European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1027

9.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1027 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, áirítear galachta-olagaisiúicríd mar bhia núíosach údaraithe.

(4)

De bhun Airteagal 5 den Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá galachta-olagaisiúicríd údaraithe lena chur ar an margadh mar bhia núíosach atá le húsáid i roinnt bianna, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

An 28 Iúil 2023, chuir an chuideachta FrieslandCampina Ingredients (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 le haghaidh athrú i sonraíochtaí an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. D’iarr an t-iarratasóir go mbainfí galachtós de shonraíochtaí an bhia núíosaigh lena n-áirítear galachtós faoi láthair ar leibhéil is mó ná 0.8 % den ábhar tirim.

(6)

Thug an t-iarratasóir údar lena iarraidh ar an athrú atá beartaithe ar shonraíochtaí galachta-olagaisiúicríde trí chéimeanna íonúcháin breise a thabhairt isteach ina táirgeadh. Tá sé d’aidhm ag an íonú breise sin monaisiúicrídí amhail galachtós a bhaint chun galachta-olagaisiúicríd a bhfuil íonacht níos airde aici a tháirgeadh.

(7)

Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an athrú a iarradh ar shonraíochtaí galachta-olagaisiúicríde ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Tá stair úsáide sábháilte ag galachtós mar chuid den ghnáth-aiste bia nuair a chaitear táirgí déiríochta. Mar thoradh air sin, údaraítear é a bheith sa bhia núíosach ar íosleibhéil 0.8 % nó níos mó agus gan uasleibhéal údaraithe mar nach ábhar imní sábháilteachta é. Dá bhrí sin, beag beann ar na céimeanna íonúcháin le linn an táirgthe, ní gá go n-éileodh na sonraíochtaí leibhéal áirithe galachtóis sa bhia núíosach.

(8)

Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/258/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).


IARSCRÍBHINN

I dTábla 2 (‘ Sonraíochtaí’ ) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Galachta-olagaisiúicríd’:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Galachta-olagaisiúicríd

Tuairisc/Sainmhíniú:

Déantar Galachta-olagaishiúicríd a tháirgeadh ó lachtós bainne trí phróiseas einsímeach ag baint úsáide as β-galachtóisíodáisí ó Aspergillus oryzae, Bifidobacterium bifidum, Pichia pastoris, Sporobolomyces singularis, Kluyveromyces lactis agus Papiliotrema terrestris.

GOS: íoschion 46 % Ábhar Tirim (DM)

Lachtós: Lachtós: uaschion 40 % DM

Glúcós: Lachtós: uaschion 22 % DM

Luaith: Lachtós: uaschion 4,0 % DM

Próitéin: Lachtós: uaschion 4,5 % DM

Nítrít: uaschion 2 mg/kg’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1027/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)