European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1042

5.4.2024

MOLADH (AE) 2024/1042 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2024

maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Beilge lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), agus Airteagal 14(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir an Bheilg a dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) nuashonraithe isteach an 30 Samhain 2023. De bharr chur isteach mall dhréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Beilge, ní raibh an Coimisiún Eorpach in ann an moladh seo a ghlacadh 6 mhí sula mbeadh na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha le cur isteach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

(2)

Leagtar síos le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’) na heilimintí atá le háireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an bpróiseas agus an raon feidhme a bhaineann leis an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe agus an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach a ullmhú (2). Sainaithníodh dea-chleachtais leis an treoraíocht agus leagadh amach impleachtaí na bhforbairtí beartais, dlíthiúla agus geopholaitiúla a rinneadh le déanaí i mbeartais fuinnimh agus aeráide.

(3)

I ndáil leis an bplean REPowerEU (3), agus mar chuid de thimthriallta 2022 agus 2023 an tSeimeastair Eorpaigh, dhírigh an Coimisiún go láidir ar riachtanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid chun slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus cóir. Léirítear é sin i dTuarascálacha Tíre 2022 agus 2023 (4) le haghaidh na Beilge agus sna Moltaí ón gComhairle (5) don Bheilg. Ba cheart do na Ballstáit na moltaí tírshonracha is déanaí a chur san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach.

(4)

Tá na moltaí ón gCoimisiún maidir le spriocanna náisiúnta a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill – ESR) bunaithe ar an dóchúlacht go n-urramóidh na Ballstáit spriocanna 2030, agus na rialacha maidir le húsáid solúbthachtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á gcur san áireamh.

(5)

Is é is aidhm do na moltaí ón gCoimisiún maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) forbhreathnú a fháil ar chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na méideanna bliantúla CO2 a bhfuil sé beartaithe a ghabháil faoi 2030, agus iad roinnte de réir foinse CO2 a gabhadh agus a thagann ó shuiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó ó fhoinsí eile, amhail foinsí bithghineacha nó gabháil ón aer; maidir le bonneagar iompair CO2 pleanáilte; agus maidir leis an toilleadh stórála intíre féideartha de CO2 agus maidir le toirteanna insteallta de CO2 atá beartaithe a bheith ar fáil in 2030.

(6)

Leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bhfeidhmíocht faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (‘Rialachán LULUCF’)tugtar aghaidh ar sheachadadh an Bhallstáit maidir leis an ngealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach don tréimhse 2021-2025 (Tréimhse 1) agus a sprioc náisiúnta don tréimhse 2026-2030 (Tréimhse 2), agus na rialacha lena rialaítear úsáid solúbthachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún freisin go ndéanfar aon fhuílleach astaíochtaí faoi Rialachán LULUCF a aistriú go huathoibríoch chuig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i dTréimhse 1.

(7)

Chun go mbeifear in ann, leis an oiriúnú don athrú aeráide, tacú go cuí leis na cuspóirí maidir le fuinneamh agus maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach na guaiseacha féideartha maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir, pobail agus earnálacha ábhartha. Sna moltaí ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú, breithnítear a mhéid a chomhtháthaigh an Bheilg ina PNFA nuashonraithe spriocanna oiriúnúcháin lena gcuirtear rioscaí aeráide san áireamh, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cosc a chur ar an mBeilg cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Gan beartais agus bearta oiriúnúcháin sonracha, iad pleanáilte agus curtha chun feidhme, tá baol ann nach mbainfear amach cuspóirí i ngnéithe an Aontais Fuinnimh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh.

(8)

Na moltaí ón gCoimisiún i dtaca le huaillmhian fuinnimh in-athnuaite na Beilge, tá siad bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá in easnamh ar dhréachtphlean nuashonraithe na Beilge chun é a chur ar a cumas don Bheilg a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus iarracht chomhchoiteann á déanamh chun é a mhéadú go 45 % de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Tá na moltaí ón gCoimisiún bunaithe freisin ar rannchuidiú na Beilge le spriocanna sonracha Airteagal 15a, Airteagal 22a agus Airteagail 23, 24 agus 25 den Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a thrasuí go tapa agus chun í a chur chun feidhme. Léirítear leis na moltaí a thábhachtaí atá sé pleanáil chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun fuinneamh in-athnuaite, agus go háirithe an ghaoth, a chur in úsáid, chun infheictheacht a mhéadú don tionscal monaraíochta Eorpach agus d’oibreoirí eangaí i gcomhréir leis an bPacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (11).

