European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1028

29.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1028 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2024

maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint ag óstaigh le blianta fada mar chomhlánú ar sheirbhísí cóiríochta eile amhail óstáin, brúnna nó tithe leaba agus bricfeasta. Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar fud an Aontais mar thoradh ar fhás an gheilleagair ardáin. Cé go gcruthaíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach go leor deiseanna d’aíonna, d’óstaigh agus don éiceachóras turasóireachta ina iomláine, is údar imní agus is dúshlánach an fás mear atá tagtha ar na seirbhísí sin, go háirithe do phobail áitiúla agus d’údaráis phoiblí, amhail an baint atá ag na seirbhísí sin leis an laghdú ar líon na tithíochta fadtéarmaí ar chíos atá ar fáil agus leis an méadú ar chíosanna agus ar phraghsanna tithíochta. Leis an Rialachán seo, dírítear ar cheann de na príomhdhúshláin, eadhon an easpa faisnéise iontaofa maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, amhail céannacht an óstaigh, an suíomh ina bhfuil na seirbhísí sin á dtairiscint, agus ré na seirbhísí. Fágann easpa faisnéise den sórt sin go bhfuil sé deacair d’údaráis tionchar iarbhír na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach sin a mheasúnú agus freagairtí beartais iomchuí agus comhréireacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

(2)

Tá níos mó bearta á ndéanamh ag údaráis phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun faisnéis a fháil ó óstaigh agus ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, trí scéimeanna clárúcháin agus ceanglais trédhearcachta eile a fhorchur, lena n-áirítear ceanglais ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne. Tá éagsúlacht mhór ann áfach idir na hoibleagáidí dlíthiúla maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu a mhéid a bhaineann lena raon feidhme agus lena minicíocht, agus le nósanna imeachta gaolmhara freisin. Soláthraíonn formhór mór na n-ardán ar líne a dhéanann idirghabháil ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a gcuid seirbhísí thar theorainneacha agus, go deimhin féin, ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Mar thoradh ar cheanglais éagsúla maidir le trédhearcacht agus comhroinnt sonraí, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, agus déantar dochar d’fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh. Chun soláthar cothrom, soiléir agus trédhearcach seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, mar chuid d’éiceachóras turasóireachta cothrom lena soláthraítear deiseanna d’ardáin agus na cuspóirí beartais phoiblí á n-urramú ag an am céanna, ba cheart sraith aonfhoirmeach rialacha atá spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais.

(3)

Chuige sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe maidir le giniúint agus comhroinnt sonraí i dtaca leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a leagan síos chun rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí maidir le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a fheabhsú agus cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú, rud is ceart a d’fhágfadh go mbeidh údaráis phoiblí in ann beartais maidir leis na seirbhísí sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhréireach.

(4)

Ba cheart rialacha a leagan síos chun ceanglais maidir le trédhearcacht a chomhchuibhiú maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcásanna ina gcinnfidh na Ballstáit na ceanglais trédhearcachta sin a fhorchur. Dá réir sin, ba cheart rialacha comhchuibhithe a sholáthar maidir le scéimeanna clárúcháin agus maidir le ceanglais i dtaca le comhroinnt sonraí a bhaineann le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, i gcás ina gcinneann na Ballstáit scéimeanna nó ceanglais den sórt sin a chur ar bun. Chun comhchuibhiú éifeachtach a bhaint amach agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha sin a áirithiú, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann reachtaíocht a ghlacadh maidir le rochtain ar shonraí ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lasmuigh den chóras sonrach atá leagtha síos sa Rialachán seo. Déantar é sin chun a áirithiú nach ndéanfaidh na Ballstáit iarrataí i dtaca le comhroinnt sonraí a rialáil gan na scéimeanna clárúcháin, na bunachair sonraí ná pointí iontrála aonair digiteach is gá a chur i bhfeidhm agus go ndéanfaidh siad comhroinnt sonraí atá comhréireach, slán agus a chomhlíonann ceanglais phríobháideachais ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú laistigh den mhargadh inmheánach. Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát ceanglais maidir le rochtain ar an margadh a ghlacadh agus a choimeád ar bun, ar ceanglais iad a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag óstaigh, lena n-áirítear ceanglais sláinte agus sábháilteachta, íoschaighdeáin cháilíochta nó srianta cainníochtúla, ar choinníoll go bhfuil gá leis na ceanglais sin agus go bhfuil siad comhréireach chun cuspóirí leas an phobail a chosaint i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le forálacha Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I gcomhthéacs seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, tá sé aitheanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) gur cúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail é an ganntanas tithíochta ar cíos a chomhrac, lena dtugtar bonn cirt chun bearta a ghlacadh atá neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú. Le hinfhaighteacht sonraí iontaofa ar bhonn aonfhoirmeach, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát beartais agus rialacháin a fhorbairt a chomhlíonann dlí an Aontais. Go deimhin, mar is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ceanglaítear ar na Ballstáit údar a thabhairt ar bhonn sonraí agus fianaise do shrianta a d’fhéadfadh a bheith ann ar rochtain ar an margadh ag óstaigh.

(5)

Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo a áirithiú go gcomhlíontar rialacha custaim nó cánachais agus ní dhéanann sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát i réimse na gcionta coiriúla. Dá réir sin, ní dhéanann sé difear d’inniúlacht na mBallstát ná d’inniúlacht an Aontais sna réimsí sin ná d’aon ionstraim de chuid dhlí an Aontais ná de chuid an dlí náisiúnta a ghlactar de bhun inniúlacht den sórt sin maidir le rochtain ar shonraí sna réimsí sin nó maidir le comhroinnt nó úsáid sonraí sna réimsí sin. Dá bhrí sin, ba cheart aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint amach anseo as sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Rialacháin seo maidir le forfheidhmiú an dlí nó chun críoch cánachais agus custaim a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí arb é atá iontu cóiríocht faoi throscán a ligean ar cíos go gearrthéarmach, a chuirtear ar fáil le haghaidh luach saothair, cibé acu ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn neamhghairmiúil a dhéantar sin, agus mar a shainítear a thuilleadh faoin dlí náisiúnta. I bhfianaise na gcineálacha éagsúla cur chuige atá i mBallstáit, is féidir go mbeadh i gceist le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach seomra i bpríomháit chónaithe nó in áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó áit chónaithe iomlán ar thalamh nó ar uisce, a ligtear ar cíos ar feadh líon teoranta laethanta sa bhliain, nó maoin amháin nó níos mó a cheannaigh an t-óstach mar infheistíocht atá le ligean ar cíos ar bhonn gearrthéarmach, de ghnáth ar feadh tréimhse níos giorra ná aon bhliain amháin i rith na bliana. Níor cheart a mheas gur cóiríocht arna soláthar ar bhonn gearrthéarmach í cóiríocht faoi throscán a sholáthraítear ar feadh tréimhsí níos faide, de ghnáth ar feadh bliana nó níos mó. Níor cheart do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a bheith teoranta d’aonaid a ligtear ar cíos chun críoch turasóireachta nó fóillíochta, ach ba cheart a áireamh orthu tréimhsí gearrfhanachta chun críoch eile, amhail críocha gnó nó críocha staidéir.

(7)

Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hóstáin ná le cóiríocht eile den chineál céanna do thurasóirí, lena n-áirítear óstáin ionaid saoire, óstáin svuíte nó óstlanna árasánacha, brúnna nó móstáin, toisc go mbíonn sonraí maidir leis na cineálacha cóiríochta sin ar fáil agus dea-dhoiciméadaithe de ghnáth. Níor cheart ach oiread cóiríocht a chuirtear ar fáil ar thailte campála, páirceanna feithiclí áineasa nó páirceanna leantóirí, amhail pubaill, carbháin nó feithiclí áineasa, a chumhdach leis na rialacha seo ós rud é go bhfaightear cóiríocht den sórt sin de ghnáth i limistéir thiomnaithe, amhail láithreacha campála nó páirceanna carbhán, agus nach mbíonn tionchar acu ar thithíocht chónaithe atá inchomparáide leis an tionchar a bhíonn ag seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le hardáin ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart leathanaigh ghréasáin nó modhanna leictreonacha eile lena nasctar óstaigh le haíonna agus nach bhfuil aon ról breise acu maidir le hidirbhearta díreacha a thabhairt i gcrích a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart ardáin ar líne a dhéanann idirghabháil ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gan luach saothair, mar shampla, ardáin ar líne a dhéanann idirghabháil ar mhalartú teaghaisí, a bheith cumhdaithe leis na rialacha seo ach amháin, mar gheall ar an mbealach sonrach a ndeartar iad, go mbaineann luach saothair leo, lena n-áirítear cúiteamh eacnamaíoch de chineál ar bith.

