|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1002 |
5.4.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1002 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Aibreán 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil sárchlóráite i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2023/915 ón gCoimisiún (2), socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear sárchlóráit, in earraí bia. |
|
(2) |
An 30 Meán Fómhair 2014, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíochta maidir le sárchlóráit i mbia, go háirithe i dtorthaí agus i nglasraí, agus chinn sé go raibh ábhar imní ó thaobh na sláinte i gceist le láithreacht sárchlóráite in earraí bia áirithe, lena n-áirítear piseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu (3). |
|
(3) |
Bunaíodh na huasleibhéil le haghaidh sárchlóráite i réimse leathan bia le Rialachán (AE) 2020/685 ón gCoimisiún (4) agus comhtháthaíodh na huasleibhéil sin i Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún. Cé nach raibh sonraí tarluithe cuimsitheacha ar fáil do gach fochatagóir torthaí agus glasraí nuair a bunaíodh na leibhéil sin, socraíodh uasleibhéal ginearálta dian do gach toradh agus glasra, lena n-áirítear piseanna, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú. |
|
(4) |
Ina ainneoin sin, léiríonn sonraí tarluithe fairsinge a tháinig amach le déanaí maidir le leibhéil sárchlóráite i bpiseanna nach féidir an t-uasleibhéal a bhaint amach i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu i limistéir mhóra táirgthe san Aontas, fiú má chuirtear dea-chleachtais i bhfeidhm. |
|
(5) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-uasleibhéal le haghaidh sárchlóráite i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu a ardú i gcomhréir leis an bprionsabal go bhfuil uasleibhéil le bunú ag leibhéil atá chomh híseal agus is indéanta le réasún agus dea-chleachtais á leanúint. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER
(1) OL L 37, 13.2.1993, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).
(3) Scientific opinion on the risks to public health related to the presence of perchlorate in food, in particular fruits and vegetables. [Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht sárchlóráite i mbia, go háirithe i dtorthaí agus i nglasraí.] EFSA Journal [Iris EPSA] 2014;12(10):3869, https://doi:10.2903/j.efsa.2014.3869
(4) Rialachán (AE) 2020/685 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil sárchlóráite in earraí bia áirithe (IO L 160, 25.5.2020, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
I roinn 6 (éilleáin eile) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6.3.1 (torthaí agus glasraí seachas na táirgí a liostaítear in 6.3.1.1 agus 6.3.1.2):
|
‘6.3.1 |
Torthaí agus glasraí seachas na táirgí a liostaítear in 6.3.1.1, 6.3.1.3 agus 6.3.1.3 |
0,05 |
|
|
6.3.1.1 |
Cucurbitaceae agus cál |
0,10 |
|
|
6.3.1.2 |
Glasraí duilleacha agus luibheanna |
0.50 |
|
|
6.3.1.3 |
Piseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu |
0,15’ |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1002/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)