téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe; téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe; téitheoirí spáis áitiúla lonrúla; téitheoirí spáis áitiúla feadánacha; ráillí tuáille agus téitheoirí gan mhúchán.

(12)

Cuimsíonn téitheoirí spáis áitiúla fosaithe agus téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe raon leathan táirgí de mhéideanna éagsúla agus d’aschur teasa. Ba cheart ceanglais éicidhearthóireachta níos déine a shocrú do tháirgí a sholáthraíonn aschuir teasa níos mó agus a ídíonn níos mó fuinnimh dá réir, laistigh den chatagóir táirgí chéanna.

(13)

Tá eilimintí teasa ag teochtaí arda ar féidir rochtain a fháil orthu ón taobh amuigh ag téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe agus a d’fhéadfadh dá bhrí sin teagmháil le heilimintí inadhainte de thaisme. Ar an gcúis sin níor cheart téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ar féidir iad a aistriú ó áit amháin go háit eile, a oibriú ach de láimh agus níor cheart go mbeidís faoi réir leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh ina dhiaidh sin lena gceanglaítear rialtáin uathoibríocha a fheistiú chun gur féidir leis an táirge é féin a chasadh air agus leanúint de bheith gníomhach gan idirghabháil an duine.

(14)

Chun ionadaíocht agus ábharthacht na gceanglas éicidhearthóireachta a mhéadú a mhéid a bhaineann le téitheoirí spáis áitiúla tráchtála atá ar fáil ar an margadh, ba cheart téitheoirí spáis áitiúla lonrúla agus téitheoirí spáis áitiúla 300 kW nó níos lú a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo.

(15)

Ba cheart go mbeadh rialtáin a chuirtear ar an margadh ar leithligh ó théitheoirí spáis áitiúla faoi réir na gceanglas ábhartha éicidhearthóireachta ionas nach mbainfear an bonn den acmhainneacht éicidhearthóireachta chun ídiú fuinnimh a laghdú.

(16)

Ní chun tuáillí a théamh ná a thriomú amháin atá ráillí tuáillí beartaithe. Tá d’acmhainn acu an spás ina bhfuil siad suite a théamh ag cur le compord teirmeach trí ghníomhú mar théitheoirí spáis áitiúla. Chun cothroime iomaíochta a chruthú do mhonaróirí neamhspleách ar cibé acu an gcuireann nó nach gcuireann siad ar an margadh iad mar théitheoirí spáis áitiúla, ba cheart na táirgí sin a bheith faoi réir ceanglais éicidhearthóireachta chun níos mó fuinnimh a chaomhnú.

(17)

Tá príomhúsáid ráillí tuáille ag brath ar aschur teasa an táirge. Chuirfeadh ráillí tuáille le haschur teasa idir meánach agus ard le compord teirmeach, agus dá bhrí sin ní úsáid thánaisteach amháin tuáillí a théamh nó a thriomú, ach dhéanfaí ráillí tuáille le haschur teasa íseal a úsáid go príomha chun tuáillí a théamh nó a thriomú, agus gan ach méid beag teasa a chur leis an gcompord teirmeach. Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal déine na gceanglas éicidhearthóireachta a oiriúnú do phríomhúsáid an táirge, arna chinneadh ag a aschur teasa.

(18)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/807 ón gCoimisiún (5) bunaítear fachtóir fuinnimh príomhúil le haghaidh leictreachais de 1,9 (comhéifeacht tiontúcháin) atá le cur i bhfeidhm nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh. Ba cheart an fachtóir fuinnimh phríomhúil sin a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha a ríomh.

(19)

Gineann gach modh ísealchumhachta a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair i dtéitheoirí spáis áitiúla ídiú fuinnimh breise. Ba cheart ceanglais shonracha éicidhearthóireachta maidir le móideanna ísealchumhachta, lena n-áirítear mód réchasta nó mód fuireachais líonraithe a leagan amach sa Rialachán seo maidir le téitheoirí spáis áitiúla agus le haghaidh rialtáin ar leithligh araon.

(20)

Is iomchuí go ndéanfaí ceanglais níos déine maidir le móideanna ísealchumhachta do théitheoirí spáis áitiúla agus rialtáin ar leithligh a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis na ceanglais sin a leagtar síos maidir le hídiú cumhachta sa mhód ‘as’ faoi Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (6).

(21)

Níor cheart bearta éicidhearthóireachta a chur chun feidhme ach ar leibhéal an Aontais ós rud é go bhfuil feidhm acu go díreach maidir leis an táirge i dtrácht, ar gá aonfhoirmeacht na mbeart sin a áirithiú ionas go seachnaítear cás ina ndéanfar dochar le rialacha náisiúnta éagsúla don mhargadh inmheánach don táirge sin.

(22)

I bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach (7) agus sa Phlean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé úsáid a bhaint as an gcreat éicidhearthóireachta chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá níos ciorclaí agus níos éifeachtúla ó thaobh acmhainne de. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais iomchuí a bhaineann le ciorclaíocht a leagan síos leis an Rialachán seo lena n-áiritheofar go ndeiseofar táirgí go héifeachtach de bharr raon páirteanna spártha a bheith ar fáil, lena leagfar síos am seachadta uasta do pháirteanna spártha agus lena sonrófar an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil atá le tabhairt do dheisitheoirí gairmiúla agus d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart téitheoirí spáis áitiúla a dhearadh freisin ar bhealach a éascaíonn aisghabháil ábhar agus comhpháirteanna.

(23)

Ba cheart an idirthréimhse chun na ceanglais nua éicidhearthóireachta a thabhairt isteach a bheith leordhóthanach chun go bhféadfaidh monaróirí téitheoirí spáis áitiúla a oiriúnú do na ceanglais sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa tréimhse sin aon tionchar costais do mhonaróirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus á áirithiú ag an am céanna go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach.

(24)

Ba cheart saintréithe fíor-riachtanacha téitheoirí spáis áitiúla a mhéid a bhaineann le héicidhearthóireacht a thomhas agus a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna tomhais agus ríofa atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, lena n-áirítear, más ann dóibh, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ar iarraidh sin don Choimisiún i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). In éagmais caighdeán comhchuibhithe, ba cheart na modhanna idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a úsáid chun tacú le comhlíonadh an Rialacháin seo ag téitheoirí spáis áitiúla a fhíorú. Nuair a ghlacfar caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a aisghairm.

(25)

Ba cheart go mbeadh ríomh éifeachtúlacht fuinnimh téitheoirí spáis áitiúla maidir le caillteanais aschuir teasa agus aisghabháil aschuir teasa trí rialtáin ionadaíoch ar an bhfíor-éifeacht fhisiciúil a tharlaíonn nuair a bhíonn téitheoir spáis áitiúil gníomhach. Ba cheart, dá bhrí sin, caillteanais agus aisghabháil an aschuir teasa a bhunú ar fhachtóirí a mhéadaíonn an fuinneamh deiridh seachas iad a dhealú ón bhfuinneamh príomhúil.

(26)

Chun éifeachtacht an Rialacháin a áirithiú agus chun tomhaltóirí a chosaint, níor cheart go gceadófaí athrú ar fheidhmíocht téitheoirí spáis áitiúla i gcoinníollacha tástála chun feabhas ar chur ar na luachanna fógartha a mhéid a bhaineann le héicidhearthóireacht. Áirítear leis seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, téitheoirí spáis áitiúla atá deartha lena bhrath go bhfuil siad á dtástáil trí na coinníollacha tástála nó an timthriall tástála a shainaithint agus a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú go huathoibríoch mar fhreagairt, agus táirgí a réamhshocrú chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú tráth na tástála. Áirítear leis freisin athrú láimhe ar théitheoir spáis áitiúil a fhorordú atá á ullmhú le haghaidh na tástála lena n-athraítear a iompraíocht nó a airíonna le haghaidh gnáthúsáide. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart dochar a dhéanamh do na saintréithe fógartha le nuashonruithe ar bhogearraí téitheoirí spáis áitiúla.

(27)

Chun a áirithiú gur féidir gairis a dheisiú go héifeachtach, ba cheart raon páirteanna spártha a bheith ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla nó d’úsáideoirí deiridh. Ina theannta sin, ba cheart praghas páirteanna spártha a bheith réasúnta agus níor cheart go ndíspreagfaí deisiú leis. Chun trédhearcacht a chruthú agus chun socrú praghsanna réasúnta a dhreasú, ba cheart an praghas táscach réamhchánach ar pháirteanna spártha arna soláthar de bhun an Rialacháin seo a bheith so-aimsithe ar shuíomh gréasáin saor-rochtana.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 2009/125/CE, ba cheart a shonrú cé na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta sa Rialachán seo.

(29)

D’fhonn seiceálacha ar chomhlíonadh a éascú, ba cheart do mhonaróirí an fhaisnéis sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Treoir 2009/125/CE a sholáthar má bhaineann an fhaisnéis sin leis na ceanglais sa Rialachán seo.

(30)

I dteannta na gceanglas atá ceangailteach ó thaobh dlí sa Rialachán seo, ba cheart tagarmharcanna táscacha le haghaidh na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a chinneadh chun a áirithiú go mbeidh fáil go forleathan ar fhaisnéis maidir le feidhmíocht chomhshaoil téitheoirí spáis áitiúla le linn a saolré agus go mbeadh an fhaisnéis sin inrochtana go héasca.

(31)

Ba cheart athbhreithniú á dhéanamh ar an Rialachán sin chun measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá a fhorálacha chun a spriocanna a bhaint amach. Ba cheart gur leor uainiú an athbhreithnithe chun na forálacha uile a chur i bhfeidhm agus chun go mbeidh éifeacht acu ar an margadh.

(32)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear faoi Airteagal 19(1) de Threoir 2009/125/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais éicidhearthóireachta maidir le téitheoirí spáis áitiúla tí a bhfuil aschur teasa ainmniúil 50 kW nó níos lú acu a chur ar an margadh agus a chur i seirbhís agus téitheoirí spáis áitiúla tráchtála a bhfuil aschur teasa ainmniúil 300 kW nó níos lú in aghaidh an táirge nó in aghaidh aon deighleog feadáin iontu. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin ceanglais éicidhearthóireachta maidir le rialtáin ghaolmhara ar leithligh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

téitheoirí spáis áitiúla a úsáideann timthriall comhbhrúite gaile nó timthriall súite chun teas arna thiomáint trí leictreachas nó breosla a ghiniúint;

(b)

téitheoirí spáis áitiúla a dheartar, a thástáiltear, a mhargaítear agus a fhógraítear lena n-úsáid lasmuigh go heisiach;

(c)

téitheoirí spáis áitiúla bhfuil an t-aschur teasa díreach acu níos lú ná 6 % den aschur teasa díreach i gcomhcheangal leis an aschur teasa indíreach ag aschur teasa ainmniúil;

(d)

táirgí téamh aeir;

(e)

soirn shabhna;

(f)

fearais chócaireachta.

3.   Ní mheasfaidh monaróirí, allmhaireoirí ná ionadaithe údaraithe go dtagann táirge lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo ar bhonn mhír 2, más rud é nach bhfágann an dearadh, na saintréithe teicniúla, an úsáid atá beartaithe, an maíomh margaíochta nó aon fhaisnéis eile a sholáthraíonn an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe a ghabhann leis an táirge sin go bhfuil idirdhealú leordhóthanach idir é agus téitheoirí spáis áitiúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil’ gaireas atá feistithe le gineadóir teasa amháin nó níos mó chun leictreachas ón bpríomhlíonra nó breoslaí gásacha nó leachtacha a thiontú go díreach ina aschur teasa chun compord teirmeach a sholáthar don duine sa spás iata ina bhfuil sí suite trí aistriú teasa díreach, b’fhéidir i gcomhcheangal le haschur teasa chuig spásanna eile nó le haistriú teasa chuig leacht;

(2)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil tí’ téitheoir spáis áitiúil seachas téitheoir spáis áitiúil tráchtála;

(3)

ciallaíonn ‘aschur teasa ainmniúil’ (Pnom) an t-aschur teasa ó théitheoir spáis áitiúil lena gcuimsítear aschur teasa díreach agus aschur teasa indíreach (i gcás inarb infheidhme), le linn oibriú ag an socrú don aschur teasa uasta is féidir a chothabháil ar feadh tréimhsí fada, arna dhearbhú ag an monaróir, arna shloinneadh in kW;

(4)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil tráchtála’ téitheoir spáis áitiúil lonrúil nó téitheoir spáis áitiúil feadánach;

(5)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil lonrúil’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis áitiúil breosla leachtaigh atá feistithe le dóire, atá le suiteáil os cionn leibhéal an chinn, agus é dírithe i dtreo an láthair ina n-úsáidtear é ionas go dtéitear go díreach iad siúd atá le téamh leis an teas a astaíonn an dóire, ar radaíocht infridhearg den chuid is mó é, toisc gur táirgí iad de dhóchán arna sceitheadh a aslonnaítear sa láthair ina gcuirtear an téitheoir;

(6)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil feadánach’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis áitiúil breosla leachtaigh atá feistithe le dóire, atá le suiteáil os cionn leibhéal an chinn, in aice leo siúd atá le téamh, agus a théann an spás go príomha trí radaíocht infridhearg ón bhfeadán nó ó na feadáin nó ón stiall nó ó na stiallacha a théitear le himeacht inmheánach táirgí dócháin, ar táirgí iad de dhóchán arna sceitheadh trí dhucht múcháin;

(7)

ciallaíonn ‘deighleog feadán’ páirt d’fheadán téitheora spáis áitiúil lena gcuimsítear gach eilimint is gá le haghaidh oibriú neamhspleách agus ar féidir í a thástáil, dá bhrí sin, go neamhspleách ar na páirteanna eile den chóras téimh feadáin;