(9)

Cuireann nósanna imeachta clárúcháin ar chumas na n-údarás inniúil faisnéis a bhailiú faoi óstaigh agus faoi aonaid a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ba cheart don uimhir chlárúcháin, ar aitheantóir uathúil aonaid ar cíos í, a áirithiú gur féidir na sonraí a bhailítear agus a chomhroinntear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a shannadh i gceart ar óstaigh agus ar aonaid. Ba cheart an uimhir chlárúcháin sin a áireamh i gclárlann phoiblí a bhfuil rochtain éasca uirthi agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach n-áirítear sonraí pearsanta leis an uimhir chlárúcháin sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis inniúla sna Ballstáit a d’fhorchuir ceanglas ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí a tharchur, nósanna imeachta clárúcháin a chur i bhfeidhm nó a choimeád ar bun d’óstaigh agus dá n-aonaid. Chun cásanna a sheachaint ina sanntar níos mó ná uimhir chlárúcháin amháin d’aonad le haghaidh a liostaithe, níor cheart gach aonad a bheith faoi réir ach nós imeachta clárúcháin amháin i mBallstát, bíodh sé ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ba cheart nár dhochar na hoibleagáidí clárúcháin a bhunaítear faoin Rialachán seo d’oibleagáidí faisnéise eile a d’fhéadfadh a bheith ann a eascraíonn as dlí an Aontais nó as an dlí náisiúnta, as cánachas, as daonáirimh agus as bailiú staidrimh.

(10)

Chun a áirithiú go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus na sonraí a theastaíonn uathu, gan ualaí díréireacha a fhorchur ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus ar óstaigh ar líne, is gá cur chuige coiteann a leagan amach maidir le nósanna imeachta clárúcháin laistigh de na Ballstáit atá teoranta d’fhaisnéis bhunúsach lena gceadaítear sainaithint bheacht a dhéanamh ar an aonad agus ar an óstach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, nuair a dhéanfar an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha go léir a thíolacadh, go sannfar uimhir chlárúcháin d’óstaigh agus d’aonaid. Ba cheart do na hóstaigh a bheith in ann iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as modhanna ríomh-shainaitheantais arna n-eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun na nósanna imeachta clárúcháin sin a chur i gcrích. Ba cheart an clárú a bheith saor in aisce nuair is féidir nó ar chostas réasúnta agus comhréireach nár cheart a bheith níos airde ná costas an nós imeachta riaracháin atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh óstaigh in ann an doiciméadacht uile is gá a thíolacadh go digiteach. Mar sin féin, ba cheart seirbhís as líne a bheith ar fáil fós, chun freastal ar riachtanais úsáideoirí nach bhfuil an oiliúint chuí orthu ó thaobh scileanna digiteacha de, go háirithe daoine scothaosta.

(11)

Ba cheart d’óstaigh faisnéis a sholáthar fúthu féin, faoi na haonaid a thairgeann siad i gcomhair seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus faisnéis riachtanach eile ionas go mbeidh a fhios ag na húdaráis inniúla céannacht an óstaigh agus a sonraí teagmhála, chomh maith le seoladh mionsonraithe an aonaid, cineál an aonaid (e.g. teach, árasán, seomra, seomra comhroinnte, nó catagóir ábhartha eile dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta) agus saintréithe an aonaid. Chun go mbeifear in ann an t-aonad a shainaithint go beacht, ba cheart faisnéis shonrach a éileamh ón óstach, mar shampla uimhir an árasáin agus an bhosca litreach agus an t-urlár a bhfuil an t-aonad air nó an tagairt dó i gclárlann na talún. I gcás inarb ábhartha, is féidir a cheangal ar óstaigh a chur in iúl an bhfuair siad údarú ó na húdaráis ábhartha chun an tseirbhís dá dtagraítear i dTreoir 2006/123/CE a sholáthar, ar choinníoll go bhfuil an ceanglas údarúcháin sin i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart faisnéis faoi infheidhmeacht na scéime údarúcháin, faoi chearta na n-óstach a mhéid a bhaineann leis an scéim údarúcháin agus, go háirithe, na modhanna sásaimh atá ar fáil i gcás díospóide, a bheith ar fáil go héasca d’óstaigh dá bhforáiltear i dTreoir 2006/123/CE. Ní dochar an Rialachán seo do cheanglais maidir le rochtain ar an margadh a bhféadfadh feidhm ar leithligh a bheith acu agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí ar chíos gearrthéarmach. Ní dochar eisiúint uathoibríoch uimhreach clárúcháin don mheasúnú a dhéanann na húdaráis inniúla ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le rochtain ar an margadh ag na hóstaigh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart a áireamh sa tuairisc ar shaintréithe an aonaid faisnéis maidir le cé acu an bhfuil an t-aonad á thairiscint mar aonad iomlán nó mar chuid d’aonad agus maidir le cé acu a úsáideann, nó nach n-úsáideann, an t-óstach an t-aonad chun críoch cónaithe mar phríomháit chónaithe nó mar áit chónaithe thánaisteach nó chun críoch eile. Ba cheart d’óstaigh faisnéis a sholáthar freisin maidir leis an uaslíon áiteanna leapa agus aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal.

(12)

Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit éileamh ar óstaigh faisnéis agus doiciméadacht bhreise a chur isteach lena bhfianaítear comhlíonadh na gceanglas arna mbunú leis an dlí náisiúnta, mar shampla ceanglais sláinte agus sábháilteachta agus ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí. Chun rochtain chomhionann agus cuimsiú comhionann a áirithiú, ar nithe iad atá fíor-riachtanach le go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus a bheith páirteach go hiomlán i ngach gné den saol, féadfaidh na Ballstáit go háirithe a cheangal ar óstaigh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht na n-aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach do dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le ceanglais inrochtaineachta náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chur ar chumas óstach a dhearbhú an bhfuil seirbhísí breise á soláthar ar luach saothair. Mar sin féin, ba cheart do gach ceanglas a bheith i gcomhréir le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór dóibh a bheith iomchuí agus riachtanach chun cuspóir rialála dlisteanach a bhaint amach, agus i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le Treoir 2006/123/CE. An ceanglas maidir le faisnéis agus doiciméadacht bhreise a thíolacadh, níor cheart an ceanglas sin a úsáid chun teacht timpeall ar na rialacha is infheidhme maidir le scéimeanna údarúcháin faoi Threoir 2006/123/CE. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais faisnéise a fhorchur ar óstaigh a chomhlíonann dlí an Aontais maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, mar shampla tréimhsí fanachta nach n-íoctar, lena n-áirítear i gcás ina mbainfidh socruithe óstála le daoine leochaileacha, mar shampla dídeanaithe nó tairbhithe cosanta sealadaí.

(13)

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag óstaigh tríd an nós imeachta clárúcháin bailí ar feadh tréimhse teoranta ama, mar shampla i gcás doiciméid aitheantais nó deimhnithe dóiteáin nó deimhnithe sábháilteachta eile, ba cheart d’óstaigh a bheith in ann an fhaisnéis nó an doiciméadacht a nuashonrú. I gcás ina mainneoidh óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht nuashonraithe a thíolacadh, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis nó an doiciméadacht nuashonraithe curtha isteach. Ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht a chuir an t-óstach isteach a choinneáil ar feadh thréimhse iomlán bhailíochta na huimhreach clárúcháin agus ar feadh uastréimhse 18 mí tar éis don óstach a iarraidh go mbainfear aonad den chlárlann, chun gur féidir leis na húdaráis inniúla aon seiceáil ábhartha a dhéanamh go héifeachtach fiú tar éis don aonad a bheith bainte den chlárlann, ach amháin má tá an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin riachtanach chun críoch eile, mar a cheanglaítear leis an dlí, amhail imeachtaí dlí atá ar feitheamh, agus faoi réir coimircí cosanta sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Níor cheart do na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus an doiciméadacht a sholáthraíonn óstach tríd an nós imeachta clárúcháin a fhíorú ach amháin tar éis an uimhir chlárúcháin a eisiúint. Is iomchuí a chur ar chumas óstach, laistigh de thréimhse réasúnta ama a bheidh le sonrú ag na húdaráis inniúla, an fhaisnéis agus an doiciméadacht a tíolacadh agus a mheasann údarás inniúil a bheith neamhiomlán nó míchruinn a cheartú. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na n-uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí i gcásanna ina gcinnfidh sé go bhfuil amhras follasach tromchúiseach ann maidir le barántúlacht agus bailíocht na faisnéise nó na doiciméadachta a sholáthair an t-óstach. Sna cásanna sin, ba cheart d’údaráis inniúla na hóstaigh a chur ar an eolas faoina rún chun bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí agus faoi na cúiseanna atá le fionraí den sórt sin. I gcás inar mhainnigh an t-óstach, le mí-iompar toiliúil nó mórfhaillí, an fhaisnéis a iarradh a cheartú nó i gcás inar sholáthair an t-óstach faisnéis neamhbharántúil nó neamhbhailí, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann freisin an uimhir chlárúcháin a tharraingt siar nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, amhail cosc a chur ar thráchtálú aonaid, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Ba cheart deis éisteachta a thabhairt don óstach agus, i gcás inarb iomchuí, deis chun an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cuireadh ar fáil a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta ama. I gcás inar cuireadh bailíocht na huimhreach clárúcháin ar fionraí, nó i gcás inar tarraingíodh siar í, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis inniúla ordú a eisiúint lena n-iarrfar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an liostú a bhaineann leis an aonad i gceist a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú gan moill mhíchuí. Ba cheart a áireamh sna horduithe sin an fhaisnéis uile is gá chun an liostú a shainaithint, lena n-áirítear aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL) aonair na liostuithe.

