|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1081 |
13.5.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1081 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Bealtaine 2024
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Danmhairgise, Slóivéinise agus Slóvaicise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, tá earráidí ar fud na hIarscríbhinne sin a mhéid a bhaineann le dátaí chur i bhfeidhm na mbeart. Athraíonn na hearráidí sin brí na bhforálacha. |
|
(2) |
Sna leaganacha Slóivéinise agus Slóvaicise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, tá earráidí i roinnt áiteanna san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann le sainaithint na dtáirgí feola. Athraíonn na hearráidí sin brí na bhforálacha. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Danmhairgise, Slóivéinise agus Slóvaicise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(4) |
Tugadh na hearráidí sin isteach le Rialachán (AE) 2023/2108 ón gCoimisiún (3). Dá bhrí sin, ar bhonn na gcumhachtaí a bhronnann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú in Airteagal 10(3) den Rialachán sin, glacann an Coimisiún an gníomh ceartúcháin sin. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) 2023/2108, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.
(3) Rialachán (AE) 2023/2108 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na breiseáin bhia nítrítí (E 249-250) agus níotráití (E 251-252) (IO L, 2023/2108, 9.10.2023) http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2108/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1081/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)