(8)

ciallaíonn ‘aschur teasa deighleoige feadáin’ aschur teasa deighleoige feadáin i dteannta le deighleoga feadáin eile mar chuid de chumraíocht córais téitheora feadánaigh, arna shloinneadh in kW;

(9)

ciallaíonn ‘córas téitheora feadánaigh’ téitheoir spáis áitiúil feadánach ina bhfuil níos mó ná deighleog feadáin amháin, a bhféadfaidh táirgí dócháin deighleoige feadáin amháin a bheith ina fhotha don deighleog feadáin ina dhiaidh, agus a bhfuil a tháirgí de dhóchán de dheighleoga iomadúla feadáin le sceitheadh ag fean sceite amháin;

(10)

ciallaíonn ‘aschur teasa díreach’ aschur teasa an táirge trí radaíocht agus comhiompar teasa, mar a astaítear é ag an táirge féin nó ón táirge féin san aer, gan aschur teasa an táirge i sreabhán aistrithe teasa san áireamh, arna shloinneadh in kW;

(11)

ciallaíonn ‘aschur teasa indíreach’ aschur teasa an táirge chuig leacht aistrithe teasa tríd an bpróiseas giniúna teasa céanna a sholáthraíonn aschur teasa díreach an táirge, arna shloinneadh in kW;

(12)

ciallaíonn ‘táirge téamh aeir’ táirge téamh aeir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún (9);

(13)

ciallaíonn ‘sorn sabhna’ táirge téimh spáis a dheartar, a thástáiltear, a mhargaítear agus a fhógraítear lena úsáid go heisiach i sabhnaí tirime nó fliucha nó i dtimpeallachtaí comhchosúla;

(14)

ciallaíonn ‘fearas cócaireachta’ fearas nó cuid d’fhearas ina n-ionchorpraítear cuas amháin nó níos mó lena n-úsáidtear leictreachas, gás nó an dá cheann, chun bia a réiteach trí ghnáthmhodh nó modh fean-fhórsa;

(15)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh’ téitheoir spáis áitiúil lena n-úsáidtear breosla gásach;

(16)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil breosla leachtaigh’ téitheoir spáis áitiúil lena n-úsáidtear breosla leachtach;

(17)

ciallaíonn ‘múnla coibhéiseach’ múnla a chuirtear ar an margadh agus a bhfuil na paraiméadair theicniúla chéanna aige a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Táblaí 1, 2, 3, 4, 5 nó 6 mar mhúnlaí eile a chuireann an monaróir céanna ar an margadh;

(18)

ciallaíonn ‘rialtán’ an trealamh lena soláthraítear feidhm rialaithe amháin nó níos mó ag a bhfuil comhéadain leis an úsáideoir deiridh chun aschur teasa téitheora spáis áitiúil a rialáil faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(19)

ciallaíonn ‘feidhm rialaithe’ gach ceann de na feidhmeanna rialaithe éagsúla de réir Tháblaí 10 agus 11 d’Iarscríbhinn III chun téitheoir spáis áitiúil a rialú;

(20)

ciallaíonn ‘rialtán gaolmhar ar leithligh’ rialtán a bheartaítear a úsáid le téitheoirí spáis áitiúla faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach a chuirtear ar an margadh ar leithligh;

(21)

ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna a sholáthair an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe le haghaidh na bparaiméadar teicniúil atá luaite, ríofa nó tomhaiste i gcomhréir le hAirteagal 4, le haghaidh fíorú comhlíontachta ag údaráis na mBallstát;

(22)

ciallaíonn ‘aitheantóir múnla’ an cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar idirdhealú idir múnla sonrach de tháirge agus múnlaí eile a bhfuil an trádmharc céanna nó ainm an mhonaróra, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe chéanna ag gabháil leo.

Airteagal 3

Ceanglais éicidhearthóireachta

1.   Comhlíonfaidh na téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 1 na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfar comhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta a thomhas agus a ríomh i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 4

Measúnú comhréireachta

1.   Is é a bheidh sa nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2009/125/CE rialú an dearaidh inmheánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin nó an córas bainistíochta chun measúnú a dhéanamh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 8 de Threoir 2009/125/CE, luachanna fógartha na bparaiméadar a liostaítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus mionsonraí agus torthaí na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh siad sa doiciméadacht theicniúil.

3.   I gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil maidir le múnla ar leith ó cheann de na modhanna seo a leanas, áireofar sa doiciméadacht theicniúil mionsonraí an ríomha, an measúnú a rinne an monaróir chun cruinneas an ríomha a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú maidir le céannacht mhúnlaí na monaróirí éagsúla:

(a)

ó mhúnla ag a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna atá ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil atá le soláthar ach ar múnla é a tháirgeann monaróir difriúil, nó

(b)

trí ríomh a dhéanamh ar bhonn dearaidh nó eachtarshuímh ó mhúnla eile leis an monaróir céanna nó le monaróir eile, nó an dá rud.

4.   Áireofar sa doiciméadacht theicniúil liosta de mhúnlaí coibhéiseacha, lena n-áirítear an t-aitheantóir múnla.

Airteagal 5

Nós imeachta fíorúcháin chun críoch faireachais margaidh

Déanfaidh na Ballstáit an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm le linn dóibh na seiceálacha um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2009/125/CE a dhéanamh.

Airteagal 6

Imchéimniú

1.   Ní chuirfidh monaróirí, allmhaireoirí ná ionadaithe údaraithe téitheoirí spáis áitiúla ná rialtáin ghaolmhara ar leithligh ar an margadh nó i seirbhís, ar téitheoirí nó rialtáin iad a dheartar chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú nuair a dhéantar iad a thástáil, chun toradh níos fabhraí a bhaint amach maidir le haon luach fógartha i ndáil leis na paraiméadair a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Ní dhéanfaidh monaróirí, allmhaireoirí ná ionadaithe údaraithe treoracha tástála a fhorordú, go sonrach le haghaidh na gcásanna sin ina mbíonn téitheoirí spáis áitiúla nó rialtáin ghaolmhara ar leithligh á dtástáil, a mbeidh d’éifeacht leo iompraíocht nó airíonna na dtéitheoirí sin nó na rialtán gaolmhar ar leithligh sin a athrú chun toradh níos fabhraí a bhaint amach maidir le haon luach fógartha i ndáil leis na paraiméadair a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Ní chuirfidh monaróirí, allmhaireoirí ná ionadaithe údaraithe téitheoirí spáis áitiúla ná rialtáin ghaolmhara ar leithligh ar an margadh nó i seirbhís a dheartar chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a chur i seirbhís ar bhealach a mbeidh díghrádú ar aon cheann de luachanna fógartha na bparaiméadar a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh air.

Airteagal 7

Nuashonruithe bogearraí

1.   Ní measa a éireoidh aon luach fógartha maidir le paraiméadair téitheora spáis áitiúil nó rialtáin ghaolmhair ar leithligh de bharr nuashonruithe bogearraí ná dochtearraí nuair a dhéantar é a thomhas ag baint úsáid as an modh tástála is infheidhme tráth a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís iad.

2.   Ní dhéanfar aon athrú ar aon luach fógartha maidir le paraiméadair téitheora spáis áitiúil nó rialtáin ghaolmhair ar leithligh nuair a dhéantar iad a thomhas ag baint úsáid as an modh tástála is infheidhme tráth a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís iad de thoradh diúltú don nuashonrú.

Airteagal 8

Tagarmharcanna táscacha

Leagtar amach in Iarscríbhinn VI na tagarmharcanna táscacha maidir leis na téitheoirí spáis áitiúla is fearr feidhmíochta a bheidh ar fáil ar an margadh ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

Airteagal 9

Athbhreithniú

Faoin 9 Bealtaine 2029, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin, lena n-áirítear, más iomchuí, dréacht-togra le haghaidh athbhreithniú, faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin.

Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe san athbhreithniú:

cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí ceanglais éicidhearthóireachta níos déine a leagan síos maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí truailleán;

cibé acu ar cheart na lamháltais fíoraithe a mhodhnú;

bailíocht na bhfachtóirí ceartúcháin a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh a bhaineann le téitheoirí spáis áitiúla;

cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí deimhniú tríú páirtí a thabhairt isteach;

cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí téitheoirí spáis áitiúla lena n-úsáid lasmuigh amháin, soirn sabhna agus rialtáin bogearraí a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí ceanglais bhreise maidir le héifeachtúlacht acmhainní a leagan síos le haghaidh táirgí i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear infhaighteacht páirteanna spártha breise agus faisnéis maidir le hamhábhair chriticiúla agus ábhair eile atá ábhartha maidir leis an gcomhshaol;

cibé an bhfuil laghdú tagtha ar shaolré na dtéitheoirí spáis áitiúla de bharr rialtáin níos forbartha a thabhairt isteach agus a oiriúnaí atá sé na ceanglais a bhaineann le rialtáin a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm chun an tsaolré is faide agus is féidir a áirithiú;

cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hin-uasghrádaithe na rialtán.

Airteagal 10

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón 1 Iúil 2025.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 6 ón 9 Bealtaine 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.

(2)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú) (COM/2021/558 final an 14.7.2021).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, Plean Oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 (2022/C 182/01) (C/2022/2026) (IO C 182, 4.5.2022, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1188 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla (IO L 193, 21.7.2015, lch. 76).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/807 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2022 maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfachtóir fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachais i gcur i bhfeidhm Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 101, 14.4.2023, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (IO L 103,18.4.2023, lch. 29).

(7)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún]. Plean nua Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach (COM/2020/98 final an 11.3.2020).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(9)  Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan amach do tháirgí a bhaineann le fuinneamh, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí téamh aeir, táirgí fuaraithe, fuarthóirí próisis ardteochta agus aonaid ghaothráin agus chorna (IO L 346, 20.12.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Sainmhínithe chun críocha Iarscríbhinní II go VI

Chun críocha Iarscríbhinní II go VI, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh’ (ηs) an cóimheas idir an t-éileamh ar théamh spáis, arna sholáthar ag téitheoir spáis áitiúil agus an tomhaltas fuinnimh bliantúil is gá chun an t-éileamh sin a shásamh, arna shloinneadh in %;

(2)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil ar a bhfuil aghaidh oscailte’ téitheoir spáis breosla ghásaigh nó téitheoir spáis breosla leachtaigh, ina bhfuil an cuasán dócháin ar oscailt don seomra ina bhfuil an téitheoir spáis áitiúil suite agus atá ceangailte de dhucht múcháin chun táirgí an dócháin a fholmhú;

(3)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil atá oscailte do shimléir’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis breosla leachtaigh atá ceaptha le cur faoi shimléir nó i dtinteán gan séalú idir an táirge féin agus an simléir ná bearna an tinteáin, agus a cheadaíonn do tháirgí an dócháin chun gabháil gan bhac idir dúshraith na tine agus an simléir nó an múchán;

(4)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis dócháin oscailte ar a bhfuil aghaidh iata’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis breosla leachtaigh ina bhfuil an cuasán dócháin scartha ón spás ina bhfuil an téitheoir spáis áitiúil suite le pána nó le rud éigin comhchosúil cé go dtógann sé an t-aer don dóchán ón spás sin, agus atá ceangailte de dhucht múcháin chun táirgí an dócháin a fholmhú;

(5)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis múcháin chothroim’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis breosla leachtaigh ina bhfuil an cuasán dócháin séalaithe ón seomra ina bhfuil an téitheoir suite agus atá ceangailte de phíobán atá comhdhéanta de dhá dhucht múcháin chomhlárnacha, leis an ducht múcháin seachtrach ag soláthar an aeir don dóchán ó lasmuigh den fhoirgneamh agus leis an ducht múcháin inmheánach ag folmhú na ngás dócháin lasmuigh den fhoirgneamh freisin;

(6)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil leictreach iniompartha’ téitheoir spáis áitiúil leictreach, seachas téitheoir spáis áitiúil radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, atá feistithe le soláthar corda agus plocóid ag an monaróir, atá deartha lena bhogadh idir seomraí de réir éilimh théimh an úsáideora, agus nach gá é a dhaingniú de shuíomh sonrach;

(7)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil leictreach’ téitheoir spáis áitiúil a úsáideann éifeacht leictreach giúil le teas a ghiniúint;

(8)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil radanta iniompartha leictreach le heilimint téimh atá sofheicthe’ téitheoir spáis áitiúil leictreach ina bhfuil an eilimint téimh sofheicthe ón taobh amuigh den téitheoir agus ag a bhfuil teocht 650 oC ar a laghad le linn gnáthúsáide;

(9)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil radanta iniompartha leictreach le heilimint téimh atá sofheicthe’ téitheoir spáis áitiúil radanta iniompartha leictreach le heilimint téimh atá sofheicthe atá feistithe le soláthar corda agus plocóid ag an monaróir, atá deartha lena bhogadh idir seomraí de réir éilimh théimh an úsáideora, agus nach gá é a dhaingniú de shuíomh sonrach. Téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil gnéithe is féidir a úsáid lena bhfeistiú ar shíleáil, balla nó urlár; meastar iad a bheith ina dtéitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe; ní leor é rothaí a fheistiú chun go measfaí téitheoir spáis áitiúil radanta iniompartha leictreach le heilimint téimh atá sofheicthe mar cheann iniompartha;

(10)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil fosaithe leictreach’ téitheoir spáis áitiúil leictreach seachas taiscthéitheoir spáis áitiúil leictreach nó téitheoir spáis áitiúil leictreach faoin urlár atá deartha lena úsáid agus é feistithe nó daingnithe i suíomh sonrach nó feistithe ar an mballa; fearas iniompartha ag a bhfuil gnéithe is féidir a úsáid lena fheistiú ar bhalla nó ar an urlár, nó ar an dá cheann, meastar é a bheith ina théitheoir spáis áitiúil leictreach fosaithe;