(15)

I gcás ina mbeidh feidhm ag nós imeachta clárúcháin, ba cheart ceangal a chur ar óstaigh a n-uimhreacha clárúcháin a sholáthar d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, gach uimhir chlárúcháin a thaispeáint i ngach liostú comhfhreagrach agus uimhir chlárúcháin an aonaid a sholáthar d’aíonna. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina mbeidh feidhm ag nós imeachta clárúcháin, go gcuirfí, leis an dlí náisiúnta, ar chumas na n-údarás inniúil ordú a thabhairt d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir le haonad ar leith agus liostuithe a bhaint, ar liostuithe iad a bhaineann le haonaid arna dtairiscint gan uimhir chlárúcháin nó le huimhir chlárúcháin neamhbhailí, nó i gcásanna a bhaineann le mí-úsáid uimhreach clárúcháin. Is féidir mí-úsáid uimhreach clárúcháin a thuiscint mar úsáid mhíchuí uimhreach clárúcháin, mar shampla uimhir amháin a úsáid i ndáil le níos mó ná aonad amháin.

(16)

Faoi láthair, is iad ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an príomhbhealach chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint agus is gá timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chomh maith le rannchuidiú le tairiscintí neamhdhleathacha na seirbhísí sin a chosc chun tomhaltóirí a chosaint, chun iomaíocht chóir a áirithiú, agus chun rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí, leis an gcalaois chomhfhreagrach a chomhrac. Le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, leagtar síos ceanglais díchill chuí áirithe atá le háirithiú ag soláthraithe ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe. Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i dtaca le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairgeann óstaigh a cháilíonn mar thrádálaithe. Mar sin féin, is saintréith a bhaineann le hearnáil na cóiríochta ar chíos gearrthéarmach gur minic gur daoine príobháideacha iad óstaigh a thairgeann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn piara le piara ó am go chéile, ar daoine iad nach gá go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a chatagóiriú mar ‘trádálaithe’ faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le coincheap agus cuspóir an phrionsabail ‘comhlíonadh trí dhearadh’ faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065, agus chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil a fhíorú an bhfuil na hoibleagáidí clárúcháin is infheidhme á gcomhlíonadh, is iomchuí coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm maidir le comhlíonadh trí dhearadh i gcomhthéacs na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n-áirítear na seirbhísí sin a thairgeann óstaigh nach gcáilíonn mar thrádálaithe de bhun dhlí an Aontais. Le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, ba cheart a áirithiú nach dtairgtear seirbhísí i gcás nár soláthraíodh uimhir chlárúcháin, i gcásanna ina ndearbhaíonn óstach go bhfuil feidhm ag an uimhir chlárúcháin sin, agus, i gcás inar soláthraíodh uimhir chlárúcháin, go bhfuil an uimhir chlárúcháin sin ar taispeáint. Níor cheart gurb ionann an méid sin agus oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne faireachán ginearálta a dhéanamh ar na seirbhísí a thairgeann óstaigh trína n-ardán, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras atá dírithe ar chruinneas na huimhreach clárúcháin a mheasúnú roimh fhoilsiú na tairisceana ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Sa chomhthéacs sin, agus é á chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, gur cheart don óstach oibleagáidí clárúcháin a chomhlíonadh sula dtairgfear an t-aonad ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, agus chun comhlánú a dhéanamh ar an gcreat a leagtar síos sa Rialachán seo chun liostuithe a sheachaint nach bhfuil comhoiriúnach le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, is iomchuí ceanglais shonracha bhreise a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, tar éis dóibh féindearbhú na n-óstach a fháil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an t-aonad a thairgtear le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar inar bunaíodh nós imeachta clárúcháin nó ina bhfuil feidhm aige, agus sula gceadaítear don óstach lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, trí na liostaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit agus ag na pointí iontrála aonair digiteacha, a ndícheall a dhéanamh chun a mheas an bhfuil an féindearbhú, arb iad na hóstaigh atá freagrach as a chruinneas chun críocha an Rialacháin seo, tugtha chun críche, ar choinníoll gur féidir an measúnú a dhéanamh ar bhealach comhréireach le huirlisí uathoibrithe.

(17)

Ba cheart do na húdaráis inniúla i mBallstáit a d’fhorchuir ceanglas ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí a tharchur maidir le gníomhaíochtaí óstach agus a bhfuil córais chlárúcháin i bhfeidhm acu a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a fháil ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne ar bhonn rialta. Ba cheart cineál na sonraí a fhéadfar a fháil a chomhchuibhiú go hiomlán agus ba cheart faisnéis a áireamh ann maidir leis an líon oícheanta a raibh aonad cláraithe ligthe ar cíos, an líon aíonna ar cíos an t-aonad in aghaidh na hoíche; tíortha cónaithe na n-aíonna, agus athruithe ar an áirithint bhunaidh á gcur san áireamh, seoladh sainiúil an aonaid, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid, chun gur féidir an t-óstach a shainaithint. Ní chumhdaítear ach ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a d’éascaigh go héifeachtach tabhairt chun críche idirbheart díreach idir óstaigh agus aíonna leis an oibleagáid sonraí gníomhaíochta, uimhir chlárúcháin agus URL liostú an aonaid a sholáthar, toisc nach bhfuil ach na hardáin sin in ann sonraí a bhailiú, mar shampla an líon oícheanta a raibh aonad ligthe ar cíos agus an líon aíonna ar cíos an t-aonad in aghaidh na hoíche. I gcás fadhb theicniúil a dhéanann difear do tharchur sonraí na n-ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, ba cheart an ceart a bheith ag an údarás inniúil a iarraidh ar an ardán cíosa ghearrthéarma ar líne na sonraí atá ina sheilbh a chur isteach arís. Níor cheart do na Ballstáit bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne tuairisc a thabhairt ar sholáthraithe sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus ar a ngníomhaíochtaí atá éagsúil ó na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, mura bhforáiltear a mhalairt faoi dhlí an Aontais. Ba cheart an staid iarbhír sa tréimhse thagartha a léiriú san fhaisnéis sin, agus athruithe ar an áirithint bhunaidh á gcur san áireamh. I gcás ina dtairgtear aonad amháin ar ardáin éagsúla cíosa ghearrthéarma ar líne, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ach ar an ardán cíosa ghearrthéarma ar líne ar a dtugtar an conradh i gcrích leis an óstach an fhaisnéis a luaitear thuas a sholáthar chun go seachnófaí tarchuir iolracha den fhaisnéis chéanna ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne éagsúla. Gan dochar don díolúine ó dhliteanas, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne iomláine agus cruinneas na dtacar sonraí arna dtarchur chuig údaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh brath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-óstach agus an t-aonad á thairiscint aige nó aici ar na hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sin. Cé go bhfuil sé bunriachtanach a áirithiú go ndearann ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a gcomhéadain ar bhealach a éascaítear tíolacadh na faisnéise chun a áirithiú gur féidir le hóstaigh an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar sula liostófar iad, ba cheart, ag an am céanna, d’óstaigh leanúint de bheith freagrach as a ngníomhaíocht a bheith ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme.

(18)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chun a áirithiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil, níor cheart éileamh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne faisnéis bhreise a thuairisciú faoi chéannacht na n-óstach agus faoi na haonaid, ós rud é go bhfuil faisnéis den sórt sin bailithe cheana féin ag údaráis inniúla trí na nósanna imeachta clárúcháin is infheidhme maidir le hóstaigh.

(19)

Níor cheart a bheith ag súil go n-úsáidfeadh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar fhiontair bheaga nó mar mhicrifhiontair de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (8) modhanna cumarsáide meaisín-le-meaisín chun sonraí a chomhroinnt, ar choinníoll nár bhain siad meánlíon míosúil de 4 250 liostú amach sa ráithe roimhe sin san Aontas. Trí cheadú do na hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sin modhanna láimhe a úsáid chun sonraí a chomhroinnt leis an bpointe iontrála aonair digiteach laghdaítear a n-ualach comhlíontachta agus cuirtear a n-acmhainní airgeadais nó teicniúla san áireamh, agus áirithítear an tráth céanna go bhfaighidh na húdaráis inniúla na sonraí ábhartha. Déantar talamh slán de gur cheart córais a bheith i bhfeidhm cheana féin ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne ar fiontair bheaga nó micrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE a shroicheann nó a sháraíonn an tairseach sin, ar córais iad lenar féidir ceanglais tarchurtha meaisín-le-meaisín a chomhlíonadh.

