European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1052

11.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1052 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Aibreán 2024

lena n-údaraítear monaihiodráit chailcidióil a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 16 Bealtaine 2018, chuir an chuideachta DSM Nutritional Products Ltd., Inc. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun monaihiodráit chailcidióil a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí monaihiodráit chailcidióil mar bhia núíosach i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar forbhianna iad atá beartaithe don phobal i gcoitinne os cionn 3 bliana d’aois. Moladh an bia núíosach a úsáid i bhforbhianna ag leibhéil suas le 10 μg/lá do dhaoine os cionn 11 bhliain d’aois agus ag leibhéil suas le 5 μg/lá do leanaí idir 3 agus 10 mbliana d’aois. D’iarr an t-iarratasóir freisin go gcuirfí monaihiodráit chailcidióil leis an liosta d’fhoirmeacha vitimín D a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE mar fhoirm vitimín D.

(4)

An 16 Bealtaine 2018 rinne an t-iarratasóir iarratas ar an gCoimisiún ar chosaint na sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt staidéar a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin máistirshonraí le haghaidh cailcidióil (4); comparáid de thiúchan 25(OH)D i séiream/plásma an duine tar éis forbhianna de chailcifidiól nó de cholacailciféaról a chaitheamh de bhéal (5); an mheitibileacht chomparáideach de [14C]-cailcifidiól agus [14C]-colacailciféaról tar éis iad a thabhairt de bhéal arís agus arís eile i gcás francach Han Wistar fireannach slán (6); an mheitibileacht chomparáideach de [14C]-cailcidiól agus [14C]-colacailciféaról tar éis iad a thabhairt de bhéal uair amháin i gcás francach Han Wistar trí channúlú sa ducht domlais (7); cailcidiól: staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh (8); tástáil in-vitro ar ghreannú an chraicinn le DSMO47J 17 ar shamhail craiceann daonna (9); meastóireacht ar a ghuaisí a d’fhéadfadh DSMO47J 17 a bheith don tsúil trí úsáid a bhaint as an tástáil ar thréscaoilteacht agus teimhneacht coirní bhólachta (10); meastóireacht ar ghníomhaíocht shó-ghineach D5M0471 17 i dtástáil sócháin gaiméite in vitro i mamaigh le cealla liomfóma luiche L5178Y (11); measúnú ar íogrú craicinn do DSMO471J7 i lucha (Measúnacht ar Nód Logánta Limfe) - tástáil réamhscagtha (12); tástáil micreanúicléis i gcealla smeara cnáimhe an fhrancaigh le DSM047117 (13); measúnacht ais-sócháin Salmonella typhimurium agus Escherichia coli (14); tástáil shaobhadh crómasóim in vitro i limficítí daonna le cailcidiól (15); staidéar tocsaineachta 90 lá le DSM0471 17 trí é a thabhairt trí mheán chothaithe an fhrancaigh agus tréimhse téarnaimh 28 lá ina dhiaidh sin (16); staidéar tocsaineachta béil 3 mhí le Rovimix® D3-500 trí é a thabhairt trí mheán chothaithe i gcás francaigh Wistar agus tréimhse téarnaimh 4 seachtaine ina dhiaidh sin (17); staidéar ar an raon dáileoige i ndaoine aosta nach bhfuil lag agus daoine aosta laga nó atá ag éirí lag chun vitimín D 25(OH) a thomhas tar éis forlíonadh le cailcidiól 25 SD/S HY.D agus vitimín D3 (18); freagairt shéiream 25-hidreacsavitimín D ar dháileoga éagsúla chailcifidiól 0.25 SD/S i gcomparáid le forlíonadh vitimín D3: staidéar cógaschinéiteach randamach, dall dúbailte, rialaithe, fadtéarmach (19); tuarascáil ar mhéid-dáileachán na gcáithníní agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis (20).

(5)

An 14 Nollaig 2018 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar mhonaihiodráit chailcidióil mar bhia núíosach. D’iarr an Coimisiún ar an Údarás freisin meastóireacht a dhéanamh, tar éis thoradh an mheasúnaithe ar an mbia núíosach, ar shábháilteacht agus bith-infhaighteacht an bhia núíosaigh nuair a chuirtear chun críocha cothaitheacha é le forbhianna mar fhoinse vitimín D.