(11)

ciallaíonn ‘taiscthéitheoir spáis áitiúil leictreach’ taiscthéitheoir spáis áitiúil leictreach atá deartha le teas a stóráil i gcroíleacán leithlisithe carnach agus lena dhíluchtú go ceann roinnt uaireanta an chloig tar éis na céime carntha;

(12)

ciallaíonn ‘taiscthéitheoir spáis áitiúil leictreach faoin urlár’ téitheoir spáis áitiúil leictreach atá deartha lena leabú i ndéanmhas an fhoirgnimh nó i mbailchríocha an fhoirgnimh, lena n-áirítear cáblaí agus mataí téimh féinrialaithe;

(13)

ciallaíonn ‘ráille tuáille’ téitheoir spáis áitiúil leictreach fosaithe a gceadaítear lena dhearadh tuáillí a choinneáil chun na críche iad a théamh;

(14)

ciallaíonn ‘rialú luchtaithe teasa leictreonach ag a bhfuil aisfhotha teochta seomra agus/nó lasmuigh’ gaireas braite atá oibrítear go huathoibríoch atá comhtháite leis an táirge lena ndéantar a lár-theocht a thomhas agus an méid teasa charntha a athrú i gcoibhneas leis an teocht lasmuigh nó le héileamh teasa an tseomra, nó an dá cheann;

(15)

ciallaíonn ‘aschur teasa gaothrán-chuidithe’ go bhfuil an táirge feistithe le gaothrán (nó gaothráin) c(h)omhtháite agus inrialaithe chun aschur an fhuinnimh thaiscthe a athrú de réir an éilimh teasa;

(16)

ciallaíonn ‘astaíochtaí ocsaídí nítrigine’ astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) ag aschur teasa ainmniúil arna shloinneadh in mg/kWhinput bunaithe ar OLC le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh nó téitheoirí spáis breosla leachtaigh;

(17)

ciallaíonn ‘oll-luach calrach saor ó thaise’ (OLC) an méid teasa a scaoiltear de réir cainníocht aonaid de bhreosla atá triomaithe ó bhuntaise, le linn a dhóite go hiomlán leis an ocsaigin, agus nuair a thugtar táirgí an dócháin ar ais chuig teocht chomhthimpeallach; áirítear ar an gcainníocht sin teas comhdhlúthúcháin an ghaluisce a ghintear trí dhóchán aon hidrigine atá le fáil sa bhreosla;

(18)

ciallaíonn ‘téitheoir spáis áitiúil gan mhúchán’ téitheoir spáis áitiúil breosla ghásaigh nó téitheoir spáis breosla leachtaigh seachas téitheoir spáis áitiúil tráchtála, a astaíonn táirgí an dócháin isteach sa spás ina bhfuil an táirge suite;

(19)

ciallaíonn ‘mód as’ mód ina bhfuil an táirge ceangailte den fhoinse phríomhlíonra chumhachta agus nach bhfuil aon fheidhm á soláthar aige, nó go bhfuil sé i staid ina soláthraíonn sé an méid seo a leanas amháin:

(a)

tásc maidir le riocht móid ‘as’;

(b)

feidhmiúlachtaí atá ceaptha chun comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a áirithiú de bhun Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(20)

ciallaíonn ‘mód fuireachais’ staid ina bhfuil an táirge ceangailte den fhoinse phríomhlíonra chumhachta, agus nach soláthraíonn sé ach ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna seo a leanas, a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh go ceann tréimhse éiginnte:

(a)

feidhm athghníomhachtúcháin nó feidhm athghníomhachtúcháin agus tásc ar fheidhm athghníomhachtúcháin atá ar siúl;

(b)

feidhm athghníomhachtúcháin trí cheangal de líonra (‘fuireachas líonraithe’);

(c)

taispeáint faisnéise nó stádais;

(21)

ciallaíonn ‘feidhm athghníomhachtúcháin’ feidhm lena soláthraítear lasc, trí chianrialú, braiteoir inmheánach nó uaineadóir, ón mód fuireachais go mód eile, lena n-áirítear mód gníomhach, agus lena soláthraítear feidhmeanna breise;

(22)

ciallaíonn ‘mód gníomhach’ staid ina bhfuil an táirge ceangailte den fhoinse phríomhlíonra chumhachta agus inar gníomhachtaíodh ceann amháin ar a laghad de na príomhfheidhmeanna lena soláthraítear seirbhísiú beartaithe an trealaimh;

(23)

ciallaíonn ‘mód réchasta’ staid ina bhfuil an táirge ceangailte den fhoinse phríomhlíonra chumhachta agus in ann teas a sholáthar go huathoibríoch don seomra de réir na teochta pointe shocraithe;

(24)

ciallaíonn ‘líonra’ bonneagar cumarsáide a bhfuil toipeolaíocht nasc ann, is é sin ailtireacht, lena n-áirítear na comhpháirteanna fisiceacha, prionsabail eagraíochtúla, nósanna imeachta cumarsáide agus formáidí (prótacail);

(25)

ciallaíonn ‘feidhmiúlacht téimh indíreach’ gur féidir leis an táirge cuid den aschur iomlán teasa a aistriú chuig sreabhán aistrithe teasa, lena úsáid mar théamh spáis nó mar ghiniúint an uisce the tí;

(26)

ciallaíonn ‘aschur teasa íosta’ (Pmin) aschur teasa téitheora spáis áitiúil atá comhdhéanta d’aschur teasa díreach agus aschur teasa indíreach (i gcás inarb infheidhme), le linn dó oibriú ag an socrú don aschur teasa is ísle, mar a dhearbhaíonn an monaróir, arna shloinneadh in kW;

(27)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht úsáideach’, ag ‘aschur teasa ainmniúil’ nó ‘íosta’ (ηth,nom nó ηth,min faoi seach) an cóimheas den aschur teasa úsáideach agus an t-ionchur fuinnimh iomlán ag téitheoir spáis áitiúil arna shloinneadh in %, i gcás:

(a)

téitheoirí spáis áitiúla tí ina sloinntear an t-ionchur fuinnimh iomlán i dtéarmaí GLC agus/nó i dtéarmaí an fhuinnimh deiridh arna iolrú faoi CT;

(b)

téitheoirí spáis áitiúla tráchtála ina sloinntear an t-ionchur fuinnimh iomlán i dtéarmaí OLC agus i dtéarmaí an fhuinnimh deiridh arna iolrú faoi CT;

(28)

ciallaíonn ‘glanluach calrach’ (GLC) an méid iomlán teasa a scaoileann cainníocht aonaid breosla ag a bhfuil an méid taise iomchuí, le linn a dhóite go hiomlán leis an ocsaigin, agus nuair nach dtugtar táirgí an dócháin ar ais go dtí an teocht chomhthimpeallach;

(29)

ciallaíonn ‘comhéifeacht tiontúcháin’ (CC) an chomhéifeacht réamhshocraithe don fhuinneamh príomhúil in aghaidh an kWh leictreachais dá dtagraítear i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); is é CC = 1,9 luach na comhéifeachta tiontúcháin;

(30)

ciallaíonn ‘méid taise’ mais an uisce sa bhreosla i gcoibhneas le mais iomlán an bhreosla mar a úsáidtear sa téitheoir spáis áitiúil;

(31)

ciallaíonn ‘ídiú leictreachais cúnta ag aschur teasa ainmniúil’ (lemax) ídiú cumhachta leictreach an téitheora spáis áitiúil agus an t-aschur teasa ainmniúil á sholáthar. Beidh an t-ídiú cumhachta leictrí bunaithe gan ídiú cumhachta a athfhillteora a chur san áireamh sa chás ina dtairgtear feidhmiúlacht téimh indíreach leis an táirge agus athfhillteoir ionchorpraithe ann, arna shloinneadh in kW;

(32)

ciallaíonn ‘ídiú leictreachais cúnta ag aschur teasa íosta’ (lemin) ídiú cumhachta leictreach an téitheora spáis áitiúil agus an t-aschur teasa íosta á sholáthar. Beidh an t-ídiú cumhachta leictrí bunaithe gan ídiú cumhachta a athfhillteora a chur san áireamh sa chás ina dtairgtear feidhmiúlacht téimh indíreach leis an táirge agus athfhillteoir ionchorpraithe ann, arna shloinneadh in kW;

(33)

ciallaíonn ‘aschur téimh aonchéime, gan rialú ar theocht an tseomra’ nach féidir leis an táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch, agus nach bhfuil aon aiseolas faoi theocht an tseomra i láthair chun an t-aschur teasa a oiriúnú go huathoibríoch;

(34)

ciallaíonn ‘dhá chéim láimhe nó níos mó, gan rialú ar theocht an tseomra’ gur féidir leis an táirge a aschur teasa a athrú de láimh faoi dhá leibhéal d’aschur teasa nó níos mó, agus nach bhfuil sé feistithe le gaireas lena rialaítear go huathoibríoch an t-aschur teasa i gcoibhneas le teocht inmhianaithe faoi dhíon;

(35)

ciallaíonn ‘teirmeastat meicniúil ar rialú theocht an tseomra’ gaireas neamhleictreonach lena gceadaítear don táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch i gcaitheamh tréimhse shonrach ama, i gcoibhneas le leibhéal sonrach riachtanach de chompord téimh faoi dhíon;

(36)

ciallaíonn ‘rialú leictreonach ar theocht an tseomra’ gaireas leictreonach, bíodh sé comhtháite nó seachtrach, lena gceadaítear don táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch i gcaitheamh tréimhse shonrach ama, i gcoibhneas le leibhéal sonrach riachtanach de chompord téimh faoi dhíon;

(37)

ciallaíonn ‘rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir lae’ gaireas leictreonach, bíodh sé comhtháite nó seachtrach, lena gceadaítear don táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch i gcaitheamh tréimhse shonrach ama, agus i gcoibhneas le leibhéal sonrach riachtanach de chompord téimh faoi dhíon de réir na socruithe a chuireann an t-úsáideoir isteach, rud a cheadaíonn don úsáideoir an t-uainiú agus an leibhéal teochta a shocrú go ceann eatramh amadóra 24 uair an chloig;

(38)

ciallaíonn ‘rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir seachtaine’ gaireas leictreonach, bíodh sé comhtháite nó seachtrach, lena gceadaítear don táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch i gcaitheamh tréimhse shonrach ama, agus i gcoibhneas le leibhéal sonrach riachtanach de chompord téimh faoi dhíon de réir na socruithe a chuireann an t-úsáideoir isteach, rud a cheadaíonn don úsáideoir an t-uainiú agus an leibhéal teochta a shocrú go ceann seachtain iomlán. Le linn na tréimhse 7 lá ní mór go gceadaítear leis na socruithe d’athrú ar bhonn laethúil;

(39)

ciallaíonn ‘rialú ar theocht an tseomra in éineacht le brath láithreachta’ gaireas leictreonach, bíodh sé comhtháite nó seachtrach, lena laghdaítear go huathoibríoch an pointe socraithe do theocht an tseomra nuair nach mbraitear aon duine sa seomra;

(40)

ciallaíonn ‘rialú ar theocht an tseomra, in éineacht le brath fuinneoige oscailte’ gaireas leictreonach, bíodh sé comhtháite nó seachtrach, lena n-aistrítear go huathoibríoch chuig mód cosanta ar shioc nó lena dteorannaítear ídiú fuinnimh an téitheora spáis áitiúil chuig leibhéal ídithe fuinnimh an mhóid réchasta le linn d’fhuinneog nó doras a bheith ar oscailt. Cibé uair a úsáidtear braiteoir le hoscailt fuinneoige nó dorais a bhrath, is féidir é a shuiteáil in éineacht leis an táirge, go seachtrach ón táirge, a thógáil i ndéanmhas an fhoirgnimh nó mar mheascán de na roghanna sin;

(41)

ciallaíonn ‘mód cosanta ar shioc’ feidhm ina gcoinníonn an téitheoir spáis áitiúil teocht faoi dhíon de 7 °C±3o C ar bun;

(42)

ciallaíonn ‘rogha cianrialaithe’ feidhm lena gceadaítear d’idirghníomhú cianda ó lasmuigh den fhoirgneamh ina suiteáiltear an téitheoir spáis áitiúil in éineacht le rialtán an táirge;

(43)

ciallaíonn ‘rialú tosaithe oiriúnaitheach’ feidhm lena ndéantar tosú optamach an téimh a thuar agus a thionscnamh chun an teocht creasa pointe shocraithe ag an am inmhianaithe a bhaint amach;

(44)

ciallaíonn ‘teocht creasa pointe shocraithe’ an teocht inmhianaithe a shocraíonn an t-úsáideoir;

(45)

ciallaíonn ‘teorainn ama oibre’ feidhm lena ndíghníomhachtaítear go huathoibríoch an téitheoir spáis áitiúil tar éis tréimhse réamhshocraithe ama;

(46)

ciallaíonn ‘braiteoir bolgáin dhuibh’ gaireas leictreonach, atá comhtháite nó seachtrach, lena ndéantar teocht an aeir agus an teocht radanta a thomhas;

(47)

ciallaíonn ‘féinfhoghlaim’ feidhm lena ngabhtar go huathoibríoch patrúin úsáide an úsáideora ar an téitheoir spáis áitiúil, agus lena n-uath-ríomhchláraítear tréimhsí de theochtaí arda agus ísle bunaithe ar na patrúin sin;