(20)

Ba cheart a éileamh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a chomhlíonadh ar seirbhísí iad a bhainistíonn siad d’aonaid atá lonnaithe i limistéar inar cuireadh nós imeachta clárúcháin ar bun, agus ar choinníoll gur bhunaigh an Ballstát an pointe iontrála aonair digiteach. Is gá an fhaisnéis sin a bhailiú agus a chomhroinnt chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na nósanna imeachta clárúcháin is infheidhme maidir le hóstaigh agus chun a chur ar chumas na mBallstát beartais iomchuí agus chomhréireacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú i réimse na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

(21)

Chun nach mbeidh ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne dul i ngleic le ceanglais theicniúla éagsúla agus pointí rochtana éagsúla um shonraí a chomhroinnt laistigh de Bhallstát, ba cheart pointe iontrála aonair digiteach náisiúnta a bhunú mar thairseach chun sonraí a tharchur go leictreonach idir ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus údaráis inniúla, lena n-áirithítear próisis chomhroinnte sonraí atá mear, iontaofa agus éifeachtach.

(22)

Leis na pointí iontrála aonair digiteacha, ba cheart a chur ar chumas na n-ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a éascú seiceáil randamach a dhéanamh ar bhailíocht uimhreach clárúcháin nó ar chruinneas féindearbhuithe, chun earráidí agus neamhréireachtaí a laghdú maidir le tarchur sonraí agus chun a n-ualach comhlíontachta a laghdú. Ba cheart don phointe iontrála aonair digiteach, cé nach n-éilítear stóráil iarbhír na huimhreach clárúcháin leis, ligean chun seiceáil randamach a dhéanamh go huathoibríoch trí chomhéadan feidhmchláir trína bhféadfar uimhir chlárúcháin a chur i gcomparáid leis na hiontrálacha lena mbaineann i gclárlann na nósanna imeachta clárúcháin aonair i mBallstát nó seiceáil de láimh a dhéanamh. Go háirithe, i gcás ina dtugann Ballstát rochtain ar chóras láraithe, saor in aisce, lenar féidir fíorú uathoibrithe a dhéanamh ar na limistéir a chumhdaítear le nós imeachta clárúcháin nó ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin, d’fhéadfaí a thoimhdiú go gcomhlíontar, leis an idirnascadh rialta le feidhmiúlachtaí den sórt sin agus úsáid feidhmiúlachtaí den sórt sin le haghaidh seiceálacha ex post, arna leathnú ar bhonn deonach chuig gach liostú, oibleagáid an ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne seiceálacha randamacha a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne a bheith saor chun seiceálacha breise a dhéanamh tríd an bpointe iontrála aonair digiteach. Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’oibleagáidí clárúcháin a fhorfheidhmiú trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dóibh cheana féin. Na Ballstáit nach bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe acu agus/nó nár fhorchuir ceanglas ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí a tharchur chuig údaráis inniúla ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is féidir leo déanamh amhlaidh tráth is faide anonn, ar choinníoll go mbunóidh siad pointe iontrála aonair digiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na réiteach teicniúil lena dtacaítear le malartú sonraí agus chun idir-inoibritheacht na bpointí iontrála aonair digiteacha náisiúnta a chur chun cinn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na caighdeáin is infheidhme agus na ceanglais maidir le hidir-inoibritheacht a leagan síos, nuair is gá sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Tá sé fíor-thábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, i mbun comhairliúcháin iomchuí maidir le pointí sonracha le linn a chuid oibre ullmhúcháin mar chuid den obair atá le déanamh faoi chuimsiú ghrúpa comhordaithe an phointe iontrála aonair dhigitigh.

(24)

Ba cheart ailíniú a áirithiú idir na clárlanna éagsúla sna Ballstáit chomh maith lena n-idir-inoibritheacht leis an bpointe iontrála aonair digiteach chun bacainní séimeantacha agus teicniúla ar chomhroinnt sonraí a bhaint agus chun nósanna imeachta riaracháin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a áirithiú. Ba cheart do na heintitis atá i gceannas ar na pointí iontrála aonair digiteacha a chruthú ar an leibhéal náisiúnta agus don Choimisiún cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus comhar idir na Ballstáit a éascú.

(25)

Tá gá le creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal an Aontais chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a roinnt go trédhearcach, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2016/679. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit liosta a dhéanamh de na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó á chothabháil acu chun sonraí gníomhaíochta faoi aonad atá suite ar a gcríoch a iarraidh. Níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh nósanna imeachta clárúcháin, nó chun na rialacha a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar seirbhísí den sórt sin a chur chun feidhme nó chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha sin. Sa chás deireanach sin, níor cheart próiseáil den sórt sin a cheadú ach amháin mura sáraíonn na rialacha atá i gceist prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta mar a leagtar síos i ndlí an Aontais, agus má chomhlíontar leis na rialacha sin dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le saorghluaiseacht seirbhísí, saoirse bhunaíochta, agus na rialacha arna mbunú i dTreoir 2006/123/CE, mar atá léirmhínithe ag an gCúirt Bhreithiúnais. Chun dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart an cuspóir atá le próiseáil na sonraí ábhartha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 a leagan amach in aon riail a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin. Tá sonraí gníomhaíochta, seachas sonraí pearsanta, bunriachtanach freisin d’údaráis atá ag forbairt rialacha mar sin mar chuid d’iarrachtaí chun éiceachóras cothrom turasóireachta a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha éifeachtacha agus comhréireacha a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir leis na seirbhísí sin a sholáthar. Mar sin féin, i gcásanna sonracha agus ionas go mbeidh na húdaráis in ann a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, ar cúraimí iad a bhfuil údar leo de bharr cuspóirí a bhaineann le leas an phobail, eadhon foráil a dhéanamh do mheasúnuithe fianaise-bhunaithe chun dlíthe, rialacháin nó riaracháin a fhorbairt maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin, is iomchuí faisnéis ábhartha áirithe arna soláthar ag an óstach a sholáthar do na húdaráis sin, lena bhféadfaí sonraí pearsanta a áireamh, faoi réir coimircí iomchuí cosanta sonraí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Le tréimhse choinneála d’uasmhéid 18 mí, ba cheart ligean d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na rialacha agus na rialacháin is infheidhme maidir le hóstaigh nó a bhaineann le haonaid ar cíos agus chun beartais a fhorbairt, ach amháin má tá na sonraí gníomhaíochta sin riachtanach chun críoch eile, mar a cheanglaítear leis an dlí, amhail imeachtaí dlí atá ar feitheamh, agus atá faoi réir coimircí cosanta sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(26)

Tá sonraí gníomhaíochta tábhachtach freisin chun staidreamh oifigiúil a thiomsú. Ba cheart na sonraí sin, in éineacht le faisnéis arna soláthar ag óstaigh de bhun nós imeachta clárúcháin mar aon leis an uimhir chlárúcháin, a tharchur chuig na hoifigí staidrimh náisiúnta, agus i gcás inarb ábhartha, na hoifigí staidrimh réigiúnacha agus chuig Eurostat gach mí chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse eile in earnáil na cóiríochta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht. Ba cheart do na Ballstáit an t-eintiteas náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur a ainmniú. Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann sonraí gníomhaíochta a chomhroinnt, gan aon sonraí a d’fhéadfadh sainaithint aonad nó óstach aonair a chumasú, mar shampla uimhreacha clárúcháin, seoltaí sonracha agus URLanna, le heintitis agus le daoine i gcás inar gá é sin chun taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha a dhéanamh, nó chun samhlacha gnó agus seirbhísí nua a tháirgeadh. Faoi na coinníollacha céanna, d’fhéadfaí sonraí gníomhaíochta a chur ar fáil trí spásanna sonraí earnála, i gcás ina mbunófar iad.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar ionas gur féidir le húdaráis phoiblí, ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, óstaigh agus saoránaigh tuiscint a fháil ar na dlíthe, na nósanna imeachta agus na ceanglais a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach laistigh dá gcríoch, lena n-áirítear nósanna imeachta clárúcháin mar aon le haon cheanglas a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, agus soláthar na seirbhísí sin.

(28)

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát údarás a ainmniú a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Ba cheart don údarás sin tuairisciú don Choimisiún gach 2 bhliain.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Na húdaráis a gcuirtear de chúram orthu Rialachán (AE) 2022/2065 a fhorfheidhmiú, ba cheart dóibh a áirithiú maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a bhaineann le dearadh chomhéadan na n-ardán cíosa ghearrthéarma ar líne maidir le huimhir chlárúcháin aon óstach, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, go gcomhlíontar na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis na cumhachtaí agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065, dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na comhordaitheoirí seirbhísí digiteacha nó d’údaráis inniúla eile nó don Choimisiún oibleagáid na comhlíontachta trí dhearadh a leagtar síos sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú i gcomhréir le leithdháileadh na n-inniúlachtaí a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. Dá dheasca sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gan bearta forfheidhmiúcháin dhírigh a ghlacadh ach amháin maidir le hardáin ar líne atá an-mhór agus ainmnithe de bhun Rialachán (AE) 2022/2065.

