European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1026

9.4.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1026 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún, (1) agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Údaraíodh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena úsáid i bhforbhianna atá ceaptha lena dtomhailt ag an bpobal i gcoitinne, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1377 ón gCoimisiún (5), leasaíodh coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis. Go háirithe, an dáileog oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis a úsáidtear i bhforbhianna, ag leibhéal suas le 8.0 mg/lá, is i gcás daoine fásta agus déagóirí os cionn 14 bliana d’aois amháin atá sé ceadaithe.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1581 ón gCoimisiún (6), leasaíodh a thuilleadh coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis. Go háirithe, rinneadh úsáid an bhia núíosaigh i bhforbhianna atá ceaptha do leanaí idir 3 bliana d’aois agus faoi bhun 10 mbliana d’aois a leathnú go dtí leibhéil 23 mg/lá d’oiléaroisín (rud a chomhfhreagraíonn do suas le 2,3 mg/lá d’astaxaintin), agus i bhforbhianna atá ceaptha do dhéagóirí atá idir 10 mbliana d’aois agus faoi bhun 14 bliana d’aois go dtí 57 mg/lá d’oiléaroisín ann (rud a chomhfhreagraíonn do suas le 5,7 mg/lá in d’astaxaintin).

(7)

An 20 Meitheamh 2022, chuir an chuideachta Astareal AB (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú shonraíochtaí an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis. D’iarr an t-iarratasóir leibhéil an chion a mhodhnú i gcás roinnt paraiméadar sna sonraíochtaí. Baineann sé sin le modhnú an raoin i gcás monaeistir astaxaintine in oiléaroisín ó 79,8–91,5 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine) go 66,7–91,5 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine), modhnú raon na n-eistir astaxaintine ó 0,16–19,0 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine) go 0,16 go 32,5 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine), modhnú an raoin i gcás astaxaintine 9-cis steiré-isiméirí ó 0,3–17,3 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine) go 0,3–30,0 % m/m de charaitéanóidigh (ina n-iomláine), agus modhnú raon an chion próitéine ó 0,3–4,4 % go 0,0–4,4 %.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an 26 Meán Fómhair 2022, agus d’iarr air tuairim eolaíoch a thabhairt ar athrú shonraíochtaí an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis.

(9)

An 26 Meán Fómhair 2023, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le ‘Safety of a change in specifications of the novel food oleoresin from Haematococcus pluvialis containing astaxanthin pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (7) [Sábháilteacht athrú shonraíochtaí an bhia núíosaigh oiléaroisín ó algaí Haematococcus pluvialis ina bhfuil astaxaintin de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(10)

Sa tuairim eolaíoch a thug an tÚdarás uaidh, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis sábháilte faoi na hathruithe atá beartaithe ar na sonraíochtaí, agus dá bhrí sin is iomchuí iad a leasú.

(11)

Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarrtar ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/258/oj).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1377 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena n-údaraítear an t-athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 297, 20.8.2021, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1377/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1581 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ‘oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis ’ (IO L 194, 2.8.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1581/oj).

(7)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(11):8338; doi: 10.2903/j.efsa.2023.8338.


IARSCRÍBHINN

I dTábla 2 (‘ Sonraíochtaí ’) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis ’:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis

Tuairisc:

Caraitéanóideach is ea astaxaitin a tháirgeann algaí Haematococcus pluvialis. Tá modhanna táirgthe éagsúla ann chun na halgaí a fhás; úsáidtear córais ‘iata’ atá nochta do sholas na gréine nó do sholas soilsithe a rialaítear go docht, de rogha air sin is féidir linnte oscailte a úsáid. Déantar na cillíní a bhuaint agus a thriomú; déantar an t-oiléaroisín a eastóscadh trí CO2 sárchriticiúil nó tuaslagóir (aicéatáit eitile) a úsáid. Déantar an astaxaitin a chaolú agus a chaighdeánú go dtí 2,5 %, 5,0 %, 7,0 %, 10 %, 15 % nó 20 % trí ola olóige, ola cróch bréige, ola lus na gréine nó tríghlicrídí meánslabhrúla a úsáid.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

 

Saill: 42,2- 99 %

 

Próitéin: ≤ 4,4 %

 

Carbaihiodráit: ≤ 52,8 %

 

Snáithín: < 1,0 %

 

Luaith: ≤ 4,2 %

Sonraíochtaí Caraitéanóideach % m/m

 

Iomlán na n-astaxaintiní: 2,9- 11,1 %

 

9-cios-astaxaintin: 0,3-30,0 %

 

13-cios-astaxaintin: 0,2-7,0 %

 

Mona-eistir astaxaintine: 66,7-91,5 %

 

Dé-eistir astaxaintine: 0,16-32,5 %

 

Béite-caraitéin: 0,01-0,3 %

 

Lúitéin: ≤ 1,8 %

 

Cantacsaintín: ≤ 1,30 %

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Iomlán na mbaictéar aeróbach: < 3 000 aonad déanta coilíneachta (ADC)/g

 

Giosta agus Múscáin: < 100 ADC/g

 

Baictéir dhrólannacha: < 10 ADC/g

 

E. coli: Diúltach

 

Salmonella: Diúltach

 

Stafalacocas: Diúltach’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1026/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)