European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1009

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 235/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1009]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/459 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/460 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzz (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1991 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzzzza.

32023 D 0458: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 51).

12zzzzzzzzzb.

32023 D 0459: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/459 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan 2,2-Débhrómai-2-cianaicéataimíd (DBNPA) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 4 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 54).

12zzzzzzzzzc.

32023 D 0460: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/460 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le himíodaclóiprid lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 67, 3.3.2023, lch. 58).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2023/458, (AE) 2023/459 agus (AE) 2023/460 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 67, 3.3.2023, lch. 51.

(2)   IO L 67, 3.3.2023, lch. 54.

(3)   IO L 67, 3.3.2023, lch. 58.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1009/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)