|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1040 |
2.4.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1040 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Márta 2024
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 30 Márta 2023, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí teireataláite poileitiléine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an bun-Rialachán’) (1). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2)(‘an Fógra Tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne PET Europe (‘an gearánach’) an 14 Feabhra 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal TPE an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. An fhianaise a bhí sa ghearán maidir le dumpáil agus leis an mbagairt díobhála dá dheasca sin, ba leor an fhianaise í chun an t-imscrúdú a thionscnamh. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (3) agus (4) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún gan allmhairí TPE de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chlárú de bhun Airteagal 14(5) agus 14(5a) den bhun-Rialachán. |
|
(4) |
Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, mhaígh an gearánach, in aithris (3) den Rialachán sealadach, gur mheasc an Coimisiún an cinneadh maidir le clárú agus cur i bhfeidhm cúlghabhálach le chéile. Chun cúis a thabhairt gan clárú a forchuireadh, luaigh an Coimisiún nach raibh méadú tagtha ar allmhairí. D’áitigh an gearánach gur critéar é sin atá ábhartha maidir le hAirteagal 10(4) (forchur cúlghabhálach) agus ní le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dar leis an ngearánach, tá earráid déanta ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin. |
|
(5) |
Tugtar faoi deara, go deimhin, nach ndéantar tagairt shainráite in Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán d’Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. Tugtar le fios go soiléir le hAirteagal 14(5), áfach, gurb é is cuspóir do chlárú allmhairí go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i leith na n-allmhairí sin. Dá bhrí sin, chun údar a thabhairt le clárú allmhairí faoi Airteagal 14(5), ní mór fianaise leordhóthanach a sholáthar go bhféadfar coinníollacha Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán a chomhlíonadh. Diúltaíodh do mhaíomh an ghearánaigh dá bhrí sin. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 31 Deireadh Fómhair 2023, sholáthair an Coimisiún do na páirtithe achoimre ar na dleachta sealadacha beartaithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus faoi na corrlaigh atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de thrí lá oibre. Ní bhfuarthas barúlacha faoi chruinneas na ríomh. |
|
(7) |
An 27 Samhain 2023, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí TPE de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 (3) ón gCoimisiún (‘an Rialachán sealadach’). |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(8) |
I ndiaidh nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn ar ar forchuireadh bearta frithdhumpála sealadacha (‘nochtadh sealadach’), chuir an gearánach, na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus a gcomhlachas, a n-úsáideoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar barúlacha isteach. |
|
(9) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Tionóladh éisteachtaí le Svepol agus PET Europe. |
|
(10) |
Lean an Coimisiún leis an bhfaisnéis uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh a lorg agus a fhíorú. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. Chun go mbeadh sonraí níos cuimsithí ar fáil dó maidir le praghsanna díolacháin, costas táirgthe agus brabúsacht an Aontais le linn na tréimhse iar-imscrúdúcháin, iarradh ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais sonraí breise a sholáthar. Chuir gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais an fhaisnéis a iarradh isteach. |
|
(11) |
I ndiaidh an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh, mhaígh comhlachas úsáideoirí, UNESDA (4), gur cheart don Choimisiún an t-imscrúdú a fhoirceannadh a luaithe gur léir nár taispeánadh aon díobháil leis an ngearán agus go bhfuil sé míchruinn agus neamhiomlán leis na sonraí maidir le deighleog TPE athchúrsáilte. |
|
(12) |
Meabhraítear gur líomhnaíodh sa ghearán go raibh bagairt díobhála ann seachas go raibh díobháil ábhartha ann agus gur deimhníodh na líomhaintí a rinneadh sa ghearán leis an imscrúdú ina dhiaidh sin. Mar a leagtar amach in aithris (204) den Rialachán sealadach, chun go bhforchuirfidh an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála, is leor go dtiocfaí ar an gconclúid san imscrúdú go bhfuil bagairt díobhála ábhartha ann i gcomhréir le hAirteagal 3(9) den bhun-Rialachán. Mar a leagtar amach in aithris (15) den Rialachán sealadach, mheas an Coimisiún go raibh na sonraí measta maidir leis an tionscal TPE athchúrsáilte leordhóthanach ag céim an ghearáin. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaímh Unesda. |
|
(13) |
Mhaígh Unesda gur glacadh an Rialachán sealadach de shárú ar chearta nós imeachta cuí. Thagair Unesda don athrú ar na sonraí díobhála i mí Dheireadh Fómhair 2023 agus don chinneadh dleachtanna sealadacha a fhorchur nuair nach raibh páirtithe leasmhara ábalta barúlacha a thabhairt a thuilleadh. Luaigh Unesda gur diúltaíodh deis do na húsáideoirí barúlacha a thabhairt i ndiaidh don ghearánach na sonraí díobhála a chur isteach i mí Dheireadh Fómhair 2023. D’athdhearbhaigh UNESDA a argóint sa fhreagra ar an nochtadh deiridh. |
|
(14) |
Ar an gcéad dul síos, tugtar faoi deara nár soláthraíodh na sonraí díobhála deiridh maidir le táscairí maicreacnamaíocha go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023, toisc go ndearna an Coimisiún anailís fhorlíontach ar an deighleog TPE athchúrsáilte, deighleog atá an-dinimiciúil agus a bhaineann le níos mó ná 50 táirgeoir de mhéideanna éagsúla agus ag a bhfuil acmhainneacht a athraíonn go minic, gur phróiseáil sé sraith aighneachtaí a rinne páirtithe leasmhara agus gur thug sé faoi próiseas fairsing easnaimh leis an ngearánach chun teacht ar tháscairí maicreacnamaíocha atá socraithe go hoibiachtúil agus atá ionadaíoch don tionscal TPE ar fad, lena n-áirítear an deighleog TPE athchúrsáilte. Ina theannta sin, tugadh go leor deiseanna d’úsáideoirí agus do pháirtithe leasmhara eile a gcearta nós imeachta a fheidhmiú go cuí le linn na n-imeachtaí, lena n-áirítear trí éisteacht le seirbhísí an Choimisiúin, go leor aighneachtaí i scríbhinn a rinneadh chomh déanach le Deireadh Fómhair 2023 agus barúlacha maidir leis an Rialachán sealadach. Thairis sin, na sonraí maidir le díobháil a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh san áireamh iad sa nochtadh sealadach, ar iarradh ar na páirtithe leasmhara uile barúil a thabhairt ina leith. Go deimhin, chuir Unesda barúlacha ar fáil faoi na sonraí sin. Dá bhrí sin, measadh go raibh an líomhain gur diúltaíodh deis do Unesda barúlacha a thabhairt mícheart agus gan bhunús. |
|
(15) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí TPE de thionscnamh na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. |
|
(16) |
Tugadh deis freisin éisteacht a fháil do na páirtithe a d’iarr amhlaidh i ndiaidh an nochta deiridh. Bhí an éisteacht ar siúl le Svepol an 29 Feabhra 2024. |
|
(17) |
Mhaígh Svepol ina fhreagra ar an nochtadh deiridh gur sháraigh dhá ghné d’iompar an Choimisiúin san imscrúdú seo ar chearta cosanta Svepol agus páirtithe leasmhara eile. |
|
(18) |
Ar an gcéad dul síos, chuir Svepol i gcoinne eisiúint an Doiciméid Ghinearálta um Nochtadh (GDD) tráthnóna roimh thús shaoire Bhliain Nua na Síne, in ainneoin nach bhfuil aon srian láithreach agus práinneach ar an nós imeachta chun é sin a dhéanamh. De réir Svepol, chuir tréimhse saoire poiblí na Síne isteach go mór ar chumas Svepol agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú agus fianaise i scríbhinn a chur isteach ar GDD laistigh den tréimhse ama a chuir an Coimisiún ar fáil agus chuir sí teorainn leis an gcumas sin. |
|
(19) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur gá na himscrúduithe arna dtionscnamh faoi Airteagal 5 den bhun-Rialachán a thabhairt chun críche laistigh de sprioc-amanna dlíthiúla dochta a fhorordaítear leis an mbun-Rialachán, a bhfuil roinnt céimeanna nós imeachta inmheánacha agus seachtracha i gceist leo freisin. Thug an Coimisiún faoi deara gur urramaíodh go cuí an sprioc-am íosta 10 lá chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh dá bhforáiltear in Airteagal 20(5) den bhun-Rialachán sa chás i dtrácht. Ag an am céanna, de bhun an Airteagail chéanna, socrófar an spriocdháta i bhfianaise ‘práinn an ábhair a bheith curtha san áireamh mar is cuí’. I bhfianaise an mhéid sin, ní mór breathnú ar shocrú an sprioc-ama le haghaidh freagraí ar GDD ag na páirtithe leasmhara. |
|
(20) |
Ina theannta sin, tugtar cuntas cuí ar na himthosca ina bhféadfadh srianta a bheith ar na páirtithe leasmhara maidir le spriocdhátaí arna leagan síos ag an gCoimisiún a urramú agus maidir le síntí ar na spriocdhátaí, i gcás ina bhfuil údar cuí leo, a dheonú. Míníodh é sin i bpointe 9 den Fhógra Imscrúdaithe a fhorálann ‘maidir le teorainneacha ama chun faisnéis eile a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a chur isteach, beidh síntí teoranta do 3 lá mura léireofar imthosca eisceachtúla’. (5) Sa chás seo, deonaíodh síneadh 3 lá do Svepol ar bhonn an réasúnaithe a tugadh agus in éagmais imthosca eisceachtúla. Lean an Coimisiún ar aghaidh go hiomlán i gcomhréir leis an bhFógra Tionscnaimh agus lena chleachtas caighdeánach. Dá bhrí sin, ní raibh bunús leis an maíomh go sáródh an Coimisiún cearta cosanta Svepol nó páirtithe leasmhara eile agus b’éigean é a dhiúltú. |
|
(21) |
Ar an dara dul síos, ní mó ná sásta a bhí Svepol nár cuireadh achoimrí fóinteacha neamhrúnda ar cheistneoirí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin na dtáirgeoirí de chuid an Aontais ar fáil do pháirtithe leasmhara ach amháin tar éis do Svepol iarraidh a dhéanamh agus 2 mhí tar éis do tháirgeoirí an Aontais na sonraí íogaire is infheidhme a chur isteach. Ina theannta sin, de réir Svepol, ós rud é nár tugadh ach na hachoimrí neamhrúnda fiúntacha ar an bhfaisnéis íogair — a raibh an Coimisiún ag brath uirthi agus a ndearna an Coimisiún tagairt di in GDD — ceithre lá tar éis fhoilsiú GDD, rinne sé difear do chumas na bpáirtithe leasmhara fianaise a chur isteach agus barúil a thabhairt ar GDD laistigh den tréimhse ama a chuir an Coimisiún ar fáil. |
|
(22) |
Tugtar faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur sholáthair GDD sonraí comhiomlána cruinne tháirgeoirí sampláilte an Aontais maidir le praghas díola, costas táirgthe agus brabúsachta ach nach raibh sna hachoimrí neamhrúnda bríocha ar na freagraí ar an gceistneoir ach innéacsanna nó raonta ar an bhfaisnéis íogair sin agus ar an bhfaisnéis a bhaineann go sonrach le cuideachta. Ar an dara dul síos, mar a luaigh Svepol, leigheasadh an easpa achoimrí fiúntacha ceithre lá tar éis an GDD a nochtadh, rud a d’fhág 9 lá ag Svepol chun é a mheas agus na barúlacha ábhartha a chur san áireamh ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. Ar an tríú dul síos, mar a leagtar amach in aithris (20), deonaíodh síneadh 3 lá do Svepol chun freagra a thabhairt ar an nochtadh deiridh. Dá bhrí sin, ós rud é gur leigheasadh an ghné nós imeachta sin gan mhoill, ní dócha go ndéanfadh sé difear do chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara sa chás seo agus b’éigean argóintí Svepol a dhiúltú dá réir sin. |
1.5. Sampláil
|
(23) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le sampláil. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (18) go (27) den Rialachán sealadach. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(24) |
Leagtar amach in Aithris (33) den Rialachán sealadach an sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann. Is é an táirge faoi imscrúdú teireataláit phoileitiléine (‘TEP’), ag a bhfuil slaodacht 78 ml/g nó níos airde, de réir Chaighdeán ISO 1628-5. Maidir le slaodacht a chinneadh, déantar uimhir shlaodachta TPE a thomhas ar thuaslagán TPE i dtuaslagóir áirithe. Sonraítear sa chaighdeán ISO cúig mheascán éagsúla de thuaslagóirí is féidir a úsáid don tomhas:
|
|
(25) |
Cé go bhféadfadh gach ceann de na tuaslagóirí a úsáidtear uimhir shlaodachta beagán difriúil a thabhairt, is féidir foirmlí matamaiticiúla a úsáid chun an uimhir shlaodachta a fhaightear i dtuaslagóir amháin a thiontú go dtí an uimhir shlaodachta a gheofaí ag baint úsáid as tuaslagóir eile. |
|
(26) |
Tugtar faoi deara, faoin gcaighdeán DIN 53728 a bhí infheidhme roimhe seo, ar cuireadh ISO 1628-5 ina ionad, nach ndearnadh tagairt ach don tuaslagóir feanól/1,2-déchlóraibeinséin (50/50), a liostaítear faoi (a) in aithris (24) thuas. |
|
(27) |
Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ag údaráis chustaim na mBallstát agus comhsheasmhacht leis an gcaighdeán tionsclaíoch roimhe sin, soiléirítear a thuilleadh é chun críocha na n-imeachtaí sin go ndéanfar slaodacht TPE a thomhas san tuaslagóir feanól/1,2- déchlóraibeinséin (50/50) nó a thiontú go dtí an tuaslagóir feanól/1,2 - déchlóraibeinséin (50/50). |
|
(28) |
Maidir leis an raon táirgí, mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach, d’athdhearbhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin Ceville, le tacaíocht ón táirgeoir onnmhairiúcháin Incom Resources Recovery (Tianjin) Co., Ltd, a iarraidh maidir le TPE athchúrsáilte a eisiamh ó raon táirgí an imscrúdaithe, mar a leagtar amach in aithris (38) den Rialachán sealadach. Rinne an dá pháirtí leasmhara tagairt do phraghsáil dhifriúil le haghaidh TPE athchúrsáilte i gcomparáid le TPE ógh, do chuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais a bhaineann le méadú ar úsáid TPE athchúrsáilte agus leis an bhfíric nach bhfuil aon allmhairí TPE ógh ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas faoi láthair. |
|
(29) |
