European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1050

5.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1050 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

(2)

An 4 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1034 (2), lena leasaítear Cinneadh 2020/1998 chun díolúine a thabhairt isteach le haghaidh cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe (‘an díolúine’). Tá an díolúine bunaithe ar mhír 1 de Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 2664 (2022), a glacadh an 9 Nollaig 2022.

(3)

Chun aird a thabhairt ar chásanna ina bhfuil riosca níos airde ann go mbainfí mí-úsáid as cistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthraítear chun críocha eile seachas cúnamh daonnúil, is iomchuí cur i bhfeidhm na díolúine a eisiamh a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe arna n-ainmniú, agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1034 an 4 Aibreán lena leasaítear Rialachán 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L, 2024/1034, 4.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1034/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 (‘Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3’) mar a leanas:

(1)

leasaítear roinn A (Daoine nádúrtha) mar a leanas;

(a)

sa cholún ‘Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)’, cuirtear réiltín i ndiaidh an ainm in iontrálacha: 1 go 4, 13, 14, 16 go 26, 29 go 32, 36 go 56 agus 62 go 105;

(b)

cuirtear an abairt seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla:

*

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(-1) maidir le hiontrálacha a shainaithnítear le réiltín.’;

(2)

leasaítear roinn B (Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí) mar a leanas:

(a)

sa cholún ‘Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)’, cuirtear réiltín i ndiaidh an ainm in iontrálacha: 5 go 12 agus 16 go 23;

(b)

cuirtear an abairt seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla:

*

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(-1) maidir le hiontrálacha a shainaithnítear le réiltín.’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1050/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)