European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1101

12.4.2024

MOLADH (AE) 2024/1101 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Aibreán 2024

maidir le Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe le haghaidh an aistrithe chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (1) (an Dara Treoir NIS).

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé ríthábhachtach do shochaí, do gheilleagar, do shlándáil agus do rathúnas an Aontais sonraí a chosaint agus cumarsáid íogair a dhaingniú. Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis an gcibearshlándáil chun ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’ a thógáil (2), agus is príomhchuspóir de chuid chlár beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach í (3).

(2)

Le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála (4) agus le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh (5) araon, cuirtear i dtábhacht gur príomhtheicneolaíocht é an criptiú chun athléimneacht agus ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach agus chun acmhainneacht oibríochtúil a fhorbairt chun cibirionsaithe a chosc. Go deimhin, is rud fíor-riachtanach é an criptiú don saol digiteach chun córais agus idirbhearta digiteacha a dhaingniú, chun sraith de chearta bunúsacha a chosaint agus chun cumais chosanta a dhaingniú freisin. An rás atá á shaothrú ag tíortha agus ag eintitis phríobháideacha éagsúla chun cumais ríomhaireachta candamaí a fhorbairt, agus chun deiseanna nua a d’fhéadfadh a bheith tairbhiúil a chur ar fáil, is rás é a bhfuil bagairtí ann do na caighdeáin chripteagrafacha atá ann faoi láthair. Tá ról lárnach ag na caighdeáin sin maidir le rúndacht agus sláine sonraí agus cosaint cumarsáide íogaire a áirithiú, agus maidir le tacaíocht a thabhairt d’eilimintí riachtanacha de shlándáil líonra.

(3)

Mar gheall ar an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar ríomhairí candamacha, ar ríomhairí iad a d’fhéadfadh criptiú an lae inniu a fhuascailt, is gá don Eoraip coimircí is láidre a lorg, lena n-áiritheofar cosaint na cumarsáide íogaire agus lena n-áiritheofar sláine fhadtéarmach na faisnéise rúnda, i.e., trí aistriú chuig an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach a luaithe is féidir. Leis an gcineál nua cripteagrafaíochta sin, cuirfear deireadh le leochaileachtaí aitheanta na cripteagrafaíochta neamhshiméadraí atá ann faoi láthair agus feabhsófar an stóinseacht in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le húsáid mhailíseach ríomhairí candamacha.

(4)

Tá an Coimisiún ag cistiú taighde agus forbairt maidir leis an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach le breis agus 10 mbliana, agus aithníonn sé an bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag an ríomhaireacht chandamach don chripteagrafaíocht eochrach poiblí atá ann faoi láthair.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart na bonneagair agus na seirbhísí digiteacha atá acu faoi láthair le haghaidh údaráis riaracháin phoiblí agus bonneagair chriticiúla eile a aistriú chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach a luaithe is féidir, rud a spreagfadh athrú bunúsach in algartaim, i bprótacail agus i gcórais chripteagrafacha. Mar a cuireadh i dtábhacht leis an bPáipéar Bán ón gCoimisiún le déanaí dá ngairtear ‘Conas máistreacht a fháil ar riachtanais bhonneagar digiteach na hEorpa’, ní mór iarracht chomhordaithe a dhéanamh, iarracht ina mbeidh páirt ag gníomhaireachtaí rialtais, comhlachtaí um chaighdeánú, páirtithe leasmhara tionscail, taighdeoirí agus gairmithe cibearshlándála.

(6)

Leis an Moladh seo ón gCoimisiún, moltar do na Ballstáit straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun an Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach a ghlacadh, chun aistriú comhordaithe sioncronaithe a áirithiú i measc na mBallstát éagsúil agus a n-earnálacha poiblí. Leis an straitéis ba cheart spriocanna, garspriocanna agus amlínte soiléire a shainiú sa riocht go mbeidh sainmhíniú ar Threochlár comhpháirteach um Chur Chun Feidhme na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí. Dá réir sin, ba cheart go gcuirfí teicneolaíochtaí Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí in úsáid ar fud an Aontais i gcórais riaracháin phoiblí agus i mbonneagair chriticiúla atá ann cheana trí bhíthin scéimeanna hibrideacha a d’fhéadfadh an Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach a chomhcheangal le cineálacha cur chuige atá ann cheana i leith na cripteagrafaíochta nó le Dáileadh Candamach Eochracha.

