|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1015 |
27.3.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1015 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus na teorainneacha iarrachta, agus na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na TACanna agus na teorainneacha iarrachta a shocraítear le Rialachán (AE) 2024/257, ba cheart iad a leasú chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán le tríú tíortha, agus torthaí chruinnithe na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna). |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2024/257, bunaíodh TAC le haghaidh sciataí agus roc (Rajiformes) in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES). Bunaíodh coinníoll speisialta faoin TAC sin leis an Rialachán sin freisin. Leis an gcoinníoll speisialta sin, ceadaítear don Aontas agus don Ríocht Aontaithe gabhálacha roc mionsúileach (Raja microocellata) a dhéanamh i roinn 7e ICES (Muir nIocht Thiar) in 2024, chun gur féidir iascach faire a bheith ann chun bailiú sonraí iascachbhunaithe a cheadú le haghaidh an stoic sin arna mheasúnú ag ICES. Chun foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus chun go bhféadfar ‘cláir faireacháin’ san iascach faire a dhéanamh, ba cheart cainníochtaí faoin gcoinníoll speisialta sin a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta agus leis an scála cionroinnte le haghaidh sciataí agus roc in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe i ranna 6a, 6b, 7a go 7c agus 7e go 7k ICES. |
|
(3) |
Sna comhairliúcháin dhéthaobhacha maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh na stoc a liostaítear in Iarscríbhinn 35 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), bhunaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, den chéad uair, TACanna do 2024 le haghaidh an mhéid seo a leanas: (i) an leathóg bhán (Glyptocephalus cynoglossus) in uiscí an Aontais i roinn 3a; (ii) an leathóg mhín (Microstomus kitt) sa limistéar sin; agus (iii) an bhroit (Scophthalmus rhombus) sa limistéar sin. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt, is le ‘le bunú’ a marcáladh na TACanna le haghaidh na stoc sin i Rialachán (AE) 2024/257. Ba cheart an TAC agus cuóta an Aontais do na stoic sin a shocrú don tréimhse agus ar an leibhéal arna gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, agus ba cheart cuótaí sin an Aontais a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le scálaí cionroinnte le haghaidh na stoc sin ar thángthas air idir na Ballstáit lena mbaineann an 18 Márta 2024. |
|
(4) |
An 7 agus an 8 Márta 2024, rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin dhéthaobhacha de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir le leibhéal an TAC le haghaidh corr ghainimh bheag agus foghabhálacha gaolmhara (Ammodytes spp.) in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais d’fholimistéar 4 ICES, uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES agus uiscí an Aontais i roinn 3a. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn a síníodh an 12 Márta 2024. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC ábhartha a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe. |
|
(5) |
Ag an 12ú cruinniú bliantúil a bhí aici in 2024, ghlac an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) teorainneacha gabhála le haghaidh an bholmáin ghoirm (Trachurus murphyi) agus choinnigh sí iascaigh thaiscéalaíocha le haghaidh an déadéisc (Dissostichus spp.). Ina theannta sin, rinne SPRFMO na bearta atá nasctha go feidhmiúil a choinneáil ar bun nó a leasú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(6) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2023, chinn an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) na teorainneacha iarrachta peas-saighne agus an líon uasta soithí sin a dhéanann iascaireacht ar thuinníní trópaiceacha a choinneáil ar bun. Leasaíodh forálacha a bhaineann le feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) a bhainistiú in iascach tuinníní trópaiceacha, agus go háirithe maidir le tréimhse choiscthe FADanna. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(7) |
Maidir le teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinnín gorm (Thunnus thynnus) i limistéar Choinbhinsiún an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) agus maidir le huas-ionchur agus uas-acmhainneacht le haghaidh fheirmeacha tuinníní gorma an Aontais, tá siad bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraítear sna pleananna iascaireachta bliantúla, sna pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta agus sna pleananna bainistíochta feirmeoireachta bliantúla i gcomhair tuinnín gorm de chuid na mBallstát, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 11, 13 agus 15 de Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá na Ballstáit leis na pleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain, de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/2053. Tiomsóidh an Coimisiún na pleananna sin ina dhiaidh sin agus beidh siad ina mbonn chun plean bliantúil de chuid an Aontais a bhunú, ar plean é a chuirtear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT lena phlé agus lena fhormheas, mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2023/2053. I gcomhréir le rialacha ICCAT arna n-athbhreithniú ag a chruinniú bliantúil in 2023, níor áiríodh feirmeacha neamhghníomhacha tuinníní gorma ná acmhainneachtaí feirmeoireachta gaolmhara den chéad uair i bplean bliantúil sin an Aontais do 2024. D’fhormheas ICCAT plean bliantúil 2024 de chuid an Aontais an 6 Márta 2024. Ba cheart teorainneacha iarrachta iascaireachta an Aontais agus uas-ionchur agus uas-acmhainneacht feirmeoireachta an Aontais do 2024 a leasú i gcomhréir leis an bplean bliantúil. |
|
(8) |