(6)

An 25 Bealtaine 2021 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh dar teideal ‘Safety of calcidiol monohydrate produced by chemical synthesis as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ [Sábháilteacht monaihiodráite cailcidióil, arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach, mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] (21) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil monaihiodráit chailcidióil sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe ar leibhéil úsáide suas le 10 μg/lá don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí faoi bhun 11 bhliain d’aois. I gcás leanaí ó 3 go 10 mbliana d’aois, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbainfí an t-uasleibhéal iontógála infhulaingthe (UL) amach le haghaidh vitimín D (D2 agus D3) le hiontógáil an bhia núíosaigh (5 μg/lá) agus le cailcidóil ón aiste bia ginearálta in éineacht le hiontógáil ghinearálta vitimín D. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an bia núíosach beartaithe lena úsáid mar ullmhóid ina bhfuil 0,25 % go 0,275 % w/w de chailcidiól, d’fhéadfaí an t-uasleibhéal iontógála infhulaingthe do leanaí den aois sin a shárú. I bhfianaise na n-éiginnteachtaí, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht thomhailt an bhia núíosaigh do leanaí ó 3 go 10 mbliana d’aois ag an iontógáil laethúil atá beartaithe.

(8)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur foinse bhith-infhaighte é an bia núíosach den fhoirm bhithghníomhach de vitimín D (1,25-déhiodrocsai-vitimín D). Maidir leis an measúnú sábháilteachta, ghlac an tÚdarás cur chuige coimeádach maidir leis an ríomh teoiriciúil agus d’úsáid sé fachtóir 5 arna shocrú ag an bPainéal maidir le Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBeatha Ainmhithe chun cailcidiól a thiontú go vitimín D. Thug an tÚdarás dá aire freisin, áfach, maidir le hathbhreithniú córasach ar shonraí chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá cailcidiól de bhéal níos bith-infhaighte ná vitimín D3 de bhéal i ngach grúpa daonra agus sa chomhthéacs cothaithe, bhí sé lasmuigh de shainchúram na tuairime sin agus níor ceadaíodh leis na sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil an cheist sin a fhreagairt maidir leis an iontógáil laethúil de 5 nó 10 μg/lá atá beartaithe.

(9)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE liostaítear substaintí is féidir a úsáid mar fhoirmeacha vitimíní agus mianraí i monarú forbhianna. Le hAirteagal 6(3) den Treoir sin, déantar foráil go ndéanfar líon na gcothaitheach nó líon na substaintí a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu sa táirge a dhearbhú ar an lipéadú i bhfoirm uimhriúil. Tá imní curtha in iúl ag na Ballstáit go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlíonadh Airteagal 6(3) de Threoir 2002/46/CE a fhorfheidhmiú in éagmais fachtóir coinbhéartachta lena gceadófaí méid na monaihiodráite cailcidióil a thiontú go vitimín D3. Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus le Treoir 2002/46/CE araon go ndéanfar an fhaisnéis maidir le vitimíní agus mianraí i dtáirge a shloinneadh mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha laethúla. In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, liostaítear na hiontógálacha tagartha laethúla sin, lena n-áirítear an iontógáil le haghaidh vitimín D, gan foráil a dhéanamh maidir le fachtóir coinbhéartachta lena bhféadfaí an méid monaihiodráite cailcidióil a thiontú go vitimín D. Dá bhrí sin, an 25 Feabhra 2022 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá monaihiodráit chailcidióil bith-infhaighte i gcomparáid le vitimín D3 dúchasach, chomh maith le fachtóir coinbhéartachta a dhíorthú lenar féidir dearbhmhéideanna na foirme cothaithí sin a thiontú go vitimín D3.

(10)

An 5 Iúil 2023 ghlac an tÚdarás an ‘Tuairim eolaíoch maidir leis an uasleibhéal iontógála infhulaingthe le haghaidh vitimín D, lena n-áirítear fachtóir coinbhéartachta a dhíorthú le haghaidh monaihiodráit chailcidióil’ (23). Bhain an tuairim le measúnú nochta nuashonraithe le haghaidh vitimín D agus moladh inti fachtóir 2.5. maidir le monaihiodráit chailcidióil a thiontú go vitimín D3 chun críoch lipéadaithe agus le haghaidh dáileog suas le 10 μg/lá.

(11)

Tar éis dó an tuairim sin a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), d’iarr an Coimisiún ar an Údarás cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar a mhéid a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar mhonaihiodráit chailcidióil mar bhia núíosach, go háirithe chun athmhachnamh a dhéanamh ar thoradh na tuairime maidir le sábháilteacht monaihiodráite cailcidióil.