(9)

Na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an rannchuidiú náisiúnta le héifeachtúlacht fuinnimh, tá siad bunaithe ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; agus ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a chur chun feidhme.

(10)

Sna moltaí ón gCoimisiún, tugtar aird ar leith ar na spriocanna, na cuspóirí agus na rannchuidithe agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun plean REPowerEU a bhaint amach chun deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Cuirtear san áireamh iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phacáiste ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (13). Is léiriú iad na moltaí sin ar an ngá atá leis an gcóras fuinnimh a dhéanamh níos athléimní i bhfianaise na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus as Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le slándáil an tsoláthair gáis i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le stóráil fuinnimh (16).

(11)

Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún an gá atá ann dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun ról na solúbthachta a neartú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint. Leis an moladh ón gCoimisiún, breithnítear freisin a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus le Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (17).

(12)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain chun borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí forbartha agus monaraíochta, lena n-áirítear beartais agus bearta iomchuí do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus do ghnólachtaí eile; agus an gá atá le lucht saothair a uas-sciliú le haghaidh tionscal glan-nialasach chun geilleagar láidir, iomaíoch agus glan a chomhdhlúthú laistigh den Aontas.

(13)

Cuireann na moltaí ón gCoimisiún leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile, agus leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise.

(14)

Leanann an moladh ón gCoimisiún maidir le riachtanais infheistíochta a mheasúnú i dtaobh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear forbhreathnú ginearálta leis an dréachtphlean nuashonraithe ar na riachtanais infheistíochta chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a bhaint amach le haghaidh gach gné den Aontas Fuinnimh; léirítear ann na foinsí maoiniúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir foinsí príobháideacha agus poiblí; leagtar amach ann infheistíochtaí atá comhsheasmhach le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na Beilge, Plean Críochach um Aistriú Cóir na Beilge agus moltaí tírshonracha 2022-2023 arna n-eisiúint faoin Seimeastar Eorpach; agus áirítear leis measúnú maicreacnamaíoch láidir ar bheartais agus ar bhearta atá beartaithe. Leis an PNFA ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun tacú le deimhneacht infheistíochta.

(15)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún an ríthábhacht a bhaineann le comhairliúchán réigiúnach leathan, agus le comhairliúchán luath agus cuimsitheach maidir leis an bplean a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail le faisnéis agus tráthchlár leordhóthanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus (18).

(16)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an aistriú cóir an measúnú ar cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear go domhain i bplean na Beilge tionchair ábhartha shóisialta, fostaíochta agus scileanna an aistrithe aeráide agus fuinnimh agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann beartais agus bearta leordhóthanacha a ghabhann leis chun aistriú cóir a chur chun cinn, agus rannchuidítear an tráth céanna le cearta an duine agus comhionannas inscne araon a chur chun cinn.

(17)

Tá an measúnú ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Beilge (19) ina bhonn taca le moltaí ón gCoimisiún di, a fhoilsítear in éineacht leis an Moladh seo.

(18)

Ba cheart don Bheilg aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus a PNFA comhtháite nuashonraithe críochnaitheach á fhorbairt aici lena chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024.

AG MOLADH LEIS SEO GO NGNÍOMHÓDH AN BHEILG CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

Beartais agus bearta breise costéifeachtúla a leagan amach, lena n-áirítear san earnáil iompair agus san earnáil tógála, chun an bhearna réamh-mheasta de 4,4 pointe céatadáin a líonadh chun an sprioc náisiúnta maidir le gás ceaptha teasa de -47 % a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Réamh-mheastacháin nuashonraithe a sholáthar chun a thaispeáint conas a bhainfear amach an sprioc leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe agus, más gá, chun sonrú a thabhairt ar conas a úsáidfear na solúbthachtaí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun comhlíontacht a áirithiú. An fhaisnéis faoi na beartais agus na bearta a chomhlánú, lena mínítear go soiléir a raon feidhme, a n-amlíne agus a dtionchar laghdaithe gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leis, lena n-áirítear bearta i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta.

