European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1005

2.4.2024

CINNEADH (AE) 2024/1005 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla i réimse na loingseoireachta intíre

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine an 17 Samhain 1868, arna leasú leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh in Strasbourg an an 20 Deireadh Fómhair 1963 (‘anCoinbhinsiún’) i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967. Leis anan gCoinbhinsiún coinnítear ar bun an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (‘LCLR’) agus an córas le haghaidh loingseoireacht intíre na Réine a bunaíodh in 1815.

(2)

Bunaíodh an Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (‘CESNI’) an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú LCLR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe maidir le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú.

(3)

Níl éifeacht dhlíthiúil dhíreach ag glacadh caighdeán ag CESNI, ach ceanglaítear le Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go ndéanfar tagairt do na caighdeáin CESNI is déanaí maidir le cáilíocht ghairmiúil, is é sin Caighdeáin Eorpacha maidir le Cáilíochtaí i réimse na Loingseoireachta Intíre (‘caighdeáin ES-QIN’). Tagraíonn LCLR freisin do na caighdeáin is déanaí ina Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin. De bhun Airteagail 17 agus 46 den Choinbhinsiún, féadfaidh LCLR rúin cheangailteacha a ghlacadh lena mbunófar ceanglais le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla i dtaca leis an loingseoireacht intíre ar an Réin.

(4)

Tá CESNI chun an Caighdeán Eorpach nuashonraithe um Cháilíochtaí sa Loingseoireacht Intíre 2024/1 (‘ES-QIN 2024/1’) a ghlacadh le linn a sheisiún an 11 Aibreán 2024. Tar éis an ghlactha sin, tá sé beartaithe ag LCLR rún a ghlacadh lena leasaítear na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin chun tagairt a dhéanamh do ES-QIN 2024/1 ina sheisiún iomlánach an 13 Meitheamh 2024. Tiocfaidh ES-QIN 2024/1 in ionad ES-QIN 2019.

(5)

Foráiltear le ES-QIN 2024/1 go ndéanfar nuashonrú ar na híoschaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha is gá chun soghluaisteacht a éascú, chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú agus chun cosaint bheatha an duine agus an chomhshaoil a áirithiú. Tá na caighdeáin sin tugtha cothrom le dáta anois i dtéarmaí na gceanglas maidir le seoladh ar uiscí de chineál muirí. Áirítear leis an ES-QIN 2024/freisin tagairtí nuashonraithe don ‘Chaighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre’ agus an ‘Caighdeán Eorpach le haghaidh Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann’. Ar deireadh, déanfar soiléirithe eagarthóireachta a chuireann leis an deimhneacht dhlíthiúil.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI agus in LCLR a bhunú, ós rud é go mbeidh ES-QIN 2024/1 in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais. Le hAirteagail 32 agus 34 de Threoir (AE) 2017/2397 ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtagraítear don leagan is déanaí de chaighdeáin cáilíochta gairmiúla CESNI maidir le cáilíochtaí gairmiúla, ar choinníoll go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta, go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin, agus ar choinníoll nach gcuirfear leasanna an Aontais i mbaol trí athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI. Thairis sin, déantar foráil in Airteagal 10 den Treoir sin go n-aithneofar doiciméid arna n-eisiúint i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin lena leagtar síos ceanglais atá comhionann le ceanglais na Treorach sin.

(7)

Chun soghluaisteacht a éascú, chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú agus chun cosaint bheatha an duine agus an chomhshaoil a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeadh na ceanglais theicniúla do bhaill foirne chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi chórais éagsula dlí san Eoraip. Go háirithe, Ballstáit ar comhaltaí iad de LCLR freisin, ba cheart dóibh tacú le cinntí lena ndéantar rialacha LCLR a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(8)

Níl an tAontas ina chomhalta de CCNR ná de CESNI. Ba cheart, dá bhrí sinseasamh an Aontaisa chur in iúl ag Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de na comhlachtaí sin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (‘CESNI’) CESNI maidir le ES-QIN 2024/1 (CESNI (23) 21 rev.1) a ghlacadh, aontú lena ghlacadh.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (‘CCNR’), tacú leis na tograí uile lena ndéantar Rialacháin LCLR a ailíniú le ES-QIN 2024/1 (CESNI (23) 21 rev.1).

Airteagal 2

1.   Cuirfidh na Ballstáit ar comhaltaí iad de CESNI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(1) in iúl.

2.   Is iad na Ballstáit ar comhaltaí iad de LCLR, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. MARON


(1)  Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1005/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)