Cumhdaíodh sa táirge lena mbaineann, mar a shainigh an Coimisiún, allmhairí TPE ógh agus TPE athchúrsáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne, atá san iomaíocht le TPE ógh agus TPE athchúrsáilte arna dtáirgeadh ag tionscal an Aontais. Ós rud é go bhféadfadh praghsáil dhifriúil a bheith ag baint le dhá chineál táirge, ní údar é sin le heisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Chinn an Coimisiún go bhfuil na saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag an dá chineál, go raibh siad in iomaíocht le chéile agus go bhfuil méid idirmhalartaithe idir TPE ógh agus TPE athchúrsáilte (féach, mar shampla, aithrisí (254) agus (293) den Rialachán sealadach). Ní chaitheann an difríocht sa phraghsáil amhras ar na torthaí sin. Dá bhrí sin, bheadh sé míchuí agus neamhéifeachtach TPE athchúrsáilte a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Ina theannta sin, tá an líomhain nach raibh aon allmhairí TPE athchúrsáilte ann mícheart. Fiú má bhí teorainn le hallmhairí TPE athchúrsáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí siad ann. Ar aon nós, mar a luadh thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an dá chineál táirge in iomaíocht le chéile. Dá bhrí sin, allmhairí dumpáilte TPE ón tSín, gan beann ar cé acu TPE ógh nó TPE athchúrsáilte iad, fuarthas go raibh bagairt díobhála ann do tháirgeoirí TPE an Aontais dá mbarr. |
|
(30) |
In éagmais aon bharúil eile maidir le raon an táirge agus maidir leis an táirge comhchosúil, deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (33) go (39) den Rialachán sealadach. |
3. DUMPÁIL
|
(31) |
I ndiaidh nochtadh sealadach, thug táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin, Sanfame Group, agus allmhaireoir amháin, Svepol, barúlacha maidir leis na torthaí sealadacha maidir le dumpáil. |
3.1. Gnáthluach
|
(32) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (40) go (138) den Rialachán sealadach. |
3.1.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(33) |
I ndiaidh fhoilsiú na mbeart sealadach, chuir Grúpa Sanfame barúlacha isteach maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán san imscrúdú atá ann faoi láthair. D’áitigh Sanfame Group gur allmhairíodh roinnt tosca táirgeachta chun TPE a tháirgeadh i bpáirt ó thríú tíortha seachas an tSín nach ndéanann saobhadh difear dóibh agus gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, úsáid a bhaint as na praghsanna allmhairiúcháin a d’íoc an táirgeoir as na hamhábhair allmhairithe in ionad tagarmharc a chur i bhfeidhm le haghaidh na gcostas sin, ós rud é gur léiríodh leis na costais iarbhír praghsanna nach bhfuil saofa toisc go bhfuil siad á spreagadh ag fórsaí an mhargaidh. |
|
(34) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin. Cé gur thug Sanfame Group le fios ina fhreagra ar an gceistneoir gur allmhairigh sé cuid de na hamhábhair a úsáideadh chun TPE a tháirgeadh ó thíortha eile seachas an tSín, níor léirigh sé go soiléir agus go comhsheasmhach cén chuid de na costais sin a fuarthas ó lasmuigh den Sín agus cé acu de na costais sin nach bhfuil faoi réir saofa. Dá bhrí sin, níor thug grúpa Sanfame bunús lena mhaíomh go gcuirfí san áireamh praghsanna iarbhír le haghaidh méideanna áirithe amhábhair a allmhairítear faoi dhálaí an mhargaidh tríd an bhfianaise iomchuí a sholáthar. Dá bhrí sin, in éagmais fianaise gur úsáideadh an t-amhábhar allmhairithe chun TPE a tháirgeadh le haghaidh allmhairí chuig an Aontas, chinn an Coimisiún praghsanna tagarmhairc a úsáid le haghaidh cainníochtaí iomlána na n-amhábhar a úsáideadh i dtáirgeadh TPE agus dhiúltaigh sé do mhaíomh na cuideachta. |
3.1.2. Foinsí a úsáidtear chun na costais SGA agus an brabús neamhshaofa a shuí
|
(35) |
I ndiaidh fhoilsiú na mbeart sealadach, chuir Grúpa Sanfame agus Svepol barúlacha isteach maidir le rogha an Choimisiúin úsáid a bhaint as sonraí na cuideachta MPI Polyester Industries (‘MPI’) chun an tagarmharc do chostais SGA agus do bhrabús sa Mhalaeisia, an tír ionadaíoch, a chinneadh. |
|
(36) |
D’athdhearbhaigh Grúpa Sanfame agus Svepol a mbarúlacha ar an dara nóta maidir leis na foinsí a úsáidtear chun an gnáthluach a chinneadh. Sa bhreis ar na hargóintí roimhe seo, d’áitigh Grúpa Sanfame agus Svepol, mar gheall ar chineál comhtháite tháirgeadh Recron, go raibh sé ina ionadaí níos ionadaíche ná MPI. Mhaígh Svepol freisin gur thosaigh Recron ar a tháirgeadh ó pharaixiléin, ar an dóigh chéanna leis na táirgeoirí sampláilte de chuid na Síne, rud a fhágann go léirítear le costais SGA Recron costais SGA tháirgeoirí na Síne. |
|
(37) |
Ina theannta sin, mhaígh Svepol nár thug an Coimisiún bunús leis an bhfáth ar cheart sonraí airgeadais MPI agus Recron a láimhseáil ar bhealach difriúil. D’áitigh Svepol, murab ionann agus conclúidí sealadacha an Choimisiúin, nach raibh léiriú ar bith ar shuíomh gréasáin Recron gurb iad táirgí díorthaigh poileistir casta a phríomhfhócas. Ina theannta sin, seachas acmhainneacht táirgeachta a léiriú, níor léiríodh ar shuíomh gréasáin MPI gurbh é roisín TPE a phríomhghnó ó thaobh luacha nó costais de. Ina ionad sin, sonraíodh ar an suíomh gréasáin go raibh an gléasra roisín agus an muileann sníomhacháin á mbainistiú go gníomhach le chéile. D’áitigh Svepol freisin nár chuala sé riamh faoi MPI roimh an imscrúdú seo, ach gur táirgeoir é Recron a bhfuil aithne mhaith air sa tionscal. |
|
(38) |
Thairis sin, mhaígh Svepol, tríd an gconclúid shealadach nach raibh leibhéal brabúis agus costais SGA Recron réasúnta, nach ndearna an Coimisiún measúnú oibiachtúil ar na sonraí. |
|
(39) |
Mar a d’admhaigh Sanfame Group ina aighneacht, le faisnéis Recron atá ar fáil go poiblí níorbh fhéidir ábharthacht TPE a chinneadh go beacht i gcomparáid le láimhdeachas iomlán na cuideachta. Is é sin le rá, ní raibh na sonraí a bhí ar fáil go héasca sonrach do ghnó TPE. Lorg an Coimisiún an t-ionadaí is gaire atá ar fáil go héasca, lena n-áirítear faisnéis chomhdhlúite faoin táirgeoir/na táirgeoirí atá gníomhach sa ghnó lena gcumhdaítear an táirge faoi imscrúdú, i measc gnóthaí eile. Cé gur cuideachta ar mhórscála é Recron go deimhin, léirigh sé ar a shuíomh gréasáin (6) go bhfuil sé i measc na gcuideachtaí poileistir agus teicstílí comhtháite is mó ar domhan a dhíríonn ar tháirgí díorthaigh poileistir casta. Os a choinne sin, tá MPI dírithe go príomha ar mhonarú roisín TPE, mar a léirítear ar a shuíomh gréasáin (7). Chinn an Coimisiún mar sin gurb é MPI an t-ionadaí is gaire atá ar fáil go héasca agus chinn sé gan sonraí Recron a úsáid. Níor athraíodh an measúnú sin mar gheall ar an argóint nua go raibh cineál comhtháite Recron níos gaire do chineál tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na Síne. Mar a tuairiscíodh cheana, leathnaítear an comhtháthú freisin chuig táirgí díorthaigh casta arb iad fócas ghníomhaíochtaí Recron agus nach bhfuil ina gcuid den táirge atá faoi imscrúdú agus, dá bhrí sin, ní raibh an struchtúr táirgthe comhtháite de chineál inchomparáide le struchtúr monaróra roisín TPE. |
|
(40) |
Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a chinneadh sonraí MPI a úsáid chun méid réasúnta costas SGA agus brabúis a chinneadh agus an gnáthluach a ríomh. |
3.1.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(41) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (139) go (140) den Rialachán sealadach. Toisc nach bhfuarthas aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí sealadacha. |
3.1.4. Comparáid
|
(42) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (141) go (142) den Rialachán sealadach. Toisc nach bhfuarthas aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a thorthaí sealadacha. |
3.1.5. Corrlaigh dhumpála
|
(43) |
I ndiaidh dó na maímh a thuairiscítear in aithrisí (33) agus (35) thuas a dhiúltú, dheimhnigh an Coimisiún ríomh an chorrlaigh dumpála mar a shonraítear in aithris (144) den Rialachán sealadach. |
|
(44) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(45) |
In éagmais barúlacha maidir le sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (150) go (151) den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(46) |
In éagmais aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (152) go (155) den Rialachán sealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(47) |
In éagmais aon bharúlacha i ndáil le méid, sciar den mhargadh agus praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (156) go (164) den Rialachán sealadach maidir leis na pointí sin. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(48) |
Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis an gcuid seo den Rialachán sealadach. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
|
(49) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir an gearánach leagan athbhreithnithe de na sonraí maicreacnamaíocha ar fáil don chéad ráithe de 2023 (Tábla 14 den Rialachán sealadach), rud a léirigh na nuashonruithe a rinneadh ar na bunsonraí maidir le táirgeadh TPE athchúrsáilte ó shaineolaithe tionscail de chuid Wood Mackenzie, óna ndearnadh figiúirí díolacháin TPE athchúrsáilte a eachtarshuí. Mar thoradh ar an modhnú sin, tháinig laghdú thart ar 33 700 tona ar fhigiúirí ar léiriú iad ar tháirgeacht TPE thionscal an Aontais agus laghdú níos mó ná 32 100 tona ar mhéid díolachán TPE thionscal an Aontais in R1 2023. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú comhfhreagrach ar na figiúirí lena léirítear tomhaltas an Aontais sa ráithe sin, a léirítear i dTábla 14 den Rialachán sealadach. Níor athraigh an modhnú sin, áfach, na treochtaí a tugadh faoi deara agus dá bhrí sin ní dhearna sé difear do thoradh mheasúnú an Choimisiúin. Go deimhin, tar éis do Eurostat na figiúirí allmhairiúcháin le haghaidh R1 2023 a thabhairt cothrom le dáta (ó 134 604 tona go 127 608 tona), tháinig laghdú thart ar 1 phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais sa chéad ráithe de 2023 (ó 63 % go 62 %), agus d’fhan an sciar den mhargadh atá ag allmhairí Síneacha ar an leibhéal céanna. |
|
(50) |
Dar le Unesda, sonraí a bhí ar an gcomhad agus a sholáthair Unesda, tugadh neamhaird ar na sonraí sin sna sonraí a sholáthair an gearánach i mí Dheireadh Fómhair 2023 (‘sonraí mhí Dheireadh Fómhair’) agus a d’úsáid an Coimisiún chun cinneadh sealadach faoi dhíobháil a dhéanamh. Tharraing Unesda aird ar neamhréir mhór sna sonraí a sholáthair an gearánach le linn an imscrúdaithe. |
|
(51) |
Ar an gcéad dul síos, ba éard a bhí sna sonraí a sholáthair an gearánach i mí Dheireadh Fómhair ná freagra deiridh an ghearánaigh ar an gceistneoir ón gCoimisiún maidir le maicreatháscairí, a tháinig i ndiaidh roinnt iarrataí a cuireadh chuig an ngearánach na easnaimh sna sonraí a d’aithin an Coimisiún a chur i gceart. Cuirtear i bhfios go láidir gur eascair na hiarrataí maidir le heasnamh as tuilleadh bailithe faisnéise ag an gCoimisiún agus as aighneachtaí éagsúla a rinne páirtithe leasmhara le linn an imscrúdaithe, go háirithe Unesda. |
|
(52) |
Ar an dara dul síos, léiríodh i sonraí mhí Dheireadh Fómhair sonraí fíoraithe maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha agus na sonraí is fearr dá bhfuil ar fáil agus is fearr a bhfuil bunús maith leo maidir le táirgeoirí TPE athchúrsáilte an Aontais. Níor thug Unesda bunús leis na forais ar ar cheart a mheas nach bhfuil sonraí mhí Dheireadh Fómhair ceart ná ionadaíoch. Níor mhínigh sé cén fáth ar cheart don Choimisiún dul i muinín sonraí eile a úsáid ina ionad sin, nó a mhéid a bhí na sonraí dá dtagraítear in Unesda níos mionsonraithe nó níos beaichte ná sonraí mhí Dheireadh Fómhair. |
|
(53) |
I ndiaidh an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh, chaith Unesda amhras ar na hathbhreithnithe a rinneadh ar na sonraí maicreacnamaíocha agus thug sé le fios go ndearna an gearánach díolacháin, táirgeadh agus tomhaltas an Aontais a mheas faoina luach trí fhaisnéis ó fhoinsí éagsúla a úsáid, trí úsáid faoi chuing a dhúbailt agus trí shonraí le haghaidh TPE ógh agus TPE athchúrsáilte a mheascadh chuige sin. |
|
(54) |
Ní raibh bunús le líomhaintí Unesda maidir le hionramháil sonraí. Chaith an Coimisiún dua le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a fuarthas sna sonraí maicreacnamaíocha, go príomha maidir le TPE athchúrsáilte. Sholáthair na páirtithe leasmhara go léir a gcuid tuairimí agus a gcuid sonraí agus chinn an Coimisiún sonraí ó Wood Mackenzie agus PRE (‘Plastic Recyclers Europe’ – brat-chomhlachas de tháirgeoirí TPE athchúrsáilte) faoi seach a úsáid ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (56)-(57) thíos. Na ceartúcháin as ar tháinig uasdátú mhí Dheireadh Fómhair, ba é an Coimisiún a d’iarr iad chun a áirithiú go léireofaí leis na sonraí a úsáideadh freagraí buana agus/nó sonraí fíoraithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais. |
|
(55) |
Ina theannta sin, thagair Unesda don Tuarascáil maidir le Margadh TPE 2022 agus do ráta oibriúcháin na dtáirgeoirí TPE athchúrsáilte a áirítear ann mar bhonn le meastachán ar tháirgeadh agus chuir sé i gcoinne úsáid sonraí Wood Mackenzie chun meastachán a dhéanamh ar tháirgeadh TPE athchúrsáilte. |
|
(56) |
Rinne an Coimisiún na foinsí éagsúla atá ann cheana a bhreithniú go cuí, agus é ag féachaint leis an ionadaí is iontaofa agus is oibiachtúla a shainaithint in éagmais sonraí beachta maidir le TPE athchúrsáilte. Fuarthas amach go raibh úsáid Thuarascáil Mhargaidh PET 2022 míchuí ar dhá chúis: níor úsáid sé ach 2020 mar an bhliain tagartha chun an acmhainneacht oibriúcháin a bhunú, agus áiríodh ann sonraí maidir leis an Ríocht Aontaithe, an Eilvéis agus an Iorua. Os a choinne sin, áiríodh leis na sonraí de chuid Wood Mackenzie figiúirí bliantúla maidir le hídiú calóg (i.e. táirgeadh TPE athchúrsáilte) agus bhain sí go sonrach le táirgeadh thionscal an Aontais. Rinne Wood Mackenzie idirdhealú fiú idir táirgeadh TPE athchúrsáilte de ghrád bia agus TPE athchúrsáilte de ghrád neamhbhia, agus athchúrsáil cheimiceach agus dá bhrí sin measadh ar an iomlán é mar fhoinse faisnéise níos iontaofa agus a raibh bunús maith leis. In aon chás, fiú dá n-úsáidfí an Tuarascáil maidir le Margadh TPE chun meastachán a dhéanamh ar an táirgeacht TPE athchúrsáilte, is beag an tionchar a bheadh ar na táscairí (8) agus ní athrófaí leo na conclúidí ar ar tháinig an Coimisiún chun bagairt díobhála a chinneadh sa chás sin. |
|
(57) |