(48)

ciallaíonn ‘cruinneas rialaithe’ (CR) a mhéid atá rialú an téitheora spáis áitiúil chun freagairt d’athruithe i dteocht an chreasa chun an teocht creasa sin a choinneáil chomh gar agus is féidir don teocht creasa pointe shocraithe;

(49)

ciallaíonn ‘teocht creasa’ teocht iarbhír an spáis iata atá le téamh;

(50)

ciallaíonn ‘riachtanas cumhachta buansolais threoraigh’ (Ppilot) ídiú breosla ghásaigh nó breosla leachtaigh an téitheora spáis áitiúil maidir le solas treorach a sholáthar chun feidhmiú mar fhoinse adhainte don phróiseas dócháin níos cumhachtaí is gá don aschur teasa ainmniúil nó páirtlóid, le linn dó a bheith lasta níos mó ná 5 nóiméad sula gcastar an príomhdhóire air, arna shloinneadh in kW;

(51)

ciallaíonn ‘aschur teasa leanúnach uasta’ (Pmax,c) aschur teasa an téitheora spáis áitiúil leictrigh le linn oibriú ag an socrú ag an aschur teasa uasta is féidir a choinneáil ar bun go leanúnach i gcaitheamh tréimhse fhada, mar a dhearbhaíonn an monaróir, arna shloinneadh in kW;

(52)

ciallaíonn ‘aschur teasa córais fheadánaigh’ comh-aschur teasa deighleoige feadánaí na cumraíochta mar a chuirtear ar an margadh é, arna shloinneadh in kW;

(53)

ciallaíonn ‘fachtóir radanta’, ag ‘aschur teasa ainmniúil’ nó ‘íosta’ (RFnom nó RFmin faoi seach) cóimheas aschur teasa infridhearg an téitheora spáis áitiúil i gcomparáid leis an ionchur fuinnimh iomlán, arna shloinneadh in %;

(54)

ciallaíonn ‘insliúchán imchlúdaigh’ an leibhéal d’insliúchán teirmeach in imchlúdach nó forchlúdach an táirge mar a chuirtear i bhfeidhm chun caillteanais teasa a íoslaghdú más rud é gur ceadmhach an táirge a chur lasmuigh;

(55)

ciallaíonn ‘fachtóir caillteanais imchlúdaigh’ caillteanais theirmeacha an táirge atá suiteáilte lasmuigh den spás iata atá le téamh, agus a chinntear le tarchuras imchlúdach ábhartha na páirte sin, arna shloinneadh in %;

(56)

ciallaíonn ‘aonchéim’ nach féidir leis an táirge a aschur teasa a athrú go huathoibríoch;

(57)

ciallaíonn ‘dhá chéim’ gur féidir leis an táirge a aschur teasa a rialáil go huathoibríoch in dhá leibhéal ar leith, i gcoibhneas leis an aertheocht iarbhír faoi dhíon agus aertheocht inmhianaithe faoi dhíon, arna rialú trí fheistí braite teochta agus trí chomhéadan nach gá dó a bheith ina bhunchuid den táirge é féin;

(58)

ciallaíonn ‘modhnúchán’ gur féidir leis an táirge a aschur teasa a rialáil go huathoibríoch i dtrí leibhéal ar leith nó níos mó, i gcoibhneas leis an aertheocht iarbhír faoi dhíon agus aertheocht inmhianaithe faoi dhíon, arna rialú trí fheistí braite teochta agus trí chomhéadan nach gá dó a bheith ina bhunchuid den táirge é féin;

(59)

ciallaíonn ‘rialú chuig diall pointe shocraithe’ (CSD) an difríocht idir an mheánteocht creasa arna tomhas i gcaitheamh tréimhse ama agus an teocht creasa pointe shocraithe;

(60)

ciallaíonn ‘páirt spártha’ páirt ar leithligh ar féidir léi teacht in ionad páirte a bhfuil an fheidhm chéanna nó feidhm chomhchosúil aici i dtáirge;

(61)

ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ oibreoir nó gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála gairmiúla le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla;

(62)

ciallaíonn ‘ráthaíocht’ aon ghealltanas a thugann an déileálaí nó an monaróir don tomhaltóir an praghas a íocadh a aisíoc nó an téitheoir spáis áitiúil a athsholáthar, a dheisiú nó a láimhseáil ar aon bhealach mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí a leagtar amach sa ráiteas ráthaíochta nó sa ráiteas ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha.


(1)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(2)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le héicidhearthóireacht dá dtagraítear in Airteagal 3

1.   Ceanglais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh

(1)

Comhlíonfaidh na téitheoirí spáis áitiúla na ceanglais seo a leanas:

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla ar a bhfuil aghaidh oscailte agus téitheoirí spáis áitiúil atá oscailte do shimléir, ní bheidh sí níos lú ná 40,3 % í;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis dócháin oscailte ar a bhfuil aghaidh iata, ní bheidh sí níos lú ná 63,6 % í;

(c)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla múcháin chothroim, ní bheidh sí níos lú ná 63,6 %;

(d)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha iniompartha, ní bheidh sí níos lú ná 44,7 %;

(e)

éifeachtúlacht fuinnimh shéasúrach an téimh spáis de chuid téitheoirí spáis áitiúla fosaithe iniompartha ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil os cionn 250 kW, seachas ráillí tuáille, ní bheidh sí níos lú ná 47,5 %;

(f)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla fosaithe iniompartha leictreacha ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil atá cothrom le 250 kW nó faoina bhun, seachas ráillí tuáille, ní bheidh sí níos lú ná 43,1 %;

(g)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás taiscthéitheoirí spáis áitiúla leictreacha, ní bheidh sí níos lú ná 47,3 %;

(h)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha faoin urlár, ní bheidh sí níos lú ná 47,5 %;

(i)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur ainmniúil os cionn 1,2 kW, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 46,8 %;

(j)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe ag a bhfuil aschur ainmniúil atá cothrom le 1,2 kW nó faoina bhun, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 40,5 %;

(k)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, ní bheidh sí níos lú ná 39,5 %;

(l)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla lonrúla, ní bheidh sí níos lú ná 90,0 %;

(m)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás téitheoirí spáis áitiúla feadánacha, ní bheidh sí níos lú ná 80,0 %.

(n)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás ráillí tuáille ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil os cionn 250 kW, ní bheidh sí níos lú ná 46,0 %;

(o)

éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i gcás ráillí tuáille ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil os cionn 60 kW agus atá cothrom le 250 W nó faoina bhun, ní bheidh sí níos lú ná 42,1 %.

(2)

Feisteofar taiscthéitheoirí spáis áitiúla leictreacha le rialú luchtaithe teasa leictreonach ag a bhfuil aisfhotha teochta seomra agus/nó lasmuigh agus le haschur teasa gaothrán-chuidithe.

(3)

Ní bheidh ráillí tuáille ag a bhfuil aschur teasa ainmniúil atá cothrom le 60 W nó faoina bhun inoibrithe ach amháin trí theorainn ama oibre ag a bhfuil tréimhse réamhshocraithe uasta nach faide ná 6 uair an chloig.

(4)

Ní bheidh téitheoirí spáis áitiúla leictreacha a chuirtear ar an margadh gan rialú in ann aschur teasa a chur ar fáil gan rialú.

2.   Ceanglais le haghaidh astaíochtaí

Na hastaíochtaí ó ocsaídí nítrigine (NOx) ó théitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh, ní sháróidh siad na luachanna seo a leanas, bunaithe ar OLC:

(1)

astaíochtaí NOx le téitheoirí spáis áitiúla ar a bhfuil aghaidh oscailte, téitheoirí spáis áitiúil atá oscailte do shimléir, téitheoirí spáis dócháin oscailte ar a bhfuil aghaidh iata, téitheoirí spáis áitiúla múcháin chothroim agus téitheoirí spáis áitiúla gan mhúchán, ní sháróidh siad ionchur120 mg/kWh;

(2)

astaíochtaí NOx ag téitheoirí spáis áitiúla lonrúla agus téitheoirí spáis áitiúla feadánacha, ní sháróidh siad ionchur 180 mg/kWh.

3.   Ceanglais do mhóid ísealchumhachta

Na téitheoirí spáis áitiúla ag a bhfuil rialuithe, agus rialuithe gaolmhara ar leithligh; comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas:

(1)

beidh mód ‘as’ nó mód fuireachais nó an dá cheann acu. Ní sháróidh an t-ídiú cumhachta i mód as (Po ) 0,50 W agus ní sháróidh an t-ídiú cumhachta i mód fuireachais (Psm ) 0,50 W; ón 9 Bealtaine 2027 ar aghaidh, ní sháróidh ídiú cumhachta an mhóid ‘as’ 0,30 W;

(2)

má tá taispeáint faisnéise nó stádais san áireamh sa mhód fuireachais, ní sháróidh ídiú cumhachta an mhóid sin 1,00 W;

(3)

má fhorálann an mód fuireachais do nasc le líonra agus má sholáthraíonn sé fuireachas líonra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2023/826, ní sháróidh ídiú cumhachta an mhóid sin (Pnsm ) 2,00 W; má dhéantar an chumarsáid idir an gineadóir teasa agus an rialú gan sreang nó trí iompróir líne cumhachta, ní sháróidh ídiú cumhachta an mhóid sin 3,00 W;

(4)

má dhéanann siad foráil maidir le mód réchasta, ní sháróidh ídiú cumhachta an mhóid réchasta (Pidle ) 1,00 W mar mheán i gcaitheamh 1 uair an chloig, seachas má bhraitheann an mód réchasta ar an ionchur ó nasc líonra chun teas a chur ar fáil don seomra go huathoibríoch, nach sáróidh an t-ídiú cumhachta 3,00 W mar mheán i gcaitheamh 1 uair an chloig.

4.   Ceanglais maidir le faisnéis faoin táirge

(1)

Áireofar na nithe seo a leanas sna lámhleabhair treoracha do shuiteálaithe agus d’úsáideoirí, agus ar shuíomhanna gréasáin saor-rochtana na monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe agus allmhaireoirí:

(a)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh nó téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh, lena n-áirítear téitheoirí spáis áitiúla gan mhúchán agus cé is moite de théitheoirí spáis áitiúla tráchtála, an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 1 nó, i gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialú, i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo, leis na paraiméadair theicniúla arna dtomhas agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus ina dtaispeántar na fíoracha suntasacha a léirítear sna táblaí sin;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha, an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 3 nó, i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha a chuirtear ar an margadh gan rialú, i dTábla 4 den Iarscríbhinn seo, lena bparaiméadair arna dtomhas agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus ina dtaispeántar na fíoracha suntasacha a léirítear sna táblaí sin;

(c)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tí a chuirtear ar an margadh gan rialú, Tábla 7 mar a thaispeántar san Iarscríbhinn seo agus gan aon mhodhnú;

(d)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála, an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 5 den Iarscríbhinn seo, lena bparaiméadair theicniúla arna dtomhas agus arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus ina dtaispeántar na fíoracha suntasacha a léirítear sa Tábla sin;

(e)

aon réamhchúram sonrach a dhéanfar le linn chóimeáil, shuiteáil nó choinneáil ar bun an téitheora spáis áitiúil;

(f)

faisnéis atá ábhartha do dhíchóimeáil, athchúrsáil agus/nó diúscairt ag deireadh ré;

(g)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialú, tarraingeofar suas an fhaisnéis i dTáblaí 2 agus 4 le haghaidh ar a laghad comhcheangal amháin d’fheidhmeanna téitheora spáis áitiúil agus rialaithe lena ndéantar an táirge comhlíontach leis an Rialachán seo;

(h)

i gcás rialuithe gaolmhara ar leithligh, Tábla 7 mar a thaispeántar san Iarscríbhinn seo agus gan aon mhodhnú, agus an fhaisnéis i dTábla 6.

(2)

Cuirfear san áireamh sa lámhleabhar treoracha le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí, ar na suíomhanna gréasáin saor-rochtana de chuid na monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe agus na n-allmhaireoirí, agus i bpacáistíocht an táirge an fhaisnéis seo a leanas faoin táirge ar dhóigh chun infheictheacht agus inléiteacht shoiléir a áirithiú i dteanga atá sothuigthe d’úsáideoirí an Bhallstáit ina ndéantar an táirge a mhargú:

(a)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialú:

‘Is [cuir isteach catagóir táirge i gcomhréir le pointe 1(1) den Iarscríbhinn seo] é an táirge seo agus, le bheith comhlíontach leis na ceanglais éigeantacha maidir le héicidhearthóireacht a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún, ní foláir é a chomhlánú le rialú lena soláthraítear na feidhmeanna rialaithe seo a leanas ar a laghad:

 

[liosta cód feidhme rialaithe i gcomhréir leis an bhformáid de réir Thábla 7. Nuair a thugtar roinnt comhcheangal d’fheidhmeanna rialaithe, cuirfear gach comhcheangal i sraith dhifriúil. Is é TC (f1/f2/f3/f4/f5/f6/f7/f8) formáid an chóid, i gcás inarb é TC an cód le haghaidh fheidhm F(2) agus inarb iad f1 go f8 na cóid atá ag feidhm F(3) faoi seach má tá an fheidhm sin i láthair, nó ‘0’ murach sin]’;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla gan mhúchán agus téitheoirí spáis áitiúil atá oscailte do shimléir amháin:

‘Níl an táirge seo oiriúnach le haghaidh cuspóirí téimh phríomhúil’;

(i)

i gcás an lámhleabhair treoracha d’úsáideoirí, beidh an abairt seo ar leathanach clúdaigh an lámhleabhair;

(ii)

i gcás suíomhanna gréasáin saor-rochtana na monaróirí, taispeánfar an abairt seo in éineacht le saintréithe eile an táirge;

(iii)

i gcás na pacáistíochta táirgí, beidh an abairt curtha i suíomh feiceálach den phacáistíocht;

(c)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla iniompartha leictreacha agus téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe:

‘Níl an táirge seo oiriúnach ach le haghaidh spásanna atá inslithe go maith nó le haghaidh úsáid ócáideach.’;

(i)

i gcás an lámhleabhair treoracha d’úsáideoirí, beidh an abairt seo ar leathanach clúdaigh an lámhleabhair;

(ii)

i gcás suíomhanna gréasáin saor-rochtana na monaróirí, taispeánfar an abairt seo in éineacht le saintréithe eile an táirge;

(iii)

i gcás na pacáistíochta táirgí, beidh an abairt curtha i suíomh feiceálach den phacáistíocht.