(12)

An 25 Eanáir 2024 d’fhoilsigh an tÚdarás an tuarascáil eolaíoch agus theicniúil ‘Cúnamh eolaíoch agus teicniúil chun meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht monaihiodráite cailcidióil mar bhia núíosach’ (25).

(13)

Sa tuarascáil uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse bhith-infhaighte de mheitibilít vitimín D (1,25-déhiodrocsaivitimín D) é an bia núíosach monaihiodráit chailcidóil atá beartaithe lena úsáid i bhforbhianna agus go léirítear le fachtóir coinbhéartachta 2.5 bith-infhaighteacht choibhneasta monaihiodráite cailcidióil i gcomparáid le vitimín D3 faoi na coinníollacha úsáide agus na leibhéil úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an bia núíosach monaihiodráit chailcidióil atá beartaithe lena úsáid i bhforbhianna sábháilte faoi na coinníollacha úsáide agus na leibhéil úsáide atá beartaithe (suas le 10 μg/lá) do leanaí ó 11 bhliain d’aois agus do dhaoine fásta, lena n-áirítear mná torracha agus mná atá ag lachtadh, agus faoi na coinníollacha úsáide agus na leibhéil úsáide atá beartaithe (suas le 5 μg/lá) do leanaí ó 3 bliana go 10 mbliana d’aois.

(14)

Sa tuairim agus sa tuarascáil ón Údarás, tugtar forais leordhóthanacha chun a shuí go gcomhlíonann monaihiodráit chailcidióil na coinníollacha maidir lena cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear í ar leibhéil suas le 10 μg/lá i bhforbhianna atá beartaithe do leanaí ó 11 bhliain d’aois agus do dhaoine fásta, lena n-áirítear mná torracha agus mná atá ag lachtadh, agus nuair a úsáidtear í ar leibhéil suas le 5 μg/lá i bhforbhianna atá beartaithe do leanaí ó 3 bliana agus 10 mbliana d’aois.

(15)

Sa tuairim eolaíoch uaidh in 2021, thug an tÚdarás dá aire go n-úsáidtear ‘cailcifidiól’ (cailcidiól) san Aontas mar tháirge íocshláinte don duine, arna fhormheas sna Ballstáit agus i roinnt tíortha lasmuigh den Aontas. Bíonn feidhm ag Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) i gcás ina dtagann táirge, agus a airíonna uile á gcur san áireamh, faoin sainmhíniú ‘táirge íocshláinte’ mar a leagtar síos in Airteagal 1(2) den Treoir sin agus faoin sainmhíniú ‘bia’ a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/2283 araon. I dtaca leis sin, i gcás ina suíonn Ballstát i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE gur táirge míochaine é táirge, féadfaidh sé srian a chur ar an táirge sin a bheith á chur ar an margadh mar bhia, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(16)

Sa tuairim eolaíoch uaidh in 2021, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar shonraí eolaíocha ó na máistirshonraí agus ó shonraíochtaí an táirge, na staidéir ar ionsú, dáileadh, meitibileacht agus eisfhearadh (staidéir ADME), na staidéir thocsaineachta, na staidéir ar an duine agus na tuarascálacha anailíseacha, lena n-áirítear na hiarscríbhinní, agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(17)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a soláthraíodh i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(18)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige ar na staidéir uile a cuireadh isteach, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(19)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na máistirshonraí le haghaidh cailcidióil; an chomparáid de thiúchan 25(OH)D i séiream/plásma an duine tar éis forbhianna de chailcifidiól nó de cholacailciféaról a chaitheamh de bhéal; an mheitibileacht chomparáideach de [14C]-cailcifidiól agus [14C]-colacailciféaról tar éis iad a thabhairt de bhéal arís agus arís eile i gcás francach Han Wistar fireannach slán; an mheitibileacht chomparáideach de [14C]-cailcifidiól agus [14C]-colacailciféaról tar éis iad a thabhairt de bhéal uair amháin i gcás francach Han Wistar trí channúlú sa ducht domlais; an staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh; an mheastóireacht ar ghníomhaíocht shó-ghineach D5M0471 17 i dtástáil sócháin gaiméite in vitro i mamaigh le cealla liomfóma luiche L5178Y; an tástáil micreanúicléis i gcealla smeara cnáimhe an fhrancaigh le DSM047117; measúnacht ais-sócháin Salmonella typhimurium agus Escherichia coli; an tástáil shaobhadh crómasóim in vitro i limficítí daonna le cailcidiól; an staidéar tocsaineachta 90 lá le DSM0471 17 trí é a thabhairt trí mheán cothaithe i gcás an fhrancaigh agus tréimhse téarnaimh 28 lá ina dhiaidh sin; an staidéar tocsaineachta béil 3 mhí le Rovimix® D3-500 trí é a thabhairt trí mheán cothaithe i gcás francaigh Wistar agus tréimhse téarnaimh 4 seachtaine ina dhiaidh sin; an staidéar ar an raon dáileoige i ndaoine aosta nach bhfuil lag agus daoine aosta laga nó atá ag éirí lag chun vitimín D 25(OH) a thomhas tar éis forlíonadh le cailcifidiól 25 SD/S HY.D agus vitimín D3; freagairt shéiream 25-hidreacsavitimín D ar dháileoga éagsúla cailcifidióil 0.25 SD/S i gcomparáid le forlíonadh vitimín D3: staidéar cógaschinéiteach randamach, dall dúbailte, rialaithe, fadtéarmach; tuarascáil ar mhéid-dáileachán na gcáithníní agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun monaihiodráit chailcidióil a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(20)