Thairis sin, d’áitigh Unesda nár bhreithnigh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe maidir le táirgeoirí TPE athchúrsáilte san Aontas, lena n-áirítear aitheantas na gcuideachtaí agus a n-acmhainneacht táirgeachta don tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig Unesda trasna air féin, áfach, trína mhaíomh go raibh an fhaisnéis bhliantúil chomhiomlánaithe maidir le hacmhainneacht táirgeachta san Aontas a sholáthair PRE (9) agus a d’úsáid an Coimisiún ina mheasúnú ar deireadh, ag teacht go díreach leis na sonraí a sholáthair na húsáideoirí. Mar a leagadh amach roimhe seo, rinne an Coimisiún meastóireacht ar fhoinsí éagsúla agus chinn sé an ceann a measadh gurbh é an ceann is iontaofa a úsáid – arbh é sin, i gcás acmhainneachta táirgeachta TPE athchúrsáilte, sonraí brathchomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí TPE athchúrsáilte (PRE). |
|
(58) |
In éagmais barúlacha eile, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (170) go (182) den Rialachán sealadach. |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
|
(59) |
In éagmais barúlacha maidir le táscairí micreacnamaíocha, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (183) go (198) den Rialachán sealadach. |
4.4.4. Forbairtí sa tréimhse imscrúdúcháin agus i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin
|
(60) |
De bhreis ar an measúnú a thuairiscítear in aithris (197) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún anailís bhreise ar shonraí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar amach i dTábla 1 thíos (praghsanna díola an Aontais, costas táirgthe an Aontais, brabúsacht an Aontais, agus méideanna agus praghsanna allmhairiúcháin na Síne don dara agus don tríú ráithe de 2023). Tábla 1 R2-R3 2023 Praghsanna díola/costas táirgthe/brabúsacht an Aontais agus méideanna/praghsanna allmhairiúcháin na Síne
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(61) |
Thairis sin, mar fhreagairt ar argóintí na bpáirtithe leasmhara (go háirithe na cinn a leagtar amach in aithrisí (82), (93) agus (125)), léirigh an Coimisiún sonraí maidir le táscairí micreacnamaíocha (praghas díola an Aontais chomh maith le costas táirgthe an Aontais) ar leibhéal níos gráinní, ar leibhéal ráithiúil é, don tréimhse imscrúdúcháin i dTábla 2 thíos. Tábla 2 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas thar an tréimhse imscrúdúcháin agus in R1 2023
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4.4.5. Conclúid maidir le díobháil
|
(62) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionchar diúltach ag allmhairí ón tSín ar thionscal an Aontais, go háirithe ag deireadh na tréimhse imscrúdúcháin, ach ní a mhéid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
|
(63) |
Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an anailís ar bhagairt díobhála ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(9) den bhun-Rialachán. |
5. BAGAIRT DÍOBHÁLA
5.1. Réamhrá
|
(64) |
Mar a léirítear in aithris (197) den Rialachán sealadach, lean an Coimisiún dá anailís ionchasach i ndiaidh fhorchur na mbeart sealadach, trí shonraí a bhailiú ón dara agus ón tríú ráithe de 2023, go háirithe le haghaidh bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais, le haghaidh phraghsanna díola agus chostas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais i gcomparáid leis na praghsanna allmhairiúcháin ón tSín (féach Tábla 1). Rinne an Coimisiún anailís ansin ar an ndeimhneofaí nó an neamhbhaileofaí leis na sonraí breise sin na torthaí bunaithe ar na sonraí ón tréimhse imscrúdúcháin agus ón gcéad ráithe de 2023 (féach go háirithe aithrisí (96), (79), (96), (119) agus (126) chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na torthaí a fuarthas). |
|
(65) |
I roinn 5.3, tugann an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha go léir a fuarthas i ndiaidh fhorchur na mbeart sealadach frithdhumpála a bhí fós ábhartha i ndiaidh na n-athbhreithnithe agus na hanailíse breise a rinneadh le linn na céime cinntithí. |
5.2. Measúnú cinntitheach
5.2.1. Nuashonrú ar shonraí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin maidir le hallmhairí na Síne
|
(66) |
Mar a leagtar amach in aithris (210) den Rialachán sealadach, tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tír lena mbaineann, ó 192 941 go 305 055 tona idir 2019 agus an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(67) |
Léiríodh leis na sonraí a bhí ar fáil don tréimhse bhreise ó Iúil go Meán Fómhair 2023 gur thosaigh laghdú ag teacht ar allmhairí dumpáilte na Síne i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin go dtí mí an Mheithimh 2023, i gcás ina sloinntear iad ar bhonn meán míosúil. Tábla 3 Méideanna allmhairí na Síne i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(68) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur tháinig deireadh leis an treocht maidir le méideanna a bhí ag méadú i ndiaidh an dara ráithe de 2023. Mar sin féin, agus measúnú á dhéanamh ar thábhacht agus ar iontaofacht na bhfigiúirí sin chun an anailís ar an mbagairt díobhála a dheimhniú nó a neamhbhailiú, thug an Coimisiún faoi deara freisin go bhféadfaí an laghdú ar mheánmhéideanna míosúla allmhairí na Síne ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2023 (i gcomparáid le 2022) a chur i leith éifeacht athchomhairleach (i) thionscnamh an imeachta seo an 30 Márta 2023 lena ngabhann an fhéidearthacht ar leith go nglacfaí bearta sealadacha laistigh den tréimhse 8 mí ar a mhéad agus (ii) na hiarrata ar chlárú ón ngearánach a comhdaíodh an 31 Bealtaine 2023. I bhfocail eile, na sonraí le haghaidh na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe go dtí mí an Mheithimh 2023, go díreach tar éis don ghearánach an iarraidh ar chlárú allmhairí a chur isteach, deimhnítear leo an ráta suntasach méadaithe ar allmhairí dumpáilte a breathnaíodh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Leis an laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí ó mhí an Mheithimh 2023, ní chuirtear ó bhail an chonclúid sin ós rud é gur éifeacht na hiarrata ar chlárú allmhairí atá ann d’fhonn na dleachtanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach. Iarraidh den chineál sin, go háirithe ós rud é nach raibh aon chomhartha ag an bpointe sin maidir le leibhéal na ndleachtanna féideartha a fhéadfar a fhorchur, ní féidir an éifeacht athchomhairleach a bhí aici ar mhéid na n-allmhairí a sheachaint. Mar sin, an ráta méadaithe mór ar allmhairí ó bhí 2021 ann, mar a deimhníodh leis na sonraí le haghaidh na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, is léiriú an ráta sin ar an dóchúlacht go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 3(9)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(69) |
Ina bhfreagairt ar an nochtadh deiridh, mhaígh UNESDA, bunaithe ar shonraí Eurostat, gur tháinig laghdú 20 % ar allmhairí ón tSín in 2023 agus níl aon chúis le glacadh leis go rachaidh siad chuig leibhéil 2022. Mar a leagtar amach in aithris (68), cé gur stopadh an treocht maidir le méideanna méadaitheacha allmhairí Síneacha tar éis an dara ráithe de 2023, bhí éifeacht athchomhairleach dosheachanta ag tionscnamh an imscrúdaithe sin agus ag an iarraidh ar chlárú ar mhéid na n-allmhairí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh UNESDA. |
|
(70) |
Tar éis an nochta dheiridh, d’ardaigh CPCIF na hargóintí seo a leanas freisin maidir leis an ‘éifeacht athchomhairleach’ a bhunaigh an Coimisiún in aithris (68). |
|
(71) |
Mhaígh CPCIF go gcuirtear i dtábhacht leis an laghdú suntasach ar allmhairí i R4 den tréimhse imscrúdúcháin go raibh an cor chun donais ar mhéideanna allmhairí Síneacha ar siúl cheana féin sula bhféadfadh aon ‘éifeacht fhuaraithe’ a líomhnaítear a bheith ann. Thug an Coimisiún dá aire gur thagair éifeacht athchomhairleach don tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin agus nach ndéanann laghdú sealadach ar allmhairí le linn ráithe deiridh na tréimhse imscrúdaithe difear do bhailíocht na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (68). Is amhlaidh gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí na Síne le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú ar allmhairí in R4 2022 i ndiaidh méadú leanúnach géar ar allmhairí dumpáilte sna ráithí roimhe sin agus tháinig méadú eile air ina dhiaidh sin sa chéad ráithe i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh titim den sórt sin i R4 2022 torthaí an Choimisiúin a neamhbhailiú maidir le méaduithe breise ar allmhairí go luath amach anseo, mura nglacfaí bearta. |
|
(72) |
Thairis sin, d’áitigh CPCIF i ndáil le ‘éifeacht athchomhairleach’ an imscrúdaithe reatha nach mór bunús a thabhairt le réasúnaíocht an Choimisiúin le fianaise nithiúil seachas le tuairimíocht amháin. De réir CPCIF, an chonclúid gur ‘dócha gur toradh’ é laghdú a bheith tagtha ar mhéid na n-allmhairí ar thionscnamh an imscrúdaithe nó ar an iarraidh ar chlárú, ní rud í an chonclúid sin aisti féin atá ina fianaise dheimhneach ná ina scrúdú oibiachtúil. |
|
(73) |
Ar an gcéad dul síos, ós rud é go dtagann sé go soiléir ón aithris (68) a breithníodh ina hiomláine, bhunaigh an Coimisiún éifeacht athchomhairleach ó thionscnamh an fhógartha reatha chomh maith leis an iarraidh ar chlárúchán ar mhéid na n-allmhairí. Ar an dara dul síos, tá an chonclúid ar thángthas uirthi bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil ar fhaisnéis dheimhneach, dhearfach agus infhíoraithe maidir le hallmhairí arna foilsiú ag Eurostat. Tá sé ag luí le réasún go mbeadh éifeacht athchomhairleach ar allmhaireoirí PET san Aontas dá dtionscnófaí imscrúdú, agus ina dhiaidh sin go bhféadfaí allmhairí a chlárú d’fhonn dleachtanna féideartha nach eol a méid a fhorchur go cúlghabhálach. Feictear go soiléir ar an éifeacht sin sa staidreamh allmhairiúcháin. Thairis sin, mar a mhínítear thíos, níor chuir na páirtithe leasmhara aon mhíniú bailí eile ar fáil maidir le méideanna allmhairí a bhí i bhfad níos ísle tar éis thionscnamh an imscrúdaithe agus na hiarrata ar chlárú allmhairí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(74) |
Ar deireadh, d’áitigh CPCIF go léiríonn treochtaí allmhairiúcháin roimhe seo (a thagraíonn do mheath ar allmhairí PET na Síne le linn 2018 nó 2021) nach mbaineann laghduithe marthanacha ar allmhairí le tionscnamh imscrúduithe frithdhumpála; dá bhrí sin, de réir CPCIF, níl bunús lena dhearbhú go n-eascraíonn ‘éifeacht athchomhairleach’ as tionscnamh an imscrúdaithe reatha agus an iarraidh ar chlárú. Níor cuireadh ina gcoinne cé nach gcuirtear as an áireamh gur tháinig laghdú ar allmhairí san am a chuaigh thart mar thoradh ar thosca eile nach mbaineann leis an imscrúdú frithdhumpála (amhail an t-ardú drámatúil ar rátaí loingseoireachta a tugadh faoi deara in 2021). Mar sin féin, don tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdaithe, níor chuir CPCIF aon fhianaise isteach a léiríonn go mbeadh tosca eile freagrach as an meath sa chás i dtrácht agus nach bhfuil an dara ceann inchurtha i leith thionscnamh an imscrúdaithe sin agus iarraidh ar chlárú a chomhdú, mar a mhínítear in aithris (68) agus. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh CPCIF. |
|
(75) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Svepol go gcaithfidh aon laghdú ar mhéideanna allmhairí a bhraith an Coimisiún i mí an Mheithimh 2023 a bheith ina léiriú ar threocht tráchtála a thosaigh roinnt míonna sular tionscnaíodh an t-imscrúdú reatha, eadhon costais loingseoireachta coimeádán a thabhairt ar ais go gnáthleibhéil, rud a d’fhágfadh go gcuirfí deireadh le lastais ar bhulcanna briste. Sa chomhthéacs sin, thagair Svepol don aga moille mór idir caibidlíocht an díolacháin, i.e. an t-am a n-ordaítear an táirge ón tSín, agus a allmhairiú isteach san Aontas. Mheabhraigh Svepol freisin gur idir 4 mhí agus 6 mhí a bhí an meán-am idir 4 mhí agus 6 mhí ó ordú a chur isteach le haghaidh lastas briste go dtí a theacht isteach san Aontas. |
|
(76) |
Mar a leagtar amach in aithris (68), ba é tionscnamh an nós imeachta reatha cheana féin an 30 Márta 2023 a raibh éifeacht athchomhairleach aige ar allmhairí Síneacha sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, cé go bhféadfadh an t-am idirthurais a bheith níos faide le haghaidh lastais bhulcanna briste, scoireadh díobh sin tar éis normalú na rátaí loingseoireachta agus sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Ní bheadh amanna loingseoireachta tipiciúla le haghaidh lastais coimeádán chaighdeánacha níos mó ná 2-3 mhí agus dá bhrí sin (10), fiú tar éis an bhratach ama a chur san áireamh idir an chaibidlíocht maidir leis an díolachán agus an t-allmhairiú iarbhír, agus fiú nuair a chuirtear san áireamh gur tháinig an lastas bolcéid deiridh isteach i mí an Mhárta 2023 (féach aithris (103)), bheadh lastais i gcoimeádáin chaighdeánacha freagrach as méideanna arda allmhairí sa R2 2023. Dá mba rud é gurbh é teagmhais mhí Aibreáin 2023 ba chúis leis an laghdú ar allmhairí i mí an Mheithimh 2023. Dá bhrí sin, is féidir an laghdú ar mhéideanna allmhairí na Síne i mí an Mheithimh 2023 a mhíniú mar gheall ar éifeacht athchomhairleach thionscnamh an imscrúdaithe ag deireadh mhí an Mhárta 2023, seachas tríd an athrú ó lastais bhulc briste go gnáthchoimeádáin. Lean méideanna suntasacha allmhairí ón tSín ag teacht isteach ar choimeádáin i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2023, i.e. tar éis an bhulclastais dheireanaigh i mí an Mhárta, agus dá bhrí sin ní fhéadfadh an t-athrú sin a bheith ina chúis leis an laghdú ar mhéid na n-allmhairí ón tSín ó mhí an Mheithimh 2023 ar aghaidh. |
|
(77) |
