|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1046 |
10.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1046 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Aibreán 2024
lena n-údaraítear béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
An 15 Lúnasa 2019, chuir an chuideachta Kemin Foods L.C. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis (parai-mhíolón) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis (parai-mhíolón) i roinnt bianna mar a leanas: barraí gránaigh, ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), iógart, deochanna iógairt, deochanna bunaithe ar shúnna torthaí agus/nó glasraí, deochanna boga agus ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú (mar dheochanna). Ina dhiaidh sin, an 25 Eanáir 2024, mhodhnaigh an t-iarratasóir an chéad iarraidh san iarratas maidir le béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a úsáid, chun a úsáid in iógart, i ndeochanna iógairt, i ndeochanna bunaithe ar shúnna torthaí agus/nó glasraí, i ndeochanna boga agus in ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú (mar dheochanna) a chur as an áireamh. Mhodhnaigh an t-iarratasóir freisin an iarraidh tosaigh san iarratas maidir le béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a úsáid i bhforbhianna chun naíonáin agus leanaí faoi bhun trí bliana d’aois a chur as an áireamh. |
|
(4) |
An 15 Lúnasa 2019, rinne an t-iarratasóir iarraidh ar an gCoimisiún freisin ar chosaint sonraí dílseánaigh, is iad sin staidéir choipthe in vitro (5), tástáil bhaictéarach ais-sócháin (6), tástáil micreanúicléis in vivo (7), staidéar ar ghéarthocsaineacht i bhfrancaigh (8), staidéar 14 lá ar thocsaineacht chothaithe/blastachta i bhfrancaigh (9), staidéir 90 lá ar thocsaineacht i bhfrancaigh (10), triail chliniciúil 90 lá (11), anailís ar cháithníní de réir méide (12), saintréithriú agus comparáid parai-mhíolóin le táirgí giosta (13), staidéar ar an éifeacht a bhaineann le meilt mheicniúil ar struchtúr parai-mhíolóin agus ar cháithníní de réir méide (14), tuarascálacha cobhsaíochta (15), tástáil micreanúicléis eiritricíte i mamaigh (16) agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil ildáileog i bhfrancaigh (17). |
|
(5) |
An 23 Aibreán 2021 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar bhéite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis mar bhia núíosach. |
|
(6) |
An 28 Márta 2023 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of paramylon as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (18) [Sábháilteacht parai-mhíolóin mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, chinn an tÚdarás go raibh an bia núíosach béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis, sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis, i gcás ina mbaintear úsáid as faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(8) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí comhdhéanaimh (anailís ar mhéid na gcáithníní, an staidéar ar an éifeacht a bhíonn ag meilt mheicniúil ar struchtúr parai-mhíolóin agus ar mhéid na gcáithníní (Iarscríbhinn D), tuarascálacha cobhsaíochta (Iarscríbhinn E), tuarascáil ar mhicreascópacht leictreoin tarchurtha (Iarscríbhinn D), staidéar 90 lá ar thocsaineacht mheathainsealach (Iarscríbhinn I, Eurofins Advinus Limited, 2020, neamhfhoilsithe), agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach agus teacht ar a chonclúid ina éagmais sin. |
|
(9) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(10) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh don anailís ar mhéid na gcáithníní, an staidéar ar an éifeacht a bhíonn ag meilt mheicniúil ar struchtúr parai-mhíolóin agus ar mhéid na gcáithníní (Iarscríbhinn D), do na tuarascálacha cobhsaíochta (Iarscríbhinn E), don tuarascáil ar mhicreascópacht leictreoin tarchurtha (Iarscríbhinn D) agus don staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil ildáileog i bhfrancaigh (Iarscríbhinn I, Eurofins Advinus Limited, 2020, neamhfhoilsithe), tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
|
(11) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh sé cuí-réasúnaithe go leormhaith gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an anailís ar mhéid na gcáithníní, an staidéar ar an éifeacht a bhíonn ag meilt mheicniúil ar struchtúr parai-mhíolóin agus ar mhéid na gcáithníní (Iarscríbhinn D), na tuarascálacha cobhsaíochta (Iarscríbhinn E), an tuarascáil ar mhicreascópacht leictreoin tarchurtha (Iarscríbhinn D) agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil ildáileog i bhfrancaigh (Iarscríbhinn I, Eurofins Advinus Limited, 2020, neamhfhoilsithe), ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(12) |
Mar sin féin, i dtaca le húdarú béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis agus leis an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh seo iarratas a chur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe. |
|
(13) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I ndáil leis sin, i gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil béite-ghlúcain ó mhiocralgaí Euglena gracilis, mar atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí lipéadú iomchuí faoi úsáidí forbhianna ina bhfuil béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis. |
|
(14) |
Ba cheart béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Cuirfear béite-ghlúcan ó mhiocralgaí Euglena gracilis ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta Kemin Foods L.C. (19) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse cúig bliana ón 30 Aibreán 2024, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú Kemin Foods L.C.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan chomhaontú Evergrain Kemin Foods L.C.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).
(4) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).
(5) Kemin Corporation (2016)
(6) Product Safety Labs (2015a)
(7) Product Safety Labs (2015b)
(8) Product Safety Labs (2014)
(9) Product Safety Labs (2015c)
(10) Product Safety Labs (2015d)
(11) Kemin Foods (2019)
(12) Méid na gCáithníní CoA in Iarscríbhinn D (Sonraí Baisce agus Modhanna Anailíseacha an Táirge)
(13) Iarscríbhinn D – Kemin (2017)
(14) Iarscríbhinn D – Kemin Foods (2021)
(15) Stability Accelerated Long-term, Stability_Capsule, Stability_Retort, tuarascáil ar chobhsaíocht pH in Iarscríbhinn E (Tuarascálacha cobhsaíochta)
(16) Iarscríbhinn I – Eurofins Advinus Limited, 2019
(17) Iarscríbhinn I – Eurofins Advinus Limited, 2020
(18) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(5):7995
(19) Kemin Foods L.C., 1900 Scott Avenue Des Moines, IA 50317, na Stáit Aontaithe.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
|
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
|||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
||||||
(*1) Arna shloinneadh mar shnáithín cothaitheach iomlán’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1046/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)