2.

Foinsí astaíochtaí CO2 a shainaithint, ar foinsí iad a bhfuil sé beartaithe iad a ghabháil.

3.

Sonraí breise a sholáthar faoi na bearta atá beartaithe, agus na tionchair a mheastar a bheidh acu a chainníochtú i dtéarmaí aistrithe nó astaíochtaí ón earnáil LULUCF. Faisnéis shoiléir a sholáthar ar an gcaoi a n-úsáidtear cistí poiblí (idir chistí an Aontais, lena n-áirítear an comhbheartas talmhaíochta, agus Státchabhair) agus maoiniú príobháideach trí scéimeanna feirmeoireachta carbóin go comhsheasmhach agus go héifeachtach chun an sprioc ghlanaistrithe náisiúnta a bhaint amach. Faisnéis a sholáthar maidir leis an stádas agus an dul chun cinn atá le déanamh chun feabhsuithe ar leibhéil níos airde/tacair sonraí atá follasach ó thaobh na geografaíochta de a áirithiú le haghaidh faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

4.

Anailís bhreise a sholáthar ar na leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha aeráide maidir leis na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe náisiúnta a bhaint amach agus maidir leis na beartais agus na bearta i ngnéithe éagsúla an Aontais Fuinnimh. An nasc le cuspóirí agus beartais shonracha an Aontais Fuinnimh a leagan amach agus a chainníochtú ar bhealach níos fearr i gcás inar féidir, ar cuspóirí agus beartais iad ar cheart tacú leo le beartais agus bearta oiriúnúcháin. Beartais agus bearta oiriúnúcháin breise a leagan amach ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun tacaíocht a thabhairt chun cuspóirí náisiúnta, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta faoin Aontas Fuinnimh a bhaint amach, é san áireamh bearta chun an acmhainneacht giniúna leictreachais agus coigiltis fuinnimh chónaithe a chosaint.

5.

An uaillmhian a bhaineann le sciar 33 % ar a laghad d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a ardú go mór mar rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú i gcomhréir leis an bhfoirmle in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Conair tháscach a áireamh a shroicheann na pointí tagartha le haghaidh 2025 agus 2027 de bhun Airteagal 4 (a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

6.

Conairí measta agus plean fadtéarmach a sholáthar chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid sna 10 mbliana amach romhainn, agus tuar ann go 2040. Sprioc tháscach le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 a chur san áireamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Spriocanna sonracha a chur san áireamh chun rannchuidiú leis an bhfosprioc tháscach i bhfoirgnimh agus san earnáil tionsclaíochta le haghaidh 2030, agus leis an bhfosprioc cheangailteach maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa tionsclaíocht le haghaidh 2030, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Na spriocanna ceangailteacha maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh le haghaidh téimh agus fuaraithe a mhéadú le haghaidh 2021-2025 agus 2026-2030 araon agus sprioc tháscach a chur san áireamh chun breisithe Iarscríbhinn IA a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú a bhaint amach agus sprioc tháscach maidir le téamh agus fuarú ceantair le haghaidh na tréimhse 2021-2030. Fosprioc a áireamh le haghaidh bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch san earnáil iompair, lena n-áiritheofar go n-urramófar íosleibhéal na mbreoslaí sin in 2030.

7.

Beartais agus bearta mionsonraithe agus cainníochtaithe a fhorbairt a thuilleadh ar bhealach a chuirfidh ar a cumas don Bheilg a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 %. Tuairisc a thabhairt, go háirithe, ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite seachas cumhacht gaoithe a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg dlús a chur leis an gceadú ina leith agus ‘dlúslimistéir in-athnuaiteán’ a ainmniú le nósanna imeachta níos tapúla agus níos simplí. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a mbainfidh an Bheilg an aidhm amach chun dlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in úsáid trí ghlacadh comhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite nó bearta lena n-úsáidtear ráthaíochtaí tionscnaimh. Faisnéis a sholáthar faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg dlús níos mó a chur le cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, agus i dtéamh agus fuarú ceantair i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001, arna leasú. Bearta mionsonraithe breise a áireamh maidir le creat cumasúcháin lena gcuirfear leis an gcomhtháthú idir líonraí leictreachais, téimh agus fuaraithe. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcumhdófar dearadh na hoibleagáide ar sholáthróirí breosla agus fuinnimh san earnáil iompair, agus bearta inchomparáide a chur san áireamh chun hidrigin a chur chun cinn san earnáil tionsclaíochta, agus an tAontas a ullmhú don trádáil hidrigine in-athnuaite.