Maidir leis an tábhacht a bhaineann le loingseoireacht bhulc briste agus an gaol atá aici le loingseoireacht coimeádán, d’áitigh Svepol ina gcuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, gur léirigh anailís cheart fhíorasach gurb é ba chúis leis an méadú in 2022 gurbh í an tSín an t-aon tír onnmhairithe amháin, tar éis an bhorrtha ar chostais loingseoireachta coimeádán, a bhí in ann lastais bhulc briste a dhéanamh chuig an Aontas, rud a fuair buntáiste iomaíoch ar thíortha onnmhairithe PET eile. Nuair a cuireadh costais loingseoireachta coimeádán ar ais chuig gnáthleibhéil, chaill an tSín an buntáiste sin, rud a d’fhág go loighciúil gur tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí ón tSín agus gur tháinig méadú ar allmhairí ó fhoinsí eile. De réir na réasúnaíochta sin, ghabhfadh an tSín (go pointe) méideanna allmhairí ó thíortha onnmhairithe PET eile roimh an ngéarchéim in 2022, mar gheall ar a cumais loingseoireachta briste, agus ansin d’athghabháil na tríú tíortha atá i gceist tar éis na géarchéime agus tar éis don tSín a buntáiste iomaíoch a chailleadh. Ní thacaíonn fíricí an cháis leis an anailís sin. Mar is léir ó Thábla 16 den Rialachán Sealadach, agus nár chuir Svepol ina choinne, fuair na príomhthíortha onnmhairiúcháin PET, an Éigipt, Türkiye agus Vítneam sciartha den mhargadh in 2022 seachas sciartha den mhargadh a cailleadh. Dá bhrí sin, tá teoiric ina bhfuil an tSín ag cailleadh éifeachtaí a buntáiste iomaíoch sa loingseoireacht sa tríú ráithe de 2023 agus go bhfuil an margadh a tógadh ó thríú tíortha roimhe sin á n-athghabháil. Níor ghlac an tSín riamh sciar den mhargadh ó na tíortha sin. Mar a léirítear i dTábla 14 den Rialachán Sealadach, ba é Tionscal an Aontais an t-aon chaillteanas suntasach den sciar den mhargadh idir an chéad ráithe de 2022 agus an chéad ráithe de 2023, agus chaill sé 11 phointe céatadáin den sciar den mhargadh le linn na tréimhse sin. Dá bhrí sin, níorbh é tíortha onnmhairiúcháin eile PET ba chúis leis an laghdú ar allmhairí PET na Síne ó mhí an Mheithimh 2023 ar aghaidh agus sciartha den mhargadh nár chaill siad riamh in 2022 a fháil ar ais, ach mar gheall ar thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála i gcoinne allmhairí ón tSín trí mhí roimhe sin. |
5.2.2. Gnéithe eile: Brabúsacht agus táscairí eacnamaíocha eile
|
(78) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (230), (231) agus (233) agus i dTábla 14 den Rialachán sealadach, shroich brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais leibhéil neamh-inbhuanaithe de -12 % agus 11 % sa cheathrú ráithe de 2022 agus sa chéad ráithe de 2023 faoi seach, nuair ba mhó an brú praghsanna ón tSín i ndiaidh an mhéadaithe leanúnaigh ar allmhairí. |
|
(79) |
Leis an bhfaisnéis bhreise a bailíodh don tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, suíodh go leanfaí de threocht na brabúsachta diúltaí ag táirgeoirí an Aontais (féach Tábla 1), agus suíodh leibhéil caillte airgid ag - 11 % agus - 13 % sa dara agus sa tríú ráithe de 2023 faoi seach. |
|
(80) |
Dar le Svepol, an rud a deimhníodh nárbh iad allmhairí ón tSín ba chúis le brabúsacht thionscal an Aontais in R4 2022 agus R1 2023 ná go raibh laghdú leanúnach ag teacht ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais in 2023, cé gur tháinig laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí ón tSín ó mhí an Mheithimh 2023 i leith. |
|
(81) |
Easaontaíonn an Coimisiún le tuiscint Svepol ar na fíorais. Chinn an Coimisiún (bunaithe ar mhínithe a sholáthair na páirtithe leasmhara) go bhfuil aga moille mór idir caibidlíocht an díolacháin, i.e. an t-am a n-ordaítear an táirge ón tSín, agus a allmhairiú isteach san Aontas. Is ag an bpointe ama nuair a chaibidlítear an díolachán a théann díolacháin na Síne agus díolacháin an Aontais in iomaíocht le chéile. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (68), baineann an laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí ó mhí an Mheithimh 2023 ar aghaidh leis an imscrúdú frithdhumpála agus go háirithe le hiarraidh ar chlárú seachas le haon fhórsa margaidh ar leith. Léirigh an laghdú ar mhéid na n-allmhairí a breathnaíodh ó mhí an Mheithimh 2023 iarracht dhóchúil na n-allmhaireoirí a neamhchosaint ar dhleachtanna frithdhumpála cúlghabhálacha féideartha a theorannú ach níor chuir sé deireadh le brú praghsanna allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a bhí gan bhac ag aon bheart ag an bpointe sin. Dá bhrí sin, ní haon iontas é, fiú nuair a léiríodh leis an staidreamh laghdú ar na hallmhairí dumpáilte, go raibh tionscal an Aontais fós ag cailleadh airgid agus nár tháinig sé chuige féin láithreach. |
5.3. Barúlacha na bpáirtithe leasmhara i ndiaidh bearta sealadacha
|
(82) |
Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, d’áitigh CPCIF (comhlachas tháirgeoirí TPE na Síne) nár sholáthair an Coimisiún aon sonraí ráithiúla faoi phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ná nár sholáthair sé aon fhaisnéis i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin faoi phraghsanna an Aontais agus mar thoradh air sin nár scrúdaigh an Coimisiún go hoibiachtúil praghsanna agus éifeachtaí praghsanna bunaithe ar fhianaise dhearfach. D’áitigh CPCIF freisin nár tugadh aon fhaisnéis don tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin sa Rialachán sealadach maidir leis na hallmhairí ón tSín a rinne cuideachtaí is déantóir gearáin de chuid thionscail an Aontais. |
|
(83) |
Mar a suíodh in aithris (231) den Rialachán sealadach, bhí tionscal an Aontais ag díol faoi bhun an chostais táirgthe sa ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdúcháin agus sa chéad ráithe i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún go hoibiachtúil, bunaithe ar fhianaise dhearfach, éifeachtaí allmhairí dumpáilte na Síne ar phraghsanna an Aontais. Na sonraí sonracha maidir le praghsanna ráithiúla díola an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin agus i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, costas táirgthe agus praghsanna allmhairiúcháin an Aontais agus méideanna allmhairí lena n-aithnítear na hallmhairí ó tháirgeoirí an Aontais is déantóir gearáin (atá anois ar mhaithe le hiomláine agus soiléireacht a chuirtear i láthair i dTábla 1 agus i dTábla 2 faoi seach), ós rud é nár leagadh amach roimhe seo iad sa Rialachán sealadach, níor neamhbhailíodh an chonclúid ar ar tháinig an Coimisiún sa deireadh. |
|
(84) |
D’áitigh CPCIF go raibh measúnú an Choimisiúin sa Rialachán Sealadach bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin míchruinne. De réir CPCIF, thuairiscigh Eurostat gurbh é a bhí i méid na n-allmhairí ón tSín sa chéad leath de 2023 216 560 tona, rud a bhí ag teacht salach ar dhearbhú an Choimisiúin go raibh 223 558 tona ann. Mar an gcéanna, ba é 144 706 tona méid na n-allmhairí taifeadta don tréimhse chomhfhreagrach in 2022 , rud a bhí éagsúil ó shuíomh an Choimisiúin go raibh 139 672 tona ann. Dá bhrí sin, bheadh an méadú bliain i ndiaidh bliana ar allmhairí ón tSín níos lú ná 50 %, seachas an 60 % a chuir an Coimisiún in iúl. |
|
(85) |
Bhí measúnú an Choimisiúin sa Rialachán Sealadach bunaithe ar shonraí allmhairiúcháin arna dtuairisciú tráth a baineadh na sonraí le haghaidh chéim shealadach an imscrúdaithe. Ní fhacthas an difríocht idir na sonraí a d’úsáid an Coimisiún agus na sonraí a bhain CPCIF ach ag an bpointe ama ar baineadh na sonraí as Eurostat. Tá sé sin mar gheall ar na nuashonruithe éagsúla a dhéantar ó am go chéile ar shonraí a thuairiscítear in Eurostat. Gan beann air sin, leis na sonraí athbhreithnithe, ní bheifí ábalta measúnú an Choimisiúin a neamhbhailiú nó a athrú ar shlí eile agus bheadh an cinneadh a rinneadh in aithris (210) den Rialachán sealadach mar an gcéanna i gcónaí de réir substainte de, i.e. gur suíodh ráta suntasach méadaithe ar allmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais, rud a léiríonn gur dóchúil go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí. |
|
(86) |
D’áitigh Svepol agus Unesda nach bhféadfadh an méadú beag de 1 go 1,5 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú a bheith mar bhonn le cinneadh go raibh bagairt díobhála ann. Rinne Svepol comparáid eile idir éabhlóid an sciar den mhargadh idir allmhairí ón tSín agus allmhairí tríú tíortha eile, ag tagairt don sciar den mhargadh atá ag an Tuirc, ag Vítneam agus ag an Éigipt, sciar atá ag méadú go tapa (méadú comhiomlánaithe 5 phointe céatadáin ar an sciar den mhargadh). |
|
(87) |
Ar an gcéad dul síos, an méadú 1 go 1,5 % ar an sciar den mhargadh ag an tSín, is éard a bhí i gceist leis sin an sciar den mhargadh a bhí ann tar éis allmhairí ón tSín ag tionscal an Aontais a asbhaint. Sa chomhthéacs sin, ní léir cad é cion na n-allmhairí ó thríú tíortha eile a rinne tionscal an Aontais agus a gcuideachtaí gaolmhara agus, dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil an chomparáid a rinne Svepol cóir agus oibiachtúil. Thairis sin, rinne Svepol an méadú ar an sciar den mhargadh do na tíortha onnmhairiúcháin móra eile a chomhiomlánú agus chuir sé an figiúr comhiomlánaithe sin i gcomparáid le hallmhairí na Síne. |
|
(88) |
Gan beann ar a bhfuil thuas, murab ionann agus mar a d’áitigh na páirtithe, agus an ráta suntasach méadaithe ar allmhairí dumpáilte á chinneadh, ní raibh an Coimisiún ag brath go heisiach ar an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tSín le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Bheadh cur chuige den sórt sin míchuí i bhfianaise fhíorais an cháis seo agus go háirithe nach raibh bagairt na díobhála le feiceáil ach ag deireadh na tréimhse imscrúdúcháin. Mar a leagtar amach in aithris (210) den Rialachán sealadach, rinneadh anailís níos gráinní, lena ndearnadh measúnú ar éabhlóid an sciar den mhargadh maidir le hallmhairí dumpáilte thar thréimhsí ábhartha, i.e. comparáid a dhéanamh idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin agus an chéad leath de 2022 agus an chéad leath de 2023. Léiríodh leis an measúnú sin ráta suntasach méadaithe, rud a léiríonn gur dóchúil go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint a rinne Svepol agus UNESDA. |
|
(89) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh UNESDA (ag tagairt don fhíoras gurbh é an gearánach a rinne 45-62 % den mhéadú ar allmhairí ón tSín a tharla le linn na tréimhse imscrúdaithe) mura n-atosaíonn tionscal an Aontais allmhairí ón tSín, nach bhfuil aon chúis ann glacadh leis go dtiocfaidh méadú suntasach arís ar allmhairí. I ndáil leis sin, tugtar faoi deara nach bhfuil an toradh go bhfuil bagairt dhíobhálach ag brath ar allmhairí ó thionscal an Aontais, agus, mar a leagtar amach in aithris (252) den Rialachán sealadach, nach ndéanann na hallmhairí sin difear d’anailís díobhála an Choimisiúin. |
|
(90) |
D’áitigh CPCIF cinneadh líomhnaithe an Choimisiúin gur fhág forchur na mbeart cosanta trádála ag tíortha áirithe nach mbeadh sé indéanta go hiomlán d’onnmhaireoirí na Síne rochtain a fháil ar na margaí sin. D’áitigh CPCIF freisin nach ndearna an Coimisiún scrúdú ar mhargaí onnmhairiúcháin malartacha le linn na tréimhse imscrúdúcháin nó sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Rinne CPCIF tagairt do mhargaí amhail an Indinéis, an India, nó an tSeapáin agus dá n-acmhainneacht allmhairiúcháin shuntasach agus/nó dá n-allmhairí suntasacha ón tSín i mí Mheán Fómhair 2023 d’ainneoin go raibh bearta cosanta trádála ann. D’athdhearbhaigh CPCIF a argóintí tar éis an nochta dheiridh. |
|
(91) |
Ar an gcéad dul síos, níor tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur fhág forchur na mbeart cosanta trádála ag tíortha áirithe nach mbeadh sé indéanta go hiomlán d’onnmhaireoirí na Síne rochtain a fháil ar na margaí sin. Luaigh sé in aithris (217) den Rialachán sealadach go bhfuil sé ag éirí níos deacra rochtain a fháil ar mhargaí áirithe do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne (ach nach bhfuil sé dodhéanta go hiomlán). Ar an dara dul síos, rinneadh scrúdú cuí ar mhargaí onnmhairiúcháin le haghaidh TPE na Síne, rud a thagann salach ar mhaíomh CPCIF. Mar a leagtar amach in aithris (220) den Rialachán sealadach, ní dhearnadh baol ar an oiread onnmhairithe TPE ón tSín go dtí aon cheann scríbe eile, seachas Cónaidhm na Rúise, agus a rinneadh chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, lean an treocht sin ar aghaidh freisin i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, sa chéad leath de 2023. Léiríodh leis na staitisticí gurb é an tAontas príomhcheann scríbe onnmhairiúcháin TPE na Síne, agus is dócha, in éagmais beart, go ndíreofar cuid mhór de ró-acmhainneacht na Síne lena honnmhairiú chuig an Aontas. Níor chuir na páirtithe leasmhara aon argóintí a raibh bunús leo leis an gcinneadh sin a neamhbhailiú. Thairis sin, chun críocha na hanailíse sin, na figiúirí maidir le honnmhairí na Síne isteach san Aontas agus a gcomparáid le honnmhairí isteach i margaí eile ón dara leath de 2023, measadh nach raibh siad ionadaíoch i bhfianaise na héifeachta athchomhairlí a bhí ag an imscrúdú sin ar leibhéal na n-allmhairí ón tSín (féach aithris (68)). Rinne an Coimisiún tagairt bhreise don mheasúnú a rinneadh in aithrisí (221) agus (247) den Rialachán sealadach, measúnú a bhí fós bailí. |
|
(92) |
Mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, d’áitigh CPCIF, trí éifeacht athchomhairleach a agairt, go bunúsach go gcuireann an Coimisiún críoch Airteagal 3(9)(b) den bhun-Rialachán ar neamhní maidir le hinfhaighteacht margaí onnmhairiúcháin eile chun aon onnmhairí breise a ionsú, agus measúnú á dhéanamh aige ar an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú suntasach ar onnmhairí dumpáilte chuig an Aontas. Meabhraíodh go ndearna an Coimisiún anailís chuí ar infhaighteacht margaí onnmhairiúcháin eile, go háirithe sa tréimhse chinntitheach chun bagairt dhíobhálach a bhunú agus thug sé aghaidh ar aon bharúil shubstainteach a rinneadh ina leith sin (féach aithrisí (217), (220)-(221) den Rialachán sealadach chomh maith le haithris(91)). Ós rud é go dtrasnaíonn sí go soiléir ó aithris (91), tá an tagairt d’éifeacht athchomhairleach teoranta don tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin den dara leath de 2023 agus ní hionann í agus an t-aon údar le torthaí an Choimisiúin i ndáil le hAirteagal 3(9)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(93) |
Chuir Svepol i bhfios go láidir nach mór cinneadh a dhéanamh maidir le bagairt díobhála ábhartha le linn na tréimhse dá raibh sé líomhainte, mar atá R4 2022 agus R1 2023. D’áitigh Svepol nár sholáthair an Coimisiún aon fhianaise ar shladghearradh praghsanna ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in R4 2022 agus R1 2023 agus gur tháinig laghdú ar phraghsanna agus ar bhrabúsacht thionscal an Aontais de bharr an tsladghearrtha praghsanna líomhainte sin. D’áitigh Svepol freisin, fiú dá suífeadh an Coimisiún sladghearradh praghsanna in R4 2022 agus R1 2023, nár shuigh sé go raibh ísliú praghsanna nó srianadh praghsanna ann mar thoradh ar allmhairí TPE ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, sa tréimhse imscrúdúcháin, agus go háirithe le haghaidh R4 2022 agus R1 2023, d’ainneoin gur tháinig sé ar an gconclúid go sealadach gurbh amhlaidh a bhí. |