Rinneadh cuótaí an Aontais le haghaidh 2024 maidir leis na stoic i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a choigeartú le linn chruinniú bliantúil ICCAT i mí na Samhna 2023 i gcomhréir le roinnt moltaí ó ICCAT faoina bhféadfaidh an tAontas, arna iarraidh sin, céatadán socraithe dá chuóta deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh ó 2022 go dtí 2024. Dá bhrí sin, agus chun go bhféadfar na cainníochtaí sin a tugadh anonn a úsáid roimh thús na séasúr iascaireachta le haghaidh na stoc lena mbaineann, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) chun na coigeartuithe sin a rinneadh ar chuóta an Aontais a léiriú, ba cheart cuótaí an Aontais a leasú do thuinnín colgach an Tuaiscirt (Thunnus alalunga) (ALB/AN05N), do thuinnín colgach an Deiscirt (ALB/AS05N), don tuinnín mórshúileach (Thunnus obesus) san Aigéan Atlantach (BET/ATLANT), agus don cholgán (Xiphias gladius) san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (SWO/AN05N) agus don cholgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5° T (SWO/AN05N); agus (ii) ba cheart cuótaí na mBallstát faoi na cuótaí sin de chuid an Aontais a leasú dá réir, agus prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta á chur san áireamh. |
|
(9) |
Ag an 14ú cruinniú a bhí aici in Samarkand na hÚisbéiceastáine, ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024, chuir Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine an siorc tíograch gainimh (Carcharias taurus) leis na speicis faoi chosaint a liostaítear i bhFoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí thoirmeasc a chur ar na soithí seo a leanas: (i) soithí iascaireachta de chuid an Aontais sna huiscí uile; agus (ii) soithí iascaireachta tríú tír in uiscí an Aontais i dtaca leis an speiceas sin a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír. Mar sin féin, le hAirteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá an toirmeasc sin bunaithe cheana féin maidir leis an siorc tíograch gainimh sa Mheánmhuir. Chun forálacha forluiteacha maidir leis an ábhar céanna a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann leis an Meánmhuir, toirmeasc den sórt sin a bhunú, ach amháin do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais sna huiscí uile, seachas sa Mheánmhuir, agus do shoithí iascaireachta tríú tír in uiscí an Aontais. |
|
(10) |
Tagraíonn Airteagal 41(3), agus Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2024/257 araon don líon uasta céanna soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun an colgán (Xiphias gladius) a iascach i limistéir de limistéar Choinbhinsiún WCPFC. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 41(3) a scriosadh ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil. |
|
(11) |
Ba cheart Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/257 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm a cheartú i ndáil le bearta ar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla) in uiscí muirí agus goirte an Aontais i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES agus in uiscí goirte de chuid an Aontais atá cóngarach dóibh. |
|
(12) |
Ba cheart earráidí áirithe sna táblaí TAC sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/257 a cheartú. Áirítear orthu sin earráidí a bhaineann leis an méid seo a leanas: (i) TACanna, cuótaí an Aontais agus cuótaí na mBallstát; (ii) an cineál TAC (i.e. ‘TAC anailíseach’ nó ‘TAC réamhchúraim’); (iii) cur i bhfeidhm solúbthachta ó bhliain go bliain maidir le cuótaí na mBallstát de bhun Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 (5) (iv) tuairiscí limistéir; agus (v) cóid tuairiscithe. Ina theannta sin, sna hIarscríbhinní sin, ba cheart forálacha áirithe a shoiléiriú sna táblaí TAC seo a leanas: (i) na táblaí TAC le haghaidh an roic dústríoctha (Raja undulata) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES faoi seach; agus (ii) na táblaí TAC le haghaidh an ronnaigh (Scomber scombrus) sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt. |
|
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/257 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Tá feidhm ón 1 Eanáir 2024 ag na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/257. Dá bhrí sin, na forálacha maidir le deiseanna iascaireachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta sin chomh maith. Ní dhéanann cur i bhfeidhm cúlghabhálach den sórt sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh a chosaint, mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist nó nár ídíodh go fóill iad. |
|
(15) |
Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis an siorc tíograch gainimh ón 1 Aibreán 2024, is é sin: (i) tar éis an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, a bhí ar siúl ón 12 go dtí an 17 Feabhra 2024; agus (ii) roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine an 17 Bealtaine 2024. |
|
(16) |
I bhfianaise na práinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2024/257
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2024/257 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 20(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(2) |
in Airteagal 41, scriostar mír 3; |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42: ‘Airteagal 42 Iascaireacht a bhainistiú le FADanna 1. Sa chuid sin de limistéar Choinbhinsiún WCPFC atá suite idir 20° T agus 20° D, ní dhéanfaidh soithí peas-saighne, soithí tairisceana, ná aon soitheach eile a oibríonn mar thacaíocht do shoithí peas-saighne, FADanna a imscaradh, a sheirbhísiú nó eangacha a chur orthu idir 00.00 uair an chloig an 1 Iúil 2024 agus 24.00 uair an chloig an 15 Lúnasa 2024. 2. I dteannta an toirmisc i mír 1, toirmeascfar eangacha a chur ar FADanna ar mórmhuir i limistéar Choinbhinsiún WCPFC atá suite idir 20° T agus 20° D ar feadh mí bhreise amháin, ó 00.00 uair an chloig an 1 Aibreán 2024 go 24.00 uair an chloig an 30 Aibreán 2024, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Bealtaine 2024 go 24.00 uair an chloig an 31 Bealtaine 2024, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Samhain 2024 go 24.00 uair an chloig an 30 Samhain 2024, nó ó 00.00 uair an chloig an 1 Nollaig 2024 go 24.00 uair an chloig an 31 Nollaig 2024. 3. Cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann go comhpháirteach cé acu de na tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh feidhm aici maidir le soithí peas-saighne a mbeidh a mbratach ar foluain acu. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go comhpháirteach faoin 15 Feabhra 2024 maidir leis an tréimhse choiscthe a roghnaíodh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do rúnaíocht WCPFC maidir leis an gcomhthréimhse choiscthe a roghnaigh na Ballstáit lena mbaineann roimh an 1 Márta 2024. 4. Áiritheoidh gach Ballstát nach mó ná 350 an líon FADanna a mbeidh baoithe gléasta gníomhachtaithe acu a dhéanfaidh soithí peas-saighne dá chuid a imscaradh ar muir ag aon am amháin. Ní dhéanfar na baoithe a ghníomhachtú ach amháin ar bord soithigh peas-saighne.’ |