(7)

Ar mhaithe le haistriú éifeachtach chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach, leis an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí ba cheart liosta na ngníomhaíochtaí a dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh orthu a sholáthar, lena n-áirítear breithniú ar na halgartaim Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí, mar aon le hamlíne shoiléir le haghaidh céimeanna agus garspriocanna éagsúla atá le baint amach, agus a n-idirspleáchas, chomh maith leis na páirtithe leasmhara a bheidh rannpháirteach, á gcur san áireamh.

(8)

Chun an Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach a chur chun feidhme go comhchuibhithe ar fud an Aontais, tá sé fíor-riachtanach caighdeáin Eorpacha choiteanna a fhorbairt agus creat a fhorbairt chun algartaim Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a shainaithint agus a roghnú lena n-úsáid sna líonraí agus sna seirbhísí digiteacha ar fud an Aontais. Le rannpháirtíocht ghníomhach na dtaighdeoirí a fhaigheann cistiú ón Aontas, tá an tAontas ag tacú cheana féin le forbairt agus le tástáil iarrthóirí algartaim na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí i gcomhair caighdeáin i bpróisis roghnúcháin idirnáisiúnta na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí. Leis an Moladh seo ón gCoimisiún, moltar do na Ballstáit a bheith ag obair go dlúth ar leibhéal an Aontais le saineolaithe cibearshlándála an Aontais, leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), maidir le halgartaim iomchuí na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a mheas agus a roghnú agus maidir lena nglacadh ina gcaighdeáin AE i gcomhair cur chun feidhme comhchuibhithe ar fud an Aontais.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint de bheith ag oibriú go gníomhach i gcomhar lena gcomhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt sa Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach d’fhonn idir-inoibritheacht na cumarsáide a áirithiú amach anseo.

(10)

Nuair a chomhaontóidh na Ballstáit an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí, ba cheart é a bheith ina threoirphlean chun na pleananna náisiúnta aistrithe i dtreo Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach a shainiú, nó, i gcás inarb ann do phleananna náisiúnta, ba cheart é a bheith ina threoirphlean chun na pleananna sin a ailíniú leis an Treochlár comhchoiteann um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí.

(11)

Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn i dtaca le cuspóirí an Mholta seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhreagairt ar an Moladh. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, an fhaisnéis ábhartha uile ar féidir coinne a bheith ann go réasúnta go soláthróidh siad í, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, arna iarraidh sin dó, chun faireachán den sórt sin a áirithiú. Ar bhonn na faisnéise a gheofar ar an gcaoi sin agus ar bhonn gach faisnéise eile atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí an Mholta seo agus cinnfidh sé an bhfuil gá le céimeanna breise, lena n-áirítear gníomhartha ceangailteacha de dhlí an Aontais a mholadh.

(12)

Leis an Moladh seo maidir leis an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach, cuirtear leis na cuspóirí beartais a leagtar amach i Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar an tslándáil sonraí ó cheann go ceann agus ar an athléimneacht atá i mbonneagair agus i seirbhísí digiteacha an Aontais le haghaidh údaráis riaracháin phoiblí agus bonneagair chriticiúla eile; fónann sé do chuspóirí an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, agus do chuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch 10919/23 (6); agus breithníonn sé na rioscaí do shlándáil fhisiceach agus do chibearshlándáil na mbonneagar criticiúil, chomh maith leis na rioscaí a sainaithníodh faoin measúnú riosca a rinneadh le déanaí ar theicneolaíochtaí candamacha (7). Urramaíonn sé na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a shainaithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Airteagail 7, 8, agus 11) agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (Airteagail 8 agus 10), ar téacsanna iad lena dtugtar le fios go bhfuil oibleagáidí dearfacha ar rialtais íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeifear in ann faisnéis a rochtain agus a rialú go neamhdhleathach, rud a fhágann gur gá teicneolaíochtaí cripteagrafacha a chosaint agus a chur chun cinn.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH

1.   RAON FEIDHME AGUS CUSPÓIRÍ

Is é is cuspóir don Mholadh seo an t-aistriú chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach a chothú chun bonneagair agus seirbhísí digiteacha le haghaidh údaráis riaracháin phoiblí agus bonneagair chriticiúla eile san Aontas a chosaint trína chur ar a gcumas do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

‘Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí’ a shainiú lena ndírítear ar shioncronú a dhéanamh ar iarrachtaí na mBallstát maidir le pleananna náisiúnta aistrithe a cheapadh agus a chur chun feidhme agus idir-inoibritheacht trasteorann á háirithiú ag an am céanna;

(2)

tacú le halgartaim AE ábhartha na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a mheas agus a roghnú le cuidiú ó shaineolaithe cibearshlándála, agus tacú le glacadh breise na n-algartam sin ina gcaighdeáin de chuid an Aontais, arb algartaim iad ba cheart a chur chun feidhme ar fud an Aontais mar chuid den Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí.

