European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/966

27.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/966 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Márta 2024

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1966/94 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 3176/94

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1966/94 ón gCoimisiún (2) arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 705/2005 ón gCoimisiún (3), aicmíodh faoi chód AC 6302 31 00 (‘Éadaí leapa eile, as cadás’) an táirge sa ró a chomhfhreagraíonn d’ítim 7 sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1966/94 a dtugtar tuairisc air mar earra dronuilleogach atá comhdhéanta d’fhabraic aondaite atá fite go docht (100 % cadás) ag a bhfuil faobhair threisithe agus dhá oscailt thart ar 10 cm ar fhad ar thaobh amháin de na taobhanna lenar féidir an t-earra a líonadh le cleití, clúmh nó ábhair eile (duivé nó cuilt tochta).

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 3176/94 ón gCoimisiún (4) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 441/2013 ón gCoimisiún (5), aicmíodh faoi chód AC 6307 90 98 (‘Earra rédhéanta eile’), earra eile an-chosúil, is é sin táirge dronuilleogach, nach bhfuil oiriúnach le haghaidh níocháin, atá comhdhéanta d’fhabraic aondaite atá fite go docht (100 % cadás) ag a bhfuil faobhair threisithe agus oscailtí ar thaobh amháin de na taobhanna lenar féidir an t-earra a líonadh le cleití, clúmh nó ábhair eile (cuilt chlúimh nó duivé tochta).

(3)

Sna colúin ‘Cúiseanna’ sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1966/94, ítim 7 agus Rialachán (CE) Uimh. 3176/94, leis na cúiseanna a thugtar ní leor an soiléiriú chun údar a thabhairt leis na haicmithe ábhartha agus chun critéir oibiachtúla a chinneadh chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí faoi cheannteideal 6302 agus earraí faoi cheannteideal 6307.

(4)

Dá bhrí sin, níl Rialacháin (CE) Uimh. 1966/94 agus 3176/94 ina rannchuidiú le haicmiú aonfhoirmeach na n-earraí sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart pointe 7 sa tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1966/94 a scriosadh, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 3176/94 a aisghairm.

(5)

San am céanna, agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hAinmníochta Comhcheangailte atá san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (6) a áirithiú, ba cheart aicmiú earraí atá cosúil leis na hearraí a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 1966/94, ítim 7, agus i Rialachán (CE) Uimh. 3176/94 a shoiléiriú trí bheart nua a ghlacadh maidir le haicmiú an chineáil sin earraí lena dtugtar cúiseanna leormhaithe chun earraí faoi cheannteidil 6302 agus 6307 a idirdhealú. Dá bhrí sin, is gá beart nua a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(7)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(8)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Féadfar leanúint d’fhaisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Sa tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1966/94, scriostar an ró le haghaidh phointe 7.

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3176/94.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/2022-12-12.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1966/94 ón gCoimisiún an 28 Iúil 1994 maidir le haicmiú earraí áirithe san ainmníocht chomhcheangailte (IO L 198, 30.7.1994, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/1966/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 705/2005 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2005 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear rialacháin áirithe maidir le haicmiú earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 118, 5.5.2005, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/705/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 3176/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 maidir le haicmiú earraí áirithe san ainmníocht chomhcheangailte (IO L 335, 23.12.1994, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1994/3176/2013-06-04).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 441/2013 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2013 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear rialacháin áirithe maidir le haicmiú earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 130, 15.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/441/oj).

(6)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/2023-06-17).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Earra i bhfoirm blaoisce/ionraoin fabraic atá fite go dlúth, aondaite as 100 % fabraic chadáis, atá thart ar 80 cm × 80 cm. Déantar na faobhair a threisiú le píopaí fite.

Tá oscailt thart ar 25 cm ar thaobh amháin chun gur féidir é a líonadh.

Tá an bhlaosc/ionraoin deartha lena líonadh tar éis a n-allmhairithe le, mar shampla, cleití agus/nó clúmh agus beidh an oscailt dúnta go buan, le bheith ina piliúr.

(Féach na híomhánna) (*1)

6307 90 98

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (RLG) agus le foclaíocht na gcód AC 6307 , 6307 90 agus 6307 90 98 .

Eisiatar an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal 9404 mar earraí córa leapa agus mar fhearastú comhchosúil toisc nach bhfuil saintréith riachtanach earra iomláin faoi cheannteideal 9404 ag an earra de réir bhrí RLG 2 (a). Níl sé líonta go fóill ná feistithe go hinmheánach le haon ábhar.

Eisiatar aicmiú an earra faoi cheannteideal 6302 mar éadaí leapa, toisc nach bhfuil na saintréithe oibiachtúla ná na hairíonna atá ag éadaí leapa atá faoi cheannteideal 6302 ag an earra, lena n-áirítear earraí amhail braillíní, clúdaigh philiúir, cásanna cuilte clúimh agus clúdaigh tochta. Dearadh earraí den sórt sin chun go gcumhdófar leo, mar shampla, piliúr nó cuilt chlúimh agus is féidir iad a bhaint díobh go héasca tráth ar bith (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 6302 , an chéad mhír, pointe (1)).

Níl an fheidhm ná an úsáid chéanna ag an earra agus atá ag éadaí leapa atá faoi cheannteideal 6302 ; is táirge de chineál difriúil é, mar go bhfuil sé le líonadh agus le dúnadh go buan tar éis an líonta. Ós rud é go bhfuil an fhabraic fite go dlúth agus go bhfuil an t-earra dúnta go buan, cinntítear nach féidir leis an ábhar líonta éalú. Ní féidir an t-ábhar líonta a bhaint go héasca nuair a bheidh an t-earra dúnta. Murab ionann agus cás piliúir, cuid den philiúr atá san earra sa deireadh. Thairis sin, ní bhíonn an t-earra i dteagmháil dhíreach leis an úsáideoir, mar beidh sé clúdaithe le cás piliúir (an t-éadach leapa féin) sular féidir leis an tomhaltóir é a úsáid.

Ós rud é nach féidir an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal níos sonraí ná ceannteideal 6307 , tá sé le haicmiú, dá bhrí sin, faoi chód AC 6307 90 98 mar earra rédhéanta eile, as fabraicí teicstíle.


Image 1

 

Image 2


(*1)  Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá na híomhánna ann.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/966/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)