8.

Na conairí measta a sholáthar le haghaidh soláthar bithmhaise de réir bunábhair agus tionscnaimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgeadh intíre agus allmhairí. Measúnú ar sholáthar intíre bithmhaise foraoise a áireamh chun críoch fuinnimh in 2021-2030 i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta neartaithe Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Measúnú a chur san áireamh ar a chomhoiriúnaí atá úsáid réamh-mheasta na bithmhaise foraoise do tháirgeadh fuinnimh leis na hoibleagáidí atá ar an mBeilg faoin Rialachán LULUCF athbhreithnithe, go háirithe le haghaidh 2026-2030, mar aon le bearta agus beartais náisiúnta chun an chomhoiriúnacht sin a áirithiú. Faisnéis bhreise a chur san áireamh maidir leis na spriocanna nithiúla chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a chur chun cinn, i bhfianaise acmhainneacht inbhuanaithe bithgháis/bithmheatáin na Beilge agus táirgeadh agus próifíl tomhaltais gáis nádúrtha agus an bhonneagair atá ann cheana.

9.

Amlíne ionchais a sholáthar a mhéid is féidir maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh glacadh beartas agus beart reachtach agus neamhreachtach arb é is aidhm dóibh forálacha Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na bearta a luaitear sna pointí roimhe seo.

10.

Rannchuidiú náisiúnta um éifeachtúlacht fuinneamh i ndáil le hídiú fuinnimh deiridh a chur san áireamh, rannchuidiú a dhéanfar le sprioc cheangailteach 2030 an Aontais maidir le hídiú fuinnimh deiridh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn I de Threoir (AE) 2023/1791, nó a bheidh cothrom leis an rannchuidiú táscach náisiúnta ceartaithe a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid gach Ballstáit faoin 1 Márta 2024 faoi Airteagal 4(5) den Treoir sin. Rannchuidiú éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil a áireamh i sprioc tháscach tomhaltais fuinnimh phríomhúil an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Méid an laghdaithe ar an tomhaltas fuinnimh a shonrú, atá le baint amach ag na comhlachtaí poiblí uile arna ndí-chomhiomlánú de réir earnála agus achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí atá le hathchóiriú ar bhonn bliantúil nó an coigilteas fuinnimh bliantúil comhfhreagrach.

11.

Beartais agus bearta iomlána a leagan amach chun an rannchuidiú náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, agus go háirithe an chaoi a gcuirfear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme. Cainníochtú breise a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a mheastar a bheidh ann ó na bearta atá beartaithe chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a bhaint amach. Cláir mhaoiniúcháin láidre um éifeachtúlacht fuinnimh agus scéimeanna tacaíochta airgeadais a shonrú lena mbeifear in ann infheistíochtaí príobháideacha agus cómhaoiniú breise a shlógadh.

12.

Leibhéal uaillmhéine nuashonraithe a áireamh chun stoc náisiúnta foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe a áirithiú agus chun foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050, lena n-áirítear garspriocanna idirmheánacha le haghaidh 2030 agus 2040, agus comparáid leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach is déanaí. Tacú leis na spriocanna chun foirgnimh a dhícharbónú trí thuilleadh faisnéise a áireamh maidir le beartais agus bearta, lena n-áirítear a gcostais agus an tionchar a mheastar a bheidh acu ar choigilteas fuinnimh, chun straitéis athchóirithe fhadtéarmach chomhleanúnach a chur chun feidhme.

13.