|
(94) |
I ndiaidh an nochta deiridh, d’áitigh Svelop gurb amhlaidh go dtabharfaidh an Coimisiún, agus anailís á déanamh aige ar bhagairt díobhála, go dtabharfaidh sé aird ar an gceist ar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna trí na hallmhairí dumpáilte i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil ón tionscal de chuid an Aontais, nó ar tharla ar bhealach eile de thoradh na n-allmhairí sin go ndearnadh praghsanna a laghdú go suntasach nó gur coisceadh go mór méadú a thiocfadh ar phraghsanna murach sin. Ina fhreagairt ar an nochtadh deiridh, d’áitigh CPCIF freisin go léiríonn na sonraí is déanaí ó R3 2023, sonraí atá ríthábhachtach do bhagairt an Choimisiúin ar anailís díobhála, nach ndéanann praghsanna allmhairiúcháin na Síne sladghearradh ar phraghsanna díolacháin an Aontais. |
|
(95) |
Easaontaíonn an Coimisiún gur ceanglaíodh air sladghearradh a ríomh ar feadh tréimhsí ráithiúla laistigh den tréimhse imscrúdúcháin. Go deimhin, mar a luaigh an Chúirt in Giant Electric (11), ní cheanglaítear ar an gCoimisiún faoi Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán sladghearradh praghsanna a chinneadh ar chor ar bith agus is féidir leis a anailís díobhála a bhunú agus, dá bhrí sin, an nasc cúisíoch, ar fheiniméin eile praghais a liostaítear in Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán, amhail ísliú suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais nó cosc ar mhéaduithe ar phraghsanna go suntasach. Easaontaíonn an Coimisiún freisin nach raibh a anailís ar phraghsanna mionsonraithe go leor, nuair a chuir sé san áireamh ní hamháin an fhaisnéis don tréimhse imscrúdúcháin ach nuair a rinne sé measúnú freisin ar staid na n-allmhairí dumpáilte agus ar thionscalan Aontais ar bhonn ráithiúil le haghaidh na dtréimhsí imscrúdúcháin agus i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. D’fhéach an Coimisiún freisin ar fhaisnéis ráithiúil faoi mhéideanna agus faoi phraghsanna allmhairí na Síne, chomh maith le táirgeadh, díolacháin, praghsanna agus costais thionscal an Aontais (féach Tábla 14 den Rialachán sealadach agus Tábla 1 chomh maith le Tábla 2 den Rialachán seo). Toisc go raibh sé soiléir cheana féin ó na sonraí agus ón anailís in aithrisí (222) go (224) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, mar gheall ar shreabhadh mór isteach na n-allmhairí dumpáilte ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar phraghsanna lenar sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais, gurbh éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna a ísliú sa ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdúcháin agus sa chéad ráithe i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, rud a d’fhág gur chaill sé airgead sa dá ráithe sin. Le méid mór leanúnach allmhairí na Síne ar phraghsanna a bhí ag laghdú i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, go háirithe in R1 2023, léiríodh athrú eile i dtreo na n-allmhairí dumpáilte sin ar phraghsanna lenar cuireadh cosc mór ar phraghsanna tháirgeoirí an Aontais. |
|
(96) |
Feictear na treochtaí diúltacha sin freisin sna sonraí maidir leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin le haghaidh R2 agus R3 2023 maidir le praghsanna díola, costas táirgthe agus brabúsacht (féach Tábla 1). Léiríodh leis na meánphraghsanna díola chomh maith le costas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais, murab ionann agus an chéad trí ráithe den tréimhse imscrúdúcháin, amhail ón ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdúcháin go dtí R3 2023, gur brúdh síos praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais faoi bhun leibhéal an chostais táirgthe mar gheall ar allmhairí na Síne. |
|
(97) |
Ina theannta sin, léiríodh le comparáid idir sonraí díolacháin an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte le haghaidh R4 2022 go raibh sladghearradh 8 % á dhéanamh ar phraghsanna an Aontais mar gheall ar phraghsanna na Síne. Dá bhrí sin, ní hamháin go raibh ar thionscal an Aontais déileáil le sladghearradh suntasach le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine, ach freisin ag deireadh na tréimhse imscrúdúcháin nuair a tháinig bagairt díobhála chun cinn. |
|
(98) |
Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh CPCIF nár thug an Coimisiún údar cuí leis an bhfáth ar chuir sé an t-ísliú praghsanna i leith allmhairí dumpáilte, go háirithe ós rud é go raibh an laghdú ar phraghsanna ó R4 2022 ag teacht go dlúth leis an laghdú ar chostais an tionscail intíre. Mar a leagtar amach in aithris (96) thuas, amhail ón ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdaithe go dtí R3 2023, brúite síos praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais faoi bhun leibhéal an chostais táirgeachta ag allmhairí na Síne. Cé go bhféadfadh sé gur tháinig laghdú ar phraghsanna díola thionscal an Aontais ag ráta atá cosúil leis an gcostas táirgthe, ní mhíníonn treocht den sórt sin cén fáth a raibh na praghsanna díolacháin faoi bhun an táirgthe costais. |
|
(99) |
Chuir CPCIF i gcoinne chinneadh an Choimisiúin a rinneadh sa Rialachán sealadach ‘gur léiríodh méadú suntasach ar allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach freisin nár cuireadh deireadh leis an treocht sin nó nár aisiompaíodh í le linn na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin’, ag tagairt do laghdú suntasach ar allmhairí ó bhí mhí an Mheithimh 2023 ann. D’athdhearbhaigh CPCIF a argóint tar éis an nochta deiridh, agus dúirt sé, in ainneoin Rialacháin shealadaigh, gur ghéill an Coimisiún gur stopadh an treocht maidir le méideanna méadaitheacha tar éis an dara ráithe de 2023. |
|
(100) |
Is féidir an laghdú ar mhéideanna allmhairí na Síne i ndiaidh mhí an Mheithimh 2023 a mhíniú le héifeacht athchomhairleach an imscrúdaithe sin dá dtagraítear in aithris (68). Tá an laghdú sin ar mhéideanna allmhairí sealadach, agus dhéanfaí treocht den sórt sin a aisiompú mura bhforchuirfí aon bhearta. Thairis sin, níl aon neamhréireacht idir na torthaí ar ar thángthas sa Rialachán sealadach (i gcás ina scrúdaítear an treocht go dtí R1 2023 san áireamh) agus na torthaí cinntitheacha ar a dtagtar anseo, ag tabhairt faoi deara gur stopadh an treocht maidir le méideanna a bhí ag dul i méid tar éis an dara ráithe de 2023. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh CPCIF. |
|
(101) |
Mhaígh CPCIF freisin, na sonraí maidir leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán sealadach, go háirithe an treocht dhearfach maidir le táirgiúlacht, méideanna díola an Aontais agus an bhrabúsacht in R1 2023 i gcomparáid le R4 2022, nach raibh siad ina mbunús fianaise lena dhearbhú gurbh ann do bhagairt díobhála mar gheall ar allmhairí TPE na Síne. |
|
(102) |
Cé gur léiríodh leis na táscairí ar thug CPCIF tuairisc orthu treocht dhearfach, ní mór na táscairí a fheiceáil i gcomhthéacs níos leithne agus iad a chur i gcomparáid go príomha leis an staid sa tréimhse sula suíodh bagairt díobhála (féach aithris (238) den Rialachán sealadach). Léiríodh go soiléir san anailís sin, le tacaíocht bhreise ó shonraí breise R2 agus R3 2023 maidir le brabúsacht (féach Tábla 1) go raibh tionscal an Aontais i staid leochaileach a d’fhéadfaí díobháil ábhartha teacht as láithreach, in éagmais beart. |
|
(103) |
Mhaígh Svepol nár tugadh aghaidh leis an Rialachán sealadach ar thionchar an athraithe a rinne táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ar lastais lasta ghinearálta le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dar le Svepol, ba é an toradh a bhí ar an mborradh faoi chostais loingseoireachta le linn na coda deiridh de 2021 agus le linn fhormhór na tréimhse imscrúdúcháin ná go raibh úsáideoirí agus allmhaireoirí TPE an Aontais ag dul i muinín lastais lasta ghinearálta in ionad iompar caighdeánach coimeádán a úsáid, rud a mhéadaigh na méideanna allmhairí ón tSín. D’áitigh Svepol nach raibh an buntáiste iomaíoch a bhain le lastais lasta ghinearálta na Síne ach ina bhuntáiste sealadach a d’imigh ó shin le normalú na gcostas loingseoireachta coimeádán — fíoras a léiríodh go háirithe leis an laghdú ar allmhairí TPE ón tSín in R2 2023 i ndiaidh an lastais lasta ghinearálta dheireanaigh i mí an Mhárta 2023 (12). Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh UNESDA freisin ós rud é go bhfuil costais lasta ar ais chuig gnáthchostais agus nár éirigh le hallmhairí i mbulc, ní raibh údar leis glacadh leis go raibh dóchúlacht ann go dtiocfadh méadú ar allmhairí ón tSín arís. |
|
(104) |
Cé go n-admhaítear gur tháinig cuid mhór de na lastais TPE ón tSín in 2022 i soithí lasta ghinearálta, mar a sonraíodh sa Rialachán sealadach (féach aithris (228)), thosaigh na costais iompair ag normalú i ndiaidh na buaicthréimhse a mhair go dtí lár 2022. Mar sin féin, breathnaíodh borradh ar allmhairí na Síne an t-am ar fad go dtí an dara leath de 2023 (13), is é sin i bhfad i ndiaidh do na costais loingseoireachta filleadh ar na gnáthleibhéil agus i ndiaidh imréiteach an lastais lasta ghinearálta dheireanaigh arna mhaíomh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún, fiú gan na lastais lasta ghinearálta, go raibh méideanna móra i gceist leis na hallmhairí na Síne a tháinig isteach san Aontas. Thairis sin, mar a leagtar amach in aithris (68), is féidir an laghdú ar mhéideanna allmhairí na Síne i dtreo dheireadh R2 2023 a mhíniú le héifeacht athchomhairleach an imscrúdaithe sin, seachas leis an athrú ó lastais lasta ghinearálta go gnáthchoimeádáin. Dá bhrí sin, fiú má bhí comhtharlú ann idir úsáid na lastas lasta ghinearálta agus an méadú ar allmhairí na Síne le linn 2021 agus cuid de 2022, níorbh fhéidir measúnú an Choimisiúin a rinneadh sa Rialachán sealadach a neamhbhailiú le himthoisc dá leithéid. |
|
(105) |
Torthaí R4 2022 sa tréimhse imscrúdúcháin lenar bhain an treocht in allmhairí a bhí ag laghdú go follasach i dtreo dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin, mhaígh CPCIF, i ndiaidh an nochta shealadaigh, nár léirigh na torthaí sin díobháil ‘intuartha’, díobháil ‘atá ar tí tarlú’, ná bagairt díobhála ‘atá ag teacht’. Mhaígh CPCIF freisin, dá dtarlódh bagairt díobhála in R4 2022, go bhféadfaí é a chur i leith allmhairí ón tSín. Thairis sin, de réir CPCIF, ós rud é go raibh tionscal an Aontais ábalta a ghlanbhrabúis, a dhíolacháin agus a phraghsanna díola a mhéadú go suntasach ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú nuair a bhí allmhairí ón tSín i bhfad ní b’airde ná mar a bhí in R4 den tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart don Choimisiún é sin a admháil agus a scrúdú go hoibiachtúil. D’athdhearbhaigh CPCIF a sheasamh tar éis an nochta dheiridh, ag moladh go hearráideach gur staon an Coimisiún ó aghaidh a thabhairt ar an argóint sin a chuir CPCIF chun cinn. |
|
(106) |
Ar an gcéad dul síos, níorbh fhéidir déileáil le torthaí R4 2022 maidir le leibhéal na n-allmhairí ar leithligh chun an bhagairt díobhála a chinneadh. Ar an dara dul síos, mar a leagtar amach in aithris (237) den Rialachán sealadach, tháinig méadú suntasach ar allmhairí na Síne le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar allmhairí in R4 2022 i ndiaidh méadú leanúnach géar ar allmhairí dumpáilte sna ráithí roimhe sin agus tháinig méadú eile air ina dhiaidh sin sa chéad ráithe i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Leis na forbairtí sin, a ndearnadh measúnú orthu ina n-iomláine agus i gcomhar le héifeacht choiscthe na n-allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna an Aontais i dtreo dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin agus sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, léiríodh an t-athrú ar imthosca lenar cruthaíodh staid dhíobhálach de bharr na n-allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a bhí intuartha go soiléir agus ar léir ina leith go raibh sí ar tí tarlú. |
5.4. Conclúid maidir le bagairt díobhála
|
(107) |
Mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach, cé go raibh ag éirí go maith le tionscal an Aontais go dtí an tríú ráithe de 2022, thosaigh laghdú as cuimse ag teacht ar bheagnach gach táscaire díobhála le linn na ráithe deireanaí de 2022 agus lean an staid dhiúltach sin ar aghaidh le linn na chéad ráithe de 2023. |
|
(108) |
Deimhníodh le tuilleadh imscrúdaithe ag an gcéim chinntitheach go bhfuil tionscal an Aontais fós i staid leochaileach agus gur leanadh leis treocht dhiúltach ag táirgeoirí an Aontais arna suí sa Rialachán sealadach in R2-R3 2023. Go sonrach, léirítear leis na praghsanna díola chomh maith le costas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais don tréimhse sin, i gcomhréir le deireadh na tréimhse imscrúdúcháin agus R1 2023, gur leanadh le cosc a chur ar phraghsanna díola an Aontais in R2-R3 2023 leis na hallmhairí dumpáilte ón tSín. Bhí praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais fós faoi bhun leibhéal an chostais táirgthe agus lean le caillteanas airgid thionscal an Aontais ag -11 % agus -13 % sa dara agus sa tríú ráithe de 2023 faoi seach. |
|
(109) |
Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a chonclúidí gurbh ann do bhagairt díobhála do thionscal an Aontais, díobháil atá intuartha go soiléir agus ar léir ina leith go raibh sí ar tí tarlú, ag deireadh na tréimhse imscrúdúcháin faoi mar a leagtar amach in aithrisí (238) go (242) den Rialachán sealadach. |
6. CÚISÍOCHT
6.1. Measúnú
|
(110) |
Ina thorthaí sealadacha, rinne an Coimisiún éifeachtaí na dtosca uile a bhí ar eolas (Allmhairí ag na gearánaigh agus ag na cuideachtaí gaolmhara leis na gearánaigh, úsáid mhéadaithe as TPE athchúrsáilte ag úsáideoirí TPE, allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, méaduithe ar chostais ar amhábhar agus ar phraghsanna fuinnimh, méadú ar chostais infheistíochta agus roghanna ceannaigh custaiméirí) maidir le staid thionscal an Aontais a idirdhealú agus a scaradh ó éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Mar sin féin, fuarthas nach raibh éifeacht na dtosca eile sin, más ann dóibh, ar fhorbairtí diúltacha thionscal an Aontais ach teoranta, agus níor maolaíodh leo an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an bagairt díobhála ábhartha. |