|
(4) |
in Airteagal 55(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
|
(5) |
in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
|
(6) |
in Airteagal 59, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
|
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinní IA, IG, IH, VI, IX agus XI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. CLARINVAL
(1) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(2) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(3) Rialachán (AE) 2023/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001, (AE) 2017/2107 agus (AE) 2019/833, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (IO L 238, 27.9.2023, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj)
(5) Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní IA, IG, IH, VI, IX agus XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/257 mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:
Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí sin, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil sna limistéir bhainistíochta seo a leanas le haghaidh corra gainimh, mar a shainítear in Iarscríbhinn III: Limistéar: uiscí an Aontais ina bhfuil limistéir bhainistíochta le haghaidh corra gainimh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 29:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 60:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 61:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 68:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 73:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(7) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 78:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(8) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 79:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(9) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 93:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(10) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 94:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 98:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(12) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na táblaí atá faoi fhonóta 2 a ghabhann le Tábla 101:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(13) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 103:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(14) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1 a ghabhanna le Tábla 106:
|
|
(15) |
In Iarscríbhinn IA, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 111:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(16) |
In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 7, 8, 11, 14, 15 agus 16:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(17) |
In Iarscríbhinn ID, fonóta 5 agus 6 de Thábla 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(18) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IF: ‘IARSCRÍBHINN IF AN TUINNÍN GORM DEISCEARTACH – LIMISTÉIR DHÁILEACHÁIN
|
||||||||||||||||||||||
|
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IG: ‘IARSCRÍBHINN IG LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN WCPFC
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(20) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IH: ‘IARSCRÍBHINN IH LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN SPRFMO
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(21) |
In Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(22) |
In Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:
|
||||||||||||
|
(23) |
In Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(24) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IX: ‘IARSCRÍBHINN IX LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN WCPFC 1. An líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann spiléir agus atá údaraithe chun an colgán (Xiphias gladius) a iascach i limistéir laisteas de 20 D de limistéar Choinbhinsiún WCPFC
2 An líon uasta soithí iascaireachta peas-saighne de chuid an Aontais atá údaraithe le tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéir idir 20°T agus 20°D de limistéar Choinbhinsiún WCPFC
|
|
(25) |
In Iarscríbhinn XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Féadfar na huimhreacha sa tábla seo a mhéadú a thuilleadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
(2) In ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin cuireadh líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta, nó soitheach peas-saighne beag amháin agus trí shoitheach iascaireachta mionscála eile.
(3) Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta nó soitheach peas-saighne beag amháin agus líon nach mó ná trí shoitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.
(4) Féadfar líon nach mó ná 10 soitheach spiléireachta a chur in ionad soitheach peas-saighne meánmhéide amháin.
(5) Is de thoradh aistrithe idir Ballstáit é líon aonair na soithí peas-saighne sa tábla seo agus ní hionann é agus cearta stairiúla don todhchaí.
(6) Soithí ilchuspóireacha, a bhaineann úsáid as iltrealamh (spiléar, dorú láimhe, dorú trollála).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1015/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)