|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/983 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 241/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/983]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/827 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 a mhéid a bhaineann le réamhchead chun cistí dílse a laghdú agus na ceanglais a bhaineann le hionstraimí dliteanas incháilithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 14aa (Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 241/2014 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32023 R 0827: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/827 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 (IO L 104, 19.4.2023, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/827 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 104, 19.4.2023, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/983/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)