|
(111) |
I ndiaidh na sonraí maidir leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a thabhairt cothrom le dáta ag an gcéim chinntitheach, léirítear leis na sonraí ráithiúla maidir le costas táirgthe agus praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais in R2 agus R3 2023 (a leagtar amach i dTábla 1) gur leanadh d’iallach a chur ar tháirgeoirí an Aontais díol faoi bhun an chostais mar thoradh ar an mbrú a bhí ag teacht ó allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a thacaigh le torthaí sealadacha an Choimisiúin. Maidir leis an bpointe sin, mhaígh Svepol ina fhreagra ar an nochtadh deiridh nár mhínigh sé conas nár mhaolaigh an t-aisiompú sna coinníollacha allmhairiúcháin i R4 2022-Q3 2023 an brú líomhnaithe ar tháirgeoirí an Aontais. |
|
(112) |
Maidir leis na sonraí allmhairiúcháin is déanaí (le haghaidh R2-R3 2023) ón tSín agus ó thríú tíortha eile, d’ainneoin an laghdaithe ar allmhairí Síneacha sa tréimhse sin mar gheall ar éifeacht athchomhairleach thionscnamh an imscrúdaithe seo (féach aithris (68)), lean táirgeoirí an Aontais de bheith thíos leis mar gheall ar na héifeachtaí a bhaineann le sochtadh praghsanna gan mhaolú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, rud a chuir cosc ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a shocrú os cionn a gcostas táirgthe. |
|
(113) |
I bhfianaise a bhfuil thuas agus i gcomhréir le Roinn 6.1 den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid go raibh tionchar diúltach ag na hallmhairí dumpáilte ón tSín ar staid thionscal an Aontais agus go raibh siad ina gcúis le bagairt díobhála ábhartha do thionscal an Aontais agus nach rabhthas ábalta nasc cúisíoch den sórt sin a mhaolú leis na tosca eile. |
6.2. Barúlacha na bpáirtithe leasmhara i ndiaidh bearta sealadacha
|
(114) |
Mhaígh CPCIF nár shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an bhagairt díobhála ó na hallmhairí dumpáilte sin. Dar le CPCIF (gan anailís mhionsonraithe a sholáthar ar an bpointe sin), ní dhearnadh anailís fhiúntach sa Rialachán Sealadach agus ní raibh aon ghné chúisíochta ann, a raibh fianaise leordhóthanach ina bunús léi, lenar léiríodh go raibh leibhéal na méideanna agus/nó na bpraghsanna freagrach as tionchar diúltach ar thionscal an Aontais. D’athdhearbhaigh CPCIF a argóint tar éis an nochta dheiridh. |
|
(115) |
Rinne an Coimisiún tagairt do Roinn 6 den Rialachán sealadach inar leagadh amach na cúiseanna leis an gconclúid gur suíodh an chúisíocht de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh. |
|
(116) |
Mhaígh Svepol nár léirigh an Coimisiún go raibh gaol cúisíoch dearfach idir ‘praghsanna ísle na n-allmhairí ón tSín’ arna líomhain in R4 2022 agus R1 2023 agus an cosc ar phraghsanna thionscal an Aontais, rud a d’fhág gur tháinig meath suntasach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais sa ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdúcháin agus ar na caillteanais a bhí ann in R1 2023. Ina fhreagairt ar an nochtadh deiridh, mhaígh Svepol gur theip ar an gCoimisiún a mhíniú conas a bhí na méideanna allmhairí ar an leibhéal ab airde agus cén uair a bhí na praghsanna allmhairiúcháin íseal le linn na chéad trí ráithe de 2022, go raibh táirgeoirí an Aontais in ann an t-ionsú praghsanna ab fhearr agus ‘diúltaigh’ a dhéanamh. D’ainneoin na hanailíse a leagtar amach san aithris (117), mhol CPCIF freisin ina fhreagairt ar an nochtadh deiridh nach léirítear in anailís an Choimisiúin go bhfuil margadh PET an Aontais fós faoi bhrú praghsála anuas mar gheall ar éileamh lag leanúnach. |
|
(117) |
Mar a leagtar amach in aithris (249) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú suntasach ar leibhéal táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, díreach i ndiaidh tréimhse inar tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tSín. Cé go raibh tionscal an Aontais ábalta é féin a chosc ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte ón tSín sa chéad trí ráithe den tréimhse imscrúdúcháin trí oibríochtaí brabúsacha TPE agus méideanna díolachán réasúnta cobhsaí an Aontais a choinneáil ar bun, ba é ba chúis leis sin glacadh leis an éileamh ó chustaiméirí a chonacthas sa chéad leath den tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, a luaithe a thosaigh an t-éileamh agus méideanna díolachán an Aontais ag laghdú agus a tháinig laghdú tobann ar rátaí oibriúcháin an Aontais, shroich an brú ó na hallmhairí dumpáilte ón tSín leibhéil neamh-inbhuanaithe agus, dá dheasca sin, chuaigh staid tháirgeoirí an Aontais ag deireadh na tréimhse imscrúdúcháin agus sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin (féach aithris (223) den Rialachán sealadach) in olcas, ar léiriú é sin ar phraghsanna díola laghdaithe agus brabúsacht dhiúltach. Dá bhrí sin, suíodh go cuí nasc cúisíoch dearfach idir allmhairí ón tSín agus meath suntasach ar thionscal an Aontais agus diúltaíodh do mhaíomh Svepol. |
|
(118) |
D’áitigh CPCIF go raibh an cinneadh faoi bhagairt díobhála ón gCoimisiún ag brath ar a thorthaí le linn R4 2022 agus na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, seachas a thorthaí don tréimhse faoi bhreathnú nár sainaithníodh aon díobháil inti. Mar sin féin, agus meastóireacht á déanamh ar éifeachtaí allmhairí ón tSín ag táirgeoirí an Aontais, dar le CPCIF, cuireadh an measúnú i gcomparáid le treochtaí foriomlána allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú iad, seachas díriú go sonrach ar R4 2022 agus ar an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. D’athdhearbhaigh CPCIF a argóint tar éis an nochta dheiridh. |
|
(119) |
Bhí maíomh CPCIF mícheart. Ar an gcéad dul síos, mar a lean sé ó Roinn 5 agus ó Roinn 6 den Rialachán sealadach (go háirithe aithrisí (210), (212), (213), (222), (223), (230), (233), (244)-(247), (252), (255)), is léir go raibh an cinneadh maidir le bagairt díobhála ag brath ar scrúdú treochtaí sa tréimhse imscrúdúcháin agus fócas ar leith ar fhorbairtí ráithiúla. An tráth céanna, i gcomhréir le haithris (207) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún athbhreithniú freisin ar na sonraí don tréimhse faoi bhreathnú chun tuiscint níos fearr a fháil ar staid thionscal an Aontais thar thréimhse níos faide, rud a d’fhág gur suíodh bagairt dhíobhála. Ar an dara dul síos, go sonrach maidir leis na hallmhairí ón tSín ó na cuideachtaí is déantóir gearáin, contrártha do mhaíomh CPCIF, mar a leagtar amach in aithris (252) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an staid maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin agus maidir le R4 2022. Ina theannta sin, mar a leagtar amach i dTábla 14 den Rialachán sealadach agus i dTábla 1 den Rialachán seo, figiúirí R1 – R2 2023, lenar léiríodh, na hallmhairí ag tionscal an Aontais a raibh [10-20] % d’allmhairí foriomlána na Síne i gceist leo, nach rabhthas ábalta an nasc cúisíoch a mhaolú leis na hallmhairí sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh CPCIF. |
|
(120) |
I ndiaidh bearta sealadacha a fhorchur, d’fhéach CPCIF le haistriú ó TPE ógh go TPE athchúrsáilte a thaispeáint trí chomparáid a dhéanamh idir figiúirí ráithiúla don tréimhse R4 2022 - R1 2023 don dá dheighleog. D’athdhearbhaigh CPCIF é sin tar éis an nochta dheiridh. D’athdhearbhaigh Unesda freisin a argóint maidir le TPE athchúrsáilte a chur in ionad TPE ógh, rud a d’fhág gur chaill táirgeoirí TPE ógh díolacháin. |
|
(121) |
Ar an gcéad dul síos, rinne an Coimisiún tagairt do na conclúidí a rinneadh in aithris (254) den Rialachán sealadach, conclúidí atá fós bailí. Ar an dara dul síos, mar atá leagtha amach in aithris (49), tugadh na figiúirí táirgeachta TPE athchúrsáilte do R1 2023 cothrom le dáta agus na sonraí Wood Mackenzie is déanaí atá ar fáil á gcur san áireamh agus rinneadh coigeartuithe ar tháirgeadh TPE athchúrsáilte chun é a laghdú. Ar an tríú dul síos, fiú agus na figiúirí bunaidh á gcur san áireamh, ní féidir le méadú sealadach ar tháirgeadh TPE athchúrsáilte arna spreagadh ag iarrachtaí inbhuanaitheachta an Aontais an bonn a bhaint go hinchreidte den anailís ar an mbagairt díobhála sa chás seo ná an nasc cúisíoch a mhaolú i bhfianaise mhéid dheighleog thionscal TPE athchúrsáilte an Aontais agus a thionchar ar na táscairí eacnamaíocha le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le linn na tréimhse imscrúdúcháin nó sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Ar aon nós, cúiteamh a dhéanamh go sealadach ar an laghdú ar tháirgeadh TPE ógh trí tháirgeadh TPE athchúrsáilte a mhéadú i dtréimhse ar suíodh ina leith cheana gurbh ann do bhagairt díobhála,, níor léirigh CPCIF ná Unesda conas a bheadh tionchar ar bith ag cúiteamh den sórt sin ar an gcúisíocht sa chás seo. |
|
(122) |
D’áitigh Svepol nach ndearna an Coimisiún measúnú ach ar mhéideanna allmhairí agus ar phraghsanna ó thríú tíortha don tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine, gan anailís a dhéanamh ar staid na n-allmhairí sin i dtéarmaí praghsanna agus méideanna do R4 2022 agus R1 2023. Dar le Svepol, ní raibh aon fhoras ann le teacht ar an gconclúid nár laghdaíodh le hallmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus an bhagairt díobhála do thionscal an Aontais. Mar thaca leis an maíomh sin, d’áitigh Svepol gur tháinig méadú ar allmhairí ón Tuirc, ó Vítneam, agus ón Éigipt le linn na tréimhse R4 2022 go R1 2023 agus go raibh siad 80 000 tona níos airde le chéile ná allmhairí ón tSín le linn na tréimhse sin. D’athdhearbhaigh Svepol a argóintí tar éis an nochta deiridh, agus dúirt sé gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar shonraí maidir le hallmhairí ó thríú tíortha i gcás R2-Q3 2023. Mar an gcéanna, dar le CPCIF, ba cheart don Choimisiún sonraí allmhairiúcháin le haghaidh R4 2022 agus sonraí maidir leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a bhreithniú ina mheasúnú ar allmhairí ó thríú tíortha. Ina anailís, thagair CPCIF do bhorradh suntasach ar allmhairí ón Éigipt in 2023 agus do shonraí allmhairiúcháin le déanaí (Meitheamh – Meán Fómhair 2023) lena léirítear gur sháraigh méid agus ráta an mhéadaithe ar allmhairí ó thríú tíortha éagsúla eile na cinn a cuireadh i leith na Síne go mór. D’athdhearbhaigh CPCIF a argóint tar éis an nochta dheiridh. D’áitigh UNESDA freisin tar éis an nochta deiridh go raibh praghsanna allmhairiúcháin níos ísle ná praghas na n-allmhairí ón tSín (arb ionann iad agus 19.7 % d’allmhairí an Aontais) ag ceithre cinn de na príomhthíortha soláthair (an Indinéis, an Phacastáin, Vítneam agus Óman) arb ionann iad agus 29.5 % d’allmhairí an Aontais in 2023. Dá bhrí sin, de réir UNESDA, níorbh fhéidir leibhéil praghsanna an Aontais a chur i leith na Síne. |
|
(123) |
I gcomhthéacs cinneadh maidir le bagairt díobhála, ní mór measúnú a dhéanamh ar na hallmhairí ó thíortha móra onnmhairiúcháin seachas an tSín, ní hamháin don tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine, ach freisin ar leibhéal níos mionsonraithe agus ar bhonn ráithiúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ina diaidh. |
|
(124) |
I bhfianaise an mhéid sin, i dtréimhse na chéad trí ráithe de 2022, roimh shuí na bagartha dhíobhála agus roimh an gcosc ar phraghsanna an Aontais, bhí praghas i bhfad níos airde ar na hallmhairí tríú tír sin ná na mar a bhí ar na hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Thairis sin, ní raibh praghsanna allmhairí ó na ‘tríú tíortha eile’ faoi bhun phraghsanna an Aontais sa tríú ráithe, díreach roimh mheath suntasach thionscal an Aontais. Ina theannta sin, cé go raibh an sciar den mhargadh de na hallmhairí sin réasúnta cobhsaí sa tréimhse 2022 go dtí R1 2023, mhéadaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín, gan na hallmhairí a rinne tionscal an Aontais a áireamh, suas le [12 - 13] % in R1 2023 (i gcomparáid le [4,5 -5,5] % a chonacthas in R1 2022 nó in R4 2022), nuair a bhí an bhagairt díobhála ann cheana féin. Dá bhrí sin, i bhfianaise leibhéal praghsanna agus chobhsaíocht scaireanna margaidh na n-allmhairí ó thríú tíortha eile thar an tréimhse 2022 go R1 2023 i gcomparáid le hallmhairí na Síne, fuarthas nach rabhthas ábalta, leis na hallmhairí ó thríú tíortha (an Tuirc, an Éigipt agus Vítneam), an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an bhagairt díobhála do thionscal an Aontais mar a leagtar amach in aithris (259) den Rialachán sealadach a mhaolú. Maidir leis an anailís ar na sonraí allmhairiúcháin is déanaí a rinne CPCIF agus UNESDA, le héifeacht athchomhairleach thionscnamh an imscrúdaithe sin (féach aithris (68) den Rialachán seo), measadh go bhfuil an anailís ar na sonraí sin le déanaí agus an chomparáid le figiúirí allmhairiúcháin na Síne isteach san Aontas agus an tionchar ar phraghsanna an Aontais neamhionadaíoch. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Svepol, CPCIF agus UNESDA. |
|
(125) |
D’áitigh CPCIF nár sholáthair an Coimisiún aon sonraí ráithiúla maidir le costas táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus, dá bhrí sin, go raibh an anailís chúisíochta ina leith sin tuairimeach agus nach raibh fianaise dhearfach ag gabháil léi. Ina theannta sin, mhaígh CPCIF, roimh R4 2022, gur tháinig borradh gan fasach faoi chostais táirgthe TPE, rud a fhágann nach féidir le táirgeoirí an Aontais a bpraghsanna díola a ailíniú, go háirithe i bhfianaise an laghdaithe ar an éileamh ag an am céanna. Mar thaca lena mhaíomh, thagair CPCIF do mhéadú tobann urghnách ar phraghsanna leictreachais, gáis agus PTA i mí Mheán Fómhair 2022. |
|
(126) |
Ar an gcéad dul síos, thacaigh na sonraí ráithiúla maidir le costas táirgthe tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a leagtar amach i dTábla 1 agus i dTábla 2 le torthaí an Choimisiúin a fuarthas in aithris (265) den Rialachán sealadach. Léiríodh leis an anailís ráithiúil, cé gur tháinig méadú ar an gcostas táirgthe in R2 agus R3 2022 go dtí na leibhéil a chonacthas in R4 beagnach, go raibh táirgeoirí an Aontais ábalta na praghsanna díola a shocrú sa tréimhse sin (R2 - R3 2022) i bhfad os cionn leibhéal a gcostas táirgthe. Mar sin féin, in R4 2022 agus in R1 - R3 2023, cuireadh iallach ar tháirgeoirí an Aontais díol faoi bhun an chostais mar thoradh ar an mbrú a bhí ag teacht ó na hallmhairí dumpáilte ón tSín. Ar an dara dul síos, níor aimsíodh le hargóint CPCIF go raibh méadú tobann suntasach tagtha ar phraghsanna amhábhar agus fuinnimh díreach roimh R4 2022 nó ag a thús, tacaíocht sna sonraí fíoraithe maidir leis an gcostas táirgthe. Is ar éigean a d’athraigh costas táirgthe thionscal an Aontais idir R3 agus R4 de 2022 (méadú 4 %), rud a d’fhág go raibh argóint CPCIF neamhéifeachtach. |