Míniú breise a thabhairt ar na bearta atá beartaithe chun a soláthar gáis a éagsúlú agus chun leanúint den éileamh ar ghás a spreagadh i dtreo 2030, go háirithe i bhfianaise an sciar mhéadaithe gáis nádúrtha atá beartaithe sa mheascán náisiúnta fuinnimh sa mheántéarma. Athléimneacht an chórais fuinnimh a neartú, go háirithe trí shoiléiriú a dhéanamh ar an gcuspóir agus na bearta atá beartaithe chun stóráil leictreachais a chur in úsáid. Measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá bonneagar ola na Beilge (scaglann, stoic ola, calafoirt, píblínte) leis an laghdú lena bhfuil coinne ar an éileamh ar ola agus leis an aistriú chuig roghanna malartacha ísealcharbóin. Bearta iomchuí a shonrú maidir le héagsúlú agus soláthar fadtéarmach ábhar núicléach, breosla, páirteanna spártha, agus seirbhísí, agus maidir le bainistiú fadtéarmach dramhaíola núicléiche. Tabhair tuilleadh sonraí faoi ghníomhaíochtaí taighde atá ar siúl faoi láthair a bhaineann le hImoibreoirí Beaga Modúlacha.

14.

Cuspóirí agus spriocanna soiléire a chur chun cinn maidir leis an bhfreagairt ar éileamh chun solúbthacht an chórais fuinnimh a fheabhsú i bhfianaise measúnú ar na riachtanais solúbthachta. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú i gcomhthéacs Airteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú.

15.

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh trí sprioc shonrach intomhaiste a léiriú maidir le laghdú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999, agus Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún á chur san áireamh. Tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le bearta atá ann cheana agus bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, agus maidir leis na hacmhainní airgeadais tiomnaithe ó thaobh an bheartais shóisialta (inacmhainneacht) agus bearta struchtúracha fuinnimh araon.

16.

Cuspóirí náisiúnta maidir le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas a shoiléiriú a thuilleadh chun teicneolaíochtaí glana a chur in úsáid, bealach a bhunú do 2030 agus 2050 d’fhonn tacú le dícharbónú na tionsclaíochta agus aistriú gnólachtaí i dtreo geilleagar glan-nialasach ciorclach a chur chun cinn. Beartais agus bearta a chur chun cinn chun forbairt tionscadal glan-nialasach a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do na tionscail atá dian ar fhuinneamh. Tuairisc a thabhairt ar chreat rialála intuartha agus simplithe le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe agus ar an gcaoi a ndéanfar rochtain ar chistiú náisiúnta a shimpliú i gcás inar gá. Beartais agus bearta mionsonraithe a sholáthar maidir le digitiú an chórais fuinnimh, forbairt scileanna a bhaineann le fuinneamh glan, agus trádáil oscailte a éascú le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe de phríomh-chomhpháirteanna agus de threalamh glan-nialasacha.

17.

Na hathchóirithe agus na bearta a shonrú chun na hinfheistíochtaí príobháideacha a bhfuil gá leo a shlógadh ar mhaithe le baint amach na spriocanna fuinnimh agus aeráide. An anailís ar na riachtanais infheistíochta a fheabhsú agus a leathnú chun forbhreathnú cuimsitheach agus comhsheasmhach a sholáthar ar na riachtanais infheistíochta poiblí agus príobháidí go comhiomlán agus de réir earnála. Cur chuige uile-gheilleagair ó bharr anuas a chomhlánú le measúnú ó bhun aníos a bhaineann go sonrach le tionscadal. Miondealú ar na riachtanais infheistíochta iomlána a chur san áireamh maille le faisnéis bhreise maidir leis na foinsí cistiúcháin cónaidhme, réigiúnacha agus Aontais, chomh maith leis na foinsí airgeadais príobháideacha atá le slógadh. Tuairisc ghearr a chur isteach ar an gcineál scéimeanna tacaíochta airgeadais a roghnaíodh chun na beartais agus na bearta a chur chun feidhme, a mhaoinítear tríd an mbuiséad poiblí, agus úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais cumaiscthe a bhaineann úsáid as deontais, iasachtaí, cúnamh teicniúil agus ráthaíochtaí poiblí, lena n-áirítear ról na mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh sna scéimeanna ar leith agus/nó conas a shlógtar maoiniú príobháideach. Giniúint chostéifeachtach na n-aistrithe chuig Ballstáit eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a mheas mar fhoinse chistiúcháin. Measúnú láidir a sholáthar ar thionchar maicreacnamaíoch na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe.