(3)

I gcás rialuithe gaolmhara ar leithligh áireofar an fhaisnéis seo a leanas faoin táirge leis na lámhleabhair treoracha do shuiteálaithe agus d’úsáideoirí agus le suíomhanna gréasáin saor-rochtana na monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe agus a n-allmhaireoirí, agus le pacáistíocht an táirge ar dhóigh go n-áiritheofar infheictheacht agus inléiteacht shoiléir agus i dteanga atá sothuigthe ag úsáideoirí an Bhallstáit ina ndéantar an táirge a mhargú:

‘Tá na feidhmeanna rialaithe seo a leanas ag an rialú seo’:

[liosta cód feidhme rialaithe i gcomhréir leis an bhformáid de réir Thábla 7. Is é TC (f1/f2/f3/f4/f5/f6/f7/f8) formáid an chóid, i gcás inarb é TC an cód le haghaidh fheidhm F(2) agus inarb iad f1 go f8 na cóid atá ag feidhm F(3) faoi seach má tá an fheidhm sin i láthair, nó ‘0’ murach sin].

(4)

D’fhéadfadh faisnéis bhreise faoi shaintréithe an táirge a bheith sna lámhleabhair treoracha le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí, ar na suíomhanna gréasáin saor-rochtana de chuid na monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe agus na n-allmhaireoirí, agus i bpacáistíocht an táirge a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do shuiteálaithe agus úsáideoirí, lena n-áireofaí faisnéis faoi chomhoiriúnacht na dtéitheoirí agus faoi rialuithe chun na ceanglais i bpointí 1 agus 3 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

5.   Ceanglais maidir le héifeachtúlacht acmhainne

(1)

Infhaighteacht páirteanna spártha:

(a)

I gcás gach múnla, a gcuirtear aonaid díobh ar an margadh ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe na dtéitheoirí spáis áitiúla leictreacha na páirteanna spártha seo a leanas ar a laghad a chur ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla:

(i)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla iniompartha leictreacha agus téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe:

smacht;

teirmeastat comhthimpeallach (i gcás téitheoirí spáis áitiúla iniompartha leictreacha amháin);

mótar le haghaidh téitheoirí atá feistithe le gaothrán (i gcás téitheoirí spáis áitiúla iniompartha leictreacha amháin);

cláir chiorcad priontáilte;

táscairí taispeána nó stádais;

brúiteoirí;

braiteoirí rialaithe;

cnaipí agus lasca;

braiteoirí cianrialaithe;

(ii)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha fosaithe, ráillí tuáille agus téitheoirí spáis áitiúla leictreacha faoin urlár:

smacht;

teirmeastat comhthimpeallach;

braiteoir urláir (i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha faoin urlár amháin);

fearas deisithe le haghaidh cáblaí téimh (le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla leictreacha faoin urlár amháin);

bracanna fosúcháin, más gá;

cláir chiorcad priontáilte;

táscairí taispeána nó stádais;

brúiteoirí;

braiteoirí rialaithe;

cnaipí agus lasca;

braiteoirí cianrialaithe;

(iii)

i gcás taiscthéitheoirí spáis áitiúla leictreacha:

eilimint téimh;

smacht;

lasca sábháilteachta;

cáblaí ceangailte;

cásáil do pháirteanna meicniúla;

bracanna fosúcháin;

gaothráin agus brúiteoirí;

cláir chiorcad priontáilte;

táscairí taispeána nó stádais;

braiteoirí rialaithe;

cnaipí agus lasca;

braiteoirí cianrialaithe;

(iv)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla radanta leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe, seachas téitheoirí spáis áitiúla radanta iniompartha leictreacha le heilimint téimh atá sofheicthe:

smacht;

eilimint téimh;

cáblaí ceangailte;

bracanna fosúcháin;

cláir chiorcad priontáilte;

táscairí taispeána nó stádais;

brúiteoirí;

braiteoirí rialaithe;

cnaipí agus lasca;

braiteoirí cianrialaithe;

(b)

áiritheofar infhaighteacht na bpáirteanna spártha dá dtagraítear i bpointe (a) ar feadh íostréimhse dar tús an 1 Iúil 2025 ar a dhéanaí nó 2 bhliain tar éis an chéad aonad den mhúnla a chur ar an margadh, cibé acu sin is déanaí, agus dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-aonad deiridh den mhúnla lena mbaineann a chur ar an margadh. Chun na críche sin, an liosta de pháirteanna spártha agus an nós imeachta i dtaca lena n-ordú agus an fhaisnéis, beidh siad ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana an mhonaróra, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe, ar a laghad le linn na tréimhse íosta thuasluaite;

(c)

i gcás gach múnla, a gcuirtear aonaid díobh ar an margadh ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe na dtéitheoirí spáis áitiúla leictreacha na páirteanna spártha seo a leanas ar a laghad a chur ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla:

cianrialú;

(d)

áiritheofar infhaighteacht na bpáirteanna spártha faoi pointe (c) go ceann íostréimhse dar tús an uair a chuirfear an t-aonad sin ar an margadh agus dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-aonad deiridh den mhúnla lena mbaineann a bheith curtha ar an margadh. Chun na críche sin, an liosta de pháirteanna spártha agus an nós imeachta i dtaca lena n-ordú agus an fhaisnéis maidir le deisiú agus cothabháil, beidh siad ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin saor-rochtana an mhonaróra, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe, ar a laghad le linn na tréimhse íosta thuasluaite;

(e)

áiritheoidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe téitheoirí spáis áitiúla gur féidir úsáid uirlisí atá ar fáil go coitianta a chur in ionad na bpáirteanna spártha a luaitear i bpointí (a) agus (c), agus gan damáiste buan a dhéanamh don téitheoir spáis áitiúil;

(f)

le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d), soláthróidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe praghsanna réamhchánach táscacha, in euro ar a laghad, le haghaidh na bpáirteanna spártha a liostaítear i bpointí (a) agus (c), lena n-áirítear praghas réamhchánach táscach ceanglóirí agus uirlisí, má sholáthraítear leis an bpáirt spártha iad ar shuíomh gréasáin saor-rochtana an mhonaróra, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe;

(g)

déanfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe téitheoirí spáis áitiúla ina n-úsáidtear bogearraí nuashonruithe bogearraí agus dochtearraí a chur ar fáil go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh, agus cuirfear na nuashonruithe sin ar fáil saor in aisce.

(2)

Am seachadta uasta páirteanna spártha:

Le linn thréimhse infhaighteachta na bpáirteanna spártha, áiritheoidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe go ndéanfar na páirteanna spártha a sheachadadh laistigh de 10 lá oibre tar éis dóibh an t-ordú a fháil.

(3)

Rochtain ar fhaisnéis maidir le deisiú agus cothabháil:

Le linn na tréimhse a luaitear faoi phointe 1(b), soláthróidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe rochtain ar an bhfaisnéis maidir le deisiú agus cothabháil an fhearais do dheisitheoirí gairmiúla sna dálaí seo a leanas:

(a)

taispeánfar ar shuíomh gréasáin an mhonaróra, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe an próiseas le haghaidh deisitheoirí gairmiúla chun rochtain ar fhaisnéis a iarraidh; chun glacadh le hiarraidh den sórt sin, féadfaidh na monaróirí, na hallmhaireoirí nó na hionadaithe údaraithe a éileamh ar an deisitheoir gairmiúil na nithe seo a leanas, agus na nithe sin amháin, a léiriú:

(i)

tá an inniúlacht theicniúil ag an deisitheoir gairmiúil téitheoirí spáis áitiúla a dheisiú agus comhlíonann sé na rialacháin is infheidhme maidir le deisitheoirí téitheoirí spáis áitiúla sna Ballstáit ina n-oibríonn sé. Glacfar le tagairt do chóras oifigiúil clárúcháin mar dheisitheoir gairmiúil, i gcás inarb ann do chóras den sórt sin sna Ballstáit lena mbaineann, mar chruthúnas ar chomhlíontacht an phointe seo;

(ii)

go bhfuil an deisitheoir gairmiúil cumhdaithe faoi árachas lena gcumhdaítear dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíocht, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil sé sin á éileamh ag an mBallstát;

(b)

glacfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe leis an gclárú nó déanfaidh siad é a dhiúltú laistigh de 5 lá oibre ó dháta na hiarrata;

(c)

féadfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe táillí réasúnta agus comhréireacha a ghearradh as rochtain a fháil ar an bhfaisnéis maidir le deisiú agus cothabháil nó as nuashonruithe tráthrialta a fháil. Measfar táille a bheith réasúnta más rud é nach ndíspreagann sí rochtain toisc nach gcuirtear san áireamh inti a mhéid a úsáideann an deisitheoir gairmiúil an fhaisnéis;

(d)

nuair a chláraítear é, beidh rochtain ag deisitheoir gairmiúil, laistigh de 1 lá oibre amháin tar éis í a iarraidh, ar an bhfaisnéis a iarrtar faoi dheisiú agus faoi chothabháil. Féadfar an fhaisnéis a chur ar fáil le haghaidh múnla coibhéiseach de théitheoir spáis áitiúil nó le haghaidh múnla téitheora spáis áitiúil den fhine chéanna, más ábhartha;

(e)

áireofar ar an bhfaisnéis maidir le deisiú agus cothabháil na nithe seo a leanas:

(i)

sainaithint dhobhréagnaithe téitheora spáis áitiúil;

(ii)

léarscáil díchóimeála nó scar-amharc;

(iii)

lámhleabhar teicniúil treoracha le haghaidh deisiúcháin;

(iv)

liosta den trealamh deisiúcháin agus tástála is gá;

(v)

faisnéis faoi chomhpháirteanna agus faoi dhiagnóis (amhail íosluachanna agus uasluachanna teoiriciúla na dtomhas);

(vi)

léaráidí sreangaithe agus nasctha;

(vii)

cóid fabhtanna diagnóiseacha agus cóid earráide (lena n-áirítear cóid a bhaineann go sonrach le monaróir, i gcás inarb infheidhme);

(viii)

treoracha maidir le bogearraí agus dochtearraí ábhartha a shuiteáil, lena n-áirítear bogearraí athshocraithe;

(ix)

faisnéis maidir le conas rochtain a fháil ar thaifid sonraí maidir le teagmhais teipe thuairiscithe atá stóráilte ar an téitheoir spáis áitiúil (i gcás inarb infheidhme); agus

(x)

léaráidí cláir leictreonaigh;

(f)

ach amháin i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh, gan dochar do chearta maoine intleachtúla, ceadófar do thríú páirtithe faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil gan athrú a d’fhoilsigh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe ar dtús agus a chumhdaítear le pointe (e) a úsáid agus a fhoilsiú a luaithe a chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe deireadh le rochtain ar an bhfaisnéis sin tar éis dheireadh na tréimhse rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil.

(4)

Ceanglais maidir le díchóimeáil chun ábhar a aisghabháil agus maidir le hathchúrsáil agus truailliú á sheachaint:

(a)

áiritheoidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe go ndearfar téitheoirí spáis áitiúla sa chaoi gur féidir na hábhair agus na comhpháirteanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a bhaint den fhearas ach úsáid a bhaint as uirlisí atá ar fáil go coitianta;

(b)

comhlíonfaidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15(1) de Threoir 2012/19/AE.

6.   Doiciméadacht theicniúil

(1)

Beidh na nithe seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 4 agus an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V:

(a)

luachanna fógartha na bparaiméadar uile a shonraítear i dTáblaí 1 go 5; chun na críche sin, féadfar an leagan amach céanna de Tháblaí 1 go 5 a úsáid;

(b)

liosta de na múnlaí coibhéiseacha uile, más infheidhme;

(c)

na heilimintí uile eile a léirítear in Airteagal 4, i gcás inarb infheidhme.

(2)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialú, tarraingeofar suas an fhaisnéis i dtáblaí 2 agus 4 le haghaidh an chomhcheangail (na gcomhcheangal) d’fheidhmeanna téitheora spáis áitiúil agus rialaithe i gcomhréir le pointe 4(1)(g);

(3)

Beidh na nithe seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh rialuithe gaolmhara ar leithligh chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 4 agus an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V:

(a)

luachanna fógartha na bparaiméadar uile a shonraítear i dTábla 6; chun na críche sin, is féidir an leagan amach céanna de Thábla 6 a úsáid;

(b)

liosta de na múnlaí coibhéiseacha uile, más infheidhme;

(c)

na heilimintí uile eile a léirítear in Airteagal 4, i gcás inarb infheidhme.