Mar sin féin, maidir le húdarú monaihiodráite cailcidióil agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(21)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le monaihiodráit chailcidióil mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil monaihiodráit chailcidióil, mar atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, is gá na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina leith sin trí lipéadú iomchuí faoi úsáidí forbhianna ina bhfuil monaihiodráit chailcidióil.

(22)

Ba cheart monaihiodráit chailcidióil a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Údaraítear monaihiodráit chailcidióil a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Áireofar monaihiodráit chailcidióil i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(2)   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta DSM Nutritional Products Ltd. (27) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 1 Bealtaine 2024, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíochta arna gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó DSM Nutritional Products Ltd.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó DSM Nutritional Products Ltd.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(4)  ANNEX 1_Friederich_Beck, master data calcifediol_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(5)  ANNEX 2_Beck 2016_RD 00053392_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(6)  ANNEX 3_Beck et al 2017a_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(7)  ANNEX 4_Beck et al 2017b_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(8)  ANNEX 5_Weber & Arcelin_2004b_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(9)  ANNEX 6_Remus_2016a_skin irritation_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(10)  ANNEX 7_Remus_2016b_BCOP_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(11)  ANNEX 8_Remus 2016c_MLA_ PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(12)  ANNEX 9_Remus_2016d_LLNA_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(13)  ANNEX 10_Remus 2016e_in vivo MNT_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(14)  ANNEX 11_Woehrle & Sokolowski 2013_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(15)  ANNEX 12_Weber & Schulz 2005_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(16)  ANNEX 13_Thiel et al 2014c_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(17)  ANNEX 14_Thiel et al 2007_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(18)  ANNEX 15_Wittwer 2015_D-Dose_study_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(19)  ANNEX 16_Kunz et al_2016_PROPRIETARY UNPUBLISHED DATA.pdf

(20)  Report DSM_EFSA_Calcifediol_CONF_DATA PROT_NEW_2_0121 (initial report submitted in December 2020 and further updated and replaced by a new version in January 2021) Report DSM_EFSA_Calcifediol_CONF_DATA PROT_NEW_0321; Report Annex 1_1A_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report Annex 1_1B_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report Annex 1_2A_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report Annex 1_2B_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report Annex 1_2C_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report Annex 2_CONF_DATA PROTECTED_NEW_280121; Report_Annex I_1 2_CONF_DATA PROT_202103; Report_Annex I_3_CONF_DATA PROT_202103; Report_Annex I_4_CONF_DATA PROT_202103.

(21)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6660.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún(IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).

(23)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(8):8145.

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).

(25)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8520.

(26)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj).

(27)  Seoladh: Wurmisweg 576, 4303 Kaiseraugst, an Eilvéis.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Monaihiodráit chailcidióil

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Is é ‘monaihiodráit chailcidióil (cailcifidiól) (vitimín D)’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

2.

Beidh ráiteas ar lipéadú forbhianna ina bhfuil an bia núíosach lena gcuirfear in iúl nár cheart do naíonáin ná do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois/leanaí faoi bhun 11 bhliain d’aois na forbhianna a thomhailt, ag brath ar an aoisghrúpa a bhfuil an táirge beartaithe lena aghaidh.

