Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1048 |
10.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1048 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Aibreán 2024
lena n-údaraítear tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
An 28 Nollaig 2018 chuir an chuideachta ABC Kroos BV (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an bia núíosach mar bhia i mboinn deochanna púdraithe, barraí gránaigh, arán agus rollaí, núdail don phobal i gcoitinne agus i bhforbhianna, mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), do dhaoine fásta amháin. |
(4) |
An 28 Nollaig 2018 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiún chun na sonraí dílseánaigh seo a leanas a chosaint: sonraí comhdhéanaimh (4), sonraí cobhsaíochta (5), anailís ar dhíleá iléim (6), anailís phróitéamaíoch (7), anailísí scagthástála ar bhactéir infíteacha (8), tástáil bhaictéarach ais-sócháin (9) agus tástáil micreanúicléis in vitro (10). |
(5) |
An 13 Bealtaine 2021 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar thiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor mar bhia núíosach. |
(6) |
An 28 Feabhra 2023 ghlac an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh maidir le ‘Safety of water lentil protein concentrate from a mixture of Lemna gibba and Lemna minor as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ [Sábháilteacht tiúcháin próitéine lintile uisce ó mheascán Lemna gibba agus Lemna minor mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 (11)’] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, maidir leis an mbia núíosach, tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor, go bhfuil sé sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, tá forais leordhóthanacha ann sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí, maidir leis an tiúchán próitéine sin ó Lemna gibba agus Lemna minor, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, go gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí comhdhéanaimh, na sonraí cobhsaíochta, an anailís ar dhíleá iléim, an anailís phróitéamaíoch, na hanailísí scagthástála ar bhactéir infíteacha, an tástáil bhaictéarach ais-sócháin agus an tástáil micreanúicléis in vitro, nithe nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid ina leith dá n-uireasa. |
(9) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le tiúchan próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I ndáil leis sin, i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le húsáid forbhianna ina bhfuil tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor mar a mhol an t-iarratasóir agus mar a rinne an tÚdarás measúnú orthu, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí bhíthin lipéad iomchuí nár cheart ach do dhaoine fásta forbhianna ina bhfuil tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a thomhailt. Thug an tÚdarás dá aire freisin sa tuairim uaidh go bhféadfadh iontógáil filleacuineoin (vitimín K1) suas le 480 μg/lá do dhaoine fásta (160 μg/lá ó fhorbhianna) a bheith mar thoradh ar iontógáil an bhia núíosaigh agus go bhféadfadh sé a bheith ina riosca d’othair atá ag tógáil cógas antaithéachtach. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil cainníocht vitimín K sa táirge deiridh a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le pointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), sonrófar sa dearbhú cothúcháin an chainníocht vitimín K atá ann. |
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(11) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige do na sonraí comhdhéanaimh, na sonraí cobhsaíochta, an anailís ar dhíleáiteacht iléim, an anailís phróitéamaíoch, na hanailísí scagthástála ar bhactéir infíteacha, an tástáil bhaictéarach ais-sócháin agus an tástáil micreanúicléis in vitro tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
(12) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh sé cuí-réasúnaithe go leormhaith gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí comhdhéanaimh, na sonraí cobhsaíochta, an anailís ar dhíleáiteacht iléim, an anailís phróitéamaíoch, na hanailísí scagthástála ar bhactéir infíteacha, an tástáil bhaictéarach ais-sócháin agus an tástáil micreanúicléis in vitro a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, is é an t-iarratasóir amháin ba cheart a údarú chun tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(13) |
Mar sin féin, srianadh an údaraithe tiúcháin próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor agus tagairt do na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra ionas gur ag an iarratasóir amháin atá an ceart sin, ní rud é lena gcuirtear cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ina dhiaidh sin ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin. |
(14) |
Ba cheart tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1) Údaraítear tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar tiúchán próitéine ó Lemna gibba agus Lemna minor i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
(2) Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta ABC Kroos BV (13) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó 30 Aibreán 2024, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ABC Kroos BV.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ABC Kroos BV.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).
(3) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/2022-09-30).
(4) Ranna 2.4.3 agus 2.9; Roinn 2.11 (lgh. 76 – 78); Foscríbhinní D2, D3, D4, D5, D6, D7.
(5) Roinn 2.4.4; Foscríbhinní D1, D8, D9, D10, D17.
(6) Ranna 2.8 agus 2.9 (lgh. 65, 68), aguisíní B4 agus D11.
(7) Foscríbhinn D12.
(8) Foscríbhinní D20, D22, D23, D24.
(9) Foscríbhinn D26.
(10) Foscríbhinn D27.
(11) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(4):7903.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/2018-01-01).
(13) Drosteweg 8, 8101 NB Raalte, an Ísiltír.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1048/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)