Tábla 1: Ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh/breosla leachtaigh

Image 1

Tábla 2: Ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh a chuirtear ar an margadh gan rialú

Image 2

Tábla 3: Ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

Image 3

Tábla 4: Ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla leictreacha a chuirtear ar an margadh gan rialú

Image 4

Tábla 5: Ceanglais maidir le faisnéis le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla tráchtála

Image 5

Tábla 6: Ceanglais faisnéise maidir le rialuithe gaolmhara ar leithligh

Image 6

Tábla 7: Cóid feidhmeanna rialaithe

 

 

Cód an rialaithe teochta (RT)

Feidhmeanna rialaithe

f1

f2

f3

f4

f5

f6

f7

f8

An cineál rialaithe teochta

Aonchéim, gan rialú teochta

NC

 

 

 

 

 

 

 

 

Dhá chéim láimhe nó níos mó, gan rialú teochta

TX

 

 

 

 

 

 

 

 

Teirmeastat meicniúil ar rialú theocht an tseomra

TM

 

 

 

 

 

 

 

 

Rialú leictreonach ar theocht an tseomra

TE

 

 

 

 

 

 

 

 

Rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir lae

TD

 

 

 

 

 

 

 

 

Rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir seachtaine

TW

 

 

 

 

 

 

 

 

Feidhmeanna rialaithe

Brath láithreachta

 

1

 

 

 

 

 

 

 

Brath fuinneoige oscailte

 

 

2

 

 

 

 

 

 

Rogha cianrialaithe

 

 

 

3

 

 

 

 

 

Rialú tosaithe oiriúnaitheach

 

 

 

 

4

 

 

 

 

Teorainn ama oibre

 

 

 

 

 

5

 

 

 

Braiteoir bolgáin dhuibh

 

 

 

 

 

 

6

 

 

Feidhmiúlacht féinfhoghlama

 

 

 

 

 

 

 

7

 

Cruinneas rialaithe agus CA <2 Ceilvin agus CSD <2 Ceilvin

 

 

 

 

 

 

 

 

8


(1)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).


IARSCRÍBHINN III

Modhanna tomhais agus ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 3

Chun críocha na comhlíontachta agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó trí mhodhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe eile a úsáid, lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta.

1.   dálaí ginearálta le haghaidh tomhas agus ríomhanna

(1)

Déanfar luachanna fógartha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh a shlánú chuig an ionad deachúlach amháin is gaire.

(2)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha, déanfar luachanna fógartha le haghaidh aschur teasa ainmniúil a shlánú chuig an tríú ionad deachúlach is gaire. I gcás na dtéitheoirí spáis áitiúla eile ar fad, déanfar luachanna fógartha le haghaidh aschur teasa ainmniúil a shlánú chuig an gcéad ionad deachúlach is gaire.

(3)

Slánófar luachanna fógartha le haghaidh astaíochtaí go dtí an tslánuimhir is gaire.

(4)

I gcás ina ndearbhaítear paraiméadar de bhun Airteagal 4, úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.

(5)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh seachas téitheoirí spáis áitiúla tráchtála, déanfar teocht an gháis múcháin agus aertheocht an dócháin a thomhas le haghaidh an íosfhaid píobáin duchta múcháin iomláin arna dhearbhú ag an monaróir sa lámhleabhar suiteála ach nach mó ná 1,5 méadar (suim an fhaid píobáin ingearaigh agus chothrománaigh). Mura bhfuil aon dearbhú ar fáil déanfar an tomhas a fheidhmiú d’fhad iomlán píobáin 1,5 méadar.

(6)

I gcás rialuithe gaolmhara ar leithligh déanfar feidhmiú ceart na bhfeidhmeanna rialaithe a sheiceáil.

2.   Dálaí ginearálta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh

(1)

Déanfar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh (ηS ) a ríomh mar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i mód gníomhach (ηS,on ), arna ceartú le rannchuidithe lena gcuirtear san áireamh rialú an aschuir teochta, ídiú leictreachais chúnta agus ídiú fuinnimh an bhuansolais threoraigh.

(2)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh in éineacht leis an rialú, déanfar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh a thomhas agus a ríomh leis an rialú atá le fáil sa phacáistíocht.

(3)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla a chuirtear ar an margadh gan rialú, déanfar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh a thomhas agus a ríomh le haghaidh gach comhcheangail dhifriúil d’fheidhmeanna téitheora spáis áitiúil agus rialaithe arna léiriú ag an monaróir, allmhaireoir nó ionadaí údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe 4(2)(a).

3.   Dálaí ginearálta maidir le hastaíochtaí

I gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh déanfar astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) a ríomh mar shuim na haonocsaíde nítrigine agus na dé-ocsaíde nítrigine, agus arna shloinneadh i ndé-ocsaíd nítrigine. Comhtharlóidh tomhas na n-astaíochtaí d’ocsaídí nítrigine leis an tomhas ar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis.

Chun críche dearbhaithe agus fíorúcháin beidh feidhm ag an astaíocht ag lánlód NOx(max).

4.   Dálaí sonracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh

(1)

Sainítear éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla mar seo a leanas:

(a)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh, seachas téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh

is é η S éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh, arna sloinneadh in %;

Is é ηs,on éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i mód gníomhach, arna sloinneadh in %;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

is é η S éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh, arna sloinneadh in %;

Is é ηs,on éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i mód gníomhach, arna sloinneadh in %;

Is é CC an chomhéifeacht tiontúcháin;

(c)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

is é η S éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh, arna sloinneadh in %;

Is é ηs,on éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i mód gníomhach, arna sloinneadh in %;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(1) atá ina chúis le rannchuidiú diúltach d’éifeachtúlacht shéasúrach an téimh spáis mar gheall ar rannchuidithe coigeartaithe le haghaidh roghanna don aschur téimh, arna shloinneadh in %;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(4) atá ina chúis le rannchuidiú diúltach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh de réir ídiú leictreachais cúnta, arna shloinneadh in %;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(5) atá ina chúis le rannchuidiú diúltach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh de réir ídiú fuinnimh ag buansolas treorach, arna shloinneadh in %;

(2)

déantar éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh i mód gníomhach
Formula
a ríomh mar:

(a)

i gcás na dtéitheoirí spáis áitiúla tráchtála uile seachas córais téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

is é η th,nom an éifeachtúlacht úsáideach ag aschur teasa ainmniúil, arna sloinneadh in %.

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha,

Formula

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh, is é η th,nom an éifeachtúlacht úsáideach ag aschur teasa ainmniúil bunaithe ar NCV;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(2) atá ina chúis le rannchuidiú deimhneach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh mar gheall ar rannchuidithe coigeartaithe na rialuithe ar chompord an téimh faoi dhíon, ar comheisiach iad na luachanna díobh, nach féidir iad a shuimiú le chéile;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(3) atá ina chúis le rannchuidiú deimhneach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh mar gheall ar rannchuidithe coigeartaithe na rialuithe ar chompord an téimh faoi dhíon, ar féidir na luachanna díobh a shuimiú le chéile;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(4) atá ina chúis le rannchuidiú diúltach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh de réir ídiú leictreachais cúnta;

Fachtóir ceartúcháin is ea F(5) atá ina chúis le rannchuidiú diúltach d’éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh de réir ídiú fuinnimh ag buansolas treorach, arna shloinneadh in %;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

is é ηS,RF an éifeachtúlacht theirmeach ualaithe, arna sloinneadh in %;

is é ηS,RF an éifeachtúlacht astaíochtaí, arna sloinneadh in %;

(i)

déantar an éifeachtúlacht theirmeach ualaithe (ηS,th ) a ríomh mar a leanas:

i gcás téitheoirí spáis áitiúla lonrúla, is é 85,6 % ηS,th ;

i gcás téitheoirí spáis áitiúla feadánacha:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é ηth,nom an éifeachtúlacht theirmeach ag aschur teasa ainmniúil, arna shloinneadh in %, bunaithe ar OLC;

Is é ηth,nom an éifeachtúlacht theirmeach ag aschur teasa íosta, arna sloinneadh in %, bunaithe ar OLC;

Is é Fenv caillteanais imchlúdaigh an ghineadóra teasa, arna sloinneadh in %;

má shonraíonn an monaróir gineadóir teasa an téitheora spáis áitiúil fheadánaigh atá le suiteáil sa spás faoi dhíon atá le téamh, is ionann na caillteanais imchlúdaigh agus 0 (nialas);

má shonraíonn an monaróir gineadóir teasa an téitheora spáis áitiúil fheadánaigh atá le suiteáil lasmuigh den limistéar téite, braithfidh an fachtóir caillteanais imchlúdaigh ar tharchuras teirmeach imchlúdach an ghineadóra teasa i gcomhréir le Tábla 8;

Tábla 8: Fachtóir caillteanais imchlúdaigh an ghineadóra teasa

Tarchuras teirmeach an imchlúdaigh (U)

Fenv

U ≤ 0,5

2,2  %

0,5 < U ≤ 1,0

2,4  %

1,0 < U ≤ 1,4

3,2  %

1,4 < U ≤ 2,0

3,6  %

U>2,0

6,0  %

(ii)

déantar an éifeachtúlacht astaíochtaí (ηS,RF ) a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é RFS fachtóir radanta an téitheora spáis áitiúil tráchtála, arna shloinneadh in %;

i gcás na dtéitheoirí spáis áitiúla tráchtála uile seachas córais téitheoirí feadánacha:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é RFnom , an fachtóir radanta ag aschur teasa ainmniúil, arna shloinneadh in %;

Is é RFmin , an fachtóir radanta ag aschur teasa íosta, arna shloinneadh in %;

i gcás córais téitheoirí feadánacha:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é RFnom,i an fachtóir radanta in aghaidh na deighleoige feadánaí ag aschur teasa ainmniúil, arna shloinneadh in %;

Is é RFmin,i an fachtóir radanta in aghaidh na deighleoige feadánaí ag aschur teasa íosta, arna shloinneadh in %;

Is é Pheater,i aschur teasa in aghaidh na deighleoige feadánaí, arna shloinneadh in kW, bunaithe ar OLC;

Is é Psystem , aschur teasa an chórais fheadánaigh iomláin, arna shloinneadh in kW, bunaithe ar OLC;

ní bheidh feidhm ag an gcothromóid thuas ach amháin más comhionann tógáil dhóire, fheadáin agus fhrithchaiteoirí na deighleoige feadánaí mar a chuirtear i bhfeidhm í sa chóras téitheora fheadánaigh le téitheoir spáis áitiúil aonfheadánach agus más comhionann feidhmíocht na deighleoige feadánaí le feidhmíocht úd téitheora spáis áitiúil aonfheadánaigh;

(3)

déantar an fachtóir ceartúcháin F(1) a ríomh mar a leanas:

Tábla 9: Fachtóir ceartúcháin F(1) le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla tráchtála

Más é cineál rialaithe aschuir teasa na dtáirgí:

F(1) [%]

Ag a bhfuil na teorainneacha seo a leanas

Aonchéim

Formula

 

Dhá chéim

Formula

)

2,5 % ≤ F(1) ≤ 5,0 %

Modhnúchán

Formula

0 % ≤ F(1) ≤ 5,0 %

(4)

tá an fachtóir ceartúcháin F(2), cothrom le ceann amháin de na fachtóirí de réir Thábla 10, ag brath ar an bhfeidhm rialaithe a mbeidh feidhm aici. Ní féidir ach luach amháin a roghnú; déanfar na feidhmeanna a luaitear i dTábla 10 a ghníomhachtú nuair a chuirfear an trealamh ar an margadh nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse agus a ghníomhachtófar é tríd an gcumraíocht tosaigh tar éis an trealamh a athshocrú chuig a réamhshocruithe monarchan;

Tábla 10: Fachtóir ceartúcháin F(2)

Má chuirtear an táirge ar an margadh in éineacht le (ní fhéadfar feidhm a bheith ach ag rogha amháin)

F(2)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh

Inaistrithe

Fosaithe

Stóráil

Faoin urlár

Radanta le heilimint téimh atá sofheicthe

Ráillí tuáille

aschur téimh aonchéime, gan rialú ar theocht an tseomra

0

0

0

0

0

0

0

dhá chéim láimhe nó níos mó, gan rialú teochta

0,025

0

0

0

0,050

0,030

0,025

in éineacht le teirmeastat meicniúil ar rialú theocht an tseomra

0,100

0,025

0,025

0,025

0,025

0,030

0,050

ag a bhfuil rialú leictreonach ar theocht an tseomra

0,160

0,050

0,050

0,050

0,080

0,030

0,100

in éineacht le rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir lae

0,170

0,095

0,095

0,095

0,100

0,095

0,125

in éineacht le rialú leictreonach ar theocht an tseomra móide amadóir seachtaine

0,190

0,150

0,150

0,150

0,120

0,150

0,150

(5)

déantar an fachtóir ceartúcháin F(3) a ríomh mar shuimiúchán na luachanna de réir Thábla 11, ag brath ar an bhfeidhm rialaithe a mbeidh feidhm aici; déanfar na feidhmeanna a luaitear i dTábla 11 a ghníomhachtú nuair a chuirfear an trealamh ar an margadh nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse agus a ghníomhachtófar é tríd an gcumraíocht tosaigh tar éis an trealamh a athshocrú chuig a réamhshocruithe monarchan;

Tábla 11: Fachtóir ceartúcháin F(3)

Má chuirtear an táirge ar an margadh in éineacht le (féadfar feidhm a bheith ag roghanna iolracha):

F(3)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh

Inaistrithe

Fosaithe

Stóráil

Faoin urlár

Radanta le heilimint téimh atá sofheicthe

Ráillí tuáille

rialú ar theocht an tseomra in éineacht le brath láithreachta

0, 005

0

0

0

0,040

0

0,025

rialú ar theocht an tseomra in éineacht le brath fuinneoige oscailte

0,005

0,020

0,020

0,020

0,020

0,020

0,025

in éineacht le rogha cianrialaithe

0

0,020

0,020

0,020

0

0

0,025

in éineacht le rialú tosaithe oiriúnaitheach

0,005

0,020

0,020

0,020

0

0,020

0

in éineacht le teorainneacha ama oibre

0,005

0

0

0

0,020

0,020

0

in éineacht le braiteoir bolgáin dhuibh

0

0

0

0

0,040

0

0

in éineacht le feidhmiúlacht féinfhoghlama

0

0,020

0,020

0,020

0,010

0,020

0,0125

Cruinneas rialaithe agus CA <2 Ceilvin agus CSD <2 Ceilvin

0,020

0,020

0,020

0,020

0

0,020

0,0125

(6)

déantar an fachtóir ceartúcháin F(4) a ríomh mar:

(a)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh agus breosla leachtaigh seachas téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é elmax an t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa ainmniúil, arna shloinneadh in kW;

Is é elmin an t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa íosta, arna shloinneadh in kW; I gcás nach dtairgtear aschur teasa íosta leis an táirge, úsáidfear an luach don ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa ainmniúil;

Is é Pnom aschur teasa ainmniúil an táirge, arna shloinneadh in kW;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

(c)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha, F(4) = 1;

(7)

déantar an fachtóir ceartúcháin F(5) a ríomh mar a leanas:

(a)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh nó breosla leachtaigh seachas téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é Ppilot ídiú an tsolais threoraigh, arna shloinneadh in kW;

Is é Pnom aschur teasa ainmniúil an táirge, arna shloinneadh in kW;

(b)

i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

Is é Ppilot ídiú an tsolais threoraigh, arna shloinneadh in kW;

Is é Pnom aschur teasa ainmniúil an táirge, arna shloinneadh in kW;

i gcás nach bhfuil aon bhuansolas treorach (solas treorach) is ionann Ppilot agus 0 (nialas);

(c)

I gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha, F(5) = 1.