(3)

bearta iomchuí comhréireacha a dhéanamh chun ullmhú don aistriú sin.

2.   TREOCHLÁR UM CHUR CHUN FEIDHME COMHORDAITHE LENA dTUGTAR AGHAIDH AR AN AISTRIÚ CHUIG CRIPTEAGRAFAÍOCHT IAR-CHANDAMACH

(4)

Leis an Moladh seo, moltar do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú ar leibhéal an Aontais trí bhíthin fóram tiomnaithe de chuid na mBallstát. Chun na críche sin, molann an Coimisiún do na Ballstáit leas a bhaint as na struchtúir atá ann cheana ar leibhéal an Aontais i réimse na cibearshlándála agus foghrúpa den Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise a bhunú. D’fhéadfadh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí slándála náisiúnta agus saineolaithe cibearshlándála, go háirithe ó údaráis náisiúnta chibearshlándála agus ó ENISA, a bheith ar an bhfoghrúpa sin. Féadfaidh an foghrúpa cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó pháirtithe leasmhara ábhartha chun bheith rannpháirteach ina chuid oibre amhail ionadaithe agus páirtithe leasmhara ó chomhlachtaí comhairleacha eagraíochtaí poiblí, ón earnáil tionsclaíochta, ó sholáthraithe seirbhíse, agus ó oibreoirí, d’fhonn ionchur a bhailiú agus faisnéis a mhalartú maidir le haistriú bonneagar agus seirbhísí digiteacha le haghaidh údaráis riaracháin phoiblí agus bonneagar criticiúil eile chuig an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach in earnálacha éagsúla, d’fhonn a n-iarrachtaí a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta, agus d’fhonn an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a fhorbairt, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais agus le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(5)

Ba cheart don fhoghrúpa sin um Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí, éifeachtacha agus comhréireacha chun forbairt an Treochláir um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a shainiú agus a chomhordú. Moltar don fhoghrúpa um Chripteagrafaíocht Iar-Chandamach dul i mbun plé le comhlachtaí ábhartha eile, amhail Europol, ECAT, nó comhlachtaí eile, chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint agus chun cur chuige comhtháite a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

(6)

Chuige sin, go luath tar éis fhoilsiú an Mholta seo, iarrtar ar na Ballstáit foghrúpa den sórt sin maidir leis an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach a bhunú de bhun chinneadh cur chun feidhme (AE) 2017/179 ón gCoimisiún (8) agus iarrtar orthu freisin sainionadaithe a cheapadh ar cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus ar cheart é a chur de chúram orthu an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a shainiú agus a fhorbairt.

(7)

Ba cheart an Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí a bheith ar fáil tar éis tréimhse 2 bhliain tar éis fhoilsiú an Mholta seo, agus, ina dhiaidh sin, déanfar pleananna aistrithe na mBallstát aonair maidir leis an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach a fhorbairt agus a oiriúnú a thuilleadh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí.

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS

(8)

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú tréimhsiúil ar an obair fhoriomlán i gcomhar le sainionadaithe na mBallstát.

(9)

Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ionadaithe na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile a chur isteach, ar faisnéis í ar féidir coinne a bheith ann go réasúnta go soláthróidh siad í, chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an dul chun cinn atá déanta maidir le dréachtú Treochláir den sórt sin um Chur Chun Feidhme Comhordaithe na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí agus ar éifeachtacht na mbeart sin.

(10)

Ar bhonn na faisnéise sin agus na faisnéise uile eile atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta arna gceapadh agus ar oibriú líonra ionadaithe na mBallstát agus cinnfidh sé an bhfuil gá le gníomhaíochtaí breise, lena n-áirítear gníomhartha ceangailteacha de dhlí an Aontais a mholadh.

4.   ATHBHREITHNIÚ

(11)

Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar leis an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an Mholta seo faoi 3 bliana ar a mhéid tar éis a fhoilsithe, d’fhonn bealaí iomchuí chun cinn a chinneadh. Leis an measúnú sin, ba cheart an toradh ar obair fhoghrúpa na saineolaithe náisiúnta um an gCripteagrafaíocht Iar-Chandamach a chur san áireamh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 80.

(2)  COM(2020) 67 final

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(4)  COM(2020) 605 final

(5)  JOIN(2020) 18 final

(6)   https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10919-2023-INIT/ga/pdf

(7)  JOIN(2023) 20 final

(8)   IO L 28, 2.2.2017, lch. 73.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1101/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)