|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/950 |
26.3.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/950 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 a mhéid a bhaineann leis an dáta theacht i bhfeidhm agus na cásanna inar gá d’údaráis chustaim na cainníochtaí a luaitear ar an dearbhú custaim a bhaint ón gcainníocht iomlán ceadaithe a dhearbhaítear ar an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 50(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), soláthraítear creat oibriúcháin de sheirbhísí ionaid ilfhreastail a sholáthraíonn sruth sonraí gan uaim idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, idir údaráis chustaim agus an Coimisiún, idir údaráis chustaim agus riaracháin nó gníomhaireachtaí eile, agus idir córais chustaim éagsúla laistigh den Aontas. Leis an gcreat sin, áirítear córas uathoibríoch bainistithe cainníochta trí mhalartú faisnéise idir na timpeallachtaí náisiúnta ionaid ilfhreastail do chustaim agus an córas bainistithe faisnéise do rialuithe oifigiúla arna bhunú agus arna rialú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 131(1) de Rialachán (AE) 2017/625 (IMSOC). Déantar an malartú sin trí Chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE (EU CSW-CERTEX), arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399. |
|
(2) |
Le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625, bunaítear Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED) atá le comhlánú ag oibreoirí i gcomhréir leis an Rialachán sin maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla údarás inniúla na mBallstát le haghaidh ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht shlabhra agraibhia an Aontais. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 ón gCoimisiún (3), bunaítear na cásanna inar gá agus na coinníollacha faoinar gá an Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED) a bheith ag gabháil chuig a gceann scríbe le coinsíneachtaí de na catagóirí ainmhithe agus earraí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2017/625. |
|
(4) |
Chun críoch athúsáid chalaoiseach an CHED a chosc, ceanglaítear ar údaráis chustaim le hAirteagail 4(c), 5(1)(f) agus 6(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 an fhaisnéis maidir le cainníocht na coinsíneachta a luaitear sa dearbhú custaim a chur in iúl don IMSOC trí EU CSW-CERTEX, chun a áirithiú go mbainfear na cainníochtaí a luaitear sa dearbhú custaim sin ón gcainníocht iomlán ceadaithe a dhearbhaítear sa CHED. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le bainistiú cainníochta nuair atá an choinsíneacht le cur faoin nós imeachta custaim um scaoileadh i saorchúrsaíocht dá dtagraítear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó faoi na nósanna imeachta custaim um úsáid shonrach nó um próiseáil (lena gcuimsítear próiseáil isteach agus próiseáil amach) dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 210 den Rialachán sin, faoi seach. Níl feidhm aige nuair atá an choinsíneacht le cur faoi na nósanna imeachta custaim idirthurais nó stórála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faoi seach. |
|
(5) |
Déantar láimhseáil coinsíneachtaí ag údaráis custaim níos casta de bharr chur i bhfeidhm an bhainistithe cainníochta ag céim na próiseála isteach. Go háirithe, nuair a chuirtear coinsíneacht faoi tuilleadh nósanna imeachta custaim sula scaoiltear i saorchúrsaíocht í, bíonn gá ann bainistiú cainníochta a dhéanamh de láimh ag gach céim de gach nós imeachta den chineál sin, agus ag an gcéim dheireanach nuair a scaoiltear an choinsíneacht i saorchúrsaíocht. Chun láimhseáil coinsíneachtaí ag údaráis chustaim a dhéanamh níos simplí, is cuí an oibleagáid atá ar údaráis chustaim bainistiú cainníochta a dhéanamh ag céim na próiseála isteach a bhaint agus an deimhniú sin a choinneáil i bhfeidhm ag an gcéim um scaoileadh i saorchúrsaíocht, chun go mbeifear in ann na cainníochtaí a luaitear sa dearbhú custaim a bhaint go huathoibríoch ón gcainníocht iomlán ceadaithe a dhearbhaítear sa CHED. Thairis sin, níl feidhm ag an nós imeachta custaim i ndáil le próiseáil amach maidir le coinsíneachtaí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid chun bainistiú cainníochta a dhéanamh ag an gcéim sin den nós imeachta sin a bhaint. Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Ba cheart dáta theacht i bhfeidhm na hoibleagáide faisnéis den chineál sin a chur in iúl trí IMSOC a ailíniú le dáta beartaithe theacht i bhfeidhm an naisc idir an córas TRACES, a mhéid a bhaineann leis an CHED, agus an córas EU CSW-CERTEX. Le Rialachán (AE) 2022/2399, bunaítear go bhfuil an nasc sin le cur i bhfeidhm faoin 3 Márta 2025. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid chun faisnéis den chineál sin a chur in iúl chuig an IMSOC arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 a ailíniú chun go mbeidh feidhm aici i ngach Ballstát ón dáta a thiocfaidh an nasc idir an córas TRACES agus an córas EU CSW-CERTEX i bhfeidhm sa Bhallstát sin nó ón 3 Márta 2025 ar a dhéanaí. |
|
(7) |
Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(2) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
|
(3) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ‘Beidh feidhm ag Airteagal 4, pointe (c), Airteagal 5(1), pointe (f), agus Airteagal 6, pointe (c) ón dáta ar thiocfaidh na teicnící leictreonacha próiseála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i bhfeidhm nó ón 3 Márta 2025 ar a dhéanaí, áfach.’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1602 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Doiciméad Coiteann um Shláinte ar Theacht isteach a ghabhann le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí chuig a gceann scríbe (IO L 250, 30.9.2019, lch. 6).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/950/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)