(30)

Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú maidir leis an bhfíorúchán a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar thorthaí na seiceálacha randamacha, an oibleagáid chun tagairt don fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit a áirithiú, ar faisnéis í sin maidir le rialacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus oibleagáidí um chomhroinnt sonraí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne. I ngeall ar chineál sonrach na n-oibleagáidí sin, ba cheart gur ar údaráis arna n-ainmniú ag Ballstát an phointe iontrála aonair dhigitigh, ina bhfuil an t-aonad ábhartha lonnaithe, a bheidh sé na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos freisin lena leagtar amach pionóis as sárú fhorálacha sin an Rialacháin seo ag a bhfuil feidhm maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin chun feidhme agus go dtugtar fógra fúthu i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na pionóis sin, ba cheart forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, go háirithe maidir le hoibleagáidí um chomhroinnt sonraí.

(31)

Ionas go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, déantar foráil le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena mbunaítear an tairseach aonair dhigiteach, maidir le rialacha ginearálta i dtaca le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do na ceanglais faisnéise agus do na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh. Go háirithe, na nósanna imeachta a bhaineann leis an gclárúchán ag óstaigh agus le heisiúint na huimhreach clárúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo, ba cheart iad a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 chun a áirithiú gur féidir le haon óstach tairbhiú de nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1724 a leasú dá réir.

(32)

Ina theannta sin, i gcomhréir leis an bprionsabal aonuaire, ba cheart a cheadú d’óstaigh ag a bhfuil aonaid in aon Bhallstát amháin nó níos mó athúsáid a bhaint as sonraí agus as fianaise atá curtha isteach acu cheana féin chun críocha céadchlárúcháin, rud lena laghdófar an t-ualach comhlíontachta le haghaidh na n-óstach. D’fhéadfaí an fheidhmiúlacht sin a sholáthar trí úsáid a bhaint as bonneagar an ‘chórais theicniúil aonuaire’ mar a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún (AE) 2022/1463 (13).

(33)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tréimhsiúil mar aon le faireachán ar a éifeachtaí ar sholáthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne san Aontas. Ba cheart a áireamh leis an meastóireacht sin aon éifeachtaí ar sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, aon éifeachtaí a bhaineann le hinfhaighteacht mhéadaithe agus inúsáidteacht mhéadaithe sonraí a bhaineann le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus, go sonrach, a mhéid is féidir rochtain a fháil ar na sonraí sin agus iad a úsáid chun críoch ceaptha beartais agus forfheidhmithe, chomh maith le haon éifeachtaí ar ábhar agus comhréireacht na rialacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhaineann le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach. Chun léargas leathan a fháil ar fhorbairtí san earnáil, ba cheart eispéiris na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha a chur san áireamh sa mheastóireacht, lena n-áirítear éifeachtacht na sásraí um fhorfheidhmiú agus um chomhar trasteorann.

(34)

Chun go mbeidh go leor ama ag na Ballstáit chun nósanna imeachta clárúcháin a bhunú, nósanna imeachta clárúcháin atá ann cheana a oiriúnú don Rialachán seo agus chun pointí iontrála aonair digiteacha a bhunú, agus chun é a chur ar a gcumas d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus d’óstaigh oiriúnú do na ceanglais nua, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar 24 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le soláthar na seirbhísí arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

Déantar an ceart bunúsach ar chosaint sonraí pearsanta a choimirciú go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679. Soláthraítear an bunús leis an Rialachán sin le haghaidh rialacha agus cheanglais na próiseála sonraí pearsanta, lena n-áirítear i gcás ina n-áireofar meascán de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtacair sonraí agus ina mbeidh na sonraí sin fite fuaite le chéile. Ní mór d’aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(37)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus thug an Maoirseoir tuairim an 16 Nollaig 2022 (15),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le bailiú sonraí ag údaráis inniúla agus ag soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne agus le haghaidh comhroinnt sonraí ó ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne le húdaráis inniúla a bhaineann le soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a thairgeann seirbhísí d’óstaigh a sholáthraíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach san Aontas, gan beann ar a n-áit bhunaithe, agus maidir le hóstaigh a sholáthraíonn seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach.

2.   Ní dochar an Rialachán seo don mhéid seo a leanas:

(a)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach nó soláthar na seirbhísí sin ag óstaigh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ach amháin mura bhforáiltear dá mhalairt go sonrach faoin Rialachán seo;

(b)

rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla lena rialaítear forbairt nó úsáid na talún, pleanáil baile agus tuaithe, caighdeáin tógála, tithíocht agus tionóntachtaí;

(c)

dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear cosc, imscrúdú, brath nó ionchúiseamh cionta coiriúla nó forghníomhú pionós coiriúil;

(d)

dlí an Aontais nó dlí náisiúnta lena rialaítear riaradh, bailiú, forfheidhmiú agus aisghabháil cánacha, custaim agus dleachtanna eile;

(e)

dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta lena rialaítear forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh nó staidrimh oifigiúil náisiúnta.

3.   Ina theannta sin, ní dochar an Rialachán seo do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus soláthar seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, go háirithe:

(a)

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(b)

Rialachán (AE) 2022/2065;

(c)

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(d)

Treoir 2000/31/CE;

(e)

Treoir 2006/123/CE;

(f)

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(g)

Treoir 2010/24/AE ón gComhairle (19); agus

(h)

Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (20).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aonad’ cóiríocht faoi throscán atá lonnaithe san Aontas agus atá faoi réir soláthar seirbhíse cóiríochta ar chíos gearrthéarmach; ní áirítear leis na nithe seo a leanas:

(a)

óstáin agus cóiríocht chomhchosúil, lena n-áirítear ionaid óstáin, óstáin svuíte nó árasáin agus móstáin ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.1 (‘óstáin agus cóiríocht chomhchosúil’) agus brúnna ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.2 (‘cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta’) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(b)

cóiríocht a sholáthar i dtailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna carbhán, ar a dtugtar tuairisc in NACE Rev. 2, grúpa 55.3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.

(2)

ciallaíonn ‘óstach’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthraítear ar luach saothair, nó a bheartaíonn seirbhís den sórt sin a sholáthar, trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, ar bhonn gairmiúil, neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach;

(3)

ciallaíonn ‘aoi’ duine nádúrtha atá á óstáil in aonad;

(4)

ciallaíonn ‘seirbhís chóiríochta ar chíos gearrthéarmach’ aonad a ligean go gearrthéarmach, a sholáthraítear ar luach saothair, cé acu ar bhonn gairmiúil nó neamhghairmiúil, ar bhonn rialta nó ar bhonn sealadach, mar a shainítear tuilleadh leis an dlí náisiúnta;

(5)

ciallaíonn ‘ardán cíosa ghearrthéarma ar líne’ ardán ar líne de réir bhrí Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065, lena gceadaítear d’aíonna cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hóstaigh chun seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a sholáthar;

(6)

ciallaíonn ‘ardán cíosa gearrthéarma beag nó micrimhéide ar líne’ ardán cíosa ghearrthéarma ar líne a cháilíonn mar fhiontar beag nó mar mhicrifhiontar de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;

(7)

ciallaíonn ‘uimhir chlárúcháin’ aitheantóir uathúil, arna eisiúint ag an údarás inniúil, lena sainaithnítear aonad sa Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn ‘nós imeachta clárúcháin’ aon nós imeachta is tríd nach mór d’óstaigh faisnéis shonrach agus doiciméadacht shonrach a sholáthar do na húdaráis inniúla chun uimhir chlárúcháin a fháil ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint trí ardáin cíosa gearrthéarma ar líne;

(9)

ciallaíonn ‘scéim údarúcháin’‘scéim údarúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 6, de Threoir 2006/123/CE;

(10)

ciallaíonn ‘liostú’ an tagairt d’aonad a thairgtear le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin de chuid ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(11)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit atá inniúil chun nósanna imeachta clárúcháin a bhainistiú nó a fhorfheidhmiú, nó chun sonraí a bhailiú maidir le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, nó atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar rialacha infheidhme na mBallstát maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus maidir le soláthar na seirbhísí sin;

(12)

ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ líon na n-oícheanta a ligtear aonad ar cíos agus líon na n-aíonna ar ligeadh an t-aonad ar cíos leo in aghaidh na hoíche chomh maith le tír chónaithe gach aoi, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 692/2011;

(13)

ciallaíonn ‘bardas’‘aonad riaracháin áitiúil (ARÁ)’ de réir bhrí Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

CAIBIDIL II

CLÁRÚ

Airteagal 4

Nósanna imeachta clárúcháin

1.   Le haon nós imeachta clárúcháin arna bhunú ag Ballstát, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, le haghaidh aonaid atá lonnaithe ar a chríoch, comhlíonfar forálacha na Caibidle seo.

