European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1063

5.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1063 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2024

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Ghána

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit an Aontais gníomhaíochtaí faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá dálaí slándála ag dul in olcas i réigiúin thuaidh thíortha cósta Mhurascaill na Guine (Gána, an Cósta Eabhair, Beinin, agus Tóga) de dheasca na géarchéime atá ag déanamh difear do lár na Saiheile.

(3)

I bhfianaise dálaí slándála a bheith ag dul in olcas, is gné thábhachtach chun iarrachtaí cobhsaíochta a chumasú agus a thacú i nGána é go ndéanfaí na fórsaí cosanta agus slándála a neartú. Sa chomhthéacs sin, agus é go hiomlán ar an eolas go bhfuil gá le freagairt chomhtháite sa chás seo, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach i nGána a áirithiú.

(4)

An 10 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1440 (2) maidir le beart cúnaimh faoin SES feabhas a chur ar chumas Fhórsaí Armtha Ghána chun iomláine chríochach agus ceannasacht Ghána agus a phobal sibhialta a chosaint ar fhogha inmheánach agus seachtrach agus rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht laistigh den réigiún.

(5)

An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1599 (3) lenar bunaíodh Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh (‘an Tionscnamh’) faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine, eadhon Gána agus Beinin.. Is é cuspóir straitéiseach an Tionscnaimh cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina mbunaítear é chun cumais leordhóthanacha a fhorbairt laistigh dá bhfórsaí slándála agus cosanta chun an brú a chuireann grúpaí armtha sceimhlitheoireachta a shrianadh agus chun freagairt dó.

(6)

An 12 Nollaig 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) iarraidh ó Ghána ar chúnamh breise ón Aontas d’Fhórsaí Armtha Ghána trealamh bunriachtanach a sholáthar le cumais oibríochtúla na n-aonad míleata a imscartar i dtuaisceart na tíre a neartú chun grúpaí armtha a chomhrac, chun frithghníomhú i gcoinne deiseanna ionsaithe sceimhlitheoireachta na ngrúpaí sin a dhéanamh agus chun na deiseanna sin a laghdú.

(7)

Tá na bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES (4), ón gComhairle, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

(8)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóir, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Ghána (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh feabhas a chur ar chumas Fhórsaí Armtha Ghána chun iomláine chríochach agus ceannasacht Ghána agus a phobal sibhialta a chosaint ar fhogha inmheánach agus seachtrach agus rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht laistigh den réigiún.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, agus na seirbhísí seo a leanas:

a)

trealamh leighis;

b)

trealamh innealtóireachta míleata;

c)

gníomhaíochtaí oideachais spriocdhírithe i réimse na faisnéise ar lóistíocht mhíleata;

d)

trealamh faisnéise cosanta;

e)

córais cogaíochta leictreonaí;

f)

trealamh diúscartha ordanáis phléascaigh.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh 36 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 25 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha Ghána dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é an riarthóir um bearta cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme, trí shocrú riaracháin leis an Economat des Armées i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Fairfidh an tArdionadaí go mbeidh na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus cuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Ghána dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh arna sholáthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na míreanna ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ar an mbeart cúnaimh a thabhairt chun críche chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a luaitear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha do CPS gach 6 mhí maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta i ndáil le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh freisin.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1440 ón gComhairle an 10 Iúil 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Ghána (IO L 176, 11.7.2023, lch. 28).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25).

(4)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1063/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)