5.   Móid ísealchumhachta

(1)

Déantar ídiú cumhachta an mhóid as (Po ), an mhóid fuireachais (Psm ), agus i gcás inarb infheidhme an mhóid réchasta (P idle ) agus an mhóid fuireachais líonraithe (Pnsm ) a thomhas, a shloinneadh in W agus slánaítear chuig dhá ionad dheachúlacha iad.

Le linn an t-ídiú cumhachta i móid ísealchumhachta a thomhas, déanfar na feidhmeanna seo a leanas a sheiceáil agus a thaifeadadh:

(a)

faisnéis a thaispeáint nó gan í a thaispeáint;

(b)

nasc líonra a ghníomhachtú nó gan é a ghníomhachtú.

Má tá taispeáint faisnéise nó stádais san áireamh sa mhód fuireachais, cuirfear an fheidhm sin ar fáil freisin nuair a sholáthrófar an fuireachas líonraithe.

(2)

I gcás rialuithe gaolmhara ar leithligh, déanfar ídiú cumhachta na mód ísealchumhachta a thomhas ag voltas an phríomhlíonra. Mura féidir ídiú cumhachta na mód ísealchumhachta a thomhas ach ag leibhéal voltais SD, déanfar torthaí na dtomhas sin le haghaidh gach móid ísealchumhachta a iolrú faoi fhachtóir 1,5, arb ionann é agus meántiontú cumhachta SA-SD dar luach 67 %, chun teacht ar na luachanna a chomhlíonfaidh na ceanglais le haghaidh móid ísealchumhachta.

6.   CRUINNEAS RIALAITHE AGUS RIALÚ CHUIG DIALL POINTE SHOCRAITHE

I gcás téitheoirí spáis áitiúla agus i gcás rialuithe gaolmhara ar leithligh, déanfar CA agus CSD a thomhas cibé uair a dhearbhaíonn an monaróir CA <2K agus CSD <2K.


IARSCRÍBHINN IV

Modhanna idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 3

Téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh, seachas téitheoirí lonrúla agus téitheoirí feadánacha

Paraiméadar

ESO

Tagairt/ Teideal

Nótaí

Aschur teasa díreach

CEN

EN 613:2021 § 7.11

EN 1266:2002 § 7.12.

EN 13278:2013 Téitheoirí spáis neamhspleácha gásadhainte ar a bhfuil aghaidh oscailte § 6.3.1 & § 6.12 & § 7.12 & § 7.3.1

EN 449:2002+A1:2007

Is é seo an t-aschur teasa i gcoibhneas leis an spás ina bhfuil an táirge suiteáilte.

Déanfar an méid sin a ríomh leis an gcothromóid Aschur teasa díreach = Qn * η, i gcás inarb é Qn an t-aschur teasa ainmniúil agus inarb é η an éifeachtúlacht ainmniúil. Déanfar aschur teasa díreach a ríomh mar oll-luach calrach.

Aschur teasa indíreach

CEN

 

Ní thugtar tuairisc ar aschur teasa indíreach téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh i gcaighdeáin EN.

Chun críche dearbhaithe agus fíoraithe, féadfar na prionsabail mar a chuirtear i bhfeidhm in EN 16510-1 iad a úsáid

Éifeachtúlacht úsáideach ag aschur teasa ainmniúil agus íosta: ηth,nom , ηth,min

CEN

EN 613:2021 § 7.11.2

EN 1266:2002 § 6.12 & § 7.12.2

EN 13278:2013 § 6.12 & § 7.12.2

In EN 613, déanfar ηth,nom agus ηth,min a ríomh mar η i ndálaí is infheidhme maidir leis an aschur teasa ainmniúil agus íosta, más ábhartha.

In EN 1266 agus EN 13278 comhfhreagraíonn ηth,nom do η má dhéantar é a chinneadh leis an aschur teasa ainmniúil. Comhfhreagraíonn ηth,min do η má dhéantar é a chinneadh leis an aschur teasa íosta.

Bunófar gach luach ar an nglanluach calrach.

Aschur teasa ainmniúil, aschur teasa íosta: Pnom , Pmin

CEN

EN 613:2021

EN 1266:2002 § 6.3.1 & § 6.3.3 & § 7.3.1 & § 7.3.5 § 6.12 & § 7.12

EN 13278:2013 § 6.3.1 & § 6.3.3 & § 7.3.1 & § 7.3.5 & § 6.12 & § 7.12.2

EN 449:2002+A1:2007 § 5.15.1 & § 5.15.2 & § 6.15.1 & § 6.15.2

In EN 613 déanfar Pnom a chinneadh le Pnom = Qn*η is infheidhme maidir le dálaí aschuir ainmniúla. I gcás Qn féach § 7.3.1. Déanfar Pmin a chinneadh mar Pmin = aschur teochta íosta*η. I gcás aschur teasa íosta féach § 7.3.5.

In EN 1266, EN 13278:2013 agus EN 449, déanfar Pnom a chinneadh le Pnom = Qnth,nom agus déanfar Pmin a chinneadh le Pmin = Qmth,min.

Bunófar gach luach ar an nglanluach calrach.

An t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa ainmniúil, elmax

CEN

EN 15456:2008: § 5.1.3.1.

Comhfhreagraíonn elmax do Paux 100, arna thomhas ag oibriú lóid ainmniúil.

An t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa íosta: elmin

CEN

EN 15456:2008: § 5.1.3.2.

Comhfhreagraíonn elmin do Paux 30, arna thomhas ag oibríocht páirtlóid is infheidhme.

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais: elsm

CEN

EN 15456:2008: § 5.1.3.3

EN 50564:2011 § 5.3

Comhfhreagraíonn elsm do Paux sb in EN15456 nó don ídiú cumhachta i mód fuireachais in EN 50564.

Astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx)

CEN

EN 613:2021 § 7.7.4

EN 1266:2002 § 7.7.4 & Iarscríbhinn G

EN 13278:2013 § 7.7.4 & Iarscríbhinn H

Téitheoirí gan mhúchán: EN 14829:2007 § 7.9.4

Le EN613, EN1266 agus EN13278 leagtar síos astaíochtaí NOx mar luachanna ualaithe faoi dhálaí ualaigh lánmhodhnaithe íosta.

Modh tástála EN 14829:2007 NOx le cur san áireamh le haghaidh téitheoir gáis gan mhúchán.

Cumhacht buansolais treoraigh: Ppilot

CEN

EN 1266:2002 § 7.3.4

Níl clásal in EN613 ná EN13278 lena dtugtar tuairisc ar conas ionchur teasa an dóire adhainte a ríomh.

Cruinneas rialaithe agus Rialú chuig diall pointe shocraithe: CA agus CSD

CEN

 

Ní thugtar tuairisc ar chruinneas rialaithe maidir le téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh i gcaighdeáin EN.

Chun críche dearbhaithe agus fíoraithe, bainfear úsáid as na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm in EN 15500-1.


Téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh

Paraiméadar

ESO

Tagairt/ Teideal

Nótaí

Aschur teasa díreach

CEN

EN 1:1998 § 6.6.2

EN 13842:2004: § 6.3.

Is é an t-aschur teasa díreach an toilleadh teasa de réir EN 1 § 6.6.2.

De réir EN 13842 is féidir an t-aschur teasa díreach a ríomh mar Q0* (1-qA).

Bunófar gach luach ar an nglanluach calrach.

Aschur teasa indíreach

CEN

 

Ní thugtar tuairisc ar aschur teasa indíreach téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh i gcaighdeáin EN.

Chun críche dearbhaithe agus fíoraithe, bainfear úsáid as na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm in EN 16510-1

Éifeachtúlacht úsáideach ag aschur teasa ainmniúil agus íosta: ηth,nom, ηth,min

CEN

EN 1:1998 § 6.6.1.2

EN 13842:2004 § 6.5.6

De réir EN 1, comhfhreagraíonn ηth,nom do η ag an uasráta sreafa ola, ríomhfar ηth,min mar η ag íosráta sreafa ola.

De réir EN 13842 déanfar ηth,nom a ríomh mar ηth,nom = 1-qA,agus qA á thomhas ag ionchur teasa ainmniúil nó ag ionchur teasa íosta (i gcás inarb infheidhme).

Bunófar gach luach ar an nglanluach calrach.

Aschur teasa ainmniúil, aschur teasa íosta: Pnom , Pmin

CEN

EN 1:1998/A1:2007 § 6.5.2.1

EN 13842:2004: § 6.3.

De réir EN 1, comhfhreagraíonn Pnom ag uasráta (is ainmniúil) agus íosráta sreafa ola.

De réir EN 13842 is féidir an t-aschur teasa ainmniúil a ríomh mar: Q0*(1-qA) i gcás aschuir teasa ainmniúil agus íosta.

An t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa ainmniúil, elmax

CEN

EN 15456:2008 § 5.1.3.1.

Comhfhreagraíonn elmax do Paux 100 in EN15456.

An t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa íosta: elmin

CEN

EN 15456:2008, § 5.1.3.2.

Comhfhreagraíonn sé don cheanglas Paux 30 maidir le cumhacht chúnta in EN15456

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais: Psm

CEN

EN 15456:2008, § 5.1.3.3.

EN 50564:2011§ 5.3.

Comhfhreagraíonn sé do Paux sb in EN15456 nó don ídiú cumhachta sa mhód fuireachais in EN 50564.

Astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx)

CEN

EN 1:1998/A1:2007 § 6.6.4

EN 13842 Iarscríbhinn C7

Chun dearbhú agus fíorú a dhéanamh, úsáidfear an modh de réir EN 1.

Cumhacht buansolais treoraigh: Ppilot

CEN

EN 1266:2002, § 7.3.4

Chun an ceanglas cumhachta sin a dhearbhú agus a fhíorú bainfear úsáid as an modh atá in EN1266:2002, § 7.3.4.

Cruinneas rialaithe agus Rialú chuig diall pointe shocraithe: CA agus CSD

CEN

 

Ní thugtar tuairisc ar chruinneas rialaithe maidir le téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh i gcaighdeáin EN.

Chun críche dearbhaithe agus fíoraithe, bainfear úsáid as na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm in EN 15500-1


Téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

Paraiméadar

ESO

Tagairt/ Teideal

Nótaí

Aschur teasa ainmniúil: Pnom

CENELEC

I gcás téitheoirí leictreacha iniompartha, téitheoirí fosaithe agus téitheoirí faoin urlár: EN/IEC 60675:1995/A11:2019 Clásal 16C

I gcás taiscthéitheoirí leictreacha: EN 60531:2000/A11:2019 § 9.3

De réir EN 60675:1995/A11:2019 mura bhfuil ann d’aschur teasa indíreach, beidh an t-aschur teasa leanúnach uasta (clásal 16A) cothrom leis an aschur teasa ainmniúil.

Comhfhreagraíonn Pnom do na caighdeáin is infheidhme seo a leanas:

IEC/EN 60335-1: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — sábháilteacht — voltas rátaithe: 250 V i gcás fearais aon phas, suas le 480 V i gcás fearais eile, níl sé beartaithe le haghaidh fearais le haghaidh úsáid tí mar is gnách.

IEC/EN 60335-2-30: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — sábháilteacht — ceanglais ar leith maidir le téitheoirí seomra.

IEC/EN 60335-2-43: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail -Sábháilteacht - Cuid 2-43: Ceanglais áirithe maidir le triomadóirí éadaí agus ráillí tuáillí ar leith.

IEC/EN 60335-2-61: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — sábháilteacht — ceanglais ar leith maidir le téitheoirí seomra teirmeastórála.

IEC/EN 60335-2-96: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — sábháilteacht — ceanglais ar leith maidir le heilimintí téimh leathán solúbtha chun seomraí a théamh.

IEC/EN 60335-2-106: Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — sábháilteacht — ceanglais ar leith maidir le cairpéid théite agus maidir le haonaid théite chun seomraí a théamh.