18.

Leagtar amach an chaoi a bhfuil na beartais agus na bearta a áirítear sa NECP comhsheasmhach le plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na Beilge.

19.

Míniú mionsonraithe a thabhairt ar conas agus cathain atá sé beartaithe ag an mBeilg deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise.

20.

Míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an mbonn anailíseach trí réamh-mheastacháin a sholáthar, faoi na beartais agus na bearta atá beartaithe, maidir leis an gcaoi a bhforbróidh an córas fuinnimh, agus tuar á thabhairt go dtí 2040.

21.

Faisnéis mhionsonraithe bhreise a sholáthar maidir le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta agus scileanna, nó aon tionchar dáileacháin eile, a bhaineann leis an aistriú aeráide agus fuinnimh, agus maidir leis na cuspóirí, na beartais agus na bearta atá beartaithe chun tacú le haistriú cóir. An cineál tacaíochta, tionchar na dtionscnamh, na spriocghrúpaí agus na hacmhainní a tiomnaíodh a shonrú, agus aird á tabhairt ar an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (20). Níos mó eilimintí a áireamh, a mhéid is féidir, chun bonn anailíseach leordhóthanach a sholáthar chun Plean Aeráide Sóisialta a bheidh ann amach anseo a ullmhú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), lena n-áirítear táscairí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na tionchair shóisialta ar na daoine is leochailí sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh dóchán breosla in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, agus chun tairbhithe féideartha agus creat beartais ábhartha a shainaithint. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh an creat beartais a shainaithnítear sa PNFA le Plean Aeráide Sóisialta na Beilge a ullmhú agus ar an gcaoi a n-áiritheofar comhsheasmhacht idir an dá phlean.

22.

Forléargas níos soiléire agus níos mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi ar cumasaíodh leis an bpróiseas comhairliúcháin rannpháirtíocht ó na húdaráis ábhartha uile, ó na saoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus pobail fuinnimh, agus an dréachtphlean agus an plean nuashonraithe críochnaitheach araon á n-ullmhú, lena n-áirítear faisnéis faoi uainiú agus fad na gcomhairliúchán difriúil. Achoimre a thabhairt ar na tuairimí a léirigh gníomhaithe éagsúla linn na gcomhairliúchán agus ar an gcaoi a bhfuil na tuairimí á gcur san áireamh.

23.

An comhar réigiúnach, comhar atá go maith cheana, le tíortha comharsanacha a leathnú, go háirithe trí thuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an mBeilg creat comhair a bhunú le Ballstáit eile faoi 2025 i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2023/2413 arna leasú. Iarrachtaí a dhéanamh chun na cúig chomhaontú dlúthpháirtíochta is gá a shíniú maidir le slándáil an tsoláthair gáis (le hÉirinn, leis an bhFrainc, le Lucsamburg, leis an nGearmáin agus leis an Ísiltír).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 1

(2)  2022/C 495/02

(3)  COM(2022) 230 final

(4)  SWD (2022) 602 final, SWD (2023) 601 final

(5)  COM (2022) 602 Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle; COM(2023) 601 final, Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle

(6)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, IO L 156, 19.6.2018, lch. 26. arna leasú le Rialachán (AE) 2023/857 an 19 Aibreán 2023, (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1).

(7)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim trádála lamháltais um astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)

(8)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE, (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023, (IO L 107, 21.4.2023, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(10)  Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, IO L, 2023/2413, 31.10.2023.

(11)  Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe COM (2023) 669 final, 24.10.2023 agus Teachtaireacht maidir le huaillmhian an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, COM (2023) 668 final.

(12)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú), IO L 231, 20.9.2023, lch. 1

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’, COM/2022/360 final

(14)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(16)  Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh – Bonn a chur faoi chóras fuinnimh AE atá dícharbónaithe agus slán, C/2023/1729, (IO C 103, 20.3.2023, lch. 1).

(17)  Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh, C:2023/4080, (IO L 2023/2407, 23.10.2023,, ELI: http://data.europa.eu/eli/2023/2407/oj).

(18)  Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘coinbhinsiún Aarhus’)

(19)  SWD(2024) 44

(20)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, IO C 243, 27.6.2022 lgh. 35

(21)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1042/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)