2.   Maidir le Ballstát a fhorchuireann ceanglas ar ardáin cíosa gearrthéarma ar líne sonraí a tharchur chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh sé nós imeachta clárúcháin a bhunú nó a choimeád ar bun d’aonaid atá lonnaithe i limistéir dá chríoch ina bhfuil feidhm ag ceanglas tarchurtha sonraí den sórt sin maidir leo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

go n-oibreoidh nósanna imeachta clárúcháin ar bhonn dearbhuithe arna ndéanamh ag óstaigh;

(b)

go soláthrófar nósanna imeachta clárúcháin ar líne, agus saor in aisce, i gcás inar féidir, nó ar phraghas réasúnta comhréireach, agus go gceadófar leo uimhir chlárúcháin a eisiúint go huathoibríoch agus láithreach, nach n-áireofar sonraí pearsanta inti, le haghaidh aonad sonrach ar don óstach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon doiciméadacht tacaíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 5(2) a thíolacadh;

(c)

go mbeidh nósanna imeachta clárúcháin faoi réir sásraí éifeachtacha achomhairc laistigh den Bhallstát;

(d)

nach mbeidh aonad faoi réir níos mó ná aon nós imeachta clárúcháin amháin;

(e)

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach faisnéis agus doiciméadacht a nuashonrú;

(f)

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht uimhreacha clárúcháin;

(g)

go mbeidh modhanna teicniúla i bhfeidhm chun ligean d’óstach aonad a bhaint den chlárlann dá dtagraítear i mír 5; agus

(h)

go gceanglófar ar óstaigh, agus a seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach á dtairiscint acu trí ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, a dhearbhú don ardán cíosa ghearrthéarma ar líne an bhfuil an t-aonad atá á thairiscint faoi réir nós imeachta clárúcháin agus, más amhlaidh go bhfuil, an uimhir chlárúcháin a sholáthar.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh óstaigh in ann a iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna soláthar de bhun Airteagal 5(1) agus (2) a athúsáid chun críoch clárúcháin dá éis sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar uimhreacha clárúcháin i gclárlann atá poiblí agus inrochtana go héasca. Beidh an t-údarás inniúil a eisíonn an uimhir chlárúcháin freagrach as an gclárlann a bhunú agus a choimeád ar bun, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh óstaigh in ann na doiciméid uile is gá mar chuid den phróiseas clárúcháin a thíolacadh i bhformáid dhigiteach.

Airteagal 5

Faisnéis atá le soláthar ag óstaigh

1.   Agus clárú á dhéanamh de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4, tíolacfaidh óstach dearbhú ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

le haghaidh gach aonaid:

(i)

seoladh sonrach an aonaid lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, a uimhir, uimhir an bhosca litreach, murab ionann an dá uimhir, an t-urlár ar a bhfuil an t-aonad, an tagairt do chlárlann na talún nó aon chineál eile faisnéise a fhágann gur féidir é a shainaithint go beacht;

(ii)

an cineál aonaid;

(iii)

cé acu an bhfuil an t-aonad á thairiscint mar chuid de phríomháit chónaithe nó áit chónaithe thánaisteach an óstaigh, nó mar iomlán na príomháite cónaithe nó na háite cónaithe tánaistí sin, nó chun críoch eile;

(iv)

líon uasta na n-áiteanna leapa atá ar fáil san aonad agus na n-aíonna ar ar féidir leis an aonad freastal;

(v)

i gcás inarb infheidhme, cé acu an bhfuil an t-aonad faoi réir scéim údarúcháin faoina gceanglaítear ar an óstach údarú a fháil ón údarás inniúil ábhartha chun seirbhísí cóiríochta gearrthéarmacha ar cíos a thairiscint, agus má cheanglaítear amhlaidh, an bhfuil údarú den sórt sin faighte ag an óstach;

(b)

i gcás inar duine nádúrtha an t-óstach, na nithe seo a leanas a bhaineann leis an duine sin:

(i)

ainm;

(ii)

uimhir aitheantais nó faisnéis eile lenar féidir an duine a shainaithint;

(iii)

seoladh;

(iv)

uimhir theileafóin;

(v)

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa;

(c)

i gcás inar duine dlítheanach an t-óstach:

(i)

a ainm;

(ii)

an uimhir chlárúcháin ghnó náisiúnta;

(iii)

ainm ionadaí dhlíthiúil;

(iv)

a seoladh cláraithe;

(v)

uimhir theileafóin teagmhála ionadaí amháin ar a laghad an duine dhlítheanaigh sin;

(vi)

seoladh ríomhphoist is féidir leis an údarás inniúil a úsáid le haghaidh cumarsáid scríofa.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí in éineacht leis an bhfaisnéis a thíolactar de bhun mhír 1. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(v), i gcás ina ndearbhaíonn an t-óstach go bhfuil an t-aonad faoi réir údaraithe, nó i gcás ina gceadaítear leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear i mír 1 cinneadh uathoibríoch go bhfuil feidhm ag ceanglas údarúcháin, féadfaidh na Ballstáit cóip den údarú, nó tagairt shoiléir dó, a iarraidh.

3.   I gcás ina gceanglaíonn Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a thíolacadh, lena n-áirítear faisnéis agus doiciméadacht maidir le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), ní dochar tíolacadh na faisnéise agus na doiciméadachta sin d’eisiúint na huimhreach clárúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (b). I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit a chur ar chumas óstach freisin seirbhísí breise atá coimhdeach leis na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a dhearbhú.

4.   Gan dochar d’Airteagal 6, i gcás ina bhfuil athrú ábhartha ar an staid a bhfuil bunús leis de réir na faisnéise agus na doiciméadachta arna soláthar de bhun mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh óstaigh an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a nuashonrú agus áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonrú den sórt sin tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e).

5.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis nó leis an doiciméadacht arna tíolacadh de bhun nós imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4 go gcoimeádfar ar bhealach slán í agus nach ndéanfar amhlaidh ach ar feadh tréimhse is gá chun an t-aonad a shainaithint agus ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí tar éis don óstach a léiriú, tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (g), gur cheart an t-aonad a bhaint den chlárlann. Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht arna soláthar ag an óstach de bhun mhíreanna 1 agus 2 nach ndéanfar iad a phróiseáil ach amháin chun an uimhir chlárúcháin a eisiúint agus chun comhlíonadh na rialacha is infheidhme de chuid an Bhallstáit a áirithiú, ar rialacha iad a bhaineann leis an rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin.

6.   Beidh óstaigh freagrach as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad do na húdaráis inniúla de bhun an Airteagail seo, agus as cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn siad d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Fíorú arna dhéanamh ag údaráis inniúla

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, tráth ar bith tar éis an uimhir clárúcháin a bheith eisithe, an dearbhú a fhíorú mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta arna tíolacadh ag óstach de bhun Airteagal 5(1) agus (2).

2.   I gcás ina gcinneann údarás inniúil, tar éis fíorú a dhéanamh de bhun mhír 1, go bhfuil an fhaisnéis nó an doiciméadacht arna tíolacadh de bhun Airteagal 5(1) agus (2) neamhiomlán nó mícheart, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iarraidh ar an óstach an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e), a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta atá le sonrú ag an údarás inniúil.

3.   I gcás ina mainníonn óstach an fhaisnéis nó doiciméadacht arna hiarraidh a cheartú de bhun mhír 2, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.

4.   I gcás ina gcinneann údarás inniúil, tar éis fíorú a dhéanamh de bhun mhír 1, go bhfuil amhrais fhollasacha agus thromchúiseacha ann a mhéid a bhaineann le barántúlacht agus bailíocht na faisnéise nó na doiciméadachta arna tíolacadh de bhun Airteagal 5(1) agus (2), beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a chur ar fionraí agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne tuilleadh faisnéise a sholáthar ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla barántúlacht agus bailíocht na huimhreach clárúcháin nó na n-uimhreacha clárúcháin dá ndéantar difear a fhíorú, nó chun aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina mbeartaíonn údarás inniúil bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 3 nó 4, nó uimhir nó uimhreacha clárúcháin a tharraingt siar de bhun mhír 6, tabharfaidh sé fógra don óstach i scríbhinn lena sonraítear na cúiseanna leis sin a bheith de rún aige a dhéanamh. Tabharfar deis éisteachta don óstach agus, i gcás inarb iomchuí, deis chun an fhaisnéis nó an doiciméadacht i gceist a cheartú laistigh de thréimhse réasúnta atá le sonrú ag an údarás inniúil. I gcás inarb amhlaidh, tar éis don údarás inniúil éisteacht leis an óstach, go ndearbhaíonn an t-údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don óstach faoin gcinneadh bailíocht uimhreach clárúcháin nó uimhreacha clárúcháin a chur ar fionraí, agus cóip den ordú dá dtagraítear i míreanna 3 nó 4 in éineacht leis, nó faoin gcinneadh an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin a tharraingt siar, agus cóip den ordú in éineacht leis i gcomhréir le mír 6.

6.   Gan dochar do mhír 5, i gcás inar mhainnigh an t-óstach, trí mhí-iompar toiliúil nó trí mhórfhaillí, an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le mír 3 a cheartú, nó i gcás inar sholáthair an t-óstach faisnéis atá neamhbharántúil nó neamhbhailí i gcomhréir le mír 4, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla an uimhir chlárúcháin nó na huimhreacha clárúcháin a tharraingt siar agus ordú a eisiúint lena n-iarrtar ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne aon liostú a bhaineann leis an aonad nó leis na haonaid i gceist a bhaint, nó rochtain orthu a dhíchumasú, gan moill mhíchuí.

