|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1091 |
16.5.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 252/2023
an 27 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1091]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/255 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 maidir le húdarú naraingine mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch a athnuachan agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2012 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/256 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 maidir le hullmhóid Limosilactobacillus reuteri DSM 32203 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus ullmhóid Limosilactobacillus reuteri DSM 32264 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat (sealbhóir an údaraithe: NBF Lanes s.r.l.) (2) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/257 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1412 maidir le bláthola ylang ylang as Cananga odorata (Lam) Hook f. & Thomson a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/263 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2023 maidir le cré shéipiailíteach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantaigh dhéiríochta, Suidae scoite agus Suidae lena ramhrú, salmainidí agus sicíní lena ramhrú (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/255 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2012 (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(6) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 494 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/669 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Scriostar téacs phointe 71 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2012 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/255, (AE) 2023/256, (AE) 2023/257 agus (AE) 2023/263 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 35, 7.2.2023, lch. 11.
(2) IO L 35, 7.2.2023, lch. 15.
(3) IO L 35, 7.2.2023, lch. 19.
(4) IO L 37, 8.2.2023, lch. 1.
(5) IO L 257, 25.9.2012, lch. 10.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1091/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)