6.3. An chonclúid ar chúisíocht
|
(127) |
Deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (270) go (271) den Rialachán sealadach. |
7. LEIBHÉAL NA mBEART
7.1. Corrlach díobhála
|
(128) |
Ag tagairt d’aithris (163) den Rialachán sealadach, agus do choigeartú phraghas CAL na n-onnmhaireoirí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin, chuir Svepol ceist ar an gCoimisiún cén fáth nach raibh a chostais iar-allmhairiúcháin ionadaíoch san imscrúdú seo. Tugtar faoi deara gur dhearbhaigh Svepol costais SGA na cuideachta chomh maith leis na costais iompair do chustaiméirí a tabhaíodh i ndiaidh an imréitigh custaim mar chostais iar-allmhairiúcháin. Níorbh fhéidir ceachtar den dá catagóir de na costais atá liostaithe ag Svepol a mheas, áfach, mar chostais a ndéantar coigeartú orthu i gcomhthéacs an tsladghearrtha agus ríomh an chorrlaigh díobhála. |
|
(129) |
Mheas Pet Europe go raibh úsáid an spriocbhrabúis íosta míréasúnta agus d’athdhearbhaigh sí a hargóint tar éis an nochta dheiridh. Cé gur íosmhéid dlíthiúil é an spriocbhrabús 6 % a cuireadh i bhfeidhm, mar a leagtar amach in aithris (275) den Rialachán sealadach, dar le PET Europe níor léiríodh leis sin riachtanais thionscal an Aontais atá dian ar chaipiteal. Rinne an gearánach tagairt do rianaire CSI Market, ar ar bunaíodh gurbh é 14,73 % an bhrabúsacht san earnáil ceimiceán (corrlach réamhchánach) agus thug sé dá aire, chun críocha gnáthluach a ríomh sa chás sin, gur chuir an Coimisiún corrlach brabúis 14,84 % i bhfeidhm. Tháinig PET Europe ar an gconclúid ina dhiaidh sin go bhfuil corrlach spriocbhrabúis de 14 % ar a laghad iomchuí chun críocha an imscrúdaithe seo. |
|
(130) |
Ar an gcéad dul síos, meastar gur tráchtearra é TPE, mar a mheabhraítear sna bearta eile lena gcumhdaítear allmhairí an táirge seo – féach aithris (170) den Rialachán (AE) Uimh. 2019/1286 (14), agus is gnách go mbaineann táirgeoirí an Aontais brabúsacht amach faoi bhun an íosmhéid dhlíthiúil. Léiríodh é sin leis na figiúirí ón gcéad dá bhliain den tréimhse faoi bhreathnú (2,9 % in 2019 agus 0,3 % in 2020) chomh maith leis an imscrúdú a rinneadh roimhe sin, i gcás inar shroich brabúsacht thionscal an Aontais 3 % in 2017 agus 3,7 % faoi seach sa tréimhse ó mhí Aibreáin 2017 go mí an Mhárta 2018 (féach aithris (160) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1286). Thairis sin, bhain sonraí brabúsachta ó rianaire CSI Market leis an earnáil monaraíochta ceimicí seachas le hearnáil an tionscail plaisteach agus rubair, a raibh brabúsacht 5,13 % aige le haghaidh R3 2023 (an tréimhse ar thagair PET Europe di). Ar deireadh, an corrlach brabúis arna úsáid chun an gnáthluach a ríomh, bhain sé leis an mbrabús arna dhéanamh sa tír ionadaíoch arna sainaithint faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, nach féidir a úsáid mar thagarmharc le haghaidh spriocbhrabús tháirgeoirí thionscal an Aontais. I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do mhaíomh PET Europe. |
|
(131) |
Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an réamhnochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta agus dá bhrí sin ag léiriú na díobhála breise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh. |
|
(132) |
Bunaithe ar shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance 3, bhí na méideanna allmhairí ón tSín le linn na 4 seachtaine den réamhnochtadh 42 % ní b’ísle ná na méideanna allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin thar an tréimhse 4 seachtaine chéanna. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár tháinig ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta. |
|
(133) |
Dá bhrí sin, níor choigeartaigh an Coimisiún leibhéal díothaithe na díobhála ina leith sin agus in éagmais barúlacha, deimhnítear aithris (279) den Rialachán sealadach. |
7.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(134) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
8. LEAS AN AONTAIS
8.1. Leas thionscal an Aontais
|
(135) |
I dteannta an mheasúnaithe dá bhforáiltear sa Rialachán sealadach, tugtar faoi deara, i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, gur laghdaigh roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais a dtáirgeadh ar feadh seala nó gur chuir siad deireadh leis go hiomlán in 2023 mar fhreagairt ar na deacrachtaí a bhí ann de bharr na n-allmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, in éagmais beart, ní hamháin go gcuirfí tionscal TPE san Aontas i mbaol tromchúiseach, ach chuirfí cobhsaíocht an tsoláthair TPE d’úsáideoirí TPE i mbaol chomh maith céanna. |
|
(136) |
In éagmais aon trácht maidir le leas thionscal an Aontais, deimhníodh an chonclúid ar thángthas uirthi in aithris (284) den Rialachán sealadach. |
8.2. Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara
|
(137) |
D’athdhearbhaigh na húsáideoirí ina bhfreagra ar an nochtadh sealadach nach mór na fíorais seo a leanas a chur san áireamh san anailís ar Leas an Aontais: (i) bhí TPE mar chéatadán den chostas táirgthe idir 30 % agus 60 % i gcás táirgeoirí uisce buidéalaithe agus idir 14 % agus 30 % i gcás táirgeoirí deochanna boga, agus mar sin bhí tionchar ard aige ar oibríochtaí agus ar bhrabúsacht na n-úsáideoirí, (ii) ceanglais a eascraíonn as an Treoir maidir le Plaisteach Aonúsáide (SUP), i.e. caipíní ceangailte ó mhí Iúil 2024 agus ionchorprú 25 % de TPE athchúrsáilte i mbuidéil phlaisteacha deochanna ó 2025 i leith, ag méadú go dtí 30 % faoi 2030), agus as an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus le Dramhaíl ó Phacáistíochta (PPWR) a bhaineann le costas TPE athchúrsáilte níos airde ós rud é go leanann praghas TPE athchúrsáilte praghas TPE ógh ach go bhfuil sé i bhfad níos airde agus (iii) go bhfuil fás an tionscail TPE athchúrsáilte cosanta ar iomaíocht le TPE ón tSín, mar gheall ar an gcreat reatha agus rialála amhail an Treoir SUP agus (15) formheas EFSA le haghaidh TPE athchúrsáilte biaghráid. Ina bhfreagairt ar an nochtadh deiridh, d’áitigh UNESDA go mbeadh forchur na ndleachtanna frithdhumpála toirmeascach ar allmhairí PET ón tSín, ag tagairt do tharaif an náisiúin barrfhabhair (MFN) a fhorchur de 6.5 % ar an India in 2022 agus d’imigh allmhairí PET Indiacha ar ceal ina dhiaidh sin in 2023. |
|
(138) |
D’admhaigh an Coimisiún gurb é TPE an chomhpháirt costais aonair is mó d’úsáideoirí TPE. Mar sin féin, i gcomhréir le haithris (294) den Rialachán sealadach, socraítear na dleachtanna arna bhforchur ar leibhéal a chuirfidh ar a gcumas do na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí leanúint le TPE a allmhairiú ón tSín ar phraghsanna réasúnta. Ós rud é go socraítear na dleachtanna ag céatadán chomh híseal le 6,6 %, fiú dá mba rud é go raibh 14 go 60 % de chostas táirgthe na n-úsáideoirí ag baint le TPE, níor cheart go mbeadh éifeacht toirmisc ag leibhéal na ndleachtanna ná níor cheart go ndéanfadh sé difear ábhartha do chur chun feidhme agus do bhaint amach na gcuspóirí inbhuanaitheachta agus d’fhéadfadh na húsáideoirí ar mian leo leanúint leis an ábhar a fháil ón tSín iad a ionsú. Thairis sin, is féidir soláthairtí a fháil ó tháirgeoirí eile, amhail tionscal an Aontais agus tríú tíortha eile amhail an Tuirc, Vítneam, agus an Éigipt. Maidir leis an gcomparáid a rinne UNESDA le tabhairt isteach na taraife MFN le haghaidh allmhairí Indiacha a bhfuil díothú allmhairí an Aontais mar thoradh uirthi, tugadh faoi deara go raibh allmhairí PET ón tSín faoi réir na comhdhleachta custaim 6.5 % roimh an imscrúdú sin, dleacht nár chuir cosc orthu sciar suntasach den mhargadh a ghabháil san Aontas. |
|
(139) |
Níor easaontaigh an Coimisiún ach oiread go n-oibríonn na húsáideoirí TPE iartheachtacha i dtimpeallacht dhúshlánach rialála agus mhaicreacnamaíoch, go mbíonn orthu infheistíochtaí breise a dhéanamh nó costais bhreise a sheasamh chun na ceanglais a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme i ndáil leis an Treoir SUP agus PPWR, i measc nithe eile. Mar sin féin, mar gheall go bhfuil na ceanglais rialála sin ann, cosúil le tosca eile lena gcinntear costas TPE (e.g. praghas na n-amhábhar nó brú ó cheannaitheoirí), ní fhéadfaí cothroime iomaíochta ar mhargadh réamhtheachtach an Aontais do TPE a chur i mbaol trí aghaidh a thabhairt ar staid na dumpála díobhálaí, go háirithe nuair a mheastar gur beag é drochthionchar na ndleachtanna frithdhumpála ar na húsáideoirí. |
|
(140) |
A mhéid a bhaineann leis an deighleog TPE athchúrsáilte, cé gur deighleog í atá ag fás freisin mar gheall ar cheanglais inbhuanaitheachta reachtacha an Aontais, is cinnte nár cosnaíodh í ar aon iomaíocht éagórach ón tSín. Níor cuireadh cosc leis an gcreat rialála bac ar TPE athchúrsáilte dumpáilte ón tSín teacht isteach san Aontas – os a choinne sin, ní spreagfaí leis an gclár oibre inbhuanaitheachta ach sreabhadh isteach TPE athchúrsáilte na Síne agus ní chuirtear cosc ar onnmhaireoirí na Síne formheas rialála a iarraidh ó EFSA (agus a fháil fiú). |
|
(141) |
Thairis sin, chuir na húsáideoirí i dtábhacht go ndéanfaí tionscnamh na ndleachtanna frithdhumpála dochar do dhálaí iomaíochta sa chás sin, ós rud é go bhfuil formhór an mhargaidh ar thaobh an tsoláthróra ag Indorama, táirgeoir de chuid an Aontais, agus ní dhéanfaí leis na bearta ach aon tríú tír mhór nach bhfuil Indorama i réim iontu a bhaint. D’athdhearbhaigh UNESDA an argóint tar éis an nochta dheiridh, ag cur leis go mbeidh tionchar níos mó ag na bearta frithdhumpála ar phraghsanna mar gheall ar olagaplacht struchtúr an mhargaidh. D’áitigh Svepol freisin ina fhreagairt ar an nochtadh deiridh go gcuirfeadh forchur dleachtanna frithdhumpála sa bhreis ar an gcomhdhleacht chustaim bac ar rochtain onnmhaireoirí na Síne ar mhargadh an Aontais, go háirithe i bhfianaise allmhairí ar phraghas íseal ó thríú tíortha eile. |
|
(142) |
Ar an gcéad dul síos, ní chuirfear cosc ar allmhairí ón tSín ar phraghas cothrom teacht isteach san Aontas. Ar an dara dul síos, tá ar a laghad ocht n-oibreoir neamhspleácha i dtionscal PET an Aontais a bhfuil baint acu leis an táirgeadh PET ógh agus níos mó ná caoga táirgeoir PET athchúrsáilte, rud nach féidir a mheas, contrártha d’argóint UNESDA, mar struchtúr margaidh olagaplachta. Thairis sin, cé go bhféadfadh bonn láidir a bheith ag Indorama san Aontas agus sa mhargadh domhanda TPE, cuireann tíortha móra onnmhairiúcháin amhail Vítneam, an Chóiré Theas, nó an Tuirc agus a dtáirgeoirí iomaíochas sláintiúil roimh eintitis Indorama. Ina theannta sin, níor sholáthair na húsáideoirí aon fhianaise a bhfuil bunús léi nach mbeadh na tíortha sin ábalta freastal ar an éileamh a thagann ó úsáideoirí agus allmhaireoirí an Aontais. |
|
(143) |
Mhaígh Svepol ina fhreagairt ar an nochtadh deiridh nach mbeadh na margaí onnmhairiúcháin malartacha in ann brú iomaíoch a chur ar cheannasacht Indorama sa mhargadh san Aontas. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh UNESDA nár leor allmhairí ó Vítneam agus ón gCóiré chun cur i gcoinne chomhchruinniú an mhargaidh atá á chruthú. Níor thacaigh aon fhíoras leis na maímh, go háirithe i bhfianaise na staitisticí allmhairiúcháin le haghaidh 2023 a léiríonn mar shampla go raibh allmhairí Vítneam isteach san Aontas 5 phointe céatadáin níos airde ná allmhairí Türkiye (margadh, ina bhfuil Indorama i láthair freisin, ach ní go heisiach) agus 5,6 céatadán níos airde ná na hallmhairí ón Éigipt (is é Indorama is mó a bhí i gceannas ar an margadh). Is léir go bhfuil na staitisticí sin soiléir maidir leis an iomaíocht shláintiúil a chruthaíonn margaí onnmhairiúcháin malartacha do chuideachtaí Indorama. Dá bhrí sin, b’éigean maíomh Svepol a dhiúltú. |
|
(144) |
Thagair na húsáideoirí freisin don fhostaíocht in earnáil na ndeochanna mar cheann de na príomhghnéithe lena mbreithniú agus d’athdhearbhaigh siad an seasamh sin ina bhfreagairt ar an nochtadh deiridh. Mhaígh tionscal na n-úsáideoirí go bhfuil siad i staid leochaileach mar gheall (i) go bhfuil tionchar á imirt ar leibhéil fostaíochta i ndiaidh na méaduithe suntasacha ar chostais in 2022, (ii) gur méadaíodh praghas TPE faoi dhó i gcomparáid leis na costais eile go léir, agus (iii) marbhántacht praghsanna díola (táirgí TPE pacáistithe). Cuireadh béim ar leith ar FBManna, a mbaineann 95 % den earnáil uisce buidéalaithe leo, arbh é sin 37 % de tomhaltas TPE biaghráid. Tá siad níos leochailí ó thaobh boilscithe de agus is airde an cion de chostas foriomlán an táirgthe é costas TPE sa chás sin. Mhaígh Svepol freisin go mbeadh iarmhairtí tubaisteacha ann do thionscal iartheachtach an Aontais mar thoradh ar dhleachtanna frithdhumpála a fhorchur, rud a chuirfeadh na mílte post san Aontas i mbaol, agus do thomhaltóirí an Aontais ós rud é go n-ardódh praghsanna deochanna buidéalaithe mar thoradh air sin i gcomhthéacs géarchéim costais maireachtála agus boilsciú ard, agus nach dócha go dtiocfadh feabhas ar staid na dtáirgeoirí TPE i ndiaidh na bearta frithdhumpála a ghlacadh - ós rud é freisin gur lean brabúsacht tháirgeoirí an Aontais ag laghdú d’ainneoin líon an-íseal allmhairí ón tSín. Ina fhreagra ar an nochtadh deiridh, mhaígh Svepol gur theip ar an gCoimisiún a mhíniú cén fáth a dtugann sé níos mó tábhachta don fhostaíocht sách beag i dtionscal PET an Aontais, agus an riosca d’fhostaíocht 300 000 duine i dtionscal úsáideoirí an Aontais á dhíbhe aige ag an am céanna. |
|
(145) |