7.   Beidh ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas in orduithe a eisítear de bhun mhíreanna 3, 4, 6 agus 11:

(a)

ráiteas ar chúiseanna;

(b)

faisnéis shoiléir lena gcuirtear ar chumas sholáthraí an ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an liostú nó na liostuithe lena mbaineann a shainaithint agus a lonnú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus céannacht an údaráis inniúil;

(c)

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, céannacht an óstaigh agus uimhir chlárúcháin an aonaid arna thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, nó, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an óstach agus an aonad a shainaithint.

8.   Fanfaidh bailíocht uimhreach clárúcháin ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus an doiciméadacht ábhartha ceartaithe ag an óstach leis na húdaráis inniúla. Tar éis dóibh an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag an óstach a fháil tríd an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (e), tar éis dóibh cruinneas agus iomláine na faisnéise agus na doiciméadachta sin a fhíorú, agus tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ceart, tabharfaidh na húdaráis inniúla an uimhir chlárúcháin ar ais.

9.   Cuirfidh an t-údarás inniúil na hóstaigh ar an eolas faoi na sásraí sásaimh atá ar fáil i ndáil leis na céimeanna arna ndéanamh de bhun mhíreanna 2 go 6 agus 8.

10.   I gcás ina gceanglaíonn Ballstát ar óstaigh tuilleadh faisnéise agus doiciméadachta a thíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus ina gcinneann an t-údarás inniúil go bhfuil amhrais thromchúiseacha ann maidir le comhlíonadh na rialacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), féadfaidh an Ballstát forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis nó doiciméadacht den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil an ceanglas i gceist neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus go gcomhlíontar dlí an Aontais leis.

11.   I gcás ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar chumas na n-údarás inniúil leis an dlí náisiúnta ordú do sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar agus liostuithe a bhaint a bhaineann le haonaid arna dtairiscint gan uimhir chlárúcháin nó le huimhir chlárúcháin neamhbhailí, nó i gcásanna a bhaineann le mí-úsáid uimhreach clárúcháin.

Airteagal 7

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Déanfaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an méid seo a leanas:

(a)

a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach lena gceanglaítear ar óstaigh féindearbhú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-aonad atá á thairiscint le haghaidh seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach lonnaithe i limistéar ina bhfuil nós imeachta clárúcháin bunaithe nó ina bhfuil feidhm ag nós imeachta den sórt sin maidir leis;

(b)

a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh úsáideoirí in ann aonad a thairgtear do sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a shainaithint trí uimhir chlárúcháin, nuair a dhearbhaíonn óstaigh go bhfuil an t-aonad sin lonnaithe i limistéar inar bunaíodh nós imeachta clárúcháin nó ina bhfuil feidhm aige; agus a áirithiú go mbeidh uimhir chlárúcháin soláthartha ag óstaigh sula gceadaítear dóibh na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach a thairiscint i ndáil leis an aonad sin, agus go mbeidh an uimhir chlárúcháin sin ar taispeáint go soiléir ag óstaigh mar chuid dá liostú;

(c)

iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun dearbhuithe na n-óstach a sheiceáil go randamach ar bhonn rialta maidir le nós imeachta clárúcháin a bheith ann nó gan bheith ann, agus an liosta a cuireadh ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a), á chur san áireamh, agus, i gcás inarb ann do nós imeachta den sórt sin, bailíocht na huimhreach clárúcháin arna soláthar ag an óstach a sheiceáil, trí úsáid a bhaint as na feidhmiúlachtaí arna dtairiscint leis na pointí iontrála aonair digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), tar éis dóibh tairiscint na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ag an óstach a cheadú.

2.   Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na húdaráis inniúla agus na hóstaigh ar an eolas gan moill mhíchuí faoi thorthaí na seiceálacha randamacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a bhaineann le dearbhuithe míchearta ó óstaigh, le mí-úsáid uimhreach clárúcháin, nó le huimhreacha clárúcháin neamhbhailí.

3.   Cuirfidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hóstaigh ar an eolas go leormhaith maidir le hinfheidhmeacht nósanna imeachta clárúcháin i limistéar ar leith, agus na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 13, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara colún, ró ‘N. Seirbhisí’, pointe 4, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, atá le cur ar fáil ag na Ballstáit, á gcur san áireamh.

Airteagal 8

Oibleagáidí eile le haghaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne

Tar éis d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), a fháil agus sula gceadófar don óstach lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh na hardáin a ndícheall trí úsáid a bhaint as na liostaí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 13(1), pointe (a), chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an féindearbhú dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), arb iad na hóstaigh atá freagrach go hiomlán as a chruinneas, tugtha chun críche, ar choinníoll gur féidir an measúnú a dhéanamh ar bhealach comhréireach le huirlisí uathoibrithe dá bhforáiltear in Airteagal 10. Ní bheidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

CAIBIDIL III

TUAIRISCIÚ SONRAÍ

Airteagal 9

Oibleagáid ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur

1.   I gcás ina mbaineann liostú le haonad atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), déanfaidh soláthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht leis an uimhir chlárúcháin chomhfhreagrach arna soláthar ag an óstach, seoladh sonrach an aonaid agus URL an liostaithe, a bhailiú agus, ar bhonn míosúil, a tharchur chuig pointe iontrála aonair digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t-aonad lonnaithe. Tarlóidh an tarchur sin trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín.

2.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le hardáin cíosa ghearrthéarma bheaga nó mhicrimhéide ar líne nár shroich, sa ráithe roimhe sin, meánlíon míosúil de 4 250 liostú nó níos mó, tarchuirfidh siad na sonraí gníomhaíochta in aghaidh an aonaid, in éineacht leis an uimhir chlárúcháin chomhfhreagrach, seoladh sonrach an aonaid agus URL an liostaithe, ag deireadh an ráithe, trí mhodhanna cumarsáide meaisín le meaisín nó de láimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chuig pointe iontrála aonair digiteach an Bhallstáit ina bhfuil an t-aonad lonnaithe.

3.   Áiritheoidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na hóstaigh go mbeidh na tacair sonraí a tharchuireann siad chuig na húdaráis inniúla de bhun an Airteagail seo iomlán agus cruinn.

Airteagal 10

Bunú agus feidhmiúlachtaí na bpointí iontrála aonair digiteacha

1.   I gcás ina bhfuil nós imeachta clárúcháin amháin nó níos mó bunaithe ag Ballstát de bhun Airteagal 4(1), bunóidh an Ballstát sin pointe iontrála aonair digiteach chun sonraí gníomhaíochta, an uimhir chlárúcháin ábhartha, seoladh sonrach an aonaid agus URLanna na liostuithe arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 9 a fháil agus a chur ar aghaidh. Ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás atá le bheith freagrach as an bpointe iontrála aonair digiteach a oibriú.

2.   Déanfar an méid seo a leanas leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne lena gcumasaítear tarchur na sonraí gníomhaíochta ar bhonn meaisín le meaisín agus de láimh, mar aon leis an uimhir chlárúcháin ábhartha agus URLanna na liostuithe, atá le cur chun feidhme, chun idir-inoibritheacht a áirithiú, trí úsáid a bhaint as comhéadan feidhmchláir atá bunaithe ar cheanglais theicniúla arna sainiú ag an gCoimisiún.

(b)

seiceálacha randamacha arna ndéanamh ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne de bhun Airteagal 7(1), pointe (c), a éascú;

(c)

comhéadan teicniúil a sholáthar le haghaidh na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 chun sonraí gníomhaíochta, an uimhir chlárúcháin ábhartha, seoladh sonrach an aonaid agus URLanna na liostuithe, arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne, a fháil, chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 12(2) le haghaidh aonaid ina gcríoch agus chun na gcríoch sin amháin;

(d)

comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 a éascú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht leis na clárlanna dá dtagraítear in Airteagal 4(5);

(b)

bunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá inrochtana go héasca agus meaisín-inléite le haghaidh na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c), agus le haghaidh an mheasúnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8;

(c)

an fhéidearthacht athúsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó doiciméadacht atá le soláthar ag óstaigh de bhun Airteagal 5, más rud é go n-iarrtar an fhaisnéis nó an doiciméadacht chéanna le clárlanna iomadúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) laistigh den Bhallstát céanna;

(d)

rúndacht, sláine agus slándáil phróiseáil na sonraí gníomhaíochta, na n-uimhreacha clárúcháin, sheoltaí sonracha na n-aonad, agus URLanna na liostuithe arna dtarchur ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.   Áiritheofar leis an bpointe iontrála aonair digiteach dá dtagraítear i mír 1 próiseáil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan na sonraí pearsanta lena bhfuil fíorghá chun rochtain a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 12 ar shonraí gníomhaíochta, uimhreacha clárúcháin, seoltaí sonracha na n-aonad agus URLanna na liostuithe arna soláthar ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna chun idir-inoibritheacht a áirithiú maidir le réitigh le haghaidh fheidhmiú na bpointí iontrála aonair digiteacha agus malartú sonraí gan uaim, lena n-áirítear sonraíochtaí coiteanna chun struchtúr caighdeánaithe uimhreacha clárúcháin a bhunú Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Comhordú na bpointí iontrála aonair digiteacha

1.   Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta. Gníomhóidh na comhordaitheoirí náisiúnta sin mar phointí teagmhála le haghaidh na rialtas faoi seach dá gcuid le haghaidh gach ábhar a bhaineann leis an bpointe iontrála aonair digiteach.

