|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1078 |
16.4.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1078 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh asocsastróibine, floiniocaimíde, isifeitimíde, meifeintriofluconasóil, meatasaclóir, pirimeatanaile agus gaineamh grianchloiche i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5 agus Airteagal 14(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás na substaintí gníomhacha asocsastróibin, floiniocaimíd, isifeitimíd, meifeintriofluconasól, meatasaclóir agus pirimeatanail, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Áiríodh gaineamh grianchloiche go sealadach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
A mhéid a bhaineann le hasocsastróibin, cuireadh isteach iarratas de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar an MRL atá ann cheana a mhodhnú le haghaidh leannlusanna. A mhéid a bhaineann le floiniocaimíd, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh cabáistí Síneacha, cáil agus cálráibí. A mhéid a bhaineann le hisifeitimíd, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh leitísí agus plandaí sailéid (seachas leitísí). A mhéid a bhaineann le meifeintriofluconasól, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh torthaí citris, cnónna coill, cnónna pistéise, sútha talún, torthaí beaga eile agus caora eile, ológa boird, dátphlumaí Seapánacha, glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra, trátaí, piobar, ubhthorthaí, guird a bhfuil craiceann inite acu, guird a bhfuil craiceann do-ite acu, praiseach bhlátha, bachlóga Bruiséile, cabáistí cinn, roicéad Rómánach/rucola, barra duilleog óga, spionáistí, luibheanna agus bláthanna inite, pónairí (gan faighneoga), piseanna (gan faighneoga), cardún, soilirí, finéal Fhlórans, bliosáin chruinne, biabhóige, piseánach, ros lín, síolta poipín, pónairí soighe, síolta mustaird, síolta caimilín, ológa le haghaidh táirgeadh ola, leannlusanna, ae mucra agus ‘mucra, eile’. A mhéid a bhaineann le meatasaclór, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh cainneanna agus meala. A mhéid a bhaineann le pirimeatanail, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh fíonchaora boird, gairleoige agus meala. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le pirimeatanail, chuir an t-iarratasóir faisnéis isteach nach raibh ar fáil roimhe seo le linn an athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le modhanna anailíse le haghaidh meala. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta. Rinne sé scrúdú faoi leith ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe uaidh faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le floiniocaimíd i bpraiseach dhuilleach, ós rud é gurb iomchuí eachtarshuí a dhéanamh ó na trialacha ar iarmhair arna ndéanamh ar cháil go ‘praiseach dhuilleach, eile’, faoi mar a dheimhnítear le treoirlínte teicniúla maidir le heachtarshuíomh MRLanna (3), ní gá iarraidh ar an Údarás tuairim réasúnaithe a sholáthar maidir leis na barra sin go sonrach. Dá bhrí sin, is iomchuí an MRL le haghaidh floiniocaimíde i ‘bpraiseach dhuilleach, eile’ a shocrú ag 0,5 mg/kg ar bhonn na dtrialacha iarmhair arna ndéanamh ar cháil. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le meifeintriofluconasól i lintilí, lúipíní/pónairí lúipíní agus ‘piseánaigh, eile’, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh maidir le cé acu MRL nua a bhunú ag an leibhéal 0,2 mg/kg, arna ríomh ag an Údarás ar bhonn an mheasúnaithe ar na trialacha ar iarmhair arna ndéanamh ar phiseanna tirime, nó ag an leibhéal 0,15 mg/kg, arna ríomh ag an Údarás ar bhonn an mheasúnaithe comhcheangailte ar na trialacha ar iarmhair ar phónairí tirime agus piseanna tirime. Ós rud é gur tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbeadh an dá theorainn sábháilte do thomhaltóirí, agus chun a áirithiú go gcumhdófar go hiontaofa leis an MRL atá beartaithe na húsáidí i gcomhréir le Dea-Chleachtais Talmhaíochta le haghaidh piseanna, is iomchuí na MRLanna le haghaidh meifeintreafluconasóil i lintilí, lúipíní/pónairí lúipíní, pónairí agus ‘piseánaigh, eile’ a shocrú ag an leibhéal níos airde 0,2 mg/kg. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann le meifeintriofluconasól, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nár leor na sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach maidir le cnónna coill, pónairí agus pónairí soighe chun MRLanna nua a shocrú. Dá bhrí sin, ní mholtar aon mhodhnú ar na MRLanna sin. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis nach raibh ar fáil roimhe a chuir an t-iarratasóir isteach maidir le modhanna anailíse le haghaidh pirimeatanaile i mil, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an modh nua a soláthraíodh bailíochtaithe go leordhóthanach. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas faisnéis bhreise a chur isteach maidir le modhanna anailíse le haghaidh pirimeatanaile i mil a scriosadh ó Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na modhnuithe uile eile ar MRLanna le haghaidh asocsastróibine, floiniocaimíde, isifeitimíde, meifeintriofluconasóil, meatasaclóir agus pirimeatanaile a d’iarr na hiarratasóirí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais sonraí uile agus go raibh na modhnuithe sin inghlactha maidir le sábháilteacht tomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí maidir le hairíonna tocsaineolaíocha na substaintí sin. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia uile a bhféadfadh siad a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, léirítear nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha. |
|
(10) |
Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, thángthas ar an gconclúid go bhfuil na modhnuithe atá beartaithe ar na MRLanna inghlactha. |
|
(11) |
Liostaíodh gaineamh grianchloiche go sealadach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 go dtí go gcuirfí meastóireacht air i gcrích, bíodh sí sin faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle (4) nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go dtí go ndéanfaí athbhreithniú ar MRLanna le haghaidh na substainte gníomhaí sin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcomhthéacs iarratais a rinneadh ar athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’eisigh an tÚdarás conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar ghaineamh grianchloiche (6). Ar bhonn na conclúide sin, níl aon MRL ag teastáil le haghaidh gaineamh grianchloiche. Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint sin a choimeád in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus an fonóta lena dtagraítear dá chuimsiú sealadach a scriosadh. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar an uasleibhéal iarmhar atá ann cheana le haghaidh asocsastróibine i leannlusanna. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–25. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8124.
EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar an uasleibhéal iarmhar atá ann cheana le haghaidh floiniocaimíde i gcáil, cabáistí Síneacha agus cálráibí. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–31. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8202.
EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar an uasleibhéal iarmhar atá ann cheana le haghaidh isifeitimíde i bplandaí sailéid áirithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–27. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8206.
EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh meifeintriofluconasóil i dtráchtearraí áirithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(9), 1–139. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8237.
EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh meatasaclóir i gcainneanna agus mil. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–27. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8220.
EFSA, 2023. Modhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh pirimeatanaile i bhfíonchaora boird, gairleog agus mil. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(8), 1–30. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8195.
(3) Technical guidelines on data requirements for setting maximum residue levels, comparability of residue trials and extrapolation of residue data on products from plant and animal origin [Treoirlínte teicniúla maidir le ceanglais sonraí chun uasleibhéil iarmhar a shocrú, inchomparáideacht trialacha iarmhar agus eachtarshuíomh sonraí faoi iarmhair i ndáil le táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch] (SANTE/2019/12752 – an 10 Bealtaine 2023).
(4) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
(6) Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí gaineamh grianchloiche. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(9):7552. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7552
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh asocsastróibine, floiniocaimíde, isifeitimíde, meifeintriofluconasóil, meatasaclóir agus pirimeatanaile: Iarscríbhinn II Iarmhair lotnaidicíde agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(*1) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1078/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)