European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1006

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 238/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1006]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 4zzr (Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 L 2380: Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2022/2380 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1)

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 315, 7.12.2022, lch. 30.

(*1)  No constitutional requirements indicated.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1006/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)