Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/973 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 229/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/973]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “2′-Fúcaisiollachtós” (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/931 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia thraidisiúnta ó thríú tír an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/937 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le ‘Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta’ a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh an bhithmhais giosta Yarrowia lipolytica (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/943 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear ceallaidhé-ós a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 235 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/52 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859, (AE) 2023/931, (AE) 2023/937, (AE) 2023/938 agus (AE) 2023/943 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 111, 26.4.2023, lch. 17.
(2) IO L 124, 10.5.2023, lch. 1.
(3) IO L 125, 11.5.2023, lch. 12.
(4) IO L 125, 11.5.2023, lch. 16.
(5) IO L 126, 12.5.2023, lch. 41.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/973/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)