European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1014

3.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1014 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 26 Márta 2024

maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2078 (EUNAVFOR MED IRINI/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).

(2)

De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2020/472, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR MED IRINI.

(3)

An 26 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2078 (2) lena gceaptar an Ceannasóir Konstantinos BAKALAKOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

(4)

An 29 Feabhra 2024, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go ndéanfaí an Captaen Cabhlaigh Armando Paolo SIMI a cheapadh i gcomharbas ar an gCeannasóir Konstantinos BAKALAKOS mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI. Thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán sin atá molta.

(5)

An 6 Márta 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) leis an moladh a rinne údaráis mhíleata na hIodáile agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Captaen Cabhlaigh Armando Paolo SIMI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI. Chuir Cathaoirleach EUMC in iúl go meastar go dtabharfar ardú céime don Chaptaen Cabhlaigh Armando Paolo SIMI go Seachaimiréal nuair a cheapfar é mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. Thug Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh le fios gur cheart an 5 Aibreán 2024 a bheith i ndáta an cheapacháin.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Armando Paolo SIMI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR MED IRINI.

(7)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/2078 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Armando Paolo SIMI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) ón 5 Aibreán 2024.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/2078 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 5 Aibreán 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/2078 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 26 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/743 (EUNAVFOR MED IRINI/3/2023) (IO L 239, 28.9.2023, lch. 35).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1014/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)