Beidh an comhordaitheoir náisiúnta le haghaidh gach Ballstáit freagrach as teagmhálaithe leis an gCoimisiún i leith gach ábhair a bhaineann leis an bpointe iontrála aonair digiteach. Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi ainm agus sonraí teagmhála a chomhordaitheora náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus dá sonraí teagmhála a choinneáil agus a choimeád ar bun.

2.   Leis seo, bunaítear grúpa comhordúcháin na bpointí iontrála aonair digiteacha (‘an grúpa comhordúcháin’). Beidh an grúpa comhordúcháin comhdhéanta den chomhordaitheoir náisiúnta ó gach Ballstát agus is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht air. Glacfaidh an grúpa comhordúcháin a rialacha nós imeachta. Tacóidh an Coimisiún le feidhmiú an ghrúpa comhordúcháin. Féadfaidh an grúpa comhordúcháin, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha maidir le pointí sonracha, lena n-áirítear formáid chomhchuibhithe na comhroinnte sonraí.

3.   Tacóidh an grúpa comhordúcháin le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na pointí iontrála aonair digiteacha. Go háirithe, déanfaidh an grúpa comhordúcháin na cúraimí seo a leanas:

(a)

malartú na ndea-chleachtas a éascú maidir le hábhair a bhaineann le comhordú an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 10;

(b)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún úsáid na réiteach idir-inoibritheachta a chur chun cinn le haghaidh fheidhmiú na bpointí iontrála aonair digiteacha, malartú sonraí, agus seiceálacha uathoibrithe, lena n-áirítear seiceálacha ar gach liostú agus ar gach uimhir chlárúcháin;

(c)

cúnamh a thabhairt don Choimisiún cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le formáid na dteachtaireachtaí chun sonraí gníomhaíochta agus uimhreacha clárúcháin a tharchur agus, más iomchuí, maidir le struchtúr coiteann na n-uimhreacha clárúcháin.

Airteagal 12

Rochtain ar shonraí

1.   Bunóidh na Ballstáit liosta de na húdaráis inniúla atá freagrach as limistéir ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin de bhun Airteagal 4.

2.   Ní dheonófar rochtain ar an bhfaisnéis arna tarchur de bhun Airteagal 9 don údarás inniúil ach amháin i gcás inarb é ceann de na críocha seo a leanas críoch bheartaithe na próiseála:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na nósanna imeachta clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

rialacha a chur chun feidhme lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus soláthar na seirbhísí sin, agus a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha sin, i gcomhréir le dlí an Aontais.

3.   Coinneoidh na húdaráis inniúla a liostaítear de bhun mhír 1 sonraí gníomhaíochta ar bhealach slán a fhad is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 agus ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí tar éis na sonraí sin a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin, i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann, sonraí gníomhaíochta, seachas aon sonraí lenar féidir aonaid nó óstaigh aonair a shainaithint, lena n-áirítear uimhreacha clárúcháin agus URLanna na liostuithe agus an fhaisnéis ábhartha arna tarchur de bhun Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt go háirithe leo seo a leanas:

(a)

údaráis ar a bhfuil sé de chúram forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a fhorbairt maidir le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;

(b)

eintitis nó daoine a dhéanann taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha nó a fhorbraíonn samhlacha nua ghnó, i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críocha na ngníomhaíochtaí sin.

D’ainneoin an mhéid sin, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis atá in Airteagal 5(1)(a), pointí (i) go (iv), a chomhroinnt leis na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a), i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit agus faoi réir coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Ainmneoidh na Ballstáit an t-eintiteas náisiúnta atá freagrach as na sonraí gníomhaíochta agus na huimhreacha clárúcháin arna bhfáil de bhun Airteagail 5 agus 9, an bardas ina bhfuil an t-aonad lonnaithe agus an uaslíon leapacha atá san aonad a tharchur ar bhonn míosúil, i gcás gach aonaid, chuig oifigí staidrimh náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, chuig oifigí staidrimh réigiúnacha agus cuirfidh siad sonraí den sórt sin ar fáil do Eurostat chun staidreamh a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). An rochtain atá ag na hoifigí staidrimh náisiúnta nó réigiúnacha ar na sonraí sin, beidh sí faoi réir coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS, FAIREACHÁN AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 13

Oibleagáidí faisnéise

1.   Déanfaidh na Ballstáit na liostaí seo a leanas a tharraingt suas, a chur ar fáil tríd an bpointe iontrála aonair digiteach agus a nuashonrú go rialta:

(a)

an liosta de limistéir ina bhfuil feidhm ag nós imeachta clárúcháin ina gcríoch, chun críocha Airteagal 7(1), pointe (c), agus Airteagal 8;

(b)

an liosta de limistéir dá bhfuil sonraí iarrtha ag údaráis inniúla ó sholáthraithe ardán cíosa ghearrthéarma ar líne, chun críocha Airteagal 9(1).

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla feasacht ar na cearta agus ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo chun cinn ina gcríocha faoi seach.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na liostaí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí agus saor in aisce freisin.

Airteagal 14

Faireachán

Ainmneoidh gach Ballstát údarás atá le bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar a chríoch. Tuairisceoidh an t-údarás sin don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin gach 2 bhliain.

Airteagal 15

Forfheidhmiú

1.   Chun críocha fhorfheidhmiú Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 den Rialachán seo, beidh feidhm ag Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065, agus measfar go n-áireofar Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 den Rialachán seo in aon tagairt do chomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2065. A mhéid a thugtar cumhachtaí don Choimisiún faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065, cumhdófar leis na cumhachtaí sin cur i bhfeidhm Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 den Rialachán seo freisin.

2.   Beidh na húdaráis arna n-ainmniú ag Ballstát an phointe iontrála aonair dhigitigh ábhartha inniúil chun Airteagal 6, Airteagal 7(2) agus (3) agus Airteagal 9 den Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

3.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus, i gcás inarb ábhartha, ag óstaigh ar Airteagail 6, 7(2), 7(3) agus 9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

4.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun mír 3 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 20 Bealtaine 2026 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi gan mhoill.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

An coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1724

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘N. Seirbhísí’, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘4.

faisnéis faoi rialacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n-áirítear na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1028, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1028/oj).’ "

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

sa dara colún, sa ró ‘Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh’, cuirtear an méid seo a leanas leis mar ró nua:

‘Dearbhuithe ó óstaigh le haghaidh nósanna imeachta clárúcháin i ndáil le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach’;

(b)

sa tríú colún, sa ró ‘Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh’, cuirtear an méid seo a leanas leis mar ró nua:

‘Uimhir chlárúcháin a eisiúint’.

Airteagal 18

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an 20 Bealtaine 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí dá chuid faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar an tuarascáil arna tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14 agus, i gcás inarb ábhartha, ar na sonraí arna dtarchur chuig Eurostat i gcomhréir le hAirteagal 12(4).

2.   Leis an meastóireacht arna déanamh de bhun mhír 1, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tionchar an Rialacháin seo ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar infhaighteacht na sonraí a bhaineann le soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach arna dtairiscint san Aontas ag óstaigh trí ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne;

(c)

a mhéid a chomhlíonann ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos faoin Rialachán seo, agus tuairisciú na n-údarás inniúil á chur san áireamh;

(d)

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar ábhar, forfheidhmiú agus comhréireacht na bhforálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus le soláthar na seirbhísí sin;

(e)

a mhéid is féidir, tionchar an Rialacháin seo ar éifeachtacht an fhorfheidhmithe agus an chomhair idir údaráis inniúla ar an leibhéal trasteorann i gcás ina soláthraítear seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ar bhonn trasteorann; agus

(f)

an gá atá le pointe iontrála aonair digiteach láraithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun foráil a dhéanamh maidir le comhéadan uathúil d’ardáin cíosa ghearrthéarma ar líne agus chun comhroinnt sonraí gníomhaíochta a éascú.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Bealtaine 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. DE BUE


(1)   IO C 146, 27.4.2023, lch. 29.

(2)   IO C 188, 30.5.2023, lch. 19.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2024.

(4)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (ar tugadh fógra ina leith faoi uimhir doiciméid C(2003) 1422) (2003/361/EC) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 692/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle (IO L 192, 22.7.2011, lch. 17).

(11)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘aonuaire’ i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 231, 6.9.2022, lch. 1.)

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(15)   IO C 60, 17.2.2023, lch. 14.

(16)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(17)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(19)  Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).

(20)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh a bhunú (NUTS) (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1028/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)