Measadh gur mionéifeacht í drochthionchar na ndleachtanna frithdhumpála ar fhostaíocht i dtionscal na ndeochanna ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (138) thuas. Ní mó riosca fánach agus neamh-intomhaiste don fhostaíocht i dtionscal na n-úsáideoirí ná an leas maidir le haghaidh a thabhairt ar staid shonrach na dumpála díobhálaí a aimsíodh ar an margadh TPE réamhtheachtach. Maidir le leas thomhaltóirí an Aontais, cé nár easaontaíodh go mbíonn boilsciú agus costais mhaireachtála mhéadaithe rompu, is deacair a fheiceáil conas a bhraithfidís tionchar na dleachta frithdhumpála i gcás ina dtitfeadh an praghas amhábhar do phacáistíocht TPE nó i gcás, mar a d’áitigh úsáideoirí TPE, nach bhfuil siad ábalta aon mhéaduithe ar phraghsanna a chur ar aghaidh, lena n-áirítear méadú hipitéiseach arna spreagadh mar gheall ar dhleacht frithdhumpála a ghearradh ar na ceannaitheoirí, amhail slabhraí miondíola. |
|
(146) |
D’áitigh na húsáideoirí freisin go raibh leibhéal brabúsachta na dtáirgeoirí TPE ógh i bhfad níos airde ná leibhéil bhrabúsachta na n-úsáideoirí. D’athdhearbhaigh UNESDA an argóint tar éis an nochta dheiridh agus le tagairt don tréimhse 2019-2022. Ní raibh bunús leis an maíomh sin, áfach, i ndáil le deireadh thréimhse an imscrúdaithe agus i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus níorbh fhéidir é a chothú i gcomhthéacs staid reatha na dtáirgeoirí de chuid an Aontais maidir le caillteanas. |
|
(147) |
Thagair na húsáideoirí freisin d'fhadhbanna agus do chur isteach maidir le seachadtaí TPE arna bhfáil ó tháirgeoirí TPE an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar cheann de na gnéithe atá le measúnú mar chuid den anailís ar leas an Aontais. Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh UNESDA gur bhain an suaitheadh le struchtúr olagaplachta an mhargaidh. Chinn an Coimisiún go bhfuil cobhsaíocht thionscal TPE an Aontais mar aon le hallmhairí ar phraghas cothrom ó thríú tíortha ríthábhachtach chun cobhsaíocht an tsoláthair a áirithiú do thionscal na n-úsáideoirí agus chun éifeachtaí aon teagmhas force majeure nó fadhbanna eile maidir le seachadtaí TPE amach anseo a mhaolú. Thairis sin, tá ocht n-oibreoir neamhspleácha ar a laghad ag tionscal PET an Aontais a bhfuil baint acu leis an táirgeadh PET ógh agus tá níos mó ná caoga táirgeoir PET athchúrsáilte aige, nach féidir a mheas, contrártha d’argóint UNESDA, mar struchtúr margaidh olagaplachta. |
|
(148) |
Thagair na húsáideoirí freisin don neamhfhéidearthacht na méaduithe gan fasach ar an bpraghas TPE a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí agus don tionchar diúltach ar a mbrabúsacht a bhí íseal nó diúltach cheana féin, rud a bhí fite fuaite leis an mbrú chun tuilleadh boilscithe san earnáil earraí tomhaltóirí a sheachaint. Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh UNESDA go mbeidh méadú ar phraghas PET ógh agus PET athchúrsáilte san Aontas mar thoradh ar na bearta frithdhumpála, chomh maith leis an méadú ar allmhairí PET ógh, arb é Indorama is mó a bheidh i gceannas orthu. |
|
(149) |
Mar a leagtar amach in aithris (291) den Rialachán sealadach, is ann d’fhoinsí malartacha soláthair le haghaidh úsáideoirí PET. Thairis sin, cé go bhféadfadh méadú teacht ar an bpraghas TPE san Aontas mar thoradh ar na bearta frithdhumpála, tá go leor tosca eile ann a chuireann go mór le forbairt phraghais TPE, amhail luaineacht an phraghais ar amhola atá mar bhonn leis an bpraghas TPE, an príomh-amhábhar do TPE, praghas na bhfóntas nó dístocáil TPE. Agus mar a tugadh faoi deara sa chás seo, d’athraigh an praghas TPE sa dá threo, agus praghsanna 2023 15 go 30 % ar a laghad níos ísle ná praghsanna 2022. I bhfianaise na luaineachtaí sin agus an praghas reatha ar TPE, b’éigean diúltú don argóint. |
|
(150) |
Mar chonclúid, leis an anailís thuas ar na gnéithe éagsúla a théann i bhfeidhm ar thionscal na n-úsáideoirí, tugadh aghaidh ar na hábhair imní a chuir tionscal na n-úsáideoirí agus páirtithe leasmhara eile in iúl maidir le débhríocht fhéideartha, easpa soiléireachta nó easnaimh fíoras áirithe sa Rialachán sealadach. |
|
(151) |
Dar le Svepol, ba cheart don Choimisiún na barúlacha maidir le leas an Aontais arna gcur isteach ag páirtithe leasmhara a chur san áireamh sula nglacfaidh sé aon bhearta cinntitheacha. Dúirt Svepol freisin gur luaigh an Coimisiún go mícheart in aithris (288) agus aithris (291) den Rialachán sealadach gur bhain roisín TPE le 15 % de chostas deiridh na réamhfhoirme. |
|
(152) |
Ar an gcéad dul síos, maidir le haithrisí (288) agus (291) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún tagairt d’fhaisnéis a tháinig go díreach ó aighneacht a rinne comhlachas na n-úsáideoirí (UNESDA). Ar an dara dul síos, thug an Coimisiún aghaidh go cuí ar bharúlacha uile na bpáirtithe leasmhara sa Rialachán seo agus sa Rialachán sealadach, agus chuir sé i dtábhacht gnéithe forleathana leas na bpáirtithe leasmhara éagsúla agus tháinig sé ar chonclúid shoiléir spreagtha a bhí comhionann leis an gconclúid a leagtar amach in aithrisí (294) go (297) den Rialachán sealadach. |
8.3. An chonclúid ar leas an Aontais
|
(153) |
Deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (294) go (297) den Rialachán sealadach. |
9. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
9.1. Bearta cinntitheacha
|
(154) |
I bhfianaise na gconclúidí ar ar thángthas maidir leis an dumpáil, an díobháil, an chúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais le hallmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(155) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ba cheart iad a bheith mar seo a leanas:
|
|
(156) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(157) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (16). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(158) |
Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur isteach chuig údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh allmhairí nach bhfuil sonrasc ag gabháil leo faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(159) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má sholáthraítear sonrasc a chomhlíonann na riachtanais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, ar nós gach cás eile, go n-éileoidh siad doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun críocha chruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(160) |
Dá dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as na rátaí dleachta aonair níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú ar mhéid mar sin a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart laistigh de shainmhíniú Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, is féidir imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin. |
|
(161) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(162) |
Ba cheart táirgeoirí onnmhairiúcháin nár onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith faoi réir an ráta dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach n-áirítear sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a dheonú ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, (ii) níl sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann i ndiaidh na tréimhse sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe cainníochtaí substaintiúla a onnmhairiú. |
9.2. Scaoileadh na ndleachtanna sealadacha
|
(163) |
I bhfianaise na dtorthaí sa chás seo agus ós rud é nach bhféadfaí a shuí go dearfach, in éagmais bearta sealadacha, go mbeadh an bhagairt díobhála forbartha ina díobháil ábhartha, measann an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(2) den bhun-Rialachán, gur cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht frithdhumpála shealadach, a fhorchuireadh leis an Rialachán sealadach, a scaoileadh. |
10. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(164) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2018/1046 (17), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(165) |
Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí teireataláite poileitiléine (‘TPE’) lena mbaineann uimhir shlaodachta 78 ml/g nó níos airde, de réir Caighdeán ISO 1628-5 (arna thomhas sa tuaslagóir feanól/1,2-déchlóraibeinséin (50/50), a thagann faoi chód CN ex 3907 61 00 faoi láthair (cóid TARIC 3907610010) agus a thionscnaíonn i nDaon-Phoblacht na Síne.
2. Maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir le praghas an táirge sin, arb é an glanphraghas é, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach |
Cód breise TARIC |
||||||||||
|
Sanfame Group:
|
6,6 % |
899V |
||||||||||
|
Wankai New Materials Group:
|
1 0,7 % |
899W |
||||||||||
|
|
1 7,2 % |
899X |
||||||||||
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Cuideachtaí comhoibríocha eile |
1 1,1 % |
Féach an iarscríbhinn |
||||||||||
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Gach cuideachta eile |
2 4,2 % |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis a eiseoidh an sonrasc sin, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC), a mhonaraigh é sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.
Airteagal 2
Déanfar na méideanna arna bhfáil ó na dleachtanna frithdhumpála sealadacha de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2659 ón gCoimisiún a scaoileadh go cinntitheach.
Airteagal 3
D’fhéadfadh sé go ndéanfaí an Iarscríbhinn a luaitear in Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir meánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Eanáir 2022 - 31 Nollaig 2022); |
|
(b) |
níl sé gaolmhar le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Márta 2024
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí teireataláite poileitiléine áirithe (‘TPE’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ( IO C 115, 30.3.2023, lch. 5).
(3) RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2659 ón gCOIMISIÚN an 27 Samhain 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí teireataláite poileitiléine áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2659/oj).
(4) Comhlachas Thionscal Deochanna Boga na hEorpa (UNESDA); Aon tagairt d’aighneachtaí UNESDA sa Rialachán seo, is tagairt í ina gcuimsítear aighneachtaí arna ndéanamh thar ceann chomhaltaí UNESDA, is iad sin Uiscí Mianraí Nádúrtha na hEorpa (MNWE), Forum Natürliches Mineralwasser (an Ostair); Cónaidhm na Beilge um Uisce Buidéalaithe agus Táirgeoirí Deochanna Boga -FIEB-VIWF- (An Bheilg); Comhlachas na Bulgáire um Dheochanna Boga (An Bhulgáir) ; GIUPPH
(An Chróit); Comhlachas na Seicia um Dheochanna Boga (Poblacht na Seice); Cumann Grúdairí na Danmhairge agus
Bryggeriforeningen (an Danmhairg); BRF, Maison des Eaux Minérales Naturelles -MEMN-; Syndicat des
Eaux des Sources et des Eaux Minérales Naturelles -SESEMN- (an Fhrainc); Verband Deutscher
Mineralbrunnen e.V. -VDM- agus Wafg (an Ghearmáin); Comhlachas Uisce Mianraí Nádúrtha na Gréige -
SEFYMEN- (an Ghréig); Cumann Uisce Mianraí, Torthaí & Súnna na hUngáire, (an Ungáir); Comhairle Deochanna
na hÉireann - IBEC-(Éire); Comhlachas Uisce Mianraí Nádúrtha na hIodáile -MINERACQUA- agus ASOBIBE
(An Iodáil); Cónaidhm Thionscal Uiscí agus Deochanna Neamh-Alcólacha Lucsamburg-FICEB-
(Lucsamburg); Comhlachas Deochanna Boga, Uiscí & Súnna na hÍsiltíre , Uiscí & Súnna -FWS- (an Ísiltír); Krajowa Izba
Gospodarcza (KIGPR), an Pholainn); Águas Minerais e de Nascente de Portugal -APIAM- and PROBEB
(an Phortaingéil); Comhlachas Uisce Mianraí na Rómáine (APEMIN), an Rómáin; Comhlachas Deochanna
na Slóivéine (ZIP), Asociación de Aguas Minerales de España (ANEABE) agus ANFABRA
(An Spáinn) chomh maith le Danone, Nestle, Coca-Cola Europacific Partners, Refresco, Spadel, Fontecelta, Polska Woda, Sp. Z o.o, agus Nałęczów Zdrój.
(5) OI C 115, 30.3.2023, lch. 5.
(6) https://www.recronmalaysia.com/, ‘Tairgeann Recron Malaysia raon leathan táirgí nuálacha lena n-áirítear poileistear, snáithíní, snáth, fabraicí agus sliseanna TPE den scoth. Áirítear leis an tsaoráid fhairsing teicstíle cniotáil, fíodóireacht, dathú agus bailchríochnú.’
(7) http://www.mpipi.com.my/profile.htm, ‘Táirgí: Cuirimid an chuid is fearr de Mhonaraíocht Roisín TPE ar fáil, chomh maith le táirgí muilinn sníomhacháin. Faoi láthair is é acmhainneacht bhliantúil ár nGléasra Roisín TPE 38 000 MT de shliseanna ardcháilíochta, Roisíní Co-PET agus Homo-PET chun réamhfhoirmeacha agus buidéil a dhéanamh, mar aon le Roisín A-PET le haghaidh gach cineál pacáistíochta righne amhail tráidirí, claibíní agus clúdaigh.’
(8) Mar léiriú, bheadh an difríocht ar leibhéal foriomlán an táirgthe TPE in 2022 thart ar 2 %.
(9) Plastic Recyclers Europe – brat-chomhlachas de tháirgeoirí TPE athchúrsáilte.
(10) Mar a deimhníodh sa ghearán, mír 2.26. Féach freisin https://www.maersk.com/logistics-explained/transportation-and-freight/2023/09/27/sea-freight-guide le haghaidh amanna idirthurais long coimeádán ón tSín go dtí an Eoraip.
(11) Breithiúnas i gCás T-242/19, Giant Electric Vehicle Kunshan Co. Ltd v An Coimisiún, mír 102, EU:T:2022:259
(12) Mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, mhol Svepol go mbeadh lastais bhlaoscanna ag teacht chuig an Aontas agus go ndéanfaí imréiteach custaim orthu go dtí mí na Bealtaine 2023. Níl bunús leis an éileamh sin, áfach, agus níl aon fhianaise ar an gcomhad ag tacú leis. Go deimhin, ina bharúlacha maidir le nochtadh sealadach, d’áitigh Svepol féin go ndearnadh imréiteach custaim ar a lastas briste deireanach i mí an Mhárta 2023.
(13) Sháraigh leibhéal na n-allmhairí ón tSín in R2 2023 (88 952 tona) leibhéil allmhairiúcháin R2 2022 (84 906 tona) fiú.
(14) RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) Uimh. 2019/1286 ÓN gCOIMISIÚN an 30 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí teireataláite poileitiléine (TPE) de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202/81 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1286/oj).
(15) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, EFSA | Eolaíocht, bia sábháilte, inbhuanaitheacht (europa.eu).
(16) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.
(17) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Iarscríbhinn
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
SINOPEC YIZHENG CHEMICAL FIBRE LIMITED LIABILITY COMPANY |
899Y |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Dragon Special Resin (XIAMEN) Co., Ltd. |
899Z |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Far Eastern Industries (Shang-hai) Ltd. |
89AA |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Jiangsu Ceville New Materials Technology Co., Ltd. |
89AB |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1040/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)