 

Údaraithe an 1 Bealtaine 2024. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: DSM Nutritional Products Ltd., Wurmisweg 576, 4303 Kaiseraugst, an Eilvéis. Le linn na tréimhse cosanta sonraí, is é DSM Nutritional Products Ltd. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach monaihiodráit chailcidióil a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó DSM Nutritional Products Ltd.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 1 Bealtaine 2029.’

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna do naíonáin agus leanaí óga

10 μg/lá do leanaí ó 11 bhliain d’aois agus do dhaoine fásta

5 μg/lá do leanaí idir 3 agus 10 mbliana d’aois

(2)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

Monaihiodráit chailcidióil

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é monaihiodráit chailcidióil an bia núíosach (monaihiodráit 25-hiodrocsacolacailciféaróil). Sa bhia núíosach tá an fhoirm mhonaihiodráite den phríomh-mheitiblít athfhillteach de vitimín D3 sa chorp agus is foinse 1,25-déhiodrocsai-vitimín D é, an fhoirm bhithghníomhach de vitimín D.

Fachtóir coinbhéartachta: 1 μg cailcidiól = 2,5 μg vitimín D3 le haghaidh dáileog suas le 10 μg/lá.

Tosaíonn próiseas táirgthe an bhia núíosaigh le coipeadh giosta a mbíonn meascán de stéaróil mar thoradh air agus is é trí-eanól an príomhshéaról a fhaightear. Tar éis an choipthe, déantar íonú agus roinnt céimeanna ceimiceacha. Áirítear sna céimeanna ceimiceacha gallúnú agus eastóscadh lena ndéantar an trí-eanól a aonrú ón mbithmhais. Ina dhiaidh sin déantar céim an hiodrocsailithe chun an trí-eanól a scaradh ó na stéaróil eile. Déantar trí-eanól a eapocsaídiú ansin agus laghdaítear é ina dhiaidh sin chun 25-hiodrocsaidhíhidreacolaistéaról a fháil. Ansin bíonn imoibriúchán fótaiceimiceach ann chun meascán de 25-hiodrocsa-réamhvitimín D3, 25-hiodrocsa-taicéistéaról agus 25-hiodrocsa-lúmaistéaról a fháil. Ina dhiaidh sin, déantar an 25-hiodrocsa-réamhvitimín D3 a isiméiriú go ‘Cailcidiól’ agus déantar é a athchriostalú chun bia núíosach den íonacht is gá a fháil.

Tá sé beartaithe an bia núíosach a chur ar an margadh i bhfoirm chaolaithe ‘0,25 % w/w’ ina bhfuil 0,250–0,275 % w/w de chailcidiól (ainhidriúil). Ní mór an bia núíosach a chur ar an margadh in ullmhóid lena ráthófar a chobhsaíocht.

Ainm ceimiceach de réir Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí:

(1S,3Z)-3-[(2E)-2-[(1R,3αS,7αR)-1-[(2R)-6-hiodrocsa-6-meitilheaptán-2-il]-7α-meitil-2,3,3α,5,6,7-heicsihidrea-1H-iondéin-4-ilídéin]eitilídéin]-4-meitilídéincioglaiheacsán-1-ól; hiodráit

Uimhir CAS: 63283-36-3 (Monaihiodráit chailcifidióil)

Foirmle eimpíreach: C27H44O2.H2O

An mhais mhóilíneach: 418,7 g/mol

Saintréithe/comhdhéanamh:

25(OH)D3.H2O: 97.0-100 %

Iomlán na substaintí gaolmhara: ≤ 1,5 %, de: Δ22-25(OH)D3: ≤ 0,5 %; Lúmaistéaról (1): ≤ 0,5 %; réamh-25(OH)D3  (2): ≤ 0,5 %; Taicéistéaról (3): ≤ 0,5 %; tras-Vitimín D3  (4): ≤ 0,5 %

Eisíontais eile: ≤ 0,10 %

Cion uisce: 3,8-5,0 %

Aicéatón: ≤ 1 000 mg/kg

Iseaprópánól: ≤ 10 mg/kg

Miotail throma:

Arsanaic: ≤ 1 mg/kg


(1)  9b,10a-Colasta–5,7-dé-éin-3b,25-dé-ól(25(OH)).

(2)  Colasta–5,7-dé-éin-3b,25-dé-ól

(3)  (6E)–9,10-Seiceacolasta-5(10),6,8-tríéin-3b,25-dé-ól (isea-25(OH)).

(4)  (5E,7E)–9,10-Secocholesta-5,7,10(19)-triene-3b,25-diol‘.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1052/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)