European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1034

5.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1034 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1) agus Rialachán (AE) 2020/1998 (2) a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.

(2)

An 4 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1025 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 chun díolúine a thabhairt isteach le haghaidh cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe. Tá an díolúine bunaithe ar mhír 1 de Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 2664 (2022), a glacadh an 9 Nollaig 2022.

(3)

Tagann na leasuithe a áirítear faoin Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) 2020/1998, leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(1)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘-1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad is gá chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

gníomhaireachtaí speisialaithe na mBallstát; nó

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

1a.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach i mír 1 maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis ná na comhlachtaí a shainaithnítear in Iarscríbhinn I le réiltín.’

;

(2)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar do mhír -1, agus de mhaolú ar Airteagal 3(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.’

;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarás inniúil áirithe faoi mhír 1, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.’

;

(4)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine óna ndeonfar údarú den sórt sin.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I, 7.12.2020, lch. 13).

(2)  Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I 7.12.2020, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1025 an 4 Aibreán 2024 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L, 2024/1025, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1025/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1034/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)