European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1003

5.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1003 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha i mbainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga agus bainne foirmle do leanaí óga

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear an tsuim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha i mbia.

(2)

Le Rialachán (AE) 2020/1322 ón gCoimisiún (3) bunaíodh na huasleibhéil le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha i mbainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus do leanaí óga agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus bainne foirmle do leanaí óga agus nuair a bunaíodh na huasleibhéil sin, sonraíodh go ndéanfaí athbhreithniú orthu d’fhonn iad a ísliú laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(3)

In 2018, chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) gurb ábhar imní sláinte é eistir 3-MCPD agus eistir ghlicidile a bheith i láthair in earraí bia áirithe, go háirithe i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga (4).

(4)

Le Rialachán (AE) 2020/1322 ón gCoimisiún, bunaíodh na huasleibhéil le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha i mbainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus do leanaí óga agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus bainne foirmle do leanaí óga agus rinneadh na huasleibhéil sin a chomhtháthú i Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún.

(5)

Léirítear i sonraí tarluithe ó rialuithe arna ndéanamh le déanaí ag na Ballstáit, ar sonraí iad atá ar fáil i mbunachar sonraí an Údaráis do na blianta samplála 2020 - 2022 maidir le leibhéil níos ísle de 3-MCPD agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha i mbainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus do leanaí óga agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus bainne foirmle do leanaí óga, gur féidir na leibhéil sin a bhaint amach cheana féin trí úsáid a bhaint as dea-chleachtais. Dá bhrí sin, ba cheart na huasleibhéil sin a ísliú chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir.

(7)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil nua i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2025, féadfaidh sé fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

(3)  Rialachán (AE) 2020/1322 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha agus d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha i mbianna áirithe (IO L 310, 24.9.2020, lch. 2).

(4)  Painéal CONTAM EFSA (Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra), 2018. Scientific Opinion on the update of the risk assessment on 3-monochloropropanediol and its fatty acid esters [Tuairim Eolaíoch maidir leis an nuashonrú ar an measúnú riosca ar 3-monaclóraprópáindé-ól, agus a eistir d’aigéid shailleacha]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(1):5083, 48 lch.,https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5083


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 5, iontráil 5.3.3:

‘5.3.3

Bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin agus do leanaí óga(3) agus bainne foirmle do leanaí óga(4)

 

Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir leis an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

5.3.3.1

a chuirtear ar an margadh mar phúdar

80

 

5.3.3.2

a chuirtear ar an margadh mar leacht

12’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1003/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)