|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/944 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 224/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/944]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/948 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear salann sóidiam 6′-siailiol-lachtóis arna tháirgeadh le tréithchineálacha díorthacha Escherichia coli BL21(DE3) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/950 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh 2’-Fúcaisiollachtós (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/952 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 maidir le hainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán deataigh ‘TradismokeTM A MAX’ (cód uathúil SF-007) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/961 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh Lachta-N-neoiteatra-ós (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 84 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 222 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/965 ón gCoimisiún:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/948, (AE) 2023/950, (AE) 2023/952 agus (AE) 2023/961 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 128, 15.5.2023, lch. 52.
(2) IO L 128, 15.5.2023, lch. 68.
(3) IO L 128, 15.5.2023, lch. 79.
(4) IO L 129, 16.5.2023, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/944/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)