European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1089

16.5.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 249/2023

an 27 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1089]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1071 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 13r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 1071: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1071 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 (IO L 143, 2.6.2023, lch. 105).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1071 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 143, 2.6.2023, lch. 105.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1089/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)