IEC/EN 60531:1991. Téitheoirí teirmeastórála seomra leictreacha tí — modhanna chun feidhmíocht a thomhas

Aschur leanúnach teasa uasta: Pmax,c

CENELEC

I gcás téitheoirí leictreacha iniompartha, téitheoirí fosaithe agus téitheoirí faoin urlár: EN/IEC 60675:1995/A11:2019 Clásal 16 A

Comhfhreagraíonn Pmax,c don chumhacht inúsáidte in IEC 60675

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais: Psm

CENELEC

EN 50564:2011 § 5.3

Comhfhreagraíonn sé don ídiú cumhachta sa mhód fuireachais in EN 50564.

F(2) agus F(3)

CENELEC

I gcás téitheoirí leictreacha iniompartha, téitheoirí fosaithe agus téitheoirí faoin urlár: EN 60675:1995/A11:2019 § 17

Soláthraítear le EN 60675 modhanna tástála do gach feidhm rialaithe a chomhfhreagraíonn do F(2) agus F(3), seachas cruinneas rialaithe agus feidhmiúlacht féinfhoghlama

Cruinneas rialaithe agus Rialú chuig diall pointe shocraithe: CA agus CSD

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.4 & § 6.3

 


Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha agus téitheoirí spáis áitiúla lonrúla

Paraiméadar

ESO

Tagairt/ Teideal

Nótaí

Éifeachtúlacht úsáideach ag aschur teasa ainmniúil agus íosta: ηth,nom , ηth,min

CEN

Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha ina bhfuil deighleoga feadáin seachas stialla: EN 416:2019 § 7.6.5.

Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha ina bhfuil deighleoga feadáin ar stialla iad: EN 17175:2019

 

Aschur teasa ainmniúil, aschur teasa íosta: Pnom , Pmin

CEN

Téitheoirí spáis áitiúla lonrúla: EN 419:2019

Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha ina bhfuil deighleoga feadáin seachas stialla: EN 416:2019

Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha ina bhfuil deighleoga feadáin ar stialla iad: EN 17175:2019

Maidir le téitheoirí spáis áitiúla lonrúla agus téitheoirí spáis áitiúla feadánacha, ríomhtar an t-aschur teasa mar:

aschur teasa = ionchur teasa Qn * éifeachtúlacht úsáideach, ag aschur teasa ainmniúil nó íosta.

Bunófar gach luach ar ghlanluach calrach breosla.

Fachtóir caillteanais imchlúdaigh theirmigh: Fenv

CEN

EN 1886:2007 § 8.2.1

Braitheann Fenv ar aicme sonraí T1 go T5 arna bhunú ag EN 1886.

Fachtóir radanta (RF i gcás aschuir ainmniúil agus aschuir íosta): RFnom agus RFmin

CEN

Téitheoirí spáis áitiúla lonrúla: EN 419:2019: § 7.6.3

Téitheoirí spáis áitiúla feadáin: EN 416:2019 § 7.5.3

Téitheoirí spáis áitiúla feadánacha ina bhfuil deighleoga feadáin ar stialla iad: EN 17175:2019

Comhfhreagraíonn RF ag aschur teasa ainmniúil do Rf sa chaighdeán. Comhfhreagraíonn RF ag aschur teasa íosta do Rf ach é a bheith tomhaiste ag aschur teasa íosta.

Bunófar Rf ar an nglanluach calrach.

Ídiú na cumhachta leictrí ag aschur teasa ainmniúil: elmax

CEN

EN 416:2019 § 6.4.2

EN 419:2019 § 6.8.2

EN 17175:2019

 

An t-ídiú cumhachta leictrí ag aschur teasa íosta: elmin

CEN

EN 416:2019 § 6.4.3

EN 419:2019 § 6.8.3

EN 17175:2019

 

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais, Psm

CEN

EN 416:2019 § 6.4.4

EN 419:2019 § 6.8.4

EN 17175:2019

EN 50564:2011

Comhfhreagraíonn sé don ídiú cumhachta sa mhód fuireachais in EN 50564

Cumhacht buansolais treoraigh: Ppilot

CEN

 

Ní thugtar tuairisc i gcaighdeán EN 416, i gcaighdeán EN 419, ná i gcaighdeán EN 17175 ar mhodh chun ceanglas cumhachta a chinneadh do bhuansolas treorach (dóire adhainte). Chun an ceanglas cumhachta sin a dhearbhú agus a fhíorú bainfear úsáid as an modh atá in EN1266:2002, § 7.3.4.


Rialuithe

Paraiméadar

ESO

Tagairt/ Teideal

Nótaí

Mód ‘as’: Po

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.3.2 & § 6.1

EN 50564:2011 § 5.3

Sainítear le EN 15500-1 leagan amach bunúsach na rialtán tástála ar leithligh ón téitheoir spáis áitiúil, cé nach leagtar amach modh sonrach ann chun an mód fuireachais a thástáil. Leagtar síos modh sonrach le haghaidh móideanna ísealchumhachta fearais leictreacha tí in EN 50564:2011, áit nach mór na hoiriúnuithe comhfhreagracha a dhéanamh chun rialtáin a sheiceáil.

Mód fuireachais: Psm

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.3.2 & § 6.1

EN 50564:2011 § 5.3

Sainítear in EN 15500-1 leagan amach bunúsach na rialtán tástála ar leithligh ón téitheoir spáis áitiúil, cé nach leagtar amach modh sonrach ann chun an mód fuireachais a thástáil. Leagtar síos modh sonrach le haghaidh móideanna ísealchumhachta fearais leictreacha tí in EN 50564:2011, áit nach mór na hoiriúnuithe comhfhreagracha a dhéanamh chun rialtáin a sheiceáil.

Mód réchasta: Préchasta

CEN

EN 15500-1:2017 § 6.2.1

 

Mód fuireachais líonraithe: Pnsm

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.3.2 & § 6.1

EN 50564:2011 § 5.3

Sainítear in EN 15500-1 leagan amach bunúsach na rialtán tástála ar leithligh ón téitheoir spáis áitiúil, cé nach leagtar amach modh sonrach ann chun an mód fuireachais líonraithe a thástáil. Leagtar síos modh sonrach le haghaidh móideanna ísealchumhachta fearais leictreacha tí in EN 50564:2011, áit nach mór na hoiriúnuithe comhfhreagracha a dhéanamh chun rialtáin a sheiceáil.

Mód fuireachais le taispeáint faisnéise agus stádais

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.3.2 & § 6.1

EN 50564:2011 § 5.3

Sainítear in EN 15500-1 leagan amach bunúsach na rialtán tástála ar leithligh ón téitheoir spáis áitiúil, cé nach leagtar amach modh sonrach ann chun an mód fuireachais le taispeáint faisnéise agus staide a thástáil. Leagtar síos modh sonrach le haghaidh móideanna ísealchumhachta fearais leictreacha tí in EN 50564:2011, áit nach mór na hoiriúnuithe comhfhreagracha a dhéanamh chun rialtáin a sheiceáil.

Cruinneas rialaithe agus Rialú chuig diall pointe shocraithe: CA agus CSD

CEN

EN 15500-1:2017 § 5.4 & § 6.3

 


IARSCRÍBHINN V

Nós imeachta fíorúcháin chun críche faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 5

1.   

Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, ní bhaineann siad ach le fíorú na bparaiméadar fógartha ag údaráis Ballstáit agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná na hionadaithe údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a bhunú nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith.

2.   

Measfar nach comhlíontach é aon mhúnla ná gach múnla coibhéiseach i gcás nach bhfuil an múnla sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6.

3.   

Mar chuid den fhíorú go gcomhlíonann múnla de théitheoir spáis áitiúil nó múnla rialaithe gaolmhar ar leithligh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 2009/125/CE, cuirfidh údaráis na mBallstát an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

fíoróidh údaráis na mBallstát aon aonad amháin in aghaidh an mhúnla;

(b)

measfar go gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas ar fad:

(i)

maidir leis na luachanna fógartha a thugtar sa doiciméadacht theicniúil de bhun phointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/125/CE, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna a úsáideadh chun na luachanna sin a ríomh, níl siad níos fabhraí don mhonaróir, don allmhaireoir ná don ionadaí údaraithe ná torthaí na dtomhas comhfhreagrach a rinneadh de bhun phointe 2(g) den Iarscríbhinn sin;

(ii)

comhlíonann na luachanna fógartha aon cheanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, agus níl luachanna atá níos fabhraí don mhonaróir nó don allmhaireoir ná na luachanna fógartha in aon fhaisnéis táirge a éilítear a fhoilsíonn an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe;

(iii)

nuair a sheiceálann údaráis an Bhallstáit aonad an mhúnla, comhlíonann aon chóras nuashonraithe bogearraí a fhéadfaidh a bheith curtha ar bun ag an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe na ceanglais in Airteagal 7;

(iv)

nuair a sheiceálann údaráis na mBallstát aonad an mhúnla, comhlíonann sé na ceanglais maidir le faisnéis faoin táirge i bpointe 4 agus na ceanglais maidir le héifeachtúlacht acmhainní i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II;

(v)

nuair a dhéanann údaráis na mBallstát tástáil ar aonad an mhúnla, comhlíonann na luachanna cinntithe (luachanna na bparaiméadar ábhartha arna dtomhas sa tástáil agus na luachanna arna ríomh ó na tomhais sin) na lamháltais fíorúcháin faoi seach i dTábla 12.

4.   

I gcás nach mbaintear amach na torthaí dá dtagraítear i bpointí (3)(b), (i), (ii) (iii) nó (iv), measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

5.   

I gcás ina mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe (3)(b)(v), roghnóidh údaráis na mBallstát trí aonad bhreise den mhúnla céanna le haghaidh tástála. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na trí aonad bhreise a roghnófar a bheith d’aon mhúnla coibhéiseach amháin nó níos mó.

6.   

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na trí aonad dá dtagraítear i bpointe (5), go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna cinntithe na lamháltais fíorúcháin faoi seach a leagtar amach i dTábla 12.

7.   

I gcás nach mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe (6), measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

8.   

Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla i gcomhréir le pointí (2), (4) nó (7).

9.   

Úsáidfidh údaráis na mBallstát na modhanna tomhais agus ríomha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

10.   

Ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 12 agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a thuairiscítear i bpointí 3 go 7 i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo. I gcás na bparaiméadar i dTábla 12, ní chuirfear i bhfeidhm aon lamháltas fíorúcháin eile, amhail na lamháltais sin a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó in aon mhodh tomhais eile.

Tábla 12: Lamháltais fíorúcháin

Paraiméadair

Lamháltais fíorúcháin

η S i gcás téitheoirí spáis áitiúla leictreacha

Níl luach cinntithe (*) η S níos measa ná luach fógartha ηs. (*1)

η S i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh

Ní bheidh luach cinntithe (*) η S níos mó ná 8 % níos ísle ná luach fógartha ηs. (*1)

η S i gcás téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh

Ní bheidh luach cinntithe (*) η S níos mó ná 8 % níos ísle ná luach fógartha ηs. (*1)

η S i gcás téitheoirí spáis áitiúla tráchtála

Ní bheidh luach cinntithe (*) η S níos mó ná 10 % níos ísle ná luach fógartha ηs. (*1)

Pnom

Ní bheidh luach cinntithe (*) Pnom níos mó ná 10 % níos ísle ná luach fógartha Pnom . (*1)

Astaíochtaí NOx téitheoirí spáis áitiúla breosla ghásaigh, téitheoirí spáis áitiúla breosla leachtaigh agus téitheoirí spáis áitiúla tráchtála

Ní bheidh an luach cinntithe (*) níos mó ná 10 % de luach fógartha astaíochtaí NOx. (*1)

Po

Ní sháróidh an luach cinntithe (*) 0,10 W de luach fógartha Po . (*1)

Psm, Pidle, Pnsm

Ní sháróidh an luach cinntithe (*) 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá luach fógartha Psm, Pidle nó Pnsm níos mó ná 1,00 W, ná ní sháróidh sé 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W. (*1)


(*1)  (*) I gcás ina ndéantar trí aonad breise a thástáil i gcomhréir le pointe (5), ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna arna chinneadh le haghaidh na dtrí aonad breise sin.


IARSCRÍBHINN VI

Na tagarmharcanna táscacha dá dtagraítear in Airteagal 8

Tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sainaithníodh an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil ar an margadh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla i dtéarmaí éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh agus astaíochtaí ocsaídí nítrigine mar a leanas:

(1)

tagarmharcanna sonracha le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh an téimh spáis shéasúraigh a bhaineann le téitheoirí spáis áitiúla:

(a)

téitheoirí spáis áitiúil ar a bhfuil aghaidh oscailte: 65 %;

(b)

téitheoirí spáis dócháin oscailte ar a bhfuil aghaidh iata agus téitheoirí spáis áitiúla múcháin chothroim: 88 %;

(c)

téitheoirí spáis áitiúla leictreacha: 51 %;

(d)

téitheoirí spáis áitiúla lonrúla: 92 %;

(e)

téitheoirí spáis áitiúla feadánacha: 88 %;

(2)

Tagarmharcanna sonracha le haghaidh astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) ag téitheoirí spáis áitiúla:

(a)

téitheoirí spáis áitiúla a úsáideann breosla gásach nó breosla leachtach: 50 mg/kWhinput bunaithe ar an oll-luach calrach;

(b)

téitheoirí spáis áitiúla lonrúla agus téitheoirí spáis áitiúla feadánacha: 50 mg/kWhinput bunaithe ar an oll-luach calrach.

Ní gá go dtugtar le tuiscint leis na tagarmharcanna a shonraítear i bpointí 1 agus 2 gur féidir comhcheangal luachanna a bhaint amach do théitheoir spáis áitiúil amháin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)